Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1153

    Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/52/2021/INIT

    IO L 249, 14.7.2021, p. 38–81 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 18/07/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1153/oj

    14.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 249/38


    RIALACHÁN (AE) 2021/1153 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 7 Iúil 2021

    lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 172 agus 194 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach, chun cruthú post a spreagadh agus chun gealltanais dícharbónaithe san fhadtéarma a urramú, tá bonneagar ilmhódach, ardfheidhmíochta atá cothrom le dáta de dhíth ar an Aontas ina earnálacha iompair, fuinnimh agus digiteacha chun cabhrú leis an Aontas agus a oileáin agus a réigiúin uile, lena n-áirítear a réigiúin atá iargúlta, forimeallach, sléibhtiúil agus réigiúin inar tearc an daonra, a nascadh agus a chomhtháthú. Ba cheart do na naisc sin cuidiú le saorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí. Ba cheart do na líonraí thras-Eorpacha cuidiú le naisc thrasteorann a éascú, níos mó comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú agus cur le geilleagar margaidh shóisialta níos iomaíche agus inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide a chomhrac.

    (2)

    Is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (“SCE”) dlús a chur leis an infheistíocht i réimse na ngréasán tras-Eorpach agus cistiú a ghiaráil ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon, agus an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus an prionsabal maidir le neodracht na teicneolaíochta a urramú ag an am céanna. Le SCE, ba cheart a bheith in ann lántairbhe a bhaint as na sineirgí idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha, agus ar an gcaoi sin cur le héifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus na costais cur chun feidhme a íoslaghdú.

    (3)

    Le SCE, ba cheart rannchuidiú le gníomhaíocht an Aontais i gcoinne an athraithe aeráide freisin agus tacú le tionscadail atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dó. Ba cheart, go háirithe, an méid a chuireann SCE le gnóthú spriocanna agus chuspóirí Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (4) (“Comhaontú Pháras”), mar aon le spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030, agus cuspóir fadtéarmach an dícharbónaithe, a atreisiú.

    (4)

    Le SCE, ba cheart ardleibhéal trédhearcachta a ráthú agus comhairliúchán poiblí a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme.

    (5)

    Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, tá sé i gceist leis an Rialachán seo, rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú agus leis an sprioc fhoriomlán 30 % ar a laghad de mhéid iomlán chaiteachas buiséadach an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Ba cheart, freisin leis an Rialachán seo, rannchuidiú leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi Chreat Airgeadais Bliantúil (CAI) 2021-2027 a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI 2021-2027 a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027 agus, ag an am céanna, aon fhorluí atá ann cheana idir cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta á chur san áireamh. Trína ghníomhaíochtaí, ba cheart do SCE rannchuidiú le 60 % dá imchlúdach airgeadais foriomlán ar chuspóirí aeráide, atá bunaithe, inter alia, ar na comhéifeachtaí seo a leanas: (i) 100 % le haghaidh caiteachas a bhaineann le bonneagar iarnróid, bonneagar luchtaithe, breoslaí malartacha agus inbhuanaithe, iompar uirbeach glan, tarchur leictreachais, stóráil leictreachais, eangaigh chliste, iompar CO2 agus fuinneamh inathnuaite; (ii) 40 % maidir le huiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach, mar aon le bonneagar gáis, ar choinníoll gur féidir úsáid na hidrigine inathnuaite nó an bhithmheatáin a mhéadú dá thoradh sin. Ba cheart na comhéifeachtaí mionsonraithe chun caiteachas ar an aeráid a rianú arna gcur i bhfeidhm a bheith i gcomhréir leis na comhéifeachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) , i gcás inarb infheidhme. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh SCE á ullmhú agus á cur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheasúnú i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na bpróiseas athbhreithnithe ábhartha. Chun a sheachaint go mbeadh an bonneagar sin i mbaol de thoradh éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag athrú aeráide fadtéarmach agus chun a áirithiú go mbeidh an costas a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann as an tionscadal san áireamh sa mheastóireacht eacnamaíoch ar an tionscadal, ba cheart do na tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoi SCE a bheith faoi réir díonadh ó thaobh na haeráide de, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le treoir a chaithfidh an Coimisiún a fhorbairt i gcomhréir leis an treoir atá forbartha le haghaidh cláir eile de chuid an Aontais.

