Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1423

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2021 lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe faoi Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a mhalartú go córasach, trí mheán leictreonach, i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú chun airm thine áirithe a fháil nó a shealbhú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3400

IO L 307, 1.9.2021, pp. 3–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1423/oj

1.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 307/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1423 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Bealtaine 2021

lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe faoi Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a mhalartú go córasach, trí mheán leictreonach, i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú chun airm thine áirithe a fháil nó a shealbhú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 18(5), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagail 9 agus 10 de Threoir (AE) 2021/555 déantar foráil maidir le deonú údaruithe chun airm thine a fháil nó a shealbhú a aicmítear i gcatagóir A nó i gcatagóir B, lena n-áirítear údarú a dheonú trí cheann atá ann cheana a dheimhniú, a athnuachan nó a fhadú. Ina theannta sin, le Caibidil 2 den Treoir sin déantar foráil maidir leis na húdaruithe sin a athbhreithniú go tráthrialta agus a tharraingt siar.

(2)

Le hAirteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 ceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú ar fhorais slándála nó ar chúis a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann, diúltuithe dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10 den Treoir sin. Ós rud é nach sainmhínítear i dTreoir (AE) 2021/555 na coincheapa “forais slándála nó forais a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann”, ba cheart do na Ballstáit cuspóirí Threoir (AE) 2021/555, agus go háirithe cuspóirí Airteagal 6(1)(b), a chur san áireamh agus na coincheapa sin á léirmhíniú acu.

(3)

An oibleagáid atá ann faoi Airteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú, tuigtear go gcumhdaítear leis an oibleagáid sin aon chinneadh riaracháin nó breithiúnach a dhéanann údarás poiblí de chuid Ballstáit arb é is cuspóir nó is éifeacht dó a chosc ar dhuine arm tine a fháil nó a shealbhú a thagann faoi raon feidhme Airteagal 9 nó 10 den Treoir sin, cibé acu is tar éis iarraidh ar údarú a dhéantar an cinneadh sin nó nach ea, is le hairm thine shonracha a bhaineann sé nó nach ea, agus is de bhun cumhachtaí a eascraíonn as an Treoir sin go sonrach a dhéantar é nó nach ea. Mar shampla, cumhdaítear leis an oibleagáid bratchosc ar dhuine ar leith airm thine a fháil nó a shealbhú, is cuma cé acu a rinne an duine sin iarraidh ar údarú roimhe sin nó nach ndearna. Cumhdaítear léi freisin aon chinneadh riaracháin nó breithiúnach lena ndéantar údarú atá ann cheana a tharraingt siar, nó lena ndiúltaítear údarú atá ann cheana a dheimhniú, a athnuachan nó a fhadú. Le hAirteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 ceanglaítear ar údaráis inniúla faisnéis a mhalartú maidir leis na cineálacha éagsúla cinnidh sin ar fad, ar choinníoll gur ar fhorais slándála a rinneadh an cinneadh, nó go mbaineann sé le hiontaofacht an duine.

(4)

Le hAirteagal 18(5) de Threoir (AE) 2021/555 ceanglaítear ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le córas chun aon fhaisnéis a luaitear san Airteagal sin a mhalartú. Dá bhrí sin, bheadh córas i gceist chun an fhaisnéis a luaitear i mír 4 den Airteagal sin i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú, chun an fhaisnéis sin a mhalartú.

(5)

