This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2109
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/2109 of 30 November 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2020/704 to make administrative changes to the Union authorisation of the biocidal product family ‘INSECTICIDES FOR HOME USE’ (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2109 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 chun athruithe riaracháin a dhéanamh ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE” (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2109 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 chun athruithe riaracháin a dhéanamh ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE” (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/8543
IO L 429, 1.12.2021, pp. 99–107
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
1.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 429/99 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2109 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 chun athruithe riaracháin a dhéanamh ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE”
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe d’Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, agus d’Airteagal 50(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 26 Bealtaine 2020, deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 ón gCoimisiún (2) údarú Aontais a bhfuil uimhir údaraithe EU-0021035-0000 aige do Agrobiothers Laboratoire leis an bhfine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. |
|
(2) |
An 8 Meán Fómhair 2020, chuir Agrobiothers Laboratoire fógra faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (3), maidir le hathruithe riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE” dá dtagraítear i dTeideal 1, Roinn 1, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(3) |
Mhol Agrobiothers Laboratoire ainmneacha trádála a chur san fhaisnéis tríú leibhéal: táirgí aonair i meitea-SPC 1, in achoimre ar shaintréithe an táirge i leith na fine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE” mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704. Taifeadadh an fógra faoin gcás-uimhir BC-DR061688-14 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
|
(4) |
An 12 Deireadh Fómhair 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (4) maidir leis na hathruithe atá beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013. Sa tuairim, thángthas ar an gconclúid go dtagann na leasuithe ar an údarú reatha atá á lorg ag sealbhóir an údaraithe faoi Airteagal 50(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus go bhfuil coinníollacha Airteagal 19 den Rialachán sin á gcomhlíonadh fós tar éis na hathruithe a chur chun feidhme. Ar an dáta céanna, tharchuir an Ghníomhaireacht chuig an gCoimisiún an achoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013. |
|
(5) |
Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais ar an bhfine táirgí bithicídeacha “FEITHIDICÍDÍ LE hAGHAIDH ÚSÁID INTÍRE” a leasú. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/704 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2020 lena ndeonaítear údarú Aontais don fhine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE” (IO L 164, 27.5.2020, lch. 19).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe ar tháirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4).
(4) Tuairim ó ECHA an 9 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an athrú riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha “INSECTICIDES FOR HOME USE”, https://echa.europa.eu/documents/10162/22836226/opinion_for_ua-admin_change_bc-dr061688-14_en.pdf/90bc7c1f-ed8e-a127-982c-4f08b3af513f.
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN II
Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh tacar táirgí bithicídeacha
INSECTICIDES FOR HOME USE
Cineál táirge 18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)
Uimhir an údaraithe: EU-0021035-0000
Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0021035-0000
CUID I
AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Ainm an tacair
|
Ainm |
INSECTICIDES FOR HOME USE |
1.2. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí) |
