Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1698

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5100

    IO L 336, 23.9.2021, p. 7–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 08/09/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1698/oj

    23.9.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 336/7


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1698 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Iúil 2021

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 22(1) i dteannta Airteagal 45(3), agus pointe (b) d’Airteagal 46(7) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848, féadfaidh an Coimisiún údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar tháirgí orgánacha a allmhairítear agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha a aithint.

    (2)

    Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chuireann iarratas ar aitheantas isteach chuig an gCoimisiún, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo na ceanglais nós imeachta a bheidh le comhlíonadh i gcás ina mbeidh aitheantas tosaigh á iarraidh, nó i gcás ina mbeidh leathnú ar raon feidhme a n-aitheantais chuig tríú tír breise nó catagóir táirgí breise á iarraidh. Go háirithe, ba cheart go sonrófaí sa Rialachán seo an fhaisnéis atá le cur san áireamh sa sainchomhad teicniúil atá ina chuid den iarraidh ar aitheantas.

    (3)

    Maidir le Caibidil VI de Rialachán (AE) 2018/848 lena mbunaítear na forálacha maidir leis na rialuithe ar oibreoirí creidiúnaithe agus oibleagáidí eile de chuid na n-oibreoirí sin san Aontas, níl feidhm aici maidir le hoibreoirí i dtríú tíortha. Anuas air sin, tá táirgeadh orgánach san Aontas faoi réir rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha a fhíorú. Dá bhrí sin, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo rialacha maidir leis na rialuithe a dhéanann údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear de bhun Airteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ar oibreoirí i dtríú tíortha, ar rialacha iad atá comhchosúil le forálacha ábhartha Chaibidil VI den Rialachán sin agus de Rialachán (AE) 2017/625. Chomh maith leis sin, is gá forálacha a leagan síos lena ndéileálfar le gnéithe áirithe de na rialuithe is sonrach do dheimhniú oibreoirí i dtríú tíortha, a mhéid a bhaineann le fíorú na gcoinsíneachtaí atá beartaithe lena n-allmhairiú isteach san Aontas, cuir i gcás.

    (4)

    I ndáil le grúpaí oibreoirí, fágann pointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 go bhfuil feidhm freisin ag forálacha an Rialacháin sin maidir le grúpaí oibreoirí i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na forálacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/848 maidir le grúpaí oibreoirí i dtríú tíortha.

    (5)

    Chun a chur ar a chumas don Choimisiún maoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe a shainaithnítear mar údaráis agus comhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha, ba cheart dóibh tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin a mbeidh faisnéis inti maidir lena ngníomhaíochtaí rialaithe agus cur chun feidhme na rialacha orgánacha. Ba cheart go sonrófaí leis an Rialachán seo an fhaisnéis atá le cur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil sin.

    (6)

    Chun críoch na rialacha táirgthe mionsonraithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 agus go háirithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a chur i bhfeidhm ar tháirgeadh algaí agus ainmhithe dobharshaothraithe, is iomchuí nósanna imeachta áirithe a shocrú chun gur féidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe oibleagáidí den sórt sin a chomhlíonadh i dtríú tíortha.

    (7)

    Ba cheart do na húdaráis rialaithe agus do na comhlachtaí rialaithe nósanna imeachta a shocrú chun malartú faisnéise idir iad féin agus an Coimisiún a áirithiú, agus idir iad féin agus údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe eile, agus an comhlacht creidiúnaithe agus Ballstáit. Ba cheart cumarsáid den sórt sin a dhéanamh trí chóras ríomhaireachta arna chur ar fáil ag an gCoimisiún, córas lena gcumasaítear malartú leictreonach doiciméad agus faisnéise.

    (8)

    Anuas ar na rialacha maidir le neamhchomhlíontachtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848, is gá foráil a dhéanamh maidir le himscrúduithe a bheidh le déanamh ar chásanna neamhchomhlíonta amhrasta agus cásanna neamhchomhlíonta arna suí, agus na ceanglais a shocrú ina leith sin, lena n-áirítear an gá le catalóg beart a fhorbairt.

    (9)

    Fágann pointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 go bhfuil feidhm ag na forálacha a leagtar amach sa Rialachán sin, agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh dá bhun, is é sin na forálacha i ndáil leis na bearta réamhchúraim agus na bearta a bheidh le déanamh i gcás ina meastar gurb ann do neamhchomhlíonadh nó i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh, maidir le tríú tíortha. Dá bhrí sin, is iomchuí na rialacha is gá a leagan síos maidir le tríú tíortha agus a gcás sonrach.

    (10)

    Leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2018/848, agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh dá bhun, rialacha maidir leis an tréimhse tiontaithe agus aitheantas aisghníomhach ar thréimhsí roimhe sin. Is gá tréimhsí áirithe oiriúnúcháin a bheith ann chun tiontú go táirgeadh orgánach le haghaidh gach modh atá in úsáid. Tosóidh an tréimhse tiontaithe a éilítear a luaithe tar éis don oibreoir lena mbaineann fógra a thabhairt don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe faoin ngníomhaíocht. Mar eisceacht, agus faoi choinníollacha áirithe, féadfar tréimhse roimhe sin a aithint go haisghníomhach mar chuid den tréimhse tiontaithe. Ba cheart na doiciméid atá le cur isteach ag oibreoirí i dtríú tíortha chuig an údarás rialaithe nó chuig an gcomhlacht rialaithe chun críche tréimhse roimhe sin a aithint go haisghníomhach a shonrú.

    (11)

    Thairis sin, is gá ceanglais áirithe tuairiscithe a leagan síos i ndáil le rialacha táirgthe ginearálta chomh maith le maoluithe nó údaruithe sonracha áirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848.

    (12)

    De réir analaí leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2146 ón gCoimisiún (3) i leith Ballstát, ba cheart go sonrófaí leis an Rialachán seo na coinníollacha faoinar féidir an maolú maidir le imthosca turraingeacha a tharlaíonn i dtríú tíortha a dheonú agus ról agus oibleagáidí an údaráis rialaithe agus an chomhlachta rialaithe i ndáil leis an méid sin.

    (13)

    Tagraítear do thascanna áirithe agus d’oibleagáidí áirithe de chuid na n-údarás inniúil sna Ballstáit sna rialacha táirgthe mionsonraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Mar gheall go bhfuil feidhm ag na rialacha sin de réir analaí maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a shainaithnítear mar údaráis agus comhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar tháirgí orgánacha a allmhairítear agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha, is iomchuí a shoiléiriú gur cheart go léifí tagairtí áirithe d’údaráis inniúla nó do Bhallstáit mar thagairtí d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848.

    (14)

    Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    CEANGLAIS NÓS IMEACHTA MAIDIR LE hÚDARÁIS RIALAITHE AGUS COMHLACHTAÍ RIALAITHE A SHAINAITHINT

    Airteagal 1

    Ceanglais dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848

    1.   Cuirfidh údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an iarraidh ar aitheantas dá dtagraítear in Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/848 isteach ag úsáid an mhúnla a chuireann an Coimisiún ar fáil. Ní chuirfear san áireamh ach amháin iarrataí iomlána.

    2.   Beidh sa sainchomhad teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/848 an fhaisnéis seo a leanas i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais:

    (a)

    an fhaisnéis seo a leanas faoin údarás rialaithe nó faoin gcomhlacht rialaithe:

    (i)

    ainm;

    (ii)

    seoladh poist;

    (iii)

    uimhir theileafóin;

    (iv)

    pointe teagmhála ríomhphoist;

    (v)

    le haghaidh comhlachtaí rialaithe, ainm a gcomhlachta creidiúnaithe;

    (b)

    forbhreathnú ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe sna tríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear tásc maidir leis na táirgí orgánacha, i dteannta lena gcóid Ainmníochta Comhcheangailte (CN) de réir Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (4), arna ndáileadh de réir na catagóire táirgí mar a leagtar amach in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 agus atá beartaithe lena n-allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le pointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 le linn na chéad bhliana gníomhaíochta tar éis an aitheantais ón gCoimisiún;

    (c)

    tuairisc ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (i)

    a struchtúr agus a mhéid;

    (ii)

    a chóras bainistíochta TF;

    (iii)

    a oifigí brainse, más ann dóibh;

    (iv)

    a chineálacha gníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tarmligthe, más ann dóibh;

    (v)

    a chairt eagraíochtúil;

    (vi)

    a bhainistíocht cháilíochta;

    (d)

    na nósanna imeachta deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848, go háirithe maidir le deimhniú a dheonú, a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;

    (e)

    an t-aistriúchán ar na rialacha táirgthe agus na bearta rialaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun sin i dteangacha is intuigthe do na hoibreoirí atá ar conradh sna tríú tíortha a n-iarrann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aitheantas lena n-aghaidh;

    (f)

    na doiciméid lena gcruthaítear go bhfuil na critéir a leagtar amach in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 comhlíonta, go háirithe cóip den deimhniú creidiúnaithe a dheonaigh an comhlacht creidiúnaithe lena gcumhdaítear na catagóirí táirgí uile a bhfuil aitheantas á iarraidh lena n-aghaidh;

    (g)

    na nósanna imeachta lena dtugtar miontuairisc ar fheidhmiú agus cur chun feidhme na mbeart rialaithe atá le bunú i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, sonraíochtaí rialaithe le haghaidh an ghrúpa oibreoirí;

    (h)

    catalóg beart a bheidh le déanamh i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh mar a leagtar síos in Airteagal 22 den Rialachán seo;

    (i)

    cóip den tuarascáil mheasúnaithe is déanaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/848 tarraingthe suas ag an gcomhlacht creidiúnaithe nó, de réir mar is iomchuí, ag an údarás inniúil, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear tuarascáil iniúchóireachta finné ar iniúchadh finné a dhéantar laistigh de 2 bhliain roimh chur isteach an iarrata ar aitheantas, agus lena dtugtar na ráthaíochtaí seo a leanas:

    (i)

    go ndearnadh measúnú sásúil ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe maidir lena gcumas a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b)(i) agus (c) d’Airteagal 45(1) agus in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848;

    (ii)

    go bhfuil an acmhainn agus na hinniúlachtaí ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe chun na ceanglais rialaithe a chur chun feidhme go héifeachtúil agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 agus sa Rialachán seo a chomhlíonadh i ngach tríú tír a bhfuil aitheantas á iarraidh aige lena haghaidh;

    (j)

    cruthúnas go bhfuil fógra tugtha ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faoina chuid gníomhaíochtaí d’údaráis ábhartha an tríú tír lena mbaineann agus a ghealltanas na ceanglais dhlíthiúla a fhorchuireann údaráis an tríú tír lena mbaineann a urramú;

    (k)

    seoladh suímh gréasáin a mbeidh ábhar ar fáil air i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad, teanga a bheidh intuigthe do na hoibreoirí atá ar conradh, agus ina mbeidh teacht ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17 den Rialachán seo;

    (l)

    gealltanas ón údarás rialaithe nó ón gcomhlacht rialaithe go dtabharfaidh sé rochtain ar a chuid oifigí agus saoráidí uile do shaineolaithe neamhspleácha a ainmneoidh an Coimisiún agus go gcoinneoidh ar fáil sé gach faisnéis a bhaineann lena chuid gníomhaíochtaí rialaithe sa tríú tír lena mbaineann agus go gcuirfidh sé in iúl an fhaisnéis chéanna;

    (m)

    ráiteas ón údarás rialaithe nó ón gcomhlacht rialaithe nach raibh sé faoi réir tarraingt siar ag an gCoimisiún, ná níor tharraing siar aon chomhlacht creidiúnaithe é nó níor chuir aon chomhlacht creidiúnaithe ar fionraí é sna 24 mhí roimh a n-iarraidh ar aitheantas le haghaidh an tríú tír agus/nó na catagóire táirgí a bhfuil aitheantas á iarraidh acu lena haghaidh. Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás tarraingt siar de bhun pointe (k) d’Airteagal 46(2a) de Rialachán (AE) 2018/848;

    (n)

    aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, nó an comhlacht creidiúnaithe, a bheith ábhartha.

    3.   Soláthróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aon fhaisnéis eile a iarrfaidh an Coimisiún chun críoch a aitheantais.

    4.   Má chinneann an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear de bhun mhíreanna 2 nó 3 easnamhach, as dáta nó míshásúil, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas.

    Airteagal 2

    Raon feidhme an aitheantais a leathnú

    Féadfaidh údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 iarraidh a chur isteach maidir le raon feidhme a aitheantais a leathnú chuig tríú tír breise nó chuig catagóir táirgí breise a chur isteach ag úsáid an mhúnla a chuireann an Coimisiún ar fáil.

    Beidh san iarraidh ar raon feidhme aitheantais a leathnú nuashonrú ar chodanna ábhartha den sainchomhad teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 1(2) leis an bhfaisnéis iomchuí ar an tríú tír breise nó ar an gcatagóir táirgí breise atá faoi réir leathnú an raoin feidhme.

    CAIBIDIL II

    AN COIMISIÚN DO DHÉANAMH MAOIRSEACHT AR NA hÚDARÁIS RIALAITHE AGUS NA COMHLACHTAÍ RIALAITHE

    Airteagal 3

    Ceanglais ghinearálta maidir le maoirseacht a dhéanamh ar údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe

    1.   Maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta an Choimisiúin i leith údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848, is é a dhéanfar lena linn díriú ar mheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht oibríochtúil na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe, ag cur torthaí na hoibre a dhéanann na comhlachtaí creidiúnaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 46(2) den Rialachán sin san áireamh.

    2.   Déanfar déine agus minicíocht na ngníomhaíochtaí a dhéanann an Coimisiún a oiriúnú de réir an riosca neamhchomhlíontachtaí i gcomhréir le hAirteagal 46(6) de Rialachán (AE) 2018/848.

    3.   Coinneoidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 an cumas ar bun chun na coinníollacha agus na critéir a leagtar amach i bpointí (a), (b)(i) agus (c) d’Airteagal 45(1) agus d’Airteagal 46(2) den Rialachán sin mar a leagtar amach sa sainchomhad teicniúil tráth a n-aitheantais. Anuas air sin, coinneoidh siad an acmhainn agus na hinniúlachtaí ar bun chun na ceanglais, coinníollacha agus bearta rialaithe a leagtar amach in Airteagal 46(2) agus (6) de Rialachán (AE) 2018/848 agus sa Rialachán seo a chur chun feidhme.

    Chun na críche sin, léireoidh siad an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil a gcuid gníomhaíochtaí curtha chun feidhme go héifeachtúil acu de réir na gcoinníollacha agus na gcritéar dá dtagraítear sa chéad fhomhír; agus

    (b)

    go bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid nósanna imeachta oibríochtúla agus éifeachtacht a mbeart rialaithe.