Na forálacha comhair riaracháin in Airteagal 18 de Threoir (AE) 2021/555, forálacha a bhaineann le haistriú arm tine ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, tá siad faoi réir tionscadal píolótach faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, rud a bunaíodh leis an Rialachán sin, b’fhéidir é a úsáid mar uirlis éifeachtach freisin i gcur chun feidhme na forála comhair riaracháin a leagtar amach in Airteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú. Dá réir sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1427 ón gCoimisiún (3) cuirtear an fhoráil sin faoi réir tionscadal píolóltach faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012. Chun sonraí pearsanta daoine aonair agus a gceart chun príobháideachais a chosaint, sonraítear leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin gurb é a sheiceáil an gcuimsítear sonraí a bhaineann le daoine aonair ar leith i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, gurb é sin a fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta a dhéanamh tríd an gcóras sin a úsáid, ní cuardach a dhéanamh de réir tagairt do chritéir níos ginearálta. Ina theannta sin tá coimircí sonracha i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 lena rialaítear rochtain ar shonraí pearsanta agus próiseáil sonraí pearsanta i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, mar shampla na rialacha faoi Airteagal 9(4) lena gceadaítear rochtain ar bhonn riachtanais amháin. Dá bhrí sin, is iomchuí a shainaithint gurb é Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh an córas atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát chun faisnéis a mhalartú a bhaineann le diúltuithe údaruithe a dheonú, agus is iomchuí na socruithe mionsonraithe maidir leis an malartú sin a leagan síos.

(6)

Ionas nach mbeidh ualach riaracháin díréireach ar na Ballstáit, na socruithe mionsonraithe a leagtar síos leis an Rialachán seo i ndáil le faisnéis a mhalartú trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, níor cheart feidhm a bheith acu ach maidir le cinntí diúltaithe a dhéanann údaráis náisiúnta riaracháin nó bhreithiúnacha ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ina dhiaidh.

(7)

Chun cearta cosanta sonraí na ndaoine aonair lena mbaineann a urramú, an fhaisnéis atá údarás inniúil le cur isteach i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, níor cheart a bheith inti ach a laghad is gá ionas go mbeidh údaráis inniúla Ballstát eile in ann a fhíorú an bhfuil duine ar leith faoi réir cinneadh diúltaithe a rinneadh ar fhorais slándála nó a bhaineann lena iontaofacht, nó an raibh sé faoi réir cinneadh dá leithéid roimhe seo. Dá bhrí sin, níor cheart a chuimsiú san fhaisnéis sin ach sonraí pearsanta amhail an t-ainm atá ar dhuine, a áit bhreithe agus a thír bhreithe, agus a náisiúntacht.

(8)

Ar an gcaoi chéanna, chun sonraí pearsanta daoine aonair agus a gceart chun príobháideachais a chosaint, níor cheart faisnéis faoi na cúiseanna sonracha a ndearnadh cinneadh diúltaithe a thaifeadadh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh. Go háirithe, níor cheart faisnéis maidir le taifead coiriúil duine ná lena stádas leighis nó síceolaíochta a thaifeadadh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh. I gcás ina mbeadh tuilleadh faisnéise de dhíth ar údarás inniúil i mBallstát amháin faoi na cúiseanna atá le cinneadh diúltaithe a rinneadh i mBallstát eile, bheadh an t-údarás inniúil sin in ann teagmháil a dhéanamh leis an údarás ábhartha sa Bhallstát eile lasmuigh de Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh trí mhodh iomchuí cumarsáide a úsáid agus i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí. Chuige sin, agus na Ballstáit ag taifeadadh cinneadh diúltaithe i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, ba cheart dóibh ainm agus sonraí teagmhála an údaráis riaracháin nó bhreithiúnaigh a rinne an cinneadh diúltaithe a chur in iúl, sin agus ainm agus sonraí teagmhála an údaráis lenar féidir le húdaráis inniúla Ballstát eile dul i dteagmháil agus iad ag lorg tuilleadh faisnéise faoin gcinneadh diúltaithe, i gcás nach ionann an t-údarás sin agus an ceann a rinne an cinneadh.

(9)

Ba cheart diúltuithe a thaifeadadh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh fiú dá bhféadfaí iad a bheith faoi réir achomharc riaracháin nó achomharc breithiúnach. Má chuirtear cinneadh diúltaithe ar neamhní nó má mheastar ar shlí eile go bhfuil sé neamhbhailí tar éis faisnéis a bhaineann leis a iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, ba cheart a cheangal ar an údarás lena mbaineann an iontráil maidir leis an diúltú sin a bhaint tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an diúltú a chur ar neamhní nó a fháil amach go bhfuil sé neamhbhailí.

