EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2142

Rialachán (AE) 2021/2142 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil alcalóidigh óipiam in earraí bia áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8668

IO L 433, 6.12.2021, p. 8–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2142/oj

6.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 433/8


RIALACHÁN (AE) 2021/2142 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil alcalóidigh óipiam in earraí bia áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear alcalóidigh thrópáin, in earraí bia.

(2)

Faightear síolta poipín ón gcodlaidín (Papaver somniferum L.). Tá alcalóidigh óipiam amhail moirfín agus cóidín sa chodlaidín. Níl na halcalóidigh óipiam sna síolta poipín, nó má tá níl ach leibhéal an-íseal díobh iontu, ach is féidir leo a bheith éillithe le halcalóidigh de thoradh damáiste feithidí, nó má dhéantar éilliú seachtrach ar na síolta le linn buana, nuair a ghreamaíonn cáithníní deannaigh ón tuí (lena n-áirítear balla an chochaill) de na síolta.

(3)

In 2018, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) nuashonrú ar an tuairim eolaíoch maidir le halcalóidigh óipiam i síolta poipín (3). Dheimhnigh an tÚdarás an ghéardháileog thagartha (ARfD) ina bhfuil 10 μg moirfín/kg de mheáchan coirp (bw) agus chinn sé gur cheart tiúchan an chóidín sna samplaí de shíolta poipín a chur san áireamh trí chóidín a thiontú ina gcoibhéisí moirfín, trí úsáid a bhaint as fachtóir 0,2. Dá bhrí sin, is grúpa ARfD le haghaidh moirfín agus cóidín an ARfD, arna shloinneadh i gcoibhéisí moirfín. Léirítear sna meastacháin nochta gur dóiche go sárófar an grúpa ARfD, go háirithe i gcás ina n-itear sciartha móra, nó má itear bia ina bhfuil síolta poipín neamhphróiseáilte.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, uasleibhéil le haghaidh moirfín agus cóidín, arna sloinneadh i gcoibhéisí moirfín, a leagan síos le haghaidh síolta poipín a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh agus do tháirgí bácúis ina bhfuil síolta poipín nó táirgí a dhíorthaítear uathu. Ba cheart na leibhéil sin a leagan síos agus é á chur san áireamh go bhféadfadh an phróiseáil bia tiúchan na n-alcalóideach sna síolta poipín amha a laghdú 25-100 % sa táirge deiridh. Ós iomchuí do tháirgeoir na dtáirgí bácúis faisnéis mionsonraithe a bheith aige ar na síolta poipín a úsáidtear mar chomhábhair i dtáirgí bácúis, lena n-áirítear tiúchan an ábhair choibhéisigh mhoirfín, ba cheart do sholáthraí na síolta poipín an fhaisnéis sin a chur ar fáil do tháirgeoir na dtáirgí bácúis.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin.

(6)

Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil i bhfeidhm. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh earraí bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an 1 Iúil 2022, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)  Nuashonrú ar an Tuairim Eolaíoch maidir le halcalóidigh óipiam i síolta poipín. EFSA Journal [Iris EPSA], 2018;16(5):5243, 119 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5243


IARSCRÍBHINN

In Airteagal 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear an iontráil seo 8.5 a leanas leis:

“Earraí bia (1)

Uasleibhéal (mg/kg)

8.5.

Alcalóidigh óipiam  (*1)

 

8.5.1.

Síolta poipín iomlána, meilte nó muilleáilte a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh

20

8.5.2.

Táirgí bácúis (*2) ina bhfuil síolta poipín agus/nó táirgí a dhíorthaítear uathu (*3)

1,50



Top