Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2193

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2193 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/14521/2021/INIT

    IO L 445I, 13.12.2021, p. 4–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2193/oj

    13.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 445/4


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2193 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Nollaig 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

    (2)

    Ó tharla go raibh baint ag Wagner Group, eintiteas príobháideach neamhchorpraithe míleata atá bunaithe sa Rúis, leis an Úcráin, measann an Chomhairle gur cheart triúr a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirfear na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “201.

    Dimitriy (Dimitry, Dmitri, Dmitry) Valerievich UTKIN

    (Дмитрий Валерьевич УТКИН)

    Post/poist: Bunaitheoir agus Ceannasaí Wagner Group; Príomhfheidhmeannach Concord Management and Consulting

    Grád: Leifteanantchoirnéal (Arm na Rúise)

    Comhartha aitheantais: Vagner/Wagner

    Dáta breithe: 1.6.1970 nó 11.6.1970

    Aitheantas Wagner Group: M-0209

    Áit bhreithe: Asbest, Sverdlovst Oblast, iarUSSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Seoladh: Pskov, Cónaidhm na Rúise

    Inscne: fireann

    Is oifigeach faisnéise míleata Rúiseach (GRU) é Dimitriy Utkin, bunaitheoir Wagner Group, agus tá sé freagrach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil le hamhais Wagner Group a imscaradh san Úcráin.

    Ina ról ceannaireachta in Wagner Group, bhí sé féin ar an láthair chomhraic san Úcráin agus é ag comhordú agus ag pleanáil gníomhaíochtaí bhaill Wagner.

    Mar gheall ar a phost ceannasach, tá sé freagrach, mar sin, as gníomhaíochtaí a bhain an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus chuir sé na gníomhaíochtaí sin chun feidhme go gníomhach

    13.12.2021

    202.

    Denis Yurievich KHARITONOV

    (Денис Юрьевич ХАРИТОНОВ)

    Post/poist: Leas cheann réigiúnach ar Astrakhan branch de Union of Donbass Volunteers; comhalta de Astrakhan Oblast Duma; Amhas de chuid Wagner Group

    Dáta breithe: 16.3.1980

    Áit bhreithe: Astrakhan Oblast, Russia

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Pas: 76 2759110

    Arna eisiúint ag MVD 30001

    Dáta éaga: 10.3.2030

    Seoladh: Village of Ilyinka, Astrakhan Oblast, Cónaidhm na Rúise

    Inscne: fireann

    Tá Denis Kharitonov mar leas cheann réigiúnach ar Astrakhan Branch de Union of Donbass Volunteers, is comhalta de Astrakhan Oblast Duma é agus is amhas de chuid Wagner Group é.

    Throid sé i gcathlán scarúnaíoch Steppe, áit a raibh sé i gceannas ar bhuíon diúracán frith-aerárthaigh iniompartha. D’admhaigh sé gur lámhach sé féin go pearsanta héileacaptar de chuid na hÚcráine agus dhá aerárthach Su-25 le linn dó a bheith in Donbas.

    Fuair sé Ordú Fiúntais Chónaidhm na Rúise For Merit to the Fatherland. Bronnadh gradaim inmheánacha de chuid Wagner Group air freisin chomh maith le gradaim ó cheannaire Union of Donbas Volunteers agus ó iar phríomh aire Donetsk People’s Republic (DPR), mar a thugtar air, Alexander Borodai (faoi réir bearta sriantacha ar bhonn Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle). Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    13.12.2021

    203.

    Sergey Vladimirovich SHCHERBAKOV

    (Сергей Владимирович ЩЕРБАКОВ)

    Post/poist: Saorfhostaí de Russian GRU agus amhas de chuid Wagner Group

    Dáta breithe: 21.7.1981

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Seoladh: B’fhéidir: Astrakhan, Kirovskiy rayon, Raskolnikova 11 app. 5, Russia

    Inscne: fireann

    Is saorfhostaí de Russian GRU é an tUasal Shcherbakov agus is amhas de chuid Wagner Group é.

    Throid sé do na fórsaí scarúnaíocha ar son na Rúise in Donbas mar bhall de bhuíon diúracán frith-aerárthaigh iniompartha, laistigh de chathlán scarúnaíoch Steppe ar son na Rúise, a lámhach héileacaptar de chuid na hÚcráine agus dhá aerárthach Su-25 in Donbas. Ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

    13.12.2021”


    Top