(10)

Chun a áirithiú go leanfaidh an fhaisnéis atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh de bheith cruinn agus iomlán, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a gcuid iontrálacha a thabhairt cothrom le dáta aon uair a dhéantar athrú ábhartha. Mar shampla, dá ndéanfaí toirmeasc 5 bliana a laghdú ina dhiaidh sin agus toirmeasc 3 bliana a dhéanamh de, bheadh ar an mBallstát an iontráil a thabhairt cothrom le dáta chun dáta deiridh nua an toirmisc a thaifeadadh. I gcás toirmisc a mhairfeadh níos mó ná 10 mbliana, lena n-áirítear toirmisc éiginnte, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an iontráil uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad agus a dheimhniú go bhfuil sí fós bailí (nó í a thabhairt cothrom le dáta dá réir).

(11)

An tréimhse ama a bheidh rochtain ag na Ballstáit ar fhaisnéis maidir le diúltú ar leith i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, is gá an tréimhse sin a chinneadh. Leis an tréimhse sin ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann leis an gcóras malartaithe faisnéise a dhéanamh chomh héifeachtach úsáideach agus is féidir do na Ballstáit, agus an gá atá ann le sonraí pearsanta daoine aonair agus a gceart chun príobháideachais a chosaint. Is féidir gurb éard a bheadh i ndiúltú cinneadh simplí aonuaire lena ndiúltaítear iarraidh ar údarú, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé de chead ag an iarratasóir iarraidh ar údarú a dhéanamh arís aon uair feasta, nó is féidir gurb éard a bheadh ann cinneadh a mbeadh éifeacht leanúnach aige, amhail cinneadh diúltaithe arb í an éifeacht atá aige, go díreach nó go hindíreach, urchosc a chur ar an iarratasóir iarraidh ar údarú a dhéanamh arís go ceann tréimhse ama, nó cinneadh lena gcuirtear urchosc ar dhuine airm thine a bheith ina sheilbh aige go ceann tréimhse shocraithe nó éiginnte. Agus aird á tabhairt ar na cleachtais reatha sna Ballstáit maidir leis na cineálacha éagsúla diúltaithe is féidir a bheith ann, is iomchuí foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le faisnéis i ndáil le cinneadh diúltaithe a bheith inrochtana i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an cinneadh diúltaithe a dhéanamh i gcás cinntí simplí aonuaire, nó go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis deireadh a theacht le héifeacht an chinnidh diúltaithe i gcás cinntí a bhfuil éifeacht leanúnach acu.

(12)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo laistigh de 2 bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm chun saincheisteanna cur chun feidhme a d’fhéadfadh na Ballstáit a tharraingt anuas a chur san áireamh.

(13)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag na Ballstáit na nósanna imeachta is gá a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Faisnéis a bhaineann le diúltuithe údaruithe ar fhorais slándála nó ar chúis a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann, diúltuithe dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10 den Treoir sin, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le malartú na faisnéise sin tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 18(5) de Threoir (AE) 2021/555.

Ní thagann diúltú faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach amháin má rinneadh an cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena gcoisctear ar an duine lena mbaineann na hairm thine ábhartha a fháil nó a shealbhú (cinneadh dá ngairtear “an cinneadh diúltaithe” sa Rialachán seo) ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ina dhiaidh sin.

Airteagal 2

An córas malartaithe leictreonaigh

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1427, sin é an córas dá dtagraítear in Airteagal 18(5) de Threoir (AE) 2021/555 chun faisnéis a mhalartú a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir léi.

