EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1338
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1338 of 11 August 2021 amending Implementing Regulation (EU) 2017/373 as regards reporting requirements and reporting channels between organisations, and requirements for meteorological services (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1338 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 maidir le ceanglais tuairiscithe agus bealaí tuairiscithe idir eagraíochtaí, agus ceanglais maidir le seirbhísí meitéareolaíocha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1338 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 maidir le ceanglais tuairiscithe agus bealaí tuairiscithe idir eagraíochtaí, agus ceanglais maidir le seirbhísí meitéareolaíocha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/5879
IO L 289, 12.8.2021, p. 12–52
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
12.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 289/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1338 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Lúnasa 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 maidir le ceanglais tuairiscithe agus bealaí tuairiscithe idir eagraíochtaí, agus ceanglais maidir le seirbhísí meitéareolaíocha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 43(1), pointe (a) agus (f), Airteagal 62(15), pointe (a) agus (c), agus Airteagal 72(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 (2) ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta eile maidir le aerthrácht ginearálta agus maoirseacht ina leith. |
(2) |
I gcomhréir le pointe 5.1(g) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, tá soláthraithe seirbhíse le córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid dá gcóras bainistíochta chun rannchuidiú le feabhsú leanúnach ar shábháilteacht. Chun comhlíonadh agus cur chun feidhme aonfhoirmeach an cheanglais fhíor-riachtanaigh seo a áirithiú, agus chun a áirithiú go ndéanfar na forálacha a eascraíonn as sin a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú dá réir. |
(3) |
An 7 Márta 2018 agus an 9 Márta 2020, ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) Leasú 78 agus Leasú 79, faoi seach, ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh an 7 Nollaig 1944 in Chicago (‘Coinbhinsiún Chicago’) arb é is aidhm dó, i measc nithe eile, comhchuibhiú a fheabhsú maidir le malartú breathnóireachtaí agus tuarascálacha meitéareolaíochta (gnáth-thuarascálacha meitéareolaíocha d’aeradróim (METAR)/tuarascálacha speisialta meitéareolaíocha d’aeradróim (SPECI), réamhaisnéisí aeradróim (TAF), faisnéis a bhaineann le feiniméin aimsire ar bhealach a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shábháilteacht oibríochtaí aerárthaí (SIGMET), faisnéis a bhaineann le feiniméin aerárthaí ar bhealach a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shábháilteacht oibríochtaí aerárthaí íseal-airde (AIRMET), faisnéis chomhairleach maidir le luaithreamhán bolcánach agus le cioclón trópaiceach, faisnéis chomhairleach maidir le haimsir spáis, srl) i dtimpeallacht uile-chórais bainistíochta faisnéise atá comhlíontach le SWIM. Tá na leasuithe sin infheidhme i Stáit Chonarthacha ICAO ón 8 Samhain 2018 agus ón 5 Samhain 2020, faoi seach, cé is moite d’fhormáid METAR, a bhfuil a dháta cur i bhfeidhm ailínithe leis an dáta cur i bhfeidhm, an 12 Lúnasa 2021, le haghaidh an fhormáid dhomhanda tuairiscithe nua (‘GRF’) maidir le staid dromchla an rúidbhealaigh. Ba cheart na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, go háirithe sna ceanglais shonracha eagrúcháin do sholáthraithe seirbhísí meitéareolaíocha a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(4) |
Ceann de na heilimintí cumasúcháin le haghaidh GRF maidir le staid dromchla an rúidbhealaigh chur chun feidhme is ea formáid SNOWTAM, ar cheart a threoracha maidir le cur i gcrích a bheith i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta ICAO is déanaí maidir le Seirbhísí Aerloingseoireachta – Bainistiú Faisnéise Aerloingseoireachta (4), agus ba cheart go mbeidís i gcomhréir freisin le Rialachán (AE) 965/2012 (5) ón gCoimisiún agus le Rialachán (AE) 139/2014 (6) ón gCoimisiún. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/637 a leasú dá réir. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 01/2021 (7) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 75(2)(b) agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, V agus VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 i gcomhréir le hIarscríbhinn I go hIarscríbhinn V, faoi seach, a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe 32 d’Iarscríbhinn IV agus d’Iarscríbhinn V ón 12 Lúnasa 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna bainistithe líonra eile a maoirseacht, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011, (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18);
(4) Nósanna Imeachta maidir le Seirbhísí Aerloingseoireachta de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta – Bainistiú Faisnéise Aerloingseoireachta, Doic. 10066.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014. lch. 1).