    4.   Chun críoch na tuarascála bliantúla, déanfaidh na comhlachtaí rialaithe a áirithiú go ndéantar iniúchtaí finné i gcomhréir le Ranna 1 agus 2 de Chuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus leis na rialacha seo a leanas:

    (a)

    ní faide ná 4 bliana a bheidh an tréimhse idir dhá iniúchadh finné;

    (b)

    ní chuirfear an líon iniúchtaí finné a dhéantar le haghaidh na hiarrata tosaigh ar aitheantas san áireamh agus an líon iomlán iniúchtaí finné a bheidh le déanamh le linn na 4 bliana dá dtagraítear i bpointe (a) á ríomh;

    (c)

    déanfar iniúchadh finné breise amháin:

    (i)

    gach 2 bhliain sna tríú tíortha sin ina dtáirgtear nó ina bpróiseáiltear an táirge ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8;

    (ii)

    le haghaidh gach 10 dtríú tír a aithnítear. Déanfar an t-iniúchadh finné breise sin laistigh de 4 bliana;

    (d)

    déanfar a thuilleadh iniúchtaí finné arna iarraidh sin don Choimisiún nó don chomhlacht creidiúnaithe bunaithe ar anailís riosca maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:

    (i)

    an líon cigirí;

    (ii)

    an líon oibreoirí;

    (iii)

    na cineálacha gníomhaíochtaí a dhéanann na hoibreoirí;

    (iv)

    an líon iniúchtaí finné a dhéanann an comhlacht creidiúnaithe;

    (v)

    na neamhrialtachtaí a bhaineann leis na comhlachtaí rialaithe;

    (vi)

    an líon grúpaí oibreoirí deimhnithe agus a méid;

    (vii)

    na torthaí criticiúla le haghaidh na gcomhlachtaí rialaithe nó an chigire shonraigh nó na gcigirí sonracha;

    (viii)

    cineál na dtáirgí agus an riosca calaoise;

    (ix)

    Aiseolas ón gCoimisiún bunaithe ar an tuarascáil bhliantúil a rinne an comhlacht rialaithe roimhe sin;

    (x)

    amhras go bhfuil oibreoirí ag déanamh calaoise.

    (xi)

    an méid táirgí a allmhairítear isteach san Aontas ó thríú tír agus gníomhaíocht an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe nó an chomhlachta rialaithe i dtríú tíortha aitheanta.

    5.   Cuirfidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe doiciméadacht faoina nós imeachta maidir le hanailís riosca faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.

    6.   Chun maoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe a aithníonn an Coimisiún, féadfaidh dhá Bhallstát cabhrú leis an gCoimisiún ag gníomhú dóibh mar chomhthuairisceoirí le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar na sainchomhaid theicniúla a chuireann údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe isteach le haghaidh aitheantas tosaigh nó le haghaidh leathnú ar raon feidhme a n-aitheantais, bainistíocht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe aitheanta agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht oibríochtúil na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe, lena n-áirítear tuarascála bliantúla.

    7.   Féadfaidh an Coimisiún na hiarrataí a roinnt idir na Ballstáit go comhréireach ar líon vótaí gach Ballstáit sa Choiste um tháirgeadh orgánach.

    Airteagal 4

    Tuarascáil bhliantúil

    Faoin 28 Feabhra gach bliain, cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin.

    Leagfar amach gníomhaíochtaí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sa bhliain roimhe sin sa tuarascáil bhliantúil i gcomhréir le hIarscríbhinn II

    Cuirfear isteach i dteanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais í agus i mBéarla, murab é Béarla an teanga oifigiúil a roghnaítear.

    Airteagal 5

    Scrúduithe agus iniúchtaí ar an láthair

    1.   Eagróidh an Coimisiún scrúduithe agus/nó iniúchtaí ar an láthair ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe bunaithe ar riosca chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus éifeachtacht na rialuithe a dhéanann gach údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe. Féadfar na scrúduithe agus na hiniúchtaí sin a chomhordú leis an gcomhlacht creidiúnaithe ábhartha. Féadfaidh sé go mbeidh saineolaithe neamhspleácha i dteannta an Choimisiúin le linn na scrúduithe agus iniúchtaí ar an láthair sin.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a iarraidh, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na tuarascálacha ad hoc arna ndéanamh ag na saineolaithe neamhspleácha a ainmníonn an Coimisiún ar na scrúduithe ar an láthair.

    3.   Féadfaidh sé go n-áireofar na nithe seo a leanas le scrúduithe agus iniúchtaí ar an láthair:

    (a)

    cuairt ar oifigí nó áitribh na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe, ar a seirbhísí seachfhoinsithe agus ar a n-oibreoirí nó a ngrúpaí oibreoirí atá faoina rialú, san Aontas agus i dtríú tíortha;

    (b)

    athbhreithniú doiciméad ar na doiciméid ábhartha lena dtugtar tuairisc ar struchtúr, feidhmiú agus bainistiú cáilíochta na n-údarás rialaithe nó na gcomhlachtaí rialaithe;

    (c)

    athbhreithniú doiciméad ar chomhaid na mball foirne, lena n-áirítear fianaise ar a gcuid inniúlachtaí, taifead oiliúna, ráiteas maidir le coinbhleacht leasa agus taifid ar mheastóireacht agus ar mhaoirseacht na mball foirne;

    (d)

    seiceáil ar chomhaid na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí chun láimhseáil neamhchomhlíontachtaí agus gearán a fhíorú, chun an íosmhinicíocht rialaithe a fhíorú, chun cur chuige atá bunaithe ar riosca agus cigireachtaí á ndéanamh a fhíorú, chun cur chun feidhme cuairteanna leantacha agus cuairteanna gan fógra a fhíorú agus chun an beart samplála agus an malartú faisnéise le comhlachtaí rialaithe agus údaráis rialaithe eile a fhíorú;

    (e)

    iniúchadh athbhreithnithe, arb éard atá ann iniúchadh ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí chun comhlíonadh nósanna imeachta caighdeánacha um rialú agus anailís riosca an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a fhíorú agus chun éifeachtacht an chomhlíonta sin a fhíorú, ag cur san áireamh aon athrú atá tagtha ar chás na n-oibreoirí ó rinneadh an chigireacht dheiridh ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe;

    (f)

    iniúchadh finné, arb éard atá ann meastóireacht ar fheidhmíocht na cigireachta fisiciúla ar an láthair a dhéanann cigire de chuid an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe.

    Airteagal 6

    Seiceálacha inrianaitheachta

    Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha inrianaitheachta a dhéanamh ar tháirgí nó coinsíneachtaí a chumhdaítear le raon feidhme aitheantais údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848.

    Chun críche comhábhair nó céimeanna táirgeachta táirge orgánaigh a rianú, féadfaidh sé go n-iarrfaidh an Coimisiún faisnéis ar na húdaráis inniúla nó ar na húdaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe atá bainteach le rialú a dhéanamh ar na táirgí sin a thagann faoina maoirseacht.

    Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha inrianaitheachta a dhéanamh bunaithe ar an measúnú riosca bliantúil a dhéanann sé, ar ghearáin a fhaigheann an Coimisiún nó Ballstáit, nó féadfaidh sé iad a dhéanamh go randamach.

    Déanfaidh an Coimisiún seiceálacha inrianaitheachta le linn tréimhse ama a shainmhíneoidh sé féin agus cuirfidh sé in iúl an tréimhse ama sin in am trátha do na húdaráis inniúla ábhartha, na húdaráis rialaithe ábhartha agus na comhlachtaí rialaithe ábhartha lena mbaineann.

    Airteagal 7

    Iarraidh ad hoc ón gCoimisiún

    Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, iarrataí ad hoc a dhéanamh ar fhaisnéis ar údarás rialaithe nó ar chomhlacht rialaithe, bunaithe ar anailís shubstaintiúil lena gcruthaítear go bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin.

    Airteagal 8

    Liosta de na táirgí ardriosca

    Maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a oibríonn i leith tríú tíortha, cuirfidh siad Airteagal 9(8), an dara fomhír, agus Airteagail 12(5) agus 16(6) den Rialachán seo i bhfeidhm i leith na dtáirgí ardriosca de thionscnamh tríú tíortha mar a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 46(8) de Rialachán (AE) 2018/848 ar bhonn roghnúcháin a dhéantar tar éis mór-neamhchomhlíontachtaí criticiúla nó tar éis do neamhchomhlíontachtaí criticiúla a bheith ann arís agus arís eile, rud a chuireann isteach ar shláine táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú nó sláine táirgthe orgánaigh nó táirgthe atá á thiontú.

    CAIBIDIL III

    NA hÚDARÁIS RIALAITHE AGUS NA COMHLACHTAÍ RIALAITHE DO DHÉANAMH RIALUITHE I LEITH OIBREOIRÍ AGUS GRÚPAÍ OIBREOIRÍ

    Airteagal 9

    Forálacha ginearálta

    1.   Sna rialuithe a dhéanann údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun a fhíorú go bhfuil oibreoirí agus grúpaí oibreoirí ag comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 i dtríú tíortha, áireofar na nithe seo a leanas leo:

    (a)

    cur i bhfeidhm na mbeart coisctheach agus réamhchúraim, dá dtagraítear in Airteagal 9(6) agus in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/848, ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán a fhíorú;

    (b)

    sna cásanna sin ina bhfuil aonaid táirgthe neamhorgánaigh nó aonaid táirgthe atá á dtiontú san áireamh leis an ngabháltas, fíorú ar na taifid agus ar na bearta nó nósanna imeachta nó socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéantar scaradh soiléir agus éifeachtach idir aonaid táirgthe orgánaigh, aonaid táirgthe atá á dtiontú agus aonaid táirgthe neamhorgánaigh, idir na táirgí faoi seach a tháirgtear le haonaid táirgthe orgánaigh, le haonaid táirgthe atá á dtiontú agus/nó le haonaid táirgthe neamhorgánaigh agus na substaintí agus na táirgí a úsáidtear d’aonaid táirgthe orgánaigh, aonaid táirgthe atá á dtiontú agus aonaid táirgthe neamhorgánaigh. Áireofar leis an bhfíorú sin seiceálacha ar dháileachtaí ar aithníodh tréimhse roimhe sin ina leith go cúlghabhálach mar chuid den tréimhse tiontaithe agus de sheiceálacha ar na haonaid táirgthe neamhorgánaigh;

    (c)

    sna cásanna sin ina mbaileoidh oibreoirí táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha ag an am céanna, nó ina n-ullmhóidh siad nó ina stórálfaidh siad san aonad ullmhúcháin nó sa limistéar nó áitreabh céanna iad, nó ina n-iomprófar chuig oibreoirí nó aonaid eile iad, fíorú ar na taifid agus ar na bearta nó ar na nósanna imeachta nó ar na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí in áit nó am ar leithligh, go gcuirfear chun feidhme bearta oiriúnacha glantacháin agus bearta chun nach ndéanfar ionadú ar tháirgí, agus chun go sainaithneofar táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú i gcónaí agus go ndéanfar táirgí orgánacha, táirgí atá á dtiontú agus táirgí neamhorgánacha a stóráil, roimh agus i ndiaidh na n-oibríochtaí, in áit nó am ar leithligh ó tháirgí atá á dtiontú agus ó tháirgí neamhorgánacha agus go ndéanfar inrianaitheacht gach baisce ó na dáileachtaí talún ar leithligh chuig an ionad bailiúcháin a chinntiú.

    2.   Maidir leis na rialuithe a dhéanann údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 a fhíorú, déanfar ar na hoibreoirí agus ar na grúpaí oibreoirí uile i dtríú tíortha go tráthrialta iad, ar bhonn riosca agus le minicíocht iomchuí, tríd an bpróiseas ar fad ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán ar an mbonn gur dócha nach gcomhlíonfar é mar a shainmhínítear i bpointe (57) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/848, rud a chinnfear trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    cineál, méid agus struchtúr na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí, lena n-áirítear dáileachtaí talún nua, chomh maith leis an líon comhaltaí nua atá ag dul i bpáirt leis an ngrúpa oibreoirí;

    (b)

    suíomh agus castacht na ngníomhaíochtaí nó oibríochtaí na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí;

    (c)

    an tréimhse ama a bhfuil oibreoirí agus grúpaí oibreoirí i mbun táirgeadh, ullmhúchán agus dáileachán orgánach lena linn;

    (d)

    torthaí na rialuithe a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, go háirithe maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848;

    (e)

    i gcás grúpa oibreoirí, torthaí na gcigireachtaí inmheánacha a dhéantar i gcomhréir le nósanna imeachta doiciméadaithe an chórais le haghaidh rialuithe inmheánacha ar an ngrúpa oibreoirí;

    (f)

    cibé acu atá aonaid táirgthe neamhorgánaigh nó aonaid táirgthe atá á dtiontú san áireamh leis an ngabháltas nó nach bhfuil;

    (g)

    cineál, méid agus luach na dtáirgí;

    (h)

    an riosca go meascfaidh na táirgí le táirgí nó substaintí neamhúdaraithe nó go n-éilleofar na táirgí le táirgí nó le substaintí neamhúdaraithe;

    (i)

    an cur i bhfeidhm a dhéanann oibreoirí nó grúpaí oibreoirí ar mhaoluithe nó ar eisceachtaí ó na rialacha;

    (j)

    na pointí criticiúla maidir le neamhchomhlíonadh ag gach céim den phróiseas táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin;

    (k)

    gníomhaíochtaí fochonraitheoireachta;

    (l)

    cibé acu ar athraigh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a n-údarás rialaithe deimhniúcháin nó a gcomhlacht rialaithe deimhniúcháin nó nár athraigh;

    (m)

    aon fhaisnéis lena gcuirtear in iúl go bhfuil dóchúlacht ann go bhféadfadh sé go gcuirfí tomhaltóirí amú;

    (n)

    aon fhaisnéis a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 a léiriú.

    3.   Beidh feidhm ag Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/771 ón gCoimisiún (5) agus Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún (6) mutatis mutandis maidir le rialuithe i leith grúpaí oibreoirí i dtríú tíortha.

    4.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a fhíorú go bhfuil Rialachán (AE) 2018/848 á chomhlíonadh ag na hoibreoirí agus na grúpaí oibreoirí uile uair amháin sa bhliain ar a laghad. Áireofar leis an bhfíorú ar chomhlíonadh cigireacht fhisiciúil ar an láthair.

    5.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a áirithiú go ndéanfaidh sé 10 % ar a laghad de rialuithe breise anuas ar na rialuithe dá dtagraítear i mír 4 gach bliain. As na cigireachtaí fisiciúla ar an láthair uile a dhéanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, déanfar 10 % acu ar a laghad gan fógra a thabhairt.

    6.   Maidir le rialuithe a dhéantar mar rialuithe leantacha i gcás ina léireofar amhras faoi neamhchomhlíonadh nó i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh, ní chuirfear san áireamh iad leis na rialuithe breise dá dtagraítear i mír 5.

    7.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe athchigireacht ar 5 % ar a laghad de na hoibreoirí ar comhaltaí iad de ghrúpa oibreoirí, ach ní lú ná 10 gcomhalta a bheidh sa líon sin. I gcás inar 10 gcomhalta nó níos lú atá sa ghrúpa oibreoirí, déanfar athchigireacht ar gach comhalta.

    8.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an chigireacht fisiciúil ar an láthair agus an tsampláil ag na hamanna is iomchuí chun comhlíonadh pointí criticiúla rialaithe a fhíorú.

    Le haghaidh na dtáirgí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe dhá chigireacht fhisiciúla ar an láthair ar a laghad in aghaidh na bliana ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí. Déanfar ceann amháin de na cigireachtaí fisiciúla ar an láthair sin gan fógra a thabhairt.

    9.   I gcás ina mbeidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí i mbun aonaid nó áitribh táirgthe iomadúla, lena n-áirítear ionaid cheannaithe agus ionaid bhailithe, maidir le gach aonad nó áitreabh táirgthe, lena n-áirítear ionaid cheannaithe agus ionaid bhailithe, ar aonad, áitreabh nó ionad é a úsáidtear le haghaidh táirgí neamhorgánacha, beidh sé faoi réir na gceanglas rialaithe a leagtar amach i mír 4 chomh maith.

