This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1244
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/1244 of 20 May 2021 amending Annex X to Regulation (EU) 2018/858 of the European Parliament and of the Council as regards the standardised access to vehicle on-board diagnostics information and repair and maintenance information, and the requirements and procedures for access to vehicle security information
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1244 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1244 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí
C/2021/3377
IO L 272, 30.7.2021, p. 16–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 272/16 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1244 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Bealtaine 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 61(11) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 61(2) de Rialachán 2018/858 ceanglaítear ar mhonaróirí feithiclí faisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle (OBD) agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (RMI) a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin féin. Níl critéir chomhchuibhithe ar bith ann, áfach, maidir leis an mbealach ina gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, rud a fhágann gur gá d’oibreoirí neamhspleácha iad féin a chur in oiriúint don iomad seirbhísí agus cineálacha téarmaíochta éagsúla. |
(2) |
Sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 9 Nollaig 2016 (2) maidir le hoibriú an chórais rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí an t-ualach ar oibreoirí neamhspleácha a mhaolú trí na suíomhanna gréasáin sin agus an téarmaíocht chomhfhreagrach a chaighdeánú. |
(3) |
Rochtain a fháil ar fhaisnéis DAB feithicle agus ar RMI feithicle, ós rud é gur cheart gurbh fhéidir sin beag beann ar an gcineál gléasra cumhachta atá ag feithicil, is gá a shoiléiriú nach le haghaidh ceanglais a bhaineann le hastaíochtaí amháin atá an rochtain sin éigeantach. |
(4) |
An 15 Meán Fómhair 2014, d’fhoilsigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) Codanna 1 go 5 de chaighdeán EN ISO 18541 “Feithiclí bóthair – Rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil mótarfheithiclí (RMI)”. Malartú faisnéise DAB feithicle agus RMI feithicle idir monaróirí agus oibreoirí neamhspleácha, is é is aidhm do na codanna sin an malartú sin a éascú trí na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta a bhunú maidir le rochtain ar an bhfaisnéis sin a éascú. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 do cheanglais Chodanna 1 go 5 de chaighdeán EN ISO 18541-2014. |
(5) |
Ós rud é go gcuimsítear i bhfaisnéis DAB feithicle agus in RMI feithicle faisnéis atá ríthábhachtach chun slándáil na feithicle a áirithiú, tá gnéithe áirithe slándála feithicle nár chóir rochtain a thabhairt orthu ach d’oibreoirí neamhspleácha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn seo. |
(6) |
De réir mholtaí an Fhóraim maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí, moltaí dá dtagraítear in Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin eintitis chreidiúnaithe na hoibreoirí neamhspleácha lena mbaineann a fhormheas agus fostaithe na n-oibreoirí sin atá i mbun na ngníomhaíochtaí ábhartha a údarú. Is gá, dá bhrí sin, an nós imeachta a leagan síos maidir le hoibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithiclí, rud ba cheart a bhunú ar an “Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)”, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach don Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016. Is gá a mheas freisin an bhfuil baint ag na hoibreoirí sin le gníomhaíochtaí neamhdhlisteanacha gnó. |
(7) |
Ina theannta sin, ról agus freagrachtaí na gcomhlachtaí atá bainteach le formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha agus a bhfostaithe le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil, is gá an ról agus na freagrachtaí sin a leagan síos. |
(8) |
Ionas gur féidir leis na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta, chomh maith leis na hoibreoirí eacnamaíocha, ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua a thabharfar isteach leis an ngníomh seo, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a chur siar. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, leasaítear í i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 30 Iúil 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hoibriú an chórais rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, córas a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, COM(2016) 0782 final.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.5.2:
