Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2104

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2104 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú na tairsí gréasáin, de bhun Airteagal 49(6) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2021/5050

    IO L 429, 1.12.2021, p. 72–78 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2104/oj

    1.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 429/72


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2104 ÓN gCOIMISIÚN

    an 19 Lúnasa 2021

    lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibriú na tairsí gréasáin, de bhun Airteagal 49(6) de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 49(6) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2019/817, in éineacht le Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha, na víosaí, an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce.

    (2)

    Cuimsíonn an creat sin roinnt comhchodanna idir-inoibritheachta a bhfuil próiseáil ar mhéideanna suntasacha de shonraí pearsanta íogaire i gceist leo. Tá sé tábhachtach gur féidir leis na daoine a bhfuil a gcuid sonraí á bpróiseáil trí na comhchodanna sin a gcearta mar ábhair sonraí a fheidhmiú, mar a éilítear faoi Rialachán (AE) 2016/679 (3), Treoir (AE) 2016/680 (4) agus Rialachán (AE) 2018/1725 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (3)

    Ar mhaithe le héascú a dhéanamh ar fheidhmiú an chirt chun faisnéise agus an chirt chun sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a léirscriosadh nó chun próiseáil na sonraí sin a shrianadh, bunaítear tairseach ghréasáin le Rialachán (AE) 2019/817.

    (4)

    Daoine a bhfuil a gcuid sonraí próiseáilte sa bhrathadóir ilchéannachtaí agus a cuireadh ar an eolas gur ann do nasc dearg nó bán, ba cheart don tairseach ghréasáin seo é a chur ar chumas na ndaoine sin faisnéis údarás inniúil an Bhallstáit a fháil, arb é an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh.

    (5)

    Chun éascú a dhéanamh ar an teagmháil idir úsáideoir na tairsí agus údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, ba cheart teimpléad ríomhphoist a bheith ar an tairseach ghréasáin agus é ar fáil sna teangacha a shonraítear sa Rialachán seo. Ba cheart rogha a bheith ann freisin maidir leis an teanga nó na teangacha a úsáidfear sa fhreagra.

    (6)

    Ar mhaithe leis na freagrachtaí éagsúla a shoiléiriú i leith na tairsí gréasáin, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo na freagrachtaí atá ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (“eu-LISA”), agus na freagrachtaí atá ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit.

    (7)

    Chun oibriú slán rianúil na tairsí gréasáin a áirithiú, ba cheart rialacha a bhunú leis an Rialachán seo maidir le slándáil na faisnéise sa tairseach ghréasáin. Ina theannta sin, ba cheart rochtain ar an tairseach ghréasáin a logáil ar mhaithe le haon mhí-úsáid a chosc.

    (8)

    Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2019/817 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/817 ina dlí náisiúnta. Tá sí faoi cheangal ag an Rialachán seo dá réir sin.

    (9)

    Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (6). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (10)

    Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (8).

    (11)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (10).

    (12)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (12).

    (13)

    Maidir leis an gCipir, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Chróit, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

    (14)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 31 Márta 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Fearann agus rochtain

    1.   Úsáidfidh an tairseach ghréasáin an t-ainm fearainn “.europa.eu”, ainm fearainn de chuid an Aontais Eorpaigh.

    2.   Cuirfear an tuairisc ar an tairseach ghréasáin ar fáil lena hinnéacsú ag mórinnill chuardaigh phoiblí.

    3.   Beidh an tairseach ghréasáin ar fáil go poiblí sna teangacha seo a leanas ar a laghad, mar aon le teangacha oifigiúla na mBallstát: an Rúisis, an Araibis, an tSeapáinis, an tSínis, an Albáinis, an Bhoisnis, an Mhacadóinis, an Hiondúis agus an Tuircis.

    4.   Ar an tairseach ghréasáin, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/817 mar aon le huirlis chuardaigh chun sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit a aisghabháil, arb é an t-údarás atá freagrach as nasc dearg nó bán a chruthú tar éis céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh. Féadfaidh faisnéis riachtanach eile a bheith ar an tairseach ghréasáin, faisnéis a éascaíonn feidhmiú na gceart dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/817.

    5.   Beidh an tairseach ghréasáin i gcomhréir leis na rialacha, treoirlínte agus faisnéis atá i dTreoir Ghréasáin Europa, treoir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, lena n-áirítear treoirlínte maidir le hinrochtaineacht.

