Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2108

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2108 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2021 lena leasaítear den 323ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

    C/2021/8832

    IO L 429, 1.12.2021, p. 97–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2108/oj

    1.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 429/97


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2108 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Samhain 2021

    lena leasaítear den 323ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Liostaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

    (2)

    An 23 Samhain 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil a chur le liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir.

    (4)

    Chun a áirithiú go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm láithreach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Samhain 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Ar son an Uachtaráin

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


    (1)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:

    1.

    “Emraan Ali (ainm bréige lag: Abu Jihad TNT). Dáta breithe: (a) 4.7.1967. Áit bhreithe: (a) Rio Claro, Oileán na Tríonóide agus Tobága. Náisiúntacht: (a) Oileán na Tríonóide agus Tobága; (b) Stáit Aontaithe Mheiriceá. Uimh. phas. (a) TB162181 (eisíodh an pas de chuid Oileán na Tríonóide agus Tobága an 27.1.2015 agus chuaigh sé in éag an 26.1.2020); (b) 420985453 (pas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a chuaigh in éag an 6.2.2017). Uimh. chéannachta náisiúnta 19670704052 (uimhir chéannachta in Oileán na Tríonóide agus Tobága). Seoladh: (a) Stáit Aontaithe Mheiriceá (faoi choinneáil, Federal Detention Center - Miami, Uimhir Chlárúcháin: 10423-509); (b) #12 Bóthar Rio Claro Mayaro, Rio Claro, Oileán na Tríonóide (iarsheoladh 2008-Márta 2015); (c) #7 Bóthar Guayaguayare, Rio Claro, Oileán na Tríonóide (iarsheoladh circa 2003); (d) Stáit Aontaithe Mheiriceá (iarsheoladh Eanáir 1991-2008). Faisnéis eile: (a) Comhalta sinsearach den Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint (SIIL), a liostaítear mar Al-Qaida san Iaráic. Earcaíodh le haghaidh SIIL é agus d’ordaigh sé do dhaoine aonair gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh trí fhíseán ar líne. (b) Tuairisc ar a chuma fhisiceach: airde: 176 cm; meáchan: 73 kg; cruth: meánmhéide; dath súl: donn; dath gruaige: dubh/maol; snua: donn; (c) Labhraíonn sé Béarla. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.11.2021.”


    Top