    10.   Tabharfar an deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 nó déanfar athnuachan air bunaithe ar thorthaí an fhíoraithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear san Airteagal seo.

    Airteagal 10

    Seiceálacha maidir le hoibreoirí nó grúpaí oibreoirí a dheimhniú

    1.   Sula nglacfaidh sé an fhreagracht chuige oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a dheimhniú, déanfaidh údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a áirithiú go bhfuil an méid seo a leanas curtha ar fáil ag na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí:

    (a)

    doiciméad i bhfoirm dearbhú sínithe, lena leagtar amach an méid seo a leanas:

    (i)

    tuairisc ar an aonad táirgthe orgánaigh nó ar an aonad táirgthe atá á thiontú agus, i gcás inarb ábhartha, ar na haonaid táirgthe neamhorgánaigh agus ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848;

    (ii)

    na bearta ábhartha atá le déanamh ar leibhéal an aonaid orgánaigh agus/nó an áitribh orgánaigh agus/nó na ngníomhaíochtaí orgánacha agus/nó ar leibhéal an aonaid atá á thiontú agus/nó an áitribh atá á thiontú agus/nó na ngníomhaíochtaí atá á dtiontú chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 a áirithiú;

    (iii)

    na bearta réamhchúraim atá le déanamh chun an riosca maidir le héilliú le táirgí nó substaintí neamhúdaraithe a mhaolú agus na bearta glantacháin atá le déanamh ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán;

    (b)

    deimhniú nach bhfuil na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí deimhnithe ag comhlacht rialaithe eile i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéantar sa tríú tír chéanna maidir leis an gcatagóir chéanna táirgí, lena n-áirítear i gcásanna ina mbíonn na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí ag gabháil do chéimeanna difriúla táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin;

    (c)

    deimhniú ó na comhaltaí de ghrúpa oibreoirí nár deimhníodh iad ar bhonn aonair maidir leis an ngníomhaíocht chéanna i leith táirge ar leith a chumhdaítear le deimhniú an ghrúpa oibreoirí lena mbaineann siad;

    (d)

    gealltanas sínithe ó na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí ina ngeallann siad an méid seo a leanas:

    (i)

    rochtain a thabhairt don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe ar gach cuid de na haonaid táirgthe agus na háitribh uile chun críocha rialaithe, agus ar na cuntais agus na doiciméid tacaíochta ábhartha;

    (ii)

    aon fhaisnéis is gá a sholáthar don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe chun críocha na rialuithe;

    (iii)

    torthaí a gclár dearbhaithe cáilíochta a chur faoi bhráid an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, arna iarraidh sin dó;

    (iv)

    ceannaitheoirí na dtáirgí a chur ar an eolas i scríbhinn agus gan moill mhíchuí agus faisnéis ábhartha a mhalartú leis an údarás rialaithe nó leis an gcomhlacht rialaithe, i gcás amhrais faoi neamhchomhlíonadh a bhfuil bunús leis a bheith ann, i gcás amhrais nach féidir a dhíothú a bheith ann faoi neamhchomhlíonadh, nó i gcás inar suíodh neamhchomhlíonadh atá ag cur isteach anois ar shláine na dtáirgí;

    (v)

    glacadh leis an gcomhad rialaithe a aistriú i gcás ina n-athraítear an t-údarás rialaithe nó an comhlacht nó, i gcás ina dtarraingítear siar ón táirgeadh orgánach, go gcoinneoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe deiridh an comhad rialaithe ar feadh 5 bliana ar a laghad;

    (vi)

    an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a chur ar an eolas láithreach i gcás tarraingt siar ó tháirgeadh orgánach;

    (vii)

    i gcás ina mbeidh fochonraitheoirí na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí faoi réir rialuithe údarás rialaithe difriúla nó comhlachtaí rialaithe difriúla, glacadh leis an malartú faisnéise i measc na n-údarás rialaithe nó na gcomhlachtaí rialaithe sin;

    (viii)

    na gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach;

    (ix)

    glacadh le forfheidhmiú na mbeart ceartaitheach a bhunaíonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe i gcás neamhchomhlíontachtaí.

    2.   Sula ndéanfaidh sé oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a dheimhniú, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an méid seo a leanas:

    (a)

    fíoróidh sé go bhfuil Caibidlí II, III agus IV de Rialachán (AE) 2018/848 agus Airteagal 36 den Rialachán sin á gcomhlíonadh ag na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí. Áireofar leis an bhfíorú sin cigireacht fhisiciúil ar an láthair, ceann amháin ar a laghad;

    (b)

    i gcás ina gcuirfidh na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí aon cheann dá gcuid gníomhaíochtaí ar fochonradh chuig tríú páirtithe, fíorófar maidir leis na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí agus na tríú páirtithe ar cuireadh na gníomhaíochtaí ar fochonradh chucu, gur dheimhnigh údaráis rialaithe nó comhlacht rialaithe aitheanta go bhfuil Caibidlí II, III agus IV de Rialachán (AE) 2018/848 agus Airteagal 36 den Rialachán sin á gcomhlíonadh acu, seachas i gcás ina gcuirfidh an t-oibreoir nó na grúpaí oibreoirí an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha ar an eolas go luíonn an fhreagracht maidir le táirgeadh orgánach leo go fóill agus nach bhfuil an fhreagracht sin aistrithe chuig an bhfochonraitheoir acu. Sna cásanna sin, fíoróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin a ligtear ar fochonradh Caibidlí II, III agus IV de Rialachán (AE) 2018/848 agus Airteagal 36 den Rialachán sin i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí rialaithe a dhéanann sé i leith na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí a chuireann a gcuid gníomhaíochtaí amach ar fochonradh.

    3.   Cé is moite d’aon ní eile a mheasfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith ábhartha agus sula ndéanfaidh sé oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a dheimhnigh údarás rialaithe eile nó comhlacht rialaithe eile cheana a dheimhniú, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe nua measúnú ar an bhfaisnéis seo a leanas, ar faisnéis í a bheidh le haistriú ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bhí ann roimhe:

    (a)

    stádas agus bailíocht an deimhnithe, lena n-áirítear cásanna de laghdú ar raon feidhme deimhnithe, cásanna maidir le deimhnithe a cuireadh ar fionraí, agus cásanna maidir le deimhnithe a tarraingíodh siar dá dtagraítear i gcaighdeán ISO/IEC 17065 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO);

    (b)

    tuarascálacha ar chigireachtaí a rinneadh sna 3 bliana roimhe sin;

    (c)

    an liosta neamhchomhlíontachtaí agus na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt orthu, agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar na neamhchomhlíontachtaí uile;

    (d)

    na maoluithe a deonaíodh nó na hiarrataí ar mhaolú atá á bpróiseáil ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bhí ann roimhe sin;

    (e)

    faisnéis a bhaineann le haon díospóid atá ag dul ar aghaidh go fóill, ar díospóid í is ábhartha do dheimhniú oibreoirí nó grúpaí oibreoirí.

    I gcás nach n-aistreoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bhí ann cheana an fhaisnéis a éilítear in Airteagal 21(5) den Rialachán seo chuig an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe nua, nó i gcás ina mbeidh amhras ann faoin bhfaisnéis a aistríodh, ní eiseoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe nua an deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 chuig oibreoirí nó grúpaí oibreoirí go dtí go ndéanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe nua sin rialú eile ar bhealach eile chun nach mbeidh amhras ann níos mó.

    4.   Maidir le hoibreoirí nó grúpaí oibreoirí a ndearna an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bhí acu roimhe sin iad a tharraingt siar le linn an 2 bhliain dheireanacha, ní dhéanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe na hoibreoirí ná na grúpaí oibreoirí sin a dheimhniú, seachas i gcás ina mbeidh aitheantas an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhí ann roimhe sin tarraingthe siar ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 46(2a) de Rialachán (AE) 2018/848 le haghaidh an tríú tír sonrach agus na catagóire sonraí táirgí.

    Airteagal 11

    Modhanna agus teicnící le haghaidh rialuithe

    1.   Áireofar an méid seo a leanas leis na modhanna agus teicnící rialaithe a chuireann údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe i bhfeidhm:

    (a)

    maidir leis na léarscáileanna nó na sceitsí ar a bhfuil príomhairde agus suíomh geografach na n-aonad táirgthe agus na n-áitreabh a bhfuil cigireacht fhisiciúil le déanamh orthu, de réir mar a sholáthraíonn na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí iad, a sheiceáil cibé an bhfuil siad cothrom le dáta nó nach bhfuil;

    (b)

    cigireacht ar an méid seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

    (i)

    na haonaid táirgthe, an trealamh, na modhanna iompair, an t-áitreabh agus áiteanna eile atá faoi rialú an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí;

    (ii)

    ainmhithe, plandaí agus earraí, lena n-áirítear earraí leathchríochnaithe, amhábhair, comhábhair, cabhracha próiseála agus táirgí eile a úsáidtear chun earraí a ullmhú agus a tháirgeadh nó chun ainmhithe a bheathú nó a chóireáil, agus substaintí a údaraítear lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach;

    (iii)

    inrianaitheacht, lipéadú, cur i láthair, fógraíocht agus ábhar pacáistithe ábhartha;

    (c)

    scrúdú ar dhoiciméid, ar thaifid inrianaitheachta agus ar thaifid agus cleachtais agus nósanna imeachta eile is ábhartha don mheasúnú ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848. Áirítear leis sin doiciméid atá ag gabháil le bia, beatha agus aon tsubstaint nó ábhar a thagann isteach i mbunaíocht ná a fhágann í;

    (d)

    agallaimh le hoibreoirí agus lena mbaill foirne;

    (e)

    anailís samplála agus saotharlainne;

    (f)

    scrúdú ar an gcóras rialaithe atá curtha i bhfeidhm ag oibreoirí agus ag grúpaí oibreoirí, lena n-áirítear meastóireacht ar a éifeachtaí atá sé;

    (g)

    scrúdú ar na neamhchomhlíontachtaí a fuarthas le linn cigireachtaí a rinneadh roimhe sin agus na bearta a rinne na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí chun aghaidh a thabhairt orthu;

    (h)

    aon ghníomhaíocht eile is gá chun cásanna neamhchomhlíonta a shainaithint.

    2.   Maidir leis an gcigireacht fhisiciúil bhliantúil a dhéanfar ar an láthair, cigireacht dá dtagraítear in Airteagal 9(4), áireofar léi seiceáil inrianaitheachta agus seiceáil maischothromaíochta ar na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí agus déanfar na seiceálacha sin trí bhíthin seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha agus ar aon ní ábhartha eile a mheasfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe is gá.

    3.   Chun críche na seiceála inrianaitheachta agus na seiceála maischothromaíochta, beidh an roghnú táirgí, na grúpaí táirgí agus an tréimhse fhíoraithe bunaithe ar mheasúnú riosca a dhéanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe.

    4.   Cé is moite d’aon ní ábhartha eile a mheasfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe gur gá é, cumhdófar leis an tseiceáil inrianaitheachta na heilimintí seo a leanas a bhfuil údar maith leo i ngeall ar dhoiciméid iomchuí, lena n-áirítear taifid stoic agus airgeadais:

    (a)

    ainm agus seoladh an tsoláthróra agus, i gcás nach ionann iad, ainm agus seoladh úinéir, dhíoltóir nó onnmhaireoir na dtáirgí;

    (b)

    ainm agus seoladh an choinsíní agus, i gcás nach ionann iad, ainm agus seoladh cheannaitheoir nó allmhaireoir na dtáirgí;

    (c)

    deimhniú an tsoláthróra i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagal 45(4) de Rialachán (AE) 2018/848;

    (d)

    an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír de phointe 2.1. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848;

    (e)

    an comhartha sainaitheantais baisce iomchuí;

    (f)

    i gcás próiseálaithe, an fhaisnéis is gá chun go mbeidh inrianaitheacht inmheánach ann agus chun stádas orgánach comhábhar a ráthú.

    5.   Cumhdófar leis an tseiceáil maischothromaíochta na heilimintí seo a leanas a bhfuil údar maith leo i ngeall ar dhoiciméid iomchuí, lena n-áirítear taifid stoic agus airgeadais, i gcás inarb iomchuí:

    (a)

    cineál agus cainníochtaí na dtáirgí a sheachadtar chuig an aonad agus, i gcás inarb ábhartha, cineál agus cainníochtaí na n-ábhar a cheannaítear agus úsáid na n-ábhar sin, agus, i gcás inarb ábhartha, comhdhéanamh na dtáirgí;

    (b)

    cineál agus cainníochtaí na dtáirgí a stóráiltear ar an áitreabh, lena n-áirítear san am a dhéantar an chigireacht fhisiciúil ar an láthair;

    (c)

    cineál agus cainníochtaí na dtáirgí a aistrítear ó aonad an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí chuig áitreabh nó saoráidí stórála an choinsíní;

    (d)

    i gcás oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a cheannaíonn nó a dhíolann an táirge nó na táirgí gan an táirge nó na táirgí a stóráil nó a láimhseáil, cineál agus cainníochtaí na dtáirgí a cheannaítear agus a dhíoltar;

    (e)

    toradh na dtáirgí a fuarthas, a bailíodh nó a buaineadh le linn na bliana roimhe sin;

    (f)

    toradh measta nó iarbhír na dtáirgí a fuarthas, a bailíodh nó a buaineadh le linn na bliana reatha;

    (g)

    an líon agus/nó meáchan beostoic atá á mbainistiú le linn na bliana reatha agus na bliana roimhe sin;

    (h)

    aon chaillteanas, aon mhéadú nó aon laghdú ar chainníocht na dtáirgí ag aon chéim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán;

    (i)

    aschur iomlán an ghabháltais i dtéarmaí táirgí orgánacha agus neamhorgánacha.

    Airteagal 12

    Sampláil, na modhanna a úsáidtear le haghaidh samplála agus roghnú na saotharlann le haghaidh anailís samplála

    1.   Tógfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe samplaí agus déanfaidh sé anailís orthu chun úsáid táirgí agus substaintí nach n-údaraítear le haghaidh táirgeadh orgánach a bhrath, chun teicnící táirgthe nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha táirgthe maidir le táirgeadh orgánach a sheiceáil nó chun éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann le táirgí agus substaintí nach n-údaraítear le haghaidh táirgeadh orgánach a bhrath.

    2.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe sampláil ar 5 % ar a laghad de líon na n-oibreoirí aonair atá faoina rialú. Le haghaidh grúpa oibreoirí, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe sampláil ar 2 % ar a laghad de líon na gcomhaltaí i ngach grúpa.

    3.   I gcás ina gcaithfear samplaí a thógáil chun na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí a roghnú, is ar mheasúnú riosca a bheidh an roghnú sin bunaithe, lena n-áirítear an dóchúlacht nach gcomhlíonfar na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, ag cur gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán san áireamh.

    4.   Anuas ar an íosráta samplála a shocraítear i mír 2, tógfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe samplaí agus déanfaidh sé anailís orthu i ngach cás ina bhfuil amhras ann faoi tháirgí agus substaintí nó teicnící nach n-údaraítear le haghaidh táirgeadh orgánach a bheith in úsáid, seachas má chinneann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go bhfuil fianaise leordhóthanach ar fáil gan sampláil a dhéanamh.

