EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1349

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1349 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir maidir le measúnú comhlíontachta na n-údarás inniúil maidir leis an riarachán sainordaitheach ar thagarmharc criticiúil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3117

IO L 291, 13.8.2021, p. 4–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1349/oj

13.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1349 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir maidir le measúnú comhlíontachta na n-údarás inniúil maidir leis an riarachán sainordaitheach ar thagarmharc criticiúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Baineann measúnú na n-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/1011 le conas is ceart tagarmharc criticiúil a thrasdul chuig riarthóir nua nó conas is ceart scor den tagarmharc sin a sholáthar. Dá bhrí sin, is iomchuí sonrú a dhéanamh ar dhá shraith critéar a bheidh le meas ag na húdaráis inniúla, de réir an cháis a bheidh á mheasúnú acu.

(2)

I gcás ina mbeidh tagarmharc criticiúil le trasdul chuig riarthóir nua, ba cheart don riarthóir nua a bheith in ann leanúnachas maidir le soláthar an tagarmhairc chriticiúil a áirithiú ar bhealach ina bhféadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht leanúint d’úsáid a bhaint as gan bhriseadh agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011. Dá bhrí sin, is gá sonrú a dhéanamh ar na critéir ar cheart d’údarás inniúil iad a chur san áireamh le linn measúnú a dhéanamh ar cibé acu an féidir leis an riarthóir nua an leanúnachas sin a áirithiú.

(3)

Ba cheart an mhaoirseacht a dhéantar ar thagarmharc criticiúil a áirithiú ar feadh thrasdul an tagarmhairc sin chuig riarthóir nua. Is airde an riosca a bhaineann le neamhleanúnachas sa mhaoirseacht a dhéantar ar an tagarmharc sin i gcás ina bhfuil an riarthóir nua lonnaithe i mBallstát atá éagsúil le Ballstát an údaráis inniúil ag a mbeidh an measúnú á dhéanamh ar conas is ceart an tagarmharc criticiúil a thrasdul chuig an riarthóir nua sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla lena mbaineann dul i gcomhar chun a áirithiú go bhfaighidh an t-údarás inniúil ag a bhfuil an measúnú á dhéanamh an fhaisnéis uile is gá chun a chinneadh an ndéanfar an leanúnachas sa mhaoirseacht ar an tagarmharc a áirithiú ar feadh an trasdula sin, lena n-áirítear anailís atá dírithe ar shuíomh an riarthóra nua agus ar a stádas údaraithe.

(4)

Agus measúnú á dhéanamh ar conas is ceart tagarmharc criticiúil a thrasdul chuig riarthóir nua, ba cheart d’údarás inniúil anailís a dhéanamh, ó thaobh oibríochtúil de, ar conas a dhéanfar soláthar an tagarmhairc chriticiúil a aistriú ón riarthóir reatha chuig an riarthóir nua. Ba cheart don údarás inniúil lena mbaineann nithe ar leith a chur san áireamh, is iad sin foilseachán an tagarmhairc gan bhriseadh, infhaighteacht sonraí ionchuir, an mhodheolaíocht maidir le ríomh an tagarmhairc agus aon rannpháirtíocht is gá le haon rannchuiditheoir, úsáideoir agus geallsealbhóir eile.

(5)

Maidir le húdarás inniúil a dhéanann measúnú ar conas is ceart scor de thagarmharc criticiúil a sholáthar, ba cheart dó a bheith deimhin de gur féidir scor den tagarmharc a sholáthar ar bhealach rianúil, ag féachaint, inter alia, don nós imeachta um scor den tagarmharc arna bhunú ag a riarthóir i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2016/1011. Dá bhrí sin, is gá sonrú a dhéanamh ar na critéir ar cheart d’údarás inniúil iad a chur san áireamh chun a chinneadh an mar sin atá.

