Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1881

    Rialachán (AE) 2021/1881 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar imíodaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/7529

    IO L 380, 27.10.2021, p. 5–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1881/oj

    27.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 380/5


    RIALACHÁN (AE) 2021/1881 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Deireadh Fómhair 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar imíodaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcás imíodaclóipride, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn III, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

    (2)

    I gcás imíodaclóipride agus i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2), chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach maidir leis an athbhreithniú ar na MRLanna atá ann cheana. Mhol an tÚdarás an sainmhíniú ar iarmhair a leagan síos mar imíodaclóiprid agus mar sin amháin. D’aithin sé riosca do thomhaltóirí maidir leis na MRLanna le haghaidh searbháin muc. Dá bhrí sin, is iomchuí an MRL sin a laghdú go dtí an teorainn shonrach chinnidh (LOD). Mhol an tÚdarás na MRLanna a laghdú le haghaidh cnónna peacáin, bananaí, trátaí, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, ubhthorthaí, cúcamar, gircíní, cúirséad agus táirgí de bhunadh ainmhíoch. Ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás.

    (3)

    Maidir leis na MRLanna le haghaidh torthaí citris, fíonchaor, fraochán, mónóg, ocra, guird a bhfuil craiceann do-ite acu, pónairí (iad a bhfuil faighneoga acu agus iad gan faighneoga), piseanna (iad a bhfuil faighneoga acu agus iad gan faighneoga), pónairí, piseanna talún, pónairí caife agus leannlusanna, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh roinnt faisnéise ann fúthu nach raibh ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 1 bhliain amháin ó dháta foilsithe an Rialacháin seo.

    (4)

    Na huasteorainneacha iarmhar Codex (CXLanna) atá ann cheana, cuireadh san áireamh iad i dtuairimí réasúnaithe an Údaráis. Maidir leis na CXLanna, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil siad comhoiriúnach do shainmhíniú an Aontais ar iarmhair agus mhol sé gan na CXLanna atá ann cheana a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna sin a leagan síos ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás.

    (5)

    A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná aon CXL ann ina leith, ba cheart MRLanna a leagan síos ag an LOD sonrach nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

    (6)

    Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le teorannacha cinnidh áirithe a oiriúnú. Tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá LODanna sonracha a leagan síos le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe.

    (7)

    Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí atá á mbeartú ar na MRLanna.

    (8)

    Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh na tuairimí uathu san áireamh.

    (9)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

    (10)

    Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí atá táirgthe sula modhnaítear na MRLanna agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir.

    (11)

    Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh.

    (12)

    Chuaigh an formheas na himíodaclóipride in éag an 1 Nollaig 2020 (3). Aon tréimhse cairde a d’fhéadfadh a bheith deonaithe ag na Ballstáit, rachaidh sí in éag an 1 Meitheamh 2022. Tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithniú eile ar na huasleibhéil iarmhar tar éis an dáta sin.

    (13)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    A mhéid a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach imíodaclóiprid, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo agus beidh feidhm aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 16 Bealtaine 2022.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 16 Bealtaine 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

    (2)  An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for imidacloprid according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás imíodaclóipride de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5570.

    (3)  IO L 370, 6.11.2020, lgh. 18-20.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn II, cuirtear an colún seo a leanas le haghaidh imíodaclóipride léi:

    "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

    Cód uimhir

    Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

    Imíodaclóiprid

    (1)

    (2)

    (3)

    0100000

    TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

     

    0110000

    Torthaí citris

    0,9 (+)

    0110010

    Seadóga

    (+)

    0110020

    Oráistí

    (+)

    0110030

    Líomóidí

    (+)

    0110040

    Líomaí

    (+)

    0110050

    Mandairíní

    (+)

    0110990

    Eile (2)

    (+)

    0120000

    Cnónna crann

    0,01  (*1)

    0120010

    Almóinní

     

    0120020

    Cnónna Brasaíleacha

     

    0120030

    Cnónna caisiú

     

    0120040

    Castáin

     

    0120050

    Cnónna cócó

     

    0120060

    Cnónna coill

     

    0120070

    Macadaimia

     

    0120080

    Cnónna peacáin

     

    0120090

    Eithní cnónna péine

     

    0120100

    Cnónna pistéise

     

    0120110

    Gallchnónna

     

    0120990

    Eile (2)

     

    0130000

    Torthaí póma

    0,01  (*1)

    0130010

    Úlla

     

    0130020

    Piorraí

     

    0130030

    Cainchí

     

    0130040

    Torthaí ón meispeal Gearmánach

     

    0130050

    Locuatanna

     

