EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1235

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1235 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár

C/2021/2837

IO L 270, 29.7.2021, p. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1235/oj

29.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 270/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1235 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, maidir le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, maidir le cealú an chláraithe agus maidir leis an gclár

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 33(1) agus (2) agus Airteagal 41 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a aisghairm le Rialachán (AE) 2019/787 agus cuireadh Rialachán (AE) 2019/787 ina ionad. I gCaibidil III de Rialachán (AE) 2019/787 leagtar síos rialacha maidir le tásca geografacha in earnáil na ndeochanna biotáilleacha agus cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. Chun feidhmiú rianúil mhargadh na ndeochanna biotáilleacha a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua agus go háirithe chun feidhmiú chóras na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a shimpliú agus a chuíchóiriú, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha den sórt sin. Go háirithe, ba cheart an Rialachán seo agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún (3) a chur in ionad chuid d’fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún (4), agus ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin a aisghairm.

(2)

Chun grinnscrúdú an Choimisiúin a éascú agus chun faisnéis chuimsitheach a sholáthar do na páirtithe a bhfuil baint acu leis an nós imeachta freasúra, i gcás ina n-áirítear sa tsonraíocht táirge ceanglais shonracha maidir le pacáistiú, ba cheart achoimre a bheith sa doiciméad aonair a bheidh ina chuid den iarratas ar thásc geografach a chlárú ina léireofar an fáth ar cheart an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe chun cáilíocht na dí biotáillí a chosaint, chun tionscnamh na dí biotáillí a áirithiú nó chun rialú na dí biotáillí a áirithiú.

(3)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht sa nós imeachta agus chun grinnscrúdú an Choimisiúin a éascú, ba cheart do na Ballstáit éagsúla a ráthú gur achoimre dhílis é an doiciméad aonair ar an tsonraíocht táirge ar féidir leis an gCoimisiún brath uirthi agus an t-iarratas á mheasúnú aige agus a bhféadfaidh Ballstáit eile agus geallsealbhóirí eile brath uirthi chun an tásc geografach a fhorfheidhmiú. Ar na cúiseanna céanna, maidir leis an tagairt foilseacháin don tsonraíocht táirge a bheidh ina cuid den sainchomhad iarratais a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, is é ba cheart a bheith sa tagairt foilseacháin sin an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge arna foilsiú de réir chóras riaracháin an Bhallstáit.

(4)

An fhaisnéis atá le tíolacadh chun go measfaí gurb inghlactha iarratas ar chosaint, iarratas ar fhormheas ar leasú Aontais nó iarraidh ar chealú, ba cheart í a leagan amach chun bainistiú na n-iarratas nó na n-iarrataí sin a éascú agus chun dlús a chur lena scrúdú.

(5)

Chun deacrachtaí sealadacha a shárú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí uile na sonraíochtaí táirgí san fhadtéarma, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit idirthréimhsí suas le 10 mbliana a dheonú do tháirgeoirí chun iad féin a chur in oiriúint do na hathruithe ar rialacha áirithe maidir leis an tsonraíocht táirge.

(6)

Is é an Coimisiún atá freagrach as leasuithe an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas, agus is iad na Ballstáit a fhormheasann na leasuithe caighdeánacha nó, i gcás tríú tíortha, an duine nó an comhlacht atá freagrach sa tríú tír. Ar mhaithe le héifeachtúlacht an nós imeachta, aon uair a bheidh leasuithe caighdeánacha, freisin, san iarratas ar fhormheas ar leasú de chuid an Aontais, ba cheart a mheas nach ann do leasuithe caighdeánacha mar leasuithe atá ann cheana agus níor cheart iad a mheas mar leasuithe a formheasadh i gcomhthéacs an leasaithe Aontais.

(7)

Ba cheart an nós imeachta maidir le formheas na leasuithe caighdeánacha agus na leasuithe sealadacha a bhunú ionas go mbeidh na Ballstáit in ann measúnú iomchuí a dhéanamh ar na hiarratais agus cur chuige comhsheasmhach a ráthú ar fud na mBallstát. Ba cheart cruinneas agus uileghabhálacht an mheasúnaithe a dhéanfaidh na Ballstáit a bheith coibhéiseach leis an gcruinneas agus leis an uileghabhálacht is gá le haghaidh an phróisis measúnaithe laistigh den nós imeachta lena rialaítear iarratais ar thásc geografach a chlárú.

