This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1467
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/1467 of 6 July 2021 amending Delegated Regulation (EU) 2016/1237 as regards the export licence obligation for rice
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1467 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh ríse
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1467 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh ríse
C/2021/4862
IO L 321, 13.9.2021, p. 18–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
13.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 321/18 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1467 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Iúil 2021
lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh ríse
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 177 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 66(3), pointí (c) agus (e) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún (3) forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca leis an gcóras ceadúnas le haghaidh táirgí talmhaíochta lena n-áirítear liosta na dtáirgí atá faoi réir ceadúnas onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a thíolacadh. |
(2) |
Le hAirteagal 2(2), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 i gcomhar leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, Cuid II, pointe A, déantar foráil maidir le hoibleagáid i dtaca le ceadúnas le haghaidh onnmhairí “ríse scilligthe (donn)” atá faoi chód AC 1006 20 agus le haghaidh onnmhairí “rís leathmheilte nó rís lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh” atá faoi chód AC 1006 30. |
(3) |
Faoi láthair, is féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar onnmhairí ar bhealaí eile. D’fhonn an tsimplithe agus chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar oibreoirí a mhaolú, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas maidir le ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh rís scilligthe (donn) agus rís leathmheilte nó lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh. |
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis na ceadúnais onnmhairiúcháin arna n-eisiúint le haghaidh rís scilligthe (donn) agus le haghaidh rís leathmheilte agus lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh, a gcuirtear deireadh leis an oibleagáid maidir le ceadúnais onnmhairiúcháin ina leith leis an Rialachán seo agus a bheidh fós bailí ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237
I gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237, scriostar pointe A.
Airteagal 2
Forálacha idirthréimhseacha
An t-urrús a taisceadh i leith ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh rís scilligthe (donn) agus le haghaidh rís leathmheilte nó lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh, scaoilfear é, arna iarraidh sin don sealbhóir teidealach, ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:
(a) |
nach bhfuil bailíocht an cheadúnais imithe in éag ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; |
(b) |
go bhfuil an ceadúnas úsáidte go páirteach nó nach bhfuil aon úsáid in aon chor bainte as fós ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha cur chun feidhme an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2535/2001, (CE) Uimh. 1342/2003, (CE) Uimh. 2336/2003, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 341/2007 agus (CE) Uimh. 382/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2390/98, (CE) Uimh. 1345/2005, (CE) Uimh. 376/2008 agus (CE) Uimh. 507/2008 ón gCoimisiún (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1).