Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1173

    Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488

    ST/9273/2021/INIT

    IO L 256, 19.7.2021, p. 3–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/07/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1173/oj

    19.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 256/3


    RIALACHÁN (AE) 2021/1173 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Iúil 2021

    maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus an chéad mhír d’Airteagal 188 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Bunaítear Fís Eorpach – An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Féadfar codanna de Fís Eorpach a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha, le comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí, d’fhonn an tionchar is mó is féidir a bhaint amach ar chistiú ón Aontas agus rannchuidiú ar an mbealach is éifeachtaí le cuspóirí beartais an Aontais.

    (2)

    I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695, féadfar tacaíocht a sholáthar do Chomhghnóthais a bhunaítear faoi chuimsiú Fís Eorpach. Níor cheart comhpháirtíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme ach amháin nuair nach n-éireodh le codanna eile de Fís Eorpach, lena n-áirítear foirmeacha eile de Chomhpháirtíochtaí Eorpacha, a chuspóirí a bhaint amach nó nuair nach nginfidís na tionchair ionchais is gá, agus dá mbeadh údar leo trí dhearcadh fadtéarmach agus leibhéal ard comhtháthaithe. Sonraítear na coinníollacha faoina gcruthaítear comhpháirtíochtaí den sórt sin sa Rialachán sin.

    (3)

    Bunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Tacaíonn an Clár don Eoraip Dhigiteach le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn a bhfuil sé d’aidhm acu bonneagar sár-ríomhaireachta, candamach agus sonraí den chéad scoth a fháil, a chur chun úsáide agus a oibriú, le cónascadh agus idirnascadh, agus leathnú na húsáide a bhaintear as seirbhísí sár-ríomhaireachta agus le príomhscileanna a fhorbairt.

    (4)

    Bunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, is féidir tionscadail leasa choitinn a ullmhú agus a chur chun feidhme faoi chuimsiú an bheartais líonraí tras-Eorpacha in earnálacha an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh. Go háirithe, tacaíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le cur chun feidhme na dtionscadal leasa choitinn sin a bhfuil sé d’aidhm acu bonneagair agus seirbhísí nua a fhorbairt agus a thógáil, nó bonneagair agus seirbhísí atá ann cheana a uasghrádú, sna hearnálacha iompair, teileachumarsáide agus fuinnimh. Cuidíonn an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le tacú le bonneagair nascachta digití a bhfuil leas coiteann iontu, rud a chruthaíonn buntáistí suntasacha dá bharr sin don tsochaí.

    (5)

    Cuirtear in iúl sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European Strategy for Data [Straitéis Eorpach maidir le Sonraí] straitéis na hEorpa maidir le bearta beartais agus infheistíochtaí chun an geilleagar sonraí a chumasú go ceann cúig bliana. Tá béim sa straitéis ar spásanna coiteanna sonraí poiblí Eorpacha a chruthú, rud a chuirfidh dlús faoi fhás agus a chruthóidh luach. Ach tacaíocht a thabhairt do chruthú spásanna coiteanna sonraí Eorpach den sórt sin agus bonneagair néil chónasctha agus shlána d’áiritheofaí go mbeadh níos mó sonraí ar fáil le húsáid sa gheilleagar agus sa tsochaí, ach go mbeadh an smacht fós ag na cuideachtaí agus ag na daoine aonair a ghineann na sonraí sin. Is comhpháirteanna riachtanacha de sholáthar rianúil acmhainní ríomhaireachta iad Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus ríomhaireacht chandamach a bhfuil saintréithe feidhmíochta difriúla acu atá riachtanach chun fás agus saothrú spásanna coiteanna sonraí poiblí Eorpacha agus bonneagair néil chónasctha agus shlána d’fheidhmchláir phoiblí, thionsclaíocha agus eolaíocha a uasmhéadú.

    (6)

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal Shaping Europe’s digital future [Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú], cuirtear straitéis dhigiteach na hEorpa i láthair, agus dírítear ar phríomhchuspóirí lena áirithiú go gcuideoidh réitigh dhigiteacha leis an Eoraip dul a bealach féin i dtreo claochlú digiteach a théann chun tairbhe na ndaoine. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí atá á mholadh aige tá infheistíocht i dtógáil agus cur chun úsáide inniúlachtaí digiteacha comhpháirteacha ar thús cadhnaíochta, lena n-áirítear i dteicneolaíochtaí sár-ríomhaireachta agus i dteicneolaíochtaí candamacha, agus acmhainneacht shár-ríomhaireachta na hEorpa a leathnú chun réitigh nuálacha a fhorbairt le haghaidh leighis, iompair agus an chomhshaoil.

    (7)

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A new Industrial Strategy for Europe [Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip], léirítear straitéis uaillmhianach tionsclaíochta don Eoraip chun na haistrithe dúbailte i dtreo na haeráid-neodrachta agus na ceannaireachta digití a stiúradh. Cuirtear béim sa Teachtaireacht ar an tacaíocht, i measc nithe eile, d’fhorbairt príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin atá tábhachtach ar bhonn straitéiseach do thodhchaí thionsclaíoch na hEorpa, lena n-áirítear Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus teicneolaíochtaí candamacha.

    (8)

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation [Seo í uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile] sainaithníodh roinnt acmhainneachtaí agus cumais dhigiteacha straitéiseacha inar áiríodh Ríomhairí Ardfheidhmíochta agus teicneolaíochtaí candamacha mar thosaíocht sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneacha, InvestEU agus sa tSaoráid Infheistíochta Straitéisí.

    (9)

    Tá an ról ceannasach atá ag an Eoraip sa gheilleagar sonraí, a sármhaitheas san eolaíocht, agus a neart tionsclaíoch ag brath níos mó agus níos mó ar a hábaltacht príomhtheicneolaíochtaí sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a fhorbairt, rochtain a sholáthar ar bhonneagair sár-ríomhaireachta agus sonraí den chéad scoth, agus a ceannaireacht reatha i bhfeidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a chothú. Is teicneolaíocht phríomhshrutha í an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta le haghaidh chlaochlú digiteach gheilleagar na hEorpa, rud a chuireann ar chumas go leor earnálacha tionsclaíochta traidisiúnta dul i mbun nuálaíochta le táirgí agus seirbhísí a bhfuil luach níos airde acu. I gcomhar le hardteicneolaíochtaí digiteacha eile mar an intleacht shaorga, olltiomsú sonraí agus teicneolaíochtaí néil, tá an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta ag leagan amach an bealach i dtreo feidhmchláir nuálacha don tsochaí agus don tionscal i réimsí criticiúla don Eoraip amhail leigheas pearsantaithe, réamhaisnéis na haimsire agus athrú aeráide, forbairt agus iompar cliste agus glas, ábhair nua le haghaidh fuinneamh glas, dearadh drugaí agus tástáil fhíorúil, an talmhaíocht inbhuanaithe, nó an innealtóireacht agus an déantúsaíocht.

    (10)

    Is acmhainn straitéiseach í an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta i gcomhair ceapadh beartas, ag cumhachtú feidhmchlár a sholáthraíonn an modh chun réitigh éifeachtúla a thuiscint agus a cheapadh chun dul i ngleic le mórán dúshlán domhanda agus i gcomhair bainistiú géarchéimeanna. Rannchuidíonn Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta le príomhbheartais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip ina bhfuil samhlacha agus uirlisí chun an líon méadaithe dúshláin chomhshaoil chasta a chlaochlú agus deiseanna a dhéanamh díobh i gcomhair na nuálaíochta sóisialta agus an fháis eacnamaíoch. Sampla de sin is ea an tionscnamh Destination Earth [Ceann Scríbe an Domhain], tionscnamh a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], agus sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European strategy for data [Straitéis Eorpach maidir le sonraí] agus Shaping Europe’s digital future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú].

    (11)

    Is léir ó imeachtaí domhanda ar nós phaindéim COVID-19 an tábhacht atá le hinfheistiú i Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus in ardáin agus uirlisí samhaltaithe a bhaineann leis an tsláinte, toisc go bhfuil ról lárnach á imirt acu sa troid i gcoinne na paindéime, go minic i gcomhar le teicneolaíochtaí digiteacha eile amhail olltiomsú sonraí agus intleacht shaorga. Táthar ag úsáid na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta chun dlús a chur le sainaithint agus táirgeadh cóireálacha, lena n-áirítear vacsaíní, chun leathadh víreas a thuar, chun cabhrú le leithdháileadh soláthairtí agus acmhainní leighis a phleanáil, agus chun ionsamhlú a dhéanamh ar bhearta scoir iar-phaindéime d’fhonn cásanna difriúla a mheas. Is uirlisí criticiúla ardáin agus uirlisí samhaltaithe na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta le haghaidh na paindéime reatha agus le haghaidh cinn sa todhchaí, agus beidh ról tábhachtach acu i sláinte agus i leigheas pearsantaithe.

    (12)

    Bunaíodh an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach le Rialachán (AE) 2018/1488 (6) (“Comhghnóthas EuroHPC”) agus é mar mhisean aige bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí comhtháite den chéad scoth a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothú san Aontas agus éiceachóras Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta atá thar a bheith iomaíoch agus nuálach a fhorbairt agus tacú leis.

    (13)

    I bhfianaise forbairtí sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2018/1488 lena áirithiú go leanfar den tionscnamh d’fhonn misean agus cuspóirí nua a shainiú don Chomhghnóthas EuroHPC, ag cur san áireamh an anailís ar phríomhspreagthóirí socheacnamaíocha agus teicneolaíochta a dhéanann difear d’éabhlóid na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus na mbonneagar sonraí, na dteicneolaíochtaí agus na bhfeidhmchlár sa todhchaí, san Aontas agus ar fud an domhain, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí reatha an Chomhghnóthais EuroHPC. D’fhágfadh an athbhreithniú go bhféadfaí rialacha an Chomhghnóthais EuroHPC a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil nua, go háirithe Rialachán (AE) 2021/695, chomh maith le Rialacháin (AE) 2021/694 agus (AE) 2021/1153.

    (14)

    D’fhonn an fheidhmíocht ríomhaireachta is gá a chur ar fáil don Aontas chun a acmhainneachtaí taighde agus tionsclaíochta a chothú go ceannródaíoch, ba cheart d’infheistíocht na mBallstát i Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus i ríomhaireacht chandamach a bheith comhordaithe agus ba cheart an glacadh tionsclaíoch agus margaidh a bheadh le teicneolaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí a atreisiú sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon. Ba cheart don Aontas a chuid éifeachtachta a mhéadú ionas go bhféadfar córais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí Eorpacha atá dírithe ar éileamh agus bunaithe ar fheidhmchláir a dhéanamh de na forbairtí teicneolaíochta, rud a bhunódh nasc éifeachtach idir soláthar teicneolaíochta, comhdhearcadh le húsáideoirí, agus soláthar comhpháirteach ar chórais den chéad scoth, agus a chruthódh éiceachóras den chéad scoth i dteicneolaíochtaí agus i bhfeidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí ar fud na hEorpa. Ag an am céanna, ba cheart don Aontas deis a thabhairt dá earnáil tionsclaíochta soláthair giaráil ar infheistíochtaí den sórt sin, agus as sin ghlacfaí leo i réimsí feidhmchláir mórscála atá ag teacht chun cinn amhail leigheas pearsantaithe, an t-athrú aeráide, tiomáint nasctha agus uathoibrithe nó i bpríomh-mhargaí eile a bhfuil an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí blocshlabhra, imeall-ríomhaireacht mar bhonn taca fúthu nó ar bhonn níos leithne trí dhigiteáil earnáil tionsclaíochta na hEorpa.

    (15)

    Ionas go bhféadfaidh an tAontas agus a Bhallstáit ceannaireacht a bhaint amach i bpríomhtheicneolaíochtaí digiteacha amhail Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus ríomhaireacht chandamach, ba cheart dóibh infheistiú i dteicneolaíochtaí sár-ríomhaireachta ísealchumhachta agus fuinnneamhéifeachtúla don chéad ghlúin eile, i mbogearraí nuálacha agus in ardchórais sár-ríomhaireachta le haghaidh ríomhaireacht eicsea-scála agus iar-eicsea-scála agus le haghaidh ríomhaireacht chandamach, agus le haghaidh feidhmchláir nuálacha sár-ríomhaireachta agus sonraí. Ba cheart dá réir go dtiocfadh bláth ar thionscal soláthair na hEorpa i raon leathan príomhréimsí teicneolaíochta agus feidhmchlár a théann níos faide ná Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus ríomhaireacht chandamach agus a chothaíonn margaí TFC níos leithne go fadtéarmach le teicneolaíochtaí den sórt sin. Thacódh a leithéid de rud freisin le tionscal eolaíochta agus úsáideoirí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus na ríomhaireachta candamaí dul faoi chlaochlú digiteach agus dlús a chur faoina bpoitéinseal nuálaíochta.

    (16)

    Is rud riachtanach é fís straitéiseach chomhchoiteann a lorg don Aontas i Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus i ríomhaireacht chandamach chun uaillmhian an Aontais agus a chuid Ballstát a chur i gcrích lena áirithiú go mbeidh ról ceannasach acu sa gheilleagar digiteach. Bheadh sé de chuspóir éiceachóras de sheirbhísí agus de bhonneagar sonraí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí hipearnasctha, cónasctha, slán a bhunú san Eoraip, éiceachóras a mbeadh forlámhas aige ar fud na cruinne, agus a bheadh in ann córais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí nuálacha agus iomaíocha a tháirgeadh bunaithe ar shlabhra soláthair atá níos athléimní agus a áiritheoidh fáil a bheith ar chomhpháirteanna, ar theicneolaíochtaí agus ar eolas, lena gcuirfear teorainn leis an mbaol go gcuirfidh briseadh isteach orthu.

    (17)

    Is é an Comhghnóthas an ionstraim is fearr a fhéadfaidh an fhís straitéiseach don Aontas i Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus i ríomhaireacht chandamach a chur chun feidhme, sa dóigh go n-áiritheofar go mbainfidh an tAontas tairbhe as cumais sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí den chéad scoth de réir a phoitéinseal eacnamaíoch, ag freastail ar riachtanais úsáideoirí na hEorpa. Is é an Comhghnóthas an ionstraim ab fhearr chun an ceann is fearr a fháil ar na teorainneacha reatha agus a thairgeann an tionchar is airde don gheilleagar, don tsochaí, agus don chomhshaol agus is é is fearr a fhéadfaidh cosaint a thabhairt do leasanna an Aontais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus sa ríomhaireacht chandamach. Is féidir leis acmhainní a chomhthiomsú ón Aontas, ó na Ballstáit agus ó na tríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an earnáil phríobháideach. Is féidir leis creat soláthair a chur chun feidhme agus córais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus córais ríomhaireachta candamaí den chéad scoth a oibriú. Is féidir leis cláir thaighde agus nuálaíochta a sheoladh chun teicneolaíochtaí Eorpacha a fhorbairt agus iad a chomhtháthú ina dhiaidh sin i gcórais sár-ríomhaireachta den chéad scoth.

    (18)

    Is cuid den phunann Comhpháirtíochtaí Institiúidithe a bheidh sa Chomhghnóthas faoi Fís Eorpach lenar cheart iarracht a dhéanamh acmhainneachtaí eolaíochta an Aontais a neartú chun bagairtí atá ag teacht chun cinn agus dúshláin sa todhchaí a láimhseáil i Limistéar Eorpach Taighde atreisithe, slabhraí luacha an Aontais atá á stiúradh ag an inbhuaine agus uathriail straitéiseach an Aontais a bhaint amach, agus feabhas a chur ar an nglacadh a bheidh le réitigh nuálacha ina ngabhfar i ngleic le dúshláin aeráide, chomhshaoil, sláinte agus le dúshláin dhomhanda sochaí eile ag teacht le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, lena n-áirítear aeráid-neodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050.

    (19)

    Ba cheart an Comhghnóthas a mhaoiniú trí chláir an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (“CAI 2021-2027”). Ba cheart é a bhunú le linn 2021 agus ba cheart go mbeadh sé ag feidhmiú go dtí an 31 Nollaig 2033 chun bonneagar sár-ríomhaireachta cónasctha, slán agus hipearnasctha den chéad scoth a chur ar fáil don Aontas, agus na teicneolaíochtaí, feidhmchláir agus na scileanna riachtanacha a fhorbairt chun cumais eacsascálaithe a bhaint amach thart ar 2022-2024, agus iar-eicseascálaithe thart ar 2025-2027, agus éiceachóras nuálaíochta Eorpach den chéad scoth a chur chun cinn sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus sa ríomhaireacht chandamach. I gcomhréir le hAirteagal 10(2)(c) de Rialachán (AE) 2021/695, tá Comhghnóthais le cur chuige saolré soiléir a bheith acu. Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go leordhóthanach, ba cheart Comhghnóthas a bhunú go ceann tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2033 chun go bhféadfaidh sé a fhreagrachtaí a fheidhmiú maidir le cur chun feidhme deontas go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí indíreacha deireanacha a seoladh curtha i gcrích agus maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le hoibriú na sár-ríomhairí EuroHPC a thabhairt chun críche.

    (20)

    Ba cheart don chomhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach i bhfoirm Comhghnóthais na hacmhainní airgeadais agus teicniúla atá riachtanach a thabhairt le chéile chun máistreacht a fháil ar an scéal casta a bhaineann le luas síor-mhéadaithe na nuálaíochta sa réimse seo. Dá bhrí sin, ba cheart gurbh iad an tAontas, na Ballstáit agus na tríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach nó an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa comhaltaí an Chomhghnóthais agus iad aontaithe ar thionscnamh comhpháirteach Eorpach sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus sa ríomhaireacht chandamach, agus cumainn a dhéanann ionadaíocht ar a gcomheintitis agus eagraíochtaí eile atá meáite go sainráite agus go gníomhach ar thorthaí taighde agus nuálaíochta a tháirgeadh, ar chumais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta nó ríomhaireachta candamaí a fhorbairt agus a chur chun úsáide, nó rannchuidiú chun dul i ngleic leis an mbearna scileanna agus an fios gnó a choimeád i réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus na ríomhaireachta candamaí san Eoraip. Ba cheart go mbeadh comhaltaí nua in ann páirt a ghlacadh sa Chomhghnóthas.

    (21)

    I gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais ó chomhaltaí eile seachas an tAontas a bheith comhionann le 50 %, ar a laghad, de ghealltanais bhuiséadacha chomhiomlánaithe an Chomhghnóthais agus ba cheart go bhféadfaidís a bheith chomh hard le 75 %. Os a choinne sin, níor cheart an ranníocaíocht ón Aontas, lena n-áirítear aon chistí breise ó thríú thíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach nó an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, a dhul thar 50 % de ghealltanais bhuiséadacha chomhiomlánaithe an Chomhghnóthais.

    (22)

    Ba cheart costais riaracháin an Chomhghnóthais a chumhdach le ranníocaíocht ón Aontais.

    (23)

    I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/695, tá an Comhghnóthas chun bainistíocht lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais go léir a chur chun feidhme trí chur chuige comhordaithe. Ba cheart, dá réir sin, do gach Stát Rannpháirteach ceann amháin nó níos mó de na comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích leis an gComhghnóthas lena leagtar síos an sásra comhordúcháin chun ranníocaíochtaí a íoc le hiarratasóirí atá bunaithe sa Stát Rannpháirteach sin agus chun tuairisc a thabhairt ina leith. Chun comhleanúnachas lena dtosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta a áirithiú, ba cheart ceart crosta a thabhairt do na Stáit Rannpháirteacha maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta a úsáid d’iarratasóirí atá bunaithe sna Stáit Rannpháirteacha sin. D’fhonn an t-ualach riaracháin ar thairbhithe a íoslaghdú, simpliú a bhaint amach agus cur chun feidhme níos éifeachtúla a áirithiú, ba cheart do gach Stát Rannpháirteach iarracht a dhéanamh a sceideal íocaíochta, tuairisciú agus iniúchtaí a shioncrónú le sceideal íocaíochta, tuairisciú agus iniúchtaí an chomhghnóthais agus a incháilitheacht costais a chóineasú le rialacha Fís Eorpach. Na tairbhithe atá bunaithe i Stáit Rannpháirteacha a chuireann na gníomhaíochtaí íocaíochta de chúram ar an gComhghnóthas, ba cheart dóibh comhaontú deontais amháin a shíniú leis an gComhghnóthas de réir rialacha Fís Eorpach.

    (24)

    D’fhonn seasamh ceannasach a fháil ar ais i dteicneolaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, agus éiceachóras iomlán Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí a fhorbairt don Aontas, in 2014, bhunaigh geallsealbhóirí tionsclaíochta agus taighde sa chomhlachais An tArdán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta (ETP4HPC) comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach ar bhonn conartha leis an Aontas. Is é an misean atá aige slabhra luacha den chéad scoth de theicneolaíocht Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a thógáil san Eoraip, a bheadh iomaíoch ar bhonn domhanda, agus sineirgí a chothú idir na trí phríomh-chomhpháirt den éiceachóras Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, eadhon forbairt teicneolaíochta, feidhmchláir agus bonneagar sár-ríomhaireachta. Nuair a bhreithnítear a shaineolas, agus an ról atá aige maidir leis na geallsealbhóirí príobháideacha ábhartha sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a thabhairt le chéile, ba cheart go mbeadh an tArdán Teicneolaíochta Eorpaigh um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta i dteideal bheith ina chomhalta den Chomhghnóthas.

    (25)

    D’fhonn an slabhra luacha sonraí a neartú, tógáil pobail a fheabhsú maidir le sonraí agus na forais a leagan síos le haghaidh geilleagar bríomhar sonraí-bhunaithe san Aontas, in 2014 bhunaigh na geallsealbhóirí tionsclaíochta agus taighde sa Big Data Value Association (BDVA) comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach ar bhonn conartha leis an Aontas. In 2020, athraíodh an t-aimn BDVA go Data, AI and Robotics (DAIRO). Nuair a bhreithnítear a shaineolas, agus an ról atá aige maidir leis na geallsealbhóirí príobháideacha olltiomsú sonraí ábhartha a thabhairt le chéile, ba cheart do DAIRO a bheith incháilithe i gcomhair ballraíochta sa Chomhghnóthas.

