Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1899

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1899 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2021 lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Fertőd vidéki sárgarépa” (TGFC))

    C/2021/7814

    IO L 387, 3.11.2021, p. 77–77 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1899/oj

    3.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 387/77


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1899 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Deireadh Fómhair 2021

    lena gcláraítear ainm i gclár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Fertőd vidéki sárgarépa” (TGFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), go háirithe Airteagal 52(2), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ungáir ar chlárú an ainm “Fertőd vidéki sárgarépa” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Fertőd vidéki sárgarépa” a chlárú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá an t-ainm “Fertőd vidéki sárgarépa” (TGFC) cláraithe anois.

    Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  IO C 283, 15.7.2021, lch. 12.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    Top