    0130990

    Eile (2)

     

    0140000

    Torthaí cloiche

    0,01  (*1)

    0140010

    Aibreoga

     

    0140020

    Silíní (iad milis)

     

    0140030

    Péitseoga

     

    0140040

    Plumaí

     

    0140990

    Eile (2)

     

    0150000

    Caora agus torthaí beaga

     

    0151000

    (a)

    fíonchaora

    0,7 (+)

    0151010

    Fíonchaora boird

    (+)

    0151020

    Fíniúnacha coiteanna

    (+)

    0152000

    (b)

    sútha talún

    0,01  (*1)

    0153000

    (c)

    torthaí cána

    0,01  (*1)

    0153010

    Sméara dubha

     

    0153020

    Eithreoga

     

    0153030

    Sútha craobh (iad dearg agus buí)

     

    0153990

    Eile (2)

     

    0154000

    (d)

    torthaí beaga eile agus caora eile

     

    0154010

    Fraocháin

    5 (+)

    0154020

    Mónóga

    5 (+)

    0154030

    Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

    0,01  (*1)

    0154040

    Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

    0,01  (*1)

    0154050

    Mogóirí róis

    0,01  (*1)

    0154060

    Maoildearga (iad dubh agus bán)

    0,01  (*1)

    0154070

    Torthaí ón sceach gheal asaróil

    0,01  (*1)

    0154080

    Caora troim

    0,01  (*1)

    0154990

    Eile (2)

    0,01  (*1)

    0160000

    Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

    0,01  (*1)

    0161000

    (a)

    craiceann inite

     

    0161010

    Dátaí

     

    0161020

    Figí

     

    0161030

    Ológa boird

     

    0161040

    Cumcuait

     

    0161050

    Torthaí réaltúla

     

    0161060

    Dátphlumaí Seapánacha

     

    0161070

    Plumaí láva

     

    0161990

    Eile (2)

     

    0162000

    (b)

    craiceann do-ite, é beag

     

    0162010

    Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

     

    0162020

    Lítsíonna

     

    0162030

    Páiseoga

     

    0162040

    Piorraí deilgneacha

     

    0162050

    Réalt-úlla

     

    0162060

    Dátphlumaí Meiriceánacha

     

    0162990

    Eile (2)

     

    0163000

    (c)

    craiceann do-ite, é mór

     

    0163010

    Abhacáid

     

    0163020

    Bananaí

     

    0163030

    Mangónna

     

    0163040

    Papánna

     

    0163050

    Pomagránaití

     

    0163060

    Céiriomoighe

     

    0163070

    Guábhaí

     

    0163080

    Anainn

     

    0163090

    Torthaí aráin

     

    0163100

    Duraígh

     

    0163110

    Úlla deilgneacha

     

    0163990

    Eile (2)

     

    0200000

    GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

     

    0210000

    Glasraí fréimhe agus tiúbair

    0,01  (*1)

    0211000

    (a)

    prátaí

     

    0212000

    (b)

    glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

     

    0212010

    Casabhaigh

     

    0212020

    Prátaí milse

     

    0212030

    Ionaim

     

    0212040

    Ararút

     

    0212990

    Eile (2)

     

    0213000

    (c)

    glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

     

    0213010

    Meacain bhiatais

     

    0213020

    Meacain dhearga

     

    0213030

    Soiliriac/soilire tornapa

     

    0213040

    Meacain ragaim

     

    0213050

    Bliosáin ghréine

     

    0213060

    Meacain bhána

     

    0213070

    Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

     

    0213080

    Raidisí

     

    0213090

    Salsabh

     

    0213100

    Svaeideanna

     

    0213110

    Tornapaí

     

    0213990

    Eile (2)

     

    0220000

    Glasraí bleibíní

    0,01  (*1)

    0220010

    Gairleog

     

    0220020

    Oinniúin

     

    0220030

    Seallóidí

     

    0220040

    Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

     

    0220990

    Eile (2)

     

    0230000

    Glasraí a thugann torthaí

     

    0231000

    (a)

    Solanaceae agus Malvaceae

     

    0231010

    Trátaí

    0,3

    0231020

    Piobair

    0,9

    0231030

    Ubhthorthaí

    0,3

    0231040

    Ocra

    0,5 (+)

    0231990

    Eile (2)

    0,01  (*1)

    0232000

    (b)

    guird a bhfuil craiceann inite acu

     

    0232010

    Cúcamair

    0,5

    0232020

    Gircíní

    0,4

    0232030

    Cúirséid

    0,4

    0232990

    Eile (2)

    0,01  (*1)