(8)

Is gá rialacha a leagan síos chun comhordú a bhunú idir na nósanna imeachta le haghaidh leasuithe ar shonraíocht táirge i gcásanna ina mbeidh iarratais a bhaineann le leasú Aontais agus leasú caighdeánach ar feitheamh ag an am céanna faoi bhráid an Choimisiúin agus údarás inniúil an Bhallstáit, faoi seach. Ós rud é go leasaítear an tsonraíocht táirge chéanna leis an dá iarratas, agus go mbíonn an dá iarratas faoi réir dhá nós imeachta chomhthreomhara éagsúla, a bhíonn faoi réir amú éagsúil, ba cheart rialacha a leagan síos lena seachnófaí neamhréireachtaí.

(9)

Ba cheart forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an nós imeachta chun clárú táisc gheografaigh a chealú chun a shoiléiriú go bhfuil na Ballstáit ar na daoine dlítheanacha a bhféadfadh leas dlisteanach a bheith acu iarraidh ar chealú a thíolacadh faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/787 agus chun a shonrú le tagairtí beachta cén áit in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an foilsiú.

(10)

Chun an trédhearcacht agus an aonfhoirmeacht a áirithiú ar fud na mBallstát, is gá clár leictreonach na dtásc geografach ar dheochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/787 (“clár”) a bhunú agus tuilleadh rialacha a ghlacadh maidir le hinneachar agus foirm an chláir. Go háirithe, ós rud é go bhfuil difríocht, i gcás gach ainm chláraithe, idir na doiciméid atá ar fáil, agus atá le cur ar fáil, ag brath ar an mbunús dlí faoinar deonaíodh cosaint dóibh den chéad uair, ba cheart na ceanglais maidir leis na doiciméid sin a oiriúnú dá réir. Chun gur féidir dátaí tosaíochta maidir le cearta maoine intleachtúla eile a chinneadh, ba cheart an dáta iarratais ar chlárú, agus dáta agus tagairt foilseacháin na hionstraime lena gcosnaítear an tásc geografach, a shonrú sa chlár. Ba cheart an clár a bheith ina bhunachar sonraí leictreonach arna bhainistiú laistigh de chórais dhigiteacha arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún, agus ba cheart rochtain a bheith ag an bpobal air.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Foráil tosaigh

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/787 a mhéid a bhaineann le tásca geografacha deochanna biotáilleacha, agus go háirithe rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iarratais ar chlárú;

(b)

leasuithe ar shonraíochtaí táirgí;

(c)

an clárú a chealú;

(d)

clár na dtásc geografach.

CAIBIDIL II

Forálacha sonracha

ROINN 1

IARRATAS AR CHLÁRÚ

Airteagal 2

(Airteagal 41(1)(a) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí Tarmligthe) Ceanglais bhreise i gcás an doiciméid aonair

I gcás ina mbeidh ceanglais shonracha maidir le pacáistiú sa doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) 2019/787, beidh ina chuid de freisin achoimre ar an mbonn cirt dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 22(1) den Rialachán sin.

Airteagal 3

(Airteagal 41(1)(a) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí Tarmligthe) Sainchomhad an iarratais ón mBallstát

Aon uair a chuirfidh Ballstát sainchomhad iarratais faoi bhráid an Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(7) de Rialachán (AE) 2019/787, deimhneoidh an Ballstát sin go bhfuil an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 23(2)(b) de Rialachán (AE) 2019/787 ina achoimre dhílis ar an tsonraíocht táirge. Beidh an Ballstát freagrach as aon dibhéirseachtaí ábhartha idir an doiciméad aonair agus an tsonraíocht táirge. Ar na nithe a bheidh ina gcuid den sainchomhad iarratais, beidh an tagairt leictreonach d’fhoilsiú na sonraíochta táirge.

Airteagal 4

(Airteagal 41(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí Tarmligthe) Inghlacthacht an iarratais

1.   Measfar gur iarratas inghlactha is ea iarratas ar chlárú má tíolacadh é i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2019/787 agus gur seoladh chuig an gCoimisiún é i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236, lena n-áirítear an doiciméad aonair arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus go raibh sé iomlán.

Measfar iarratas ar chlárú a bheith iomlán ach é a bheith i gcomhlíontacht le hAirteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2019/787 agus le hAirteagail 2 agus 3 den Rialachán seo.

2.   Má mheasann an Coimisiún an t-iarratas a bheith neamh-inghlactha, déanfaidh sé údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann nó an t-iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír, de réir mar a bheidh, a chur ar an eolas faoi na cúiseanna a bhfuil sé neamh-inghlactha.

