Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1449

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1449 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, clóirmeacuat, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, eatafeanprocs, feanocsapróp-P, feanpróipidín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, sulfar, teitreaconasól, trí-alláit, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/6452

    IO L 313, 6.9.2021, p. 20–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1449/oj

    6.9.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 313/20


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1449 ÓN gCOIMISIÚN

    an 3 Meán Fómhair 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, clóirmeacuat, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, eatafeanprocs, feanocsapróp-P, feanpróipidín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, sulfar, teitreaconasól, trí-alláit, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1), an chéad mhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1511 ón gCoimisiún (3) cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha clóratolúrón, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, MCPA, MCPB agus prósulfacarb go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021, cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substainte gníomhaí tríteasulfúrón go dtí 30 Samhain 2021 agus cuireadh síneadh le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, défheanocs, clóifeintisín, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, feanocsapróp-P, feanpróipidín, leanacail, niceasulfúrón, olaí pairifín, pioclóram, sulfar agus trífhlusulfúrón go dtí 31 Nollaig 2021. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2104 ón gCoimisiún (4), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí ola phairifín go dtí an 31 Nollaig 2021. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/555 ón gCoimisiún (5), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha clóirmeacuat, própacuiseafop agus cuisileafop-P-eitil go dtí an 30 Samhain 2021 agus cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), démhéiteaclór, eatafeanprocs, peanconasól, teitreaconasól agus trí-alláit go dtí an 31 Nollaig 2021. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1530 ón gCoimisiún (6), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí cuisileafop-P-teafuiril go dtí an 30 Samhain 2021.

    (3)

    Tá formheas na substainte gníomhaí 8-hiodrocsacuineoilín le dul in éag an 31 Nollaig 2021 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 993/2011 ón gCoimisiún (7).

    (4)

    Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (8).

    (5)

    Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substaintí gníomhacha sin ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh na formheasanna atá ag na substaintí gníomhacha sin in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur lena dtréimhsí formheasa.

    (6)

    Thairis sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse formheasa i gcás na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, clóifeintisín, clómasón, daimínisíd, feanocsapróp-P, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, leanacail, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón chun an t-am is gá a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh i ndáil le hairíonna suaite inchríneach na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

    (7)

    A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna sin a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meán Fómhair 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1511 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, défheanocs, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, feanocsapróp-P, feanpróipidín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, pioclóram, prósulfacarb, sulfar, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón (IO L 344, 19.10.2020, lch. 18).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2104 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí ola phairifín (IO L 425, 16.12.2020, lch. 93).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/555 ón gCoimisiún an 24 Márta 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa roinnt substaintí gníomhacha a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 (clár athnuachana AIR IV) (IO L 80, 25.3.2017, lch. 1).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1530 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí cuisileafop-p-teafuiril (IO L 232, 8.9.2017, lch. 4).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 993/2011 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2011 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach 8-hiodrocsacuineoilín, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 263, 7.10.2011, lch. 1).

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

    (1)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 18, 8-hiodrocsacuineoilín, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (2)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 40, Deiltemheitrin, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (3)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 65, Fluifeanaicéat, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (4)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 69, Foistiasáit, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (5)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 102, Clóratolúrón, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (6)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 103, Cipirmeitrin, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (7)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 104, Daimínisíd, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (8)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 107, MCPA, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (9)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 108, MCPB, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (10)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 119, Iondocsacarb, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (11)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 160, Prósulfacarb, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (12)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 161, Fluidhé-ocsainil, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (13)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 162, Clómasón, cuirtear “31 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta;

    (14)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 169, Aimídeasulfúrón, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (15)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 170, Niceasulfúrón, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (16)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 171, Clóifeintisín, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (17)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 172, Díceamba, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (18)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 173, Défheanaconasól, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (19)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 176, Leanacail, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (20)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 178, Pioclóram, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (21)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 180, Défheanocs, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (22)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 181, Défhluifeineacan, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (23)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 182, Feanocsapróp-P, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (24)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 183, Feanpróipidín, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (25)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 186, Tríteasulfúrón, cuirtear “30 Samhain 2022” in ionad an dáta;

    (26)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 276, Clóirmeacuat, cuirtear “30 Samhain 2022” in ionad an dáta;

    (27)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 278, Própacuiseafop, cuirtear “30 Samhain 2022” in ionad an dáta;

    (28)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 279, Cuisileafop-P-eitil agus Cuisileafop-P-teafuiril, cuirtear “30 Samhain 2022” in ionad an dáta;

    (29)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 284, Démhéiteaclór, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (30)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 285, Eatafeanprocs, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (31)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 287, Peanconasól, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (32)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 288, Trí-alláit, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (33)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 289, Trífhlusulfúrón, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (34)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 292, Sulfar, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (35)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 293, Teitreaconasól, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (36)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 294, Olaí pairifín, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (37)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 295, Ola phairifín, cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta;

    (38)

    sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 299, 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), cuirtear “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta.


    Top