This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2068
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/2068 of 25 November 2021 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the extension of the approval periods of the active substances benfluralin, dimoxystrobin, fluazinam, flutolanil, mecoprop-P, mepiquat, metiram, oxamyl and pyraclostrobin (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/8422
IO L 421, 26.11.2021, pp. 25–27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
26.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 421/25 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2068 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/52 ón gCoimisiún (3), cuireadh síneadh go dtí an 31 Eanáir 2022 le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha démhocsastróibin, meiceapróp-P, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin, agus síneadh go dtí an 28 Feabhra 2022 le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, fluasanam, flutolainil agus meipiocuat. |
|
(3) |
Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4), arna aisghairm le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (5). Mar sin féin, tá feidhm fós ag an nós imeachta le haghaidh athnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha sin faoi mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740. |
|
(4) |
Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substaintí gníomhacha sin ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh na formheasanna atá ag na substaintí gníomhacha sin in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur lena dtréimhsí formheasa. |
|
(5) |
Ina theannta sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse formheasa i gcás na substaintí gníomhacha fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream agus pireaclóstróibin ionas go mbeidh am a dhóthain ann chun measúnú a dhéanamh i ndáil le hairíonna suaite inchríneach na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm a shocrú a luaithe is féidir, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/52 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (IO L 23, 25.1.2021, lch. 13).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 57, Meiceapróp-P, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta; |
|
(2) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 81, Pireaclóstróibin, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta; |
|
(3) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 115, Meitiream, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta; |
|
(4) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 116, Ocsaimil, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta; |
|
(5) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 128, Démhocsastróibin, “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta; |
|
(6) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 187, Flutolainil, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta; |
|
(7) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 188, Beanflurailin, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta; |
|
(8) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 189, Fluasanam, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta; |
|
(9) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 191, Meipiocuat, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta. |