    (26)

    Léirigh na cumainn phríobháideacha, an tArdán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus DAIRO, i scríbhinn, go bhfuil siad toilteanach rannchuidiú le clár straitéiseach ilbhliantúil an Chomhghnóthais agus a gcuid saineolais a chur ag obair chun cuspóirí an Chomhghnóthais a chur i gcrích. Is iomchuí go nglacfadh na cumainn phríobháideacha sin leis na Reachtanna a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo trí litir fhormhuinithe.

    (27)

    Ba cheart don Chomhghnóthas dul i ngleic go soiléir le topaicí sainithe a chuirfeadh ar chumas na dtionscal acadúil agus Eorpach i gcoitinne na teicneolaíochtaí is nuálaí i Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus i ríomhaireacht chandamach a dhearadh, a fhorbairt agus a úsáid, agus bonneagar líonraithe slán, comhtháite agus cónasctha a bhunú ar fud an Aontais ag a mbeadh cumas den chéad scoth sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus sa ríomhaireacht chandamach, nascacht ardluais agus feidhmchláir ceannródaíocha agus seirbhísí sonraí agus bogearraí dá eolaithe agus do phríomh-úsáideoirí eile ón earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus an earnáil phoiblí. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gComhghnóthas teicneolaíochtaí agus bonneagair den chéad scoth a fhorbairt agus a úsáid, dhá rud a rachaidh i ngleic leis na riachtanais mhóra a bhíonn ag úsáideoirí eolaíochta, tionsclaíochta agus ag úsáideoirí na hearnála poiblí san Eoraip.

    (28)

    Ba cheart misean an Chomhghnóthais a struchtúrú i gcolún riaracháin amháin agus i sé cholún theicniúla lena dtugtar aghaidh, faoi seach, ar ghníomhaíochtaí bonneagair, ar na gníomhaíochtaí lena gcruthaítear na seirbhísí sár-ríomhaireachta, ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le teicneolaíocht, ar na gníomhaíochtaí sár-ríomhaireachta a bhaineann le feidhmchláir, ar na gníomhaíochtaí chun úsáid agus scileanna a leathnú, agus ar na gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta. Ba cheart an Clár don Eoraip Dhigiteach a úsáid chun cistiú a dhéanamh ar an gcolún bonneagair, ar chuid de cholún cónasctha na seirbhísí sár-ríomhaireachta agus den cholún maidir le húsáid agus scileanna a leathnú. Ba cheart an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa a úsáid chun cistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá fágtha de cholún chónasctha na seirbhísí sár-ríomhaireachta, i.e. an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, an ríomhaireacht chandamach agus acmhainní sonraí a idirnascadh, chomh maith leis an idirnascadh le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus le bonneagair néalríomhaireachta slána an Aontais. Ba cheart Fís Eorpach a úsáid chun an colún teicneolaíochta, an colún iarratais agus an colún um chomhar idirnáisiúnta a chistiú.

    (29)

    Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith in ann comhoibriú leis an gComhpháirtíocht le haghaidh na Ríomhaireachta Sárfhorbartha san Eoraip (PRACE) chun rochtain ar bhonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí cónasctha idirnasctha agus ar a sheirbhísí a sholáthar agus a bhainistiú, agus le haghaidh saoráidí oiliúna agus deiseanna forbartha scileanna. Ba cheart dó a bheith in ann comhoibriú le líonra GÉANT chomh maith le haghaidh na nascachta idir sár-ríomhairí an Chomhghnóthais, agus le bonneagair Eorpacha sár-ríomhaireachta agus sonraí eile.

    (30)

    Ba cheart don Chomhghnóthas cúnamh a thabhairt chun an bhearna shonrach scileanna ar fud an Aontais a laghdú trí bheith ag gabháil do bhearta ardaithe feasachta agus cuidiú le heolas nua agus caipiteal daonna a thógáil. Áirítear leis sin dearadh agus tacaíocht gníomhaíochtaí sonracha oideachais agus oiliúna i ndlúthchomhar leis na gníomhaithe ábhartha poiblí agus príobháideacha.

    (31)

    Ag teacht leis na cuspóirí beartais sheachtraigh agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart don Chomhghnóthas comhar a éascú idir an tAontas agus gníomhairí idirnáisiúnta trí straitéis comhair a shainiú, lena n-áirítear réimsí comhair i dtaighde agus forbairt agus forbairt scileanna a shainaithint agus a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcás ina bhfuil tairbhe ann don dá thaobh, chomh maith lena áirithiú go mbeidh beartas rochtana ann maidir le cumais agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí faoi seach a bheidh bunaithe go príomha ar chómhalartacht.

    (32)

    Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gComhghnóthas saothrú gach teicneolaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a chruthófar dá bharr san Aontas a chur chun cinn. Ba cheart dó díriú freisin ar na hinfheistíochtaí a fhaigheann sé sna sár-ríomhairí a chosaint. Agus sin á dhéanamh, ba cheart dó bearta iomchuí a ghlacadh chun slándáil an tslabhra soláthair de theicneolaíochtaí a fhaightear a áirithiú, inar cheart saolré iomlán na sár-ríomhairí sin a chumhdach.

    (33)

    Ba cheart don Chomhghnóthas an bealach a réiteach le haghaidh fís níos fadtéarmaí agus an chéad bhonneagar hibrideach den Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a thógáil san Eoraip, ag comhtháthú ailtireachtaí ríomhaireachta clasaicí le fearais ríomhaireachta candamaí. Tá tacaíocht airgeadais struchtúrach agus chomhordaithe ar leibhéal Eorpach riachtanach chun cabhrú le foirne taighde agus le tionscail na hEorpa torthaí den chéad scoth a tháirgeadh lena áirithiú go saothraítear taighde agus teicneolaíocht Eorpach go gasta agus go forleathan ar fud an Aontais, agus as sin go gcruthófar torthaí tábhachtacha don tsochaí, d’fhonn na rioscaí a ghlacfar a roinnt amach agus dul i mbun oibre le chéile trí straitéisí agus infheistíochtaí a ailíniú i dtreo an leasa choitinn san Eoraip.

    (34)

    D’fhonn a chuid cuspóirí maidir leis na teicneolaíochtaí is nuálaí a dhearadh, a fhorbairt agus a úsáid i Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus i ríomhaireacht chandamach a bhaint amach, ba cheart don Chomhghnóthas tacaíocht airgeadais a sholáthar go háirithe i bhfoirm deontas agus soláthair tar éis glao oscailte agus iomaíoch ar thograí agus glao ar thairiscintí bunaithe ar chláir oibre bhliantúla. Ba cheart an tacaíocht airgeadais sin a dhíriú go háirithe ar chlistí cruthaithe sa mhargadh a chuireann cosc ar fhorbairt an chláir lena mbaineann, níor cheart di infheistíochtaí príobháideacha a phlódú agus ba cheart di éifeacht dreasachta a bheith aici sa mhéid agus go n-athraíonn sé iompar an fhaighteora.

    (35)

    D’fhonn a chuspóir a bhaint amach maidir le poitéinseal nuálaíochta na hearnála tionsclaíochta a mhéadú, agus go háirithe poitéinseal nuálaíochta na bhfiontar beag agus meánmhéide, in iarracht cuidiú chun an bhearna shonrach scileanna a laghdú, chun tacú leis an méadú ar eolas agus ar chaipiteal daonna agus chun cumais na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus na ríomhaireachta candamaí a chur in airde, ba cheart don Chomhghnóthas tacaíocht a thabhairt do Lárionaid náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a chruthú, agus go háirithe iad a líonrú agus a chomhordú, ar fud na Stát Rannpháirteach. Ba cheart do na lárionaid inniúlachta sin seirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí a sholáthar don earnáil tionsclaíochta, don saol acadúil agus do riaracháin phoiblí nuair a éilíonn siad iad. Ba cheart dóibh go príomha rochtain ar éiceachóras nuálaíochta sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a chur chun cinn agus a chumasú, rochtain ar na sár-ríomhairí agus ar ríomhairí candamacha a éascú, dul i ngleic leis na ganntanais shuntasacha maidir le saineolaithe teicniúla oilte trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí ardaithe feasachta, oiliúna agus for-rochtana, agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí líonraithe le geallsealbhóirí agus le Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta eile chun nuálaíochtaí níos leithne a chothú, mar shampla trí chásanna ina n-úsáidtear an dea-chleachtas nó eispéiris cur i bhfeidhm a mhalartú agus a chur chun cinn, trína gcuid saoráidí agus eispéiris oiliúna a chomhroinnt, trí chomhfhorbairt agus malartú cód comhthreomhar, nó trí thacaíocht a thabhairt do chomhroinnt feidhmchlár agus uirlisí nuálacha le haghaidh úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe FBManna.

    (36)

    Ba cheart don Chomhghnóthas creat a bheadh dírithe ar éileamh agus spreagtha ag an úsáideoir a sholáthar agus cur chuige comhdheartha a chumasú chun seirbhís chomhtháite, chónasctha den chéad scoth de shár-ríomhaireacht agus ríomhaireacht chandamach agus bonneagar sonraí a fháil san Aontas, chun an acmhainn ríomhaireachta straitéisí a theastaíonn uathu a thabhairt d’úsáideoirí ionas go bhféadfaidh siad réitigh nuálacha, nua a fhorbairt agus dúshláin a bhaineann leis an tsochaí, leis an gcomhshaol, leis an ngeilleagar agus le slándáil a réiteach. Chun na críche sin, ba cheart don Chomhghnóthas rannchuidiú chun sár-ríomhairí den chéad scoth a fháil. Ba cheart sár-ríomhairí an Chomhghnóthais, lena n-áirítear ríomhairí candamacha, a shuiteáil i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é.

    (37)

    Chun go gcuirfear misean an Chomhghnóthais chun feidhme ar bhealach costéifeachtach maidir le héiceachóras sár-ríomhaireachta den chéad scoth a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothabháil san Aontas, ba cheart don Chomhghnóthas an deis a thapú chun uasghrádú a dhéanamh ar na sár-ríomhairí ar leis í, i gcás inarb iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart saolré na sár-ríomhairí a shíneadh mar thoradh ar na huasghráduithe, ba cheart an fheidhmíocht oibríochtúil a mhéadú, nó feidhmiúlachtaí nua a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar éabhlóid riachtanais na n-úsáideoirí. Chun a shár-ríomhairí a uasghrádú, ba cheart don Chomhghnóthas a bheith in ann glao ar léirithe spéise a sheoladh mar chuid den cholún bonneagair. Ba cheart na coinníollacha incháilitheachta sonracha ar cheart feidhm a bheith acu maidir le heintiteas óstach, a bhfuil sár-ríomhaire EuroHPC á óstáil aige cheana féin, a shainiú sna glaonna ar thograí.

    (38)

    Ba cheart don Chomhghnóthas na sár-ríomhairí agus na bonneagair sonraí go léir a bhfuil sé mar úinéir nó mar chomh-úinéir orthu a hipearnascadh le teicneolaíochtaí líonraithe úrscothacha, agus iad a chur ar fáil go forleathan ar fud an Aontais, agus ba cheart dó a bhonneagar sonraí sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí a idirnascadh agus a chónascadh, chomh maith le bonneagair náisiúnta, réigiúnacha agus bonneagair ríomhaireachta eile le hardán comhchoiteann. Ba cheart don Chomhghnóthas a áirithiú freisin go ndéanfar idirnascadh ar an tseirbhís chónasctha, shlán sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus ar na bonneagair sonraí leis na spásanna coiteanna sonraí Eorpacha, lena n-áirítear an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte, agus na bonneagair néil chónasctha, shlána a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European Strategy for Data [Straitéis Eorpach maidir le Sonraí], le haghaidh soláthar rianúil seirbhíse do raon leathan úsáideoirí poiblí agus príobháideacha ar fud na hEorpa.

    (39)

    Ba cheart do Fís Eorpach agus don Chlár don Eoraip Dhigiteach faoi seach rannchuidiú chun deireadh a chur leis an deighilt taighde agus nuálaíochta san Aontas, agus le cumais sár-ríomhaireachta leathana a chur chun úsáide trí shineirgí a chur chun cinn le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), le Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+), leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), chomh maith leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhghnóthas, féachaint le hidirghníomhaíochtaí dlúithe a fhorbairt leis na cistí sin, lena bhféadfar cuidiú a thabhairt go sonrach chun cumais taighde agus nuálaíochta áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a neartú.

    (40)

    Ba cheart don Chomhghnóthas creat fabhrach a sholáthar do Stáit Rannpháirteacha ar Ballstáit iad chun ranníocaíochtaí airgeadais faoi na cláir atá á gcómhaoiniú ag CFRE, CSE+, CEMID agus CETFT a úsáid chun bonneagair Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí agus sonraí a fháil agus iad a idirnascadh. Tá sé riachtanach úsáid a bhaint as na ranníocaíochtaí airgeadais sin sa Chomhghnóthas chun seirbhís Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus bonneagar sonraí den chéad scoth a bheidh comhtháite, cónasctha, slán agus hipearnasctha a fhorbairt san Aontas, toisc go dtéann na tairbhí a bhaineann le bonneagar den sórt sin i bhfad níos faide ná úsáideoirí na mBallstát. Má chinneann na Ballstáit úsáid a bhaint as na ranníocaíochtaí airgeadais sin le haghaidh ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais, ba cheart na ranníocaíochtaí sin a mheas mar ranníocaíochtaí náisiúnta na Stát Rannpháirteach ar Ballstáit iad le buiséad an Chomhghnóthais, ar choinníoll go gcomhlíontar Airteagal 106 agus forálacha infheidhme eile de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus de na rialacháin a bhaineann go sonrach le cistí.

    (41)

    Is féidir leis an gComhghnóthas úsáid chistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ag Ballstáit Rannpháirteacha ar Ballstáit iad a éascú. Is féidir le cistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an gComhghnóthas a chomhlánú, ar choinníoll go mbeidh an tacaíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneacht sa bhreis ar an tacaíocht arna soláthar ag cistí Aontais an Chomhghnóthais agus nach gcumhdaíonn sí an costas céanna. Níor cheart úsáid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh mar ranníocaíocht náisiúnta le buiséad an Chomhghnóthais, go háirithe maidir le seirbhís agus bonneagair sonraí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí, agus maidir le teicneolaíocht, feidhmchláir agus tionscadail forbartha scileanna.

    (42)

    Ba cheart do ranníocaíocht an Aontais ó chistí an Chláir don Eoraip Dhigiteach costais fála sár-ríomhairí ardleibhéil, ríomhairí candamacha, sár-ríomhairí de ghrád tionsclaíoch agus sár-ríomhairí lár-raoin a chumhdach i bpáirt chun ailíniú le cuspóir an Chomhghnóthais maidir le rannchuidiú le comhthiomsú acmhainní chun an tAontas a fheistiú le sár-ríomhairí agus le ríomhairí candamacha den chéad scoth. Ba cheart do na Stáit Rannpháirteacha nó na Comhaltaí Príobháideacha nó cuibhreannais comhpháirtithe príobháideacha costais chomhlántacha na sár-ríomhairí agus na ríomhairí candamacha sin a chumhdach. Ba cheart don sciar d’aga rochtana an Aontais ar na sár-ríomhairí nó ar na ríomhairí candamacha sin a bheith i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas chun na sár-ríomhairí agus na ríomhairí candamacha sin a fháil, agus níor cheart níos mó ná 50 % d’aga rochtana iomlán na sár-ríomhairí nó na ríomhairí candamacha sin a bheith ann.

    (43)

    Ba cheart an Comhghnóthas a bheith ina úinéir ar na sár-ríomhairí ardleibhéil agus ar na ríomhairí candamacha atá faighte aige. Ba cheart oibriú gach sár-ríomhaire ardleibhéil nó gach ríomhaire chandamaigh a chur ar iontaoibh eintitis óstaigh. Ba cheart don eintiteas óstach a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh ar Stát Rannpháirteach amháin ar Ballstát é nó cuibhreannas óstach de Stáit Rannpháirteacha. Ba cheart don eintiteas óstach a bheith in ann meastachán cruinn a thabhairt agus costais oibriúcháin an tsár-ríomhaire a fhíorú, trína áirithiú, mar shampla, go ndéanfar deighilt idir na feidhmeanna, agus a mhéid is féidir, deighilt fhisiceach ar shár-ríomhairí ardleibhéil nó ar ríomhairí candamacha an Chomhghnóthais agus aon chórais ríomhaireachta náisiúnta nó réigiúnacha a bhíonn á oibriú aige. Ba cheart do Bhord Rialaithe an Chomhghnóthais (“an Bord Rialaithe”) an t-eintiteas óstach a roghnú tar éis glao ar léiriú spéise a mheasfaidh saineolaithe neamhspleácha. A luaithe a roghnaítear eintiteas óstach, ba cheart don Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó an cuibhreannas óstach a bheith in ann cinneadh a dhéanamh éileamh ar Stáit Rannpháirteacha eile a bheith páirteach agus rannchuidiú le cistiú an tsár-ríomhaire ardleibhéil nó an ríomhaire chandamaigh a bheidh le suiteáil san eintiteas óstach a roghnófar. Má théann tuilleadh Stát Rannpháirteach isteach sa chuibhreannas óstach a roghnaíodh, ba cheart sin a bheith gan dochar d’aga rochtana an Aontais ar na sár-ríomhairí. Ba cheart an rannchuidiú a dhéanann na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach leis an sár-ríomhaire nó leis an ríomhaire candamach a aistriú ina sciartha d’aga rochtana ar an sár-ríomhaire nó ar an ríomhaire candamach sin. Ba cheart do na Stáit Rannpháirteacha aontú eatarthu féin ar dháileadh dá sciar den aga rochtana don sár-ríomhaire nó don ríomhaire candamach.

    (44)

    Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith fós mar úinéir ar na sár-ríomhairí nó na ríomhairí candamacha a fhaigheann sé go dtí go dtiocfaidh laghdú ar a luach. Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith in ann an úinéireacht sin a aistriú chuig an eintiteas óstach le haghaidh a díchoimisiúnaithe, nó a diúscartha nó aon úsáid eile. Nuair a aistrítear an úinéireacht chuig an eintiteas óstach nó nuair atá an Comhghnóthas á fhoirceannadh, ba cheart don eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire nó an ríomhaire chandamaigh a aisíoc leis an gComhghnóthas.

    (45)

    Ba cheart don Chomhghnóthas na sár-ríomhairí lár-raoin a fháil i gcomhpháirt leis na Stáit Rannpháirteacha. Ba cheart oibriú gach sár-ríomhaire lár-raoin a chur ar iontaoibh eintitis óstaigh. Ba cheart don eintiteas óstach a bheith in ann ionadaíocht a dhéanamh ar Stát Rannpháirteach amháin ar Ballstát é nó cuibhreannas óstach de Stáit Rannpháirteacha. Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith mar úinéir na coda sin a chomhfhreagraíonn don sciar ranníocaíochta airgeadais ón Aontas leis na costais fála ó chistí an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Ba cheart don Bhord Rialaithe an t-eintiteas óstach a roghnú tar éis glao ar léiriú spéise a mheasfaidh saineolaithe neamhspleácha. Ba cheart do sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire lár-raoin a bheith i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ó chistí an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus costais fála an tsár-ríomhaire lár-raoin sin. Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith in ann úinéireacht a aistriú chuig an eintiteas óstach cúig bliana, ar a luaithe, tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an Chomhghnóthais nó nuair a dhéantar é a fhoirceannadh. Ba cheart don eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aisíoc leis an gComhghnóthas.

    (46)

    Chun dáileadh cothrom cothromasach na sár-ríomhairí EuroHPC a chur chun cinn ar fud an Aontais agus chun teacht i láthair chur chuige cónasctha i ndáil le héiceachóras bonneagair a chur chun cinn, ba cheart a shainiú sna glaonna ar léiriú spéise i sár-ríomhaire EuroHPC na coinníollacha incháilitheachta ar cheart feidhm a bheith acu maidir le Stát Rannpháirteach a bhfuil sár-ríomhaire EuroHPC á óstáil aige cheana.

    (47)

    Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith in ann sár-ríomhairí de ghrád tionsclaíoch a fháil in éineacht le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. Ba cheart oibriú gach sár-ríomhaire den sórt sin a chur ar iontaoibh eintitis óstaigh reatha. Ba cheart don eintiteas óstach a bheith ina ann dul i gcomhlachas leis an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha chun sár-ríomhaire den sórt sin a fháil agus a oibriú. Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith mar úinéir na coda sin a chomhfhreagraíonn don sciar ranníocaíochta airgeadais ón Aontas leis na costais fála ó chistí an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Ba cheart don Bhord Rialaithe an t-eintiteas óstach agus a chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha a roghnú tar éis glao ar léiriú spéise a mheasfaidh saineolaithe neamhspleácha. Ba cheart don sciar d’aga rochtana an Aontais ar shár-ríomhaire mar sin a bheith i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ó chistí an Chláir don Eoraip Dhigiteach le costais fála an tsár-ríomhaire sin den ghrád tionsclaíoch. Ba cheart don Chomhghnóthas a bheith ina ann teacht ar chomhaontú leis an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha chun sár-ríomhaire mar sin a dhíol le heintiteas eile nó chun é a dhíchoimisiúnú. Nó de rogha air sin, ba cheart don Chomhghnóthas a bheith in ann úinéireacht sár-ríomhaire mar sin a aistriú chuig an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. Sa chás sin nó ar fhoirceannadh an Chomhghnóthais, ba cheart don chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha luach iarmharach de sciar an Aontais den sár-ríomhaire a aisíoc leis an gComhghnóthas. Sa chás ina gcinneann an Comhghnóthas agus an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha leanúint ar aghaidh le díchoimisiúnú an tsár-ríomhaire tar éis dímheas iomlán a oibrithe, ba cheart don chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha na costais sin a chlúdach.

    (48)

    I gcás sár-ríomhairí de ghrád tionsclaíoch, ba cheart don Chomhghnóthas riachtanais shonracha na n-úsáideoirí tionsclaíocha a chur san áireamh, mar shampla na nósanna imeachta rochtana, cáilíocht agus cineál seirbhísí, cosaint sonraí, cosaint na nuálaíochta tionsclaíche, agus maoin intleachtúil, inúsáidteacht, iontaoibh, agus ceanglais eile a bhaineann le rúndacht agus le slándáil.

