Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 32021R2153
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/2153 of 6 August 2021 supplementing Directive (EU) 2019/2034 of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the criteria for subjecting certain investment firms to the requirements of Regulation (EU) No 575/2013 (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2153 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an critéar le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe a chur faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2153 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an critéar le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe a chur faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/5780
IO L 436, 7.12.2021., 9–10. o.
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Hatályos
|
7.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 436/9 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2153 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Lúnasa 2021
lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an critéar le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe a chur faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 5(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Treoir (AE) 2019/2034, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta áirithe a bheith faoi réir na láimhseála stuamachta céanna agus a bhíonn institiúidí creidmheasa a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus chun cloí le maoirseacht stuamachta faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Chun críocha an Airteagail 5(1)(a) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart a shonrú má dhéanann gnólacht infheistíochta gníomhaíochtaí trína sáraítear ar a laghad ceann de cheithre thairseach chainníochtúla le haghaidh díorthaigh thar an gcuntar, frithghealladh ionstraimí airgeadais agus/nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn ceangaltais dhaingin, creidmheasanna nó iasachtaí a thabhairt do infheisteoirí agus urrús fiachais gan íoc, déantar na gníomhaíochtaí sin ar scála as a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith mar thoradh ar chliseadh nó ar thochsal an ghnólachta infheistíochta. |
|
(3) |
Mar gheall ar thábhacht shistéamach gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta, dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2019/2034 agus brí shuntasach fhéideartha éifeachta tógálachta thar earnáil airgeadais, ba cheart gnólachtaí infheistíochta ar comhaltaí imréitigh iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 agus a thairgeann seirbhísí imréitigh d’institiúidí airgeadais eile nach comhaltaí imréitigh iad, ba cheart iad a mheas chun críocha Airteagal 5(1)(b) de Threoir (AE) 2019/2034. |
|
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach iad faoi bhráid an Choimisiúin tar éis di dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. |
|
(5) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An scála gníomhaíochtaí
Chun críocha an Airteagail 5(1)(a) de Threoir (AE) 2019/2034, measfar gníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta a bheith curtha i gcrích ar scála as a bhféadfadh riosca sistéamach a bheith mar thoradh ar chliseadh nó ar thochsal an ghnólachta infheistíochta i gcás ina saraíonn an gnólacht infheistíochta aon cheann de na tairseacha seo a leanas:
|
(a) |
oll-luach barúlach iomláin EUR 50 billiún de dhíorthaigh thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach; |
|
(b) |
luach iomlán ionstraimí airgeadais lena ndéantar frithghealladh nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn gealltanas daingean EUR 5 bhilliún; |
|
(c) |
méid iomláin chreidmheasanna nó iasachtaí a thugtar d’infheisteoirí le gur féidir leo idirbhearta EUR 5 bhilliún a chur i gcrích; agus |
|
(d) |
luach iomlán EUR 5 bhilliún d’urrúis fiachais gan íoc. |
Airteagal 2
Comhalta Imréitigh
Measfar Gnólachtaí infheistíochta is comhaltaí imréitigh agus a thairgeann seirbhísí imréitigh d’eintitis eile na hearnála airgeadais, nach comhaltaí imréitigh iad féin, chun críocha an Airteagail 5(1)(b) de Threoir (AE) 2019/2034.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(3) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).