(6)

Maidir le húdarás inniúil a dhéanann measúnú ar conas is ceart scor de thagarmharc criticiúil a sholáthar, ba cheart dó na pleananna i scríbhinn maidir le scor den tagarmharc dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2016/1011 a chur san áireamh freisin. Is féidir nach mbeidh na pleananna i scríbhinn sin de chuid úsáideoirí éagsúla tagarmhairc chriticiúil ailínithe i gcónaí agus is féidir nach mbeidh siad comhsheasmhach má chuirtear i bhfeidhm an tráth céanna iad. Dá bhrí sin, is den tábhacht go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh a mhéid atá na pleananna i scríbhinn sin comhoiriúnach i dtaca le húsáideoirí éagsúla an tagarmhairc, lena n-áirítear i leith na n-eachtraí tucaide maidir le scor den tagarmharc a bheartaítear leis na pleananna sin i scríbhinn, agus conas is féidir na pleananna i scríbhinn sin a úsáid chun go n-áiritheofar go scoirfear den tagarmharc criticiúil ar bhealach rianúil.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) faoi bhráid an Choimisiúin.

(8)

Reáchtáil ÚEUM comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus na tairbhí féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(9)

Chun comhsheasmhacht le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a áirithiú, rud a thug isteach i Rialachán (AE) 2016/1011 Airteagal 21(5) den Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar an trasdul chuig riarthóir nua

Agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar conas is ceart tagarmharc criticiúil a thrasdul chuig riarthóir nua, cuirfidh siad na critéir uile seo a leanas san áireamh:

(a)

cibé acu an bhfuil an riarthóir nua a mholtar sa mheasúnú arna chur isteach ag an riarthóir reatha de bhun Airteagal 21(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2016/1011:

(i)

lonnaithe sa Bhallstát céanna leis an riarthóir reatha, nó i mBallstát éagsúil, agus sa chás sin rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhar, i gcás inar gá, le húdarás inniúil Bhallstát an riarthóra nua chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an áiritheofar an mhaoirseacht ar an tagarmharc criticiúil ar feadh an trasdula chuig an riarthóir nua;

(ii)

ina eintiteas faoi mhaoirseacht agus, má tá, cé na gníomhaíochtaí a bhfuil maoirseacht á déanamh air lena n-aghaidh, agus cibé acu an ann d’aon choinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha le gníomhaíochtaí reatha an eintitis sin;

(iii)

ina úsáideoir de chuid an tagarmhairc agus, má tá, cibé acu an bhfuil na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh eascairt maolaithe go leordhóthanach;

(iv)

údaraithe cheana mar riarthóir tagarmhairc faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1011;

(v)

ina sholáthraí tagarmharcanna cheana, agus má tá, cibé acu an bhfuil na tagarmharcanna sin ina dtagarmharcanna criticiúla, suntasacha, neamhshuntasacha, tráchtearraí nó ráta úis.

(b)

cibé acu ar chuir riarthóir reatha an tagarmhairc chriticiúil aon rannchuiditheoir, úsáideoir agus geallsealbhóir eile ar an eolas nó cibé acu ar reáchtáil sé comhairliúcháin phoiblí faoi thrasdul indéanta an tagarmhairc chriticiúil chuig an riarthóir nua;

(c)

an bealach a mbeartaíonn an riarthóir nua an tagarmharc criticiúil a ríomh agus cibé acu an mbeartaíonn an riarthóir sin aon cheann de na heilimintí seo a leanas a bhaineann leis an tagarmharc criticiúil a leasú agus, má bheartaíonn, conas a áiritheoidh an riarthóir go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2016/1011 leis na heilimintí sin:

(i)

an mhodheolaíocht, lena n-áirítear cáilíocht na sonraí ionchuir, agus a athbhreithniú;

(ii)

an beartas teagmhais maidir le ríomh an tagarmhairc;

(iii)

na nósanna imeachta chun déileáil le hearráidí i sonraí ionchuir nó in athchinneadh an tagarmhairc;

(iv)

an cód iompair;

(d)

cibé acu an mbeidh rochtain ag an riarthóir nua ar na sonraí ionchuir céanna leis an riarthóir reatha, lena n-áirítear sonraí ionchuir stairiúla arna sealbhú ag an riarthóir reatha

