EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2158

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2158 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8713

IO L 436, 7.12.2021, p. 35–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2158/oj

7.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 436/35


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2158 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras clasaiceach na muc a ghabhann do mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus do mhuc-ainmhithe fiáine agus is féidir tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta toisc go gcuireann sé isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus táirgí ó na hainmhithe sin laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún (2) laistigh de chreat Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras clasaiceach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis sna criosanna srianta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

(3)

I bhfianaise éifeachtacht na mbeart faireachais agus rialaithe a rinneadh sa Bhulgáir i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934, de réir mar a chuir an Bhulgáir faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, agus i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche fabhraí atá ag fiabhras clasaiceach na muc sa Bhallstát sin, ba cheart críoch iomlán na Bulgáire a liostaítear mar chrios srianta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 faoi láthair, ba cheart é sin a scriosadh ón Iarscríbhinn sin anois.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 a leasú dá réir.

(5)

I bhfianaise an fheabhais atá tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch atá ag fiabhras clasaiceach na muc sa Bhulgáir agus chun a áirithiú nach mbeidh srianta míchuí ann i dtaobh an ghalair sin, ba cheart éifeacht a bheith ag na leasuithe a dhéanfar ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 leis an Rialachán seo a luaithe is féidir.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc (IO L 204, 10.6.2021, lch. 18).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

CRIOSANNA SRIANTA

an Rómáin

Críoch iomlán na Rómáine.


Top