Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1450

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1450 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aicrinitrin agus próclóras (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/6454

    IO L 313, 6.9.2021, p. 25–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1450/oj

    6.9.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 313/25


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1450 ÓN gCOIMISIÚN

    an 3 Meán Fómhair 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aicrinitrin agus próclóras

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (2)

    Cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aicrinitrin agus próclóras ón 31 Nollaig 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/291 ón gCoimisiún (3).

    (3)

    Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4). I gcás na substaintí gníomhacha aicrinitrin agus próclóras, áfach, tá sé deimhnithe ag na hiarratasóirí nach dtacaíonn siad a thuilleadh leis na hiarratais ar fhormheas a athnuachan.

    (4)

    I bhfianaise aidhm Airteagal 17, an chéad mhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níl údar a thuilleadh le faduithe ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin, dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/291. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go rachaidh formheasanna aicrinitrine agus próclóras in éag ar na dátaí a rachaidís in éag gan na síntí a chur leo.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

    (6)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meán Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/291 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-naiftiolaicéataimíd, aigéad 1-naiftiolaicéiteach, aicrinitrin, asocsastróibin, fluasafop-p, fluarocsaipir, iomasailil, creasocsaim-meitil, ocsafluairfein, próclóras, próiheicseaidé-ón, spiorocsaimín, teafluitrin agus tríbhúitiolaisín (IO L 48, 20.2.2019, lch. 17).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

    (1)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 19, aicrinitrin, cuirtear “31 Nollaig 2021” in ionad an dáta;

    (2)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 20, próclóras, cuirtear “31 Nollaig 2021” in ionad an dáta.


    Top