(e)

cibé acu an ndearnadh tástáil leordhóthanach ar bhonneagar TF an riarthóra nua chun an tagarmharc criticiúil a sholáthar;

(f)

i gcás ina bhfuil an tagarmharc criticiúil bunaithe ar shonraí ionchuir arna rannchuidiú ag painéal rannchuiditheoirí, conas a bheartaíonn an riarthóir nua na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh, agus cibé acu an leanfaidh na rannchuiditheoirí reatha de bheith mar chuid den phainéal tar éis thrasdul an tagarmhairc chuig an riarthóir nua;

(g)

an bealach a mbeartaíonn an riarthóir nua an tagarmharc criticiúil a fhoilsiú, lena n-áirítear na gnáthshocruithe foilseacháin laethúla, minicíocht an fhoilseacháin, seoladh an tsuímh gréasáin agus cibé acu an mbeidh an tagarmharc criticiúil inrochtana tar éis táille a íoc nó saor in aisce;

(h)

cibé acu an ann do phlean mionsonraithe le haghaidh an dáta trasdula, agus más ann, cibé acu an ndéileáiltear leis na saincheisteanna indéanta uile leis an bplean sin, lena n-áirítear saincheisteanna conarthacha, a eascraíonn as trasdul an tagarmhairc chriticiúil chuig riarthóir nua;

(i)

rioscaí dlí a bhaineann leis an trasdul, lena n-áirítear an riosca a bhaineann le dírathú conartha;

(j)

na himpleachtaí cuntasaíochta agus cánach a bhaineann leis an tagarmharc criticiúil atá á sholáthar ag riarthóir nua;

(k)

tionchar an trasdula ar bhonneagar an mhargaidh airgeadais, lena n-áirítear tithe imréitigh.

Airteagal 2

Critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar scor de thagarmharc criticiúil a sholáthar

1.   Agus measúnú á dhéanamh ag na húdaráis inniúla ar conas is ceart scor de thagarmharc criticiúil a sholáthar, cuirfidh siad na critéir uile seo a leanas san áireamh:

(a)

éifeachtacht an nós imeachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2016/1011, agus go háirithe:

(i)

cibé acu an sainítear go beacht leis an nós imeachta sin na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an riarthóir chun scor den tagarmharc criticiúil a sholáthar ar bhealach rianúil;

(ii)

cibé acu, agus imthosca an cháis shonraigh á gcur san áireamh, an leor na gníomhaíochtaí sin chun a áirithiú go scoirfear den tagarmharc criticiúil a sholáthar ar bhealach rianúil, ag féachaint freisin do na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo;

(iii)

an uair a cuireadh an nós imeachta sin ar fáil agus an uair a tugadh cothrom le dáta don uair dheireanach é.

(b)

na pleananna i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2016/1011 agus go háirithe:

(i)

cibé acu an ainmnítear leis na pleananna sin i scríbhinn tagarmharcanna malartacha oiriúnacha ar féidir tagairt dóibh le teacht in ionad an tagarmhairc chriticiúil agus, má dhéantar amhlaidh, cibé acu an ainmnítear leis na pleananna sin i scríbhinn na tagarmharcanna céanna nó tagarmharcanna malartacha éagsúla;

(ii)

i gcás ina n-ainmnítear leis na pleananna sin i scríbhinn an tagarmharc malartach céanna, cibé acu ar glacadh an tagarmharc sin in aicmí sócmhainní éagsúla;

(iii)

cibé acu an bhfuil na heachtraí tucaide maidir le scor de thagarmharc criticiúil a sholáthar a áirítear sna pleananna i scríbhinn mar an gcéanna i measc na bpleananna arna gcur ar fáil ag na heintitis faoi mhaoirseacht a úsáideann an tagarmharc criticiúil sin, i gcás inar féidir measúnú a dhéanamh air sin.