Airteagal 5

(Airteagal 41(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí Tarmligthe) Idirthréimhse ar an leibhéal náisiúnta

1.   Chun deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é de chuspóir fadtéarmach leis sin a áirithiú, i dtaca le táirgeoirí uile an limistéir lena mbaineann, go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí sin an tsonraíocht táirge, féadfaidh Ballstát idirthréimhse a dheonú ar choinníoll go ndearna na hoibreoirí lena mbaineann an deoch bhiotáilleach i gceist a mhargú go dlíthiúil leis na hainmneacha lena mbaineann agus ar feadh tréimhse leanúnach 5 bliana ar a laghad roimh an am a chuir siad an t-iarratas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit agus ar choinníoll gur ardaíodh na deacrachtaí sealadacha siúd roimhe sin faoin nós imeachta freasúra náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) 2019/787.

Is ar an dáta a chuirfear an sainchomhad iarratais faoi bhráid an Choimisiúin a thosóidh an idirthréimhse agus beidh sí chomh gearr agus is féidir. Ní bheidh sí níos faide ná 10 mbliana.

2.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le tásc geografach lena dtagraítear do limistéar geografach i dtríú tír, ach is eisceacht air sin an nós imeachta freasúra náisiúnta.

3.   An idirthréimhse dá dtagraítear i mír 1, cuirfear in iúl í sa sainchomhad iarratais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(7) nó (8) de Rialachán (AE) 2019/787.

ROINN 2

LEASUITHE AR SHONRAÍOCHTAÍ TÁIRGÍ

Airteagal 6

(Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí Tarmligthe) Iarratais ar leasuithe Aontais ar shonraíochtaí táirgí

Chun críocha Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787, is leasuithe Aontais, agus iad sin amháin, a chuimseofar faoi iarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas. Má chuirtear leasuithe caighdeánacha nó sealadacha isteach le hiarratas ar leasú Aontais a fhormheas, is maidir leis an leasú Aontais agus maidir leis sin amháin a bheidh feidhm ag an nós imeachta um leasuithe Aontais. Maidir le haon leasuithe caighdeánacha nó sealadacha a bheidh ina gcuid den iarratas, measfar iad sin a bheith ina leasuithe nár tíolacadh.

Airteagal 7

(Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí Tarmligthe) Inghlacthacht iarratas ar leasuithe Aontais a fhormheas

1.   Measfar iarratais ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas a bheith inghlactha má tíolacadh iad i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787 agus gur seoladh chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 agus go gcomhlíonann siad Airteagal 7 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

Maidir le formheas a dhéanfaidh an Coimisiún ar iarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas, ní chumhdófar leis an bhformheas sin ach na leasuithe Aontais a leagtar amach san iarratas féin.

2.   Má mheasann an Coimisiún an t-iarratas a bheith neamh-inghlactha, déanfaidh sé údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann nó an t-iarratasóir atá bunaithe i dtríú tír, de réir mar a bheidh, a chur ar an eolas faoi na cúiseanna a bhfuil sé neamh-inghlactha.

Airteagal 8

(Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí Tarmligthe) Leasuithe caighdeánacha ar shonraíochtaí táirgí

1.   Chun críocha Airteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2019/787, i dtaca le hiarratais ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas, cuirfear na hiarratais sin faoi bhráid údaráis an Bhallstáit arb ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann. Comhlíonfaidh na hiarratasóirí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24(1), (2) nó (3) de Rialachán (AE) 2019/787. Murab é an t-iarratasóir amháin é an t-iarratasóir a thíolaic iarratas ar chosaint an ainm nó na n-ainmneacha dá dtagraítear sa tsonraíocht táirge agus an t-iarratasóir a thíolaic an t-iarratas ar leasú Aontais ar shonraíocht táirge a fhormheas, tabharfaidh an Ballstát deis don iarratasóir eile sin a bharúil a thabhairt ar an iarratas, más ann fós don iarratasóir sin.

San iarratas ar leasú caighdeánach a fhormheas, tabharfar tuairisc ar na leasuithe caighdeánacha agus léireofar gurb incháilithe, mar leasuithe caighdeánacha i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/787, na leasuithe atáthar a mholadh. De breis air sin tabharfar achoimre ar na cúiseanna a bhfuil gá leis na leasuithe.

