Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2195

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2195 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    ST/14538/2021/INIT

    IO L 445I, 13.12.2021, p. 10–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2195/oj

    13.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 445/10


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2195 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Nollaig 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998.

    (2)

    An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí AE i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí AE i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluachanna den Aontas agus de Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine.

    (3)

    An 2 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/372 (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/371 (3), inar ainmníodh ceathrar duine aonair ón Rúis a raibh páirt acu i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, mar aon le cur faoi chois forleathan córasach na saoirse comhthionóil síochánta agus comhlachais agus na saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh.

    (4)

    An 22 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/481 (4) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/478 (5), inar liostaíodh aon duine dhéag aonair agus ceithre eintiteas a raibh páirt acu i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSín, i nDaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, sa Libia, san Eiritré, sa tSúdáin Theas agus sa Rúis, lena n-áirítear céasadh, maruithe seachbhreithiúnacha, fuadaigh fhorfheidhmithe nó úsáid córasach saothair éignithe.

    (5)

    Tá imní mhór ar an Aontas fós maidir le sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine i bpáirteanna éagsúla den domhan, amhail céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha maruithe seachbhreithiúnacha, arna ndéanamh ag Grúpa Wagner, eintiteas neamhchorpraithe míleata príobháideach atá bunaithe sa Rúis, san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), sa tSúdáin agus i Mósaimbíc.

    (6)

    Agus aird á tabhairt ar ghné idirnáisiúnta agus ar thromchúis ghníomhaíochtaí Ghrúpa Wagner, chomh maith lena thionchar díchobhsaitheach sna tíortha sin, measann an tAontas go mbaineann gníomhaíochtaí Ghrúpa Wagner an bonn de chuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 CAE iad, go háirithe an cuspóir an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 21(2) CAE.

    (7)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart triúr agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2021/372 ón gComhairle an 2 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 71 I, 2.3.2021, lch. 6).

    (3)  Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2021/371 ón gComhairle an 2 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 71 I, 2.3.2021, lch. 1).

    (4)  Cinneadh (CBES) 2021/481 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 99 I, 22.3.2021, lch. 25).

    (5)  Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2021/478 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 99 I, 22.3.2021, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    1.   

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta de dhaoine nádúrtha a leagtar amach i roinn A (‘Daoine Nádúrtha’) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998:

     

    Ainmneacha

    (Traslitriú isteach i script na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    “16.

    Dimitriy (Dimitry, Dmitri, Dmitry) Valerievich UTKIN

    Дмитрий Валерьевич Уткин

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Bunaitheoir agus ceannasaí Ghrúpa Wagner

    Grád: Leifteanantchoirnéal (cúlchiste)

    Ar a dtugtar freisin: Vagner, Wagner

    Uimhir aitheantais Ghrúpa Wagner: M-0209

    Dáta breithe: 1.6.1970 nó 11.6.1970

    Áit bhreithe: Asbest, Sverdlovsk Oblast, Russian SFSR (ar a dtugtar Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Seoladh: Pskov, Russian Federation

    Inscne: fireann

    Is é Dimitriy Utkin, iaroifigeach faisnéise míleata Rúiseach (GRU), bunaitheoir Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil chun amhais de Ghrúpa Wagner a imscaradh i dtíortha éagsúla.

    Agus ról ceannaireachta aige laistigh de Ghrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an grúpa, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

    Áirítear leis seo an céasadh chun báis a rinne ceathrar comhalta de Ghrúpa Wagner ar thréigtheoir Siriach i mí an Mheithimh 2017 maidir le bás tréigtheoir Siriach i ngobharnóireacht Homs na Siria. De réir iarchomhalta de Ghrúpa Wagner, d’ordaigh Dimitriy Utkin féin céasadh chun báis an tréigtheora chomh maith le scannánú ar an ngníomh.

    13.12.2021

    17.

    Stanislav Evgenievitch DYCHKO

    Станислав Евгеньевич Дычко

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Amhas Ghrúpa Wagner

    Dáta breithe: 1990

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is amhas de Ghrúpa Wagner é Stanislav Dychko, iarfhostaí de phóilíní Stavropol.

    In éineacht le triúr amhas eile de Ghrúpa Wagner, ghlac sé páirt i gcéasadh chun báis tréigtheora Shiriaigh i mí an Mheithimh 2017 i ngobharnóireacht Homs na Siria.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria.

    13.12.2021

    18.

    Valery (Valeriy) Nikolaevich ZAKHAROV

    Валерий Николаевич Захаров

    (Litriú Rúisise)

    Post/Poist: Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL)

    Uimhir aitheantais Ghrúpa Wagner: M-5658

    Dáta breithe: 12.1.1970

    Áit bhreithe: Leningrad, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is é Valery Zakharov, iarchomhalta de shlándáil stáit na Rúise (FSB), comhairleoir slándála Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL). Is duine ríthábhachtach é i struchtúr ceannais Ghrúpa Wagner agus coinníonn sé dlúthnaisc ar bun le húdaráis na Rúise.

    Mar gheall ar an tionchar atá aige ar PAL agus ar a ról ceannasach i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag Grúpa Wagner in PAL, lena n-áirítear básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

    Áirítear leis seo dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha in 2018, a raibh a slándáil faoi fhreagracht Valery Zakharov.

    13.12.2021”

    2.   

    Cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach i roinn B (“Daoine Dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998:

     

    Ainmneacha

    (Traslitriú isteach i script na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    “5.

    Grúpa Wagner ar a dtugtar freisin Vagner Group

    Группа Вагнера

    (Litriú Rúisise)

     

    Is eintiteas neamhchorpraithe míleata príobháideach atá bunaithe sa Rúis é Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar Chór Slavach. Tá sé faoi stiúir Dimitriy Utkin agus maoinithe ag Yevgeny Prigozhin. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí.

    Tá Grúpa Wagner freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), sa tSúdáin agus i Mósaimbíc, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha.

    13.12.2021”


    Top