Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1770

    Rialachán (AE) 2021/1770 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2021 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh soithí áirithe a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 12 mhéadar nó níos mó, agus níos lú ná 18 méadar, ar fad foriomlán

    C/2021/7280

    IO L 356, 8.10.2021, p. 27–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1770/oj

    8.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 356/27


    RIALACHÁN (AE) 2021/1770 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Deireadh Fómhair 2021

    lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh soithí áirithe a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 12 mhéadar nó níos mó, agus níos lú ná 18 méadar, ar fad foriomlán

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle (2) deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021.

    (2)

    An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an séacla mór dearg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) agus is infheidhme maidir le soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 12 mhéadar nó níos mó, agus níos lú ná 18 méadar, ar fad foriomlán, meastar gur baineadh amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe sin le haghaidh 2021 de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún.

    (3)

    Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stocghrúpa sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ídiú iarrachta

    An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar an Iodáil le haghaidh stocghrúpa an tséacla mhóir dheirg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar í a bheith bainte amach ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Toirmisc

    Maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 12 mhéadar nó níos mó, agus níos lú ná 18 méadar, ar fad foriomlán, toirmeascfar iad ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Go sonrach, éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin, beidh toirmeasc ar iad a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Virginijus SINKEVIČIUS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 31, 29.1.2021, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Uimh.

    15/TQ90

    Ballstát

    An Iodáil

    Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

    EFF2/MED2_TR2

    Stocghrúpa

    An séacla mór dearg in FLGanna 9, 10 agus 11

    Fad foriomlán na soithí lena mbaineann

    ≥ 12 m agus < 18 m

    Dáta deiridh

    15.8.2021


    Top