This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1709
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1709 of 23 September 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2019/627 as regards uniform practical arrangements for the performance of official controls on products of animal origin (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1709 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a mhéid a bhaineann le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1709 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a mhéid a bhaineann le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/6670
IO L 339, 24.9.2021, pp. 84–88
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
24.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 339/84 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1709 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a mhéid a bhaineann le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) agus go háirithe Airteagal 18(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais inter alia i réimse na sábháilteachta bia ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh a fhíorú. Go háirithe, déantar foráil ann maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir leis na socruithe praiticiúla i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir le hAirteagal 18(8) de Rialachán (AE) 2017/625. |
|
(3) |
Ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 an 14 Nollaig 2019, leis an taithí a fuarthas ar chur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo leagadh béim ar an ngá atá le tuilleadh soiléireachta i dtaca le forálacha dlíthiúla áirithe, go háirithe maidir le socruithe praiticiúla áirithe i ndáil leis an gcigireacht iarbháis agus modhanna aitheanta chun biththocsainí muirí a bhrath i moilisc dhébhlaoscacha. |
|
(4) |
Maidir leis na socruithe praiticiúla i ndáil leis an gcigireacht iarbháis, níor cheart a shonrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 an duine a dhéanfaidh na socruithe praiticiúla breise i ndáil leis an gcigireacht iarbháis i gcás ina bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe. In Airteagal 18.2(c) de Rialachán (AE) 2017/625, arna fhorlíonadh le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún (3) tá sé leagtha síos cheana féin cibé acu ar cheart don tréidlia oifigiúil nó don chúntóir oifigiúil cigireachtaí iarbháis a dhéanamh agus dá bhrí sin níl sé riachtanach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627. Ina theannta sin, ba cheart dúbláil a sheachaint maidir leis an gceanglas a bhaineann leis na nóid limfe bhroincigh agus mheánchliabhraigh a ghearradh in Airteagal 19(1)(b) agus (2)(b). |
|
(5) |
Ina theannta sin, tá dúbailtí sna ceanglais maidir le cigireacht iarbháis ar ghéim feirme go háirithe maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir le fine Suidae. Ba cheart na ceanglais a shoiléiriú tuilleadh chun cur chun feidhme an Rialacháin a éascú. |
|
(6) |
Scriosadh Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle (4) ón 14 Nollaig 2019 ar aghaidh le Rialachán (AE) 2017/625. Na bearta a ghlacadh i gcásanna neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le leas ainmhithe, dá dtagraítear san Airteagal sin, cuireadh forálacha in Airteagal 138 de Rialachán (AE) 2017/625 in ionad na mbeart sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt d’Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 in Airteagal 44(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a scriosadh dá réir sin. |
|
(7) |
Leagtar síos le hAirteagal 48 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 na coinníollacha maidir le marcáil sláinte. Tá na coinníollacha sin leagtha síos cheana féin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 ón gCoimisiún (5) i gcás tástála Trichinella, agus i Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le tástáil a dhéanamh ar einceifileapaite spúinseach in-tarchurtha (TSE). Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí tagairtí do na Rialacháin ábhartha a chur in ionad na foclaíochta lena mbaineann in Airteagal 48 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627. |
|
(8) |
Le hAirteagal 4 de Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, nuair is féidir, go n-úsáidfear modh nach mbeidh úsáid ainmhithe beo i gceist leis. Agus é á chur san áireamh go bhfuil Caighdeán EN 14526 ar fáil mar mhodh malartach chun tocsainí nimhithe pairiliseacha ó shliogiasc (PSP) a bhrath, agus coinníollacha Airteagal 4 de Threoir 2010/63/AE á gcomhlíonadh, ba cheart deireadh a chur, dá bhrí sin, le húsáid bithmheasúnachta luchóige. |
|
(9) |
Ní bheidh biththocsainí muirí i moilisc dhébhlaoscacha bheo a chuirtear ar an margadh a sháraíonn na teorainneacha a bhunaítear in Iarscríbhinn III, Roinn VII, Caibidil V (2) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Maidir le peicteanatocsainí (PTX), chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) nach bhfuil aon tuairisc ann maidir le héifeachtaí díobhálacha i ndaoine a bhaineann le tocsainí peicteanatocsainí (PTX) (9). Ós rud é gur baineadh PTX de na caighdeáin sláinte le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha bheo i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1374 ón gCoimisiún (10) , is iomchuí, dá bhrí sin, iad a bhaint ó fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 chomh maith. |
