EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1935

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1935 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na sonraí maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha atá le cur isteach trí bhíthin na foirme samplaí caighdeánaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7764

IO L 396, 10.11.2021, p. 17–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1935/oj

10.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 396/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1935 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis agus na sonraí maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha atá le cur isteach trí bhíthin na foirme samplaí caighdeánaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialacha Oifigiúla) (1), agus go háirithe pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 25, Airteagal 113(2) agus pointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 134 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún (2), bunaítear an fhoirm shamplach chaighdeánach a bheidh le húsáid sna tuarascálacha bliantúla a chuirfidh gach Ballstát isteach i gcomhréir le hAirteagal 113(1) de Rialachán (AE) 2017/625.

(2)

Le Roinn 9 den fhoirm shamplach chaighdeánach sin, ceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí orgánacha a thuairisciú i gcomhréir leis na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn XIIIc a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (3).

(3)

Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos rialacha nua maidir le rialuithe ar tháirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena n-áirítear na rialuithe ar fhíorú bhunú agus fheidhmiú an chórais rialaithe inmheánaigh atá ag grúpaí oibreoirí, agus maidir le hathiniúchadh a dhéanamh ar líon íosta oibreoirí atá ina mbaill de ghrúpa oibreoirí. Ina theannta sin, beidh ar na Ballstáit catalóg náisiúnta beart a fhorbairt a bheidh le déanamh i gcás neamhchomhlíonta, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh agus na bearta comhfhreagracha a aicmiú. Beidh ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar na rialuithe oifigiúla a eascraíonn as na rialacha nua sin agus faisnéis a sholáthar faoi neamhchomhlíonadh a braitheadh agus faoi fhorfheidhmiú beart de réir a gcatalóige náisiúnta beart.

(4)

D’fhonn na rialacha agus na ceanglais nua sin a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil atá le cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 113(1) de Rialachán (AE) 2017/625, ní mór Roinn 9 de Chuid II den fhoirm shamplach chaighdeánach a thabhairt cothrom le dáta.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

An fhoirm shamplach chaighdeánach

Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis agus na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 113(1) de Rialachán (AE) 2017/625 isteach trí bhíthin na foirme samplaí caighdeánaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfar é sin agus úsáid á baint as an leagan leictreonach den fhoirm shamplach chaighdeánach a chuirtear ar fáil tríd an gcóras ríomhairithe bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla. Le haghaidh na faisnéise agus na sonraí maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha dá dtagraítear i Roinn 9 de Chuid II den fhoirm sin, áfach, bainfear úsáid as Córas Faisnéise na Feirmeoireachta Orgánaí.

Ina dhiaidh sin deimhneoidh na Ballstáit sa leagan leictreonach den fhoirm shamplach chaighdeánach ar an gcóras ríomhairithe bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla gur cuireadh Roinn 9 de Chuid II den fhoirm sin isteach ar Chóras Faisnéise na Feirmeoireachta Orgánaí.”;

(2)

San Iarscríbhinn, cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Roinn 9 den fhoirm shamplach chaighdeánach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2022 i leith na dtuarascálacha bliantúla atá le cur isteach faoin 31 Lúnasa 2023 le haghaidh 2022 agus i leith tuarascálacha bliantúla ina dhiaidh sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/723 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhfoirm shamplach chaighdeánach atá le húsáid sna tuarascálacha bliantúla a chuireann na Ballstáit isteach (IO L 124, 13.5.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“9.   Táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha

9.1.

Conclúid fhoriomlán maidir leis an leibhéal comhlíonta a baineadh amach

9.2.

Sonraí orgánacha

Sainaithint an Bhallstáit/an údaráis inniúil a chuireann an tuarascáil bhliantúil isteach

Sonraí ón

mBallstát

Líon na n-údarás inniúil a ndearnadh sonraí a chomhtháthú ina leith

(A)

Líon na n-údarás inniúil

Líon na n-údarás rialaithe a ndearnadh sonraí a chomhtháthú ina leith

(B)

Líon na n-údarás rialaithe

Líon na gcomhlachtaí rialaithe a ndearnadh sonraí a chomhtháthú ina leith

(C)

Líon na gcomhlachtaí rialaithe

Líon iomlán na n-údarás/na gcomhlachtaí a ndearnadh sonraí a chomhtháthú ina leith