    6.   Cuirfidh an tairseach ghréasáin cosc ar fhaisnéis teagmhála na n-údarás a bheith ar fáil d’innill chuardaigh agus d’uirlisí uathoibríocha eile a dhéanann faisnéis teagmhála a bhailiú.

    Airteagal 2

    Páirtithe leasmhara agus freagrachtaí

    1.   Is é eu-LISA a fhorbróidh an tairseach ghréasáin agus a dhéanfaidh a bainistiú teicniúil a áirithiú, mar a thagraítear dó in Airteagal 49(5) de Rialachán (AE) 2019/817, lena n-áirítear óstáil, oibriú agus cothabháil na tairsí gréasáin.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún inneachar na tairsí gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a sholáthar do eu-LISA, mar aon le haon cheartúchán nó nuashonrú.

    3.   Sonraí teagmhála na n-údarás atá inniúil ar scrúdú a dhéanamh ar aon iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/817 agus ar fhreagra a thabhairt orthu, déanfaidh na Ballstáit na sonraí sin a sholáthar do eu-LISA ionas go bhféadfar inneachar na tairsí gréasáin a uaslódáil agus a nuashonrú go tráthrialta, mar a thagraítear dó sin in Airteagal 49(4) de Rialachán (AE) 2019/817.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit pointe teagmhála aonair a sholáthar do eu-LISA, pointe teagmhála a bheidh freagrach as cúrsaí athbhreithniúcháin agus cothabhála.

    5.   Déanfaidh eu-LISA athbhreithniú ar na sonraí teagmhála a soláthraíodh agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar fáil ionas go ndéanfar athruithe nó breiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann a nuashonrú. Déanfar an t-athbhreithniú uair amháin sa bhliain ar a laghad.

    6.   I dtaca le sonraí a phróiseáil sa tairseach ghréasáin, is iad údaráis na mBallstát a bheidh ina rialaitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 3, pointe (8), de Threoir (AE) 2016/680.

    7.   I dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil sa tairseach ghréasáin, is é eu-LISA a bheidh ina phróiseálaí sonraí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725.

    Airteagal 3

    An comhéadan úsáideora

    1.   Beidh uirlis chuardaigh ar an tairseach ghréasáin freisin chun é a chur ar chumas úsáideoirí tagairt an údaráis inniúil a iontráil, arb é an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh dá dtagraítear in Airteagal 34(d) de Rialachán (AE) 2019/817, ionas go bhféadfar faisnéis teagmhála an údaráis sin a aisghabháil.

    2.   Nuair a bheidh bailíocht agus iomláine na sonraí a iontráladh fíoraithe, aisghabhfaidh an tairseach ghréasáin sonraí teagmhála an údaráis sin i gcomhréir le hAirteagal 49(3) de Rialachán (AE) 2019/817.

    3.   Cuirfidh an tairseach ghréasáin é ar chumas an úsáideora iarraidh ar fhaisnéis a thionscnamh trí úsáid a bhaint as teimpléad ríomhphoist trí bhíthin foirm ghréasáin ar mhaithe le teagmháil a éascú leis an údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh. Sa teimpléad, áireofar réimse le haghaidh na huimhreach aitheantais aonair dá dtagraítear in Airteagal 34(c) de Rialachán (AE) 2019/817 chun go bhféadfaidh an t-údarás sin na sonraí iomchuí a bhaineann leis an nasc a aisghabháil mar aon leis na taifid chomhfhreagracha.

    4.   Beidh iarraidh chaighdeánaithe ar thuilleadh faisnéise sa teimpléad ríomhphoist agus beidh an iarraidh sin ar fáil sna teangacha dá dtagraítear in Airteagal 1(3). Leagtar amach an teimpléad ríomhphoist san Iarscríbhinn. Beidh rogha sa teimpléad ríomhphoist maidir leis an teanga nó na teangacha a úsáidfear sa fhreagra, rogha ina mbeidh dhá theanga ar a laghad a roghnóidh gach Ballstát. Féadfaidh an t-úsáideoir teanga an teimpléid ríomhphoist a roghnú.

