EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2069

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2069 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin, ó Mhontainéagró agus ón tSeirbia agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199

C/2021/8431

IO L 421, 26.11.2021, p. 28–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2069/oj

26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2069 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin, ó Mhontainéagró agus ón tSeirbia agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 40(2) de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hiontráil 17 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) cuirtear toirmeasc le tiúbair de speicis Solanum L. agus a hibridí, seachas iad siúd a shonraítear in iontráil 15 agus iontráil 16 de, a thabhairt isteach san Aontas, tiúbair Solanum tuberosum L. (an “planda sonraithe”) de thionscnamh tríú tíortha áirithe san áireamh.

(2)

Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le tríú tíortha Eorpacha agus limistéir shonracha a liostaítear faoi iontráil 17, an ceathrú colún, pointe (b), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, má aithnítear go bhfuil siad saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al. (“an lotnaid shonraithe”), arb é is cúis leis an ngalar lobhadh fáinneach prátaí, nó má aithnítear go bhfuil a gcuid reachtaíochta coibhéiseach le rialacha an Aontais maidir le cosaint in aghaidh na lotnaide sin.

(3)

Dealraíonn sé ón bhfaisnéis a chuir Montainéagró ar fáil agus a bhain leis na feachtais suirbhé bhliantúla idir 2010 agus 2020, agus ón bhfaisnéis a bailíodh le linn iniúchadh a rinneadh le haghaidh an Choimisiúin ar earnáil na bprátaí sa tír sin i Samhain 2019, nach raibh an lotnaid shonraithe i láthair i Montainéagró. D’fhorbair an tír sin plean gníomhaíochta leantach sásúil mar fhreagairt ar na moltaí i dtuarascáil deiridh an iniúchta a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar rialuithe sláinte plandaí in earnáil na bprátaí. Is iomchuí, dá bhrí sin, Montainéagró a aithint mar thír atá saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al., agus cead a thabhairt prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ó Mhontainéagró toisc go meastar go bhfuil sé saor ón lotnaid shonraithe.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE ón gCoimisiún (3) agus Cinneadh Cur Chun feidhme (AE) 2015/1199 ón gCoimisiún (4), aithníodh an tSeirbia agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, faoi seach, a bheith saor ón lotnaid shonraithe.

(5)

Toisc nach bhfuil aon athrú, de réir thorthaí an tsuirbhé agus na n-iniúchtaí faoi seach, tagtha ar an staid sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa tSeirbia ón am a glacadh na Cinntí Cur Chun Feidhme sin, meastar go bhfuil na tríú tíortha sin saor go fóill ón lotnaid shonraithe, agus ba cheart cead a thabhairt prátaí margaidh a tháirgtear ina gcríocha a thabhairt isteach san Aontas.

(6)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia, agus an Ríocht Aontaithe saor ón lotnaid shonraithe, ba cheart a cheangal ar na tríú tíortha sin, faoin 30 Aibreán gach bliain, torthaí an tsuirbhé ón mbliain roimhe sin lena ndeimhnítear nach bhfuil an lotnaid shonraithe i láthair ar a gcríocha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, toisc go n-áiritheofaí leis sin an tréimhse ama ba chuí chun na torthaí sin a bhailiú agus a thíolacadh mar is cuí.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, leasú a dhéanamh ar iontráil 17, an ceathrú colún, pointe (b) agus pointe (c), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 dá réir sin, chun an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe a chumhdach freisin.

(8)

Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199 a aisghairm.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2012, lena n-aithnítear an tSeirbia a bheith saor ó Clavibacter michiganensis ssp. sepedonicus (Spieckerman agus Kotthoff) Davis et al. (IO L 114, 26.4.2012, lch. 28).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2015, lena n-aithnítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith saor ó Clavibacter michiganensis ssp. sepedonicus (Spieckerman agus Kotthoff) Davis et al. (IO L 194, 22.7.2015, lch. 42).


IARSCRÍBHINN

In iontráil 17, an ceathrú colún, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:

“Tríú tíortha nó réigiúin seachas iad seo a leanas:

(a)

an Ailgéir, an Éigipt, an Iosrael, an Libia, Maracó, an tSiria, an Eilvéis, an Túinéis agus an Tuirc;

(b)

iad siúd a chomhlíonann an méid seo a leanas:

(i)

is ceann díobh seo a leanas iad:

an Albáin, Andóra, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, na hOileáin Chanáracha, Oileáin Fharó, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mholdóiv, Monacó, An Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Rúis (na codanna seo a leanas amháin: an Ceantar Cónaidhmeach Lárnach (Tsentralny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Thiar Thuaidh (Severo-Zapadny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Theas (Yuzhny federalny okrug), Ceantar Cónaidhmeach an Chugais Thuaidh (Severo-Kavkazsky federalny okrug) agus Ceantar Cónaidhmeach Volga (Privolzhsky federalny okrug)), San Mairíne agus an Úcráin;

agus

(ii)

comhlíonann siad ceann acu seo a leanas:

aithnítear go bhfuil siad saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al., i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2016/2031, nó

aithnítear go bhfuil a gcuid reachtaíochta coibhéiseach le rialacha an Aontais maidir le cosaint ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al., i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2016/2031;

(c)

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe (*1), a fhad is a chomhlíontar an coinníoll seo a leanas: cuireann na tríú tíortha sin, faoin 30 Aibreán gach bliain, torthaí an tsuirbhé ón mbliain roimhe sin lena ndeimhnítear nach bhfuil Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al. i láthair ar a gcríocha, faoi bhráid an Choimisiúin.


(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.”.”


Top