(A) + (B) + (C)

Líon iomlán na n-údarás/na gcomhlachtaí

Tréimhse tuairiscithe

Bliain

TÁBLA 1

Líon na rialuithe le haghaidh na n-údarás inniúil - na n-údarás rialaithe - na gcomhlachtaí rialaithe uile (tagraíonn gach alt do Rialachán (AE) 2018/848)

1.   Oibreoirí cláraithe a bhfuil deimhniú acu amhail ón 31 Nollaig den bhliain tuairiscithe

 

Códuimhir nó ainm an údaráis inniúil/an údaráis rialaithe/an chomhlachta rialaithe

Líon na n-oibreoirí

Líon na bhfíoruithe comhlíonta Airteagal 38(3)

(fisiceach agus neamhfhisiceach)

Líon na rialuithe oifigiúla fisiceacha ar an láthair a rinneadh

Líon na samplaí a tógadh Airteagal 38(4)(c)

Rialuithe bliantúla Airteagal 38(3)

Rialuithe breise rioscabhunaithe Airteagal 38(4)(b)

Líon iomlán na rialuithe Airteagal 38(3) agus 38(4)(b)

Rialuithe nár fógraíodh Airteagal 38(4)(a)

Líon iomlán na samplaí

Líon na samplaí le braith

1.a.

Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 1

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1.b.

Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 2

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1.c.

Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 3

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Lean ar aghaidh agus liostaigh gach údarás/comhlacht

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cainníochtaí iomlána maidir le gach údarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe [suim (1.a.+1.b.+1.c.+….]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.   Grúpaí oibreoirí a bhfuil deimhniú acu amhail ón 31 Nollaig den bhliain tuairiscithe

 

Códuimhir nó ainm an údaráis inniúil/an údaráis rialaithe/an chomhlachta rialaithe

Líon na ngrúpaí

Sainaithint an ghrúpa

Líon iomlán na n-oibreoirí ar baill de ghrúpaí iad

Líon iomlán na rialuithe oifigiúla ar ghrúpaí

Líon na n-athiniúchtaí ar bhaill de ghrúpaí

Iniúchtaí inar tógadh sampla amháin ar a laghad

2.

Cainníochtaí iomlána maidir le gach grúpa oibreoirí/údarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe

 

 

 

 

 

 

 

2.a.

Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 1

 

 

 

 

 

 

 

2.a.1

Grúpa oibreoirí a.1

 

 

 

 

 

 

 

2.a.2

Grúpa oibreoirí a.2

 

 

 

 

 

 

 

2.a…..

Grúpa oibreoirí a…..

 

 

 

 

 

 

 

2.b.

Cainníochtaí maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 2

 

 

 

 

 

 

 

2.b.1

Grúpa oibreoirí b.1

 

 

 

 

 

 

 

2.b.2

Grúpa oibreoirí b.2

 

 

 

 

 

 

 

2.b…..

Grúpa oibreoirí b...

 

 

 

 

 

 

 

2.c

lean ar aghaidh agus liostaigh gach grúpa oibreoirí in aghaidh an údaráis inniúil/an chomhlachta rialaithe/an údaráis rialaithe

 

 

 

 

 

 

 

2.c…

Grúpa oibreoirí …

 

 

 

 

 

 

 

TÁBLA 2

NEAMHCHOMHLÍONADH

Sonraí in aghaidh an údaráis inniúil/an údaráis rialaithe/an chomhlachta rialaithe

1.   Cineál agus minicíocht na gcásanna a bhunaítear de neamhchomhlíonadh tromchúiseach criticiúil

 

Ainm nó códuimhir an údaráis inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe

Cineál na gcásanna de réir chineál an neamhchomhlíonta a braitheadh le linn rialuithe oifigiúla a rinneadh

Rialacha ginearálta maidir le táirgeadh

Rialacha sonracha maidir le táirgeadh

Substaintí nó táirgí neamhúdaraithe

Maol-uithe

Doiciméid agus taifid

Rialacha maidir le grúpaí oibreoirí

Lipéadú

Eile

1.

Cásanna neamhchomhlíonta a léiríodh - IOMLÁN

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1.a.

