Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1948

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1948 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 maidir leis an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le daoine neamh-inchánach agus le daoine cánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe chun críocha Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (Rialachán OIN) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 1999/622/CE, Euratom ón gCoimisiún agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 116/2005 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/7942

    IO L 398, 11.11.2021, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1948/oj

    11.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 398/4


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1948 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Samhain 2021

    maidir leis an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le daoine neamh-inchánach agus le daoine cánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe chun críocha Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (Rialachán OIN) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 1999/622/CE, Euratom ón gCoimisiún agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 116/2005 ón gCoimisiún

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (1), agus go háirithe Airteagal 5(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL ar cheann de na saincheisteanna a shainítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 ón gCoimisiún (2) ar an liosta saincheisteanna chun iontaofacht, uileghabhálacht agus inchomparáideacht na sonraí maidir leis an ollioncam náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (“OIN”) a áirithiú, ar sonraí iad a dtabharfar aghaidh orthu i ngach timthriall fíorúcháin.

    (2)

    Chun go mbeidh sonraí maidir le OIN iontaofa, uileghabhálach agus inchomparáide, ní mór soiléiriú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le daoine neamh-inchánach agus le daoine inchánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe.

    (3)

    Ba cheart comhiomláin OIN agus a gcomhpháirteanna a bheith inchomparáide ar fud na mBallstát agus ba cheart dóibh sainmhínithe ábhartha agus rialacha cuntasaíochta ábhartha maidir leis an gcóras cuntas Eorpach 2010 (“CCE 2010”) a chomhlíonadh (3).

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 1999/622/CE, Euratom ón gCoimisiún (4) agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 116/2005 ón gCoimisiún (5) a aisghairm.

    (5)

    I dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (6), baintear úsáid as coincheapa an duine inchánach, an duine neamh-inchánach agus na ngníomhaíochtaí díolmhaithe, ar coincheapa iad ba cheart a úsáid chun críocha an ghnímh seo freisin.

    (6)

    Ní shonraítear go sainráite in CCE 2010 an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le daoine neamh-inchánach agus le daoine inchánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/516,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Agus comhiomláin na gcuntas náisiúnta á dtiomsú chun críocha Rialachán (AE) 2019/516, déileálfar le haisíocaíochtaí ar CBL a thabhaítear ar cheannacháin, aisíocaíochtaí a thabharfar do dhaoine neamh-inchánach nó do dhaoine inchánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe, sa tslí chéanna in CCE 2010 agus le haistrithe reatha (D.7) nó le haistrithe caipitil eile (D.9) agus ní amhail agus dá mba CBL in-asbhainte atá iontu.

    2.   Chun críocha mhír 1, is í an chiall a bheidh ag an téarma “duine inchánach” an chiall a thugtar dó in Airteagail 9 go 13 de Threoir 2006/112/CE, agus tuigfear gurb é atá i gceist leis na “gníomhaíochtaí díolmhaithe” na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagail 132 go 137 den Treoir sin.

    Airteagal 2

    Aisghairtear Cinneadh 1999/622/CE, Euratom agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 116/2005.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Samhain 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 91, 29.3.2019, lch. 19.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2147 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu i ngach timthriall fíorúcháin a shainiú (IO L 428, 18.12.2020, lch. 9).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

    (4)  Cinneadh 1999/622/CE, Euratom ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 1999 maidir leis an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le haonaid neamh-inchánach agus le haonaid inchánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe, chun Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta a chomhchuibhiú ag praghsanna an mhargaidh a chur chun feidhme (IO L 245, 17.9.1999, p. 51).

    (5)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 116/2005 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2005 maidir leis an tslí a ndéileáiltear le haisíocaíochtaí CBL le daoine neamh-inchánach agus le daoine inchánach de bharr a ngníomhaíochtaí díolmhaithe, chun críocha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh (IO L 24, 27.1.2005, lch. 6).

    (6)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir le comhchóras na cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


    Top