Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1408

    Rialachán (AE) 2021/1408 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil alcalóidigh thrópáin in earraí bia áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/6193

    IO L 304, 30.8.2021, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1408/oj

    30.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 304/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/1408 ÓN gCOIMISIÚN

    an 27 Lúnasa 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil alcalóidigh thrópáin in earraí bia áirithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear alcalóidigh thrópáin, in earraí bia.

    (2)

    Is éard atá in atraipín an meascán raicéimeach de (-)-hióisciaimín agus (+)-hióisciaimín, meascán nach léiríonn gníomhaíocht fhrithchoilínéirgeach ann ach an eanantaiméir (-)-hióisciaimín. Ar chúiseanna anailíseacha, ní féidir idirdhealú a dhéanamh i gcónaí idir na heanantaiméirí hióisciaimín. Ós rud é gurb é (-)-hióisciaimín agus (-)-scópolaimín a fhaightear as sintéis na n-alcalóideach trópán i bplandaí agus ní (+)-hióisciaimín agus (+)-scópolaimín, áfach, léirítear leis na torthaí anailíseacha ar atraipín agus scópolaimín i mbia de thionscnamh plandaí gur ann do (–)-hióisciaimín agus (–)-scópolaimín faoi seach.

    (3)

    In 2013 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim maidir le halcalóidigh thrópáin i mbia agus i mbeatha (3). Shocraigh an tÚdarás géardháileog thagartha ghrúpa (“ARfD”) arb é atá inti 0,016 μg/kg den mheáchan choirp (“b.w.”) arna sloinneadh mar shuim an (-)-hióisciaimín agus an (-)-scópolaimín, ag glacadh leis go bhfuil neart coibhéasach ann. Bunaithe ar an eolas teoranta a bhí ar fáil, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur féidir go sáródh nochtadh cothúcháin lapadán ARfD an ghrúpa a shárú go mór. Dá bhrí sin, chuir an tÚdarás i dtábhacht an gá atá le tréithriú níos fearr a dhéanamh ar alcalóidigh thrópáin i mbia agus i mbeatha, bídís nádúrtha nó ina n-éilleáin, agus mhol sé sonraí anailíseacha a thiomsú maidir le halcalóidigh thrópáin a fhaightear i ngránaigh agus i síolta ola.

    (4)

    Agus conclúidí na tuairime á gcur san áireamh, le Rialachán (AE) 2016/239 ón gCoimisiún (4) bunaíodh uasleibhéil le haghaidh atraipín agus scópolaimín i mbianna gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbianna do naíonáin agus do leanaí óga, bianna ina bhfuil muiléad, sorgum, ruán nó na táirgí a dhíorthaítear uathu.

    (5)

    D’fhoilsigh an tÚdarás glao ar thograí chun tiúchan alcalóideach trópán a imscrúdú i réimse leathan táirgí bia planda-dhíorthaithe ar fud réigiún éagsúil laistigh den Aontas, rud a rinne sé tar éis an mholta ina thuairim ó 2013. Foilsíodh torthaí an imscrúdaithe an 8 Nollaig 2016 (5).

    (6)

    An 5 Feabhra 2018, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil eolaíoch maidir leis an measúnú ar ghéarnochtadh cothúcháin d’alcalóidigh thrópáin i measc dhaonra an Aontais, agus sonraí nua i dtaca le teagmhais á gcur san áireamh (6). I gcás roinnt meastachán géarnochta, sáraíodh an ARfD i gcás roinnt grúpaí den daonra. Dá bhrí sin, is ábhar imní sláinte é alcalóidigh thrópáin a bheith ann, go háirithe atraipín agus scópolaimín.

    (7)

    Ba cheart uasleibhéil maidir leis na halcalóidigh thrópáin sin a shocrú le haghaidh earraí bia a bhfuil tiúchan ard díobh iontu agus a chuireann go mór le nochtadh an daonra dóibh, eadhon gránaigh áirithe, táirgí a dhíorthaítear uathu agus insiltí luibhe. Maidir le gránaigh agus táirgí gránacha, go háirithe, is le dea-chleachtais talmhaíochta agus bainte a íoslaghdaítear éilliú an bhairr ag síolta speiceas ina bhfuil alcalóidigh thrópáin, amhail Datura stramonium.. I gcás éillithe, féadfaidh na síolta sin a bhaint de ghránaigh áirithe trí shórtáil agus glanadh. Ní féidir iad a bhaint go héasca, áfach, de shorgum, de mhuiléad, d’arbhar Indiach ná de ruán. I bhfianaise na huasleibhéil le haghaidh na n-earraí bia sin a bheith níos airde ná na leibhéil a leagtar amach le haghaidh earraí bia do naíonán agus do leanaí óga, féadfar uasleibhéal a shocrú le haghaidh suim an atraipín agus an scópolaimín i dtaca le gach ceann de na bianna sin.

