EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1934

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1934 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe a bhaineann le tionscnamh earraí

C/2021/5579

IO L 396, 10.11.2021, p. 10–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1934/oj

10.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 396/10


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1934 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le forálacha áirithe a bhaineann le tionscnamh earraí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 62 agus 65 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 na rialacha maidir leis an tionscnamh neamhfhabhair earraí a chinneadh. I gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin, earraí a fhaightear go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, measfar go bhfuil a n-áit tionscnaimh sa tír sin nó sa chríoch sin. Chun soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a gcinntear tionscnamh neamhfhabhair na dtáirgí plandúla a mheastar a bheith faighte go hiomlán i dtír amháin nó i gcríoch amháin, is gá Airteagal 31, pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (2) ón gCoimisiún a leasú chun a shonrú nach mór nár buanadh na táirgí plandúla ach amháin sa tír nó sa chríoch ábhartha, agus nach mór nár fásadh iad ach amháin sa tír nó sa chríoch ábhartha sin.

(2)

Chun cinneadh thionscnamh neamhfhabhair na dtáirgí nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis na hoibríochtaí próiseála ná oibríochta ina leith, bídís cumhdaithe le hIarscríbhinn 22-01 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 nó ná bídís, chun an cinneadh sin a ailíniú, is gá an tríú mír d’Airteagal 33 den Rialachán sin a leasú, chun a shonrú gur cheart an critéar a bhaineann le cinneadh phríomhchion na n-ábhar arna n-úsáid a bheith bunaithe ar mheáchan nó ar luach na n-ábhar sin. Ba cheart an tsonraíocht a dhéanamh in aghaidh na Caibidle in Ainmníocht na Tuairisce Comhchuibhithe Tráchtearra agus an Chórais um Chódú, arna ghlacadh ag an Eagraíocht a bhunaigh an Coinbhinsiún lena mbunaítear an Chomhairle um Chomhar Custaim, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Nollaig 1950 (Córas Comhchuibhithe).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, ní mheastar gur próiseáil ná oibriú substaintiúil lena bhfuil údar cuí eacnamaíoch atá sna hoibríochtaí íosta chun tionscnamh neamhfhabhair a dheonú. Dá bhrí sin, i gcásanna ina bhfuil oibríocht íosta i gceist leis an gclaochlú deireanach ar na hearraí, is gá modh a bhunú lena bhféadfar tionscnamh neamhfhabhair na n-earraí lena mbaineann a chinneadh. Ba cheart Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a fhorlíonadh chun a leagan amach gur cheart a mheas maidir leis na hearraí sin go ndearnadh an t-oibriú substaintiúil deiridh nó an phróiseáil shubstaintiúil deiridh orthu sa tír nó sa chríoch inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar, bunaithe ar mheáchan nó ar luach na n-ábhar, de réir mar is iomchuí in aghaidh gach Caibidle den Chóras Comhchuibhithe.

(4)

De réir Airteagal 35(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, maidir le páirteanna spártha fíor-riachtanacha lena n-úsáid leis na hearraí a liostaítear i Ranna sonracha den Ainmníocht Chomhcheangailte a scaoileadh chun saorchúrsaíochta roimhe san Aontas, meastar go bhfuil na páirteanna sin ar aon tionscnamh leis na hearraí sin mura n-athrófaí a dtionscnamh mar thoradh ar ionchorprú na bpáirteanna spártha fíor-riachtanacha ag an gcéim táirgthe. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart an sainmhíniú ar “páirteanna spártha fíor-riachtanacha” in Airteagal 35(3) den Rialachán sin a leasú chun an tagairt d’earraí a onnmhairíodh roimhe sin i bpointe (a) den fhoráil sin a bhaint.

(5)

Leagtar amach in Iarscríbhinn 22-01 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 rialacha sonracha chun an tír ina ndearnadh an claochlú substainteach deireanach ar earraí áirithe a chinneadh de réir bhrí Airteagal 32 den Rialachán sin. Tá na rialacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin le cur i bhfeidhm maidir leis na hearraí a liostaítear inti ar bhonn a n-aicmithe sa Chóras Comhchuibhithe. Ó tharla gur leasaíodh an Córas Comhchuibhithe ina leagan 2022, ba cheart Iarscríbhinn 22-01 a nuashonrú dá réir sin.

(6)

Leagtar amach in Iarscríbhinn 22-03 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 na coinníollacha maidir le táirgí a mheasfar a bheith de thionscnamh tíortha is tairbhithe chun críoch an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (“GSP”). Tá na rialacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin le cur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin go háirithe ar bhonn a n-aicmithe sa Chóras Comhchuibhithe. Ó tharla gur leasaíodh an Córas Comhchuibhithe ina leagan 2022, ba cheart Iarscríbhinn 22-03 a nuashonrú dá réir sin.