(7) Tuairim Uimh. 01/2021 ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, Ceanglais tuairiscithe tarluithe agus ceanglais le haghaidh seirbhísí meitéareolaíocha, https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (37):
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (107):
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (168):
|
(4) |
cuirtear pointe (264) go pointe (266) isteach:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATM/ANS.AR.A.020: ‘ATM/ANS.AR.A.020 Faisnéis don Ghníomhaireacht
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18)." |
(2) |
leasaítear pointe ATM/ANS.AR.B.001 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATM/ANS.AR.B.010: ‘ATM/ANS.AR.B.010 Athruithe sa chóras bainistíochta
|
(*1) Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18).’
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘IARSCRÍBHINN III CEANGLAIS CHOITEANNA LE hAGHAIDH SOLÁTHRAITHE ATM/ANS (Part-ATM/ANS.OR) |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATM/ANS.OR.A.065: ‘ATM/ANS.OR.A.065 Tuairisciú ar tharluithe
|
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.OR.115: ‘MET.OR.115 Feasacháin mheitéareolaíocha Is é an soláthraí seirbhísí meitéareolaíocha atá freagrach as an limistéar lena mbaineann a sholáthróidh feasacháin mheitéareolaíocha do na húsáideoirí ábhartha.’; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.OR.120: ‘MET.OR.120 Fógra a thabhairt do lárionaid dhomhanda um réamhaisnéisí limistéir maidir le neamhréitigh (WAFCanna) An soláthraí seirbhísí meitéareolaíocha a úsáideann réamhaisnéisí WAFS SIGWX, tabharfaidh sé fógra láithreach don WAFC lena mbaineann má bhraitear nó má thuairiscítear neamhréitigh shuntasacha maidir le réamhaisnéisí SIGWX WAFS a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.OR.200: ‘MET.OR.200 Tuarascálacha meitéareolaíocha agus faisnéis eile
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.OR.240: ‘MET.OR.240 Faisnéis le húsáid ag an oibreoir nó ag an bhfoireann eitilte Cuirfidh oifig mheitéareolaíoch aeradróim na nithe seo a leanas, agus iad cothrom le dáta, ar fáil d’oibreoirí agus do bhaill na foirne eitilte:
|
(5) |
leasaítear pointe MET.OR.242 mar a leanas:
|
(6) |
i bpointe MET.OR.245, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f)(1):
|
(7) |
i bpointe MET.OR.250, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(8) |
i bpointe MET.OR.255, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.OR.260: ‘MET.OR.260 Réamhaisnéisí limistéir le haghaidh eitiltí íseal-airde Áiritheoidh oifig faireacháin mheitéareolaíoch na nithe seo a leanas:
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 4: ‘ Caibidil 4 – Ceanglais le haghaidh lárionaid chomhairleacha maidir le luaithreamhán bolcách (VAACanna) ’; |
(11) |
i bpointe MET.OR.265, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 5: ‘ Caibidil 5 — Ceanglais le haghaidh lárionaid chomhairleacha maidir le cioclóin thrópaiceacha (TCACanna) ’; |
(13) |
i bpointe MET.OR.270, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhrá agus in ionad phointe (a): ‘Maidir le TCAC, ina réimse freagrachta féin, eiseoidh sé na nithe seo a leanas:
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 6: ‘ Caibidil 6 — Ceanglais le haghaidh lárionaid dhomhanda um réamhaisnéisí limistéir (WAFCanna) ’; |
(15) |
i bpointe MET.OR.275, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.TR.115: ‘MET.TR.115 Feasacháin mheitéareolaíocha
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.TR.200: ‘MET.TR.200 Tuarascálacha meitéareolaíocha agus faisnéis eile
|
(18) |
leasaítear pointe MET.TR.205 mar a leanas:
|
(19) |
leasaítear pointe MET.TR.210 mar a leanas:
|
(20) |
leasaítear pointe MET.TR.215 mar a leanas:
|
(21) |
leasaítear pointe MET.TR.220 mar a leanas:
|
(22) |
i bpointe MET.TR.225, leasaítear pointe (c) mar a leanas:
|
(23) |
i bpointe MET.TR.235, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
(24) |
leasaítear pointe MET.TR.250 mar a leanas:
|
(25) |
leasaítear pointe MET.TR.255 mar a leanas:
|
(26) |
leasaítear pointe MET.TR.260 mar a leanas:
|
(27) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 4: ‘ Caibidil 4 — Ceanglais theicniúla le haghaidh lárionaid chomhairleacha maidir le luaithreamhán bolcánach (VAACanna) ’; |
(28) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.TR.265: ‘MET.TR.265 Freagrachtaí lárionaid chomhairligh maidir le luaithreamhán bolcánach Eiseofar an fhaisnéis chomhairleach maidir le luaithreamhán bolcánach i gcomhréir leis an teimpléad a léirítear in Iarscríbhinn 6. I gcás nach bhfuil teacht ar ghiorrúcháin, úsáidfear téacs i dteanga shoiléir i mBéarla, a laghad is féidir.’; |
(29) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe MET.TR.270: ‘MET.TR.270 Freagrachtaí lárionaid chomhairligh maidir le cioclón trópaiceach Eiseofar an fhaisnéis chomhairleach maidir le cioclóin thrópaiceacha i gcomhréir leis an teimpléad atá léirithe in Iarscríbhinn 7 le haghaidh cioclóin thrópaiceacha i gcás ina meastar go sroichfidh uasluach an mheánluais gaoithe dromchlaí 10 nóiméad 34 kt nó níos mó le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gcóras comhairleach.’ |
(30) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 5: ‘ Caibidil 5 – Ceanglais theicniúla le haghaidh lárionaid chomhairleacha maidir le cioclón trópaiceach (TCACanna) ’; |
(31) |
leasaítear pointe MET.TR.275 mar a leanas:
|
(32) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 1: ‘Foscríbhinn 1
|
(33) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 3: ‘Foscríbhinn 3
|
(34) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 4: ‘Foscríbhinn 4
|
(35) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 5A: ‘‘Foscríbhinn 5
|
(36) |
Scriostar Foscríbhinn 5B; |
(37) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 6: ‘Foscríbhinn 6
|
(38) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 7: ‘Foscríbhinn 7
|
(39) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 8: ‘‘Foscríbhinn 8
|
(1) I gcás ina bhfuil eilimint mheitéareolaíoch in easnamh go sealadach, nó i gcás ina meastar go sealadach go bhfuil a luach mícheart, déantar sin a ionadú le soladas (‘/’) i gcás gach digite i ngiorrúchán na teachtaireachta téacs agus léirítear go bhfuil sé in easnamh chun aistriú iontaofa chuig foirmeacha cóid eile a áirithiú.
(2) Le háireamh más < 1 500 m an léargas nó raon radhairc an rúidbhealaigh ar feadh suas le ceithre rúidbhealach ar a mhéad.
(3) Úsáidtear ‘trom’ chun ‘tornádó’ nó ‘sconna’ a léiriú; ‘measartha’ (gan cháiliú) chun ‘néal sconna nach sroicheann an talamh’ a léiriú.
(4) I gcás tuarascálacha uathoibrithe amháin.
(5) I gcás tuarascálacha uathoibrithe, féadfaidh soladais (‘///’) an cineál scamaill ábhartha a ionadú, de réir mar is iomchuí, ag brath ar chumas an chórais uathoibríoch breathnóireachta. Ina theannta sin, féadfaidh soladais scamallacht agus/nó néal-airde na sraithe CB nó TCU tuairiscithe a ionadú.
(6) Le háireamh nuair is infheidhme. Gan cháiliú i gcás déine mheasartha.
(7) Suas le ceithre shraith scamall.
(8) Ina bhfuil suas le ceithre theocht ar a mhéad (dhá uasteocht agus dhá íosteocht).
(9) Ní úsáidtear é seo ach amháin nuair a eisítear SIGMET/AIRMET lena léiriú go bhfuil tástáil nó cleachtadh ar siúl. Nuair a bhíonn an focal ‘TEST’ nó an giorrúchán ‘EXER’ ann, is féidir faisnéis a bheith sa teachtaireacht nach ceart a úsáid go hoibríochtúil nó faisnéis a mbeidh deireadh léi díreach i ndiaidh an fhocail ‘TEST’.