    0233000

    (c)

    guird a bhfuil craiceann do-ite acu

    0,15 (+)

    0233010

    Mealbhacáin

    (+)

    0233020

    Puimcíní

    (+)

    0233030

    Mealbhacáin uisce

    (+)

    0233990

    Eile (2)

    (+)

    0234000

    (d)

    arbhar milis

    0,01  (*1)

    0239000

    (e)

    glasraí eile a thugann torthaí

    0,01  (*1)

    0240000

    Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

    0,01  (*1)

    0241000

    (a)

    praiseach bhlátha

     

    0241010

    Brocailí

     

    0241020

    Cóilis

     

    0241990

    Eile (2)

     

    0242000

    (b)

    praiseach chinn

     

    0242010

    Bachlóga Bruiséile

     

    0242020

    Cabáistí cinn

     

    0242990

    Eile (2)

     

    0243000

    (c)

    praiseach dhuilleach

     

    0243010

    Cabáistí Síneacha

     

    0243020

    Cáil

     

    0243990

    Eile (2)

     

    0244000

    (d)

    cálráibí

     

    0250000

    Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

     

    0251000

    (a)

    leitísí agus plandaí sailéid

    0,01  (*1)

    0251010

    Ceathrúna uain

     

    0251020

    Leitísí

     

    0251030

    Searbháin muc

     

    0251040

    Biolair agus eascróga agus peacáin eile

     

    0251050

    Biolair thalún

     

    0251060

    Roicéad Rómánach/rucola

     

    0251070

    Mustard dearg

     

    0251080

    Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

     

    0251990

    Eile (2)

     

    0252000

    (b)

    spionáistí agus duilleoga comhchosúla

    0,01  (*1)

    0252010

    Spionáistí

     

    0252020

    Puirsleáin

     

    0252030

    Seardas/duilleoga biatais

     

    0252990

    Eile (2)

     

    0253000

    (c)

    duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

    0,01  (*1)

    0254000

    (d)

    biolair uisce

    0,01  (*1)

    0255000

    (e)

    sreabháin na Beilge

    0,01  (*1)

    0256000

    (f)

    luibheanna agus bláthanna inite

    0,05  (*1)

    0256010

    Costóg

     

    0256020

    Síobhas

     

    0256030

    Duilleoga soilire

     

    0256040

    Peirsil

     

    0256050

    Sáiste

     

    0256060

    Marós

     

    0256070

    Tím

     

    0256080

    Basal agus bláthanna inite

     

    0256090

    Duilleog labhrais

     

    0256100

    Dragan

     

    0256990

    Eile (2)

     

    0260000

    Léagúim

     

    0260010

    Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

    5 (+)

    0260020

    Pónairí (gan faighneoga)

    2 (+)

    0260030

    Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

    5 (+)

    0260040

    Piseanna (gan faighneoga)

    2 (+)

    0260050

    Lintilí

    0,01  (*1)

    0260990

    Eile (2)

    0,01  (*1)

    0270000

    Glasraí gais

    0,01  (*1)

    0270010

    Lus súgach

     

    0270020

    Cardúin

     

    0270030

    Soilirí

     

    0270040

    Finéal Fhlórans

     

    0270050

    Bliosáin chruinne

     

    0270060

    Cainneanna

     

    0270070

    Biabhóg

     

    0270080

    Péacáin bhambú

     

    0270090

    Croíthe pailme

     

    0270990

    Eile (2)

     

    0280000

    Fungais, caonaigh agus léicin

    0,01  (*1)

    0280010

    Fungais shaothraithe

     

    0280020

    Fungais fhiáine

     

    0280990

    Caonaigh agus léicin

     

    0290000

    Algaí agus orgánaigh phrócaróit

    0,01  (*1)

    0300000

    PISEÁNAIGH

     

    0300010

    Pónairí

    2 (+)

    0300020

    Lintilí

    0,01  (*1)

    0300030

    Piseanna

    0,01  (*1)

    0300040

    Lúipíní/pónairí lúipíní

    0,01  (*1)

    0300990

    Eile (2)

    0,01  (*1)

    0400000

    OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

     

    0401000

    Olashíolta

     

    0401010

    Ros lín

    0,01  (*1)

    0401020

    Piseanna talún

    0,5 (+)

    0401030

    Síolta poipín

    0,01  (*1)

    0401040

    Síolta seasamain

    0,01  (*1)

    0401050

    Síolta lus na gréine

    0,01  (*1)

    0401060

    Síolta ráibe

    0,01  (*1)

    0401070

    Pónairí soighe

    0,01  (*1)