    (6)

    De réir Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé d’aidhm ag an Aontas, ina ghníomhaíochtaí uile, neamhionannais a dhíchur agus comhionannas idir fir agus mná a chur ar aghaidh. Ba cheart comhionannas inscne, chomh maith le cearta agus deiseanna comhionanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, a chur san áireamh agus a chur chun cinn i rith mheasúnú, ullmhú, chur chun feidhme agus fhaireachán SCE.

    (7)

    Chun na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, maidir le glacadh cistí de chuid an Aontais chun tacú leis na bearta arna nglacadh d’fhonn cloí le cuspóirí Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart caiteachas a bhaineann le laghdú ar astaíochtaí nó ar thruailleáin aeir faoin Treoir sin a rianú.

    (8)

    Cuspóir tábhachtach de chuid SCE is ea sineirgí breise agus comhlántacht a chruthú idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha. Chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh in SCE maidir le cláir oibre a ghlacadh a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar réimsí idirghabhála sonracha, mar shampla maidir le soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe nó breoslaí malartacha inbhuanaithe. D’fhéadfadh cumasú na cumarsáide digití a bheith ina chuid dhílis de thionscadal leasa choitinn i réimse an fhuinnimh agus an iompair. Lena chois sin, le SCE, ba cheart an deis a thabhairt, i ngach earnáil ar leith, a mheas go bhfuil eilimintí sineirgeacha áirithe a bhaineann le hearnáil eile incháilithe, i gcás ina gcuirfeadh cur chuige den sórt sin le sochar socheacnamaíoch na hinfheistíochta. Ba cheart sineirgí idir na hearnálacha a dhreasú leis na critéir dhámhachtana maidir le roghnú na ngníomhaíochtaí, agus trí chómhaoiniú méadaithe chomh maith leis sin.

    (9)

    Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) treoirlínte don ghréasán tras-Eorpach iompair (“TEN-T”) (“treoirlínte TEN-T”) lena sainaithnítear bonneagar TEN-T, lena sonraítear na ceanglais atá le comhlíonadh aige agus lena bhforáiltear do bhearta chun TEN-T a chur chun feidhme. Go háirithe, tá sé beartaithe sna treoirlínte sin an croíghréasán a thabhairt chun críche faoi 2030 trí bhonneagar nua a chruthú agus tríd an mbonneagar riachtanach atá ann cheana a uasghrádú agus a athshlánú go suntasach chun leanúnachas an ghréasáin a áirithiú.

    (10)

    Chun nascacht ar fud an Aontais a áirithiú, le gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le forbairt tionscadal leasa choitinn in earnáil an iompair, ar gníomhaíochtaí iad a mhaoinítear le SCE, ba cheart tógáil ar chomhlántacht gach modha iompair chun gréasáin éifeachtúla, idirnasctha agus ilmhódacha a sholáthar. Ba cheart a áireamh leis sin bóithre sna Ballstáit sin ina bhfuil gá suntasach fós le hinfheistíocht chun a gcroíghréasán bóithre de chuid TEN-T a thabhairt chun críche.

    (11)

    I gcomhréir le hAirteagal 193(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Rialachán Airgeadais”), féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar dheontas incháilithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús CAI 2021-2027, do chostais a tabhaíodh i leith gníomhaíochtaí a raibh tús curtha leo a mheas mar incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme agus gur tabhaíodh iad sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas.

    (12)

    Chun na cuspóirí a leagtar síos i dtreoirlínte TEN-T a ghnóthú, is gá tacaíocht a thabhairt, mar thosaíocht, do thionscadail leanúnacha TEN-T mar aon leis na naisc thrasteorann agus na naisc atá in easnamh agus a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, go bhfuil na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht comhsheasmhach le pleananna oibre na gconairí a bhunaítear de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus le forbairt iomlán na ngréasán maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht.

    (13)

    Go háirithe, chun an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (“ERTMS”) a chur chun úsáide ina iomláine sa chroíghréasán faoi 2030, dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, ní mór tacaíocht a mhéadú ar leibhéal an Aontais agus ní mór rannpháirtíocht infheisteoirí príobháideacha a dhreasú.

    (14)

    Ina theannta sin, is réamhchoinníoll é na haerfoirt a bheith nasctha le croíghréasán TEN-T chun croíghréasán TEN-T a thabhairt chun críche go rathúil agus chun idirmhódúlacht éifeachtach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do na ceangail sin a bhunú i gcás ina mbeidh siad in easnamh.

