EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1334

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1334 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha eile

C/2021/3584

IO L 289, 12.8.2021, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1334/oj

12.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 289/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1334 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Bealtaine 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha eile

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú táirgí eile bia, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 50(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/787 leagtar síos rialacha maidir leis an gcaoi tagairtí d’ainm dlíthiúil catagóirí dí biotáillí nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a thaispeáint agus deochanna alcólacha á gcur i láthair agus á lipéadú.

(2)

Ní cheanglaítear le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/787 go dtaispeánfar ainm na dí alcólaí a eascraíonn as sin sa réimse céanna radhairc leis an tagairt. I gcás ina dtaispeántar ainm na dí alcólaí agus an tagairt i réimsí éagsúla radhairc, d’fhéadfaí a thabhairt ar thomhaltóirí a chreidiúint, áfach, gur chuid d’ainm na dí alcólaí an tagairt, go háirithe i gcásanna inar deoch bhiotáilleach í an deoch alcólach a eascraíonn as.

(3)

Thairis sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh tagairt den sórt sin dochar a dhéanamh go míchuí do cháil catagóirí dí biotáillí nó tásc geografach, a chailleann a stádas agus nach féidir a lipéadú mar sin a thuilleadh nuair a mheasctar iad le táirgí eile bia nach bhfuil ag teastáil nó nach gceadaítear ina dtáirgeadh. Má thaispeántar na hainmneacha sin ar bhealach feiceálach i gcur i láthair agus lipéadú na dí biotáillí a dhéanann tagairt dóibh, go héifeachtach d’fhéadfaí úsáid mhíchuí a bhaint as a gcáil dá bharr.

(4)

Ceanglaítear le pointe (a) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nach mbeidh faisnéis faoi bhia míthreorach, go háirithe maidir le cineál agus céannacht an bhia. Foráiltear le hAirteagal 9 den Rialachán sin go gcuirfear faisnéis shainordaitheach faoi bhia ar fáil, lena n-áirítear ainm an táirge bia, agus ceanglaítear le hAirteagal 13 den Rialachán sin go marcálfar faisnéis shainordaitheach in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh sí sofheicthe gan dua, inléite go soiléir agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/787, tá feidhm ag na ceanglais maidir le cur i láthair agus lipéadú a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le deochanna alcólacha a eascraíonn as teaglaim de dheochanna biotáilleacha agus táirgí eile bia. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sin ar an mbealach is fearr, go háirithe maidir le deochanna biotáilleacha a dhéanann tagairt do dheochanna biotáilleacha eile, is iomchuí é a bheith den riachtanas go dtaispeánfar ainm dlíthiúil na dí biotáillí a eascraíonn as sin sa réimse céanna radhairc leis an tagairt do dheoch bhiotáilleach. Ba cheart é sin a dhéanamh gach uair a léirítear an tagairt i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú dí biotáillí. Cuirfidh sé sin cosc ar chleachtais mhíthreoracha agus áiritheofar go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas mar is ceart maidir le cineál iarbhír na dí biotáillí a eascraíonn as teaglaim de dheochanna biotáilleacha agus táirgí eile bia.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/787 a leasú dá réir.

(7)

Ba cheart idirthréimhse a chur ar fáil chun na forálacha maidir le lipéadú a leagtar síos leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leanúint de ligean do dheochanna biotáilleacha a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chur ar an margadh gan gá lena n-athlipéadú.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2019/787 agus chun folús rialála d’aon sórt a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 25 Bealtaine 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Maidir leis na tagairtí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3:

(a)

ní bheidh siad ar an líne chéanna le hainm na dí alcólaí;

(b)

taispeánfar iad i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid in ainm na dí alcólaí agus, i gcás ina n-úsáidtear comhthéarmaí, i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid do chomhthéarmaí den sórt sin, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(3); agus

(c)

i gcás tagairtí i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, gabhfaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí leo i gcónaí, a thaispeánfar sa réimse céanna radhairc leis an tagairt.”.

Airteagal 2

Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/787 arna leasú leis an Rialachán seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).


Top