    0401080

    Síolta mustaird

    0,01  (*1)

    0401090

    Síolta cadáis

    0,01  (*1)

    0401100

    Síolta puimcín

    0,01  (*1)

    0401110

    Síolta cróch bréige

    0,01  (*1)

    0401120

    Síolta borráiste

    0,01  (*1)

    0401130

    Caimilín

    0,01  (*1)

    0401140

    Síolta cnáibe

    0,01  (*1)

    0401150

    Pónairí ricne

    0,01  (*1)

    0401990

    Eile (2)

    0,01  (*1)

    0402000

    Olathorthaí

    0,01  (*1)

    0402010

    Ológa le haghaidh táirgeadh ola

     

    0402020

    Eithní pailme ola

     

    0402030

    Torthaí pailme oila

     

    0402040

    Capac

     

    0402990

    Eile (2)

     

    0500000

    GRÁNAIGH

    0,01  (*1)

    0500010

    Eorna

     

    0500020

    Ruán agus bréag-ghránaigh eile

     

    0500030

    Arbhar Indiach/arbhar

     

    0500040

    Muiléad coiteann

     

    0500050

    Coirce

     

    0500060

    Rís

     

    0500070

    Seagal

     

    0500080

    Sorgam

     

    0500090

    Cruithneacht

     

    0500990

    Eile (2)

     

    0600000

    TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

     

    0610000

    Taenna

    0,05  (*1)

    0620000

    Pónairí caife

    1 (+)

    0630000

    Insiltí luibhe ó

    0,05  (*1)

    0631000

    (a)

    bláthanna

     

    0631010

    Camán meall

     

    0631020

    Roiseog

     

    0631030

    Rós

     

    0631040

    Seasmain

     

    0631050

    Teile

     

    0631990

    Eile (2)

     

    0632000

    (b)

    duilleoga agus luibheanna

     

    0632010

    Sú talún

     

    0632020

    Rooibos

     

    0632030

    Maité

     

    0632990

    Eile (2)

     

    0633000

    (c)

    fréamhacha

     

    0633010

    Caorthann corraigh

     

    0633020

    Ginsing

     

    0633990

    Eile (2)

     

    0639000

    (d)

    aon chuid eile den phlanda

     

    0640000

    Pónairí cócó

    0,05  (*1)

    0650000

    Carúib

    0,05  (*1)

    0700000

    LEANNLUSANNA

    15 (+)

    0800000

    SPÍOSRAÍ

     

    0810000

    Spíosraí ó shíolta

    0,05  (*1)

    0810010

    Ainís

     

    0810020

    Calaindí

     

    0810030

    Soilire

     

    0810040

    Lus an choire

     

    0810050

    Cuimín

     

    0810060

    Lus mín

     

    0810070

    Finéal

     

    0810080

    Feinigréag

     

    0810090

    Noitmig

     

    0810990

    Eile (2)

     

    0820000

    Spíosraí ó thorthaí

    0,05  (*1)

    0820010

    Ilspíosra/pimeantó

     

    0820020

    Piobar Szechuan

     

    0820030

    Cearbhas

     

    0820040

    Cardamam

     

    0820050

    Caor aitil

     

    0820060

    Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

     

    0820070

    Fanaile

     

    0820080

    Tamarain

     

    0820990

    Eile (2)

     

    0830000

    Spíosraí ó choirt

    0,05  (*1)

    0830010

    Cainéal

     

    0830990

    Eile (2)

     

    0840000

    Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

     

    0840010

    Liocras

    0,05  (*1)

    0840020

    Sinséar (10)

     

    0840030

    Tuirmiric/curcuma

    0,05  (*1)

    0840040

    Meacain ragaim (11)

    (+)

    0840990

    Eile (2)

    0,05  (*1)

    0850000

    Spíosraí ón mbachlóg

    0,05  (*1)

    0850010

    Clóibh

     

    0850020

    Caprais

     

    0850990

    Eile (2)

     

    0860000

    Spíosraí ó phistil bláthanna

    0,05  (*1)

    0860010

    Cróch

     

    0860990

    Eile (2)

     

    0870000

    Spíosraí arail

    0,05  (*1)

    0870010

    Maicis

     

    0870990

    Eile (2)

     

    0900000

    PLANDAÍ SIÚCRA

    0,01  (*1)

    0900010

    Fréamhacha biatas siúcra

     

    0900020

    Cánaí siúcra

     

    0900030

    Fréamhacha siocaire

     

    0900990

    Eile (2)

     

    1000000

    TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

     

    1010000

    Tráchtearraí ó

    0,01  (*1)

