This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2192
Council Implementing Regulation (EU) 2021/2192 of 13 December 2021 implementing Article 21(2) of Regulation (EU) 2016/44 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2192 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2192 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
ST/14514/2021/INIT
IO L 445I, 13.12.2021, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
13.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 445/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2192 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Nollaig 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
(2) |
An 14 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1483 (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1481 ón gComhairle (3), lena n-ainmnítear duine amháin a raibh baint aige le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Libia i mbaol, agus a bhfuil dlúthnaisc aige le Wagner Group, naisc airgeadais san áireamh. |
(3) |
Ina conclúidí an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil sí tiomanta do phróiseas cobhsaíochta na Libia faoi choimirce na Náisiún Aontaithe agus d’iarr sí go ndéanfaí dul chun cinn maidir leis an idirphlé polaitiúil cuimsitheach, ar leis an Libia féin é, agus go dtarraingeofaí siar na fórsaí eachtracha agus na hamhais uile gan mhoill. |
(4) |
Tá imní i gcónaí ar an gComhairle faoin staid sa Libia, agus go háirithe faoi ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na tíre i mbaol. |
(5) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart duine amháin ag a raibh láimh i ngníomhaíochtaí den sórt sin a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1483 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO L 341, 15.10.2020, lch. 16).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1481 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO L 341, 15.10.2020, lch. 7).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, faoin gceannteideal “A. Daoine”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“23. |
KUZNETSOV, Aleksandr (Alexander) Sergeevich (Александр Сергеевич КУЗНЕЦОВ) |
Post/poist: Ceannasaí an 1st Attack and Reconnaissance Company de chuid Wagner Group Comhartha aitheantais: Ratibor Dáta breithe: an 8 Deireadh Fómhair 1977 Áit bhreithe: Kursk, iarUSSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Aitheantas Wagner Group: M-0271 Inscne: fireann |
Tá Aleksandr Sergeevich Kuznetsov mar chuid de struchtúr ceannais Wagner Group, eintiteas príobháideach neamhchorpraithe míleata atá bunaithe sa Rúis. Ghlac sé ceannas ar an 1st Attack and Reconnaissance Company de chuid Wagner Group in 2014. Gortaíodh é sa Libia i mí Mheán Fómhair 2019 agus é ag troid in éineacht an Libyan National Liberation Army (NLA) mar cheannasaí ar oibrithe míleata Wagner Group. Trína phost agus trína ghníomhaíochtaí, tá Kuznetsov freagrach as gníomhaíochtaí Wagner Group a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Libia i mbaol. |
13.12.2021” |