EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2044

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2044 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Nostrano Valtrompia” (STFC))

C/2021/8439

IO L 418, 24.11.2021, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2044/oj

24.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 418/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2044 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Nostrano Valtrompia” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 53(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Nostrano Valtrompia” atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 629/2012 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (3).

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Nostrano Valtrompia” (STFC) is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 629/2012 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2012 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Nostrano Valtrompia (STFC)] (IO L 182, 13.7.2012, lch. 12).

(3)  IO C 313, 5.8.2021, lch. 18.


Top