    5.   Le haghaidh na dtáirgí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, anuas ar an ráta samplála a shocraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, tógfaidh sé sampla amháin ar a laghad den bharr gach bliain. Tógfar an sampla sin de na barra sa pháirc, ag an am is iomchuí chun substaintí neamhúdaraithe a bhrath de réir mheasúnú an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe. Le haghaidh oibreoirí nach bhfuil barra á saothrú acu, tógfar sampla ábhartha d’amhábhar inteachta nó de tháirge idirmheánach nó de tháirge próiseáilte.

    6.   Áiritheoidh an t-údarás rialaithe agus an comhlacht rialaithe go gcomhlíonann na saotharlanna a úsáidtear an méid seo a leanas:

    (a)

    gur saotharlanna creidiúnaithe iad agus go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme in ISO/IEC 17025, caighdeán ISO, maidir le “Ceanglais ghinearálta um inniúlacht saotharlann tástála agus calabrúcháin”;

    (b)

    gur sínitheoirí a gcomhlachtaí creidiúnaithe le Socrú um Aitheantas Frithpháirteach an Chomhair Idirnáisiúnta um Chreidiúnú Saotharlainne (ILAC);

    (c)

    go bhfuil acmhainn leordhóthanach acu chun críoch anailísí agus tástálacha agus gur féidir leo a áirithiú go ndéantar samplaí a thástáil i gcónaí le modhanna ábhartha a áirítear le raon feidhme a gcreidiúnaithe;

    (d)

    maidir le tástáil iarmhar lotnaidicíde, go bhfuil creidiúnú acu le haghaidh speictriméadracht gáis agus leachta chun gur féidir leo an liosta iarmhar lotnaidicídí a chumhdach a ndéantar faireachán orthu faoi chlár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil an Aontais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/533 ón gCoimisiún (7).

    7.   Féadfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe tascanna samplála a tharmligean chuig údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe eile a aithníonn an Coimisiún nó atá creidiúnaithe i gcomhréir le ISO/IEC 17025, caighdeán ISO, le haghaidh ‘Measúnú comhréireachta – “Ceanglais ghinearálta um inniúlacht saotharlann tástála agus calabrúcháin”.

    Airteagal 13

    Nósanna imeachta doiciméadaithe maidir le rialú

    1.   Déanfaidh na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe rialuithe ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí i gcomhréir le nósanna imeachta doiciméadaithe.

    Cumhdófar an méid seo a leanas leis na nósanna imeachta doiciméadaithe sin:

    (a)

    ráiteas maidir leis na cuspóirí atá le baint amach;

    (b)

    tascanna, freagrachtaí agus dualgais na mball foirne;

    (c)

    straitéis, nósanna imeachta agus modheolaíocht samplála, modhanna agus teicnící rialaithe, lena n-áirítear anailís, tástáil agus diagnóisiú saotharlainne agus meastóireacht ar thorthaí agus cinntí iarmhartacha;

    (d)

    comhar agus cumarsáid le húdaráis rialaithe eile, comhlachtaí rialaithe eile agus leis an gCoimisiún;

    (e)

    nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hoibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus chun cigireachtaí fisiciúla ar an láthair agus sampláil a dhéanamh;

    (f)

    fíorú ar oiriúnacht na modhanna samplála agus na modhanna anailíse, tástála agus diagnóise saotharlainne;

    (g)

    aon ghníomhaíocht nó aon fhaisnéis eile is gá le haghaidh fheidhmiú éifeachtach na rialuithe, lena n-áirítear i ndáil le hoiliúint a chur ar chigirí agus meastóireacht a dhéanamh ar a gcuid inniúlachtaí;

    (h)

    le haghaidh grúpaí oibreoirí, éifeachtacht an chórais le haghaidh rialuithe inmheánacha.

    2.   Maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe:

    (a)

    déanfaidh siad bearta ceartaitheacha i ngach cás ina sainaithnítear easnaimh leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 1; agus

    (b)

    déanfaidh siad nuashonrú ar na nósanna imeachta doiciméadaithe dá bhforáiltear i mír 1 de réir mar is iomchuí.

    Airteagal 14

    Taifid i scríbhinn ar rialuithe

    1.   Déanfaidh údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe taifid i scríbhinn ar gach rialú a dhéanann siad a tharraingt suas chun comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 a fhíorú. Féadfaidh na taifid sin bheith ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach. Coinneoidh na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe na taifid sin ar feadh 5 bliana ón lá a dhéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a chinneadh maidir le deimhniú.

    Beidh an méid seo a leanas sna taifid sin go háirithe:

    (a)

    tuairisc ar chuspóir na rialuithe;

    (b)

    na modhanna agus na teicnící rialaithe a chuirtear i bhfeidhm;

    (c)

    torthaí na rialuithe, go háirithe na torthaí ar na heilimintí a liostaítear in Airteagail 11 agus 12 den Rialachán seo a fhíorú; agus

    (d)

    gníomhaíochtaí nach mór don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí lena mbaineann a dhéanamh de thoradh na rialuithe a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe agus léiriú ar an sprioc-am a mbeidh na gníomhaíochtaí le déanamh roimhe.

    2.   Comhshíneoidh an t-oibreoir nó ball freagrach an ghrúpa oibreoirí a ndearnadh cigireacht air na taifid i scríbhinn chun a dhearbhú go bhfuair siad an taifead sin i scríbhinn. Coinneoidh an t-oibreoir nó an ball den ghrúpa oibreoirí a ndearnadh cigireacht air cóip den taifead sin ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach.

    Airteagal 15

    Ceanglais rialaithe sonracha maidir le táirgeadh algaí agus ainmhithe dobharshaothraithe

    1.   Chun críoch tús na tréimhse tiontaithe dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/848 a chinneadh, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a áirithiú, maidir le hoibreoirí nó grúpaí oibreoirí a tháirgeann algaí nó ainmhithe dobharshaothraithe, go dtabharfaidh siad fógra don údarás rialaithe nó don comhlacht rialaithe faoin ngníomhaíocht ábhartha.

    2.   Áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go ndéanfar táirgeadh orgánach algaí agus ainmhithe dobharshaothraithe in áit nach bhfuil aon riosca éillithe ag baint leis i gcomhréir le pointe 1.1 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Go háirithe, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go ndéanfar bearta leordhóthanacha deighilte i gcomhréir le pointe 1.2 de Chuid III.

    3.   Chun críocha phointe 3.1.3.1(c) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go mbeidh cion plandaí na beatha orgánach agus go mbeidh cion na beatha atá díorthaithe ó ainmhithe uisceacha de thionscnamh dobharshaothrú orgánach nó iascach atá deimhnithe mar iascach inbhuanaithe i gcomhréir le Treoirlínte FAO 2009 maidir le héicilipéadú iasc agus táirgí iascach ó iascaigh gabhála mara.

    4.   Chun críocha phointe 3.1.4.2(e) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go mbeidh faisnéis acu faoi gach cóireáil agus seiceálfaidh siad go ndéantar na cóireálacha sin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin.

    5.   Chun críche úsáid síolta fiáine a údarú laistigh de bhrí phointe 3.2.1 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go bhfuil pointí (a), (b) agus (c) den phointe sin á n-urramú.

    Airteagal 16

    Fíorú coinsíneachtaí atá beartaithe lena n-allmhairiú isteach san Aontas

    1.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha coinsíneachtaí atá beartaithe lena n-allmhairiú isteach san Aontas a fhíorú maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 agus an Rialacháin seo. Áireofar leis an bhfíorú sin seiceálacha doiciméadacha córasacha agus, de réir mar is iomchuí de réir measúnú riosca, seiceálacha fisiciúla, sula bhfágfaidh an choinsíneacht an tríú tír onnmhairithe nó tionscnaimh.

    2.   Chun críocha an Airteagail seo, maidir leis an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha:

    (a)

    is é údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe tháirgeoir nó phróiseálaí an táirge lena mbaineann a bheidh ann; nó

    (b)

    i gcás nach ionann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí a dhéanann an oibríocht dheiridh chun críche an ullmhúcháin agus táirgeoir nó próiseálaí an táirge, is é údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí a dhéanann an oibríocht dheiridh chun críoch an ullmhúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/848 a bheidh ann.

    Aithneofar an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann agus le haghaidh an tríú tír a bhfuil tionscnamh na dtáirgí ann, nó, i gcás inarb infheidhme, an tríú tír a ndearnadh an oibríocht dheiridh chun críoch an ullmhúcháin ann.

    3.   Maidir leis na seiceálacha doiciméadacha dá dtagraítear i mír 1, is é is cuspóir leo an méid seo a leanas a fhíorú:

    (a)

    inrianaitheacht na dtáirgí agus na gcomhábhar;

    (b)

    go bhfuil an méid táirgí a áirítear sa choinsíneacht i gcomhréir le seiceálacha maischothromaíochta na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí faoi seach de réir an mheasúnaithe a dhéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe;

    (c)

    doiciméid iompair agus doiciméid tráchtála ábhartha (lena n-áirítear sonraisc) na dtáirgí;

    (d)

    i gcás táirgí próiseáilte, maidir le comhábhair orgánacha uile na dtáirgí sin, gur tháirg oibreoirí nó grúpaí oibreoirí atá deimhnithe i dtríú tír ag údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) nó dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2018/848 nó ag tríú tír a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48 de Rialachán (AE) 2018/848 iad, nó gur táirgeadh agus gur deimhníodh san Aontas iad i gcomhréir leis an Rialachán sin.

    Beidh na seiceálacha doiciméadacha sin bunaithe ar na doiciméid ábhartha uile, lena n-áirítear an deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848, an taifid ar na cigireachtaí, an plean táirgthe le haghaidh an táirge lena mbaineann agus taifid a choinníonn na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí, na doiciméid iompair atá ar fáil, doiciméid tráchtála agus airgeadais agus aon doiciméad eile a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith ábhartha.

    4.   I ndáil leis an measúnú riosca a dhéantar roimh na seiceálacha fisiciúla dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha na critéir seo a leanas san áireamh:

    (a)

    na critéir ábhartha a liostaítear in Airteagal 9(2);

    (b)

    cibé acu an bhfuil oibreoirí iomadúla bainteach le slabhra dáileacháin na dtáirgí, ar oibreoirí iad nach stórálann ná nach láimhseálann táirgí orgánacha go fisiciúil, nó nach bhfuil;

    (c)

    táirgí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8;

    (d)

    aon chritéar a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith ábhartha.

    5.   Le haghaidh coinsíneachtaí a bhfuil táirgí orgánacha i mbulc iontu, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha plean taistil a tharraingt suas sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES), lena n-áirítear na háitribh uile a bheidh le húsáid le linn an taistil ón tríú tír tionscnaimh nó onnmhairithe chuig an Aontas.

    6.   Le haghaidh coinsíneachtaí de tháirgí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ábhartha seiceálacha fisiciúla córasacha agus tógfaidh sé sampla ionadaíoch amháin ar a laghad de gach coinsíneacht. Thairis sin, beidh an doiciméadacht uile a ghabhann le hinrianaitheacht na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí agus an táirge ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, lena n-áirítear doiciméid iompair agus tráchtála, lena n-áirítear sonraisc. Ar iarraidh ón gCoimisiún nó ó údarás inniúil Ballstáit, seolfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an doiciméadacht inrianaitheachta sin chomh maith le torthaí na hanailíse samplála chuig údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe an allmhaireora agus chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfíoraítear an choinsíneacht.

    7.   I gcás ina mbeidh amhras faoi neamhchomhlíonadh ann, féadfaidh an Coimisiún nó údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar an údarás rialaithe ábhartha nó ar an gcomhlacht rialaithe ábhartha an liosta de na hoibreoirí uile agus de na grúpaí oibreoirí uile sa slabhra táirgeachta orgánaí a bhfuil an choinsíneacht ina cuid de, agus an liosta dá gcuid údarás rialaithe nó comhlachtaí rialaithe, an liosta sin a chur ar fáil gan mhoill.

    CAIBIDIL IV

    GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE A BHEIDH LE DÉANAMH AG NA hÚDARÁIS RIALAITHE AGUS NA COMHLACHTAÍ RIALAITHE

    Airteagal 17

    An liosta oibreoirí agus faisnéis ábhartha eile a bheidh le cur ar fáil go poiblí

    Cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a shuíomh gréasáin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad:

    (a)

    liosta de na hoibreoirí atá deimhnithe agus de na grúpaí oibreoirí atá deimhnithe, lena n-áireofar:

    (i)

    le haghaidh oibreoirí, a n-ainm agus a seoladh;

    (ii)

    le haghaidh grúpaí oibreoirí, ainm agus seoladh an ghrúpa agus líon a gcomhaltaí;

    (iii)

    faisnéis a bhaineann le deimhnithe, go háirithe, uimhir an deimhnithe, an chatagóir táirgí a chumhdaítear leis an deimhniú, stádas agus bailíocht an deimhnithe, lena n-áirítear cásanna de laghdú ar raon feidhme deimhnithe, cásanna maidir le deimhnithe a cuireadh ar fionraí, agus cásanna maidir le deimhnithe a tarraingíodh siar dá dtagraítear in ISO/IEC 17065, caighdeán ISO;

    (b)

    i gcás comhlachtaí rialaithe, faisnéis nuashonraithe ar a gcreidiúnú, lena n-áirítear nasc chuig an deimhniú creidiúnaithe is déanaí a d’eisigh a gcomhlacht creidiúnaithe.

    Déanfar nuashonrú ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) láithreach bonn tar éis aon athrú ar stádas an deimhnithe. I gcás tarraingt siar, coinneofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) sa liosta go ceann 5 bliana tar éis an tarraingt siar;

    Airteagal 18

    Bunachar sonraí d’oibreoirí agus de ghrúpaí oibreoirí

    Coinneoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe bunachar sonraí leictreonach nuashonraithe d’oibreoirí agus de ghrúpaí oibreoirí. Áireofar leis an mbunachar sonraí an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    ainm agus seoladh na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí. I gcás grúpa oibreoirí, méid an ghrúpa, ainm agus seoladh gach comhalta den ghrúpa;

    (b)

    faisnéis a bhaineann le raon feidhme an deimhnithe, le huimhir an deimhnithe, le stádas agus bailíocht an deimhnithe;

    (c)

    stádas na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí, cibé acu is oibreoirí atá á dtiontú iad (lena n-áirítear an tréimhse tiontaithe) nó is oibreoirí orgánacha iad nó nach ea;

    (d)

    leibhéal riosca na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 9;

    (e)

    i gcás gníomhaíochtaí fochonraitheoireachta atá faoi rialú na n-oibreoirí deimhnithe nó na ngrúpaí oibreoirí, ainm agus seoladh an tríú páirtí nó na dtríú páirtithe atá ar fochonradh;

    (f)

    comhordanáidí geografacha agus achar dromchla na n-aonad táirgthe agus na n-áitreabh uile;

    (g)

    tuarascálacha cigireachta agus torthaí na hanailíse samplála, chomh maith le torthaí aon rialaithe eile a dhéantar, lena n-áirítear na rialuithe a dhéantar ar choinsíneachtaí;

    (h)

    na neamhchomhlíontachtaí agus na bearta a chuirtear i bhfeidhm;

    (i)

    fógraí tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 20(1);

    (j)

    na maoluithe a dheonaítear agus na doiciméid tacaíochta ábhartha i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo; agus

    (k)

    aon fhaisnéis eile a mheasfaidh an comhlacht rialaithe nó an t-údarás rialaithe a bheith ábhartha.

    Coinneoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis go ceann 5 bliana. Cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

    Airteagal 19

    Ceanglais faisnéise

    1.   Tar éis a aitheantais, tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe fógra don Choimisiún in am trátha, agus tráth nach déanaí ná laistigh de 30 lá féilire, faoi athruithe a bheith tagtha ar ábhar a shainchomhaid theicniúil.

    2.   Coinneoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe gach faisnéis a bhaineann lena ghníomhaíochtaí rialaithe sa tríú tír ar fáil agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún nó d’údaráis inniúla na mBallstát í arna iarraidh sin dóibh.

    3.   Maidir leis na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an iarraidh ar aitheantas faoi Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 agus na doiciméid a éilítear faoin Rialachán seo, coinneoidh na húdaráis rialaithe nó na comhlachtaí rialaithe ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit iad go ceann 5 bliana tar éis na bliana ar lena linn a rinneadh na rialuithe nó a rinneadh an deimhniú dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 agus fianaise dhoiciméadach a sholáthar.

    Airteagal 20

    Córais agus nósanna imeachta le haghaidh faisnéis a mhalartú

    1.   Úsáidfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe Córas Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí (OFIS) chun faisnéis a mhalartú leis an gCoimisiún, le húdaráis rialaithe eile agus le comhlachtaí rialaithe eile, agus le húdaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha lena mbaineann.

    2.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe na bearta iomchuí agus bunóidh sé nósanna imeachta doiciméadaithe chun malartuithe faisnéise tráthúla leis an gCoimisiún agus le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe eile a áirithiú.

    3.   Maidir le doiciméad nó nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 nó sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh de bhun an Airteagail sin, i gcás ina n-éilítear leis síniú duine údaraithe nó formheas duine ag céim amháin nó níos mó den nós imeachta sin, beidh sé indéanta gach duine a shainaithint leis na córais ríomhaireachta a shocraítear le haghaidh na doiciméid sin a mhalartú agus áiritheofar leis freisin nach bhféadfaidh sláine ábhar na ndoiciméad a athrú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le céimeanna an nós imeachta, i gcomhréir le dlí an Aontais, agus go háirithe le Cinneadh 2004/563/CE ó n gCoimisiún, Euratom (8).

    Airteagal 21

    An malartú faisnéise idir an Coimisiún, údaráis rialaithe, comhlachtaí rialaithe agus údaráis inniúla

    1.   Roinnfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faisnéis leis an gCoimisiún, le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe eile, agus le húdaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha lena mbaineann maidir le haon neamhchomhlíonadh amhrasta a chuirfeadh isteach ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú agus déanfaidh sé láithreach é.

    2.   I gcás ina bhfaighidh údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe fógra ón gCoimisiún, tar éis don Choimisiún fógra a fháil ó Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 maidir le neamhchomhlíonadh a mheastar a bheith ann nó neamhchomhlíonadh a chinntear a bheith ann, ar neamhchomhlíonadh é atá ag cur isteach ar shláine táirgí orgánacha a allmhairítear nó táirgí atá á dtiontú, déanfaidh sé imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán seo. Cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an Coimisiún agus an Ballstát a sheol an fógra tosaigh (an Ballstát a thugann fógra) ar an eolas faoin méid sin ag úsáid an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Freagróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe laistigh de 30 lá féilire ón dáta a fhaigheann sé an fógra sin agus cuirfidh sé na gníomhaíochtaí agus na bearta a rinneadh in iúl, lena n-áirítear torthaí an imscrúdaithe agus soláthróidh sé aon fhaisnéis eile nuair a bheidh sí ar fáil agus/nó nuair a éileoidh an Ballstát a thugann fógra í.

    3.   Soláthróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe dá dtugtar fógra a thuilleadh faisnéise má iarrann an Ballstát a thugann fógra í.

    4.   I gcás inarb amhlaidh go bhfuil oibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus/nó a bhfochonraitheoirí faoi réir rialuithe le húdaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe difriúla, déanfaidh na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin an fhaisnéis ábhartha maidir leis na hoibríochtaí a chumhdaítear lena ngníomhaíochtaí rialaithe a mhalartú.

    5.   I gcás ina n-athróidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí agus/nó a bhfochonraitheoirí a n-údarás rialaithe nó a gcomhlacht rialaithe, iarrfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe nua comhad rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí lena mbaineann ar an údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a bhí ann roimhe sin. Tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bhí ann roimhe sin comhad rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí lena mbaineann don údarás rialaithe nua nó don chomhlacht rialaithe nua laistigh de 30 lá, lena n-áirítear na taifid i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 14, stádas an deimhnithe, liosta na neamhchomhlíontachtaí agus na bearta comhfhreagracha a ghlac an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bhí ann roimhe sin.

    Maidir leis na neamhchomhlíontachtaí a tugadh ar aird i dtuarascáil an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhí ann roimhe sin, déanfaidh an t-údarás rialaithe nua nó an comhlacht rialaithe nua a áirithiú gur thug an t-oibreoir nó na grúpaí oibreoirí aghaidh orthu.

    6.   I gcás ina mbeidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí faoi réir seiceáil inrianaitheachta agus seiceáil maischothromaíochta, malartóidh na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe an fhaisnéis ábhartha lena bhféadfar na seiceálacha sin a thabhairt i gcrích.

    Airteagal 22

    Rialacha breise maidir le gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcás neamhchomhlíonta

    1.   Anuas ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 29(1), (2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/848 agus in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279, i gcás ina mbeidh amhras ar údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe nó i gcás ina bhfaighidh sé faisnéis a bhfuil bunús léi, lena n-áirítear faisnéis ó údaráis rialaithe eile nó comhlachtaí rialaithe eile, faoi tháirge a bhféadfadh sé nach bhfuil sé i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ach atá beartaithe lena allmhairiú ó thríú tír chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar táirge é a bhfuil téarmaí air lena dtagraítear don táirgeadh orgánach, nó i gcás ina gcuirfidh oibreoir údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe den sórt sin ar an eolas maidir le hamhras a bheith ann faoi neamhchomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 27 den Rialachán sin:

    (a)

    déanfaidh sé imscrúdú láithreach d’fhonn comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 nó na ngníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun an Rialacháin sin a fhíorú; déanfar an t-imscrúdú sin a luaithe agus is féidir, laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus cuirfear san áireamh leis marthanacht an táirge agus castacht an cháis;

    (b)

    cuirfidh sé cosc ar allmhairiú an táirge lena mbaineann ón tríú tír sin chun an táirge lena mbaineann a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach nó mar tháirge atá á thiontú fad agus a bheidh sé ag fanacht le torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (a). Sula ndéanfaidh sé cinneadh sealadach den sórt sin, tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe deis don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí barúil a thabhairt.

    2.   I gcás nach léirítear aon neamhchomhlíonadh a chuirfeadh isteach ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú le torthaí an imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, beidh cead na táirgí sin a úsáid agus a lipéadú mar tháirgí orgánacha nó mar tháirgí atá á dtiontú.

    3.   Forbróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe catalóg beart a bheidh le déanamh i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh. Bunófar an chatalóg beart sin ar na heilimintí a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus cumhdófar léi an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    liosta neamhchomhlíontachtaí agus tagairt ag gabháil leis do rialacha sonracha Rialachán (AE) 2018/848 nó do rialacha sonracha na ngníomhartha tarmligthe nó na ngníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun an Rialacháin sin. Áireofar leis an liosta sin na neamhchomhlíontachtaí a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, ar a laghad;

    (b)

    aicmiú na neamhchomhlíontachtaí i dtrí chatagóir: mion-neamhchomhlíontachtaí, mór-neamhchomhlíontachtaí, agus neamhchomhlíontachtaí criticiúla mar a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, agus na critéir seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

    (i)

    cur i bhfeidhm na mbeart réamhchúraim dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/848, na bearta praiticiúla dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo agus iontaofacht na rialuithe a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 11(1) den Rialachán seo;

    (ii)

    an tionchar ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú;

    (iii)

    cumas an chórais inrianaitheachta na táirgí a ndearnadh difear dóibh a aimsiú sa slabhra soláthair agus cosc ar allmhairiú ó thríú tír chun na táirgí a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus tagairt á déanamh do tháirgeadh orgánach;

    (iv)

    freagra an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí ar iarrataí a bhí ann roimhe sin ón údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe;

    (c)

    na bearta a bheidh le cur i bhfeidhm le haghaidh gach neamhchomhlíonta.

    4.   Déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe torthaí na n-imscrúduithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) 2018/848 a dhoiciméadú.

    Airteagal 23

    Rialacha breise maidir le bearta i gcás neamhchomhlíonta

    1.   I gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh ann a chuireann isteach ar shláine na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú le linn aon cheann de na céimeanna táirgthe, ullmhúcháin agus dáileacháin, mar gheall ar úsáid táirgí, substaintí nó teicnící neamhúdaraithe, cuir i gcás, nó mar gheall ar mheascadh le táirgí neamhorgánacha, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, de bhreis ar na bearta atá le glacadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, nach ndéanfar aon tagairt don táirgeadh orgánach mar a leagtar amach i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2018/848 sa lipéadú agus san fhógraíocht a dhéanfar ar bhaisc nó sraith táirgthe iomlán an táirge atá beartaithe lena allmhairiú ó thríú tír chun críche an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

    2.   I gcás ina suitear neamhchomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an méid seo a leanas:

    (a)

    déanfaidh sé aon ghníomhaíocht is gá chun bunús agus méid an neamhchomhlíonta a chinneadh agus chun freagrachtaí an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí a shuíomh; agus

    (b)

    déanfaidh sé bearta iomchuí chun a áirithiú go leigheasfaidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an neamhchomhlíonadh agus go gcuirfidh sé cosc ar neamhchomhlíonadh den sórt sin tarlú arís.

    Agus cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na bearta a dhéanfaidh sé, tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aird ar chineál an neamhchomhlíonta sin agus teist an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí go dtí sin i ndáil le comhlíonadh.

    3.   Agus é ag gníomhú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aon bheart a mheasann sé a bheith iomchuí chun go ndéanfar comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848 agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh de bhun an Rialacháin sin a áirithiú, lena n-áirítear:

    (a)

    an chatalóg beart dá dtagraítear in Airteagal 22(3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm;

    (b)

    a áirithiú go ndéanfaidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí minicíocht a rialuithe féin a mhéadú;

    (c)

    a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí áirithe de chuid an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí faoi réir rialuithe a dhéanfaí ní ba mhinice nó rialuithe córasacha a dhéanfadh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe.

    4.   I gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh tromchúiseach, neamhchomhlíonadh leanúnach nó neamhchomhlíonadh a tharlaíonn arís agus arís eile ann, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, de bhreis ar na bearta a leagtar síos i míreanna 2 agus 3, áiritheoidh sé go gcuirfear toirmeasc ar na hoibreoirí nó ar na grúpaí oibreoirí táirgí lena ndéantar tagairt do tháirgeadh orgánach a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse áirithe, agus go gcuirfear a ndeimhniú dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ar fionraí nó go dtarraingeofar siar é, de réir mar is iomchuí.

    5.   Soláthróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí fógra i scríbhinn faoina chinneadh maidir leis an ngníomhaíocht nó leis an mbeart atá le glacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, chomh maith leis na fáthanna leis an gcinneadh sin.

    Airteagal 24

    Na seiceálacha atá le déanamh chun críche tréimhse roimhe sin a aithint go haisghníomhach

    1.   Sula ndeonóidh sé aitheantas aisghníomhach do thréimhse a bhí ann roimhe sin mar chuid den tréimhse tiontaithe chun críocha phointe (b) d’Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2018/848, áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go gcuirfidh an t-oibreoir na doiciméid seo a leanas isteach lena gcruthaítear gur limistéir nádúrtha nó limistéir thalmhaíochta a bhí sna dáileachtaí talún nach ndearnadh a chóireáil nó nár éillíodh le táirgí nó substaintí nach n-údaraítear lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad:

    (a)

    léarscáileanna lena sainaithnítear go soiléir gach dáileacht talún a chumhdaítear leis an iarraidh ar aitheantas aisghníomhach agus faisnéis faoi achar iomlán na ndáileachtaí talún sin agus, más ábhartha, faoi chineál agus méid an táirgthe leantaigh agus comhordanáidí a suímh gheografaigh;

    (b)

    aon doiciméad ábhartha eile a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe is gá chun measúnú a dhéanamh ar an iarraidh ar aitheantas aisghníomhach.

    2.   Anuas air sin, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe na céimeanna seo a leanas:

    (a)

    déanfaidh sé anailís riosca mionsonraithe bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu ar cóireáladh nó nár cóireáladh aon dáileacht talún a chumhdaítear leis an iarraidh ar aitheantas aisghníomhach le táirgí nó substaintí nach n-údaraítear lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach le linn tréimhse 3 bliana ar a laghad, ag cur san áireamh go háirithe an achair iomláin lena mbaineann an iarraidh agus na cleachtais agranamaíocha a dhéantar le linn na tréimhse sin ar gach dáileacht talún faoi réir na hiarrata. Coinneoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe doiciméid maidir leis an anailís riosca;

    (b)

    tógfaidh sé samplaí ón ithir agus/nó ó na plandaí ar gach dáileacht talún i gcomhréir le torthaí na hanailíse riosca dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear na dáileachtaí talún sin a shainaithnítear mar dháileachtaí talún a bhfuil riosca éillithe ag baint leo;

    (c)

    tarraingeoidh sé suas tuarascáil chigireachta i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais, lena n-áirítear grianghraif de na dáileachtaí, tar éis cigireacht fhisiciúil ar an oibreoir, lena n-áirítear na dáileachtaí talún a chumhdaítear leis an iarraidh ar aitheantas aisghníomhach chun críche comhsheasmhacht na faisnéise a bhailítear a fhíorú, ach sula mbeidh aon bheart saothraithe déanta ag an oibreoir.

    3.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-oibreoir i gcomhréir le mír 1 agus tar éis dó na céimeanna a leagtar amach i mír 2 a thabhairt i gcrích, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe tuarascáil chríochnaitheach i scríbhinn a tharraingt suas. Áireofar leis an tuarascáil chríochnaitheach i scríbhinn réasúnú maidir leis an gcúis ar féidir an tréimhse roimhe sin a aithint go haisghníomhach mar chuid den tréimhse tiontaithe. Anuas air sin, sonrófar leis an tuarascáil chríochnaitheach seo i scríbhinn an tréimhse tosaithe ónar féidir gach dáileacht talún lena mbaineann a mheas mar dháileacht talún orgánach, chomh maith le hachar iomlán na ndáileachtaí talún a thairbhíonn den aitheantas aisghníomhach seo ar thréimhse.

    4.   Tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe fógra don Choimisiún, do na Ballstáit agus, i gcás comhlacht rialaithe, dá chomhlacht creidiúnaithe, faoi aon aitheantas aisghníomhach a dheonaítear agus tabharfaidh sé láithreach é. Le haghaidh gach aitheantais aisghníomhaigh a dheonaítear, soláthróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an tuarascáil scríofa dheiridh dá dtagraítear i mír 3.