2.   I gcás ina measfaidh an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais Rialachán (AE) 2019/787 agus na forálacha a glacadh de bhun an Rialacháin sin, féadfaidh sé an leasú caighdeánach a fhormheas. Cuimseofar sa chinneadh formheasa an tsonraíocht táirge chomhdhlúite arna leasú agus, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad aonair comhdhlúite arna leasú.

Poibleofar an cinneadh formheasa. Beidh feidhm ag an leasú caighdeánach formheasta sa Bhallstát lena mbaineann ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa. Seolfaidh an Ballstát aon leasuithe caighdeánacha formheasta chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa náisiúnta. Cuirfidh an Ballstát in iúl don Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon bhreithiúnas náisiúnta críochnaitheach neamh-inachomhairc lena neamhnítear cinneadh lena bhformheastar leasú caighdeánach.

3.   Maidir le cinntí lena bhformheastar leasuithe caighdeánacha a bhaineann le deochanna biotáilleacha de thionscnamh tríú tíortha, cuirfidh grúpa iarrthach a bhfuil leas dlisteanach aige na cinntí sin in iúl don Choimisiún, trí chumarsáid dhíreach leis an gCoimisiún nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann, tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh ábhartha.

4.   Measfar cumarsáid i leith leasú caighdeánach formheasta chuig an gCoimisiún a bheith curtha i gcrích go cuí tráth a chomhlíonfaidh an chumarsáid sin Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236.

5.   I gcás ina mbeidh sé intuigthe as an leasú caighdeánach go leasaítear an doiciméad aonair dá bharr, foilseoidh an Coimisiún an tuairisc ar an leasú caighdeánach agus an doiciméad aonair arna leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, laistigh de 3 mhí ón dáta a fuair sé an chumarsáid i leith an leasaithe chaighdeánaigh sin.

I gcás nach mbeidh sé intuigthe as an leasú caighdeánach go leasaítear an doiciméad aonair dá bharr, poibleoidh an Coimisiún an tuairisc ar an leasú caighdeánach, trí bhíthin na gcóras digiteach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236, laistigh de 3 mhí ón dáta a fuair sé an chumarsáid i leith an leasaithe chaighdeánaigh sin.

Maidir le freagracht agus leis an gcumarsáid i leith leasú caighdeánach, beidh an té a sheolfaidh an chumarsáid sin fós freagrach as inneachar na cumarsáide sin.

6.   Beidh feidhm ag leasuithe caighdeánacha i gcríoch an Aontais ón dáta a fhoilseofar iad de bhun na chéad fhomhíre de mhír 5 nó a phoibleofar iad de bhun an dara fomhír de mhír 5.

7.   I gcás ina mbeidh níos mó ná aon Bhallstát amháin faoin limistéar geografach, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann, cuirfidh siad an nós imeachta um leasuithe caighdeánacha i bhfeidhm ar leithligh i gcás na coda den limistéar atá ina gcríoch féin. Ní bheidh feidhm ag an leasú caighdeánach i gcríoch na mBallstát lena mbaineann go dtí go dtiocfaidh an ceann deireanach de na cinntí formheasa náisiúnta i bhfeidhm. An Ballstát sin a bheidh ar an mBallstát deireanach a fhormheasfaidh an leasú caighdeánach, seolfaidh sé an chumarsáid ábhartha chuig an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa.

Mura nglacfaidh ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann an cinneadh formheasa náisiúnta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann an t-iarratas sin a thíolacadh faoin nós imeachta um leasú Aontais.

8.   Beidh feidhm ag mír 7 mutatis mutandis i gcás ina mbeidh cuid den limistéar geografach i gcríoch tríú tír.

Airteagal 9

(Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí tarmligthe) An gaol idir leasuithe Aontais agus leasuithe caighdeánacha

1.   Maidir le leasú caighdeánach lenarb intuigthe leasú an doiciméid aonair, i gcás ina bhformheasfar leasú caighdeánach den chineál sin fad a bheidh iarratas ar leasú Aontais a fhormheas ar feitheamh, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, dá réir sin, an doiciméad aonair a thabhairt cothrom le dáta, eadhon an doiciméad aonair atá ina chuid den iarratas ar leasú Aontais a fhormheas. I gcás inar foilsíodh an leasú Aontais atá ar feitheamh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, chun go bhféadfaí dul i bhfreasúra ina leith, foilseofar an leagan nuashonraithe den doiciméad aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L, mar Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme lena bhformheastar an leasú Aontais.