1.3. Sealbhóir an údaraithe
|
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Agrobiothers Laboratoire |
|
Seoladh |
ZI Route des Platières, 71290 CUISERY, An Fhrainc |
|
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0021035-0000 |
|
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0021035-0000 |
|
|
Dáta an údaraithe |
16 Meitheamh 2020 |
|
|
Dáta éaga an údaraithe |
31 Bealtaine 2030 |
|
1.4. Déantóir/déantóirí na dtáirgí bithicídeacha
|
Ainm an déantóra |
Agrobiothers Laboratoire |
|
Seoladh an déantóra |
ZI Route des Platières, 71290 CUISERY An Fhrainc |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
AF3 16 rue de l’Oberwald, 68360 Soultz An Fhrainc |
1.5. Déantóir/déantóirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
|
Substaint ghníomhach |
Permethrin |
|
Ainm an déantóra |
Tagros Chemicals India Ltd. (Art.95 List: LIMARU NV (Acting for Tagros Chemicals India Private Limited) |
|
Seoladh an déantóra |
Jhaver Centre, Rajah Annamalai Bldg., IV floor 72 Marshal's road Egmore, 600008 Chennai An India |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
A-4/1&2, Sipcot Industrial Complex, Pachayankuppam Cuddalore, 607 005 Tamilnadu An India |
|
Substaint ghníomhach |
S-Methoprene |
|
Ainm an déantóra |
Babolna bio Ltd. |
|
Seoladh an déantóra |
Szallas u.6 H-, 1107 Budapest An Ungáir |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Szallas u.6 H-, 1107 Budapest An Ungáir |
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
|
Íosta |
Uasta |
|||||
|
Permethrin |
|
Substaint Ghníomhach |
52645-53-1 |
258-067-9 |
0,177 |
0,177 |
|
S-Methoprene |
|
Substaint Ghníomhach |
65733-16-6 |
|
0,00225 |
0,00225 |
|
Propan-2-ol |
Propan-2-ol |
Substaint neamhghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
3,33475 |
3,33475 |
|
n-butane |
n-butane |
Substaint neamhghníomhach |
106-97-8 |
203-448-7 |
63,458 |
63,458 |
|
propane |
propane |
Substaint neamhghníomhach |
74-98-6 |
200-827-9 |
16,271 |
16,271 |
|
isobutane |
isobutane |
Substaint neamhghníomhach |
75-28-5 |
200-857-2 |
4,068 |
4,068 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe
|
Foirmliú/foirmlithe |
AE - Dáileoir aerasól |
CUID II
AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE – SPC/SPCANNA META
META SPC 1
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN META SPC 1
1.1. Aitheantóir Meta SPC 1
|
Aitheantóir |
INSECTICIDE HOUSEHOLD SPRAY |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
|
Uimhir |
1-1 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí) |
2. COMHDHÉANAMH META SPC 1
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 1
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
|
Íosta |
Uasta |
|||||
|
Permethrin |
|
Substaint Ghníomhach |
52645-53-1 |
258-067-9 |
0,177 |
0,177 |
|
S-Methoprene |
|
Substaint Ghníomhach |
65733-16-6 |
|
0,00225 |
0,00225 |
|
Propan-2-ol |
Propan-2-ol |
Substaint neamhghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
3,33475 |
3,33475 |
|
n-butane |
n-butane |
Substaint neamhghníomhach |
106-97-8 |
203-448-7 |
63,458 |
63,458 |
|
propane |
propane |
Substaint neamhghníomhach |
74-98-6 |
200-827-9 |
16,271 |
16,271 |
|
isobutane |
isobutane |
Substaint neamhghníomhach |
75-28-5 |
200-857-2 |
4,068 |
4,068 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 1
|
Foirmliú/foirmlithe |
AE - Dáileoir aerasól |
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM META SPC 1
|
Ráitis ghuaise |
Aerasól fíor-inlasta. Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh má théitear D’fhéadfadh sé a bheith marfach má shlogtar agus má théann sé isteach sna haerbhealaí. Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. An-tocsaineach don saol uisceach le héifeachtaí buana. Tá PERMETHRIN ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach. |
|
Ráitis réamhchúraim |
Má tá comhairle leighis de dhíth, bíodh coimeádán nó lipéad an táirge in aice láimhe. Cinntigh nach féidir le leanaí lámh a leagan air. Léigh go cúramach agus lean na treoracha go léir. Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. - Cosc ar thobac. Ná spraeáil ar lasair oscailte nó ar fhoinse adhainte eile. Ná cuir poll ann nó ná dóigh, fiú amháin tar éis úsáide. Nigh lámha go maith tar éis láimhsiú. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE: Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. Má mhaireann an greannú súl: Faigh comhairle leighis. Cosain ó sholas na gréine. Ná nocht ag teochtaí níos mó ná 50 °C/122 °F. Stóráil ag teochtaí nach mó ná 40 °C/104 °F. Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol. Bailigh doirteadh. Diúscair ábhair/coimeádán i gcomhréir le rialachán áitiúil. |