    (15)

    Chun gníomhaíochtaí trasteorann a chur chun feidhme, tá gá le leibhéal ard comhtháthaithe maidir le pleanáil agus cur chun feidhme. Gan tús áite a thabhairt d’aon cheann de na samplaí seo a leanas, d’fhéadfaí an comhtháthú sin a léiriú trí chuideachta tionscadail aonair, struchtúr rialachais chomhpháirtigh, comhfhiontar agus creat dlíthiúil déthaobhach a bhunú, creat a bheidh bunaithe ar ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, nó aon fhoirm eile chomhair. Ba cheart bunú struchtúr bainistíochta comhtháite, lena n-áirítear comhfhiontair, a spreagadh, lena n-áirítear trí leibhéal níos airde cómhaoinithe.

    (16)

    Le bearta cuíchóirithe chun cur i gcrích TEN-T a chur chun cinn, ar bearta iad atá á bhforbairt faoi láthair, ba cheart tacú le tionscadail leasa choitinn i réimse an iompair a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtúla.

    (17)

    D’fhonn na sreafaí iompair atá ag dul i méid agus an t-athrú atá ag teacht ar TEN-T a léiriú, ba cheart ailíniú chonairí an chroíghréasáin agus na gcodanna réamhshainithe a oiriúnú. Níor cheart, le hoiriúnuithe den sórt sin ar chonairí an chroíghréasáin, difear a dhéanamh do thabhairt chun críche an chroíghréasáin faoi 2030, ba cheart dóibh cumhdach chonairí chríoch na mBallstát a fheabhsú agus ba cheart dóibh a bheith comhréireach chun nach mbainfear de chomhsheasmhacht ná d’éifeachtúlacht fhorbairt agus chomhordú na gconairí. Ar an gcúis sin, níor cheart ach méadú 15 %, ar a mhéid, a chur le fad chonairí an chroíghréasáin. In am trátha, ba cheart d’ailíniú chonairí an chroíghréasáin torthaí an athbhreithnithe ar chur chun feidhme an chroíghréasáin dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a chur san áireamh. Leis an athbhreithniú, ba cheart na naisc iarnróid réigiúnacha ar TEN-T a tréigeadh nó a díchóimeáladh chomh maith le hathruithe eile ar an ngréasán cuimsitheach agus tionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a chur san áireamh.

    (18)

    Is gá infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha le haghaidh gach modh iompair chun soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, ilmhódach, uilechuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán ar fud an Aontais a spreagadh. Ina Theachtaireacht an 31 Bealtaine 2017, dar teideal “An Eoraip ag Bogadh: clár oibre le haghaidh aistriú atá cothrom go sóisialta i dtreo na soghluaisteachta glaine iomaíche nasctha do chách”, thíolaic an Coimisiún tacar leathan tionscnamh chun an trácht a dhéanamh níos sábháilte, chun muirearú cliste a chur chun cinn ar bhóithre, chun astaíochtaí CO2, truailliú aeir agus brú tráchta a laghdú, chun soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe a chur chun cinn agus chun dálaí oibre cuí agus uaireanta scíthe cuí a áirithiú d’oibrithe. Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas, i gcás inarb ábhartha, a chur ar fáil trí SCE do na tionscnaimh sin.

    (19)

    Is é a cheanglaítear le treoirlínte TEN-T, i gcás teicneolaíochtaí nua agus na nuálaíochta, go bhfágfaidh TEN-T go bhféadfar na córacha iompair uile a dhícharbónú tríd an éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh agus breoslaí malartacha a úsáid agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á urramú ag an am céanna. Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) bunaítear creat coiteann de bhearta chun bonneagar breoslaí malartacha a chur chun úsáide le haghaidh gach modh iompair san Aontas chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú a oiread agus is féidir agus an tionchar a bhíonn ag an iompar ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a mhaolú. Leis an Treoir sin freisin, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfí pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ar fáil faoin 31 Nollaig 2025. Mar a leagadh amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2017 dar teideal “Soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur chun feidhme: Aontas Eorpach a chosnaíonn an domhain, a thugann cumhacht dá thomhaltóirí agus a chosnaíonn a thionscal agus a oibrithe”, tá gá le tacar cuimsitheach beart chun soghluaisteacht íseal-astaíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais i gcás nach bhfuil fáil ar dhreasacht leordhóthanach faoi dhálaí an mhargaidh.