2.   I gcás, maidir leis an leagan leasaithe den doiciméad aonair atá ina chuid den iarratas ar leasú caighdeánach arna fhormheas ar an leibhéal náisiúnta, nach gcuirtear san áireamh sa leagan leasaithe sin na leasuithe Aontais is déanaí a formheasadh, ní fhoilseofar an leasú caighdeánach sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. An Ballstát a d’fhormheas an leasú caighdeánach sin, seolfaidh an Ballstát sin chuig an gCoimisiún an leagan comhdhlúite den doiciméad aonair arna leasú ag an Aontas agus ag na leasuithe caighdeánacha, chun go bhfoilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 10

(Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí tarmligthe) Leasuithe sealadacha ar shonraíochtaí táirgí

1.   Maidir le leasuithe sealadacha ar shonraíochtaí táirgí, déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann, déanfaidh sé na leasuithe sealadacha sin a fhormheas agus a phoibliú. Cuirfidh an Ballstát na leasuithe caighdeánacha, maille leis na cúiseanna atá i dtacaíocht leo, in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin ó dháta poiblithe an chinnidh formheasa náisiúnta. Beidh feidhm ag leasú sealadach sa Bhallstát lena mbaineann ó dháta poiblithe an chinnidh lena bhformheastar an leasú.

2.   I gcás ina mbeidh níos mó ná aon Bhallstát amháin faoin limistéar geografach, beidh feidhm, ar leithligh, sna Ballstáit lena mbaineann, ag an nós imeachta um leasuithe sealadacha i gcás na coda den limistéar atá ina gcríoch féin.

3.   Maidir le leasuithe sealadacha a bhaineann le deochanna biotáilleacha de thionscnamh tríú tíortha, déanfaidh grúpa iarrthach a bhfuil leas dlisteanach aige na leasuithe sealadacha sin a chur in iúl don Choimisiún, maille leis na cúiseanna atá i dtacaíocht leo, trí chumarsáid dhíreach leis an gCoimisiún nó trí údaráis an tríú tír sin, tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin tar éis a bhformheasta.

4.   Measfar cumarsáid i leith leasú sealadach formheasta chuig an gCoimisiún a bheith curtha i gcrích go cuí tráth a chomhlíonfaidh an chumarsáid sin Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236.

5.   Poibleoidh an Coimisiún an chumarsáid i leith leasú sealadach trí bhíthin na gcóras digiteach dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236, laistigh de 3 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an chumarsáid i leith an leasaithe shealadaigh sin. Beidh feidhm ag leasú sealadach i gcríoch an Aontais ón dáta a phoibleoidh an Coimisiún é.

Maidir le cumarsáid i leith leasú sealadach, beidh seoltóir na cumarsáide sin fós freagrach as inneachar na cumarsáide sin.

ROINN 3

TÁSC GEOGRAFACH A CHEALÚ

Airteagal 11

(Airteagal 41(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí tarmligthe) Nós imeachta um chealú

1.   Chun críocha na chéad fhomhíre d’Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/787, féadfaidh an Ballstát, ar a thionscnamh féin, iarraidh a thíolacadh lena n-iarrfaidh sé clárú táisc gheografaigh a chealú.

2.   Maidir leis na hiarrataí ar chealú a thíolacfar de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/787, foilseoidh an Coimisiún na hiarrataí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

Airteagal 12

(Airteagal 41(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí tarmligthe) Inghlacthacht iarrataí ar chealú

1.   Chun críocha Airteagal 32(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/787, measfar iarraidh ar chealú a bheith inghlactha más rud é:

(a)

go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236; agus

(b)

i gcás iarrataí faoi Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) 2019/787, go bhfuil sé bunaithe ar fhorais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den fhoráil sin.

2.   Má mheasann an Coimisiún an iarraidh ar chealú a bheith neamh-inghlactha, déanfaidh sé údaráis an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann nó an duine nádúrtha nó dlítheanach a thíolaic an iarraidh, de réir mar a bheidh, a chur ar an eolas faoi na cúiseanna a bhfuil sí neamh-inghlactha.

3.   I dtaca le ráitis freasúra réasúnaithe a mhéid a bhaineann le cealú, ní bheidh na ráitis sin inghlactha ach amháin sa chás ina léireofar iontu go bhfuil an duine leasmhar ag baint úsáid tráchtála as an ainm cláraithe.