    5.   Nuair a bheidh an teimpléad ríomhphoist líonta agus curtha isteach tríd an bhfoirm ghréasáin, seolfar ríomhphost admhála uathoibrithe chuig an úsáideoir ina mbeidh sonraí teagmhála an údaráis atá freagrach as rianú na hiarrata, ríomhphost trínar féidir leis an duine na cearta de bhun Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2019/817 a fheidhmiú.

    Airteagal 4

    Bainistiú inneachair

    1.   Ar an tairseach ghréasáin áiritheofar go mbeidh deighilt ann idir na leathanaigh suímh ar a bhfuil faisnéis atá dírithe ar an mórphobal agus an uirlis chuardaigh, agus na leathanaigh ghréasáin sin lenar féidir leis an úsáideoir faisnéis teagmhála an údaráis a aisghabháil arb é an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh.

    2.   Chun é a chur ar chumas eu-LISA an t-inneachar a bhainistiú, beidh comhéadan riaracháin slán ag an tairseach ghréasáin. I gcomhréir le hAirteagal 7, logálfar gach rochtain ar an gcomhéadan sin mar aon leis na hathruithe a dhéantar.

    3.   Tabharfaidh an comhéadan riaracháin cearta do eu-LISA cur le hinneachar na tairsí gréasáin, é a mhodhnú nó é a bhaint. Ní cheadóidh an comhéadan sin do eu-LISA rochtain a fháil i gcás ar bith ar shonraí a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír agus atá stóráilte i gcórais faisnéise an Aontais Eorpaigh.

    4.   Leis an réiteach bainistithe inneachair, cuirfear córas céimniúcháin ar fáil inar féidir na hathruithe ar fad a ullmhú, a fheiceáil agus a lódáil ar an gcóras ar líne lena bhfoilsiú ag am áirithe. Beidh uirlisí i gceist leis an gcéimniú freisin chun bainistiú an inneachair a éascú agus chun réamhamharc a fháil ar thoradh na n-athruithe.

    Airteagal 5

    Saincheisteanna slándála

    1.   Déanfar an tairseach ghréasáin a dhearadh agus a chur chun feidhme chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht na seirbhísí a áirithiú agus chun neamhshéanadh idirbheart a áirithiú, trí na prionsabail seo a leanas maidir le slándáil an fheidhmchláir a chur i bhfeidhm ar a laghad:

    (a)

    cosaint dhomhain (sásraí slándála srathaithe);

    (b)

    múnla slándála dearfach (lena sainítear an méid atá ceadaithe agus lena ndiúltaítear gach rud eile);

    (c)

    teip ar bhealach slán (láimhseáil slán earráidí);

    (d)

    prionsabal an údaráis is lú;

    (e)

    coimeád an tslándáil simplí (seachain ailtireachtaí casta nuair a bheadh cur chuige eile ní ba thapa agus ní ba shimplí);

    (f)

    déan ionraí a bhrath agus a chosc (logáil agus bainistiú gach faisnéise slándála ábhartha) trí rialuithe réamhghníomhacha a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis na tairsí gréasáin agus sonraí teagmhála na mBallstát a chosaint ar chibear-ionsaithe agus ar sceitheadh faisnéise;

    (g)

    ná cuir muinín i mbonneagar (ní mór don fheidhmchlár gach gníomhaíocht a thagann ó chórais eile a fhíordheimhniú agus a údarú);

    (h)

    ná cuir muinín i seirbhísí (ní chuirfear muinín in aon chóras seachtrach);

    (i)

    bunaigh réamhshocruithe slána (ní mór timpeallachtaí na mbogearraí agus na gcóras oibriúcháin a dhaingniú de réir dea-chleachtas agus de réir chaighdeáin an tionscadail).

    2.   Déanfar an tairseach ghréasáin a dhearadh agus a chur chun feidhme chun infhaighteacht agus sláine na logaí arna dtaifeadadh a áirithiú.

    3.   Chun críoch slándála agus cosanta sonraí, beidh fógra ar an tairseach ghréasáin lena gcuirfear na húsáideoirí ar an eolas faoi na rialacha lena rialaítear úsáid na tairsí gréasáin agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann le faisnéis mhícheart a sholáthar. San fhógra sin, beidh foirm um ghlacadh maidir leis na rialacha lena rialaítear úsáid na tairsí gréasáin, agus éileofar ar an úsáideoir an fhoirm sin a chur isteach sula gceadófar dó an tairseach ghréasáin a úsáid.