Cásanna a léiríodh maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 1

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1.b.

Cásanna a léiríodh maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 2

 

 

 

 

 

 

 

 

 

1.c.

Cásanna a léiríodh maidir le húdarás inniúil/údarás rialaithe/comhlacht rialaithe 3

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Lean ar aghaidh agus liostaigh gach údarás/comhlacht

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.   Bearta a rinneadh maidir le cásanna a léiríodh ina raibh neamhchomhlíonadh mór agus neamhchomhlíonadh criticiúil

Líon na gcásanna neamhchomhlíonta a léiríodh

Bearta a rinneadh maidir le cásanna neamhchomhlíonta a léiríodh

Feabhsú ar chur chun feidhme bearta réamhchúraim agus rialuithe a rinne an t-oibreoir

Gan aon tagairt do tháirgeadh orgánach i lipéadú agus fógraíocht na luchtóige iomláine nó an reatha táirgeachta lena mbaineann

Toirmeasc ar na táirgí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an margadh agus tagairt á déanamh do tháirgeadh orgánach, ar feadh tréimhse áirithe

Tréimhse nua thiontaithe

Teorannú raon feidhme an deimhnithe

Fionraí an deimhnithe

Aistarraingt an deimhnithe

Beart ceartaitheach atá fós le cinneadh

Eile

(A)

(B1)

(B2)

(B3)

(B4)

(B5)

(B6)

(B7)

(B8)

(B9)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tábla 3

Maoirseacht agus Iniúchtaí

Gníomhaíochtaí an údaráis inniúil a bhaineann le

comhlachtaí rialaithe ar tharmlig sé cúraimí áirithe chuige

maoirseacht ar na comhlachtaí rialaithe sin

aistarraingt toscaireachtaí chuig na comhlachtaí rialaithe sin

iniúchadh na n-údarás rialaithe

1.   Comhlachtaí rialaithe nua ar tharmlig an t-údarás inniúil cúraimí chucu/comhlachtaí rialaithe ar aistarraingíodh a dtoscaireacht

 

Líon na gcomhlachtaí rialaithe

Barúlacha i gcás inar gá

Líon ag tús na bliana tuairiscithe (an 1 Eanáir bliain N)

(A)

 

 

Comhlachtaí rialaithe nua le linn na bliana N

(B)

 

 

Comhlachtaí rialaithe ar aistarraingíodh a dtoscaireacht le linn na bliana N

(C)

 

 

Líon ag deireadh na bliana tuairiscithe (an 31 Nollaig bliain N)

(D)

 

 

2.   Maoirseacht ar chomhlachtaí rialaithe ag an údarás inniúil

2.a.   Cainníochtaí iomlána maidir le maoirseacht ar chomhlachtaí rialaithe

 

Líon na gcomhlachtaí rialaithe ag deireadh na bliana tuairiscithe

Líon na n-iniúchtaí maoirseachta ar chomhlachtaí rialaithe a rinne an t-údarás inniúil le linn na bliana tuairiscithe

Cumhdach comhlachtaí rialaithe le hiniúchadh maoirseachta de chuid údarás inniúil

Barúil I gcás inar gá

(D)

(E)

(F) = (E)/(D)

 

Líon na gcomhlachtaí rialaithe - Líon na n-iniúchtaí maoirseachta le linn na bliana tuairiscithe – cumhdach

 

 

 

 

Ba cheart líon iomlán na gComhlachtaí Rialaithe Formheasta (D) a bheith i gcomhréir leis an líon a tuairiscíodh faoi roinn 1

2.b.   Mionsonraí na maoirseachta in aghaidh an chomhlachta rialaithe

Liosta de gach comhlacht rialaithe faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil

Líon na n-oibreoirí

Líon na ngrúpaí oibreoirí

Iniúchadh déanta ag an údarás inniúil le linn na bliana tuairiscithe tá = 1/níl = 0

Líon na gcomhad oibreora a ndearnadh athbhreithniú orthu in iniúchadh maoirseachta le linn na bliana tuairiscithe

Cumhdach líon na gcomhad oibreora a ndearnadh athbhreithniú orthu in éadan líon iomlán na n-oibreoirí

Líon na gcomhad de chuid grúpaí oibreoirí a ndearnadh athbhreithniú orthu le linn an iniúchta le linn na bliana tuairiscithe

