This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1715
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1715 of 24 September 2021 amending Council Regulation (EC) No 1210/2003 concerning certain specific restrictions on economic and financial relations with Iraq
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1715 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1715 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
C/2021/7060
IO L 342, 27.9.2021, p. 43–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
27.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 342/43 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1715 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear comhlachtaí poiblí, corparáidí agus gníomhaireachtaí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí agus eintitis de chuid rialtas na hIaráice a bhí ann roimhe sin, ar comhlachtaí agus eintitis iad a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha a bhí lonnaithe lasmuigh den Iaráic an 22 Bealtaine 2003 faoin Rialachán sin. |
(2) |
An 21 Meán Fómhair 2021 chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe aon eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003, scriostar an iontráil seo a leanas:
“22. |
STOCMHALARTÁN BHAGDAD. Seoladh: An Pálás Bán, Sráid Al Nidhal, Bosca PO 5157, Bagdad, an Iaráic.” |