4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE META SPC 1
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1. Úsáid # 1 – Sprae baile feithidicídí
|
An cineál táirge |
PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí) |
|
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
|
Spriocorgánach/spriocorgánaigh (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Dreancaidí (larbhaí agus aosaigh) e.g. Ctenocephalides felis Sceartáin Ixodes ricinus Rhipicephalus sanguineus |
|
Réimse/réimsí úsáide |
Faoi dhíon Cóireáil dhírithe do throscán neamh-in-nite agus teicstílí baile amhail cairpéid, mataí, cathaoireacha uilleacha. |
|
Modh/modhanna úsáide |
Airí modha: Spraeáil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Tar éis an dromchla atá le cóireáil a fholúsghlanadh, spraeáiltear an táirge ag achar 30 cm. |
|
Ráta/rátaí agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: Cóireáil sprae 1,3 soicind in aghaidh gach 1m2 (2,1 g/m2). Airí caolaithe: Airí uainithe: An t-íos-aga idir dhá chóireáil ná 6 mhí. |
|
Catagóir/catagóirí) úsáideoirí |
An pobal i gcoitinne (neamhghairmiúil) |
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Canna aerasóil stánphláta le cumhdach inmheánach déanta as laicear eapocsach feanólach cosantach (250 mL nó 500 mL). Canna aerasóil stánphláta gan cumhdach inmheánach (300 mL). |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach an treoir ghinearálta úsáide
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach an treoir ghinearálta úsáide
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach an treoir ghinearálta úsáide
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach an treoir ghinearálta úsáide
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach an treoir ghinearálta úsáide
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1) MAIDIR LE META SPC 1
5.1. Treoracha úsáide
|
— |
Úsáidtear an táirge le haghaidh cóireáil dhírithe troscán neamh-in-nite agus teicstílí baile amhail cairpéid, mataí, cathaoireacha uilleacha |
|
— |
Léitear an lipéad nó an bhileog i gcónaí roimh úsáid agus cloítear leis na treoracha uile a chuirtear ar fáil. |
|
— |
Cloítear leis na dáileoga molta feidhmithe. |
|
— |
Éifeachtúlacht iarmharach suas le 6 mhí a fhéadtar a ísliú i gcás gnáthghlanadh (mar shampla folúsghlanadh ar chairpéid) nó úsáid fhairsing as na dromchlaí (mar shampla siúl, cuimilt). |
|
— |
I gcás inmhíolú leanúnach, bain úsáid as táirgí malartacha ina bhfuil substaintí gníomhacha a bhfuil modh gníomhaíochta difriúil acu chun friotaíocht a sheachaint. Is é an aidhm atá leis seo ná na cinn fhrithsheasmhacha a bhaint den daonra. |
|
— |
Má leantar den inmhíolú in ainneoin na dtreoracha ar an lipéad/mbileog, déantar teagmháil le gairmí rialaithe lotnaidí. |
|
— |
Ná húsáid ar chait ná ar ainmhithe eile ná ar chiseáin pheata do chait. |
|
— |
Cuirtear an sealbhóir údaraithe ar an eolas más cóireáil neamhéifeachtach atá ann. |
5.2. Bearta maolaithe riosca
|
— |
Ná húsáidtear ar dhromchlaí agus teicstílí in-fhliuchghlanta. |
|
— |
Ná glantar troscán le héadaigh ceirtíní teasa agus ná déantar fliuchghlanadh ar chairpéid ná mataí, d’fhonn sceitheadh isteach sa chóras séarachais a sheachaint. |
|
— |
Baintear gach bia, beatha agus deoch roimh chóireáil. |
|
— |
Ná húsáidtear ar dhromchlaí agus áiseanna in aice láimhe nó atá dóchúil a bheith i dteagmháil le bia, beatha agus deochanna. |
|
— |
Seachnaítear teagmháil leis na súile. |
|
— |
Tar éis spraeáil, fágtar an seomra agus fág ar feadh uair an chloig le haghaidh gníomhú roimh aeráil. |
|
— |
Baintear nó clúdaigh gairdíní buidéil, uisceadán agus caighin ainmhithe roimh fheidhmiú. |
|
— |
Múchtar scagaire aeir an uisceadáin le linn spraeála. |
|
— |