Cumhdach líon na gcomhad de chuid grúpaí oibreoirí a ndearnadh athbhreithniú orthu in éadan líon iomlán na ngrúpaí oibreoirí

Léirigh uimhir thagartha na foirme ar leith a líonadh isteach le haghaidh an chomhlachta rialaithe (teimpléad “na foirme ar leith le haghaidh an chomhlachta rialaithe” i gceangal)

Códuimhir

(G)

(H)

(I)

(J)

(K) = (J) /(G)

(L)

(M) = (L)/(H)

(N)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.   Gníomhaíochtaí iniúchta a rinne an t-údarás inniúil maidir leis na húdaráis rialaithe (níl sé seo ábhartha ach i gcás ina dtarmligeann an t-údarás inniúil cúraimí chuig na húdaráis rialaithe)

 

Líon na n-údarás rialaithe a ndearna an t-údarás inniúil cúraimí rialaithe a tharmligean chucu

Líon na n-iniúchtaí a rinne an t-údarás inniúil ar na húdaráis rialaithe

Cumhdach na n-údarás rialaithe a ndearna údarás inniúil iniúchadh orthu le linn na bliana tuairiscithe

Barúil i gcás inar gá

(K)

(L)

(M) = (L)/(K)

 

Le linn na bliana tuairiscithe

 

 

 

 

Tábla 4

FOIRM AR LEITH MAIDIR LE MAOIRSEACHT AR CHOMHLACHT RIALAITHE

(Is féidir le húdarás inniúil foirm a líonadh isteach le haghaidh gach comhlacht rialaithe a bhí faoi réir iniúchadh maoirseachta le linn na bliana tuairiscithe (roghnach))

Uimhir thagartha na foirme

 

le cóipeáil isteach i dtábla iniúchta maoirseachta – réimse sonraí K

Bliain tuairiscithe

 

 

Údarás inniúil i gceannas ar mhaoirseacht

 

 

Tuarascáil iniúchta maoirseachta

Tagairt

 

 

Dáta

 

 

Sainaithint an chomhlachta rialaithe

Códuimhir

 

 

ACHOIMRE AR PHRÍOMHTHORTHAÍ AN INIÚCHTA MAOIRSEACHTA

1.

Coinníollacha maidir le formheas an chomhlachta rialaithe agus cúraimí rialaithe a tharmligean

Líon isteach an téacs, le do thoil

2.

Torthaí a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas íosta rialaithe

Líon isteach an téacs, le do thoil

3.

Torthaí a bhaineann le measúnú riosca a dhéanamh ar oibreoirí

Líon isteach an téacs, le do thoil

4.

Torthaí a bhaineann le comhlíonadh chatalóg náisiúnta na mbeart

Líon isteach an téacs, le do thoil

5.

Torthaí a bhaineann le faisnéis a mhalartú le húdarás inniúil

Líon isteach an téacs, le do thoil

6.

Torthaí eile

Líon isteach an téacs, le do thoil

7.

Conclúid fhoriomlán

Líon isteach téacs+A1:C24, le do thoil


Tábla 5

Gníomhaíochtaí agus bearta a rinne údarás inniúil le linn na bliana tuairiscithe chun éifeachtacht na rialuithe oifigiúla ag údaráis rialaithe/comhlachtaí rialaithe a áirithiú

Sonraí ón

mBallstát

 

Tréimhse

Bliain

 

1.

Reachtaíocht náisiúnta

Líon isteach an téacs, le do thoil

2.

Nósanna imeachta rialaithe nua, cothrom le dáta nó athbhreithnithe

Líon isteach an téacs, le do thoil

3.

Gníomhaíochtaí oiliúna

Líon isteach an téacs, le do thoil

4.

Acmhainní breise a chur ar fáil nó acmhainní atá ann cheana a athdháileadh tar éis athbhreithniú ar thosaíochtaí

Líon isteach an téacs, le do thoil

5.

Tionscnaimh rialaithe speisialta

Líon isteach an téacs, le do thoil

6.

Athruithe ar eagraíocht nó bainistíocht údarás inniúil

Líon isteach an téacs, le do thoil

7.

Eile

Líon isteach an téacs, le do thoil


Top