    (20)

    I gcomhthéacs na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 dar teideal “Soghluaisteacht inbhuanaithe don Eoraip: sábháilte, nasctha, glan”, thug an Coimisiún chun suntais go bhfágfaidh feithiclí uathoibrithe agus córais ardnascachta go mbeidh feithiclí níos sábháilte, níos éasca a roinnt agus níos inrochtana don saoránach, lena n-áirítear na saoránaigh sin nach bhfuil seirbhísí iompair le fáil go héasca acu faoi láthair, amhail daoine scothaosta agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Sa chomhthéacs sin, mhol an Coimisiún freisin “Plean Gníomhaíochta Straitéiseach de chuid an Aontais Eorpaigh maidir leis an tSábháilteacht ar Bhóithre” agus leasú a dhéanamh ar Threoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

    (21)

    Chun feabhas a chur ar thabhairt chun críche na dtionscadal iompair i gcodanna den ghréasán nach bhfuil chomh forbartha sin, ba cheart leithdháileadh ón gCiste Comhtháthaithe arna rialú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a aistriú chuig SCE chun maoiniú a dhéanamh ar thionscadail iompair sna Ballstáit atá incháilithe chun maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe. I gcéim thosaigh, lena mbaineann 70 % den imchlúdach aistrithe, ba cheart na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú agus an leithdháileadh chuig tionscadail atá incháilithe don mhaoiniú á dhéanamh. Ba cheart an 30 % den imchlúdach aistrithe a bheidh fágtha a leithdháileadh ar bhonn iomaíoch ar an líon is mó is féidir de thionscadail sna Ballstáit ar tionscadail iad atá incháilithe chun maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe agus tabharfar tosaíocht do naisc thrasteorann agus do naisc atá in easnamh. Ba cheart caitheamh go cothrom le gach Ballstát agus ba cheart na míbhuntáistí a eascraíonn as leochaileachtaí geografacha buana a chur san áireamh mar is cuí. Ba cheart don Choimisiún tacú le Ballstáit atá incháilithe chun maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe sraith iomchuí tionscadal incháilithe a fhorbairt, go háirithe trí acmhainneacht institiúideach na riarachán poiblí lena mbaineann a neartú.

    (22)

    Sna conclúidí uaithi an 21 Iúil 2020, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach, i gcomhthéacs níos leithne CAI 2021-2027, go n-úsáidfear méid dar luach EUR 1 384 000 000 (i bpraghsanna 2018) ó SCE chun mórnaisc iarnróid trasteorann atá in easnamh idir tíortha comhtháthaithe a chríochnú, chun tacú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfuil, maidir leis an méid sin, feidhm le bheith ag rialacha cómhaoinithe an aistrithe ón gCiste Comhtháthaithe chuig SCE.

    (23)

    Tar éis Theachtaireacht Chomhpháirteach an 10 Samhain 2017 dar teideal “Soghluaisteacht Mhíleata a Fheabhsú san Aontas Eorpach”, cuireadh chun suntais sa Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata an 28 Márta 2018 go dtugtar leis an mbeartas maidir le bonneagar iompair deis mhaith na sineirgí a mhéadú idir riachtanais ó thaobh na cosanta de agus TEN-T, agus é mar aidhm fhoriomlán aige an tsoghluaisteacht mhíleata ar fud an Aontais a fheabhsú, agus an chothromaíocht gheografach agus na tairbhí féideartha don chosaint shibhialta á cur san áireamh. In 2018, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata, mheas an Chomhairle na riachtanais mhíleata maidir le bonneagar iompair agus rinne sí iad a bhailíochtú agus, in 2019, shainaithin seirbhísí an Choimisiúin na codanna sin de TEN-T atá feiliúnach don dé-úsáid, lena n-áirítear aon uasghrádú is gá ar an mbonneagar atá ann faoi láthair. Ba cheart an cistiú ón Aontas le haghaidh tionscadal dé-úsáide a chur chun feidhme trí SCE ar bhonn cláir oibre shonracha ina gcuirtear sna áireamh na ceanglais is infheidhme a bhunaítear i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata agus aon liosta táscach eile de thionscadail tosaíochta arna sainaithint ag na Ballstáit i gcomhréir leis an bPlean sin.