|
(3) |
i bpointe 2.9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “Chun críoch DAB feithicle, déanfar diagnóisic, faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil, faisnéis faoi fhaireachán agus faoi chigireacht, sruth sonraí díreach na feithicle, lena n-áirítear lochtchóid agus feidhmeanna diagnóiseacha, déanfar na nithe sin a chur ar fáil tríd an bport sonraí srathach ar an nascóir caighdeánaithe nasctha sonraí a shonraítear i mír 6.5.1.4, rud a dhéanfar i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i roinn 6.5.3. d’fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) (*1) agus i gcomhréir le mír 4.7.3 d’Iarscríbhinn 9B agus na doiciméid caighdeáin tagartha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin a ghabhann le Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip(UN/ECE) (*2) (*1) Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1)." (*2) Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe atá le húsáid i bhfeithiclí (IO L 180, 8.7.2011, lch. 53).”;" |
(4) |
i bpointe 6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “An oibleagáid atá ar mhonaróirí faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a sholáthar ar a suíomh gréasáin i bhformáid chaighdeánaithe, toimhdeofar go bhfuiltear i gcomhréir leis an oibleagáid sin ach na Codanna de chaighdeán EN ISO 18541 dá dtagraítear i bpointe 2.1. a chomhlíonadh.”; |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2: “Rochtain ar ghnéithe slándála feithicle a thabhairt d’oibreoirí neamhspleácha, is faoi chosaint teicneolaíochta slándála a dhéanfar sin agus i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:”; |
(6) |
leasaítear pointe 6.3 mar a leanas:
|
(7) |
cuirtear isteach Foscríbhinn 3 seo a leanas: “Foscríbhinn 3 An nós imeachta maidir le hoibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithicle (*5) 1. Raon feidhme Is san Fhoscríbhinn seo atá na ceanglais atá ann chun oibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú, oibreoirí a bhfuil gá acu le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil (RMI). Sonraítear go mion inti an próiseas agus na comhlachtaí is gá chun oibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil maidir le feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála agus le feithiclí tromshaothair. 2. Sainmhínithe agus téarmaí giorraithe 2.1. Sainmhínithe Chun críocha na Foscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: 2.1.1. ‘Creidiúnú’ ciallóidh ‘creidiúnú’ creidiúnú faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 10 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 2.1.2. ‘Fostaí de chuid IO’ Ciallóidh ‘fostaí de chuid IO’ fostaí de chuid oibreoir neamhspleách (IO) formheasta ar fostaí é a mbeidh rochtain aige ar RMI a bhaineann leis an tslándáil a luaithe a údaróidh comhlacht um measúnú comhréireachta (CAB) é 2.1.3. ‘Faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a bhaineann leis an tslándáil’ nó ‘RMI a bhaineann leis an tslándáil’ ‘Faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a bhaineann leis an tslándáil’ nó ‘RMI a bhaineann leis an tslándáil’, ciallóidh sé sin an fhaisnéis, na bogearraí, na feidhmeanna agus na seirbhísí is gá chun na gnéithe a ndearna an monaróir cuid den fheithicil díobh ionas nach ngoidfear an fheithicil ná nach dtiomáinfear chun siúil í agus go bhféadfar í a rianú agus a fháil ar ais, chun na gnéithe sin a dheisiú agus a chothabháil. 2.1.4. ‘Deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa’ Ciallóidh “deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa” an deimhniú arna eisiúint ag an CAB chuig na IOnna a chomhlíonann na critéir formheasa a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, ar deimhniú é lena ndeimhnítear go bhfuil na IOnna sin formheasta agus gur féidir le fostaithe dá gcuid údarú a iarraidh chun rochtain a fháil ar RMI é a bhaineann leis an tslándáil. 2.1.5. ‘Deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin’ Ciallóidh ‘deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin’ an deimhniú arna eisiúint ag an CAB chuig fostaithe de chuid IOnna a chomhlíonann na critéir údarúcháin a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, ar deimhniú é lena ndeimhnítear go bhfuil na fostaithe sin údaraithe le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil ar shuíomh gréasáin monaróra. 2.1.6. ‘Lárionad iontaoibhe’ nó ‘TC’ Ciallóidh ‘lárionad iontaoibhe’ nó ‘TC’ an comhlacht arna ainmniú ag SERMI agus arna fhormheas ag an gCoimisiún agus atá freagrach as an méid seo a leanas:
2.1.7. ‘Ceadchomhartha slándála’ Ciallóidh ‘ceadchomhartha slándála’ feiste lenar féidir IO a fhíordheimhniú ar bhealach slán. 2.1.8. ‘Deimhniú digiteach’ Ciallóidh ‘deimhniú digiteach’ deimhniú digiteach a éilíonn síniú digiteach an lárionaid iontaoibhe eisiúna ionas go gceanglófar eochair phoiblí de chéannacht an fhostaí de chuid IO, rud atá i gcomhréir le caighdeán ISO 9594. 2.1.9. ‘Bunachar sonraí údarúcháin’ Ciallóidh ‘bunachar sonraí údarúcháin’ bunachar sonraí atá i seilbh an lárionaid iontaoibhe ar bunachar é ina bhfuil na nithe seo a leanas – sonraí údarúcháin na bhfostaithe údaraithe anaithnidithe de chuid IOnna, agus clárúchán IOnna formheasta. 2.1.10. ‘Bunachar sonraí deimhniúcháin’ Ciallóidh ‘bunachar sonraí deimhniúcháin’ bunachar sonraí atá i seilbh an lárionaid iontaoibhe ar mhaithe le bailíocht deimhnithe digiteacha fostaithe údaraithe de chuid IOnna agus aitheantóirí na bhfostaithe sin a bhainistiú. 2.1.11. ‘Comhar Eorpach don Chreidiúnú’ nó ‘EA’ ‘Comhar Eorpach don Chreidiúnú’ nó ‘EA’, ciallóidh sé sin an comhlacht atá aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus atá freagrach as forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme creidiúnaithe san Aontas. 2.1.12. ‘Fóram um Rochtain ar RMI Feithicilí ar RMI é a bhaineann leis an tSlándáil’ nó ‘SERMI’ An ‘Fóram um Rochtain ar RMI Feithicilí ar RMI é a bhaineann leis an tSlándáil’ nó ‘SERMI’, ciallaíonn sé sin an t-eintiteas atá i gceannas ar an gCoimisiún a chomhordú agus comhairle a chur air maidir le cur chun feidhme na nósanna imeachta creidiúnúcháin, formheasa agus údarúcháin chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil. 2.1.13. ‘Údaráis ábhartha” Ciallóidh ‘údaráis ábhartha’ na húdaráis phoiblí sin a bhfuil sainordú dlíthiúil acu chun feidhmiú i réimse na cosanta, an imscrúdaithe agus an ionchúisimh maidir leis an gcoireacht ó thaobh slándáil feithiclí. 3. Creidiúnú CABanna, formheas IOnna agus údarú fostaithe de chuid IOnna CABanna atá creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin (‘NAB’), faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 11 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar NAB é de chuid an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, ní eiseoidh ach na CABanna sin deimhnithe maidir le hiniúchadh formheasa lena ndeimhnítear gur formheasadh IO agus deimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin lena ndeimhnítear go bhfuil fostaí de chuid IO le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil. Is go ceann tréimhse 60 mí ón dáta a eiseofar na deimhnithe iniúchta lena mbaineann a dheonófar formheas an IO agus údarú an fhostaí de chuid IO. Oibreoirí neamhspleácha ar mian leo RMI a bhaineann leis an tslándáil a fháil, gheobhaidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa ó CAB arna chreidiúnú ag NAB de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an IO bunaithe. Fostaithe de chuid IOnna atá le RMI a bhaineann leis an tslándáil a láimhseáil, gheobhaidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin ó CAB arna chreidiúnú ag NAB de chuid an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an bhfostaí de chuid oibreoir neamhspleách. Cuirfidh CABanna TCanna ar an eolas faoi aon deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa nó aon deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisítear, agus a luaithe a dhéanfar sin, cruthóidh TCanna taifead údarúcháin agus eiseoidh siad ceadchomhartha slándála agus deimhniú digiteach, nithe a fhágfaidh gur féidir le suíomh gréasáin RMI an mhonaróra feithiclí fostaithe de chuid IOnna a aithint go huathúil. Tabharfaidh CABanna ceadchomhartha slándála agus an deimhniú digiteach d’fhostaithe aonair de chuid IOnna. Féadfaidh monaróirí feithiclí táille a éileamh as fostaithe de chuid IOnna a chlárú ar shuíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí sin agus as rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil. Beidh an táille sin i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leis an gclárú agus an soláthar rochtana sin. Déanfar na táillí atá dlite a shonrú ar shuíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí. Gach aistriú sonraí digiteacha idir IOnna, TCanna agus CABanna, is trí idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B) a dhéanfar iad, idirbhearta ina n-úsáidfear prótacail shlána agus a dhéanfar ar bhealach tráthúil.