(10) Úsáidtear é seo i gcás cioclón trópaiceach gan ainm.
(11) I gcás scamall luaithreamhán bolcánach lena gcumhdaítear níos mó ná limistéar amháin laistigh den FIR, is féidir na féidir na heilimintí sin a athlua, de réir mar is gá. Tá tráth breathnóireachta nó tráth réamhaisnéise le cur roimh gach suíomh agus roimh gach suíomh réamhaisnéise.
(12) I gcás scamaill chumalainimbis a bhaineann le cioclón trópaiceach lena gcumhdaítear níos mó ná limistéar amháin laistigh den FIR, is féidir na heilimintí sin a athlua, de réir mar is gá. Ní mór tráth breathnóireachta nó tráth réamhaisnéise a chur roimh gach suíomh agus roimh gach suíomh réamhaisnéise.
(13) I gcás SIGMET le haghaidh scamall radaighníomhach, is laistigh de (WI) amháin a úsáidfear na heilimintí ‘suíomh’ agus ‘suíomh réamhaisnéise’.
(14) Ní mór líon na gcomhordanáidí a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus níor cheart níos mó ná seacht gcinn díobh a bheith ann de ghnáth.
(15) I gcás SIGMET le haghaidh cioclón trópaiceach amháin.
(16) I gcás SIGMET le haghaidh scamall radaighníomhach amháin. Maidir le huasteorainn an réigiúin faisnéis eitilte/an réigiúin faisnéis eitilte uasta (FIR/UIR) nó an limistéir rialaithe (CTA, tá gá suas le 30 ciliméadar (nó 16 mhuirmhíle) ón bhfoinse agus raon ingearach ón dromchla (SFC) le cur i bhfeidhm.
(17) Ní úsáidfear na heilimintí ‘tráth réamhaisnéise’ agus ‘suíomh réamhaisnéise’ i gcomhcheangal leis an eilimint ‘gluaiseacht nó gluaiseacht lena bhfuiltear ag súil’.
(18) I gcás SIGMET le haghaidh scamall radaighníomhach, is seasta (STNR) amháin atá le úsáid le haghaidh na n-eilimintí ‘gluaiseacht nó gluaiseacht lena bhfuiltear ag súil’.
(19) Is é an téarma ‘CB’ atá le húsáid nuair a áirítear an suíomh réamhaisnéise le haghaidh an scamaill cumalainimbis.
(20) An suíomh réamhaisnéise le haghaidh scamall cumalainimbis (CB) a tharlaíonn i ndáil le cioclóin thrópaiceacha, baineann sin le tráth réamhaisnéise ionad lár an chioclóin thrópaicigh, seachas le deireadh thréimhse bhailíochta SIGMET.
(21) I gcás SIGMET le haghaidh luaithreamhán bolcánach.
(22) Le úsáid le haghaidh líon is mó ná aon scamall luaithreamháin bholcánaigh amháin nó aon scamall cumalainimbis amháin a bhaineann le cioclón trópaiceach a dhéanann difear comhuaineach don FIR lena mbaineann.
(23) Ní úsáidtear é seo ach nuair a eisítear an teachtaireacht, agus sa chás sin amháin, chun a léiriú go bhfuil tástáil nó feidhmiú ar siúl. Nuair a bhíonn an focal ‘TEST’ nó an giorrúchán ‘EXER’ ann, is féidir faisnéis a bheith sa teachtaireacht nach ceart a úsáid go hoibríochtúil nó faisnéis a mbeidh deireadh léi díreach i ndiaidh an fhocail ‘TEST’.
(24) Tá an téarma ‘athfhionraithe’ le húsáid le haghaidh fosuithe luaithreamháin bholcánaigh a ardaíodh leis an ngaoth.
(25) Más rud é go dtuairiscítear scamall luaithreamháin bolcánaigh (e.g. AIREP) ach nach féidir é a shainaithint ó na sonraí satailíte.
(26) Líne dhíreach idir dhá phointe arna tarraingt ar léarscáil i réamh-mheastachán Mercator nó líne dhíreach idir dhá phointe a thrasnaíonn línte domhanfhaid ar uillinn leanúnach.
