EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1986

Rialachán (AE) 2021/1986 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

ST/11053/2021/INIT

IO L 405, 16.11.2021, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1986/oj

16.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 405/3


RIALACHÁN (AE) 2021/1986 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh 2012/642/CBES agus déantar foráil leis go háirithe maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo, agus toirmisctear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, nó a mbaineann a ngníomhaíochtaí an bonn den daonlathas nó den smacht reachta sa Bhealarúis nó a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka nó a thacaíonn leis an réimeas sin.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, tugadh isteach tuilleadh smachtbhannaí eacnamaíocha spriocdhírithe, lena n-áirítear toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise.

(3)

An 15 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1989 (4), lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES agus lena dtugtar isteach eisceachtaí áirithe ón toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise, chun iarmhairtí neamhbheartaithe a sheachaint.

(4)

Tagann bearta áirithe faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i ngach Ballstát i bhfeidhm go haonfhoirmeach é, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun na bearta sin a chur chun feidhme.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1l de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006:

“Airteagal 1l

1.   Toirmiscfear árachas nó athárachas a sholáthar do:

(i)

Rialtas na Bealarúise, a chomhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí; nó

(ii)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointe (i).

2.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le hárachas éigeantach nó árachas tríú páirtí dliteanais a sholáthar do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí na Bealarúise i gcás ina bhfuil an riosca arna árachú suite san Aontas, ná maidir le hárachas a sholáthar do mhisin taidhleoireachta nó chonsalacha na Bealarúise san Aontas.

3.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, ná do chonarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 224 I, 24.6.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh (CBES) 2021/1989 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (Féach leathanach 8 den Iris Oifigiúil seo).


Top