This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1466
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1466 of 6 July 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2016/1239 as regards the amount of security and the period of validity of export licences for rice
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1466 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 a mhéid a bhaineann le méid na n-urrús agus leis an tréimhse bhailíochta i gcomhair ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh ríse
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1466 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 a mhéid a bhaineann le méid na n-urrús agus leis an tréimhse bhailíochta i gcomhair ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh ríse
C/2021/4863
IO L 321, 13.9.2021, pp. 16–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
13.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 321/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1466 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Iúil 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 a mhéid a bhaineann le méid na n-urrús agus leis an tréimhse bhailíochta i gcomhair ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh ríse
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 178 agus Airteagal 223(3), pointí (a), (b) agus (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin. |
|
(2) |
An oibleagáid i ndáil le ceadúnais le haghaidh onnmhairí “ríse scilligthe (donn)” atá faoi chód AC 1006 20 agus onnmhairí “ríse lánmheilte nó leathmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh”, atá faoi chód AC 1006 30, cuireadh deireadh leis an oibleagáid sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún (3) arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1467 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Dá bhrí sin, na forálacha cur chun feidhme maidir le méid na n-urrús agus maidir leis an tréimhse bhailíochta i gcomhair na gceadúnas onnmhairiúcháin sin, chomh maith leis an gceanglas fógra i dtaca leis na ceadúnais sin, is gá na forálacha agus an ceanglas sin a scriosadh. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 19a, scriostar pointe (b); |
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, Cuid II, scriostar pointe A. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (IO L 206, 30.7.2016, lch. 44).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha cur chun feidhme an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2535/2001, (CE) Uimh. 1342/2003, (CE) Uimh. 2336/2003, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 341/2007 agus (CE) Uimh. 382/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2390/98, (CE) Uimh. 1345/2005, (CE) Uimh. 376/2008 agus (CE) Uimh. 507/2008 ón gCoimisiún (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1467 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh ríse (féach leathanach 18 den Iris Oifigiúil seo).