    (49)

    Ba cheart éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil a chur san áireamh i ndearadh agus in oibriú na sár-ríomhairí a fhaigheann tacaíocht ón gComhghnóthas, ag baint úsáid mar shampla as teicneolaíocht ísealchumhachta, teicnící dinimiciúla coigilte cumhachta agus teicnící athúsáide amhail fuarú forbartha agus athchúrsáil teasa.

    (50)

    Ba cheart an úsáid a bhaintear as sár-ríomhairí an Chomhghnóthais a dhíriú ar fheidhmchláir saoránach le haghaidh úsáideoirí poiblí agus príobháideacha atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó le Fís Eorpach, lena n-áirítear feidhmchláir sa cibearshlándáil a bhféadfaí a úsáid faoi dhó. Ba cheart an sciar d’aga rochtana an Aontais a dheonú d’úsáideoirí de réir rialacha an bheartais rochtana arna sainiú ag an mBord Rialaithe. Ba cheart urraim do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas a léiriú san úsáid a bhaintear as na sár-ríomhairí seo freisin.

    (51)

    Ba cheart don leithdháileadh aga rochtana a fhaigheann úsáideoirí ar shár-ríomhairí an Chomhghnóthais a bheith saor in aisce d’úsáideoirí poiblí. Ba cheart dó a bheith saor in aisce freisin d’úsáideoirí príobháideacha dá gcuid feidhmchlár a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Chruthaitheach, chomh maith le gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, i gcás inarb iomchuí. Is ar ghlaonna oscailte ar léiriú spéise a sheolfaidh an Comhghnóthas agus a mheasfaidh saineolaithe neamhspleácha ba cheart leithdháileadh ar aga rochtana den sórt sin a bhunú go príomha. Cé is moite d’úsáideoirí FBM a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí nuálaíochta príobháideacha, ba cheart do gach úsáideoir a bhaineann tairbhe as aga rochtana saor in aisce ar shár-ríomhairí an Chomhghnóthais cur chuige oscailte maidir leis an eolaíocht a ghlacadh agus an t-eolas a fhaightear tríd an rochtain sin a scaipeadh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695. Ba cheart an leithdháileadh aga rochtana a fhaigheann úsáideoirí le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha seachas gníomhaíochtaí nuálaíochta FBManna (a mbíonn clistí ar leith sa mhargadh le sárú acu), a dheonú ar bhonn íoc de réir úsáide, bunaithe ar phraghsanna an mhargaidh. Ba cheart leithdháileadh aga rochtana le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha den sórt sin a cheadú ach é a theorannú agus ba cheart don Bhord Rialaithe leibhéal na táille a bheidh le híoc a leagan síos. Ba cheart na cearta rochtana a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach. Ba cheart don Bhord Rialaithe rialacha sonracha a shainiú maidir le haga rochtana a dheonú saor in aisce, i gcás inarb iomchuí, agus gan glao ar léiriú spéise maidir le tionscnaimh a mheasann an tAontas gur tionscnaimh straitéiseacha iad. Áirítear iad seo a leanas le samplaí ionadaíocha de thionscnaimh straitéiseacha an Aontais: Destination Earth, an Tionscadal Suaitheanta d’Inchinn an Duine, an tionscnamh “1+ Milliún Géanóim”, na spásanna coiteanna sonraí Eorpacha atá ag feidhmiú i bhfearainn leasa phoiblí, agus go háirithe an spás sonraí sláinte, na hIonaid Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus Lárionaid náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus na Moil Nuálaíochta Digití.

    Ar iarraidh ón Aontas, ba cheart don Chomhghnóthas aga rochtana díreach a dheonú ar bhonn sealadach nó buan do thionscnaimh straitéiseacha agus ardáin feidhmchlár reatha nó sa todhchaí dar leis atá riachtanach chun seirbhísí tacaíochta éigeandála a bhaineann le sláinte nó seirbhísí eile atá ríthábhachtach a sholáthar chun leasa an phobail, do chásanna éigeandála agus bainistiú géarchéime nó do chásanna is dóigh leis an Aontas a bheith riachtanach dá shlándáil agus dá chosaint. Ba cheart cead a thabhairt don Chomhghnóthas roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a chur i gcrích chun críocha tráchtála. Ba cheart rochtain a dheonú d’úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu, atá bunaithe nó atá lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó le Fís Eorpach. Ba cheart do na cearta rochtana a bheith cothrom d’aon úsáideoir agus ba cheart iad a leithroinnt ar bhealach trédhearcach. Ba cheart don Bhord Rialaithe na cearta rochtana ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar gach sár-ríomhaire a shainiú agus faireachán a dhéanamh air.

    (52)

    Leanfar ag deonú rochtana ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar réamhtheachtaithe na sár-ríomhairí eicseascálaithe agus peiteascála a fuair an Comhghnóthas EuroHPC a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle d’úsáideoirí atá bunaithe san Aontas i dtríú tír atá comhlachaithe le Fís 2020.

    (53)

    Ba cheart sár-ríomhairí an Chomhghnóthais a oibriú agus a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Treoracha 2002/58/CE (9) agus (AE) 2016/943 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (54)

    Ba cheart do dhá chomhlacht rialachas an Chomhghnóthais a fhorchinntiú: Bord Rialaithe agus Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta. Ba cheart d’ionadaithe ón Aontas agus ó na Stáit Rannpháirteacha a bheith ar an mBord Rialaithe. Ba cheart an Bord Rialaithe a bheith freagrach as déanamh beartais straitéisigh agus as cinntí cistiúcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí soláthair phoiblí uile. Ba cheart d’ionadaithe ón saol acadúil agus ón earnáil tionsclaíochta a bheith ar an mBord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta mar úsáideoirí agus mar sholáthróirí teicneolaíochta. Ba cheart dó comhairle neamhspleách a thabhairt don Bhord Rialaithe maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach i gcomhair Taighde agus Nuálaíochta, maidir le fáil agus oibriú na sár-ríomhairí faoi úinéireacht an Chomhghnóthais, maidir leis an gclár forbartha cumais agus leathnaithe gníomhaíochtaí agus an clár gníomhaíochtaí maidir le cónascadh, nascacht agus comhar idirnáisiúnta.

    (55)

    I gcás ghnáthchúraimí riaracháin an Chomhghnóthais, ba cheart cearta vótála na Stát Rannpháirteach a dháileadh go cothrom orthu. I gcás na gcúraimí a chomhfhreagraíonn do bhunú cuid den chlár oibre a bhaineann leis na sár-ríomhairí agus na ríomhairí candamacha a fháil, roghnú an eintitis óstaigh, gníomhaíochtaí cónasctha agus nascachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais, ba cheart cearta vótála na Stát Rannpháirteach ar Ballstáit iad a bheith bunaithe ar phrionsabal an tromlaigh cháilithe. Na Stáit Rannpháirteacha ar tríú tíortha iad atá comhlachaithe le Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ba cheart dóibh cearta vótála a bheith acu freisin le haghaidh na ngníomhaíochtaí faoi seach a fhaigheann tacaíocht agus ba cheart dóibh imchlúdaigh bhuiséadacha a fháil ó gach ceann de na cláir sin. I gcás na gcúraimí a chomhfhreagraíonn d’fháil agus d’oibriú na sár-ríomhairí agus na ríomhairí candamacha, níor cheart cearta vótála a bheith ach ag na Stáit Rannpháirteacha agus ag an Aontas a thugann acmhainní ar son na gcúraimí sin.

    (56)

    Ba cheart an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a bhainistiú i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le bainistíocht fónta airgeadais agus leis na rialacha ábhartha maidir le bainistíocht indíreach a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Ba cheart na rialacha is infheidhme don Chomhghnóthas le tabhairt faoi nósanna imeachta soláthair phoiblí a leagan síos ina chuid rialacha airgeadais.

    (57)

    D’fhonn éiceachóras Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí atá nuálach agus iomaíoch agus lena mbaineann sármhaitheas aitheanta a chothú ar fud an Aontais, ba cheart don Chomhghnóthas úsáid iomchuí a bhaint as na hionstraimí soláthair agus deontais, lena n-áirítear soláthar comhpháirteach, soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí ar réitigh nuálacha. Is é is aidhm dó sin naisc a chruthú idir teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas, comhdhearadh le húsáideoirí agus córais sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí den chéad scoth a fháil.

    (58)

    Agus measúnú á dhéanamh ar thionchar foriomlán an Chomhghnóthais, ba cheart infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí indíreacha ó na Comhaltaí Príobháideacha a chur san áireamh, mar ranníocaíochtaí comhchineáil ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad le linn dóibh gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais, na Stát Rannpháirteach nó aon ranníocaíocht eile ón Aontas maidir leis na costais sin. Agus measúnú á dhéanamh ar thionchar foriomlán an Chomhghnóthais, ba cheart infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eile ó na Comhaltaí Príobháideacha a chur san áireamh, mar ranníocaíochtaí comhchineáil ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad le linn dóibh na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais, na Stát Rannpháirteach nó aon ranníocaíocht eile ón Aontas maidir leis na costais sin.

    (59)

    Chun cothrom na Féinne a choimeád do gach gnóthas atá gníomhach sa mhargadh inmheánach, ba cheart cistiú a fhaightear ó chláir de chuid an Aontais a bheith i gcomhréir le prionsabail státchabhrach chun éifeachtacht caiteachais phoiblí a áirithiú agus chun saobhadh ar an margadh a chosc, amhail cistiú príobháideach a bhrú amach, cuir i gcás struchtúir neamhéifeachtacha margaidh a chruthú agus gnólachtaí neamhéifeachtúla a chaomhnú, nó cultúr a chruthú ina mbítear ag brath rómhór ar fhóirdheontais.

    (60)

    Ba cheart do rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha a chistíonn an Comhghnóthas an Rialachán (AE) 2021/695 a chomhlíonadh. Ba cheart don Chomhghnóthas, ina theannta sin, a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm go seasmhach bunaithe ar bhearta ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún. D’fhonn cómhaoiniú iomchuí ghníomhaíochtaí indíreacha na Stát Rannpháirteach a áirithiú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695, ba cheart do na Stáit Rannpháirteacha rannchuidiú a thabhairt de mhéid atá cothrom ar a laghad leis an aisíocaíocht arna soláthar ag an gComhghnóthas maidir leis na costais incháilithe a thabhaigh tairbhithe le linn chur chun feidhme na gníomhaíochtaí. Chuige sin, ba cheart don Bhord Rialaithe na rátaí cistiúcháin uasta a leagtar amach i gclár oibre bliantúil an Chomhghnóthais a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/695.

    (61)

    Chun an chothromaíocht cheart a áirithiú maidir le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sna gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas, is gá maolú ar Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/695 chun go bhféadfar rátaí aisíocaíochta a dhifreáil ag brath ar an gcineál rannpháirtí, eadhon FBManna, agus ar an gcineál gníomhaíochta, a bheidh le cur i bhfeidhm i gcónaí i ndáil leis na tairbhithe ó gach Stát Rannpháirteach. Maidir le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, ba cheart don Chomhghnóthas rátaí aisíocaíochta a cheadú a bhraitheann ar an gcineál rannpháirtí, eadhon FBManna, agus ar an gcineál gníomhaíochta, a bheidh le cur i bhfeidhm i gcónaí i ndáil leis na tairbhithe ó gach Stát Rannpháirteach.

    (62)

    Ba cheart don soláthar tacaíochta airgeadais do ghníomhaíochtaí ón gClár don Eoraip Dhigiteach Rialachán (AE) 2021/694 a chomhlíonadh. Go háirithe, maidir le faisnéis rúnaicmithe, ba cheart do ghníomhaíochtaí a chistítear faoin gClár don Eoraip Dhigiteach Airteagal 12(1) den Rialachán sin a chomhlíonadh.

    (63)

    Ba cheart don soláthar tacaíochta airgeadais do ghníomhaíochtaí ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa Rialachán (AE) 2021/1153 a chomhlíonadh.

    (64)

    Níor cheart do thairbhithe ó thíortha comhlachaithe le Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach nó an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ar Stáit Rannpháirteacha iad, a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ach amháin i gcás inar tríú tír chomhlachaithe le clár amháin nó níos mó a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin é Stát Rannpháirteach.

    (65)

    Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais agus chomhaltaí eile an Chomhghnóthais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    (66)

    Ba cheart don Chomhghnóthas feidhmiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus an fhaisnéis ábhartha go léir a sholáthar ar bhonn caoithiúil chomh maith lena chuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus scaipthe, le haghaidh an phobail i gcoitinne. Ba cheart rialacha nós imeachta chomhlachtaí an Chomhghnóthais a chur ar fáil go poiblí.

    (67)

    Chun críche an tsimplithe, ba cheart an t-ualach riaracháin a laghdú do na páirtithe uile. Ba cheart iniúchtaí dúbailte agus méideanna díréireacha doiciméad agus tuairiscithe a sheachaint.

    (68)

    Ba cheart d’iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna a fheidhmiú maidir leis an gComhghnóthas leis na cinn sin a fheidhmítear maidir leis an gCoimisiún.

    (69)

    Ba cheart don Choimisiún, don Chomhghnóthas, don Chúirt Iniúchóirí agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO) rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis riachtanach go léir agus ar an áitreabh chun iniúchadh agus imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na deontais, na conarthaí agus na comhaontuithe atá sínithe ag an gComhghnóthas.

    (70)

    Ba cheart do gach glao ar thograí agus gach glao ar thairiscintí faoin Rialachán seo ré Fís Eorpach, an Chláir don Eoraip Dhigiteach agus na Saoráide um Chónascadh na hEorpa a chur san áireamh, mar is iomchuí, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ba cheart na nósanna imeachta soláthair maidir le sár-ríomhairí agus ríomhairí candamacha an Chomhghnóthais a fháil forálacha infheidhme an Chláir don Eoraip Dhigiteach a chomhlíonadh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le hinfhaighteacht an bhuiséid atá fágtha arna eascairt as CAI 2021-2027, ba cheart an Comhghnóthas a bheith in ann glaonna ar thograí nó glaonna ar thairiscintí a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028.

    (71)

    Ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach agus an mheastóireacht deiridh a dhéanamh ar an gComhghnóthas agus cúnamh aige ó shaineolaithe neamhspleácha. De ghrá na trédhearcachta, ba cheart tuarascáil na saineolaithe neamhspleácha ábhartha a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

    (72)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon na cumais taighde agus nuálaíocht a neartú, forbairt acmhainneachta na sár-ríomhaireachta agus gníomhaíochtaí leathnaithe, cónascadh, nascacht agus comhar idirnáisiúnta agus sár-ríomhairí den chéad scoth a fháil, agus rochtain ar sheirbhís Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus ar bhonneagar sonraí ar fud an Aontais trí bhíthin Comhghnóthais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir dá bhrí sin, d’fhonn dúbláil gan ghá a sheachaint, mais chriticiúil a chothú agus a áirithiú go n-úsáidfear airgeadas poiblí ar bhealach barrmhaith, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Bunú

    1.   Ar mhaithe leis an tionscnamh maidir leis an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta Eorpach a chur chun feidhme, bunaítear leis seo Comhghnóthas de réir bhrí Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (“Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach”, “an Comhghnóthas”) don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2033.

    2.   Chun ré CAI 2021-2027 agus Fís Eorpach, an Chláir don Eoraip Dhigiteach, agus na Saoráide um Chónascadh na hEorpa a chur san áireamh, déanfar na glaonna ar thograí agus na glaonna ar thairiscintí faoin Rialachán seo a sheoladh faoin 31 Nollaig 2027. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar glaonna ar thograí nó glaonna ar thairiscintí a sheoladh faoin 31 Nollaig 2028.

    3.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an gComhghnóthas. I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlítheanach aige is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

    4.   Beidh suíomh an Chomhghnóthais lonnaithe i Lucsamburg.

    5.   Leagtar amach Reachtanna an Chomhghnóthais (“na Reachtanna”) san Iarscríbhinn.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn “tástáil inghlacthachta” tástáil a dhéantar chun a chinneadh cibé an gcomhlíonann sár-ríomhaire EuroHPC sonraíocht an chórais;

    (2)

    ciallaíonn “aga rochtana” tréimhse ríomhaireachta sár-ríomhaire a chuirtear ar fáil d’úsáideoir nó do ghrúpa úsáideoirí chun a gcláir ríomhaireachta a chur i gcrích;

    (3)

    ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” aon eintiteas dlíthiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

    (4)

    ciallaíonn “Ionad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” tionscadal comhoibríoch a roghnaítear trí ghlao oscailte iomaíoch ar thograí chun an úsáid a bhaintear as cumais ríomhaireachta feidhmíochta foircní atá ar na bacáin a chur chun cinn, ionad a chuireann ar chumas pobail úsáideoirí i gcomhar le geallsealbhóirí eile sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta méadú ó scála a dhéanamh ar chóid chomhthreomhara reatha i dtreo feidhmíocht eicseascálaithe agus scálaithe fhoircnigh;

    (5)

    ciallaíonn “comhdhearadh” cur chuige comhchoiteann idir soláthróirí agus úsáideoirí teicneolaíochta a bhíonn ag gabháil do phróiseas deartha ar bhonn comhoibritheach atriallach chun teicneolaíochtaí, feidhmchláir agus córais nua a fhorbairt;

    (6)

    ciallaíonn “coinbhleacht leasa” cás a bhaineann le gníomhaí airgeadais nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;

    (7)

    ciallaíonn “comheintiteas” eintiteas ina gcuimsítear Comhalta Príobháideach den Chomhghnóthas, de bhun reachtanna gach Comhalta Phríobháidigh;

    (8)

    ciallaíonn “cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha” cumann eintiteas dlíthiúil de chuid an Aontais a thagann le chéile ar mhaithe le sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch a fháil go comhpháirteach in éineacht leis an gComhghnóthas; féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe príobháideacha seo a bheith rannpháirteach i gComhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais;

    (9)

    ciallaíonn “sár-ríomhaire EuroHPC” aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. Is féidir leis a bheith ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;

    (10)

    ciallaíonn “eicsea-scála” leibhéal feidhmíochta atá in ann 10 i gcumhacht 18 n-oibríocht sa soicind a dhéanamh (nó 1 eicsea-Flap);

    (11)

    ciallaíonn “sár-ríomhaire ardleibhéil” córas ríomhaire den chéad scoth a forbraíodh leis an teicneolaíocht is airde a bhíonn ar fáil ag pointe ama ar leith agus a bhaineann leibhéil feidhmíochta eicseascálaithe nó níos faide (i.e. iar-eicseascálaithe) amach i gcás feidhmchlár a théann i ngleic le fadhbanna níos casta;

    (12)

    ciallaíonn “cuibhreannas óstach” grúpa Stát Rannpháirteach nó cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha atá tar éis aontú rannchuidiú le sár-ríomhaire EuroHPC a fháil agus a oibriú, lena n-áirítear aon eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do na Stáit Rannpháirteacha seo;

    (13)

    ciallaíonn “eintiteas óstach” eintiteas dlítheanach ina n-áirítear saoráidí chun sár-ríomhaire EuroHPC a óstáil agus a oibriú agus atá bunaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é;

    (14)

    ciallaíonn “hipearnasctha” cumarsáid atá in ann sonraí a aistriú ag 10 i gcumhacht 12 ghiotán sa soicind (1 teirighiotán sa soicind) nó thairis sin;

    (15)

    ciallaíonn “sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch” sár-ríomhaire lár-raoin, ar a laghad, a dearadh go sonrach le ceanglais slándála, rúndachta agus sláine sonraí d’úsáideoirí tionsclaíocha atá níos déine ná mar a bhíonn i gceist le húsáid eolaíoch;

    (16)

    ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí indíreacha” arna gcistiú ó Fhís Eorpach ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;

    (17)

    ciallaíonn “ranníocaíochtaí ilchineáil i leith gníomhaíochtaí” arna gcistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach nó ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ranníocaíochtaí ón Stát Rannpháirteach nó ó Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, ina gcuimsítear na costais incháilithe a thabhaigh siad chun cuid de ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Chomhghnóthais sin, Stáit Rannpháirteacha an Chomhghnóthais sin agus aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais leis na costais sin;

    (18)

    ciallaíonn “sár-ríomhaire lár-raoin” sár-ríomhaire den chéad scoth lena ngabhann ord amháin ar a mhéad de leibhéal feidhmíochta dearbhmhéide níos ísle ná sár-ríomhaire ardleibhéil;

    (19)

    ciallaíonn “Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta” eintiteas dlítheanacha, nó cuibhreannas eintiteas dlítheanacha, atá bunaithe i Stát Rannpháirteach, atá comhlachaithe le lárionad náisiúnta sár-ríomhaireachta an Stáit Rannpháirtigh sin, a sholáthraíonn rochtain de réir éilimh d’úsáideoirí ón earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, lucht acadúil, agus riaracháin phoiblí ar na sár-ríomhairí agus ar na teicneolaíochtaí, na huirlisí, na feidhmchláir agus na seirbhísí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta is déanaí, agus a thairgeann saineolas, scileanna, oiliúint, líonrú agus for-rochtain;

    (20)

    ciallaíonn “stát breathnóireachta” tír atá incháilithe chun a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Chomhghnóthais arna chistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Dhigiteach nach Stát Rannpháirteach é;

    (21)

    ciallaíonn “Stát Rannpháirteach” tír atá ina comhalta den Chomhghnóthas;

    (22)

    ciallaíonn “leibhéal feidhmíochta” líon na n-oibríochtaí snámhphointe in aghaidh an tsoicind (flapanna) is féidir le sár-ríomhaire a dhéanamh;

    (23)

    ciallaíonn “Comhalta Príobháideach” aon chomhalta den Chomhghnóthas seachas an tAontas nó na Stáit Rannpháirteacha;

    (24)

    is gléas ríomhaireachta é “ríomhaire candamach” a bhaineann leas as na dlíthe a bhaineann le meicnic chandamach chun tascanna áirithe ar leith a réiteach ag úsáid níos lú acmhainní ríomhaireachta dá bhrí sin ná mar a úsáideann ríomhairí clasaiceacha;

    (25)

    ciallaíonn “ionsamhlóir candamach” gléas candamach atá fíor-inrialaithe lenar féidir léargais a fháil ar airíonna córas candamach casta nó fadhbanna ríomhaireachta sonracha nach mbíonn fáil ag ríomhairí clasaiceacha orthu a réiteach;

    (26)

    ciallaíonn “slándáil an tslabhra soláthair” i gcás sár-ríomhaire EuroHPC na bearta a áireofar nuair a bheidh soláthróir an tsár-ríomhaire sin á roghnú chun a áirithiú go mbeidh comhpháirteanna, teicneolaíochtaí, córais agus fios gnó ar fáil, a bheidh riachtanach chun an sár-ríomhaire sin a fháil agus a oibriú; áirítear leis sin bearta chun na rioscaí a bhaineann le briseadh faoi dheoidh i soláthar na gcomhpháirteanna, na teicneolaíochta agus na gcóras sin a mhaolú, lena n-áirítear athruithe ar phraghsanna nó feidhmíocht níos ísle nó foinsí soláthair eile; cumhdaítear leis saolré iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.