(7)

Liostaítear in Iarscríbhinn 22-04 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 na hábhair a eisiatar ón gcarnadh réigiúnach i gcomhthéacs GSP. Tá na rialacha dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin le cur i bhfeidhm maidir leis na hábhair sin go háirithe ar bhonn a n-aicmithe sa Chóras Comhchuibhithe. Ó tharla gur leasaíodh an Córas Comhchuibhithe ina leagan 2022, ba cheart Iarscríbhinn 22-04 a nuashonrú dá réir sin.

(8)

Ní bheidh feidhm ag leagan 2022 den Chóras Comhchuibhithe ach ón 1 Eanáir 2022, agus dá bhrí sin, na leasuithe ar Iarscríbhinní 22.1, 22.3 agus 22.4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a eascraíonn as leagan 2022 den Chóras Comhchuibhithe ba cheart feidhm a bheith leo ón 1 Eanáir 2022.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)

(b)

“táirgí plandúla a fhástar nó a bhaintear san áit sin amháin;”;

(2)

in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Le haghaidh earraí nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn 22-01, i gcás ina meastar nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis an oibriú deiridh ná leis an bpróiseáil deiridh, measfar gur sa tír nó sa chríoch inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar a rinneadh an phróiseáil shubstaintiúil deiridh nó an t-oibriú substaintiúil deiridh lena raibh údar cuí eacnamaíoch ar na hearraí, ar próiseáil nó oibriú é is toradh le táirge nua nó ar chéim thábhachtach sa mhonarú iad. Nuair is faoi Chaibidlí 1 go 29 nó 31 go 40 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn mheáchan na n-ábhar. I gcás inar faoi Chaibidlí 30 nó 41 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn luach na n-ábhar.”;

(3)

In Airteagal 34, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Beidh feidhm ag na rialacha iarmharacha Caibidle maidir leis na hearraí a chumhdaítear le hIarscríbhinn 22-01. I gcás earraí nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn 22-01, nuair a mheastar gur oibríocht íosta atá san oibriú deiridh nó sa phróiseáil deiridh, is é tionscnamh an táirge deiridh an tír nó an chríoch inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar. Nuair is faoi Chaibidlí 1 go 29 nó 31 go 40 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn mheáchan na n-ábhar. I gcás inar faoi Chaibidlí 30 nó 41 go 97 den Chóras Comhchuibhithe a aicmeofar an táirge deiridh, déanfar príomhchion na n-ábhar a chinneadh ar bhonn luach na n-ábhar.”;

(4)

in Airteagal 35(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

comhpháirteanna ar dá n-uireasa nach féidir oibriú cuí píosa trealaimh, meaisín, gairis nó feithicle atá curtha i saorchúrsaíocht a áirithiú; agus”;

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn 22-01 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(6)

Leasaítear Iarscríbhinn 22-03 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(7)

Leasaítear Iarscríbhinn 22-04 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointí (5), (6) agus (7) d’Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn 22-01 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

(1)

sna réamhnótaí, i bpointe 2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:

“Ciallaíonn “Córas Comhchuibhithe“ nó “CC” an ainmníocht earraí a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, arna leasú le Moladh ón gComhairle um Chomhar Custaim an 28 Meitheamh 2019 (“CC 2022”).”;

(2)

ar fud an téacs, cuirtear na focail “Cód CC 2017” in ionad na bhfocal “Cód CC 2022”;

(3)

i Roinn IV, Caibidil 20, pointe (2) den cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad riail iarmharach chaibidle is infheidhme maidir le meascáin:

“(2)

Is é is tionscnamh do mheascán táirgí den Chaibidil seo, tír thionscnaimh na n-ábhar a bhfuil níos mó ná 50 % de réir meáchain díobh sa mheascán; mar sin féin, is í tír thionscnaimh na n-ábhar dá bhfuil níos mó ná 50 % den mheascán de réir mheáchan an ábhair thirim is tionscnamh do mheascán táirgí atá faoi cheannteideal 2009 (súnna torthaí nó cnónna (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor agus uisce cnó cócó) agus súnna glasraí, iad neamhchoipthe agus gan biotáille bhreise curtha leo, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise curtha leo nó ná bíodh). Tógfar le chéile meáchan na n-ábhar ar den aon tionscnamh amháin iad.”;

(4)

i Roinn IV, Caibidil 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa teideal “Riail iarmharach chaibidle” ag deireadh na Caibidle:

“Nuair nach féidir an tír thionscnaimh a chinneadh trí na rialacha príomhúla agus na rialacha iarmharacha caibidle eile a chur i bhfeidhm, is í an tír inar tionscnaíodh príomhchion na n-ábhar an tír thionscnaimh, mar a chinnfear ar bhonn mheáchan na n-ábhar.”;

(5)

i Roinn XVI, Caibidil 85, sa ró le haghaidh cheannteideal “8541”, sa cholún “Tuairisc ar earraí”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:

“Gléasanna leathsheoltóra (mar shampla dé-óidí, trasraitheoirí, trasduchtóirí atá bunaithe ar leathsheoltóirí); gléasanna leathsheoltóra fótamhothálacha, lena n-áirítear cealla fótavoltacha, bídís cóimeáilte i módúil nó déanta suas i bpainéil nó ná bídís; dé-óidí eisithe solais bídís cóimeáilte le dé-oidí eisithe solais eile nó ná bídís; criostail shuite phísileictreacha.”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn 22-03 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

(1)

sna réamhnótaí, i bpointe 2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú habairt:

“Ciallaíonn “Córas Comhchuibhithe“ nó “CC“ an ainmníocht earraí a bunaíodh faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, arna leasú le Moladh ón gComhairle um Chomhar Custaim an 28 Meitheamh 2019 (“CC 2022“).”;

(2)

i dteideal cholún 1 den tábla i gCuid II den Iarscríbhinn, cuirtear na focail “Cód CC 2022” in ionad na bhfocal “ceannteideal an Chórais Comhchuibhithe”;

(3)

sa ró le haghaidh cheannteideal “0305”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Iasc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn”;

(4)

sa ró le haghaidh cheannteideal “0306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídísiasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn”;

(5)

sa ró le haghaidh cheannteideal “0307”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn”;

(6)

idir an ró le haghaidh cheannteideal “ex 0307” agus an ró le haghaidh “Caibidil 4”, cuirtear dhá ró nua isteach mar a leanas:

“ex 0308

Inveirteabraigh uisceacha seachas crústaigh agus moilisc, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; inveirteabraigh uisceacha deataithe, seachas crústaigh agus moilisc, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn

Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 3, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán

ex 0309

Plúir, min agus millíní, ó éisc nó ó chrústaigh, ó mhoilisc agus ó inveirteabraigh uisceacha eile, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

Monarú ina bhfuil na hábhair uile atá faoi Chaibidil 3, agus a úsáidtear ann, faighte go hiomlán”;

(7)

sa ró le haghaidh “ex Caibidil 15”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla; seachas:”;

(8)

sa ró le haghaidh cheannteideal “1517 agus 1516”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu;

Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gCaibidil seo, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin atá faoi cheannteideal 1516”;

(9)

sa ró le haghaidh “Caibidil 16”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisce eile, nó ó fheithidí”;

(10)

sa chéad ró le haghaidh cheannteideal “1702”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Siúcraí eile, lena n-áirítear lachtós, maltós, glúcós agus fruchtós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach; síoróipí siúcra nach bhfuil ábhar breise blaistithe ná dathúcháin curtha leo; mil shaorga, bíodh sí measctha le mil nádúrtha nó ná bíodh; caramal”;

(11)

sa ró le haghaidh cheannteideal “6306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear an ceannbhrat sealadach agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, cláir seoil nó árthaí talún; earraí campála”;

(12)

sa ró le haghaidh cheannteideal “8548”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghairis, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile sa Caibidil seo”;

(13)

idir an ró le haghaidh cheannteideal “8548” agus an ró le haghaidh “Caibidil 86”, cuirtear ró nua isteach mar a leanas:

“8549

Dramhaíl agus dramh leictreach nó leictreonach

(a)

LDC

Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é

Monarú nach mó luach na n-ábhar uile a úsáidtear ann ná 70 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha.

(b)

Tíortha eile is tairbhithe

Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é

Monarú nach mó luach na n-ábhar uile a úsáidtear ann ná 50 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha.”

(14)

sa ró le haghaidh “Caibidil 94”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta dá samhail; “soilse agus feistis soilse, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí; foirgnimh réamhdhéanta”.


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn 22-04 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

(1)

i dteideal an chéad cholúin den tábla, cuirtear na focail “CC 2022 nó Cód Ainmníochta Comhcheangailte” in ionad na bhfocal “cód an Chórais Comhchuibhithe nó na hAinmníochta Comhcheangailte”;

(2)

sa ró le haghaidh chód an Chórais Comhchuibhithe nó na hAinmníochta Comhcheangailte “2009”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”:

“Súnna torthaí nó cnónna (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor agus uisce cnó cócó) agus súnna glasraí, iad neamhchoipthe agus gan biotáille bhreise curtha leo, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise curtha leo nó ná bíodh”.


Top