    (24)

    Aithnítear i dtreoirlínte TEN-T go n-áirithítear leis an ngréasán cuimsitheach an inrochtaineacht agus an nascacht idir oileáin agus réigiúin uile an Aontais, lena n-áirítear na réigiúin iargúlta agus na réigiúin is forimeallaí. Ina theannta sin, ina Theachtaireacht an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal “Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas”, chuir an Coimisiún chun suntais na riachtanais shonracha iompair, fuinnimh agus dhigiteacha atá ag na réigiúin is forimeallaí agus an gá cistiú leormhaith ón Aontas a chur ar fáil atá inchurtha leis na riachtanais sin, lena n-áirítear na cistí a thugtar le SCE trí rátaí cómhaoinithe a chur i bhfeidhm suas le huasmhéid 70 %.

    (25)

    I bhfianaise na n-infheistíochtaí móra a theastaíonn chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le croíghréasán TEN-T a thabhairt chun críche faoi 2030 (meastachán EUR 350 billiún sa tréimhse 2021-2027), maidir le gréasán cuimsitheach TEN-T a thabhairt chun críche faoi 2050 agus maidir le hinfheistíochtaí i ndícharbónú, i ndigitiú agus in iompar uirbeach (meastachán EUR 700 billiún sa tréimhse 2021-2027), is iomchuí an úsáid is éifeachtúla agus is féidir a bhaint as na cláir agus na hionstraimí éagsúla maoinithe atá ag an Aontas agus, ar an gcaoi sin, cur leis an mbreisluach a bhaineann le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas. D’áiritheofaí an éifeachtúlacht sin le próiseas infheistíochta cuíchóirithe a d’fhágfadh go mbeadh léargas méadaithe ar na tionscadail sin atá ar na bacáin i réimse an iompair agus go mbeadh níos mó leanúnachais ann idir na cláir ábhartha uile de chuid an Aontais, go háirithe SCE, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe agus clár InvestEU. Ba cheart a chur san áireamh, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, na coinníollacha cumasúcháin a mhionsonraítear in Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2021/1060.

    (26)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) déantar na tosaíochtaí tras-Eorpacha i ndáil le bonneagar fuinnimh a shainaithint ar cheart iad a chur chun feidhme chun cuspóirí bheartas fuinnimh agus aeráide an Aontais a chomhlíonadh, tionscadail leasa choitinn a bhfuil gá leo do chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin a shainaithint, agus bearta a leagan síos maidir le ceadanna a dheonú, maidir leis an rannpháirtíocht phoiblí agus maidir le rialáil chun cur chun feidhme na dtionscadal sin a luathú agus/nó a éascú, lena n-áirítear critéir maidir le hincháilitheacht na dtionscadal sin do thacaíocht airgeadais ón Aontas. Le sainaithint na dtionscadal leasa choitinn i gcomhréir leis an Rialachán sin, leanfar “bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh” trí thionscadail a mheasúnú i gcoinne cásanna maidir le héileamh ar fhuinneamh atá comhsheasmhach go hiomlán le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais.

    (27)

    I dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), cuirtear béim ar an ngá le creat cumasúcháin a bhunú le húsáid níos fearr a bhaint as cistí an Aontais, agus déantar tagairt shainráite do bhearta cumasúcháin a thacóidh le comhar trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite.

    (28)

    Cé gurb é tabhairt chun críche bhonneagar an ghréasáin an tosaíocht chun gur féidir foinsí fuinnimh inathnuaite a fhorbairt, le comhtháthú an chomhair trasteorann sa réimse seo agus córas fuinnimh atá cliste agus éifeachtúil a fhorbairt, lena n-áirítear stóráil agus réitigh na freagartha don éileamh lena gcabhraítear an eangach a chothromú, léirítear an cur chuige a glacadh faoin bpacáiste “Fuinneamh Glan do mhuintir na hEorpa ar fad’, is é sin an fhreagracht choiteann maidir leis an sprioc uaillmhianach i leith an fhuinnimh inathnuaite a bhaint amach in 2030, agus an t-athrú ar chomhthéacs an bheartais, lena n-áirithítear aistriú atá cóir agus leormhaith, ina bhfuil cuspóirí uaillmhianacha fadtéarmacha maidir leis an dícharbónú.