Airteagal 3

Faisnéis atá le malartú

1.   An fhaisnéis atá le malartú de bhun Airteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 i ndáil le diúltú údarú a dheonú ar fhorais slándála nó ar chúis a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann, diúltú dá bhforáiltear in Airteagal 9 nó 10 den Treoir sin, is iad na nithe seo a leanas a bheidh san fhaisnéis sin:

(a)

ainm an duine lena mbaineann;

(b)

dáta breithe an duine sin;

(c)

áit bhreithe agus tír bhreithe an duine sin;

(d)

náisiúntacht an duine sin;

(e)

an dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe;

(f)

uimhir thagartha náisiúnta an chinnidh diúltaithe nó aitheantóir uathúil eile atá aige, má tugadh uimhir nó aitheantóir den sórt sin don chinneadh diúltaithe sa Bhallstát ina ndearnadh é;

(g)

ainm agus sonraí teagmhála an údaráis riaracháin nó bhreithiúnaigh a rinne an cinneadh diúltaithe agus, más le húdarás eile atáthar le dul i dteagmháil chun tuilleadh faisnéise a lorg faoin diúltú; ainm agus sonraí teagmhála an údaráis sin;

(h)

an chatagóir as measc na dtrí chatagóir seo a leanas lena mbaineann an cinneadh diúltaithe:

(i)

cinntí diúltaithe arb é is feidhm dóibh a chosc ar dhuine arm tine a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse éiginnte, gan dáta deiridh socraithe;

(ii)

cinntí diúltaithe arb é is feidhm dóibh a chosc ar dhuine arm tine a fháil nó a shealbhú go ceann tréimhse shainithe lena mbaineann dáta deiridh socraithe (lena n-áirítear cinntí lena ndiúltaítear iarraidh ar údarú arb é an éifeacht atá acu go gcuirtear urchosc ar an duine iarraidh ar údarú a dhéanamh arís laistigh de thréimhse shainithe lena mbaineann dáta deiridh socraithe);

(iii)

cinntí diúltaithe nach dtagann faoi phointe (i) ná pointe (ii);

(i)

an dáta deiridh socraithe atá i gceist i gcás ina dtagann an cinneadh diúltaithe faoi phointe (h)(ii);

(j)

an chatagóir as measc na dtrí chatagóir seo a leanas lena mbaineann an cinneadh diúltaithe:

(i)

cinntí diúltaithe a dhéantar mar fhreagra ar iarraidh ar údarú dá bhforáiltear in Airteagal 9 nó 10 de Threoir (AE) 2021/555, nó mar fhreagra ar iarraidh ar údarú den sórt sin a dheimhniú, a athnuachan nó a fhadú;

(ii)

cinntí diúltaithe lena dtarraingítear siar údarú a deonaíodh, a deimhníodh, a athnuadh nó a fadaíodh faoi Airteagal 9 nó 10 de Threoir (AE) 2021/555;

(iii)

cinntí diúltaithe nach dtagann faoi phointe (i) ná pointe (ii).

2.   Anuas ar an bhfaisnéis a luaitear i bpointí (a) go (d) de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh tuilleadh sonraí aitheantais a sholáthar maidir leis an duine lena mbaineann, amhail cód cánach, uimhir phas nó uimhir cárta aitheantais, i gcás inar gá sin chun an duine sin a shainaithint i gceart.

3.   An fhaisnéis a liostaítear i mír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, na sonraí breise dá dtagraítear i mír 2, cuirfear isteach i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh iad laistigh de 30 lá féilire ón dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe, agus beidh rochtain orthu láithreach ag údaráis inniúla na mBallstát go léir.

Airteagal 4

Oibleagáidí maidir le faisnéis a bhaint, a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú

1.   I gcás ina gcuirtear cinneadh diúltaithe ar neamhní nó ina meastar ar shlí eile go bhfuil sé neamhbhailí tar éis faisnéis a bhaineann leis a iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, bainfidh an t-údarás inniúil an iontráil den chóras sin tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an cinneadh diúltaithe a chur ar neamhní nó a fháil amach go bhfuil sé neamhbhailí.