    5.   Maidir leis an oibreoir a bhfuil feidhm ag an aitheantas aisghníomhach a dheonaítear maidir leis, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a áirithiú go gcoinneoidh sé fianaise dhoiciméadach a bhaineann leis an aitheantas sin, chomh maith le fianaise dhoiciméadach ar úsáid na ndáileachtaí talún a chumhdaítear leis an aitheantas sin go ceann 3 bliana.

    Airteagal 25

    Údaruithe chun ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach a úsáid

    1.   Sula ndéanfaidh sé údaruithe ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach a úsáid mar a leagtar amach i bpointe 1.8.5.2 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe measúnú ar an bhfaisnéis seo a leanas agus tarraingeoidh sé suas údar le gach maolú a dheonaítear:

    (a)

    an t-ainm eolaíoch agus an t-ainm coitianta (an t-ainm coitianta agus an t-ainm Laidine);

    (b)

    an cineál;

    (c)

    meáchan iomlán na síolta nó an líon plandaí lena mbaineann;

    (d)

    infhaighteacht ábhair atáirgthe plandaí orgánaigh nó ábhair atáirgthe plandaí atá á thiontú;

    (e)

    doiciméadacht nó ráiteas ón oibreoir lena gcruthaítear go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i bpointe 1.8.5.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 comhlíonta.

    2.   Le haghaidh gach údaraithe chun ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach a úsáid mar a leagtar amach i bpointe 1.8.5.2 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis ábhartha san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

    Airteagal 26

    Maoluithe maidir le hainmhithe neamhorgánacha agus ógánaigh dobharshaothraithe neamhorgánacha a úsáid

    1.   Sula ndéanfaidh sé údaruithe a dheonú chun speicis beostoic neamhorgánaigh a úsáid (bó-ainmhithe, eachainmhithe, ainmhithe de chineál caorach nó gabhair nó mucach agus ainmhithe fiara, coiníní, éanlaith chlóis) i gcomhréir le pointí 1.3.4.3 agus 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe measúnú ar an bhfaisnéis seo a leanas agus tarraingeoidh sé suas údar le gach maolú:

    (a)

    an t-ainm eolaíoch agus an t-ainm coitianta (an t-ainm coitianta agus an t-ainm Laidine i.e. speiceas agus géineas);

    (b)

    na pórtha agus tréithchineálacha;

    (c)

    na críocha táirgthe: feoil, bainne, uibheacha, críocha dé-fheidhme nó pórúcháin;

    (d)

    an líon iomlán ainmhithe;

    (e)

    infhaighteacht an speicis beostoic orgánaigh ábhartha;

    (f)

    doiciméadacht nó ráiteas ón oibreoir lena gcruthaítear, maidir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.3.4.3 agus 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, go bhfuil siad comhlíonta.

    2.   Le haghaidh gach speicis beostoic neamhorgánaigh (bó-ainmhithe, eachainmhithe, ainmhithe de chineál caorach nó gabhair nó mucach agus ainmhithe fiara, coiníní, éanlaith chlóis), cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis ábhartha san áireamh faoi na maoluithe a dheonaítear i gcomhréir le pointí 1.3.4.3 agus 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

    3.   Sula ndéanfaidh sé maoluithe a dheonú chun ógánaigh neamhorgánacha dobharshaothraithe a úsáid i gcomhréir le pointe 3.1.2.1 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, déanfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe measúnú ar an bhfaisnéis seo a leanas agus tarraingeoidh sé suas údar le gach maolú:

    (a)

    an speiceas agus an géineas (an t-ainm coitianta agus an t-ainm Laidine);

    (b)

    na pórtha agus tréithchineálacha i gcás inarb infheidhme;

    (c)

    a gcéim sa saol (amhail uibheacha, gealóga, ógánaigh) mar atá siad ar fáil lena ndíol mar tháirgí orgánacha;

    (d)

    an chainníocht atá ar fáil de réir mheastachán an oibreora;

    (e)

    an líon iomlán ógánach;

    (f)

    infhaighteacht an speicis dobharshaothraithe orgánaigh ábhartha;

    (g)

    doiciméadacht nó ráiteas ón oibreoir lena gcruthaítear, maidir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 3.1.2.1 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, go bhfuil siad comhlíonta.

    4.   Le haghaidh gach maolaithe a dheonaítear maidir le horgánaigh dobharshaothraithe neamhorgánacha a úsáid i gcomhréir le pointe 3.1.2.1 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, cuirfidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis ábhartha san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

    Airteagal 27

    Maidir le tuairisciú ar údarú sealadach chun comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha a úsáid le haghaidh bia orgánach próiseáilte

    Tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe fógra gan mhoill don Choimisiún, do na Ballstáit, do na comhlachtaí creidiúnaithe agus d’údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe eile a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 faoi aon údarú sealadach a dheonaítear chun comhábhair thalmhaíochta neamhorgánacha a úsáid le haghaidh bia orgánach próiseáilte i gcomhréir le hAirteagal 25(4) den Rialachán sin agus tabharfaidh sé láithreach é. Áireofar leis an bhfógra sin an réasúnú maidir le húdarú den sórt sin a bheith deonaithe agus cuirfear i láthair trí mheán fhoirm an Choimisiúin atá chuige sin é i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2018/848.

    CAIBIDIL V

    MAOLUITHE Ó RIALACHÁN (AE) 2018/848 I gCÁSANNA LENA mBAINEANN IMTHOSCA TURRAINGEACHA

    Airteagal 28

    Imthosca turraingeacha a aithint

    Chun críocha na rialacha táirgthe eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagail 22(1) agus 45(3) de Rialachán (AE) 2018/848, chun go n-aithneofar imthosca mar imthosca turraingeacha de thoradh “teagmhas díobhálach aeráide”, “galair ainmhithe”, “teagmhas comhshaoil”, “tubaiste nádúrtha” nó “teagmhas turraingeach”, chomh maith le himthosca inchomparáide, féadfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe imthosca a aithint mar imthosca turraingeacha bunaithe ar ráiteas arna eisiúint ag údaráis ábhartha an tríú tír lena mbaineann na himthosca sin, i gcás ina mbeidh ráiteas den sórt sin ar fáil. I gcás nach mbeidh an ráiteas sin ar fáil, bunóidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aon aitheantas den sórt sin ar shonraí a sholáthróidh eagraíochtaí oifigiúla lena gcruthófar na himthosca turraingeacha.

    Airteagal 29

    Coinníollacha maidir le maoluithe

    1.   Tar éis an aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 28, féadfaidh údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe, tar éis na hoibreoirí a ndéantar difear dóibh sa limistéar lena mbaineann a shainaithint nó ar iarraidh ón oibreoir aonair nó ón gcomhalta den ghrúpa oibreoirí lena mbaineann, féadfaidh sé na maoluithe ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2146 agus na coinníollacha a bhaineann leis a dheonú, ar choinníoll:

    (a)

    go mbeidh feidhm ag na maoluithe agus coinníollacha sin ar feadh tréimhse ama teoranta agus nach mbeidh feidhm acu ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá, agus nach mbeidh feidhm acu in aon chás tráth níos faide ná 12 mhí, chun leanúint den táirgeadh orgánach nó chun é a atosú mar a rinneadh roimh dháta chur i bhfeidhm na maoluithe sin;

    (b)

    i ndáil le cineálacha táirgthe a ndéantar difear dóibh go sonrach nó, i gcás inarb ábhartha, cineálacha dáileachtaí talún a ndéantar difear dóibh go sonrach; agus

    (c)

    go mbeidh feidhm ag na maoluithe agus coinníollacha sin maidir leis an oibreoir aonair lena mbaineann nó leis an gcomhalta den ghrúpa oibreoirí lena mbaineann.

    2.   Beidh cur i bhfeidhm na maoluithe dá dtagraítear i mír 1 gan dochar do bhailíocht na ndeimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) d’Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2018/848 le linn na tréimhse a bhfuil feidhm ag na maoluithe, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir nó na hoibreoirí lena mbaineann na coinníollacha faoina ndeonaítear na maoluithe.

    3.   Tabharfaidh údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe fógra don Choimisiún, do na Ballstáit agus, i gcás comhlacht rialaithe, dá chomhlacht creidiúnaithe, faoi na maoluithe a dheonaíonn siad de bhun an Rialacháin seo tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 20(1), agus tabharfaidh siad láithreach é. Go háirithe, sonróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ainm an oibreora nó na n-oibreoirí lena mbaineann, tréimhse ama an mhaolaithe, an cineál táirgthe nó, i gcás inarb ábhartha, na cineálacha dáileachtaí talún, an t-údar leis an maolú agus áireoidh sé ráiteas ó údarás ábhartha an tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 28. I gcás nach mbeidh ráiteas den sórt sin ar fáil, tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe údar le ráiteas den sórt sin gan bheith ar fáil agus soláthróidh sé na sonraí ábhartha ar a bhfuil an t-aitheantas bunaithe.

    4.   Áiritheoidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe go gcoinneoidh aon oibreoir a bhfuil feidhm ag maoluithe maidir leis fianaise dhoiciméadach a bhaineann leis na maoluithe a dheonaítear chomh maith le fianaise dhoiciméadach ar úsáid na maoluithe sin sa tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag na maoluithe sin. Fíoróidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe comhlíonadh an oibreora nó na n-oibreoirí le coinníollacha na maoluithe a deonaíodh.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 30

    Tagairtí d’údaráis inniúla agus do Bhallstáit in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848

    1.   Maidir le tagairtí d’údaráis inniúla sna pointí seo a leanas d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, léifear iad mar thagairtí d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin:

    (a)

    pointí 1.7.2 agus an chéad mhír de phointe 1.7.3 de Chuid I;

    (b)

    pointí 1.3.4.3, 1.3.4.4.3, 1.6.7, 1.7.5, 1.7.8, 1.9.3.1, 1.9.4.1 agus 1.9.4.2 de Chuid II;

    (c)

    pointí 3.1.2.1 agus 3.1.3.1 de Chuid III.

    Is chuig an gCoimisiún amháin a chuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1.9.4.1 de Chuid II.

    2.   Maidir leis an tagairt do Bhallstáit i bpointe 1.9.4.4(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, léifear í mar thagairt d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin.

    Airteagal 31

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2146 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha táirgthe eisceachtúla maidir le táirgeadh orgánach (IO L 428, 18.12.2020, lch. 5).

    (4)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256 7.9.1987, lch. 1.).

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/771 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir shonracha agus coinníollacha sonracha a leagan síos le haghaidh seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha faoi chuimsiú rialuithe oifigiúla i dtáirgeadh orgánach agus na rialuithe oifigiúla ar ghrúpaí oibreoirí (IO L 165, 11.5.2021, lch. 25–27).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/279 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonracha le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe agus bearta eile lena n-áirithítear inrianaitheacht agus comhlíontacht sa táirgeadh orgánach agus i lipéadú táirgí orgánacha (IO L 62, 23.2.2021, lch. 6).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/533 ón gCoimisiún an 28 Márta 2019 maidir le clár rialaithe comhordaithe ilbhliantúil Aontais le haghaidh 2020, 2021 agus 2022 d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar uasteorainneacha iarmhar lotnaidicídí agus chun neamhchosaint tomhaltóirí ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus ar bhia de bhunadh plandaí agus ainmhíoch a mheas (IO L 88, 29.3.2019, lch. 28).

    (8)  Cinneadh 2004/563/CE, Euratom ón gCoimisiún an 7 Iúil 2004 lena leasaítear a Rialacha Nós Imeachta (IO L 251, 27.7.2004, lch. 9).


    IARSCRÍBHINN I

    Ábhar na tuarascála measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(i)

    CUID A

    Is é a bheidh i dtuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 1(2), tuarascáil athbhreithnithe maidir le doiciméid agus taifid, tuarascáil mheasúnaithe ar an láthair agus tuarascáil iniúchóireachta finné, agus féadfaidh sé go n-áireofar léi aon fhaisnéis eile a mheasann an comhlacht creidiúnaithe nó an t-údarás inniúil is gá.

    1.   Tuarascáil athbhreithnithe maidir le doiciméid agus taifid

    Is iad na nithe seo a leanas a bheidh sa tuarascáil athbhreithnithe maidir le doiciméid agus taifid:

    1.1.

    Measúnú ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    an struchtúr agus an méid;

    (b)

    córas bainistíochta TF;

    (c)

    oifigí brainse;

    (d)

    na cineálacha gníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fochonraitheoireachta seachas cigireacht agus sampláil;

    (e)

    cairt eagraíochtúil;

    (f)

    bainistíocht cháilíochta;

    1.2.

    Measúnú ar na nósanna imeachta maidir leis na malairtí faisnéise idir oifig na ceanncheathrún agus na hoifigí brainse, agus na saotharlanna atá ar fochonradh, agus leis an gCoimisiún, na Ballstáit, údaráis rialaithe eile agus comhlachtaí rialaithe eile chomh maith leis sin;

    1.3.

    Measúnú ar eolas agus ar cháilíocht na mball foirne a mhéid a bhaineann le reachtaíocht an Aontais i dtaobh na rialacha agus na rialuithe maidir le táirgeadh orgánach;

    1.4.

    Fíorú gurb intuigthe do na hoibreoirí nó do na grúpaí oibreoirí atá ar conradh an córas teanga a roghnaítear agus na doiciméid a eisíonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, go háirithe nósanna imeachta inmheánacha do na baill foirne a bhfuil baint acu leis an bpróiseas deimhniúcháin nó leis na rialuithe;

    1.5.

    Measúnú ar na cláir oiliúna leanúnacha, agus faireachán éifeachtach ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ar na hinniúlachtaí a fhaightear le linn na seisiún oiliúna;

    1.6.

    Measúnú ar thaithí agus ar inniúlacht na mball foirne ar na catagóirí táirgí mar a leagtar amach in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 faoi réir na rialuithe agus i ngach tríú tír a chumhdaítear leis an aitheantas, lena n-áirítear stádas fostaíochta na gcigirí lena mbaineann agus a gcaidreamh conarthach leis an gcomhlacht rialaithe;

    1.7.

    Measúnú ar na nósanna imeachta inmheánacha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí rialaithe i leith na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí, más ann dóibh, agus ar na scileanna sonracha agus an oiliúint is gá do chigirí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a rialaíonn an córas le haghaidh rialuithe inmheánacha grúpaí oibreoirí;

    1.8.

    Tuairisc agus meastóireacht ar fheidhmíocht an chórais rialaithe atá le cur i bhfeidhm le haghaidh gach tríú tír, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, sonraíochtaí rialaithe le haghaidh grúpaí oibreoirí;

    1.9.

    Aon fhaisnéis eile a mheasann an comhlacht creidiúnaithe is gá.

    2.   Tuarascáil mheasúnaithe ar an láthair

    Maidir le tuarascáil mheasúnaithe ar an láthair arna déanamh ag an gcomhlacht creidiúnaithe nó, de réir mar is iomchuí, ag an údarás inniúil, beidh na nithe seo a leanas inti:

    2.1.