    (27)

    ciallaíonn “Clár Oibre Straitéiseach maidir le Taighde agus Nuálaíocht” an doiciméad ina gcumhdaítear tréimhse Fís Eorpach ina sainaithnítear na príomhthosaíochtaí agus na teicneolaíochtaí agus na nuálaíochtaí bunriachtanacha chun cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;

    (28)

    ciallaíonn “clár straitéiseach ilbhliantúil” doiciméad ina leagtar amach straitéis le haghaidh ghníomhaíochtaí uile an Chomhghnóthais;

    (29)

    ciallaíonn “sár-ríomhaireacht” ríomhaireacht ar leibhéil feidhmíochta ina n-éilítear comhtháthú ollmhór na ngnéithe ríomhaireachta aonair, lena n-áirítear comhpháirteanna candamacha, chun fadhbanna a réiteach nach féidir le gnáthchórais ríomhaireachta a láimhseáil;

    (30)

    ciallaíonn “costas iomlán úinéireachta” sár-ríomhaire EuroHPC na costais fála móide na costais oibriúcháin, lena n-áirítear cothabháil, go dtí go n-aistreofar úinéireacht an tsár-ríomhaire chuig an eintiteas óstach nó go ndíolfar é, nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire gan úinéireacht a aistriú;

    (31)

    ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (25) de Rialachán (AE) 2021/695 nó, i gcás inarb ábhartha, an doiciméad a fheidhmíonn freisin mar an clár oibre dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/694, nó in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/1153.

    Airteagal 3

    Misean agus cuspóirí

    1.   Is é a bheidh mar mhisean ag an gComhghnóthas seirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus éiceachóras bonneagar sonraí den chéad scoth a bheidh cónasctha, slán agus hipearnasctha a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothú san Aontas; tacú le forbairt agus glacadh córas sár-ríomhaireachta nuálach agus iomaíoch atá dírithe ar éileamh agus faoi stiúir an úsáideora bunaithe ar shlabhra soláthair lena n-áiritheofar comhpháirteanna, teicneolaíochtaí agus eolas a chuirfidh teorainn leis an mbaol bristí agus lena bhforbrófar raon leathan feidhmchlár a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin; agus, an úsáid a bhainfear as an mbonneagar sár-ríomhaireachta sin a leathnú amach chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, agus tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le forbairt príomhscileanna le haghaidh eolaíochta agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa.

    2.   Is iad seo a leanas na cuspóirí foriomlána a bheidh ag an gComhghnóthas:

    (a)

    rannchuidiú le Rialachán (AE) 2021/695 agus go háirithe Airteagal 3 de a chur chun feidhme, tionchar eolaíoch, eacnamaíoch, comhshaoil, teicneolaíoch agus sochaíoch a chur ar fáil ó infheistíochtaí an Aontais i dtaighde agus i nuálaíocht, d’fhonn boinn eolaíochta agus teicneolaíochta an Aontais a neartú, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus rannchuidiú chun cuspóirí agus beartais an Aontais a fhíorú, agus rannchuidiú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ach cloí le prionsabail Chlár Oibre na Náisiúin Aontaithe 2030 agus Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (12);

    (b)

    dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear trí ghlaonna comhpháirteacha, chomh maith le sineirgí a lorg le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le réitigh nuálacha a chur chun úsáide, forbairt oideachais agus réigiúnach, i gcás inarb ábhartha;

    (c)

    bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha den chéad scoth a bheidh comhtháite, dírithe ar éileamh agus dírithe ar riachtanais an úsáideora a fhorbairt, a chur chun úsáide, a leathnú agus a chothabháil san Aontas;

    (d)

    an bonneagar sár-ríomhaireachta agus sonraí hipearnasctha a chónascadh agus é a idirnascadh leis na spásanna sonraí Eorpacha agus le héiceachóras néil chun seirbhísí ríomhaireachta agus sonraí a sholáthar do raon leathan úsáideoirí poiblí agus príobháideacha san Eoraip;

    (e)

    barr feabhais eolaíoch a chur chun cinn agus tacú le glacadh agus úsáid chórasach thorthaí an taighde agus na nuálaíochta arna nginiúint san Aontas.

    (f)

    éiceachóras sár-ríomhaireachta agus sonraí fíor-iomaíoch agus nuálach a dháiltear go forleathan san Eoraip a fhorbairt tuilleadh agus tacú leis, rud a rannchuideoidh le ceannaireacht eolaíoch agus dhigiteach an Aontais, a bheidh ábalta teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí ríomhaireachta a tháirgeadh go neamhspleách agus iad a chomhtháthú ar phríomhchórais ríomhaireachta, agus feidhmchláir forbartha a bheidh barrfheabhsaithe le haghaidh na gcóras sin;

    (g)

    an úsáid a bhaintear as córais sár-ríomhaireachta a leathnú agus príomhscileanna a fhorbairt a theastaíonn ó eolaíocht agus earnáil tionsclaíochta na hEorpa.

    3.   Rannchuideoidh an Comhghnóthas chun leasanna an Aontais a chosaint nuair a bheidh sár-ríomhairí á soláthar agus tacóidh sé le forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí, córais agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta. Cumasóidh sé cur chuige comhdhearaidh chun sár-ríomhairí den chéad scoth a fháil, agus tabharfaidh sé cosaint ag an am céanna do shlándáil shlabhra soláthair na dteicneolaíochtaí agus na gcóras a gheofar. Rannchuideoidh sé le huathriail straitéiseach an Aontais, tacóidh sé le forbairt teicneolaíochtaí agus feidhmchlár a threiseoidh slabhra soláthair Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta na hEorpa agus cuirfidh sé a gcomhtháthú i gcórais sár-ríomhaireachta chun cinn, córais a thugann aghaidh ar líon mór riachtanas eolaíoch, sochaíoch, comhshaol agus tionsclaíoch.

    Airteagal 4

    Colúin ghníomhaíochta

    1.   Cuirfidh an Comhghnóthas an misean dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme de réir na gcolún gníomhaíochtaí seo a leanas:

    (a)

    an colún riaracháin, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí ginearálta a bhainfidh le hoibriú agus le bainistiú an Chomhghnóthais;

    (b)

    an colún bonneagair, lena gcuimsítear na gníomhaíochtaí chun an bonneagar sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí hipearnasctha agus slán den chéad scoth a fháil, a chur chun úsáide, a nuashonrú agus a oibriú, lena n-áirítear glacadh agus úsáid chórasach na dtorthaí taighde agus nuálaíochta a ghintear san Aontas a chur chun cinn;

    (c)

    an colún le haghaidh chónascadh na seirbhísí sár-ríomhaireachta, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí go léir chun rochtain uile-Aontais a sholáthar ar acmhainní agus seirbhísí sár-ríomhaireachta agus sonraí cónasctha slána ar fud na hEorpa don phobal taighde agus eolaíochta, don earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus don earnáil phoiblí, go háirithe i gcomhar le PRACE agus GÉANT; áireofar ar na gníomhaíochtaí sin:

    (i)

    tacaíocht d’idirnasc na n-acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi pháirtúinéireacht an Chomhghnóthais nó atá á gcur ar fáil ag na Stáit Rannpháirteacha ar bhonn deonach;

    (ii)

    tacaíocht d’idirnasc na mbonneagar sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha an Aontais, agus bonneagair néil agus sonraí cónasctha, slána;

    (iii)

    tacaíocht d’fhorbairt, fáil agus oibriú ardáin le haghaidh cónascadh rianúil agus soláthar seirbhíse slán do sheirbhís sár-ríomhaireachta agus ríomhaireachta candamaí agus bonneagar sonraí, lena mbunaítear pointe rochtana ilfhreastail le haghaidh aon seirbhís sár-ríomhaireachta nó sonraí arna mbainistiú ag an gComhghnóthas, ag tabhairt pointe iontrála aonair d’aon úsáideoir;

    (d)

    colún teicneolaíochta, lena dtabharfar aghaidh ar ghníomhaíochtaí uaillmhianacha taighde agus nuálaíochta chun éiceachóras sár-ríomhaireachta iomaíoch, nuálach den chéad scoth a fhorbairt ar fud na hEorpa lena dtabharfar aghaidh ar theicneolaíochtaí crua-earraí agus bogearraí, agus ar a gcomhtháthú i gcórais ríomhaireachta, lena gcumhdaítear an slabhra soláthair eolaíoch agus tionsclaíoch iomlán, chun rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais; díreoidh sé freisin ar theicneolaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta atá fuinneamhéifeachtúil, lena gcuirfear le hinbhuanaitheacht chomhshaoil; rachaidh na gníomhaíochtaí sin i ngleic leo seo inter alia:

    (i)

    comhpháirteanna micrea-phróiseála ísealchumhachta, comhpháirteanna idirnascachta, ailtireacht an chórais agus teicneolaíochtaí gaolmhara amhail algartaim nua, cóid bhogearraí, uirlisí, agus timpeallachtaí;

    (ii)

    paraidímí ríomhaireachta atá ag teacht chun cinn agus a gcomhtháthú i bpríomhchórais sár-ríomhaireachta trí chur chuige atá bunaithe ar chomhdhearadh; nascfar na teicneolaíochtaí sin le forbairt, fáil agus cur chun úsáide na sár-ríomhairí ardleibhéil, lena n-áirítear ríomhairí candamacha, agus na mbonneagar;

    (iii)

    teicneolaíochtaí agus córais chun córais sár-ríomhaireachta chlasaiceacha a idirnascadh agus a oibriú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile ar minic comhlántach iad, amhail ríomhaireacht chandamach nó teicneolaíochtaí ríomhaireachta eile atá ag teacht chun cinn agus a n-oibriú éifeachtach a áirithiú;

    (iv)

    algartaim nua agus teicneolaíochtaí bogearraí a thairgeann méaduithe feidhmíochta suntasacha;

    (e)

    an colún feidhmchlár, ag dul i ngleic le gníomhaíochtaí chun an barr feabhais Eorpach a bhaint amach agus a chothabháil i bpríomh-fheidhmchláir agus cóid ríomhaireachta agus sonraí agus le haghaidh na heolaíochta, na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear FBManna, agus na hearnála poiblí; rachaidh na gníomhaíochtaí i ngleic leo seo inter alia:

    (i)

    feidhmchláir, lena n-áirítear algartaim agus forbairtí bogearraí nua, le haghaidh úsáideoirí poiblí agus príobháideacha a thairbhíonn ó shaothrú acmhainní agus chumais na sár-ríomhairí ardleibhéil agus a gcoinbhéirseacht le hardteicneolaíochtaí digiteacha amhail an intleacht shaorga, anailísíocht sonraí ardfheidhmíochta, teicneolaíochtaí néil, etc., trí chóid agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe, mórscála agus atá ag teacht chun cinn sa mhargadh a chomhdhearadh, a fhorbairt agus a bharrfheabhsú;

    (ii)

    tacaíocht a thabhairt, i measc rudaí eile, d’Ionaid Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíocht i bhfeidhmchláir agus do thaispeántóirí píolótacha agus do bhinsí tástála Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta-chumasaithe mórscála le haghaidh feidhmchláir olltiomsaithe sonraí agus ardseirbhísí digiteacha i raon leathan earnálacha eolaíocha, poiblí agus tionsclaíocha;

    (f)

    an colún maidir le húsáid agus scileanna a leathnú, agus é mar aidhm aige cumais agus scileanna a fhorbairt a chothaíonn an barr feabhais sár-ríomhaireachta, ríomhaireachta candamaí agus úsáide sonraí ina gcuirtear sineirgí le ríomhchláir agus le hionstraimí eile san áireamh, go háirithe an Clár don Eoraip Dhigiteach, an úsáid eolaíoch agus thionsclaíoch a bhaintear as acmhainní sár-ríomhaireachta agus feidhmchláir sonraí a leathnú, agus an rochtain agus an úsáid a bhaineann an earnáil tionsclaíochta as bonneagair sár-ríomhaireachta agus sonraí i gcomhair na nuálaíochta a chuirtear in oiriúint do riachtanais tionsclaíochta a chothú, chomh maith le pobal eolaíoch eolach ceannródaíoch agus lucht oibre oilte a sholáthar don Eoraip i gcomhair ceannaireacht eolaíochta agus chun claochlú digiteach a dhéanamh ar an earnáil tionsclaíochta agus ar an riarachán poiblí, lena n-áirítear tacaíocht agus líonrú na Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus na nIonad Barr Feabhais sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta.

    (g)

    an colún um chomhar idirnáisiúnta: ag teacht leis na cuspóirí beartais sheachtraigh agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, gníomhaíochtaí atá ábhartha do chur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta sa tsár-ríomhaireacht a shainiú, a chur chun feidhme agus a bheith rannpháirteach iontu chun dúshláin dhomhanda eolaíochta agus shochaíocha a réiteach, agus iomaíochas éiceachóras soláthair agus úsáideoirí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta san Eoraip á chur chun cinn san am céanna.

    2.   I dteannta na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfar é a chur ar iontaoibh an Chomhghnóthais cúraimí breise a chur chun feidhme i gcás ina ndéantar cistiú carnach, comhlántach nó comhcheangailte ar chistiú idir cláir de chuid an Aontais i gcomhréir le clár oibre ábhartha an Choimisiúin.

    Airteagal 5

    An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

    1.   Suas le EUR 3 081 300 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas lena n-áirítear leithreasuithe LEE, lena n-áirítear suas le EUR 92 000 000 le haghaidh costas riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach, agus is mar seo a leanas a dháilfear í:

    (a)

    suas le EUR 900 000 000 ó Fhís Eorpach;

    (b)

    suas le EUR 1 981 300 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach;

    (c)

    suas le EUR 200 000 000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

    2.   Déanfar an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 a íoc ó leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais, leithreasuithe a leithdháiltear ar gach clár ábhartha.

    3.   Féadfar cistí breise an Aontais lena gcomhlánaítear an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháileadh ar an gComhghnóthas chun tacú lena gcolúin gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, seachas na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a).

    4.   Ranníocaíochtaí ó chláir an Aontais a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí breise atá curtha ar iontaoibh an Chomhghnóthais i gcomhréir le mír 3, is ranníocaíochtaí iad nach gcuirfear san áireamh nuair a bheidh an ranníocaíocht airgeadais uasta ón Aontas á ríomh.

    5.   Cistí breise ón Aontas lena gcomhlánaítear an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar na cistí sin a leithdháileadh ar an gComhghnóthas ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir lena gcomhaontuithe comhlachais faoi seach. Ní dhéanfaidh na cistí breise Aontais sin difear do ranníocaíocht na Stát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), mura gcomhaontóidh na Stáit Rannpháirteacha a mhalairt.

    6.   Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1(a) den Airteagal seo chun go ndéanfaidh an Comhghnóthas tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43), de Rialachán (AE) 2021/695, a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais.

    7.   Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 (b) i gcomhair forbairt cumais ar fud an Aontais ar fad, lena n-áirítear Ríomhairí Ardfheidhmíochta, ríomhairí candamacha nó ionsamhlóirí candamacha a fháil, a uasghrádú agus a oibriú, an tseirbhís Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí agus bonneagar sonraí a chónascadh agus a húsáid a leathnú, agus forbairt ardscileanna agus oiliúna.

    8.   Déanfar an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mhír 1(c) le haghaidh idirnascadh na n-acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus sonraí agus chun bonneagar Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus sonraí uile-Eorpach a bheidh comhtháite agus hipearnasctha a chruthú.

    Airteagal 6

    Ranníocaíochtaí eile ón Aontas

    Ranníocaíochtaí ó chláir de chuid an Aontais seachas na cláir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) atá ina gcuid de chómhaoiniú ón Aontas ar chlár arna chur chun feidhme ag ceann de na Stáit Rannpháirteacha, ar Ballstát é, ní chuirfear san áireamh iad agus an ranníocaíocht uasta airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5 a ríomh.

    Airteagal 7

    Ranníocaíochtaí ó chomhaltaí eile seachas an tAontas féin

    1.   Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht iomlán atá i gcomhréir le méid na ranníocaíochta ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Déanfaidh na Stáit Rannpháirteacha a ranníocaíochtaí comhchoiteanna a shocrú eatarthu agus conas a sholáthróidh siad iad. Ní dhéanfaidh sin difear do chumas gach Stáit Rannpháirtigh a ranníocaíocht airgeadais náisiúnta a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 8.

    2.   Déanfaidh Comhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíochtaí EUR 900 000 000 ar a laghad leis an gComhghnóthas.

    3.   Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo, ranníocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 15 de na Reachtanna.

    4.   Féadfaidh gach Stát Rannpháirteach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3)(f) de na Reachtanna a sholáthar do thairbhithe atá bunaithe sa Stát Rannpháirteach sin. Féadfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht an Chomhghnóthais a chomhlánú, laistigh den uasráta aisíocaíochta is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 34 de Rialachán 2021/695, Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/694 agus in Airteagal 14 Rialachán (AE) 2021/1153. Beidh na ranníocaíochtaí sin gan dochar do rialacha Státchabhrach.

    5.   Tabharfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas tuairisc faoin 31 Eanáir gach bliain don Bhord Rialaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 15 de na Reachtanna, maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a rinneadh sa bhliain airgeadais roimhe sin.

    6.   D’fhonn na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(3) (b) go (f) de na Reachtanna a luacháil, cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na n-eintiteas lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe agus leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta is infheidhme agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta. Is iniúchóir seachtrach neamhspleách a dheimhneoidh na costais, iniúchóir a cheapfaidh an t-eintiteas lena mbaineann nó údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach. Féadfaidh an Comhghnóthas an modh luachála a dheimhniú, i gcás ina mbeadh aon éiginnteacht ann de bharr an deimhniúcháin. Má tá éiginnteacht ann fós, féadfaidh an Comhghnóthas iniúchadh a dhéanamh ar an modh luachála.

    7.   Féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí nó an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Reachtanna a chur ar siúl sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    má mhainníonn an Comhghnóthas na coinníollacha a chomhlíonadh do ranníocaíocht ón Aontais; nó

    (b)

    má mhainníonn na comhaltaí seachas an tAontas nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht a dhéanamh, nó mura ndéantar ranníocaíocht ach go páirteach nó mura dtugann siad urraim do na tréimhsí ama maidir leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo; nó

    (c)

    de thoradh na meastóireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 24.

    Ní chuirfidh cinneadh an Choimisiúin maidir leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí bac ar aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaíonn na comhaltaí seachas an tAontas sula dtugtar fógra faoin gcinneadh don Chomhghnóthas.

    Airteagal 8

    Ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha a bhainistiú

    1.   Tabharfaidh gach Stát rannpháirteach gealltanas táscach maidir le méid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta i ngníomhaíochtaí indíreacha leis an gComhghnóthas. Tabharfar an gealltanas sin gach bliain don Chomhghnóthas sula nglacfar an clár oibre.

    Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/695, in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694 nó in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1153, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach náisiúnta.

    Cuirfidh gach Stát Rannpháirteach de chúram ar an gComhghnóthas meastóireacht a dhéanamh ar na tograí i gcomhréir le rialacha Fís Eorpach.

    Bunófar roghnú na dtograí ar liosta an rangaithe arna sholáthar ag an gcoiste meastóireachta. Féadfaidh an Bord Rialaithe imeacht ón liosta sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, mar a leagtar amach sa chlár oibre iad, chun comhsheasmhacht fhoriomlán chur chuige na punainne a áirithiú.

    Beidh ceart crosta ag gach Stát Rannpháirteach maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta féin leis an gComhghnóthas d’iarratasóirí arna mbunú sna Stáit Rannpháirteacha sin, ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta.

    2.   Déanfaidh gach Stát Rannpháirteach ceann amháin nó níos mó de na comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích leis an gComhghnóthas lena leagfar síos an sásra comhordúcháin chun ranníocaíochtaí a íoc le hiarratasóirí atá bunaithe sa Stát Rannpháirteach sin agus chun tuairisc a thabhairt ina leith. Áireofar i gcomhaontú den sórt sin an sceideal, na coinníollacha íocaíochta, na ceanglais tuairiscithe agus iniúchóireachta.

    Déanfaidh gach Stát rannpháirteach a dhícheall a sceideal íocaíochta, a thuairisciú agus a iniúchtaí a shioncrónú le sceideal íocaíochta, tuairisciú agus iniúchtaí an Chomhghnóthais agus a rialacha incháilitheachta costais a chóineasú le rialacha Fís Eorpach.

    3.   Sa chomhaontú dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh gach Stát rannpháirteach íocaíocht a ranníocaíochta leis na tairbhithe a chur de chúram ar an gComhghnóthas. Tar éis tograí a roghnú, geallfaidh an Stát Rannpháirteach an tsuim is gá le haghaidh íocaíochtaí. Féadfaidh údaráis iniúchóireachta an Stáit Rannpháirtigh a ranníocaíochtaí náisiúnta faoi seach a iniúchadh.

