Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1756

    Rialachán (AE) 2021/1756 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas chun comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe frithmhiocróbach a áirithiú agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann le soláthar díreach feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/46/2021/REV/1

    IO L 357, 8.10.2021, p. 27–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1756/oj

    8.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 357/27


    RIALACHÁN (AE) 2021/1756 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Deireadh Fómhair 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas chun comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe frithmhiocróbach a áirithiú agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann le soláthar díreach feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2), Airteagal 114 agus pointe (b) d’Airteagal 168(4) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos na rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun, inter alia, comhlíonadh na rialacha maidir le sábháilteacht bia agus beatha a fhíorú.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos rialacha maidir le, inter alia, táirgí íocshláinte tréidliachta a rialú agus a úsáid, le béim ar leith ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach.

    (3)

    I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6, áirithítear úsáid ábhar frithmhiocróbach níos stuama agus níos freagraí in ainmhithe, inter alia, trí bhíthin na dtoirmeasc ar úsáid ábhar frithmhiocróbacha chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus ar úsáid ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine. Faoi Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, ceanglaítear ar oibreoirí i dtríú tíortha na toirmisc sin a urramú agus ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch á n-onnmhairiú acu chuig an Aontas. Mar a aibhsítear in Aithris (49) den Rialachán sin, tá sé tábhachtach breithniú a dhéanamh ar an ngné idirnáisiúnta a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a fhorbairt trí bhearta neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha a dhéanamh, agus oibleagáidí an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ag an am céanna.

    (4)

    Le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6, cuirtear leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2017 dar teideal A European One Health Action Plan against antimicrobial resistance (“AMR”) [Plean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach], trí chosc agus rialú ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú agus trí úsáid níos stuama agus níos freagraí a chur chun cinn i leith úsáid frithmhiocróbach in ainmhithe.

    (5)

    An toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus an toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine, ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach na dtoirmeasc sin a áirithiú, ba cheart rialuithe oifigiúla maidir lena fhíorú go gcomhlíontar Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6 le hainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear chuig an Aontas, a áireamh faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625, agus arís oibleagáidí an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ag an am céanna.

    (6)

    I gcomhréir le hAirteagal 18(7), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/625, tá an Coimisiún le rialacha sonracha a ghlacadh maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar chritéir agus coinníollacha chun a chinneadh, i ndáil le Pectinidae, gastrapóid mhuirí agus Holothuroidea, i gcás nach bhfuil limistéir táirgthe ná athseachadta le haicmiú. Tá Holothuroidea in aicme an fhílim Eicínideirmeach. Ní ainmhithe scagbheathaithe iad eicínideirmigh de ghnáth. Dá bharr sin, is fánach an riosca go mbaileodh ainmhithe den sórt sin miocrórganaigh a bhaineann le héilliú faecach. Ina theannta sin, níor tuairiscíodh aon fhaisnéis eipidéimeolaíoch lena bhféadfaí rioscaí don tsláinte phoiblí a nascadh le heicínideirmigh nach scagbheathóirí iad. Ar an gcúis sin, ba cheart an fhéidearthacht a leagtar síos in Airteagal 18(7), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/625 chun maolú ón gceanglas maidir le limistéir táirgthe agus athseachadta a aicmiú a leathnú chuig na heicínideirmigh uile nach scagbheathóirí iad, mar shampla iad a bhaineann le haicme Echinoidea, agus gan a bheith teoranta do Holothuroidea, Ar an gcúis chéanna, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na coinníollacha le haghaidh limistéir aicmithe táirgthe agus athseachadta a aicmiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu atá le leagan síos ag an gCoimisiún maidir le moilisc dhébhlaoscacha beo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo, seachas na gastrapóid mhuirí agus eicínideirmigh sin nach scagbheathóirí iad. Ba cheart an téarmeolaíocht a úsáidtear in Airteagal 18(6), (7) agus (8) de Rialachán (AE) 2017/625 a ailíniú dá réir.