|
(10) |
Tá táirgí iascaigh a dhíorthaítear ó dhobharshaothrú le tástáil i gcomhréir le Treoir 96/23/CE ón gComhairle (11) agus Cinneadh 97/747/CE ón gCoimisiún (12) maidir le héilleáin agus lotnaidicídí. Ba cheart táirgí iascaigh a ghabhtar go fiáin a thástáil freisin chun comhlíonadh a shuíomh maidir le héilleáin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (13). Ba cheart an reachtaíocht atá ann faoi láthair a mhodhnú dá réir sin. |
|
(11) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a leasú dá réir sin. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagail 18(3), 19(2), 20(2), 21(2), 22(2) agus 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh: “Déanfar nósanna imeachta na cigireachta iarbháis a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 18(2)(c) de Rialachán (AE) 2017/625 agus le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624, tríd an gconablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú, nuair atá an chosúlacht ann go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24:”; |
|
(2) |
in Airteagal 19(2), pointe (b), scriostar na focail “na nóid limfe bhroincigh agus mheánchliabhraigh a ghearradh’ (Lnn. bifurcationes, eparteriales agus mediastinales);”; |
|
(3) |
in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh: “Déanfar na nósanna imeachta cigireachta iarbháis breise dá dtagraítear in Airteagail 18(3), 19(2), 20(2), 21(2), 22(2) agus 23(2) tríd an gconablach agus an scairteach a ghearradh agus a láimhsiú, i gcás ina léirítear, i dtuairim an tréidlia oifigiúil, go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe le ceann amháin díobh seo a leanas:”; |
|
(4) |
in Airteagal 27(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(5) |
in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. I gcásanna neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le cosaint ainmhithe tráth an mharaithe a leagtar síos in Airteagail 3 go 9 agus in Airteagail 14 go 17 agus in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009, fíoróidh an tréidlia oifigiúil go ndéanfaidh an t-oibreoir gnó bia na bearta ceartaitheacha is gá láithreach agus nach dtarlóidh siad arís.”; |
|
(6) |
in Airteagal 48(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(7) |
leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir leis an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(8) |
leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir leis an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 a mhéid a bhaineann le rialacha sonracha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla i ndáil le táirgeadh feola agus limistéir athsheachadta de mhoilisc dhébhlaoscacha bheo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le hainmhithe a chosaint tráth an mharaithe (IO L 303, 18.11.2009, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1375 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2015 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla le haghaidh Trichinella i bhfeoil (IO L 212, 11.8.2015, lch. 7).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).
(7) Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir lecosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíochta (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
(9) https://doi.org/10.2903/j.efsa.2009.1109
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1374 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 297, 20.8.2021, lch. 1).
(11) Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar iarmhair na substaintí sin in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe agus lena n-aisghairtear Treoracha 85/358/CEE agus 86/469/CEE agus Cinntí 89/187/CEE agus 91/664/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 10).
(12) Cinneadh 97/747/CE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 1997 lena socraítear leibhéil agus minicíochtaí na samplála dá bhforáiltear le Treoir 96/23/CE ón gComhairle chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar iarmhair na substaintí sin i dtáirgí áirithe ainmhithe (IO L 303, 6.11.1997, lch. 12).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil I: “CAIBIDIL I MODH CHUN NIMH PHAIRILISEACH Ó SHLIOGIASC A BRATH
(*1) Tocsainí ó ghrúpa sacsatocsaine i sliogéisc a chinneadh- modh HPLC ina n-úsáidtear díorthúchán réamhcholúin le sárocsaíd nó ocsaídiú peireadáite." (*2) http://www.aecosan.msssi.gob.es/en/CRLMB/web/home.html” " |
|
(2) |
in Iarscríbhinn V, scriostar Pointe (b) de Chuid A de Chaibidil III. |
|
(3) |
in Iarscríbhinn VI, i gcuid D de Chaibidil I, cuirtear mír nua isteach ag an deireadh: “I gcás táirgí iascaigh a ghabhtar go fiáin, bunófar socruithe faireacháin chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir le héilleáin a rialú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 lena socraítear leibhéil uasta le haghaidh éilleáin áirithe i mbia”. |
(*1) Tocsainí ó ghrúpa sacsatocsaine i sliogéisc a chinneadh- modh HPLC ina n-úsáidtear díorthúchán réamhcholúin le sárocsaíd nó ocsaídiú peireadáite.
(*2) http://www.aecosan.msssi.gob.es/en/CRLMB/web/home.html” ”