    Airteagal 9

    Eintiteas óstach

    1.   Beidh na sár-ríomhairí EuroHPC lonnaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é. I gcás ina mbeidh sár-ríomhaire EuroHPC á óstáil cheana féin ag Stát Rannpháirteach, ar sár-ríomhaire ardleibhéil nó sár-ríomhaire lár-raoin é, ní bheidh sé incháilithe páirt a ghlacadh i nglao nua ar léiriú spéise do ghiniúint incriminteach na sár-ríomhairí sin roimh chúig bliana ar a laghad ón dáta roghnúcháin tar éis glao roimhe sin ar léiriú spéise. I gcás ríomhairí candamacha agus insamhlóirí candamacha a fháil, nó sár-ríomhaire EuroHPC a uasghrádú le luasairí candamacha, laghdaítear an tréimhse sin go dhá bhliain.

    2.   I gcás na sár-ríomhairí EuroHPC dá dtagraítear in Airteagail 11, 12 agus 14, féadfaidh an t-eintiteas óstach ionadaíocht a dhéanamh ar Stát Rannpháirteach ar Ballstát nó cuibhreannas óstach é. Déanfaidh an t-eintiteas óstach agus údaráis inniúla an Stáit Rannpháirtigh nó na Stát Rannpháirteach i gcuibhreannas óstach comhaontú chuige sin.

    3.   Déanfaidh an Comhghnóthas oibriú gach sár-ríomhaire EuroHPC aonair atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais, nó atá faoina chomhúinéireacht i gcomhréir le hAirteagail 11, 12 agus 14 a chur ar iontaoibh an eintitis óstach.

    4.   Roghnófar na heintitis óstaigh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19.

    5.   Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus an Stát Rannpháirteach comhfhreagrach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó an cuibhreannas óstach comhfhreagrach trí phróiseas cothrom trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:

    (a)

    comhlíonadh shonraíochtaí ginearálta an chórais a shainítear sa ghlao ar léiriú spéise;

    (b)

    costas iomlán úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC, lena n-áirítear meastachán cruinn agus modh fíorúcháin do chostais oibriúcháin an tsár-ríomhaire sin i rith a shaolré;

    (c)

    taithí an eintitis óstaigh ar chórais den chineál céanna a shuiteáil agus a oibriú;

    (d)

    cáilíocht bhonneagar fisiceach agus TF na saoráide óstála, a shlándáil agus a nascacht leis an gcuid eile den Aontas;

    (e)

    an cháilíocht seirbhíse do na húsáideoirí, eadhon cumas chun an comhaontú seirbhíse a chuirtear ar fáil i measc na ndoiciméad a bhíonn ag gabháil leis an nós imeachta roghnúcháin a chomhlíonadh;

    (f)

    doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach bhfuil cumhdaithe ag ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéantar aon aistriú ar an úinéireacht.

    6.   I gcás na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch dá dtagraítear in Airteagal 13, déanfaidh an t-eintiteas óstach comhaontú le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha ar mhaithe le hullmhú chun sár-ríomhairí den sórt sin nó codanna de shár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus a oibriú.

    Déanfar na coinníollacha seo a leanas a urramú agus sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch á óstáil:

    (a)

    déanfaidh an Comhghnóthas oibriú gach sár-ríomhaire EuroHPC aonair de ghrád tionsclaíoch atá faoi chomhúinéireacht i gcomhréir le hAirteagal 13 a chur ar iontaoibh an eintitis óstaigh;

    (b)

    déanfar na heintitis óstaigh a roghnú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo agus le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19;

    (c)

    tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstach agus a chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha trí phróiseas cothrom agus trédhearcach bunaithe, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

    (i)

    na critéir a leagtar amach i míreanna 5(a) go dtí 5(e) den Airteagal seo; agus

    (ii)

    doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an chuibhreannais comhpháirtithe príobháideacha chun sciar de chostas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile ón Aontas faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6.

    7.   An t-eintiteas óstach a roghnófar, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh cuireadh a thabhairt, faoi réir comhaontú roimh ré an Choimisiúin, do Stáit Rannpháirteacha bhreise, nó do chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, dul isteach sa chuibhreannas óstach. An ranníocaíocht airgeadais agus an ranníocaíocht chomhchineáil ná aon ghealltanas eile a thabharfaidh na Stáit Rannpháirteacha nua, nó na Comhaltaí Príobháideacha, ní dhéanfaidh siad difear don ranníocaíocht airgeadais ón Aontas agus na cearta úinéireachta comhfhreagracha agus an céatadán aga rochtana a leithdháilfear ar an Aontas maidir leis an sár-ríomhaire EuroHPC sin mar a shainmhínítear in Airteagail 11, 12, 13, agus 14.

    Airteagal 10

    Comhaontú óstach

    1.   Sula seolfaidh sé an nós imeachta chun sár-ríomhaire EuroHPC a fháil, tabharfaidh an Comhghnóthas comhaontú óstach i gcrích le gach eintiteas óstach a roghnófar.

    2.   Tabharfar aghaidh go háirithe sa chomhaontú óstach ar na gnéithe seo a leanas maidir leis na sár-ríomhairí EuroHPC:

    (a)

    na cearta agus na hoibleagáidí i rith an nós imeachta chun an sár-ríomhaire a fháil, lena n-áirítear tástálacha inghlacthachta an tsár-ríomhaire;

    (b)

    na coinníollacha dliteanais chun an sár-ríomhaire a oibriú;

    (c)

    an cháilíocht seirbhíse a thairgfear do na húsáideoirí ar oibriú an tsár-ríomhaire, mar a leagtar amach sa chomhaontú seirbhíse;

    (d)

    na pleananna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil an tsár-ríomhaire;

    (e)

    coinníollacha rochtana do sciar an Aontais d’aga rochtana ar an sár-ríomhaire, mar a chinneann an Bord Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 17;

    (f)

    modhanna cuntasaíochta na n-agaí rochtana;

    (g)

    sciar den chostas iomlán úinéireachta a shocróidh an t-eintiteas óstach a bheidh cumhdaithe ag an Stát Rannpháirteach sa chás go bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe sa chuibhreannas óstach nó ag na Stáit Rannpháirtithe sa chuibhreannas óstach;

    (h)

    na coinníollacha maidir leis an aistriú úinéireachta dá dtagraítear in Airteagail 11(5), 12(7), 13(6) agus 14(6), lena n-áirítear, i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC, forálacha maidir lena luach iarmharach agus maidir lena ndíchoimisiúnú a ríomh;

    (i)

    an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach rochtain a sholáthar ar na sár-ríomhairí EuroHPC, ag áirithiú san am céanna shlándáil na sár-ríomhairí, cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, cosaint príobháideachas cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE, cosaint rúin trádála i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 agus cosaint rúndacht sonraí eile arna gcumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil;

    (j)

    an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach nós imeachta iniúchta deimhnithe a chur i bhfeidhm lena gcumhdaítear costais oibriúcháin an tsár-ríomhaire EuroHPC agus agaí rochtana na n-úsáideoirí;

    (k)

    an oibleagáid atá ar an eintiteas óstach tuarascáil iniúchóireachta agus sonraí maidir leis an úsáid a baineadh as aga rochtana sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur isteach chuig an mBord Rialaithe faoin 31 Eanáir gach bliain;

    (l)

    na coinníollacha sonracha is infheidhme nuair a oibríonn an t-eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC le húsáid san earnáil tionsclaíochta.

    3.   Is le dlí an Aontais a rialófar an comhaontú óstach, agus déanfar é a fhorlíonadh, in aon ní nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo nó ag aon ghníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, trí dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe.

    4.   Beidh clásal eadrána de réir bhrí Airteagal 272 CFAE sa chomhaontú óstach, ina ndeonófar dlínse ar gach ní a chumhdaítear sa chomhaontú óstach chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    5.   Tar éis an comhaontú óstach a thabhairt i gcrích, agus gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, seolfaidh an Comhghnóthas, le tacaíocht ón eintiteas óstach a roghnófar, na nósanna imeachta maidir leis an sár-ríomhaire EuroHPC a fháil i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19.

    6.   I gcás ríomhairí lár-raoin, tar éis an comhaontú óstach a thabhairt i gcrích, seolfaidh an Comhghnóthas, nó an teintiteas óstach thar ceann an dá pháirtí chonarthacha na nósanna imeachta maidir leis an sár-ríomhaire EuroHPC a fháil i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19.

    Airteagal 11

    Fáil agus úinéireacht na sár-ríomhairí ardleibhéil

    1.   Gheobhaidh an Comhghnóthas na sár-ríomhairí ardleibhéil agus is é a bheidh ina úinéir orthu.

    2.   Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí ardleibhéil.

    Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí ardleibhéil a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

    3.   Beidh roghnú sholáthróir an tsár-ríomhaire ardleibhéil bunaithe ar shonraíochtaí na tairisceana lena gcuirfear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna soláthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.

    4.   Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir agus sár-ríomhairí ardleibhéil a fháil lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí iomaíocha atá dírithe ar éileamh, ar úsáideoirí agus a fhorbraítear go príomha san Aontas.

    5.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus sár-ríomhairí ardleibhéil á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála, nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.

    6.   Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, cúig bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an Chomhghnóthais ar na sár-ríomhairí ardleibhéil arna suiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire ardleibhéil a aistriú chuig an eintiteas óstach faoi seach, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú na húinéireacht ar sár-ríomhaire ardleibhéil, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear é a dhíchoimisiúnú, roinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostais a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire ardleibhéil a aistriú nó tar éis a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.

    Airteagal 12

    Fáil agus úinéireacht na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha

    1.   Gheobhaidh an Comhghnóthas ríomhairí candamacha agus ionsamhlóirí candamacha, a bhféadfadh idir chórais phíolótacha agus chórais thurgnamhacha a bheith i gceist leo nó fréamhshamhlacha agus córais oibriúcháin mar innill aonair nó cinn a bhfuil hibridiú déanta orthu nó innill Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta lár-raoin atá inrochtana tríd an néal, agus is é a bheidh ina úinéir orthu.

    2.   Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha.

    Costas iomlán úinéireachta na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

    3.   Beidh roghnú sholáthróir na ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha bunaithe ar shonraíochtaí na tairisceana lena gcuirfear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna soláthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.

    4.   Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir agus ríomhairí candamacha agus insamhlóirí candamacha a fháil lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas.

    5.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus ríomhairí candamacha agus na n-ionsamhlóirí candamacha á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694 nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.

    6.   Is in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC a dhéanfar na ríomhairí candamacha agus na hionsamhlóirí candamacha a óstáil, sin nó i lárionad sár-ríomhaireachta a bheidh lonnaithe san Aontas.

    7.   Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, ceithre bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an ríomhaire chandamaigh nó an ionsamhlóra chandamaigh arna suiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an ríomhaire chandamaigh nó an ionsamhlóra chandamaigh a aistriú chuig an eintiteas óstach sin, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás úinéireacht ríomhaire chandamaigh nó ionsamhlóra chandamaigh a aistriú, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear é a dhíchoimisiúnú, roinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dhliteanas i leith na gcostas arna dtabhú i ndiaidh úinéireacht an ríomhaire chandamaigh nó an ionsamhlóra chandamaigh a aistriú nó i ndiaidh a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.

    Airteagal 13

    Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch

    1.   Gheobhaidh an Comhghnóthas, in éineacht le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, sár-ríomhairí lár-raoin ar a laghad, nó codanna de shár-ríomhairí EuroHPC, atá ceaptha go príomha le húsáid san earnáil tionsclaíochta, agus is é a bheidh ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha.

    2.   Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 35 % de chostais fála na sár-ríomhairí EuroHPC, nó na codanna de shár-ríomhairí EuroHPC. Cumhdóidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha an costas iomlán úinéireachta a bheidh fágtha de na sár-ríomhairí EuroHPC, nó codanna de na sár-ríomhairí EuroHPC.

    3.   Beidh roghnú an tsoláthróra sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch bunaithe ar shonraíochtaí na tairisceana lena gcuirfear san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna soláthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.

    4.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníollacha a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus sár-ríomhairí de ghrád tionsclaíoch EuroHPC á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694 nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.

    5.   Is in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC a dhéanfar sár-ríomhairí EuroHPC nó codanna den sár-ríomhaire EuroHPC i gcomhair úsáid thionsclaíoch a óstáil.

    6.   Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, 4 bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an Chomhghnóthais ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna suiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú chuig an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha. I gcás úinéireacht sár-ríomhaire EuroHPC a aistriú, déanfaidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha luach iarmharach an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an gcuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha ach go gcinnfear é a dhíchoimisiúnú, cumhdóidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha na costais ábhartha. Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dliteanas i leith na gcostas arna dtabhú i ndiaidh úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú nó i ndiaidh é a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.

    Airteagal 14

    Fáil agus úinéireacht na sár-ríomhairí lár-raoin

    1.   Gheobhaidh an Comhghnóthas, go comhpháirteach le húdaráis chonarthacha an Stáit Rannpháirtigh ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó le húdaráis chonarthacha na Stát Rannpháirteach sa chuibhreannas óstach, na sár-ríomhairí lár-raoin agus beidh siad ina gcomhúinéirí orthu.

    2.   Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 35 % de na costais fála móide suas le 35 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí lár-raoin. Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí lár-raoin a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

    3.   Beidh roghnú sholáthróir an tsár-ríomhaire lár-raoin bunaithe ar shonraíochtaí tairisceana lena gcuirfidh san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ghinearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.

    4.   Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir agus sár-ríomhairí lár-raoin a fháil lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas atá dírithe ar éileamh, atá dírithe ar úsáideoirí agus atá iomaíoch.

    5.   Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí lár-raoin á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.

    6.   Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, déanfar an chuid d’úinéireacht an tsár-ríomhaire atá faoi úinéireacht an Chomhghnóthais a aistriú chuig an eintiteas óstach tar éis dímheas iomlán an tsár-ríomhaire. Aisíocfaidh an t-eintiteas óstach leis an gComhghnóthas luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostais a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire lár-raoin a aistriú. Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dliteanas i leith na gcostas arna dtabhú i ndiaidh úinéireacht an tsár-ríomhaire EuroHPC a aistriú nó i ndiaidh é a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe

    Airteagal 15

    Sár-ríomhairí a uasghrádú

    1.   Féadfaidh an Comhghnóthas glao ar léirithe spéise a sheoladh chun na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil sé ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu a uasghrádú. Ní rachaidh an ranníocaíocht uasta ón Aontas leis na huasghráduithe sin thar EUR 150 milliún don tréimhse 2021-2027.

    2.   Beidh eintiteas óstach incháilithe chun freagra a thabhairt ar an nglao sin ar léirithe spéise ar a thúisce bliain amháin tar éis dháta roghnúcháin eintiteas óstach an tsár-ríomhaire EuroHPC, agus tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis an dáta sin. Ní fhéadfar sár-ríomhaire EuroHPC a uasghrádú ach aon uair amháin.

    3.   Roghnóidh an Bord Rialaithe an t-eintiteas óstála trí phróiseas cothrom trédhearcach a bheidh bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:

    (a)

    údar leis an uasghrádú;

    (b)

    comhoiriúnacht leis an sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh;

    (c)

    méadú ar fheidhmíocht acmhainneacht oibríochtúil an tsár-ríomhaire EuroHPC;

    (d)

    doiciméad tacaíochta iomchuí a sholáthar ina gcruthófar tiomantas an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó údaráis inniúla Stáit Rannpháirteacha an chuibhreannais óstaigh chun sciar de chostas uasghrádaithe an tsár-ríomhaire EuroHPC a chumhdach, costas nach gcumhdaítear le ranníocaíocht an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 5 ná aon ranníocaíocht eile de chuid an Aontais faoi mar a leagtar amach in Airteagal 6, go dtí go n-aistreoidh an Comhghnóthas a úinéireacht chuig an eintiteas óstach sin nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar an sár-ríomhaire mura ndéanfar aon aistriú ar an úinéireacht.

    4.   Gheobhaidh an Comhghnóthas, go comhpháirteach le húdaráis chonarthacha an Stáit Rannpháirtigh ina bhfuil an t-eintiteas óstach roghnaithe bunaithe nó le húdaráis chonarthacha na Stát Rannpháirteach sa chuibhreannas óstach roghnaithe, uasghrádú an tsár-ríomhaire agus beidh sé ina úinéir air faoi choinníollacha céanna úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.

    5.   Cumhdófar leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas don uasghrádú suas le 35 % de chostais fála an uasghrádaithe, arna ndímheas thar an saolré a mheastar a bheidh fágtha ag an sár-ríomhaire bunaidh agus suas le 35 % de na costais bhreise oibriúcháin. Ní bheidh costas iomlán an uasghrádaithe os cionn 30 % de chostas iomlán fála an tsár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.

    6.   Ní thiocfaidh athrú ar an sciar d’aga rochtana an Aontais ar an sár-ríomhaire EuroHPC uasghrádaithe le linn shaolré an mheaisín. Má tá méadú acmhainneachta i gceist leis an uasghrádú, beidh an t-aga rochtana breise comhréireach go díreach le rannchuidiú an Aontais.

    Airteagal 16

    Sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid

    1.   Gan dochar d’Airteagal 17(9), beidh cead ag úsáideoirí as na hearnálacha poiblí agus príobháideacha úsáid a bhaint as sár-ríomhairí EuroHPC agus díreofar an úsáid sin ar fheidhmchláir shaoránach. Seachas na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, úsáidfear sár-ríomhairí EuroHPC go príomha chun críche taighde agus nuálaíochta a thagann faoi chláir chistiúcháin phoiblí, le haghaidh fheidhmchláir na hearnála poiblí agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, i gcás inarb iomchuí.

    2.   Saineoidh an Bord Rialaithe na coinníollacha ginearálta rochtana maidir leis na sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17 agus féadfaidh sé na coinníollacha sonracha rochtana a shainiú le haghaidh cineálacha difriúla úsáideoirí nó feidhmeanna. Beidh slándáil agus cáilíocht na seirbhíse mar an gcéanna do gach úsáideoir laistigh de gach catagóir úsáideora, ach amháin i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, a gcomhlíonfaidh slándáil agus cáilíocht a seirbhíse ceanglais tionsclaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 13(1).

    3.   Maidir le húsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe le Fís 2020, deonófar rochtain dóibh ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí a fuair an Comhghnóthas EuroHPC a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1488.

    4.   Maidir le húsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó le Fís Eorpach, deonófar sciar an Aontais den aga rochtana dóibh ar shár-ríomhairí EuroHPC arna bhfáil tar éis 2020.

    5.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ag cur leasanna an Aontais san áireamh, cinnfidh an Bord Rialaithe aga rochtana ar shár-ríomhairí EuroHPC a dheonú d’eintitis atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe in aon tríú tír agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    Airteagal 17

    Aga rochtana an Aontais ar na sár-ríomhairí EuroHPC a leithdháileadh

    1.   Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil agus candamach i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC, agus dá bhrí sin ní rachaidh sé thar 50 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.

    2.   Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC lár-raoin i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), le costas fála agus oibriúcháin an tsár-ríomhaire agus ní rachaidh sé thar 35 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire.

    3.   Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC de ghrád tionsclaíoch i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), le chostas fála an tsár-ríomhaire, agus ní rachaidh sé thar 35 % d’am rochtana iomlán an tsár-ríomhaire.

    4.   Déanfar an t-aga rochtana a bheidh fágtha ar gach sár-ríomhaire EuroHPC a leithdháileadh ar gach Stát Rannpháirteach ina bhfuil eintiteas óstach bunaithe nó ar gach Stát Rannpháirteach i gcuibhreannas óstach. I gcás cuibhreannas óstach, comhaontóidh na Stáit Rannpháirteacha eatarthu féin an dáileadh aga rochtana don sár-ríomhaire.

    5.   Saineoidh an Bord Rialaithe na cearta rochtana ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC.

    6.   Beidh an úsáid a bhainfear as sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC saor in aisce do na húsáideoirí ón earnáil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 16(4) Beidh sé saor in aisce freisin d’úsáideoirí tionsclaíochta i gcás feidhmchláir a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag Fís Eorpach nó ag an gClár don Eoraip Dhigiteach chomh maith leo siúd ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu faoin gclár Fís Eorpach nó faoin Chlár don Eoraip Dhigiteach agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, i gcás inarb iomchuí. Mar threoirphrionsabal, beidh leithdháileadh aga rochtana do na gníomhaíochtaí sin bunaithe ar phróiseas athbhreithnithe piaraí a bheidh cothrom agus trédhearcach arna shainiú ag an mBord Rialaithe tar éis glaonna leanúnacha oscailte ar léiriú spéise arna seoladh ag an gComhghnóthas.

    7.   Cé is moite d’úsáideoirí FBM a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha, glacfaidh úsáideoirí eile le cur chuige na heolaíochta oscailte maidir le scaipeadh eolais a fhaightear trí rochtain ar shár-ríomhairí an Chomhghnóthais, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/695. Tabharfaidh an Bord Rialaithe sainiú breise ar na rialacha eolaíochta oscailte is infheidhme.

    8.   Saineoidh an Bord Rialaithe na rialacha sonracha le haghaidh coinníollacha rochtana a imíonn ó na treoirphrionsabail dá dtagraítear i mír 6. Baineann siad sin le leithdháileadh aga rochtana do thionscadail agus gníomhaíochtaí a mheastar a bheith straitéiseach don Aontas.

    9.   Ar iarraidh sin don Aontas, deonóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin rochtain dhíreach ar na sár-ríomhairí EuroHPC do thionscnaimh is dóigh leis an Aontas a bheith riachtanach chun seirbhísí tacaíochta a bhaineann le sláinte nó leis an aeráid nó seirbhísí tacaíochtaí éigeandála criticiúla eile a sholáthar ar mhaithe le leas an phobail, ar chásanna éigeandála agus bainistithe géarchéime nó ar chásanna is dóigh leis an Aontas a bheith riachtanach dá shlándáil agus dá chosaint. Saineofar na modhanna agus na coinníollacha maidir le rochtain den sórt sin a chur chun feidhme sna coinníollacha rochtana arna nglacadh ag an mBord Rialaithe.

    10.   Saineoidh an Bord Rialaithe na coinníollacha a mbeidh feidhm leo d’úsáid thionsclaíoch chun rochtain a sholáthar ar sciar an Aontais den aga rochtana chun acmhainní Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus sonraí d’fheidhmchláir seachas iad sin a shonraítear i mír 6 a dhaingniú.