ROINN 4

AN CLÁR

Airteagal 13

(Airteagal 33(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/787 – Cumhachtaí tarmligthe) An clár

1.   Bunófar clár leictreonach na dtásc geografach ar dheochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/787 (“an clár”). Beidh sé bunaithe ar chórais dhigiteacha a bheidh faoi bhainistiú an Choimisiún agus beidh rochtain ag an bpobal air.

2.   Ar theacht i bhfeidhm d’ionstraim dlí lena dtugtar cosaint d’ainm táisc gheografaigh, cuirfidh an Coimisiún na sonraí seo a leanas ar taifead sa chlár:

(a)

an t-ainm nó na hainmneacha atá le cosaint mar thásc geografach, lena n-áirítear a leaganacha trascríofa nó traslitrithe i gcarachtair Laidineacha, i gcás inarb infheidhme sin. I gcás an iliomad ainmneacha, leaganacha trascríofa agus leaganacha traslitrithe, déanfar iad a chur ar taifead mar ainmneacha malartacha, agus cuirfear spás, fiarshlais agus spás eile [an dara spás] eatarthu;

(b)

catagóir na dí biotáillí;

(c)

uimhir an chomhaid;

(d)

an cineál “táisc gheografaigh”;

(e)

ainm na tíre tionscnaimh nó na dtíortha tionscnaimh;

(f)

an dáta cur i bhfeidhm agus an tagairt don ionstraim dlí lena dtugtar cosaint don ainm:

(i)

i gcás tásca geografacha arna gclárú i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/787 nó (CE) Uimh. 110/2008, cé is moite de na tásca geografacha seanbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 – an dáta cur i bhfeidhm agus an tagairt leictreonach do na hionstraimí lena gcosnaítear an t-ainm ar leibhéal an Aontais;

(ii)

i gcás na dtásc geografach seanbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 – dáta foilsithe na hionstraime lenar tugadh cosaint den chéad uair don tásc geografach ar leibhéal an Aontais agus an tagairt leictreonach don ionstraim sin;

(g)

an tagairt leictreonach nó na tagairtí leictreonacha don ionstraim dlí nó do na hionstraimí dlí a bhaineann leis an tásc geografach a rinneadh ar lorg na n-ionstraimí dlí dá dtagraítear i bpointe (f);

(h)

na tagairtí don doiciméad aonair, do phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil, don tsonraíocht táirge nó don chomhad teicniúil, i gcás ina bhfuil fáil orthu sin, mar a leanas:

(i)

i gcás tásca geografacha arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787 – an tagairt leictreonach don doiciméad aonair, lena n-áirítear an tagairt leictreonach don tsonraíocht táirge. i gcás ina bhfuil an limistéar geografach i gcríoch tríú tír – an tagairt leictreonach don doiciméad aonair, lena n-áirítear an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge;

(ii)

i gcás tásca geografacha arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 – an tagairt leictreonach do phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil;

(iii)

i gcás tásca geografacha seanbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 – an comhad teicniúil.

3.   I gcás ina bhformheasfaidh an Coimisiún leasú Aontais ar shonraíocht táirge nó i gcás ina bhfaighidh sé cumarsáid i leith leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge a chiallóidh gur gá an fhaisnéis atá ar taifead sa chlár a athrú, cuirfidh sé na sonraí nua ar taifead le héifeacht ó dháta chur i bhfeidhm an leasaithe san Aontas. Cuirfear ar taifead freisin na sonraí faoi leasuithe sealadacha.

4.   I gcás ina gcealófar clárú táisc gheografaigh, scriosfaidh an Coimisiún an t-ainm den chlár ón dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an ngníomh cur chun feidhme ábhartha de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/787 agus coinneoidh sé taifead ar an gcealú.

5.   Clárófar sa chlár na tásca geografacha dár tugadh cosaint, nó dá dtabharfar cosaint, le rialacháin cur chun feidhme arna nglacadh idir an 8 Meitheamh 2019 agus dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

6.   I dtaca le doiciméadacht a bhaineann le clárú táisc gheografaigh, coinneoidh an Coimisiún an doiciméadacht sin i bhfoirm dhigiteach nó i bhfoirm pháipéir ar feadh thréimhse bailíochta an táisc gheografaigh, agus i gcás cealú, go ceann 10 mbliana eile dá éis sin.

CAIBIDIL III

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1236 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le hiarratais ar chlárú tásc geografach deochanna biotáilleacha, leis an nós imeachta freasúra, le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, leis an gclárú a chealú, le siombail a úsáid agus le rialú (Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (IO L 201, 26.7.2013, lch. 21).


Top