(c)

cibé acu an bhfuil riarthóirí na dtagarmharcanna malartacha dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den mhír seo údaraithe;

(d)

i gcás inar féidir, cibé acu an mbeadh drochthionchar ag scor de sholáthar an tagarmhairc chriticiúil ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí (4);

(e)

cibé acu an dtiocfadh eachtra force majeure as scor de sholáthar an tagarmhairc chriticiúil;

(f)

dinimic an mhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch a bheartaítear a thomhas leis an tagarmharc criticiúil agus cibé acu an ann do shonraí ionchuir lena mbaineann cáilíocht agus cainníocht atá sách ard chun an bunmhargadh nó an fíorchás eacnamaíoch sin a léiriú go beacht;

(g)

cibé acu ar chuir an riarthóir aon rannchuiditheoir leis an tagarmharc criticiúil, aon úsáideoir de chuid an tagarmhairc sin agus aon gheallsealbhóir eile ar an eolas nó cibé acu ar reáchtáil sé comhairliúcháin phoiblí faoi bheith ag scor, b’fhéidir, de sholáthar an tagarmharc criticiúil;

(h)

aon riosca dlí a bhaineann le scor den tagarmharc criticiúil a sholáthar;

(i)

na himpleachtaí cuntasaíochta agus cánach a bhaineann le scor den tagarmharc criticiúil a sholáthar;

(j)

an tionchar a bhaineann le scor den tagarmharc criticiúil a sholáthar, agus sin ar bhonneagar an mhargaidh, lena n-áirítear tithe imréitigh.

Chun críocha phointe (c), i gcás nach bhfuil riarthóirí na dtagarmharcanna malartacha dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den mhír seo údaraithe, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar choinníollacha a n-údaraithe faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2016/1011 agus déanfaidh sé measúnú ar cibé acu an gá tréimhse riaracháin shainordaithigh ar an tagarmharc criticiúil chun go bhféadfar riarthóirí na dtagarmharcanna malartacha sin a údarú.

2.   I dteannta na gcritéar dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfaidh údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhfuil an nós imeachta arna bhunú ag an riarthóir i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 iomchuí ag féachaint do na heilimintí seo a leanas a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais, leis na conarthaí airgeadais nó leis na cistí infheistíochta lena ndéantar tagairt don tagarmharc criticiúil:

(a)

a méid agus a luach;

(b)

téarma, fad, aibíocht nó dáta éaga na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí airgeadais agus aon doiciméid eile a dhéantar chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas trí innéacs nó trí theaglaim innéacsanna chun críche tuairisceán innéacs den sórt sin nó tuairisceán teaglama innéacsanna den sórt sin a rianú, leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú, nó na táillí feidhmíochta a ríomh.

(c)

cibé acu an leanfar den tagarmharc criticiúil a sholáthar lena úsáid le linn idirthréimhse nó tréimhse faoi leachtú nádúrtha;

(d)

cibé acu an ndéantar foráil leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le cibé athruithe ar an tagarmharc criticiúil is gá chun a áirithiú go leanfaidh an tagarmharc criticiúil de bheith iontaofa agus ionadaíoch ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bheartaítear a thomhas leis ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír 2(c) den Airteagal seo;

(e)

an dóchúlacht go ndéanfaí aon ionstraim airgeadais, conradh airgeadais nó doiciméad eile den sórt sin a dhéantar chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas trí innéacs nó trí theaglaim innéacsanna chun críche tuairisceán innéacs den sórt sin nó tuairisceán teaglama innéacsanna den sórt sin a rianú, leithdháileadh sócmhainní maidir le punann a shainiú, nó na táillí feidhmíochta a ríomh, an ndóchúlacht go ndéanfaí an méid sin a dhírathú nó go sárófaí a théarmaí i gcás ina scoirfear den tagarmharc criticiúil a sholáthar.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 171, 29.6.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/64 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonrú a dhéanamh ar conas a bheidh critéir Airteagal 20(1)(c)(iii) le cur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an dtiocfadh drochthionchair shuntasacha as eachtraí áirithe, agus sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstát amháin nó níos mó (IO L 12, 17.1.2018, lch. 5).


Top