    11.   Déanfaidh an Bord Rialaithe faireachán rialta ar sciar an Aontais den aga rochtana a dheonófar in aghaidh an Stáit Rannpháirtigh agus in aghaidh gach catagóire úsáideora, lena n-áirítear chun críoch tráchtála. Féadfaidh sé an méid a leanas, i measc nithe eile, a chinneadh:

    (a)

    agaí rochtana a chur in oiriúint an athuair de réir na catagóire gníomhaíochta nó úsáideora, agus é mar aidhm cumais úsáide na sár-ríomhairí EuroHPC a fheabhsú;

    (b)

    bearta breise tacaíochta a mholadh d’fhonn deiseanna cothroma rochtana a sholáthar d’úsáideoirí a mbeadh sé d’aidhm acu a leibhéal scileanna agus saineolais i gcórais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a ardú.

    Airteagal 18

    Aga rochtana an Aontais ar shár-ríomhairí EuroHPC chun críoch tráchtála

    1.   Beidh feidhm ag coinníollacha sonracha maidir le gach úsáideoir tionsclaíoch chun críoch tráchtála i ndáil le sciar an Aontais den aga rochtana. Is seirbhís íoc in aghaidh na húsáide a bheidh sa tseirbhís seo ar úsáid tráchtála, í bunaithe ar phraghsanna an mhargaidh. Is é an Bord Rialaithe a leagfaidh síos leibhéal na táille.

    2.   Cuimseofar sna táillí a ghinfear de bharr úsáid tráchtála sciar an Aontais den aga rochtana ioncam do bhuiséad an Chomhghnóthais, agus úsáidfear iad chun costais oibriúcháin an Chomhghnóthais a chumhdach.

    3.   Ní rachaidh an t-aga rochtana a leithdháilfear ar sheirbhísí tráchtála thar 20 % d’aga rochtana iomlán an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC. Déanfaidh an Bord Rialaithe cinneadh maidir le leithdháileadh aga rochtana an Aontais d’úsáideoirí seirbhísí tráchtála, agus cuirfear toradh an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 17(11) san áireamh.

    4.   Beidh cáilíocht na seirbhísí tráchtála mar an gcéanna i gcás na n-úsáideoirí uile.

    Airteagal 19

    Rialacha airgeadais

    1.   Glacfaidh an Comhghnóthas a rialacha airgeadais sonracha i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

    2.   Foilseofar na rialacha airgeadais ar shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais.

    Airteagal 20

    Foireann

    1.   Maidir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta”) a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (13) agus sna rialacha a ghlac institiúidí an Aontais go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm, beidh feidhm acu maidir le foireann an Chomhghnóthais.

    2.   Déanfaidh an Bord Rialaithe, maidir le foireann an Chomhghnóthais, na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta don Údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (“cumhachtaí an údaráis cheapacháin”).

    3.   Glacfaidh an Bord Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta, lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean sin a chur ar fionraí. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

    4.   I gcás inar gá déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar fionraí go sealadach. Sna cásanna sin, feidhmeoidh an Bord Rialaithe cumhachtaí an údaráis ceapacháin é féin nó tarmligfidh sé iad chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne de chuid an Chomhghnóthais seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

    5.   Glacfaidh an Bord Rialaithe rialacha iomchuí cur chun feidhme le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

    6.   Leagfar na hacmhainní foirne amach i bplean bunaithe foirne an Chomhghnóthais, plean ina dtugtar le fios líon na bpost sealadach de réir an ghrúpa feidhme agus de réir gráid, chomh maith le líon na foirne ar conradh arna gcur in iúl i gcoibhéisí lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil.

    7.   Beidh foireann shealadach agus foireann ar conradh ag obair don Chomhghnóthas.

    8.   Seasfaidh an Comhghnóthas na costais go léir a bhaineann leis an bhfoireann.

    Airteagal 21

    Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe

    1.   Féadfaidh an Comhghnóthas leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe nach fostaithe de chuid an ghomhghnóthais iad. Cuirfear líon na saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna chur in iúl ina choibhéisí lánaimseartha leis an bhfaisnéis maidir le hacmhainní foirne dá dtagraítear in Airteagal 20(6) i gcomhréir leis an mbuiséad bliantúil.

    2.   Glacfaidh an Bord Rialaithe cinneadh ina leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe.

    Airteagal 22

    Pribhléidí agus Díolúintí

    Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir leis an gComhghnóthas agus foireann an Chomhghnóthais.

    Airteagal 23

    Dliteanas an Chomhghnóthais

    1.   Rialófar dliteanas conarthach an Chomhghnóthais trí na forálacha conarthacha ábhartha agus tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú, maidir leis an gcinneadh nó maidir leis an gconradh i dtrácht.

    2.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Comhghnóthas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arb é a fhoireann féin is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí a shlánú.

    3.   Measfar gur caiteachas de chuid an Chomhghnóthais aon íocaíocht a dhéanfaidh an Comhghnóthas maidir leis an dliteanas dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, agus maidir leis na costais agus na speansais a tabhófar i dtaca leis sin, agus cumhdófar iad lena chuid acmhainní féin.

    4.   Is é an Comhghnóthas amháin a bheidh freagrach as comhlíonadh a chuid oibleagáidí.

    5.   Ní bheidh an Comhghnóthas faoi dhliteanas i leith aon damáiste a dhéanfar de bharr ghníomhaíochtaí an eintitis óstaigh maidir le hoibriú na sár-ríomhairí a bhí faoin úinéireacht an Chomhghnóthais EuroHPC ag an eintiteas óstach.

    Airteagal 24

    Faireachán agus meastóireacht

    1.   Beidh gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais faoi réir faireachán leanúnach agus athbhreithnithe tréimhsiúla i gcomhréir lena chuid rialacha airgeadais, d’fhonn an tionchar agus an feabhas is mó a áirithiú, chomh maith leis an úsáid is éifeachtúla acmhainní. Cuirfear torthaí an fhaireacháin agus na n-athbhreithnithe tréimhsiúla leis an bhfaireachán a dhéanfar ar Chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus ar mheastóireachtaí an Chomhghnóthais mar chuid de mheastóireachtaí ar Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagail 50 agus 52 de Rialachán (AE) 2021/695.

    2.   Eagróidh an Comhghnóthas an faireachán leanúnach ar a ghníomhaíochtaí bainistíochta agus cur chun feidhme agus ar athbhreithnithe tréimhsiúla ar aschuir, torthaí agus tionchair na dtionscadal a chuirfear chun feidhme ag teacht le hAirteagal 50 de, agus Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2021/695.

    3.   Déanfar meastóireachtaí ar oibríochtaí na gComhghnóthas go tráthúil ionas go bhféadfar faisnéis ó na meastóireachtaí sin a úsáid sa mheastóireachta eatramhach agus sa mheastóireacht deiridh de chuid Fís Eorpach agus sa phróiseas cinnteoireachta gaolmhar mar a shonraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.

    4.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas mar chuid de mheastóireachtaí Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695. Cuirfear an mheastóireacht eatramhach i gcrích le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha ar bhonn próiseas trédhearcach a thúisce a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme Fís Eorpach, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thús chur chun feidhme Fís Eorpach. Déanfar imscrúdú sna meastóireachtaí ar conas a chomhlíonann an Comhghnóthas a mhisean i gcomhréir lena chuspóirí eacnamaíocha, teicneolaíochta, eolaíochta, sochaíocha agus beartais, lena n-áirítear cuspóirí a bhaineann leis an aeráid, agus déanfar meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, agus breisluach an Aontais a chuid gníomhaíochtaí mar chuid de Fís Eorpach, a chuid sineirgí agus comhlántachtaí le tionscnaimh ábhartha Eorpacha, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, réigiúnacha, lena n-áirítear sineirgí le codanna eile de Fís Eorpach, amhail misin, braislí nó cláir théamacha nó shonracha. Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus áireofar iontu freisin, i gcás inarb ábhartha, measúnú ar an tionchar fadtéarmach eolaíoch, sochaíoch, eacnamaíoch agus ábhartha ó thaobh beartais de a bheidh ag an gComhghnóthas. Áireofar iontu freisin measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar sa todhchaí, mar aon le hábharthacht agus comhleanúnachas aon athnuachana a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhghnóthas i dtimpeallacht fhoriomlán na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus a cuid tosaíochtaí beartais.

    5.   Ar bhonn torthaí na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 7(7) nó féadfaidh sé aon ghníomh iomchuí eile a dhéanamh.

    6.   Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí breise a dhéanamh ar théamaí nó ar ábhair atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne an Comhghnóthas i dtreo na gcuspóirí a leagtar síos, agus na tosca a rannchuidíonn le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus dea-chleachtais a shainaithint freisin. Ach na meastóireachtaí breise sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh iomlán ar thionchar riaracháin an Chomhghnóthais.

    7.   Déanfaidh an Comhghnóthas athbhreithnithe tréimhsiúla ar a chuid gníomhaíochtaí chun faisnéis a fháil don mheastóireachta eatramhach agus don mheastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas mar chuid de na meastóireachtaí de chuid Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.

    8.   Tabharfaidh na hathbhreithnithe tréimhsiúla agus na meastóireachtaí faisnéis d’fhoirceannadh nó d’athnuachan féideartha an Chomhghnóthais, ag teacht le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán 2021/695. Laistigh de 6 mhí ó fhoirceannadh an Chomhghnóthais, ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Reachtanna a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas. Cuirfear torthaí na meastóireachta deiridh sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

    9.   Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar an gComhghnóthas, ina n-áireofar torthaí na meastóireachta agus breathnuithe a dhéanfaidh an Coimisiún, a fhoilsiú agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún mar chuid de na meastóireachtaí de chuid Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.

    Airteagal 25

    Dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an dlí is infheidhme

    1.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

    (a)

    de bhun aon chlásal eadrána atá i gcomhaontuithe nó i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhghnóthas, nó ina chuid cinntí;

    (b)

    i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i leith aon damáiste a rinne foireann an Chomhghnóthais i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh;

    (c)

    in aon díospóid idir an Comhghnóthas agus a fhoireann faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta.

    2.   Maidir le haon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le haon ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina bhfuil suíomh an Chomhghnóthais lonnaithe.

    Airteagal 26

    Gearáin leis an Ombudsman

    Féadfaidh cinntí a ghlacfaidh an Comhghnóthas maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a bheith ina n-ábhar gearáin leis an Ombudsman i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 27

    Iniúchtaí ex post

    1.   Déanfar iniúchóireacht ex post ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an mbuiséad do Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/695 mar chuid de na gníomhaíochtaí indíreacha de chuid Fís Eorpach, go háirithe ag teacht leis an straitéis iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 53(2) den Rialachán sin.

    2.   Is é an Comhghnóthas a dhéanfaidh na hiniúchóireachta ex post maidir le caiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an mbuiséad do Chlár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/694.

    3.   Is é an Comhghnóthas a dhéanfaidh na hiniúchóireachta ex post maidir le caiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú ag an mbuiséad don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1153 mar chuid de ghníomhaíochtaí na Saoráide um Chónascadh na hEorpa.

    Airteagal 28

    Leasanna airgeadais na gcomhaltaí a chosaint

    1.   Déanfaidh an Comhghnóthas rochtain a dheonú d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile a údaróidh an Comhghnóthas nó an Coimisiún faoi seach, chomh maith leis an gCúirt Iniúchóirí, nó, chun críoch an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), d’údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach, ar a chuid láithreán agus áitreabh agus ar an bhfaisnéis go léir, lena n-áirítear faisnéis i bhformáid leictreonach, a theastóidh uathu chun a gcuid iniúchóireachta a dhéanamh.

    2.   Féadfaidh OLAF agus OIPE imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (14) ón gComhairle agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú, nó le cinneadh nó conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

    3.   Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, beidh forálacha sna comhaontuithe, sna cinntí agus sna conarthaí a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chomhghnóthas faoi seach, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF, agus, chun críoch an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), d’údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach, na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

    4.   Áiritheoidh an Comhghnóthas go dtabharfar cosaint leordhóthanach do leasanna airgeadais a chuid comhaltaí trí rialuithe inmheánacha agus seachtracha iomchuí a chur i gcrích nó trína gcoimisiúnú.

    5.   Aontóidh an Comhghnóthas do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (16). Glacfaidh an Comhghnóthas na bearta riachtanacha is gá chun imscrúduithe inmheánacha a chuirfidh OLAF i gcrích a éascú.

    Airteagal 29

    Rúndacht

    Áiritheoidh an Comhghnóthas go ndéanfar faisnéis íogair a chosaint a bhféadfadh a nochtadh sin damáiste a dhéanamh do leasanna a chuid comhaltaí nó do na rannpháirtithe i ngníomhaíocht an Chomhghnóthais.

    Airteagal 30

    Trédhearcacht

    Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) maidir le doiciméid atá i seilbh an Chomhghnóthais.

    Airteagal 31

    Próiseáil sonraí pearsanta

    I gcás ina n-éileofaí le cur chun feidhme an Rialacháin seo go ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil, déanfar iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

    Airteagal 32

    Rochtain ar thorthaí agus faisnéis maidir le tograí

    1.   Tabharfaidh an Comhghnóthas rochtain d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, mar aon le húdaráis na Stát Rannpháirteach, ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis na gníomhaíochtaí indíreacha a bhíonn á gcistiú aige. Áireofar san fhaisnéis sin torthaí na dtairbhithe a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha an Chomhghnóthais nó aon fhaisnéis eile a mheasfar is gá chun beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas. Tá cearta rochtana den sórt sin teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus comhlíonfaidh siad na rialacha rúndachta is infheidhme.

    2.   Chun beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas, soláthróidh an Comhghnóthas don Choimisiún faisnéis a áirítear i dtograí a chuirfear isteach. Beidh feidhm aige sin mutatis mutandis maidir le Stáit Rannpháirteacha i ndáil le tograí lena n-áirítear iarratasóirí atá bunaithe ina gcríocha, atá teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus i gcomhréir leis na rialacha rúndachta is infheidhme.

    Airteagal 33

    Rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoi Fís Eorpach

    1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/695 maidir leis na gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoi Fís Eorpach. I gcomhréir leis an Rialachán sin, measfar gur comhlacht cistiúcháin é an Comhghnóthas agus tabharfaidh sé tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a leagtar amach in Airteagal 1 de na Reachtanna.

    2.   Beidh feidhm freisin ag Rialachán (AE) 2021/695 maidir leis na gníomhaíochtaí indíreacha a bheidh á gcistiú le ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 15(3)(f) de na Reachtanna.

    Airteagal 34

    Rátaí aisíocaíochta

    Maidir le gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoin gclár Fís Eorpach, de mhaolú ar Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/695, agus le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, féadfaidh Comhghnóthas rátaí aisíocaíochta éagsúla a chur i bhfeidhm le haghaidh cistiú ón Aontais laistigh de ghníomhaíocht i bhfianaise chineál an rannpháirtí, eadhon FBManna, agus chineál na gníomhaíochta. Sonrófar na rátaí aisíocaíochta sa chlár oibre.

    Airteagal 35

    Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

    Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/1153 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

    Airteagal 36

    Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach

    Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/694 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

    Airteagal 37

    Tacaíocht ón mBallstát óstach

    Féadfar comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Comhghnóthas agus an Ballstát ina bhfuil a shuíomh lonnaithe maidir le pribhléidí agus díolúintí agus tacaíocht eile a chuirfidh an Stát sin ar fáil don Chomhghnóthas.

    Airteagal 38

    Aisghairm

    1.   Gan dochar do na gníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Rialachán (AE) 2018/1488, lena n-áirítear pleananna bliantúla cur chun feidhme agus oibleagáidí airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin, déantar Rialachán (AE) 2018/1488 a aisghairm.

    Maidir leis na gníomhaíochtaí arna dtionscnamh faoi Airteagail 10, 11, 13 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488, chomh maith le hAirteagail 6 agus 7 de na Reachtanna atá i gceangal leis an Rialachán sin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige go dtí go gcuirfear i gcrích iad agus a mhéid is gá.

    Maidir le gníomhaíochtaí a eascraíonn ó ghlao ar thograí agus ó ghlao ar thairiscintí dá bhforáiltear i bpleananna bliantúla cur chun feidhme arna nglacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488, measfar gur ghníomhaíochtaí a tionscnaíodh faoin Rialachán sin iad.

    2.   Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 39

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chearta agus d’oibleagáidí na foirne atá fostaithe faoi Rialachán (AE) 2018/1488. Chuige sin, leanfar de chonarthaí fostaíochta na foirne faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus leis na Coinníollacha Fostaíochta.

    2.   Ar feadh na tréimhse atá fanta den téarma oifige, sannfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin arna cheapadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 d’fheidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear sa Rialachán seo le héifeacht ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ní thiocfaidh aon athrú ar choinníollacha eile an chonartha.

    3.   Mura gcomhaontófar a mhalairt idir na comhaltaí, déanfar na cearta agus na hoibleagáidí go léir lena n-áirítear sócmhainní, fiachais nó dliteanais na gcomhaltaí arna sealbhú de bhun Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig na comhaltaí de bhun an Rialacháin seo.

    4.   Sa chéad chruinniú aige tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfaidh an Bord Rialaithe liosta cinntí a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1488 a mbeidh feidhm acu fós faoin Rialachán seo. Déanfar aon leithreasuithe nár úsáideadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig an gComhghnóthas arna bhunú faoin Rialachán seo.

    5.   Déanfar na cearta agus na hoibleagáidí go léir lena n-áirítear sócmhainní, fiachais nó dliteanais an Chomhghnóthais agus aon leithreasuithe nár úsáideadh faoi Rialachán (AE) 2018/1488 a aistriú chuig an gComhghnóthas faoin Rialachán seo.

    Airteagal 40

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. ŠIRCELJ


    (1)  Tuairim ón 24 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Tuairim ón 27 Eanáir 2021 (IO C 123, 9.4.2021, lch. 7).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

    (6)  Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (IO L 252, 8.10.2018, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (9)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

    (10)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó gan nochtadh (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.).

    (12)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (13)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (16)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

    (17)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

    (18)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN

    REACHTANNA AN CHOMHGHNÓTHAIS RÍOMHAIREACHTA ARDFHEIDHMÍOCHTA EORPAIGH

    Airteagal 1

    Cúraimí

    Déanfaidh an Comhghnóthas na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

    (a)

    cistí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a shlógadh chun gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a mhaoiniú;

    (b)

    tacú le cur chun feidhme mhisean, chuspóirí agus cholúin ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais a liostaítear in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán seo; déanfar na gníomhaíochtaí sin a chistiú as buiséad an Aontais a eascraíonn as Rialachán (AE) 2021/695 lena mbunaítear Fís Eorpach, Rialachán (AE) 2021/694 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir le raon feidhme a Rialachán faoi seach agus ranníocaíochtaí ó na Stáit Rannpháirteacha ábhartha leis an gComhghnóthas; chun na críche sin, seolfaidh an Comhghnóthas glao ar thograí, glao ar thairiscintí, agus aon ionstraim nó nós imeachta eile dá bhforáiltear in Fís Eorpach, sa Chlár don Eoraip Dhigiteach agus sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;

    (c)

    tús a chur le glaonna ar léiriú spéise chun sár-ríomhairí EuroHPC a óstáil nó a uasghrádú agus iad a bhainistiú agus measúnú a dhéanamh ar na tairiscintí a fhaightear, le tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha neamhspleácha;

    (d)

    eintiteas óstach na sár-ríomhairí EuroHPC a roghnú ar bhealach cothrom, oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo;

    (e)

    comhaontú óstála a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo leis an eintiteas óstach chun na sár-ríomhairí EuroHPC a oibriú agus a chothabháil agus comhlíonadh conarthach an chomhaontaithe óstála a fhaire, lena n-áirítear tástáil inghlacthachta na sár-ríomhairí a fuarthas;

    (f)

    na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC a shainiú agus faireachán a dhéanamh ar rochtain ar na sár-ríomhairí sin i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo;

    (g)

    an méid a rannchuidíonn a oibríochtaí le cuspóirí Fís Eorpach a bhaint amach, anuas ar phleanáil straitéiseach ilbhliantúil, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht agus ceanglais eile an chláir amhail cur chun feidhme an chreata aiseolais comhbheartais a áirithiú;

    (h)

    glao oscailte ar thograí a thionscnamh agus cistiú a bhronnadh i gcomhréir leis an Rialachán (AE) 2021/695, agus laistigh de theorainneacha na gcistí atá ar fáil, ar ghníomhaíochtaí indíreacha, go príomha i bhfoirm deontas;

    (i)

    glao oscailte ar thograí agus glao ar thairiscintí a thionscnamh agus cistiú a bhronnadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694, agus Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa laistigh de theorainneacha na gcistí atá ar fáil;

    (j)

    faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus comhaontuithe deontais agus conarthaí soláthair a bhainistiú;

    (k)

    éifeachtúlacht an tionscnaimh Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, ar bhonn shraith beart iomchuí a áirithiú;

    (l)

    faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn foriomlán i dtreo cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach;

    (m)

    dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le gníomhaíochtaí, comhlachtaí agus geallsealbhóirí de chuid an Aontais agus náisiúnta, chun sineirgí a chruthú agus saothrú na dtorthaí taighde agus nuálaíochta a fheabhsú i réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta;

    (n)

    dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, chomh maith le sineirgí oibríochtúla i bhfeidhmeanna coiteanna cúloifige le comhghnóthais eile;

    (o)

    clár straitéiseach ilbhliantúil a shainiú, na cláir oibre bhliantúla chomhfhreagracha a tharraingt suas agus a chur chun feidhme lena bhforfheidhmiú agus aon choigeartuithe riachtanacha a dhéanamh leis an gclár straitéiseach ilbhliantúil;

    (p)

    tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eolais, cumarsáide, saothraithe agus scaipthe trí Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2021/695 a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, lena n-áirítear eolas mionsonraithe maidir le torthaí ó ghlaonna ar thograí a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana i ríomhbhunachar sonraí coiteann de chuid Fís Eorpach;

    (q)

    aon chúram eile atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a chur i gcrích.