    (29)

    I bhfianaise chlár oibre an Aontais maidir leis an dícharbónú, tá géarghá le teicneolaíochtaí nuálacha i réimse an bhonneagair lena gcumasaítear an t-aistriú go córais fuinnimh agus soghluaisteachta ísealastaíochta, le slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus lena lorgaítear níos mó neamhspleáchas fuinnimh don Aontas. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 dar teideal “Teachtaireacht maidir le gréasáin fuinnimh na hEorpa a neartú”, chuir an Coimisiún i dtreis, go háirithe, toisc gur fuinneamh inathnuaite a bheidh i leath an leictreachais a ghinfear faoi 2030, beidh ról níos mó ag an leictreachas maidir le dícharbónú na n-earnálacha ar breoslaí iontaise is mó a bhí in úsáid iontu go dtí seo a bhrú chun cinn, amhail an t-iompar, an tionsclaíocht agus téamh agus fuarú agus dá réir sin, nach mór don bheartas maidir leis an mbonneagar tras-Eorpach fuinnimh a bheith dírithe ar infheistíochtaí in idirnaisc leictreachais, stórálacha leictreachais, tionscadail eangaigh chliste, agus i mbonneagar an gháis. Chun tacú le cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú, le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh agus le slándáil an tsoláthair, ba cheart aird chuí agus tosaíocht a thabhairt do theicneolaíochtaí agus do thionscadail lena gcuirtear leis an aistriú go geilleagar ísealastaíochtaí. Díreoidh an Coimisiún ar líon na dtionscadal trasteorann a mhéadú maidir leis an eangach chliste agus stóráil nuálach, chomh maith le hiompar CO2 a mbeidh tacaíocht ar fáil dóibh faoi SCE.

    (30)

    Tá tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite le foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun úsáide go costéifeachtach san Aontas a chumasú mar aon le sprioc cheangailteach an Aontais 32 % ar a laghad d’fhuinneamh inathnuaite a bhaint amach in 2030, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001 agus tá siad le rannchuidiú le teicneolaíochtaí nuálacha um fhoinsí inathnuaite fuinnimh a ghlacadh go straitéiseach. Ar na samplaí léiritheacha de theicneolaíochtaí incháilithe, áirítear foinsí inathnuaite fuinnimh a ghiniúint ó fhuinneamh gaoithe ón bhfarraige agus ón talamh, grianfhuinneamh, bithmhais inbhuanaithe, fuinneamh aigéin, fuinneamh geoiteirmeach nó meascán díobh sin; a nasc leis an eangach agus eilimintí breise amhail saoráidí stórála nó saoráidí malartaithe. Níl gníomhaíocht incháilithe teoranta d’earnáil an leictreachais agus d’fhéadfadh sí iompróirí eile fuinnimh a chumhdach chomh maith le cúpláil earnála ionchasach le, mar shampla, téamh agus fuarú, gás a fhaightear ó leictreachas, stóráil agus iompar. Tá an liostú sin neamh-uileghabhálach chun solúbthacht a choimeád i dtaca le dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta agus le forbairtí. Ní gá go ndéanfaí nasc fisiceach leis na tionscadail sin idir na Ballstáit chomhoibritheacha. Is féidir na tionscadail sin a lonnú ar chríoch aon Bhallstáit amháin atá rannpháirteach, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag critéir ghinearálta Chuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (31)

    Chun tacú le comhar trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite agus i nglacadh na dtionscadal sa mhargadh, ba cheart don Choimisiún forbairt na dtionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a éascú. In earnáil an fhuinnimh, in éagmais ghlacadh leordhóthanach na dtionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite sa mhargadh, ba cheart an buiséad nár úsáideadh agus a bhí beartaithe do thionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a úsáid chun cuspóirí na ngréasán fuinnimh tras-Eorpach a chomhlíonadh le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscadail leasa choitinn mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, sula mbreithneofar úsáid fhéideartha do shásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh inathnuaite arna bhunú in Airteagal (AE) 2018/1999/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

    (32)

    Is gá tacaíocht a thabhairt do thionscadail eangaí cliste, ar tionscadail iad ina ndéantar giniúint leictreachais, dáileadh leictreachais nó ídiú leictreachais a chomhtháthú trí úsáid a bhaint as bainistiú córais fíor ama agus tionchar á imirt ar shreafaí fuinnimh trasteorann. Le tacaíocht ó SCE do thionscadail den sórt sin, ba cheart ról lárnach na n-eangach cliste san aistriú fuinnimh a léiriú freisin agus ba cheart tacaíocht ó SCE a bheith ina cabhair chun bearnaí cistiúcháin a réiteach, ar bearnaí iad atá ag cur bac ar infheistíochtaí i gcur chun úsáide ar mhórscála na teicneolaíochta eangaí cliste i láthair na huaire.