    1011000

    (a)

    mucra

     

    1011010

    Matán

     

    1011020

    Saill

     

    1011030

    An t-ae

     

    1011040

    An duán

     

    1011050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1011990

    Eile (2)

     

    1012000

    (b)

    bó-ainmhí

     

    1012010

    Matán

     

    1012020

    Saill

     

    1012030

    An t-ae

     

    1012040

    An duán

     

    1012050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1012990

    Eile (2)

     

    1013000

    (c)

    caoraigh

     

    1013010

    Matán

     

    1013020

    Saill

     

    1013030

    An t-ae

     

    1013040

    An duán

     

    1013050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1013990

    Eile (2)

     

    1014000

    (d)

    gabhar

     

    1014010

    Matán

     

    1014020

    Saill

     

    1014030

    An t-ae

     

    1014040

    An duán

     

    1014050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1014990

    Eile (2)

     

    1015000

    (e)

    eachaí

     

    1015010

    Matán

     

    1015020

    Saill

     

    1015030

    An t-ae

     

    1015040

    An duán

     

    1015050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1015990

    Eile (2)

     

    1016000

    (f)

    éanlaith chlóis

     

    1016010

    Matán

     

    1016020

    Saill

     

    1016030

    An t-ae

     

    1016040

    An duán

     

    1016050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1016990

    Eile (2)

     

    1017000

    (g)

    ainmhithe talún feirme eile

     

    1017010

    Matán

     

    1017020

    Saill

     

    1017030

    An t-ae

     

    1017040

    An duán

     

    1017050

    Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

     

    1017990

    Eile (2)

     

    1020000

    Bainne

    0,01  (*1)

    1020010

    Eallach

     

    1020020

    Caoirigh

     

    1020030

    Gabhar

     

    1020040

    Capall

     

    1020990

    Eile (2)

     

    1030000

    Uibheacha éan

    0,01  (*1)

    1030010

    An chearc

     

    1030020

    Lacha

     

    1030030

    Géanna

     

    1030040

    Gearg

     

    1030990

    Eile (2)

     

    1040000

    Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

    0,05  (*1)

    1050000

    Débheathaigh agus Reiptílí

    0,01  (*1)

    1060000

    Ainmhithe inveirteabracha talún

    0,01  (*1)

    1070000

    Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

    0,01  (*1)

    1100000

    TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

     

    1200000

    TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

     

    1300000

    TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

     

    Imíodaclóiprid

    Tá roinnt faisnéise faoi thrialacha ar iarmhair agus faoi mhodhanna anailíseacha agus/nó deimhniúcháin sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, má chuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin 27 Deireadh Fómhair 2022, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

    0620000 Pónairí caife

    Tá roinnt faisnéise faoi thrialacha iarmhar sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an MRL, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, má chuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin 27 Deireadh Fómhair 2022, nó, mura gcuirtear an fhaisnéis sin isteach faoin dáta sin, an easpa faisnéise.

    0110000 Torthaí citris

    0110010 Seadóga

    0110020 Oráistí

    0110030 Líomóidí

    0110040 Líomaí

    0110050 Mandairíní

    0110990 Eile (2)

    0151000 (a) fíonchaora

    0151010 Fíonchaora boird

    0151020 Fíniúnacha coiteanna

    0154010 Fraocháin

    0154020 Monóga

    0231040 Ocra

    0233000 (c) guird a bhfuil craiceann do-ite acu

    0233010 Mealbhacáin

    0233020 Puimcíní

    0233030 Mealbhacáin uisce

    0233990 Eile (2)

    0260010 Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

    0260020 Pónairí (gan faighneoga)

    0260030 Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

    0260040 Piseanna (gan faighneoga)

    0300010 Pónairí

    0401020 Piseanna talún

    0700000 LEANNLUSANNA

    An t-uasleibhéal iarmhar is infheidhme maidir le meacan ragaim (Armoracia rusticana) sa ghrúpa spíosraí (cód 0840040), is é sin an t-uasleibhéal iarmhar céanna a leagtar síos le haghaidh meacan ragaim (Armoracia rusticana) sa chatagóir Glasraí, grúpa na nglasraí fréimhe agus tiúbair (cód 0213040), agus na hathruithe ar na leibhéil trína bpróiseáil (triomú) á gcur san áireamh de réir Airt. 20 (1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

    0840040 Meacan ragaim (11)"

    (2)

    in Iarscríbhinn III, Cuid A, scriostar an colún le haghaidh imíodaclóipride.


    (*1)  teorainn cinnidh anailísigh níos ísle

    (1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I


    Top