This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1156
Commission Regulation (EU) 2021/1156 of 13 July 2021 amending Annex II to Regulation (EC) No 1333/2008 of the European Parliament and of the Council and the Annex to Commission Regulation (EU) No 231/2012 as regards steviol glycosides (E 960) and rebaudioside M produced via enzyme modification of steviol glycosides from Stevia (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2021/1156 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960) agus ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocáistí steibhióil ó Stevia (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2021/1156 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960) agus ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocáistí steibhióil ó Stevia (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/5062
IO L 249, 14.7.2021, p. 87–98
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
14.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 249/87 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1156 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960) agus ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocáistí steibhióil ó Stevia
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagail 10(3) agus 14 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 leagtar síos liosta an Aontais de bhreiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. |
(2) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3), leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
(3) |
Féadfar liosta an Aontais de bhreiseáin bia agus na sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar. |
(4) |
I mí Feabhra 2018, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun leasú a dhéanamh ar na sonraíochtaí a bhaineann leis an mbreiseán bia gliocóisídí steibhióil (E 960). Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
(5) |
Sonraítear sna sonraíochtaí reatha go mbeidh 95 % ar a laghad d’aon ghliocóiséid steibhióil déag (E 960) a ainmnítear i ngliocóisídí steibhióil: steibhiósíd, rúibiusósíd, dulcóisíd A, steibhióilbisíd agus ribidióisídí A, B, C, D, E, F agus M, ar bhonn triomaithe, in aon mheascán nó cóimheas. Cuimsíonn próiseas monaraíochta an bhreiseáin bia seo dhá phríomhchéim, is éard atá i gceist leis an gcéad chéim ná úscadh uisce ó dhuilleoga an phlanda Bertoni stevia rebaudiana agus réamh-íonú an úisc, agus is éard atá i gceist leis an dara céim athchriostalú na ngliocóisídí steibhióil. |
(6) |
D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí leasú ar shonraíochtaí gliocóisídí steibhióil (E 960) chun modh nua a chur san áireamh maidir le táirgeadh ribidióisíd M. Is mionghliocóisíd í ribidióisíd M atá le fáil ag leibhéil an-íseal (< 1 %) sa duilleog stevia a bhfuil próifíl bhlais aige atá níos cosúil le siúcrós nuair a chuirtear é i gcomparáid leis na gliocóisídí móra (i.e. steibhiósíd agus ribidióisíd A). |
(7) |
Is éard atá i gceist leis an bpróiseas nua bith-chomhshó d’úsc duilleoga stevia íonaithe (≥95 % gliocóisídí steibhióil) trí phróiseas ilchéimiúil einsíme le heinsímí a ullmhaítear ag an gcéad chéim den phróiseas. Téann an ribidióisíd M atá mar thoradh air sin faoi shraith céimeanna íonaithe agus leithlisithe chun an ribidióisíd M deiridh (≥ 95 %) a chur ar fáil. |
(8) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht an leasaithe atá beartaithe maidir le sonraíochtaí an bhreiseáin bia gliocóisídí steibhióil (E 960) agus ghlac sé a thuairim an 24 Meán Fómhair 2019 (4). Mheas an tÚdarás go bhféadfadh eisíontais a bheith mar thoradh ar phróiseas na gcéimeanna einsíme a chuirtear i bhfeidhm chun ribidióisíd M a tháirgeadh, eisíontais atá éagsúil ó na heisíontais a d’fhéadfadh a bheith i ngliocóisídí steibhióil (E 960) a fhaightear ó úscadh uisce ó dhuilleoga stevia rebaudiana agus athchriostalú ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, mheas an tÚdarás go bhfuil gá le sonraíochtaí ar leithligh le haghaidh ribidióisíd M a