    (7)

    Eisiatar, maidir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), óna raon feidhme soláthar díreach cainníochtaí beaga feola ón táirgeoir ó éanlaith chlóis agus giorriaigh a mharaítear ar an bhfeirm don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn feoil den sórt sin go díreach don tomhaltóir deiridh mar fheoil úr. Ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, eadhon an 1 Eanáir 2006, cuireadh síneadh roinnt uaireanta leis an eisiamh d’fheoil ó éanlaith chlóis agus ó ghiorraigh mar bheart idirthréimhseach. Bhí an síneadh deireanach ar an idirthréimhse, le Rialachán (AE) 2017/185 ón gCoimisiún (6), i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020. Le linn na 15 bliana den idirthréimhse níor tugadh faoi deara aon ábhar imní suntasach maidir le sábháilteacht bia arbh iad na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcomhréir leis an síneadh sin ba chúis leo. Ina theannta sin, i dteachtaireacht uaidh an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system” [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], leagann an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá slabhraí soláthair níos giorra d’fhonn feabhas a chur ar athléimneacht na gcóras bia réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an maolú a leathnú chuig gach feoil de bhunadh éanlaith chlóis agus giorriach ar bhonn buan. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú dá réir.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 47(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625, tá na húdaráis inniúla le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ag post rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas ar gach coinsíneacht ainmhithe agus earraí atá faoi réir, inter alia, na mbeart éigeandála dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 249 de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Ní bhaineann Airteagal 249 de Rialachán (AE) 2016/429 le bearta éigeandála an Choimisiúin, áfach. Ba cheart an earráid sin a cheartú agus ba cheart tagairt a dhéanamh d’Airteagal 261 de Rialachán (AE) 2016/429.

    (9)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialuithe oifigiúla a cheadú ar úsáid frithmhiocróbach in ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann isteach san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/625 a leasú dá réir sin.

    (11)

    Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2019/6 ón 28 Eanáir 2022, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo ón dáta céanna,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa Agus ón gComhairle (*1); beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh Airteagal 118(1) den Rialachán sin a fhíorú, áfach.

    (*1)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).”;"

    (2)

    leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.

    Chun críocha rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 arna ndéanamh i ndáil le moilisc dhébhlaoscacha beo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo, déanfaidh na húdaráis inniúla limistéir táirgthe agus athseachadta a aicmiú.”;

    (b)

    i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    critéir agus coinníollacha chun a chinneadh, de mhaolú ar mhír 6, i gcás nach bhfuil limistéir táirgthe agus athseachadta le haicmiú i ndáil leis an méid seo a leanas:

    (i)

    Pectinidae, agus

    (ii)

    i gcás nach scagbheathóirí iad: eicínideirmigh agus gastrapóid mhuirí;”;

    (c)

    i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    na coinníollacha le haghaidh limistéir aicmithe táirgthe agus athseachadta a aicmiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu maidir le moilisc dhébhlaoscacha beo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo;”;

    (3)

    in Airteagal 47(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    ainmhithe agus earraí atá faoi réir beart éigeandála dá bhforáiltear i ngníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Airteagal 261 de Rialachán (AE) 2016/429, nó Airteagail 28(1), 30(1), 40(2), 41(3), 49(1), 53(3) agus 54(3) de Rialachán (AE) 2016/2031 lena gceanglaítear coinsíneachtaí na n-ainmhithe nó na n-earraí sin, arna sainaithint trí bhíthin a gcód ón Ainmníocht Chomhcheangailte, le bheith faoi réir rialuithe oifigiúla ar theacht isteach dóibh san Aontas;”.

    Airteagal 2

    In Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    cainníochtaí beaga feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh a mharaítear ar an bhfeirm a sholáthraíonn an táirgeoir go díreach don tomhaltóir deiridh, nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn feoil den sórt sin go díreach don tomhaltóir deiridh;”.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 28 Deireadh Fómhair 2021.

    Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (1) ón 28 Eanáir 2022, áfach.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. LOGAR


    (1)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 107.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021.

    (3)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

    (6)  Rialachán (AE) 2017/185 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2017 lena leagtar síos bearta idirthréimhseacha chun forálacha áirithe de chuid Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (IO L 29, 3.2.2017, lch. 21).

    (7)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).


    Top