(27) Suas le ceithre shraith roghnaithe.
(28) Ní úsáidtear é seo ach nuair a eisítear an teachtaireacht, agus sa chás sin amháin, chun a léiriú go bhfuil tástáil nó feidhmiú ar siúl. Nuair a bhíonn an focal ‘TEST’ nó an giorrúchán ‘EXER’ ann, is féidir faisnéis a bheith sa teachtaireacht nach ceart a úsáid go hoibríochtúil nó faisnéis a mbeidh deireadh léi díreach i ndiaidh an fhocail ‘TEST’.
(29) I gcás scamaill CB a bhaineann le cioclón trópaiceach lena gcumhdaítear níos mó ná limistéar amháin laistigh den réimse freagrachta, is féidir na féidir na heilimintí sin a athlua, de réir mar is gá.
(30) Ba cheart líon na gcomhordanáidí a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus níor cheart gur mhó ná seacht gcinn díobh a bheadh ann de ghnáth.
(31) Neamhthoiseach.
IARSCRÍBHINN V
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad bhFoscríbhinn III de Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373:
Foscríbhinn 3
FORMÁID SNOWTAM
TREORACHA MAIDIR LE FORMÁID SNOWTAM A CHOMHLÁNÚ
1. Faisnéis Ghinearálta
a) |
Nuair a bhíonn tuairisciú á dhéanamh ar níos mó ná rúidbhealach amháin, déantar Míreanna B go H a athlua (an roinn a bhaineann le feidhmíocht an eitleáin a ríomh). |
b) |
Is chun críche tagartha amháin a úsáidtear na litreacha a úsáidtear chun míreanna a chur in iúl agus ní áireofar iad sna teachtaireachtaí. Leis na litreacha, É (éigeantach), C (coinníollach) agus R (roghnach), léirítear an úsáid agus an fhaisnéis agus tabharfar iad mar a mhínítear thíos. |
c) |
Úsáidfear aonaid mhéadracha agus ní thuairisceofar an t-aonad tomhais. |
d) |
Is é uastréimhse bailíochta SNOWTAM 8 n-uaire a chloig. Eiseofar SNOWTAM nua aon uair a fhaightear tuairisc nua ar staid an rúidbhealaigh. |
e) |
Le SNOWTAM cealaítear an SNOWTAM a bhí ann roimhe sin. |
f) |
Tugtar an ceannteideal giorraithe ‘TTAAiiii CCCC MMYYGgg (BBB)’ chun próiseáil uathoibríoch teachtaireachtaí SNOWTAM i mbainc sonraí ríomhaireachta a éascú. Is é an míniú ar na siombailí seo:
Ceartú, i gcás earráide, ar theachtaireacht SNOWTAM a scaipeadh roimhe sin leis an tsraithuimhir chéanna = COR. Úsáidfear lúibíní in (BBB) le léiriú go bhfuil an grúpa seo roghnach. Nuair a thuairiscítear níos mó ná rúidbhealach amháin agus nuair a léirítear dátaí/trátha breathnóireachta/measúnaithe aonair trí Mhír B a athlua, cuirfear isteach an dáta/tráth is déanaí breathnóireacht/measúnú sa cheannteideal giorraithe (MMYYGGgg). |
g) |
Beidh spás idir an téacs ‘SNOWTAM’ san fhormáid SNOWTAM agus an tsraithuimhir SNOWTAM i ngrúpa ceithre dhigit, e.g. SNOWTAM 0124. |
h) |
Ar mhaithe le hinléiteacht na teachtaireachta SNOWTAM, cuirfear fotha líne tar éis na sraithuimhreach SNOWTAM, i ndiaidh Mhír A, agus tar éis na roinne a bhaineann le feidhmíocht eitleáin a ríomh. |
i) |
Nuair a bhíonn tuairisciú á dhéanamh ar níos mó ná rúidbhealach amháin, an fhaisnéis sa roinn a bhaineann le feidhmíocht an eitleáin a ríomh, déantar í a athlua ó dháta agus ó thráth an mheasúnaithe i gcás rúidbhealaigh roimh an bhfaisnéis sa roinn maidir le feasacht staide. |
j) |
Faisnéis éigeantach
|
2. An roinn a bhaineann le feidhmíocht an eitleáin a ríomh
Mír A |
– |
Táscaire suímh an aeradróim (táscaire suímh ceithre litir). |