tháirgtear leis an bpróiseas seo. Thairis sin, chinn sé gur féidir an Iontógáil Laethúil Inghlactha (ADI) de 4 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae a chur i bhfeidhm freisin maidir le ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocóisídí steibhióil. Mheas an tÚdarás nach mbeidh nochtadh do ribidióisíd M (a shloinntear mar coibhéis steibhióil) níos airde ná an nochtadh do ghliocóisídí steibhióil (E 960) má chuirtear ribidióisíd M a tháirgtear trí phróiseas na gcéimeanna einsíme ina ionad. Maidir le ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocóisídí steibhióil, trí úsáid a bhaint as UDP-glúcóisíoltraschuráis agus einsímí siontáise siúcróis a tháirgtear leis na giostaí géinmhodhnaithe K. phaffii UGT-a agus K. phaffii UGT-b, chinn an tÚdarás freisin nach mbeadh imní faoi chúrsaí sábháilteachta ina leith maidir leis na húsáidí céanna atá beartaithe agus ar aon leibhéil úsáide le gliocóisídí steibhióil (E 960). |
(9) |
Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid ribidióisíd M a tháirgtear trí phróiseas na gcéimeanna einsíme a údarú mar mhilseoir sna catagóirí bia ina bhfuil gliocóisídí steibhióil (E 960) údaraithe faoi láthair. |
(10) |
Agus an próiseas leanúnach maidir le leasú a dhéanamh ar an gCóras Uimhrithe Idirnáisiúnta le haghaidh breiseáin bia den Codex Alimentarius á chur san áireamh, is iomchuí an breiseán bia nua a áireamh mar “E 960c gliocóisídí steibhióil a táirgtear go heinsímeach” i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 chun críocha an lipéadaithe. Ar mhaithe le soiléireacht agus comhleanúnachas, ba cheart an breiseán bia “gliocóisídí steibhióil (E 960)” atá údaraithe faoi láthair a athainmniú mar “gliocóisídí steibhióil ó stevia (E 960a)”. Ós rud é gur féidir na breiseáin bia sin a rialáil le chéile, ba cheart grúpa nua le haghaidh gliocóisídí steibhióil, lena n-áirítear an dá cheann, a chur isteach i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, agus ba cheart gach iontráil maidir le gliocóisídí steibhióil (E 960) i gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a ionadú dá réir sin, agus ag an am céanna na húsáidí is infheidhme faoi láthair agus an t-uasleibhéal le haghaidh úsáidí údaraithe agus leibhéil úsáide údaraithe a choinneáil. |
(11) |
Na sonraíochtaí le haghaidh ribidióisíd M a tháirgtear trí mhodhnú einsíme ar ghliocóisídí steibhióil ó stevia, ba cheart iad a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhthráth le “E 960c gliocóisídí steibhióil a tháirgtear go heinsímeach” a áireamh ar liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir sin. |
(13) |
Chun gur féidir le hoibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in oiriúint do na rialacha nua, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse a bhféadfar leanúint lena linn den bhreiseán bia “gliocóisídí steibhióil ó stevia (E 960a)” agus de bhianna ina bhfuil sé iontu a mhargú mar “gliocóisídí stiebhióil (E 960)”. |
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
An breiseán bia “gliocóisídí stiebhióil” (E 960) agus bianna ina bhfuil sé iontu atá lipéadaithe nó curtha ar an margadh suas le 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, féadfar iad a mhargú go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(10):5867, 19 lch.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) 1333/2008 mar a leanas:
(a) |
Leasaítear Cuid B2 mar a leanas:
|
(b) |
I bpointe (5) de Chuid C, cuirtear an pointe (v) nua seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (u) le haghaidh E 626-635: Ribeanúicléitídí:
|
(c) |
Leasaítear Cuid E mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 231/2012 mar a leanas:
(1) |
San iontráil a bhaineann le E 960 Gliocóisídí steibhióil, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil: “E 960a GLIOCÓISÍDÍ STEIBHIÓIL Ó STEVIA ” |
(2) |
Cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le E 960: “E 960c(i) RIBIDIÓISÍD M A THÁIRGTEAR TRÍ MHODHNÚ EINSÍME AR GHLIOCÓISÍDÍ STEIBHIÓIL Ó STEVIA
|