    (8)

    Thairis sin, bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga ina bhfuil arbhar Indiach nó táirgí a dhíorthaítear ó arbhar Indiach, léiríonn sonraí faireacháin a bhí ann le déanaí gur féidir na bianna sin a bheith éillithe ag alcalóidigh thrópáin freisin. Dá bhrí sin, na huasleibhéil atá ann cheana le haghaidh bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga, is iomchuí iad a leathnú chun na bianna sin a chumhdach.

    (9)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin.

    (10)

    I bhfianaise nár tugadh isteach nó nár cuireadh chun feidhme dea-chleachtais talmhaíochta agus bainte ach le déanaí agus chun gur féidir leis na hoibreoirí gnólachta bia oiriúnú do na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo agus cosaint pobal leochaileach a áirithiú, maidir le bianna eile seachas bianna do naíonán agus do leanaí óga ina bhfuil arbhar Indiach, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama réasúnach sula mbeidh feidhm ag na huasleibhéil agus idirthréimhse a chur ar fáil le haghaidh gach earra bia a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (11)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga ina bhfuil arbhar Indiach nó na táirgí a dhíorthaítear uathu, bianna a cuireadh ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

    Earraí bia a liostaítear i bpointí 8.2.2. go 8.2.9. den Iarscríbhinn agus ar cuireadh ar an margadh iad go dleathach roimh an 1 Meán Fómhair 2022, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

    (3)  Tuairim Eolaíoch maidir le halcalóidigh thrópáin i mbia agus i mbeatha. Iris EFSA 2013;11(10):3386, 113 pp. doi:10.2903/j.efsa.2013,3386.

    (4)  Rialachán (AE) 2016/239 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil alcalóideach trópán i mbianna gránachbhunaithe áirithe do naíonáin agus do leanaí óga (IO L 45, 20.2.2016, lch. 3)

    (5)  Mulder, PPJ., De Nijs, M., Castellari, M., Hortos, M., MacDonald, S., Crews, C., Hajslova, J. agus Stranska, M., 2016. “Occurrence of tropane alkaloids in food” (“Teagmhais alcalóideach trópán i mbia”]. Foilseachán tacaíochta EFSA 2016:EN-1140. 200 pp. doi:10.2903/sp.efsa.2016.EN-1140.

    (6)  Arcella, D., Altieri, A., Horváth, Zs, 2018. “Scientific report on human acute exposure assessment to tropane alkaloids” [Tuarascáil eolaíoch maidir le measúnú ar ghéarnochtadh an duine d’alcalóidigh thrópáin”]. Iris EFSA 2018;16(2):5160, 29 pp. doi:10.2903/j.efsa.2018,5160.


    IARSCRÍBHINN

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 8, iontráil 8.2:

    “Earraí bia (1)

    Uasleibhéal (μg/kg)

    8.2.

    Alcalóidigh thrópáin  (*1)

     

     

     

    Atraipín

    Scópolaimín

    8.2.1.

    Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga ina bhfuil muiléad, sorgum, ruán, arbhar Indiach nó na táirgí a dhíorthaítear uathu (3) (29)

    1,0

    1,0

     

     

    Suim de atraipín agus scópolaimín

    8.2.2.

    Muiléad agus sorgum neamhphróiseáilte (18)

    5,0 ón 1 Meán Fómhair 2022

    8.2.3.

    Arbhar Indiach neamhphróiseáilte (18) seachas

    arbhar Indiach a bhfuil sé beartaithe é a phróiseáil de mhuilleoireacht fhliuch (37) agus

    arbhar Indiach neamhphróiseáilte lena róstadh

    15 ón 1 Meán Fómhair 2022

    8.2.4.

    Ruán neamhphróiseáilte (18)

    10 ón 1 Meán Fómhair 2022

    8.2.5.

    Arbhar Indiach lena róstadh

    Muiléad, sorgum agus arbhar Indiach a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh

    Táirgí muilleoireachta de mhuiléad, sorgum agus arbhar Indiach

    5,0 ón 1 Meán Fómhair 2022

    8.2.6.

    Ruán a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh

    Táirgí muilleoireachta de ruán

    10 ón 1 Meán Fómhair 2022

    8.2.7.

    Insiltí luibhe (earra triomaithe) seachas na hinsiltí luibhe dá dtagraítear in 8.2.8.

    25 ón 1 Meán Fómhair 2022

    8.2.8.

    Insiltí luibhe (earra triomaithe) de shíolta ainíse

    50 ón 1 Meán Fómhair 2022

    8.2.9.

    Insiltí luibhe (leacht)

    0,20 ón 1 Meán Fómhair 2022


    (*1)  Is iad atraipín agus scópolaimín na halcalóidigh thrópáin dá dtagraítear.”


    Top