||||||||
Mír B |
– |
Dáta agus tráth an mheasúnaithe (grúpa dáta/trátha ocht bhfigiúr lena dtugtar tráth breathnóireachta i bhfoirm mí, lá, uair agus nóiméad in AUL). |
||||||||
Mír C |
– |
Uimhir SAINITHEORA an rúidbhealaigh íochtaraigh (nn[L] nó nn[C] nó nn[R]). Ní chuirfear isteach ach sainitheoir rúidbhealaigh amháin i gcás gach rúidbhealaigh agus is í an uimhir is ísle i gcónaí a bheidh ann. |
||||||||
Mír D |
– |
Cód maidir le staid an rúidbhealaigh i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach. Ní chuirtear isteach ach digit amháin (0, 1, 2, 3, 4, 5 nó 6) i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach, í dealaithe le claonstríoc (n/n/n). |
||||||||
Mír E |
– |
Céatadán clúdaigh gcéad i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach. Nuair a dhéantar an méid sin a chur ar fáil, cuirtear isteach 25, 50, 75 nó 100 i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach, é scartha le claonstríoc ([n]nn/[n]nn/[n]nn). Ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ach amháin i gcás inar tuairiscíodh staid an rúidbhealaigh i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach (Mír D) mar rúidbhealach eile seachas a bhfuil in 6 agus ina dtugtar cur síos maidir le staid i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach (Mír G) a rinneadh a thuairisciú seachas ‘DRY’. I gcás nach dtuairiscítear an staid, léireofar sin trí ‘NR’ a chur isteach le haghaidh an tríú cuid (nó na tríú codanna) den rúidbhealach. |
||||||||
Mír F |
– |
Doimhneacht éilleán scaoilte i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach. Nuair a dhéantar é a chur ar fáil, cuirtear isteach é i bhfoirm milliméadair i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach, le claonstríoc (nn/nn/nn nó nnn/nnn/nnn). Ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ach amháin i gcás na gcineálacha éilleán seo a leanas:
I gcás nach dtuairiscítear an staid, léireofar sin trí ‘NR’ a chur isteach le haghaidh an tríú cuid (nó na tríú codanna) den rúidbhealach. |
||||||||
Mír G |
– |
Cur síos ar staid maidir le gach tríú cuid den rúidbhealach. Cuirfear aon cheann de na cineálacha cur síos seo a leanas maidir le staid i gcás gach tríú cuid den rúidbhealach, iad dealaithe le claonstríoc. SNEACHTA DLÚTHAITHE SNEACHTA TIRIM SNEACHTA TIRIM AR BHARR SNEACHTA DHLÚTHAITHE SNEACHTA TIRIM AR BHARR OIGHIR SIOC OIGHEAR FLIUCHÁN SLEAMHAIN PRAISEACH SNEACHTA RÚIDBHEALACH ARNA SAINULLMHÚ LE hAGHAIDH AN GHEIMHRIDH UISCE BODHAR UISCE AR BHARR SNEACHTA DHLÚTHAITHE FLIUCH OIGHEAR FLIUCH SNEACHTA FLIUCH SNEACHTA FLIUCH AR BHARR SNEACHTA DHLÚTHAITHE SNEACHTA FLIUCH AR BHARR AN OIGHIR TIRIM (ní dhéantar é a thuairisciú ach amháin nuair nach bhfuil aon éilleán ann) I gcás nach dtuairiscítear an staid, léireofar sin trí ‘NR’ a chur isteach le haghaidh an tríú cuid (nó na tríú codanna) den rúidbhealach. |
||||||||
Mír H |
– |
Leithead an rúidbhealaigh lena mbaineann na cóid maidir le staid an rúidbhealaigh. Cuirfear isteach an leithead i méadair, más lú é ná leithead an rúidbhealaigh a foilsíodh. |
3. Roinn um fheasacht staide
Le lánstad a chuirfear deireadh leis na heilimintí sa roinn um fheasacht staide.