An IO atá ag iarraidh údarú ó CAB, síneoidh sé dearbhú lena ndeimhnítear go bhfuil sé ag gabháil do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó dá dtagraítear i bpointe 6.3. den Iarscríbhinn seo. Ní fhormheasfar IO go dtí go mbeidh iniúchadh déanta ag an CAB a fhíoróidh gur síníodh an dearbhú sin, iniúchadh lena ndéanfar measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíonann an IO agus a chuid fostaithe aonair na ceanglais a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo nó nach gcomhlíonann. Ní údarófar fostaithe aonair de chuid IOnna go dtí go mbeidh iniúchadh déanta ag CAB. Déanfaidh CABanna na doiciméid a cuireadh isteach a sheiceáil agus fíoróidh siad cé acu a rinne an fostaí de chuid IO lena mbaineann, a rinne sé nó nach ndearna sé iarratas ar údarú roimhe sin a dhiúltaigh an CAB lena mbaineann nó a dhiúltaigh aon CAB eile ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh CABanna chuig an TC na sonraí ar fad is gá ionas go dtáirgfidh an TC an deimhniú digiteach agus an ceadchomhartha slándála, nithe a chuirfidh an CAB chuig na fostaithe de chuid oibreoir neamhspleách. Fostaithe de chuid oibreoir neamhspleách ar tugadh údarú dóibh, gheobhaidh siad an PIN a bhaineann leis an deimhniú digiteach óna CAB.
3.1. Forléargas ar an rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil Soláthróidh monaróirí feithiclí rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil trína suíomh gréasáin, ar choinníoll na fostaithe de chuid IO a bheith údaraithe agus a bheith in ann an deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin a chur ar fáil, agus deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa a bheith ag an IO a bhfuil na fostaithe de chuid IO ag obair thar a cheann. Fostaithe údaraithe de chuid IO a oibríonn do IOnna formheasta, féadfaidh monaróirí rochtain a thairiscint dóibh ar shaoráid ordaithe ar líne le haghaidh codanna a bhaineann leis an tslándáil trí fheidhmchlár speisialaithe atá nasctha leis an suíomh gréasáin RMI.. Ar iarratas a fháil ar rochtain ar shuíomh gréasáin RMI, éileoidh suíomhanna gréasáin na monaróirí feithiclí aitheantas trí bhíthin an aitheantóra uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO, agus iarrfaidh siad fíordheimhniú. Is trí dheimhnithe digiteacha amháin a dhéanfar fíordheimhniú fostaithe de chuid OI. Ar dheimhniú digiteach a fháil, fíoróidh suíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí an t-aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO agus stádas reatha an deimhnithe dhigitigh agus an údaraithe, rud a dhéanfaidh siad trí chumarsáid leis an TC a shainaithnítear sa deimhniú digiteach. Gach aistriú sonraí digiteacha idir oibreoirí neamhspleácha, monaróirí feithiclí, TCanna agus CABanna, is trí idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B) a dhéanfar iad, idirbhearta ina n-úsáidfear prótacail shlána agus a dhéanfar ar bhealach tráthúil. A luaithe a fhíorófar an t-aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO agus stádas údarúcháin an fhostaí de chuid IO, déanfaidh an monaróir feithiclí rochtain ar an RMI is gá a bhaineann leis an tslándáil a sholáthar trína shuíomh gréasáin.
4. Rialacha sonracha maidir le rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil 4.1. Ról SERMI 4.1.1. Freagrachtaí agus oibleagáidí Déanfaidh SERMI faireachán ar chur chun feidhme an phróisis creidiúnúcháin ar fud na mBallstát agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Cuirfidh SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le hiarratais ar athruithe ar an bpróiseas creidiúnúcháin.