2.   I gcás ina bhfuil imthosca eile i gceist seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus ina scorann faisnéis a bhaineann le cinneadh diúltaithe a iontráladh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh de bheith cruinn agus iomlán ar chúis ar bith, lena n-áirítear de thoradh chúlghairm nó leasú an chinnidh diúltaithe ina dhiaidh sin, déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh maidir leis an diúltú sin a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 30 lá féilire ón dáta a scor an fhaisnéis de bheith cruinn nó iomlán. I gcás inarb é cúlghairm an chinnidh diúltaithe a bheidh i gceist, cuirfear an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm (“dáta na cúlghairme”) leis an iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh.

3.   I gcás iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh maidir le cinneadh diúltaithe a thagann faoi Airteagal 3(1)(h)(i), déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an iontráil uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad ón dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe, agus a luaithe a dhéanfar gach ceann de na hathbhreithnithe sin tabharfaidh sé an iontráil cothrom le dáta chun a dheimhniú go bhfuil an cinneadh diúltaithe i bhfeidhm i gcónaí nó, má rinneadh an cinneadh a chúlghairm, chun dáta na cúlghairme a thaifeadadh i gcomhréir le mír 2.

4.   I gcás iontráil maidir le cinneadh diúltaithe a thagann faoi Airteagal 3(1)(h)(ii) agus lena mbaineann dáta deiridh socraithe is faide anonn ná 10 mbliana tar éis an dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an iontráil uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad ón dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe go dtí an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta deiridh socraithe, agus a luaithe a dhéanfar gach ceann de na hathbhreithnithe sin tabharfaidh an t-údarás inniúil an iontráil cothrom le dáta chun a dheimhniú go bhfuil an cinneadh diúltaithe i bhfeidhm i gcónaí nó, má rinneadh an cinneadh a chúlghairm, chun dáta na cúlghairme a chur isteach i gcomhréir le mír 2.

5.   Má dhéantar cinneadh diúltaithe a chúlghairm, an oibleagáid i mír 3 nó, de réir mar is infheidhme, an oibleagáid i mír 4, scoirfidh sí d’fheidhm a bheith aici maidir leis an iontráil a luaithe a thabharfar an iontráil cothrom le dáta chun dáta na cúlghairme a chur isteach i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 5

An tréimhse a bhíonn rochtain ar fhaisnéis i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

1.   Faisnéis a mhalartaítear trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh rochtain uirthi i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh go ceann 10 mbliana ó cibé cé acu dáta díobh seo a leanas is déanaí, a mhéid is infheidhme iad maidir leis an gcinneadh diúltaithe atá i gceist, agus aon nuashonrú a rinneadh de bhun Airteagal 4 á chur san áireamh:

(a)

an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh arb é an dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe é;

(b)

an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh arb é an dáta é a tugadh an iontráil cothrom le dáta go deireanach chun a dheimhniú go bhfuil an cinneadh diúltaithe fós i bhfeidhm;

(c)

an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta deiridh socraithe don chinneadh diúltaithe.

Mar sin féin, i gcás iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh faoi réir na hoibleagáide atá ann faoi Airteagal 4(4), má mhainníonn an t-údarás inniúil an oibleagáid sin a chomhlíonadh, scoirfear den rochtain atá ar an iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh ar dhul in éag don spriocdháta a leagtar síos leis an Airteagal sin maidir leis an oibleagáid chéanna a chomhlíonadh.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás aon chinneadh diúltaithe dá dtaifeadtar dáta i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta óna ngabhfaidh éifeacht le cúlghairm an chinnidh, scoirfear den rochtain atá ar an iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh ar dhul in éag don tréimhse 10 mbliana ón dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta cúlghairme.

Airteagal 6

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo laistigh de 2 bhliain tar éis dháta a theacht i bhfeidhm.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 31 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 115, 6.4.2021, lgh. 1-25.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1427 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2021 maidir le tionscadal píolótach chun na forálacha maidir le comhar riaracháin a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, forálacha a bhaineann le cinntí diúltaithe i leith údaruithe a dheonú agus a leagtar amach i dTreoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Féach leathanach 20 den Iris Oifigiúil seo).


Top