    Airteagal 2

    Comhaltaí

    (1)   Is iad comhaltaí an Chomhghnóthais:

    (a)

    an tAontas, a ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann;

    (b)

    An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Iorua, an Íoslainn, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSeicia, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir;

    (c)

    An Eilvéis, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an Tuirc, ar an gcoinníoll go bhfuil na tríú tíortha sin comhlachaithe le ceann ar a laghad de na cláir ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

    (d)

    ach a nglacfar na Reachtanna seo trí bhíthin litir fhormhuinithe, an Ardán Teicneolaíochta Eorpach um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, ar comhlachas cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre é agus oifig chláraithe in Amstardam (an Ísiltír) aige agus Data, AI and Robotics (DAIRO), atá cláraithe faoi dhlí na Beilge agus oifig chláraithe sa Bhruiséil (an Bheilg) aige.

    2.   Ceapfaidh gach Stát Rannpháirteach a ionadaí ar an mBord Rialaithe agus ainmneoidh sé an t-eintiteas nó na heintitis náisiúnta a bheidh freagrach as a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Athruithe ar bhallraíocht

    1.   Ar choinníoll go ndéanann siad ranníocaíocht i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo nó leis an maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 15 de na Reachtanna seo chun misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit nó na tríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nach liostaítear in Airteagal 2(1)(b) de na Reachtanna seo iarratas a dhéanamh ar bheith ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas.

    2.   Seolfar aon iarratas ó Bhallstát nó ó thríú tír atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ar bhallraíocht sa Chomhghnóthas chuig an mBord Rialaithe. Cuirfidh na tíortha is iarrthóirí glacadh na Reachtanna seo ar fáil i scríbhinn, agus aon fhorálacha eile lena rialaítear feidhmiú an Chomhghnóthais. Míneoidh na hiarrthóirí freisin céard a spreag iad le ballraíocht a iarraidh sa Chomhghnóthas, agus tabharfaidh siad le fios an chaoi a bhfuil a straitéis sár-ríomhaireachta náisiúnta ailínithe le cuspóirí an Chomhghnóthais. Déanfaidh an Bord Rialaithe meastóireacht ar an iarratas, ag cur san áireamh ábharthacht agus breisluach féideartha an iarrthóra a mhéid a bhaineann le misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach, agus féadfaidh sé a chinneadh soiléirithe a iarraidh i dtaca leis an iarrthóireacht sula ndéanfar an t-iarratas a fhormhuiniú.

    3.   Ar choinníoll go ndéanann sé ranníocaíocht leis an maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 15 de na Reachtanna seo chun misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach, agus go nglacann sé na Reachtanna seo, féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil nach liostaítear in Airteagal 2(1)(c) de na Reachtanna seo agus atá bunaithe i mBallstát a thacaíonn go díreach nó go hindíreach le taighde agus nuálaíocht i mBallstát iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta príobháideach den Chomhghnóthas i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

    4.   Aon iarratas ar bhallraíocht le bheith ina chomhalta príobháideach den Chomhghnóthas a dhéanfar i gcomhréir le mír 3, seolfar é chuig an mBord Rialaithe. Déanfaidh an Bord Rialaithe meastóireacht ar an iarratas, ag cur san áireamh ábharthacht agus breisluach féideartha an iarrthóra a mhéid a bhaineann le misean agus cuspóirí an Chomhghnóthais a bhaint amach agus déanfaidh sé cinneadh ar an iarratas.

    5.   Féadfaidh comhalta ar bith a bhallraíocht sa Chomhghnóthas a fhoirceannadh. Tiocfaidh foirceannadh den sórt sin i bhfeidhm agus beidh sé neamh-inchúlghairthe 6 mhí tar éis fógra a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chuirfidh na comhaltaí eile den Bhord Rialaithe agus na comhaltaí phríobháideacha de ar an eolas. Ón dáta foirceanta amach, brisfear an t-iarchomhalta ó aon oibleagáid seachas na hoibleagáidí a d’fhormheas nó a thabhaigh an Comhghnóthas roimh fhógra foirceanta na ballraíochta.

    6.   Cuirfidh gach comhalta príobháideach an Comhghnóthas ar an eolas uair sa bhliain maidir le haon athruithe suntasacha i gcomhdhéanamh an chomhalta phríobháidigh. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go mbeidh tionchar ag an athrú sa chomhdhéanamh ar leas an Aontais nó an Chomhghnóthais ar fhorais slándála, féadfaidh sé a mholadh don Bhord Rialaithe ballraíocht an chomhalta phríobháidigh lena mbaineann a fhoirceannadh. Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm agus beidh sé neamh-inchúlghairthe laistigh de 6 mhí de chinneadh an Bhoird Rialaithe nó ar an dáta a shonraítear sa chinneadh sin, pé acu sin is túisce.

    7.   Ní féidir ballraíocht sa Chomhghnóthas a aistriú chuig tríú páirtí gan aontú roimh ré ón mBord Rialaithe.

    8.   Nuair a dhéantar aon athrú ar an mballraíocht de bhun an Airteagail seo, foilseoidh an Comhghnóthas láithreach ar a shuíomh gréasáin liosta nuashonraithe de na comhaltaí mar aon le dáta an athraithe sin.

    Airteagal 4

    Comhlachtaí an Chomhghnóthais

    1.   Is iad comhlachtaí an Chomhghnóthais:

    (a)

    an Bord Rialaithe;

    (b)

    an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (c)

    an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta atá comhdhéanta den Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus an Grúpa Comhairleach Bonneagair.

    2.   I gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó„ ní thabharfaidh gach comhlacht sa Chomhghnóthas ach faoi na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo, agus ní fheidhmeoidh sé ach laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais chun na críche lenar bunaíodh é.

    Airteagal 5

    Comhdhéanamh an Bhoird Rialaithe

    1.   Beidh an Bord Rialaithe comhdhéanta d’ionadaithe de chuid an Choimisiúin, thar ceann an Aontais, agus de chuid na Stát Rannpháirteacha.

    2.   Ceapfaidh an Coimisiún agus gach Stát Rannpháirteach ionadaí amháin ar an mBord Rialaithe.

    Airteagal 6

    Feidhmiú an Bhoird Rialaithe

    1.   Déanfaidh ionadaithe chomhaltaí an Bhoird Rialaithe gach iarracht chun teacht ar chomhréiteach. Má chliseann orthu teacht ar chomhréiteach, déanfar vótáil.

    2.   Beidh 50 % de na cearta vótála ag an Aontas. Beidh cearta vótála an Aontais doroinnte.

    3.   I gcomhair na dtascanna dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de na Reachtanna seo, dáilfear an 50 % de na cearta vótála atá fágtha go cothrom ar na Stáit Rannpháirtigh uile.

    Glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach a bheidh comhdhéanta de vóta an Aontais agus 50 % ar a laghad de gach vóta de chuid na mBallstát Rannpháirteach, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.

    4.   I gcomhair na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(4) de na Reachtanna seo, seachas pointí (f), (g) agus (h), beidh an 50 % de na cearta vótála atá fágtha ag na Stáit Rannpháirteacha ar Ballstáit iad.

    Chun críche na míre seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach cáilithe. Measfar go mbeidh tromlach cáilithe bunaithe má dhéanann sé ionadaíocht thar ceann an Aontais agus 55 % ar a laghad de na Comhaltaí Rannpháirteacha ar Ballstáit iad, comhdhéanta de 65 % ar a laghad de dhaonra iomlán na Stát sin. Chun an daonra a chinneadh, úsáidfear na figiúirí a leagtar amach in Iarscríbhinn III le Cinneadh 2009/937/AE (1) ón gComhairle.

    5.   Do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(f), (g) agus (h) de na Reachtanna seo, agus do gach sár-ríomhaire EuroHPC, scaipfear cearta vótála na Stát Rannpháirteach i gcomhréir lena ranníocaíochtaí airgeadais geallta agus lena ranníocaíochtaí comhchineáil leis an sár-ríomhaire sin go dtí go n-aistreofar a úinéireacht chuig an eintiteas óstach i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán seo nó go dtí go ndíolfar nó go ndíchoimisiúnófar é; ní chuirfear na ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh ach amháin má bhíonn siad deimhnithe ex ante ag saineolaí nó iniúchóir neamhspleách.

    Chun críoch na míre seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach 75 % ar a laghad de gach vóta, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.

    6.   I gcomhair na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7(5), 7(6) agus 7(7) de na Reachtanna seo, glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe in dhá chéim.

    Ag an gcéad chéim, dáilfear an 50 % de na cearta vótála atá fágtha go cothrom i measc na Stát Rannpháirteach go léir. Glacfar cinntí an Bhoird Rialaithe le tromlach a bheidh comhdhéanta de vóta an Aontais agus 55 % ar a laghad de gach vóta de chuid na mBallstát Rannpháirteach, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair.

    Ag an dara céim, cinnfidh an Bord Rialaithe leis an tromlach cáilithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

    7.   Gan dochar do na míreanna roimhe seo, coinneoidh tíortha a bhí ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas faoi Rialachán (AE) 2018/1488 agus a rinne ranníocaíocht le fáil nó oibriú na sár-ríomhairí a fuair an Comhghnóthas EuroHPC arna bhunú faoin Rialachán sin, ach nach bhfuil ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas EuroHPC a thuilleadh, cearta vótála teoranta go heisiach do chinntí a bhaineann leis na sár-ríomhairí sin i gcomhréir le hAirteagail 6(5) agus 7(5) de Reachtanna Chomhghnóthas EuroHPC atá i gceangal le Rialachán 2018/1488.

    8.   Toghfaidh an Bord Rialaithe cathaoirleach i gcomhair tréimhse 2 bhliain. Ní féidir sainordú an chathaoirligh a shíneadh ach aon uair amháin, is é sin tar éis cinneadh ón mBord Rialaithe.

    9.   Is é leaschathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina ionadaí thar ceann an Choimisiúin, ag teacht in ionad an chathaoirligh i gcás inar gá.

    10.   Tionólfaidh an Bord Rialaithe a ghnáthchruinnithe 2 uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a thionól ar iarratas ón gCoimisiún, ó thromlach na n-ionadaithe ó na Stáit Rannpháirteacha, ar iarratas an chathaoirligh, nó ar iarratas an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 15(5) de na Reachtanna seo. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Rialaithe agus reáchtálfar de ghnáth iad ag suíomh an Chomhghnóthais.

    Beidh sé de cheart ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh i bpléití ach ní bheidh aon chearta vótála aige. Féadfaidh an Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt, ar bhonn cás ar chás, do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí.

    Féadfaidh gach Stát breathnóireachta toscaire amháin a cheapadh ar an mBord Rialaithe, toscaire a gheobhaidh na doiciméid ábhartha ar fad agus ar féidir leis páirt a ghlacadh i bpléití an Bhoird Rialaithe mura gcinnfidh an Bord Rialaithe a mhalairt ar bhonn cás ar chás. Ní bheidh aon chearta vótála ag na toscairí sin, agus áiritheoidh siad rúndacht faisnéise íogaire i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus beidh siad faoi réir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa.

    11.   Ní bheidh ionadaithe na gcomhaltaí faoi dhliteanas pearsanta as aon ghníomhartha a rinne siad ina gcáil mar ionadaithe ar an mBord Rialaithe.

    12.   Glacfaidh an Bord Rialaithe a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Áireofar sna rialacha sin nósanna imeachta sonracha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus rúndacht faisnéise íogaire a áirithiú.

    13.   Aon uair a phléifear saincheisteanna a bhaineann lena gcúraimí, tabharfar cuireadh do chathaoirligh Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus Ghrúpa Comhairleach Bonneagair an Chomhghnóthais freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu. Áiritheoidh siad rúndacht faisnéise íogaire i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus beidh siad faoi réir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa.

    14.   Tabharfar cuireadh do chathaoirligh Chomhaltaí Príobháideacha an Chomhghnóthais freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu. Áiritheoidh siad rúndacht faisnéise íogaire i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo agus beidh siad faoi réir na rialacha maidir le coinbhleacht leasa.

    Airteagal 7

    Cúraimí an Bhoird Rialaithe

    1.   Beidh freagracht fhoriomlán ar an mBord Rialaithe as treoshuíomh straitéiseach agus oibríochtaí an Chomhghnóthais agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí. Áiritheoidh sé go gcuirtear prionsabail na cothroime agus na trédhearcachta i bhfeidhm i gceart i leithdháileadh an chistithe phoiblí.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún, sa ról atá aige ar an mBord Rialaithe, iarracht comhordú a áirithiú idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais agus gníomhaíochtaí ábhartha clár cistiúcháin de chuid an Aontais, d’fhonn sineirgí a chur chun cinn agus éiceachóras comhtháite sár-ríomhaireachta agus bonneagar sonraí á bhforbairt agus nuair atá tosaíochtaí a chumhdaítear i dtaighde comhoibritheach á sainaithint.

    3.   Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí riaracháin ghinearálta seo a leanas den Chomhghnóthas:

    (a)

    measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ar bhallraíocht i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de na Reachtanna seo;

    (b)

    cinneadh maidir le foirceannadh ballraíochta sa Chomhghnóthas d’aon chomhalta nach gcomhlíonann a oibleagáidí;

    (c)

    rialacha airgeadais an Chomhghnóthais a phlé agus a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo;

    (d)

    buiséad bliantúil riaracháin an Chomhghnóthais a phlé agus a ghlacadh, lena n-áirítear an plean bunaithe foirne comhfhreagrach ina dtugtar le fios an líon post sealadach de réir an ghrúpa feidhme agus de réir gráid, an líon foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna gcur in iúl ina gcoibhéisí lánaimseartha;

    (e)

    an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh, a dhífhostú, síneadh a chur lena théarma oifige nó lena téarma oifige, treoir a thabhairt dó nó di agus a fheidhmíocht nó a feidhmíocht a fhaire;

    (f)

    an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí a phlé agus a fhormheas, lena n-áirítear caiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo;

    (g)

    feidhmiú na gcumhachtaí maidir le húdarás a cheapadh i ndáil le baill foirne i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo;

    (h)

    i gcás inarb iomchuí, rialacha cur chun feidhme a bhunú leis na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 20(3) den Rialacháin seo;

    (i)

    i gcás inarb iomchuí, rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 21(2) den Rialachán seo;

    (j)

    i gcás inarb iomchuí, grúpaí comhairleacha a bhunú chomh maith leis na comhlachtaí sa Chomhghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 4 de na Reachtanna seo;

    (k)

    rialacha agus critéir shonracha a leagan síos maidir le comhaltaí na ngrúpaí comhairleacha a roghnú, a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost, arna mbunú i gcomhréir le pointe (j), lena n-áirítear cúinsí inscne agus éagsúlachta geografacha, agus na rialacha nós imeachta arna leagan síos go neamhspleách ag na grúpaí comhairleacha sin a fhormheas;

    (l)

    struchtúr eagraíochtúil na Clároifige a phlé agus a fhormheas ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (m)

    i gcás inarb iomchuí, iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an Rialachán seo a leasú arna mholadh ag comhalta den Chomhghnóthas;

    (n)

    na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid a shainmhíniú, i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo;

    (o)

    leibhéal na táille do na seirbhísí tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo a bhunú, agus cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh an aga rochtana le haghaidh na seirbhísí sin;

    (p)

    beartas cumarsáide an Chomhghnóthais a phlé agus a fhormheas ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

    (q)

    a bheith freagrach as aon cúram nach leithdháiltear go sonrach ar chomhlacht ar leith den Chomhghnóthas; féadfaidh sé na cúraimí sin a shannadh d’aon chomhlacht de chuid an Chomhghnóthais.

    4.   Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le fáil agus oibriú na sár-ríomhairí EuroHPC agus ioncam ginte dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo:

    (a)

    an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le sár-ríomhairí EuroHPC a fháil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

    (b)

    an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le sár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus eintitis óstacha a roghnú agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

    (c)

    seoladh glao ar léiriú spéise a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

    (d)

    roghnú eintiteas óstach na sár-ríomhairí EuroHPC a roghnaíodh ar bhealach cothrom, oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo a fhormheas;

    (e)

    cinneadh a dhéanamh go bliantúil maidir le húsáid aon ioncam ginte ó na táillí do sheirbhísí tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo;

    (f)

    seoladh glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

    (g)

    na tairiscintí a roghnaítear le cistiú a fhormheas;

    (h)

    cinneadh a dhéanamh ar aistriú féideartha úinéireacht na sár-ríomhairí EuroHPC chuig eintiteas óstach, a ndíol le heintiteas eile nó a ndíchoimisiúnú, i gcomhréir le hAirteagail 11(5), 12(7) agus 14(6) den Rialachán seo;

    (i)

    cinneadh a dhéanamh ar aistriú féideartha úinéireacht na sár-ríomhairí EuroHPC chuig cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, a ndíol le heintiteas eile nó a ndíchoimisiúnú, i gcomhréir le hAirteagail 13(6) den Rialachán seo.

    5.   Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí úsáide sonraí agus scileanna an Chomhghnóthais:

    (a)

    an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh ag tús an tionscnaimh agus é a leasú i rith shaolré Fís Eorpach, más gá; sainaithneofar sa chlár oibre straitéiseach ilbhliantúil, inter alia, na comhpháirtíochtaí Eorpacha eile lena mbunóidh an Comhghnóthas comhar foirmiúil agus rialta, chomh maith le féidearthachtaí do shineirgí idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais agus tionscnaimh agus beartais náisiúnta nó réigiúnacha bunaithe ar eolas a gheobhaidh na Stáit Rannpháirteacha;

    (b)

    an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh chun an clár oibre straitéiseach ilbhliantúil a chur chun feidhme, lena n-áirítear ábhar an ghlao ar thograí, an ráta cistiúcháin infheidhme in aghaidh na topaice glao, chomh maith leis na rialacha gaolmhara i ndáil le nósanna imeachta maidir le tíolacadh, meastóireacht, roghnú, dámhachtain agus athbhreithniú;

    (c)

    seoladh glao ar thograí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

    (d)

    an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo;

    (e)

    a bheith freagrach as faire dlúth agus tráthúil ar dhul chun cinn chlár taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais agus gníomhaíochtaí aonair i ndáil le tosaíochtaí an Choimisiúin agus an chláir oibre straitéiseach ilbhliantúil agus bearta ceartaitheacha a ghlacadh nuair is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an Comhghnóthas a chuspóirí.

    6.   Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe an Chomhghnóthais:

    (a)

    an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

    (b)

    an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

    (c)

    seoladh glao ar thograí agus glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

    (d)

    an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas.

    7.   Comhlíonfaidh an Bord Rialaithe, go háirithe, na cúraimí seo a leanas a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta an Chomhghnóthais:

    (a)

    an chuid den chlár straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith leis na gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo, a phlé agus a ghlacadh;

    (b)

    an chuid den chlár oibre bliantúil a bhaineann le cónascadh agus nascacht gníomhaíochtaí Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus bonneagar sonraí, chomh maith le gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 18(4) de na Reachtanna seo a phlé agus a ghlacadh;

    (c)

    seoladh glao ar thograí agus glao ar thairiscintí a fhormheas, i gcomhréir leis an gclár oibre bliantúil;

    (d)

    an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú ar bhonn mholadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhormheas.

    Airteagal 8

    Ceapachán, dífhostú nó síneadh le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.   Molfaidh an Coimisiún liosta iarrthóirí don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tar éis comhairliúchán le comhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas. Chun críche an chomhairliúcháin sin, ceapfaidh comhaltaí an Chomhghnóthais seachas an tAontas de chomhthoil a n-ionadaithe chomh maith le breathnóir thar ceann an Bhoird Rialaithe.

    Ceapfaidh an Bord Rialaithe an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

    2.   Is ball den fhoireann a bheidh sa Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus fostófar é mar ghníomhaire sealadach den Chomhghnóthas faoi Airteagal 2(a) de na Coinníollacha Fostaíochta.

    Chun conradh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh cathaoirleach an Bhoird Rialaithe ionadaíocht thar ceann an Chomhghnóthais.

    3.   4 bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún, ag comhlachú na gcomhaltaí seachas an tAontas de réir mar is iomchuí, faoi mheasúnú ar fheidhmiú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin an Chomhghnóthais sa todhchaí.

    4.   Féadfaidh an Bord Rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún lena dtabharfar aird ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 3, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 4 bliana.

    5.   Ní féidir le Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige, páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

    6.   Ní féidir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhífhostú ach ar chinneadh ón mBord Rialaithe de bhun Airteagail 7(3)(e) de na Reachtanna seo ag feidhmiú ar thogra ón gCoimisiún ag comhlachú na gcomhaltaí seachas an tAontas de réir mar is iomchuí.

    7.   Féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh aon tréimhse a mbíonn post an Stiúrthóra Feidhmiúcháin folamh.

    Airteagal 9

    Cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

    1.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an príomhfheidhmeannach a bheidh freagrach as bainistíocht laethúil an Chomhghnóthais i gcomhréir le cinntí an Bhoird Rialaithe.

    2.   Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil an Chomhghnóthais. Is don Bhord Rialaithe a bheidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach, agus is go hiomlán neamhspleách a chuirfidh sé nó sí a chuid nó a cuid dualgas i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh sé nó sí laistigh de na cumhachtaí a shanntar dó.

    3.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad an Chomhghnóthais chun feidhme.

