This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1302
Council Implementing Regulation (EU) 2021/1302 of 5 August 2021 implementing Article 11(1) of Regulation (EU) No 377/2012 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies threatening the peace, security or stability of the Republic of Guinea-Bissau
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1302 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1302 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol
ST/11032/2021/INIT
IO L 283, 6.8.2021, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 283/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1302 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Lúnasa 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle an 3 Bealtaine 2012 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine-Bissau i mbaol (1), agus go háirithe Airteagal 11(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 3 Bealtaine 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 377/2012. |
(2) |
Measann an Chomhairle gur cheart beirt a bhaint de liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2021
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012, scriostar na hiontrálacha a bhaineann leis na daoine a liostaítear thíos:
‘17. |
An Ceannasaí (Cabhlach) Bion NA TCHONGO (ar a dtugtar freisin Nan Tchongo) |
19. |
An Captaen Paulo SUNSAI.’ |