Coinnigh cait ar shiúl ó dhromchlaí cóireáilte. Is féidir leis an táirge bheith ina chúis le frithghníomhartha díobhálacha tromchúiseacha i gcait, mar gheall ar a n-íogaireacht ar leith do sármheitrin. |
|
— |
Coinnítear leanaí agus peataí ar shiúl le linn cóireála. |
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
|
— |
Ionanálú: Tógtar an t-íospartach chun aeir úir agus coinnítear i mbun sosa i suíomh leathshuite. Iarr comhairle sláinte láithreach má tharlaíonn siomptóim agus/nó má ionanálaítear cainníochtaí móra. |
|
— |
Tadhall leis na súile: Comhréitear láithreach le neart uisce, agus ardaítear na caipíní súile uachtair agus íochtair ó am go ham. Déan seiceáil le haghaidh agus bain aon lionsaí tadhaill más éasca sin a dhéanamh. Leantar lena sruthlú le huisce bogthe ar feadh deich nóiméad ar a laghad. Faightear cúram míochaine láithreach má leantar de ghreannú nó lagú radhairc. |
|
— |
Tadhall le craiceann: Baintear na héadaí agus na bróga éillithe. Glantar an craiceann éillithe le huisce. Déantar teagmháil le speisialtóir cóireála nimhe má tharlaíonn siomptóim. |
|
— |
Tadhall leis an mbéal: Sruthlaítear an béal le huisce. Déantar teagmháil le speisialtóir cóireála nimhe láithreach má tharlaíonn siomptóim agus/nó i gcás tadhall béil le cainníochtaí móra. |
|
— |
Ná tugtar leachtanna ná ná cothaítear urlacan i gcás comhfhios lagaithe; cuir sa luí téarnaimh agus iarr comhairle mhíochaine láithreach. |
|
— |
Coinnítear an coiméadán nó an lipéad ar láimh. |
|
— |
Féadfaidh sármheitrin a bheith contúirteach do chait. Má thugtar comharthaí nimhithe faoi deara, déan teagmháil le tréidlia láithreach agus taispeáin an paicéad dó/di. |
|
— |
Féadfaidh sé go gcothóidh pireatróidí paraestéise (dó agus drithlíní sa chraiceann gan ghreannú). Má leantar de na siomptóim: Faigh comhairle liachta. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
|
— |
Ná sceitear an táirge neamhúsáidte ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, i bpíobáin (doirteal, leithris [...]) ná síos draenacha |
|
— |
Diúscair an táirge neamhúsáidte agus a phacáistiú agus an fuílleach uile eile de réir na rialachán áitiúil |
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
|
— |
Seilfré: 24 mí |
|
— |
Ná stóráiltear ag teocht os cionn 40 °C |
|
— |
Ná nochtaítear go díreach don ghrian |
|
— |
Cosain ón sioc |
6. FAISNÉIS EILE
7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I META SPC 1
7.1. Trádainm/trádainmneacha, uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm/trádainmneacha |
FRONTLINE PET CARE SPRAY INSECTICIDE ET ACARICIDE POUR L'HABITAT SPRAY ANTIPARASITAIRE POUR L'HABITAT 300 ML FRISKIES INSECTICIDE HABITAT/ HOME VETOCANIS FRONTLINE HOMEGARD SPRAY INSECTICIDE ET ACARICIDE POUR L'HABITAT INSECTICIDE HABITAT/ HOME VITALVETO SPRAY INSECTICIDE POUR L’HABITAT VITALVETO / INSECTICIDE HOUSEHOLD SPRAY VITALVETO SPRAY INSECTICIDE POUR L’HABITAT VETOCANIS / INSECTICIDE HOUSEHOLD SPRAY VETOCANIS FRONTLINE HOMEGARD Husholdningsspray med insekticid og acaricid FRONTLINE HOMEGARD Insecticide and acaricide household spray FRONTLINE HOMEGARD Hyönteisten ja punkkien torjuntasuihke kotitalouksille FRONTLINE HOMEGARD insektizides und akarizides Haushaltsspray FRONTLINE HOMEGARD Spray Εντομοκτόνο και ακαρεοκτόνο σπρέι οικιακής χρήσης FRONTLINE HOMEGARD Spray insetticida e acaricida per l’ambiente domestico FRONTLINE HOMEGARD Insecticide en acaricidespray voor huishoudelijk gebruik FRONTLINE HOMEGARD Husholdningsspray med insekticid og acaricid FRONTLINE HOMEGARD INSETICIDA E ACARICIDA EM SPRAY PARA USO DOMÉSTICO FRONTLINE HOMEGARD Hushållspray med insekticid och akaricid |
||||
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0021035-0001 1-1 |
||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Permethrin |
|
Substaint Ghníomhach |
52645-53-1 |
258-067-9 |
0,177 |
|
S-Methoprene |
|
Substaint Ghníomhach |
65733-16-6 |
|
0,00225 |
|
Propan-2-ol |
Propan-2-ol |
Substaint neamhghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
3,33475 |
|
n-butane |
n-butane |
Substaint neamhghníomhach |
106-97-8 |
203-448-7 |
63,458 |
|
propane |
propane |
Substaint neamhghníomhach |
74-98-6 |
200-827-9 |
16,271 |
|
isobutane |
isobutane |
Substaint neamhghníomhach |
75-28-5 |
200-857-2 |
4,068 |
(1) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 1.