    (33)

    I gcomhthéacs thacaíocht an Aontais, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar idirnaisc fuinnimh trasteorann, lena n-áirítear iad siúd is gá chun an sprioc idirnaisc leictreachais 10 % do 2020 agus an sprioc 15 % do 2030 arna mbunú le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaint amach. Tá cur chun úsáide idirnascairí leictreachais ríthábhachtach chun margaí a chomhtháthú agus deireadh a chur le leithlisiú fuinnimh, trína thuilleadh fuinnimh inathnuaite a ligean isteach sa chóras agus lena mbainfear leas dá réir as a bpunann éagsúil i dtaca le héileamh agus soláthar fuinnimh in-athnuaite, agus as gréasáin ghaoithe ón bhfarraige agus as eangacha cliste, lena ndéantar gach tír a lánpháirtiú i margadh fuinnimh a bheidh leachtach agus iomaíoch.

    (34)

    Braithfidh cur i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh ar an mbonneagar nascachta digití bunaidh. Tá digitiú na tionsclaíochta san Aontas agus nuachóiriú earnálacha ar nós earnálacha an iompair, an fhuinnimh, an chúraim sláinte agus an riaracháin phoiblí ag brath ar rochtain uilíoch ar ghréasáin iontaofa, inacmhainne, ardacmhainne agus fíor-ardacmhainne. Tá an nascacht dhigiteach ar cheann de na tosca cinntitheacha maidir le bearnaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha a dhúnadh, trí thacú le nuachóiriú geilleagar áitiúil agus bonn daingean a chur faoi éagsúlú gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Ba cheart raon feidhme SCE i réimse an bhonneagair nascachta digití a oiriúnú chun tábhacht mhéadaitheach an réimse sin don gheilleagar agus don tsochaí i gcoitinne a léiriú. Is gá, dá bhrí sin, na tionscadail leasa choitinn maidir leis an mbonneagar nascachta digití a theastóidh chun cuspóirí an Aontais maidir leis an Margadh Aonair Digiteach a ghnóthú a leagan amach, agus is gá Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm (15).

    (35)

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal “Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – I dtreo Sochaí Ghigighiotáin Eorpach” (“an Straitéis maidir le Sochaí Ghigighiotáin”), leagann an Coimisiún amach na cuspóirí straitéiseacha le haghaidh 2025, d’fhonn an infheistíocht sa bhonneagar nascachta digití a bharrfheabhsú. Is é is aidhm do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16),inter alia, timpeallacht rialála a chruthú lena ndreasaítear infheistíochtaí príobháideacha i ngréasáin nascachta digití. Tá sé soiléir, mar sin féin, nach mbeidh cur chun úsáide gréasáin inmharthana ó thaobh na tráchtála de ina lán limistéar ar fud an Aontais, de bharr tosca éagsúla amhail iargúltacht agus saintréithe críochacha nó geografacha agus dlús íseal daonra, agus tosca éagsúla socheacnamaíocha, agus dá bhrí sin tá gá le haird níos mó a thabhairt ar na limistéir sin go práinneach. Ba cheart SCE a oiriúnú, dá bhrí sin, le go gcuirfidh sé le gnóthú na gcuspóirí straitéiseacha sin a leagtar amach sa Straitéis maidir le Sochaí Ghigighiotáin agus é mar aidhm leo rannchuidiú leis an gcothromaíocht idir forbairtí tuaithe agus uirbeacha, agus an tacaíocht a thugtar i gcláir eile maidir le gréasáin fíor-ardacmhainne a chur chun úsáide, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus clár InvestEU, a chomhlánú.

    (36)

    Cé gur gréasáin tras-Eorpacha, go bunúsach, iad na gréasáin nascachta digití uile atá nasctha leis an Idirlíon, de bharr, go príomha, fheidhmiú na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí a ndéanann na gréasáin sin a chumasú, ba cheart tosaíocht trí SCE a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhfuil súil go mbeidh an tionchar is mó acu ar an Margadh Aonair Digiteach, inter alia trí iad a ailíniú le cuspóirí na Straitéise maidir le Sochaí Ghigighiotáin, agus ar chlaochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí, ag féachaint do chlistí margaidh agus do chur chun feidhme na mbacainní a tugadh faoi deara.

