Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2152

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2152 ón gComhairle an 6 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

ST/13891/2021/INIT

IO L 436, 7.12.2021, pp. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2152/oj

7.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 436/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2152 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Nollaig 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 208/2014.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart an iontráil do dhuine amháin agus an fhaisnéis a bhaineann lena gcearta chun cosanta agus lena gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a scriosadh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. CIGLER KRALJ


(1)   IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leanas:

(1)

I roinn A (“Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2”), scriostar an iontráil don duine seo a leanas:

“17.

Oleksandr Viktorovych Klymenko (Олександр Вiкторович Клименко)”;

(2)

I roinn B (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), scriostar iontráil 17 a bhaineann le Oleksandr Viktorovych Klymenko freisin.


Top