Eilimintí sa roinn um fheasacht staide nach bhfuil aon fhaisnéis ann ina leith, nó nach gcomhlíontar na coinníollacha staide lena bhfoilsiú, fágfar amach ina n-iomláine iad.
Mír I |
– |
Fad an rúidbhealaigh laghdaithe. Cuirfear isteach an sainitheoir rúidbhealaigh is infheidhme agus an fad atá ar fáil i méadair (e.g. RWY nn [L] nó nn [C] nó nn [R] REDUCED TO [n]n). Tá an t-eolas seo coinníollach i gcás ina bhfoilsítear NOTAM maille le sraith nua achar dearbhaithe. |
Mír J |
– |
Séideán sneachta ar an rúidbhealach. Nuair a thuairisceofar é, cuirfear isteach ‘DRIFTING SNOW’ in éineacht le spás ‘DRIFTING SNOW’ (RWY nn nó RWY nn [L] nó nn[C] nó nn[R] DRIFTING SNOW). |
Mír K |
– |
Gaineamh scaoilte ar an rúidbhealach. Nuair a thuairiscítear gaineamh scaoilte ar an rúidbhealach, cuirfear isteach sainitheoir an rúidbhealaigh íochtaraigh le spás ‘LOOSE SAND’ (RWY nn nó RWY nn[L] nó nn[R] nó nn[R] LOOSE SAND). |
Mír L |
– |
Cóireáil cheimiceach ar an rúidbhealach. I gcás ina dtuairiscítear cóireáil cheimiceach a bheith leata, cuirfear isteach sainitheoir an rúidbhealaigh íochtair le spás ‘CHEMICALLY TREATED’ (RWY nn nó RWY nn[C] nó nn[R] nó nn[R] CHEMICALLY TREATED). |
Mír M |
– |
Bainc sneachta ar an rúidbhealach. Nuair a thuairiscítear bainc sneachta a bheith ar an rúidbhealach, cuirfear isteach sainitheoir an rúidbhealaigh íochtaraigh in éineacht le spás ‘SNOWBANK’ agus in éineacht le spás ‘L’ (ar chlé) nó in éineacht le spás ‘R’ (ar dheis) nó ‘LR’ (an dá thaobh) agus ina ndiaidh sin, an t-achar i méadair ón lárlíne dealaithe le spás ‘FM CL’ (RWY nn nó RWYnn[C] nó nn[R] SNOWBANK Lnn nó Rnn nó LRnn FM CL). |
Mír N |
– |
Bainc sneachta ar an mbealach innlithe. Nuair a bhíonn bainc sneachta ar an mbealach innlithe nó ar na bealaí innlithe, cuirfear sainitheoir nó sainitheoirí an bhealaigh innlithe nó na mbealaí innlithe isteach in éineacht le spás ‘SNOWBANKS’ (TWY [nn]n nó TWYS [nn]n/[nn]n/[nn]n... nó ALL TWYS SNOWBANKS). |
Mír O |
– |
Bainc sneachta in aice leis an rúidbhealach. Nuair a thuairiscítear bainc sneachta, cuirfear isteach an phróifíl airde i bplean sneachta an aeradróim, sainitheoir an rúidbhealaigh íochtaraigh agus ‘ADJ SNOWBANKS’ (RWY nn nó RWY nn[L] nó nn[C] nó nn[R] ADJ SNOWBANKS). |
Mír P |
– |
Staid an bhealaigh innlithe. Nuair a thuairiscítear gur sleamhain nó gur olc í staid an bhealaigh innlithe, cuirfear isteach sainitheoir an rúidbhealaigh agus spás ‘POOR’ ina dhiaidh (TWY [n nó nn] POOR nó TWYS [n nó nn]/[n nó nn]/[n nó nn] POOR… nó ALL TWYS POOR). |
Mír R |
– |
Staid an naprúin. Nuair a thuairiscítear gur sleamhain nó gur olc í staid an naprúin, cuirfear isteach sainitheoir an naprúin agus spás ‘POOR’ ina dhiaidh (APRON [nnnn] POOR nó APRONS [nnnn]/[nnnn]/[nnnn] POOR nó ALL APRONS POOR). |
Mír S |
– |
(NR) Ní thuairiscítear. |
Mír T |
– |
Barúlacha i dteanga shoiléir. |