4.1.2. Lárionaid iontaoibhe a roghnú Is é SERMI a roghnóidh an TC agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún ina leith lena fhormheas. TCanna a roghnófar, beidh siad i gcomhréir le caighdeán ETSI TS 319 411-3, agus comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le sínithe leictreonacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), i dteannta na gceanglas a leagtar síos i bpointe 4.6 den Fhoscríbhinn seo. Ina theannta sin, beidh na nithe seo a leanas ag na TCanna:
4.2. Ról na NABanna Beidh an NAB freagrach as CABanna a chreidiúnú chun IOnna a fhormheas agus fostaithe de chuid IOnna a údarú le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil. 4.2.1. Freagrachtaí agus ceanglais Na freagrachtaí atá ar an NAB agus na ceanglais atá ann ina leith, leagtar amach iad in Airteagail 8 go 12 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. 4.2.2. Critéir maidir le CABanna a chreidiúnú Déanfar CABanna a chreidiúnú ina gcomhlachtaí cigireachta de chineál A i gcomhréir le ISO/IEC 17020:2012. Comhlíonfaidh CABanna na ceanglais maidir leis an leibhéal is airde neamhspleáchais. Ina theannta sin, na ceanglais a leagtar síos i bpointí 4.3.1 go 4.3.2, déanfaidh an NAB measúnú ar chumas CABanna na ceanglais sin a chomhlíonadh. An pearsanra a bheidh i gceannas ar iniúchtaí maidir le IOnna, an leibhéal eolais a bheidh acu ar an ngnó deisithe agus cothabhála mótarfheithiclí agus ar mhionsonraí an mhargaidh iardhíola mótarfheithiclí, is leibhéal iomchuí a bheidh ansin le haghaidh na dtascanna a bheidh ar bun acu. 4.3. Ról na CABanna Beidh an CAB freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar IOnna agus ar a gcuid fostaithe faoi seach agus as deimhnithe maidir le hiniúchadh formheasa agus deimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisiúint i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo, agus as deimhnithe den sórt sin a chúlghairm. 4.3.1. Freagrachtaí agus ceanglais
4.3.2. Athnuachan an fhormheasa Déanfaidh CABanna iniúchadh ar an láthair arna iarraidh sin ag IO nó 6 mhí roimh bhailíocht an fhormheasa a dhul in éag, agus i gcás toradh dearfach iniúchta, déanfaidh siad an formheas a athnuachan. Eiseoidh CABanna deimhniú nua maidir le hiniúchadh formheasa le haghaidh IO a chomhlíonann na critéir formheasa. Déanfaidh CABanna measúnú ar iarratais ar athnuachan ar údaruithe agus eiseoidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin d’fhostaithe de chuid IOnna ar fostaithe iad a chomhlíonann na critéir údaraithe. 4.3.3. Critéir maidir le formheas IO ag an CAB Seiceálfaidh CABanna an méid seo a leanas sula ndéanfaidh siad IO a fhormheas, agus seiceálfaidh siad na nithe céanna le linn aon iniúchadh ar an láthair i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an fhormheasa:
4.3.4. Critéir maidir le formheas fostaithe de chuid IOnna ag an CAB Fíoróidh CABanna an méid seo a leanas sula ndéanfaidh siad fostaí a údarú ina fhostaí de chuid IO, agus fíoróidh siad na nithe céanna le linn aon iniúchadh ar an láthair i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an fhormheasa:
4.4. Ról na IOnna 4.4.1. Freagrachtaí agus ceanglais
4.5. An ról atá ag fostaithe de chuid IO 4.5.1. Freagrachtaí agus ceanglais
4.6. Ról an lárionaid iontaoibhe Cruthóidh TCanna na deimhnithe digiteacha agus seolfaidh siad na deimhnithe sin chuig na IOnna agus a gcuid fostaithe trí na CABanna éagsúla. Coimeádfaidh TCanna bunachar sonraí de dheimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisíodh. Soláthróidh TCanna rochtain do mhonaróirí feithiclí ar chomhéadan chun stádas na ndeimhnithe digiteacha agus na ndeimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a fhíorú. An fhaisnéis maidir le fostaithe de chuid IO, coinneoidh na TCanna sa bhunachar sonraí údarúcháin iad ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 60 mí. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná a bhfuil fágtha de thréimhse bhailíochta an fhormheasa a deonaíodh don IO ina bhfuil an fostaí ag obair. 4.6.1. Freagrachtaí agus ceanglais
4.7. Ról na monaróirí feithiclí Gach IO formheasta agus gach fostaí údaraithe de chuid IO, soláthróidh monaróirí feithiclí rochtain dóibh ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil. Fostaithe de chuid IO atá ag lorg rochtain ar an bhfaisnéis sin, déanfaidh monaróirí feithiclí cumarsáid le TCanna chun stádas údarúcháin agus fíordheimhnithe na bhfostaithe sin a fhíorú. 4.7.1. Freagrachtaí agus ceanglais
4.7.2. Ceanglais nós imeachta le haghaidh monaróirí feithiclí Ní thabharfaidh monaróirí feithiclí rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil mura rud é gur comhlíonadh gach ceann de na ceanglais nós imeachta seo a leanas:
(*5) Na ceanglais a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, tá siad bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos sa ‘Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)’, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach um Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016 (https://www.vehiclesermi.eu/)" (*6) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)." |
(*1) Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1).
(*2) Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe atá le húsáid i bhfeithiclí (IO L 180, 8.7.2011, lch. 53).”;
(*3) Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Rialachán (AE) Uimh. 715/2007.
(*4) Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) Uimh. 595/2009.”;
(*5) Na ceanglais a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, tá siad bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos sa ‘Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)’, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach um Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016 (https://www.vehiclesermi.eu/)
(*6) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).”