    4.   Comhlíonfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, go háirithe, na cúraimí seo a leanas ar bhealach neamhspleách:

    (a)

    an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a thíolacadh le plé agus le cur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena ghlacadh;

    (b)

    an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena phlé agus lena ghlacadh, lena n-áirítear an clár bunaithe foirne comhfhreagrach ina dtugtar le fios líon na bpost sealadach i ngach grád agus grúpa feidhme agus an líon foirne ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht arna gcur in iúl ina gcoibhéisí lánaimseartha;

    (c)

    an dréachtchlár oibre bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena phlé agus lena ghlacadh, lena n-áirítear raon feidhme an ghlao ar thograí, glaonna ar léiriú spéise agus glaonna ar thairiscintí atá riachtanach chun go gcuirfear chun feidhme clár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, an clár soláthair, an clár gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe, agus cónascadh, nascacht agus comhar idirnáisiúnta an chláir gníomhaíochtaí, mar a mholfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta, agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach, mar a mholfaidh na Stáit Rannpháirteacha agus an Coimisiún;

    (d)

    na cuntais bhliantúla a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe chun a thuairim a fháil;

    (e)

    tuairisc bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe, lena n-áirítear an t-eolas ar chaiteachas comhfhreagrach;

    (f)

    comhaontuithe deontais, conarthaí agus cinntí faoina shainchúram a shíniú thar ceann an Chomhghnóthais;

    (g)

    conarthaí soláthair a shíniú;

    (h)

    faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí na sár-ríomhairí EuroHPC faoi úinéireacht nó arna maoiniú ag an gComhghnóthas, lena n-áirítear leithdháileadh sciar an Aontais den aga rochtana, comhlíonadh cearta rochtana d’úsáideoirí acadúla agus tionsclaíocha agus cáilíocht na seirbhísí arna soláthar;

    (i)

    beartas cumarsáide an Chomhghnóthais a mholadh don Bhord Rialaithe;

    (j)

    oibríochtaí agus foireann an Chomhghnóthais a eagrú, a stiúradh agus a mhaoirsiú laistigh de theorainneacha an tarmligin ón mBord Rialaithe faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 20(2) den Rialachán seo;

    (k)

    feidhmiú córais rialaithe inmheánaigh éifeachtaigh agus éifeachtúil a bhunú agus a áirithiú agus aon athrú suntasach leis a thuairisciú leis an mBord Rialaithe;

    (l)

    a áirithiú go ndéantar measúnú riosca agus bainistíocht riosca;

    (m)

    socrú a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun cumas iniúchóireachta inmheánaí an Chomhghnóthais a bhunú;

    (n)

    aga rochtana do chásanna éigeandála agus bainistiú géarchéime a leithdháileadh, i gcomhaontú leis an mbeartas rochtana arna shainmhíniú ag an mBord Rialaithe;

    (o)

    aon bhearta eile atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chomhghnóthais i dtreo a chuspóirí a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo;

    (p)

    aon chúraimí eile atá ar iontaoibh nó a tharmligtear don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag an mBord Rialaithe a chur i gcrích.

    5.   Bunóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Clároifig chun a fhreagracht nó a freagracht a chur i gcrích maidir le gach cúram tacaíochta a eascraíonn as an Rialachán seo. Beidh an Chlároifig comhdhéanta d’fhoireann an Chomhghnóthais agus go háirithe, déanfaidh sí na cúraimí seo a leanas:

    (a)

    tacaíocht a thabhairt chun córas cuntasaíochta iomchuí a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo;

    (b)

    glao ar thograí a bhainistiú mar a fhoráiltear sa chlár oibre bliantúil agus na comhaontuithe agus na cinntí deontais a riar;

    (c)

    glao ar thairiscintí a bhainistiú mar a fhoráiltear sa chlár oibre bliantúil agus na conarthaí a riar;

    (d)

    próiseas roghnúcháin na n-eintiteas óstach a bhainistiú agus na comhaontuithe óstála a riar;

    (e)

    gach eolas ábhartha agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhaltaí agus comhlachtaí eile an Chomhghnóthais atá riachtanach dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh chomh maith le freagairt dá n-iarratais ar leith;

    (f)

    feidhmiú mar rúnaíocht na gcomhlachtaí sa Chomhghnóthas agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí comhairleacha a bhunaigh an Bord Rialaithe.

    Airteagal 10

    Comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

    1.   Beidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta comhdhéanta de Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus Grúpa Comhairleach Bonneagair.

    2.   Ní bheidh níos mó ná dáréag comhalta sa Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta, agus ceapfaidh na Comhaltaí Príobháideacha suas le seisear díobh, ag cur a gcuid gealltanas i leith an Chomhghnóthais san áireamh, agus ceapfaidh an Bord Rialaithe suas le seisear díobh, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(k) de na Reachtanna seo.

    3.   Féadfaidh suas le seisear breathnóirí arna moladh ag Stáit Rannpháirteacha agus arna gceapadh ag an mBord Rialaithe a bheith sa Ghrúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta.

    4.   Dháréag comhaltaí a bheidh sa Grúpa Comhairleach Bonneagair. Ceapfaidh an Bord Rialaithe comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(k) de na Reachtanna seo.

    5.   Ceapfar comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta agus comhaltaí an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair ar feadh tréimhse suas le dhá bhliain, tréimhse a fhéadfar a athnuachan uair amháin.

    6.   Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta agus an Grúpa Comhairleach Bonneagair faoi dhó in aghaidh na bliana ar a annaimhe chun a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú.

    Airteagal 11

    Feidhmiú an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta

    1.   Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana.

    2.   Féadfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta meitheal a cheapadh i gcás inar gá sin faoi chomhordú foriomlán ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí.

    3.   Is é an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta a roghnóidh a chathaoirleach féin.

    4.   Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta lena rialacha nós imeachta lena n-áirítear ainmniú na gcomheintiteas a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Ghrúpa Chomhairligh agus fad a n-ainmniúcháin.

    Airteagal 12

    Feidhmiú an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair

    1.   Tiocfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana.

    2.   Féadfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair meitheal a cheapadh i gcás inar gá sin faoi chomhordú foriomlán ceann amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí.

    3.   Is é an Grúpa Comhairleach Bonneagair a thoghfaidh a chathaoirleach féin.

    4.   Glacfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair lena rialacha nós imeachta lena n-áirítear ainmniú na n gcomheintiteas a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Ghrúpa Chomhairligh agus fad a n-ainmniúcháin.

    Airteagal 13

    Cúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta

    1.   Déanfaidh an Grúpa Comhairleach Taighde agus Nuálaíochta na nithe seo a leanas:

    (a)

    rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta i gcomhréir le héabhlóid an éilimh eolaíoch agus thionsclaíoch;

    (b)

    comhairliúcháin phoiblí a eagrú atá oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach a bhfuil leas aige nó aici i réimsí na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus na ríomhaireachta candamaí, chun iad a chur ar an eolas maidir leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil agus le dréachtghníomhaíochtaí bainteach leis an gclár oibre taighde agus nuálaíochta do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú ina dtaobh.

    2.   Áireofar sa rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta ina sainaithneofar na tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun teicneolaíochtaí agus feidhmeanna úsáideora deiridh don Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta a fhorbairt agus a ghlacadh thar réimsí éagsúla cur i bhfeidhm d’fhonn tacú le forbairt éiceachóras comhtháite Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, ríomhaireachta candamaí agus sonraí san Aontas, athléimneacht an Aontais a mhéadú agus cabhrú chun margaí agus feidhmchláir sochaíocha nua agus bearta a chruthú chun forbairt agus glacadh le teicneolaíocht Eorpach a chur chun cinn;

    (b)

    gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta féideartha sa taighde agus nuálaíocht a chuireann rud breise le luach agus a bhfuil leas frithpháirteach leo;

    (c)

    tosaíochtaí oiliúna agus oideachais le dul i ngleic le príomhinniúlachtaí agus leis an mbearna scileanna i dteicneolaíochtaí agus feidhmchláir Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta agus ríomhaireachta candamaí, go háirithe i réimse na tionsclaíochta.

    Airteagal 14

    Cúraimí an Ghrúpa Chomhairligh Bonneagair

    1.   Tabharfaidh an Grúpa Comhairleach Bonneagair comhairle don Bhord Rialaithe chun na sár-ríomhairí EuroHPC a fháil agus a oibriú. Chun na críche sin, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

    (a)

    rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de na Reachtanna seo maidir le ríomhairí EuroHPC a fháil agus gníomhaíochta forbartha cumais agus leathnaithe a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air go tráthrialta i gcomhréir le héabhlóid an éilimh eolaíoch agus thionsclaíoch;

    (b)

    comhairliúcháin phoiblí a eagrú atá oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach dar leas réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, lena n-áirítear an ríomhaireacht chandamach, chun é nó í a chur ar an eolas maidir leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil maidir le fáil agus oibriú na sár-ríomhairí EuroHPC agus maidir leis na dréachtghníomhaíochtaí atá bainteach leis an gclár oibre do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú orthu.

    2.   Tabharfaidh an rannchuidiú leis an dréachtchlár straitéiseach ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1 aghaidh ar an méid seo a leanas:

    (a)

    fáil sár-ríomhairí EuroHPC ag cur san áireamh, inter alia, pleanáil na fála sin, an gá le méaduithe acmhainneachta riachtanacha, na cineálacha feidhmchlár agus pobail úsáideoirí ar gá dul i ngleic leo, na riachtanais úsáideora ábhartha agus na hailtireachtaí córais iomchuí, na riachtanais úsáideora, agus ailtireacht an bhonneagair;

    (b)

    cónascadh agus idirnascacht an bhonneagair sin, ag cur san áireamh, inter alia, comhtháthú na mbonneagar náisiúnta Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta nó ríomhaireachta candamaí, agus ailtireacht an bhonneagair hipearnasctha agus chónasctha; agus

    (c)

    forbairt cumais, lena n-áirítear na Lárionad náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus gníomhaíochtaí leathnaithe agus oiliúna i gcomhair úsáideoirí deiridh, chomh maith le deiseanna chun glacadh agus úsáid na réiteach teicneolaíochta Eorpach a chur chun cinn, go sonrach ag na Lárionaid náisiúnta Inniúlachta um Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta.

    Airteagal 15

    Foinsí maoinithe

    1.   Is iad comhaltaí an Chomhghnóthais féin a chómhaoineoidh an Comhghnóthas trí ranníocaíochtaí airgeadais a íocfar i dtráthchodanna agus ranníocaíochtaí comhchineáil mar a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.

    2.   Ní rachaidh costais riaracháin an Chomhghnóthais thar EUR 92 000 000 agus cumhdófar iad trí bhíthin na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo.

    Má bhíonn cuid den ranníocaíocht ón Aontas i gcomhair na gcostas riaracháin gan úsáid, d’fhéadfaí é a chur ar fáil chun costais oibríochtúla an Chomhghnóthais a chumhdach.

    3.   Cumhdófar costais oibríochtúla an Chomhghnóthais trí bhíthin:

    (a)

    an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

    (b)

    na ranníocaíochtaí airgeadais ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, chun na sár-ríomhairí EuroHPC ardleibhéil nó innill chandamacha a fháil agus lena n-oibriú go dtí go n-aistreofar a n-úinéireacht chuig an eintiteas óstach, go ndíolfar iad nó go ndíchoimisiúnófar iad i gcomhréir le hAirteagail 11(5) agus 12(7) den Rialachán seo, lúide na ranníocaíochtaí ón gComhghnóthas agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin;

    (c)

    ranníocaíochtaí comhchineáil ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí an Stáit Rannpháirtigh iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, ranníocaíochtaí arb iad costais oibriúcháin na sár-ríomhairí EuroHPC ar leis an gComhghnóthas iad, arna dtabhú ag na heintitis óstála, lúide na ranníocaíochtaí ón gComhghnóthas agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas i leith na gcostas sin;

    (d)

    ranníocaíochtaí airgeadais ón Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach bunaithe nó ó na Stáit Rannpháirteacha i gcuibhreannas óstach, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, arb iad sin na costais a tabhaíodh i bhfáil, i gcomhar leis an gComhghnóthas, na sár-ríomhairí EuroHPC lár-raoin, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin;

    (e)

    ranníocaíochtaí airgeadais ó chuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha arb iad na costais a tabhaíodh i bhfáil agus oibriú, i gcomhar leis an gComhghnóthas, na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin, go dtí go n-aistreofar a n-úinéireacht chuig an eintiteas óstach, go ndíolfar iad nó go ndíchoimisiúnófar iad i gcomhréir le hAirteagal 13(6) den Rialachán seo;

    (f)

    ranníocaíochtaí airgeadais ó na Stáit Rannpháirteacha leis na costais incháilithe a thabhaigh tairbhithe sa Stát Rannpháirteach, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí ón Aontas a mheastar gur ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach iad de bhun Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2021/695, chun gníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme atá comhfhreagrach leis an gclár oibre taighde agus nuálaíochta agus mar chomhlánú le haisíoc na gcostas sin a dhéanfaidh an Comhghnóthas, lúide ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas leis na costais sin. Beidh na ranníocaíochtaí sin gan dochar do rialacha na státchabhrach;

    (g)

    ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Comhaltaí Príobháideacha nó a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 9(7) den Rialachán seo.

    4.   Acmhainní an Chomhghnóthais a chuirtear isteach ina bhuiséad, is de na ranníocaíochtaí seo a leanas a bheidh siad comhdhéanta:

    (a)

    na ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas i gcoinne na gcostas riaracháin;

    (b)

    ranníocaíochtaí airgeadais ó na comhaltaí i gcoinne na gcostas oibríochtúla;

    (c)

    aon ioncam a ghinfidh an Comhghnóthas;

    (d)

    aon ranníocaíochtaí, acmhainní nó ioncam airgeadais eile.

    (e)

    measfar gur ioncam de chuid an Chomhghnóthais a bheidh in aon ús a ghnóthóidh na ranníocaíochtaí a íocfar leis an gComhghnóthas.

    5.   Má mhainníonn aon chomhalta den Chomhghnóthas an ceangal atá air i dtaobh leis an ranníocaíocht airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin é sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach tréimhse réasúnach chun an mhainneachtain a chur ina ceart. Mura gcuirfear an cás ina cheart laistigh den tréimhse sin, tionólfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinniú den Bhord Rialaithe chun cinneadh a dhéanamh cé acu an bhfuil ballraíocht an chomhalta ar mainneachtain le cúlghairm nó an bhfuil aon bhearta eile le glacadh go dtí go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais. Cearta vótála an chomhalta ar mainneachtain, is cearta iad a chuirfear ar fionraí go dtí go gcuirfear an mhainneachtain i leith na gceangal atá air ina ceart. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gComhghnóthas ná ar a chomhaltaí an ranníocaíocht airgeadais ó na comhaltaí mainneachtana a chumhdach.

    6.   Beidh i gceist go n-úsáidfear acmhainní agus gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach.

    7.   Beidh úinéireacht ag an gComhghnóthas ar na sócmhainní ar fad a ghinfidh sé nó a aistreofar chuige chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach. Ní áireofar ansin na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil a n-úinéireacht aistrithe ag an gComhghnóthas chuig eintiteas óstach i gcomhréir le hAirteagail 11(5), 12(7), 13(6) agus 14(6) den Rialachán seo.

    8.   Seachas nuair a fhoirceannfar an Comhghnóthas, ní íocfar aon ioncam breise thar chaiteachas le comhaltaí an Chomhghnóthais.

    Airteagal 16

    Gealltanais airgeadais

    Ní sháróidh gealltanais airgeadais an Chomhghnóthais méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil nó atá geallta dá bhuiséad ag a chuid comhaltaí. Féadfaidh an Coimisiún gealltanais ilbhliantúla a chur ar fáil.

    Airteagal 17

    Bliain airgeadais

    Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

    Airteagal 18

    Pleanáil oibríochtúil agus airgeadais

    1.   Sonrófar sa chlár straitéiseach ilbhliantúil an straitéis agus na pleananna chun cuspóirí an Chomhghnóthais a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach. Áireofar an méid seo a leanas ann; fáil na sár-ríomhairí, na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta lena n-áirítear an clár oibre straitéiseach taighde agus nuálaíochta; na gníomhaíochta forbartha cumais agus leathnaithe, na gníomhaíochtaí cónasctha, nascachta agus comhair idirnáisiúnta. Áireofar ann freisin dearcthaí airgeadais ilbhliantúla arna bhfáil ó na Stáit Rannpháirteacha agus ón gCoimisiún.

    2.   Déanfaidh na Comhaltaí Príobháideacha an Clár Oibre Straitéiseach Taighde agus Nuálaíochta a dhréachtú agus cuirfidh siad faoi bhráid an Ghrúpa Chomhairligh Taighde agus Nuálaíochta é.

    3.   Déanfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta an clár straitéiseach ilbhliantúil a chomhdhlúthú agus a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Is é sin a bheidh mar bhunús don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár oibre bliantúil a dhréachtú.

    4.   Áireofar sa dréachtchlár oibre bliantúil na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, na gníomhaíochtaí soláthair, na gníomhaíochtaí forbartha cumais agus leathnaithe, na gníomhaíochtaí cónasctha agus nascachta, na gníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta, na gníomhaíochtaí riaracháin agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach don bhliain dár gcionn.

    5.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe na comhaontuithe riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 8(2) den Rialachán lena dtacaítear leis na meastóireachtaí ar chaiteachas.

    6.   Glacfar an clár oibre bliantúil faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme. Cuirfear an clár oibre bliantúil ar fáil go poiblí.

    7.   Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréachtbhuiséad bliantúil don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh.

    8.   Glacfaidh an Bord Rialaithe an buiséad bliantúil do bhliain áirithe faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme.

    9.   Cuirfear an buiséad bliantúil in oiriúint d’fhonn cuntas a ghlacadh ar mhéid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas mar a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais.

    Airteagal 19

    Tuairisciú oibríochtúil agus airgeadais

    1.   Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bliantúil chuig an mBord Rialaithe maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíocht, inter alia, eolas ar na cúrsaí seo a leanas:

    (a)

    taighde, nuálaíocht agus gníomhaíochtaí eile a rinneadh agus an caiteachas comhfhreagrach;

    (b)

    fáil agus oibriú an bhonneagair, lena n-áirítear úsáid agus rochtain ar bhonneagar, lena n-áirítear an t-aga rochtana a d’úsáid gach Stát Rannpháirteach go héifeachtach;

    (c)

    na tograí agus na tairiscintí a cuireadh isteach, lena n-áirítear scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus tír ar thír;

    (d)

    na gníomhaíochtaí indíreacha a roghnaíodh i gcomhair cistiú, le scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus tír ar thír, agus ag tabhairt le fios ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais leis na rannpháirtithe agus na gníomhaíochtaí aonair;

    (e)

    na tairiscintí a roghnaíodh i gcomhair cistiú, le scagadh de réir catagóir conraitheora, lena n-áirítear FBManna, agus de réir tíre, agus ag tabhairt le fios ranníocaíochtaí an Chomhghnóthais leis na conraitheoirí aonair agus na gníomhaíochtaí soláthair;

    (f)

    toradh na ngníomhaíochtaí soláthair;

    (g)

    dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus tograí i gcomhair obair riachtanach bhreise chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

    2.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Chomhghnóthais na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais.

    3.   Seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais.

    4.   Déanfar an nós imeachta um urscaoileadh i gcomhréir le rialacha airgeadais an Chomhghnóthais.

    Airteagal 20

    Iniúchóireacht inmheánach

    1.   Na cumhachtaí a fheidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin maidir leis an gComhghnóthas, is iad na cumhachtaí céanna a fheidhmeoidh sé maidir leis an gCoimisiún.

    2.   Beidh an Comhghnóthas in ann an iniúchóireacht inmheánach a dhéanamh dó féin.

    Airteagal 21

    Dliteanas na gcomhaltaí agus árachas

    1.   Beidh dliteanas airgeadais chomhaltaí an Chomhghnóthais as fiacha an Chomhghnóthais teoranta do ranníocaíochtaí airgeadais a rinne siad cheana leis an gComhghnóthas.

    2.   Glacfaidh an Comhghnóthas árachas iomchuí, agus coinneoidh sé é.

    Airteagal 22

    Coinbhleacht leasa

    1.   Seachnóidh an Comhghnóthas, a chomhlachtaí agus a fhoireann aon choinbhleacht leasa agus a ngníomhaíochtaí ar bun.

    2.   Glacfaidh an Bord Rialaithe le rialacha lena ndéanfar cosc agus bainistiú ar choinbhleachtaí leasa i ndáil leis na daoine atá ag freastal ar an mBord Rialaithe agus sna comhlachtaí nó i ngrúpaí eile de chuid an Chomhghnóthais.

    Airteagal 23

    Foirceannadh

    1.   Foirceannfar an Comhghnóthas ag deireadh na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo.

    2.   Mar aon le mír 1, tionscnófar an nós imeacht um fhoirceannadh go huathoibríoch má aistarraingíonn an tAontas nó gach comhalta seachas an tAontas ón gComhghnóthas.

    3.   Chun críche na nósanna imeachta um fhoirceannadh a dhéanamh ar an gComhghnóthas, ceapfaidh an Bord Rialaithe leachtaitheoir(í) a chloífidh le cinntí an Bhoird Rialaithe.

    4.   Nuair atá an Comhghnóthas á fhoirceannadh, úsáidfear a chuid sócmhainní chun a dhliteanais a chumhdach mar aon leis an gcaiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh. Aistreofar na sár-ríomhairí faoi úinéireacht an Chomhghnóthais chuig na heintitis óstacha nó cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha faoi seach, díolfar iad nó díchoimisiúnófar iad nuair a dhéanfaidh an Bord Rialaithe cinneadh, agus is i gcomhréir leis an gcomhaontú óstála a dhéanfar sin. Ní bheidh dliteanas ar chomhaltaí an Chomhghnóthais maidir le haon chostais a tabhaíodh tar éis úinéireacht sár-ríomhaire a aistriú nó tar éis é a dhíol nó a dhíchoimisiúnú. Luach iarmharach na sár-ríomhairí a aistrítear leis an gComhghnóthas, i gcás aistriú úinéireachta, aisíocfaidh an t-eintiteas óstach an luach sin leis an gComhghnóthas, nó aisíocfaidh an cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha leis é. Má bhíonn barrachas ann, roinnfear ar na comhaltaí é nuair atá an foirceannadh á dhéanamh, rud a tharlóidh i gcomhréir leis an ranníocaíocht airgeadais a rinne na comhaltaí leis an gComhghnóthas. Aon bharrachas den chineál sin a roinnfear ar an Aontas, cuirfear ar ais é i mbuiséad ginearálta an Aontais.

    5.   Bunófar nós imeachta ad hoc chun bainistiú iomchuí aon chomhaontaithe a thabharfar i gcrích nó aon chinnidh a ghlacfaidh an Comhghnóthas a áirithiú, chomh maith le haon chonradh soláthair le fad níos faide ná fad an Chomhghnóthais.


    (1)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


    Top