Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1932

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1932 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

    ST/12898/2021/INIT

    IO L 396, 10.11.2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1932/oj

    10.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 396/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1932 ÓN gCOMHAIRLE

    an 9 Samhain 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

    (2)

    Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart iontráil a bhaineann le duine amháin atá liostaithe a scriosadh.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. ŠIRCELJ


    (1)  IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    I Rialachán (AE) 2016/44, Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), Cuid A (daoine), scriostar iontráil 6 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi).


    Top