    Tuarascáil mheasúnaithe ar na hoifigí ina ndéantar cinntí maidir le deimhniú ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    an toradh a bhí ar sheiceáil na gcomhad a ghabhann le gach catagóir táirgí mar a leagtar amach in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 a n-iarrtar aitheantas lena haghaidh, agus deimhniú go bhfuil na ceanglais rialuithe i ndáil le hoibreoirí agus grúpaí oibreoirí na ceanglais rialaithe curtha chun feidhme i gceart ag an gcomhlacht rialaithe mar a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán seo agus go háirithe Airteagail 9 agus 10;

    (b)

    meastóireacht ar an gcatalóg beart a bheidh le déanamh i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh;

    (c)

    meastóireacht ar na nósanna imeachta maidir le hanailís riosca chun críche na gcigireachtaí, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré;

    (d)

    meastóireacht ar an straitéis, ar an nós imeachta agus ar an modheolaíocht samplála;

    (e)

    meastóireacht ar an teagmháil leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis rialaithe eile agus na comhlachtaí rialaithe eile;

    (f)

    conclúidí ó agallaimh le baill foirne rialaithe agus deimhniúcháin maidir lena bhfeidhmíocht agus lena n-inniúlacht ar thascanna rialaithe agus deimhniúcháin;

    (g)

    deimhniú go bhfuil na hacmhainní is gá ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe chun an córas rialaithe a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo i ngach tríú tír a n-iarrann sé aitheantas lena haghaidh, go háirithe cigirí leordhóthanacha chun aon tseiceáil fhisiciúil a dhéanamh ag aon chéim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileadh, de réir mar is iomchuí, bunaithe ar a measúnú riosca, cigireachtaí nó samplálacha breise agus doiciméid i dteangacha is intuigthe do na hoibreoirí atá ar conradh, i gcás ina mbeidh na doiciméid sin ceaptha lena n-úsáid ag na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí;

    (h)

    deimhniú maidir le hacmhainn agus inniúlachtaí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe i ndáil lena chuid tascanna a dhéanamh le haghaidh gach tríú tír a n-iarrann sé aitheantas lena haghaidh, ag cur san áireamh, go háirithe, líon measta na n-oibreoirí nó na gcomhaltaí den ghrúpa oibreoirí, méid na dtáirgí onnmhairithe, cineál agus tionscnamh na dtáirgí, lena n-áirítear meastóireacht ar na hoibreoirí agus ar chomhaid na gcigirí.

    2.2.

    Tuarascáil iniúchóireachta finné de thoradh iniúchadh finné a dhéantar i gcomhréir le Cuid B agus a bhfuil na nithe seo a leanas inti:

    (a)

    ainm an oibreora, an chigire ar a ndearnadh iniúchadh agus mheasúnóir an chomhlachta creidiúnaithe;

    (b)

    faisnéis ghinearálta faoin iniúchadh finné amhail áit, am, plean nó páirtithe an iniúchta, agus an taithí atá ag an oibreoir nó ag an ngrúpa oibreoirí ar na rialacha maidir leis an táirgeadh orgánach;

    (c)

    raon feidhme na cigireachta;

    (d)

    ullmhúchán agus eolas an chigire, amhail obair a phleanáil, treoracha oibríochta, doiciméid agus ábhar a chuirtear ar fáil don chigire, eolas an chigire ar an gcatagóir ábhartha táirgí, meastóireacht ar stóinseacht phlean córais orgánaigh an oibreora nó ar chóras rialaithe inmheánaigh an ghrúpa oibreoirí, coinbhleachtaí leasa a sheiceáil, eolas ar Rialachán (AE) 2018/848, eolas ar nósanna imeachta a chomhlachta rialaithe maidir le feidhmiú nó cur chun feidhme an chórais rialaithe agus an phróisis deimhniúcháin;

    (e)

    feidhmíocht an chigire, amhail ábharthacht fhad na cigireachta, meastóireacht ar an idirphlé, fíorú ar neamhchomhlíonadh a tharla roimhe, faisnéis ábhartha a bhailiú, scileanna údaráis agus anailíse, teicníc chainte agus cheistiúcháin, scileanna éifeachtacha teanga, eolas ar na coinníollacha talmhaíochta áitiúla agus ar na cleachtais talmhaíochta áitiúla, cleachtais phróiseála sa tír sin nó scileanna sóisialta;

    (f)

    cáilíocht chigireacht fhisiciúil na saoráide/an ghabháltais/an aonaid amhail modheolaíocht agus cáilíocht an tseicliosta a úsáidtear le haghaidh na cigireachta, faisnéis a chuireann an t-oibreoir ar fáil sa phlean córais orgánaigh, stóinseacht na seiceálacha maischothromaíochta agus inrianaitheachta, an mhodheolaíocht a úsáidtear le haghaidh na samplála agus le haghaidh cigireacht a dhéanamh ar réimsí criticiúla;

    (g)

    torthaí, stádas na neamhchomhlíontachtaí a bhraitear agus na bearta ceartaitheacha a chuirtear i bhfeidhm;

    (h)

    meastóireacht ar an neamhchomhlíonadh a shainaithníonn measúnóir an chomhlachta creidiúnaithe ach nach mbraitheann an cigire;

    (i)

    cáilíocht agus iomláine an agallaimh fágála a dhéantar;

    (j)

    measúnú foriomlán ar éifeachtacht na cigireachta;

    (k)

    liosta de na neamhchomhlíontachtaí a bhraitear, tuairisc ar na bearta ceartaitheacha atá le déanamh ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe lena réiteach agus amlíne lena n-aghaidh;

    (l)

    i gcás grúpa oibreoirí, roinn shonrach ina soláthraítear tuairisc agus meastóireacht ar éifeachtacht an chórais le haghaidh rialuithe inmheánacha; agus

    (m)

    measúnú foriomlán ar acmhainn agus iontaofacht an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe maidir leis na gníomhaíochtaí creidiúnaithe a dhéanamh, agus toradh na meastóireachta a dhéantar i gcomhréir le roinn 2.1. Aon fhaisnéis eile a mheasann an comhlacht creidiúnaithe nó an t-údarás inniúil is gá, lena n-áirítear mar shampla, tuarascálacha agus conclúidí maidir le hiniúchtaí finné breise.

    CUID B

    1.

    Maidir leis an iniúchadh finné dá dtagraítear i bpointe 2.2 de Chuid A:

    (a)

    déanfaidh an comhlacht creidiúnaithe é nó, de réir mar is iomchuí, an t-údarás inniúil;

    (b)

    beidh sé bunaithe ar anailís riosca agus déanfar an ghníomhaíocht iomlán a thaifeadadh agus finné ann;

    (c)

    déanfar go fisiciúil é agus ní féidir é a dhéanamh go cianda ach amháin má chinneann an Coimisiún amhlaidh.

    2.

    Anuas ar Roinn 1, maidir leis an iniúchadh finné:

    (a)

    déanfar le haghaidh gach catagóire táirgí é mar a leagtar amach in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 a n-iarrtar an t-aitheantas lena haghaidh. Tabharfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aghaidh go huile agus go hiomlán ar gach neamhchomhlíonadh a bhraitheann an comhlacht creidiúnaithe nó an t-údarás inniúil faoi seach, agus deimhneoidh an comhlacht creidiúnaithe nó an t-údarás inniúil iad;

    (b)

    déanfar le haghaidh gach catagóire táirgí i dtríú tír dhifriúil é, i gcás ina n-iarrfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe amhlaidh nó i gcás ina mbeidh sé aitheanta cheana féin le haghaidh níos mó ná tríú tír amháin; agus

    (c)

    déanfar mar thosaíocht é i ngrúpaí oibreoirí, i gcás ina ndeimhníonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe grúpaí oibreoirí.

    3.

    Maidir le húdarás rialaithe nó comhlacht rialaithe a aithnítear faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (1) ón gComhairle agus a áirítear ar an liosta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2018/848, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2.2 de Chuid A den Iarscríbhinn seo, is ó iniúchtaí finné a thiocfaidh sí, iniúchtaí finné a dhéanfar:

    (a)

    le linn an 2 bhliain dheireanacha ag a gcomhlacht creidiúnaithe nó údarás inniúil chun críoch a n-aitheantais faoi Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 le haghaidh gach catagóire táirgí a n-iarrann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aitheantas lena haghaidh i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848; agus

    (b)

    i dtríú tír a bhfuil an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aitheanta lena haghaidh faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

    Le haghaidh gach ceann de na hiniúchtaí finné sin, áfach, deimhneoidh an comhlacht creidiúnaithe nó an t-údarás inniúil gur thug an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe aghaidh go huile agus go hiomlán ar gach neamhchomhlíonadh.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN II

    Na ceanglais ghinearálta agus na ceanglais shonracha le haghaidh na tuarascála bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 4

    1.   

    Déanfar nuashonrú leis an tuarascáil bhliantúil ar na nithe uile atá sa sainchomhad teicniúil mar a leagtar amach in Airteagal 1(2).

    2.   

    Beidh sa tuarascáil bhliantúil faisnéis an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe atá le nuashonrú chun críche na tuarascála bliantúla agus áireofar inti ainm agus códuimhir an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, seoladh poist, uimhir teileafóin, seoladh ríomhphoist agus seoladh suímh gréasáin ar a mbeidh nasc díreach chuig an liosta nuashonraithe de na hoibreoirí nó de na grúpaí oibreoirí, nasc a bheidh éasca teacht air ón leathanach baile.

    3.   

    Chun críocha na tuarascála bliantúla, líonfar isteach an sainchomhad teicniúil leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    gníomhaíochtaí rialaithe an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sna tríú tíortha sa bhliain roimhe, in aghaidh na catagóire táirgí, mar a leagtar amach in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848, lena n-áirítear an fhaisnéis faoi líon na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí chomh maith le líon a gcomhaltaí (lena n-áirítear fochonraitheoirí, mura mbíonn na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí freagrach as na fochonraitheoirí a thuilleadh) a bhí faoi réir a rialuithe an 31 Nollaig an bhliain roimhe, le miondealú de réir tríú tír agus na catagóire táirgí;

    (b)

    gealltanas go bhfuil na nuashonraithe is gá déanta ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ar aistriúchán na rialacha maidir le táirgeadh de réir Airteagal 1(2)(d) den Rialachán seo nó aistriúchán aon doiciméid ábhartha eile is gá chun críocha Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 nó an Rialacháin seo;

    (c)

    aon nuashonrú ar na nósanna imeachta inmheánacha, lena n-áirítear an córas deimhniúcháin agus rialaithe arna bhunú ag an údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;

    (d)

    nasc chuig suíomh gréasáin an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a mbeidh an fhaisnéis is gá i gcomhréir le hAirteagal 17 le fáil air;

    (e)

    tuarascáil mheasúnaithe bhliantúil ar na hoifigí ina ndéantar cinntí maidir le deimhniú, dá dtagraítear i bpointe 2.1 de Chuid A d’Iarscríbhinn I:

    (i)

    lena gcinntítear go ndearna an comhlacht creidiúnaithe nó an t-údarás inniúil measúnú sásúil ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe sa bhliain roimhe maidir lena gcumas a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha le Rialachán (AE) 2018/848;

    (ii)

    lena ndeimhnítear go bhfuil an acmhainn agus na hinniúlachtaí fós ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe chun na ceanglais, coinníollacha agus bearta rialaithe a leagtar amach in Airteagal 46(2) agus (6) de Rialachán (AE) 2018/848 agus sa Rialachán seo a chur chun feidhme, i ngach tríú tír a bhfuil sé aitheanta lena haghaidh;

    (iii)

    lena n-áirítear aon fhaisnéis nuashonraithe faoin tuarascáil mheasúnaithe bhliantúil a mhéid a bhaineann le torthaí agus meastóireacht na nithe seo a leanas:

    na seiceálacha ar chomhaid na n-oibreoirí nó na ngrúpaí oibreoirí;

    an liosta neamhchomhlíontachtaí, chomh maith leis an líon neamhchomhlíontachtaí i ndáil leis an líon oibreoirí creidiúnaithe nó an líon grúpaí oibreoirí creidiúnaithe;

    láimhseáil neamhchomhlíontachtaí agus gearán, más ann dóibh, agus míniú ar na bearta ceartaitheacha a chuir na hoibreoirí nó na grúpaí oibreoirí chun feidhme chun déileáil go críochnaitheach lena neamhchomhlíontachtaí;

    an chatalóg beart agus cuir chun feidhme na catalóige sin;

    an nós imeachta maidir le hanailís riosca;

    an plean riosca bliantúil;

    an straitéis, an nós imeachta agus an mhodheolaíocht samplála;

    na hathruithe ar aon cheann de na nósanna imeachta;

    an malartú faisnéise le húdaráis rialaithe eile, comhlachtaí rialaithe eile agus leis an gCoimisiún;

    cumas na mball foirne a bhfuil baint acu leis an bpróiseas cigireachta agus deimhniúcháin;

    na cláir oiliúna;

    eolas agus inniúlacht na mball foirne nua;

    éifeachtacht agus iontaofacht na gníomhaíochta dá raibh an finné ina láthair agus measúnú foriomlán ar fheidhmíocht an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe;

    nithe eile a mheasann an comhlacht creidiúnaithe nó an t-údarás inniúil a bheith ábhartha chun críocha Rialachán (AE) 2018/848;

    (iv)

    lena ndeimhnítear a mhéid a bhaineann le raon feidhme an aitheantais a leathnú chuig tríú tíortha breise nó chuig catagóirí táirgí breise sa bhliain roimhe, acmhainn agus inniúlachtaí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe chun rialuithe a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo i ngach tríú tír nua nó le haghaidh gach catagóire táirgí nua lena mbaineann, más ann d’oibreoirí gníomhacha nó do ghrúpaí oibreoirí gníomhacha.

    4.   

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le cásanna neamhchomhlíonta agus na bearta a rinneadh sa tuarascáil bhliantúil:

    (a)

    líon na gcigireachtaí fisiciúla a rinneadh ar an láthair le fógra roimh ré agus gan fógra a thabhairt;

    (b)

    an líon samplaí a bailíodh sna cigireachtaí le fógra agus gan fhógra agus i gcás inarb infheidhme, na gníomhaíochtaí a rinneadh;

    (c)

    an líon samplaí a bailíodh de bharr amhrais, gearán nó le linn imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 22(1) dá dtugtar fógra ina leith trí OFIS dá dtagraítear in Airteagal 21(2) (cás OFIS);

    (d)

    an líon cásanna OFIS a bhfuil amhras ann fúthu maidir le neamhchomhlíonadh a mheastar a bheadh ann neamhchomhlíonadh á shuitear a bheith ann;

    (e)

    an líon neamhchomhlíontachtaí a fuarthas, arna miondealú de réir mion-neamhchomhlíontachtaí, mór-neamhchomhlíontachtaí agus neamhchomhlíontachtaí criticiúla de réir aicmiúcháin na neamhchomhlíontachtaí maidir le táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

    (f)

    bearta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV agus a rinneadh i leith oibreoirí nó grúpaí oibreoirí i gcásanna neamhchomhlíonta.

    5.   