    Comhlíonfaidh cur chun feidhme teicniúil agus eagraíochtúil na tairsí gréasáin an plean slándála, an plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste dá dtagraítear in Airteagal 42(3) de Rialachán (AE) 2019/817.

    Airteagal 6

    Cosaint sonraí agus cearta an ábhair sonraí

    1.   Comhlíonfaidh an tairseach ghréasáin na rialacha cosanta sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, Treoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2018/1725.

    2.   Beidh fógra príobháideachais ar an tairseach ghréasáin. Ba cheart rochtain a bheith air trí nasc tiomnaithe. Ba cheart rochtain a bheith ar an bhfógra freisin ó gach leathanach den tairseach ghréasáin. Ba cheart an fógra sin a bheith curtha i láthair ar bhealach soiléir cuimsitheach.

    Airteagal 7

    Logaí

    1.   Gan dochar do na taifid i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 48(10) de Rialachán (AE) 2019/817, déanfar gach rochtain ar an tairseach ghréasáin a thaifeadadh i loga ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    seoladh IP an chórais a úsáideann an t-iarrthóir;

    (b)

    dáta agus am na hiarrata;

    (c)

    faisnéis theicniúil faoin timpeallacht a úsáideadh chun an iarraidh a chur isteach, cuir i gcás an cineál gairis, an leagan den chóras oibriúcháin, múnla an bhrabhsálaí agus an leagan den bhrabhsálaí.

    2.   Ní úsáidfear an fhaisnéis a logálfar ach amháin chun críoch staidrimh agus chun faireachán a dhéanamh ar an tairseach ghréasáin ar mhaithe le haon mhí-úsáid a chosc.

    3.   Maidir le rochtain ar chomhéadan riaracháin na tairsí gréasáin, déanfar na sonraí seo a leanas a logáil i dteannta na sonraí dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    sainaithint an úsáideora a bhfuil an comhéadan riaracháin á rochtain aige;

    (b)

    gníomhaíochtaí a dhéantar sa tairseach ghréasáin (cuir le hinneachar, é a mhodhnú nó é a scriosadh).

    4.   Féadfar faisnéis theicniúil anaithnid bhreise a logáil le linn úsáid na tairsí gréasáin chun an úsáid a bhaintear aisti agus an fheidhmíocht atá aici a bharrfheabhsú, a fhad agus nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis sin.

    5.   Coimeádfar an fhaisnéis a logálfar i gcomhréir le mír 1 agus mír 3 ar feadh 2 bhliain ar a mhéad.

    6.   Coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála sonraí uile a dhéantar sa tairseach ghréasáin.

    7.   eu-LISA, údaráis na mBallstát agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, saineoidh gach ceann acu liosta na mball foirne atá cuí-údaraithe le logaí na n-oibríochtaí próiseála sonraí arna ndéanamh sa tairseach ghréasáin a rochtain.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.

    (2)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

    (3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (4)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (6)  Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (7)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (8)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (9)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (10)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

    (11)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (12)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


    IARSCRÍBHINN

    Teimpléad ríomhphoist na hiarrata ar fhaisnéis

    Seo a leanas an teimpléad ríomhphoist:

    CHUIG: <an t-údarás atá freagrach as céannachtaí éagsúla a fhíorú de láimh, arna aisghabháil ag an tairseach>

    Ó: <Seoladh ríomhphoist an úsáideora>

    ÁBHAR: Iarraidh ar fhaisnéis a bhaineann leis an mbrathadóir ilchéannachtaí [nasc dearg/nasc bán]: <uimhir aitheantais aonair>

    Corp an Ríomhphoist:

    A chara,

    Cuireadh ar an eolas mé i scríbhinn, trí fhoirm a cuireadh chugam, faoi neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i mo chuid faisnéise pearsanta.

    Mar thoradh ar na neamhréireachtaí sin a d’fhéadfadh a bheith ann i mo chuid faisnéise céannachta, cruthaíodh cáschomhad dar tagairt <uimhir aitheantais aonair>.

    Ba mhaith liom a iarraidh go seolfar gach faisnéis bhreise faoin gcás seo faoi <dáta le ríomh ag an tairseach> i/in <teanga (1)> chuig an seoladh ríomhphoist seo.


    (1)  Roghchlár anuas ina mbeidh na roghanna teanga atá le cinneadh ag gach Ballstát.


    Top