Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2092

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2092 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2021 maidir le défhormáit photaisiam a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus le haghaidh bainbh scoite (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8484

IO L 427, 30.11.2021, pp. 166–168 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2092/oj

30.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 427/166


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2092 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Samhain 2021

maidir le défhormáit photaisiam a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus le haghaidh bainbh scoite

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhí agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le défhormáit photaisiam a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le défhormáit photaisiam a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus le haghaidh bainbh scoite, breiseán atá le haicmiú sa chatagóir “breiseáin theicneolaíocha”.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairimí an 5 Bealtaine 2021 (2) nach bhfuil tionchar díobhálach ag défhormáit photaisiam ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn an tÚdarás freisin nach mbaineann aon ábhair imní leis an tsubstaint maidir lena héifeachtaí ar an gcóras riospráide agus ar an gcraiceann ach gur greannaitheoir súl atá inti. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Chinn an tÚdarás freisin go bhféadfadh an tsubstaint a bheith éifeachtúil mar bhreiseán teicneolaíoch in ábhar beatha. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léiríonn an measúnú ar dhéfhormáit photaisiam go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “rialtáin aigéadachta”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(5):6617.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh thréimhse an údaraithe

mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch

Feidhmghrúpa: rialtáin aigéadachta

1j001

Défhormáit photaisiam

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Défhormáit photaisiam ≥ 98 %

Muca lena ramhrú

Bainbh scoite

-

-

6 000

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

6 000 mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %, is é sin an t-uaschion a bheidh ann de dhéfhormáit photaisiam, cibé acu an úsáidtear as féin í mar rialtán aigéadachta nó in éineacht le foinsí eile défhormáite potaisiam.

3.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin nó iad a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint do na súile.

20 Nollaig 2031

Tréithriú na substainte gníomhaí

Défhormáit photaisiam

Uimh. CAS: 20642-05-1

Uimh. Einecs: 243-934-6

C2H3O4K

Modh anailíse  (1)

Maidir le défhormáit photaisiam (mar aigéad formach iomlán) sa bhreiseán beatha, sa réamh-mheascán, in ábhair bheatha a chinneadh:

Crómatagrafaíocht iain le brath seoltachta (IC-CD) - EN 17294;

Maidir le potaisiam sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:

Speictriméadracht ionsú adamhaigh (AAS) - EN ISO 6869; nó

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES) - EN 15510.


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports.


Top