EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1319

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1319 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2021 lena n-údaraítear athruithe maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh Ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/5857

IO L 286, 10.8.2021, p. 12–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1319/oj

10.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 286/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1319 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Lúnasa 2021

lena n-údaraítear athruithe maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh Ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

Údaraíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/155/AE ón gCoimisiún (3), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh lena úsáid i bhforbhianna.

(4)

I mí Dheireadh Fómhair 2017, chuir an chuideachta Ovalie Innovation ("an t-iarratasóir") an Coimisiún ar an eolas go raibh sé beartaithe aici amhola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97. Dá réir sin, thíolaic an t-iarratasóir tuarascáil ó údarás inniúil na hÉireann de bhun Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, tuarascáil inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na fianaise eolaíche a chuir an chuideachta sin isteach, go bhfuil ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum coibhéiseach go substaintiúil le hola shíolta lus an choire a údaraítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/155/AE.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/456 ón gCoimisiún (5) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2165 ón gCoimisiún (6) údaraíodh athruithe maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum leis an íosluach gallúnaithe a laghdú ó 186 mg KOH/g go 179 mg KOH/g agus an t-íosleibhéal aigéid oiléach a laghdú ó 8,0 % go 7,0 %.

(6)

An 12 Eanáir 2021, chuir an t-iarratasóir iarratas faoi bhráid an Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh "ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum" a athrú. D’iarr an t-iarratasóir méadú ar uasleibhéal luacha aigéid san ola shíolta lus an choire ó 2.5 mg KOH/g ola mar atá sonraithe i liosta bianna núíosacha an Aontais go ≤ 3.5 mg KOH/g ola agus an tuairisc ar an dath a mhodhnú ó "beagán buí’ go ‘idir leathbhuí agus donn".

(7)

Is é an t-údar a chuir an t-iarratasóir leis an iarratas go bhfuil gá leis an athrú chun an éagsúlacht nádúrtha a léiriú i saintréithe físiúla ola shíolta lus an choire agus i leibhéil na saoraigéad sailleach inti, ar saoraigéid iad a thomhaistear trí thoirtmheascadh le hiodrocsaíd photaisiam (KOH) ola na síolta a fhaightear ón bplanda Coriandrum sativum.

(8)

Measann an Coimisiún nach gá don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ("an tÚdarás") meastóireacht ar shábháilteacht a dhéanamh ar an athrú atá beartaithe maidir leis na sonraíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283. Tá an méadú ar an luach aigéid in ola shíolta lus an choire ó 2.5 mg go ≤ 3.5 mg KOH/g ola inchomparáide le luachanna aigéid olaí inite coitianta eile atá á gcaitheamh go sábháilte le fada, agus tá sé sin faoi bhun na huasteorann 4.0 mg KOH/g le haghaidh saillte nó olaí inite arna socrú ag Comhchlár Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte do Chaighdeáin le haghaidh Bia (‘FAO/WHO Codex Alimentarius’) (7). Ar an mbonn sin, agus ar mhaithe le comhsheasmhacht leis an gcaighdeán FAO/WHO Codex Alimentarius, measann an Coimisiún gur cheart an teorann do luach aigéid ola shíolta lus an choire a shocrú freisin ag 4.0 mg KOH/g. Na hathruithe atá beartaithe maidir leis na paraiméadair shonraíochta agus a léiríonn cuma fhisiceach na hola, tá na hathruithe sin inchomparáide freisin leis na héagsúlachtaí nádúrtha a thugtar faoi deara i measc na n-olaí inite uile nach mór agus ní dhéanann siad difear dá sábháilteacht ná dá luach cothaithe.

(9)

Na hathruithe atá beartaithe maidir le luachanna aigéid agus le cuma fhisiceach ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum, ní athraíonn siad conclúidí an mheasúnaithe sábháilteachta a rinne an tÚdarás (8) agus a thacaigh le húdarú tosaigh na hola féin. Dá bhrí sin, is iomchuí sonraíochtaí an bhia núíosaigh ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum a leasú maidir leis an leibhéal aigéid atá molta agus a mhéid a bhaineann le cuma fhisiceach na hola.

(10)

Is leor an fhaisnéis a thugtar san iarratas chun a shuí go gcomhlíonann na hathruithe atá beartaithe maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(12)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus a chuirtear san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, leasófar an tagairt atá ann don bhia núíosach ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum de réir mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/155/AE ón gCoimisiún 19 Márta 2014 lena n-údaraítear ola shíolta lus an choire a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 85, 21.3.2014, lch. 13).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosaigh (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme AE 2019/456 ón gCoimisiún an 20 Márta 2019 lena n-údaraítear athrú maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh ola shíolta lus an choire ó Coriandum sativum faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 79, 21.3.2019, lch. 13).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2165 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena n-údaraítear athrú maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh ola shíolta lus an choire ó Coriandrum sativum faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 328, 18.12.2019, lch. 81).

(7)  CODEX STAN 19-1981, Ath. 2 – 1999.

(8)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2013;11(10):3422.


IARSCRÍBHINN

I dTábla 2 (Sonraíochtaí) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh "ola shíolta lus an choire ó Co riandrum sativum":

"Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Ola shíolta lus an choire ó Co riandrum sativum

Tuairisc/Sainmhíniú:

Ola í ola shíolta lus an choire ina bhfuil glicrídí d’aigéid shailleacha agus a tháirgtear ó shíolta lus an choire Coriandrum sativum L.

Dath idir leathbhuí agus donn, blas leamh

Uimh. CAS: 8008-52-4

Comhdhéanamh na n-aigéad sailleach:

Aigéad pailmíteach (C16:0): 2-5 %

Aigéad stéarach (C18:0): < 1,5 %

Aigéad peitriseilíneach (cis-C18:1(n-12)): 60-75 %

Aigéad oiléach (cis-C18:1 (n-9)): 7-15 %

Aigéad líonoiléach (C18:2): 12-19 %

Aigéad α-Líonóiléinéach (C18:3): < 1,0 %

Aigéid thras-sailleacha: ≤ 1,0 %

Íonacht:

Comhéifeacht athraonta (20 C): 1.466-1.474

Luach aigéid: ≤ 4 mg KOH/g

Luach sárocsaíde (PV): ≤ 5.0 meq/kg

Luach iaidín: 88-110 n-aonad

Luach gallúnaithe: 179-200 mg KOH/g

Ábhar neamh-inghallúnaithe: ≤ 15 g/kg"


Top