This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2240
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/2240 of 15 December 2021 amending Annexes V and XIV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the entries for the United Kingdom in the lists of third countries authorised for the entry into the Union of consignments of poultry, germinal products of poultry and fresh meat of poultry and game birds (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2240 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2240 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/9681
IO L 450, 16.12.2021, p. 137–142
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 450/137 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2240 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d'ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann gar do Poulton le Fylde, Wyre i Sasana, gar do Gaerwen, Inis Món sa Bhreatain Bheag, gar do Clitheroe, Ribble Valley, Lancashire i Sasana agus gar do Thirsk, Hambleton, North Yorkshire i Sasana agus deimhníodh iad an 26 Samhain 2021 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann i mbunaíocht nua gar do Thirsk, Hambleton, North Yorkshire i Sasana agus deimhníodh í an 28 Samhain 2021 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(8) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na ceantair atá faoi shrianta a leagann údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe síos. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
(10) |
Tríd an staid eipidéimeolaíoch reatha sa Ríocht Aontaithe a chur san áireamh maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh na gcriosanna GB-2.35, GB-2.36, GB-2.37, GB-2.38 agus GB-2.39 tar éis an ró le haghaidh an chreasa GB-2.34:
|