    Nuair a bheidh oibreoirí nó grúpaí oibreoirí ó údarás rialaithe eile nó ó chomhlacht rialaithe eile deimhnithe ag an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, beidh an méid seo a leanas i dtuarascáil bhliantúil an údaráis rialaithe óstaigh nó an chomhlachta rialaithe óstaigh maidir le gach oibreoir aistrithe nó grúpa oibreoirí aistrithe:

    (a)

    ainm an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí, a shuíomh geografach agus an uimhir deimhnithe a bhí aige roimhe;

    (b)

    ainm an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe lena raibh baint aige roimhe sin;

    (c)

    dáta aistrithe an chomhaid rialaithe;

    (d)

    an liosta de na neamhchomhlíontachtaí oscailte agus a gcineál agus na bearta arna gceangal ag an údarás rialaithe nó leis an gcomhlacht rialaithe a bhí ann roimhe sin, dá mba ann dóibh;

    (e)

    na bearta a chuir an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí i bhfeidhm chun a áirithiú nach dtarlódh neamhchomhlíontachtaí arís, agus dátaí na gcigireachtaí a rinne an t-údarás rialaithe nua nó an comhlacht rialaithe nua chun a fhíorú gur cuireadh bearta ceartaitheacha chun feidhme i gceart;

    (f)

    an tásc cibé acu a bhí nó nach raibh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí bainteach le haon chás OFIS.

    6.   

    Maidir le táirgí ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 8, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    an liosta oibreoirí nó grúpaí oibreoirí atá freagrach as na táirgí ardriosca;

    (b)

    le haghaidh gach oibreora nó grúpa oibreoirí:

    (i)

    na cigireachtaí a rinneadh agus dáta gach cigireachta;

    (ii)

    an tsampláil agus na hanailísí a rinneadh;

    (iii)

    na neamhchomhlíontachtaí a fuarthas;

    (iv)

    na bearta a cuireadh i bhfeidhm;

    (v)

    le haghaidh gach oibreora nó grúpa oibreoirí a d’athraigh a údarás rialaithe nó a chomhlacht rialaithe, na bearta ceartaitheacha agus/nó na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm i gcás inar tugadh neamhchomhlíontachtaí ar aird i dtuarascáil an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe a bhí ann roimhe sin;

    (c)

    le haghaidh gach coinsíneachta lena léirítear neamhchomhlíonadh:

    (i)

    tagairt don deimhniú cigireachta le haghaidh coinsíneachtaí a allmhairíodh;

    (ii)

    forbhreathnú ar thorthaí na hanailíse ar shamplaí lena sonraítear láithreacht iarmhar substaintí neamhúdaraithe;

    (iii)

    imscrúduithe agus bearta leantacha a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe i gcás measctha nó i gcás ina raibh iarmhair substaintí neamhúdaraithe sa choinsíneacht, lena n-áirítear an cinneadh maidir leis an gcoinsíneacht chomh maith le deimhniú go bhfuil bearta ceartaitheacha déanta ag na hoibreoirí.

    7.   

    Le haghaidh údaruithe chun ábhar atáirgthe plandaí neamhorgánach a úsáid i gcomhréir le pointe 1.8.5.2 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    an t-ainm eolaíoch agus an t-ainm coitianta (an t-ainm coitianta agus an t-ainm Laidine);

    (b)

    an cineál;

    (c)

    an líon maoluithe agus meáchan iomlán na síolta nó an lín plandaí a maolaíodh;

    (d)

    an líon oibreoirí agus grúpaí oibreoirí ar deonaíodh údarú dóibh.

    8.   

    Le haghaidh maoluithe a deonaíodh i gcomhréir le pointí 1.3.4.3 agus 1.3.4.4 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhair gach speicis beostoic neamhorgánaigh (bó-ainmhithe, eachainmhithe, ainmhithe de chineál caorach nó gabhair nó mucach agus ainmhithe fiara, coiníní, éanlaith chlóis), soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    an t-ainm eolaíoch agus an t-ainm coitianta (an t-ainm coitianta agus an t-ainm Laidine i.e. speiceas agus géineas);

    (b)

    na pórtha agus tréithchineálacha;

    (c)

    na críocha táirgthe: feoil, bainne, uibheacha, críocha dé-fheidhme nó pórúcháin;

    (d)

    an líon maoluithe agus an líon iomlán ainmhithe a ndearnadh maolú ina leith;

    (e)

    an líon oibreoirí agus grúpaí oibreoirí ar deonaíodh maolú dóibh.

    9.   

    Le haghaidh údaruithe a deonaíodh chun ógánaigh neamhorgánacha dobharshaothraithe a úsáid i gcomhréir le pointe 3.1.2.1 de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

    (a)

    an speiceas agus an géineas (an t-ainm coitianta agus an t-ainm Laidine);

    (b)

    na pórtha agus tréithchineálacha i gcás inarb infheidhme;

    (c)

    an líon iomlán maoluithe agus an líon iomlán ógánach le haghaidh gach speicis;

    (d)

    an líon oibreoirí agus grúpaí oibreoirí ar deonaíodh údarú dóibh.

    10.   

    Beidh sa tuarascáil bhliantúil aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás rialaithe, an comhlacht rialaithe nó an comhlacht creidiúnaithe a bheith ábhartha chun ceanglas sonrach Rialachán (AE) 2018/848 a chomhlíonadh.


    IARSCRÍBHINN III

    Teimpléad OFIS dá dtagraítear in Airteagal 21(2)

    Teimpléad chun freagra caighdeánach a thabhairt ar fhógra caighdeánach idirnáisiúnta maidir neamhchomhlíonadh a mheastar a bheith ann nó maidir le neamhchomhlíonadh a bheith á shuí

    A.

    Imscrúdú

    1)

    Cé na húdaráis rialaithe agus/nó cé na comhlachtaí rialaithe a bhí i gceannas ar an imscrúdú?:

    2)

    Tugtar tuairisc ar chomhoibriú idir na hoibreoirí difriúla agus údarás inniúil/údaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údarás rialúcháin/údaráis rialúcháin agus/nó comhlacht rialúcháin/comhlachtaí rialúcháin atá bainteach, sna tíortha difriúla atá bainteach (más gá)?:

    3)

    Cé na nósanna imeachta imscrúdaithe/nósanna imeachta modhanna a úsáideadh?:

    Mar shampla, ar cuireadh na hoibreoirí lena mbaineann faoi rialú áirithe?:

    Ar tógadh samplaí agus an ndearnadh anailís orthu?:

    4)

    Cad é toradh an imscrúdaithe?:

    Cad iad torthaí an imscrúdaithe/na hanailíse (más gá)?:

    Maidir leis an neamhchomhlíonadh/leis an bhféidearthacht go raibh neamhchomhlíonadh ann/le fadhb eile, ar deimhníodh cad ba chúis leis sin?:

    Cad é do mheas ar thromchúis an neamhchomhlíonta/na féidearthachta go raibh neamhchomhlíonadh ann/na faidhbe eile a ardaíodh?:

    5)

    Ar sainaithníodh agus ar suíodh go soiléir an bunús leis an éilliú/neamhchomhlíonadh/leis an bhféidearthacht go raibh neamhchomhlíonadh ann/aon fhadhb eile a ardaíodh agus freagracht na ngníomhairí?:

    Tabhair do bharúil ar an mbunús leis an éilliú/neamhchomhlíonadh nó ar aon fhadhb eile a ardaíodh agus ar fhreagracht na ngníomhairí:

    6)

    An raibh na hoibreoirí a sainaithníodh bainteach le cásanna maidir le neamhchomhlíontacht/amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann/fadhb eile a ardaíodh sna 3 bliana deireanacha?

    Tabhair do bharúil ar na hoibreoirí a sainaithníodh mar oibreoirí a bhí bainteach le cásanna eile maidir le neamhchomhlíonadh/leis an bhféidearthacht go raibh neamhchomhlíonadh ann/fadhbanna eile a ardaíodh sna 3 bliana deireanacha:

    B.

    Bearta agus pionóis:

     (*)1)

    Cad iad na bearta coisctheacha agus ceartaitheacha a rinneadh (e.g. maidir le dáileadh/scaipeadh an táirge ar mhargadh an Aontais agus ar mhargaí tríú tír)?:

     (*)2)

    Cad iad na gníomhaíochtaí a rinneadh i gcás neamhchomhlíonta/na féidearthachta go raibh neamhchomhlíonadh ann/na faidhbe eile a ardaíodh maidir leis na hoibreoirí agus/nó na táirgí lena mbaineann? (1):

     (*)Modh ngníomhaíochtaí (foirm scríofa, rabhadh, etc.)?:

    Ar cuireadh teorainn le deimhniú an táirgeora/an phróiseálaí, ar cuireadh ar fionraí é nó ar tarraingíodh siar é?:

    Dáta theacht i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí (má rinneadh aon ghníomhaíocht) (LL/MM/BBBB):

    Fad na ngníomhaíochtaí (má rinneadh aon ghníomhaíocht) (i míonna):

    An t-údarás rialaithe agus/nó an comhlacht rialaithe a ghlac agus a chuir na gníomhaíochtaí i bhfeidhm (má glacadh agus má cuireadh aon ghníomhaíocht i bhfeidhm):

    3)

    An bhfuil imscrúduithe breise beartaithe maidir leis na hoibreoirí lena mbaineann?:

    4)

    Cad iad na bearta eile atá a mbeartú an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe chun cosc a chur ar theacht chun cinn cásanna comhchosúla?:

    C.

    Faisnéis eile:

    D.

    Iarscríbhinní:

    Barúlacha ginearálta:

    Pointe teagmhála


    (*)  Réimsí éigeantacha.

    (1)  Beart de bhun Airteagal 29 (1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/848 agus Airteagal 22(1), (2) agus (3) agus Airteagal 23(1) agus (4) den Rialachán seo.


    IARSCRÍBHINN IV

    An chatalóg beart dá dtagraítear in Airteagal 22(3)

    CUID A

    Na heilimintí le haghaidh fhorbairt agus chur i bhfeidhm na catalóige beart

    1.

    Faoi réir Chuid B, féadfaidh an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe cásanna neamhchomhlíonta a aicmiú de réir cásanna mion-neamhchomhlíonta, mór-neamhchomhlíonta nó neamhchomhlíonta chriticiúil, ar bhonn na gcritéar aicmiúcháin i bpointe (b) d’Airteagal 22(3), i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    cás mion-neamhchomhlíontachta atá i gceist i gcás:

    (i)

    is comhréireach agus is iomchuí iad na bearta réamhchúraim atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir, agus is éifeachtúil iad na rialuithe atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir de réir an mheasúnaithe a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe;

    (ii)

    nach ndéanann an neamh-chomhlíontacht difear do shláine an táirge orgánaigh ná do shláine an táirge atá á thiontú;

    (iii)

    is féidir leis an gcóras inrianaitheachtana táirgí a ndearnadh difear dóibh a aimsiú sa slabhra soláthair agus is féidir cosc a chur ar allmhairiú an táirge ó thríú tír chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus tagairt á déanamh do tháirgeadh orgánach;

    (b)

    measfar gur cás mór-neamhchomhlíontachta a bheidh ann nuair:

    (i)

    ní comhréireach ná iomchuí iad na bearta réamhchúraim atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir, agus ní héifeachtúil iad na rialuithe atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir de réir an mheasúnaithe a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe;

    (ii)

    a dhéanann an neamhchomhlíontacht difear do shláine an táirge orgánaigh nó an táirge atá á thiontú;

    (iii)

    nár cheartaigh an t-oibreoir go tráthúil an mion-neamhchomhlíontacht;

    (iv)

    is féidir leis an gcóras inrianaitheachta na táirgí a ndearnadh difear dóibh a aimsiú sa slabhra soláthair agus is féidir cosc a chur ar allmhairiú an táirge ó thríú tír chun críche an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus tagairt á déanamh do tháirgeadh orgánach;

    (c)

    cás neamhchomhlíontacht chriticiúil a bheidh ann nuair:

    (i)

    ní comhréireach ná iomchuí iad na bearta réamhchúraim atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir, agus ní héifeachtúil iad na rialuithe atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir de réir an mheasúnaithe a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe;

    (ii)

    a dhéanann an neamhchomhlíontacht difear do shláine an táirge orgánaigh nó an táirge atá á thiontú;

    (iii)

    nach gceartaíonn an t-oibreoir mór-neamhchomhlíontachtaí a bhí ann roimhe sin nó nach gceartaíonn sé catagóirí eile neamhchomhlíontachtaí; agus

    (iv)

    níl aon fhaisnéis ann ón gcóras inrianaitheachta chun na táirgí a ndearnadh difear dóibh a aimsiú sa slabhra soláthair agus ní féidir cosc a chur ar allmhairiú na dtáirgí ó thríú tír chuan táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas agus tagairt á déanamh do tháirgeadh orgánach.

    2.   Bearta

    Féadfaidh údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach ar chatagóirí na gcásanna neamhchomhlíonta a liostaítear:

    Catagóir neamhchomhlíontachta

    Beart

    Mioneasnamh

    An t-oibreoir plean gníomhaíochta a chur isteach laistigh de theorainn ama maidir le neamhchomhlíontachtaí a cheartú

    Easnamh mór

    Níl tagairt don táirgeadh orgánach ar an lipéadú ná san fhógraíocht a rinneadh ar an mbaisc nó ar an tsraith táirgthe iomlán lena mbaineann (barraí nó ainmhithe dá ndéantar difear) de réir Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/848

    Cosc ar allmhairiú an táirge ó thríú tír chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach ar feadh tréimhse áirithe ama de réir Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/848

    Tréimhse thiontúcháin nua ag teastáil

    Raon feidhme an teastais a theorannú

    Feabhas a chur ar chur chun feidhme na mbeart réamhchúraim agus na rialuithe atá curtha i bhfeidhm ag an oibreoir chun comhlíontacht a áirithiú

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    Níl tagairt don táirgeadh orgánach ar an lipéadú ná san fhógraíocht a rinneadh ar an mbaisc nó ar an tsraith táirgthe iomlán lena mbaineann (barra/barraí nó ainmhí/ainmhithe dá ndéantar difear) de réir Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/848

    Cosc ar allmhairiú an táirge ó thríú tír chun an táirge sin a chur ar an margadh laistigh den Aontas mar tháirge orgánach ar feadh tréimhse áirithe ama de réir Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/848

    Tréimhse thiontúcháin nua ag teastáil

    Raon feidhme an teastais a theorannú

    An teastas a chur ar fionraí

    An deimhniú a tharraingt siar

    CUID B

    An liosta cásanna neamhchomhlíonta agus an taicmiúchán comhfhreagrach is sainordaitheach le cur san áireamh sa chatalóg beart

    Neamhchomhlíonadh

    Catagóir

    Diallas nach beag idir ríomh an ionchuir agus ríomh an aschuir (an mhaischothromaíocht)

    Easnamh mór

    Taifid agus taifid airgeadais in easnamh lena léireofaí comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/848

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    Faisnéis a fhágáil ar lár d’aon turas agus taifid easnamhacha dá dheasca sin

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    Falsú doiciméad a bhaineann le táirgí orgánacha a dheimhniú

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    Athlipéadú táirgí íosghrádaithe d’aonturas mar tháirgí orgánacha

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    Táirgí orgánacha a mheascadh le táirgí atá á dtiontú ina dtáirgí orgánacha nó le táirgí neamhorgánacha d’aonturas

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    Substaintí nó táirgí neamhúdaraithe a úsáid d’aonturas laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    OGManna a úsáid d’aonturas

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil

    Diúltaíonn an t-oibreoir rochtain a thabhairt don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe ar áitribh atá faoi réir rialuithe, nó ar a leabhair chuntas, lena n-áirítear a thaifid airgeadais, nó diúltaíonn sé cead a thabhairt don údarás rialaithe nó don chomhlacht rialaithe samplaí a thógáil

    Neamhchomhlíontacht chriticiúil


    Top