    (37)

    Is eintitis agus ionaid ar féidir tionchar a bheith acu ar fhorbairtí tábhachtacha socheacnamaíocha sna limistéir ina bhfuil siad lonnaithe, lena n-áirítear limistéir thuaithe agus limistéir inar tearc an daonra iad scoileanna, ollscoileanna, leabharlanna, údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, príomhsholáthraithe seirbhísí poiblí, ospidéil agus ionaid leighis, moil iompair agus fiontair dhlúthdhigiteacha. Ní mór do ghníomhaithe socheacnamaíocha den sórt sin a bheith ceannródaíoch i réimse na nascachta gigighiotáin chun rochtain ar na seirbhísí agus na feidhmchláir is fearr is féidir a thabhairt do líonta tí, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla san Aontas. Ba cheart do SCE tacú leis an rochtain ar ghréasáin fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear córais 5G agus córais nascachta úrscothacha atá in ann nascacht ghighighiotáin a sholáthar do na gníomhaithe socheacnamaíocha sin d’fhonn na héifeachtaí dearfacha a bheidh acu ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí i gcoitinne a uasmhéadú laistigh dá limistéir, lena n-áirítear trí éileamh níos leithne ar nascacht agus ar sheirbhísí a spreagadh.

    (38)

    Na críocha éanasctha ar fud an Aontais, is scrogaill tráchta agus acmhainneacht neamhshaothraithe ag an Margadh Aonair Digiteach iad. I bhformhór na limistéar tuaithe agus iargúlta, is féidir leis an nascacht Idirlín ar ardcháilíocht a bheith an-tábhachtach le nach dtarlóidh bearna dhigiteach, leithlisiú agus bánú na tuaithe trí chostais seachadta earraí agus seirbhísí a laghdú agus trí chúiteamh páirteach a thabhairt i leith iargúltachta. Tá gá le nascacht idirlín ar ardcháilíocht le haghaidh deiseanna nua eacnamaíocha amhail an fheirmeoireacht bheacht nó forbairt bithgheilleagair i gceantair thuaithe. Le SCE, ba cheart rannchuidiú le nascacht fhíor-ardacmhainne fhosaithe nó gan sreang a chur ar fáil do gach líon tí san Aontas, bídís faoin tuath nó i limistéir uirbeacha, agus díriú ar na cásanna úsáide sin a bhfuil méid áirithe clistí margaidh le brath iontu agus ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí dheontais ísealdéine a úsáid. Ba cheart na sineirgí idir na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE a uasmhéadú, agus aird chuí á tabhairt ar an dlús atá le gníomhaithe socheacnamaíocha i limistéar ar leith agus ar an leibhéal cistiúcháin a bhfuil gá leis chun cumhdach a ghiniúint. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag SCE cumhdach cuimsitheach a bhaint amach do líonta tí agus do chríocha, ós rud é nach bhfuil sé eacnamaíoch ag céim níos déanaí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i limistéar atá cumhdaithe cheana.

    (39)

    Lena chois sin, de bharr ar an rath ar thionscnamh WiFi4EU, ba cheart do SCE tacú le nascacht áitiúil idirlín gan sreang ar ardcháilíocht, slán agus saor in aisce a chur ar fáil i lárionaid an tsaoil phoiblí áitiúil, lena n-áirítear eintitis a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, amhail údaráis phoiblí agus soláthraithe seirbhísí poiblí, agus ionaid amuigh faoin aer a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne orthu, chun fís dhigiteach an Aontais a chur chun cinn i bpobail áitiúla.

    (40)

    Is túsphointe tábhachtach é bonneagar digiteach don nuálaíocht. Chun go mbeadh sé in ann a tionchar a uasmhéadú, le SCE, ba cheart díriú ar an mbonneagar digiteach a chistiú. Dá bhrí sin, ba cheart seirbhísí agus feidhmchláir dhigiteacha aonair, amhail iad sin lena mbaineann teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte éagsúla nó lena gcuirtear an intleacht shaorga i bhfeidhm, a bheith lasmuigh de raon feidhme SCE agus, ina ionad sin, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu trí ionstraimí eile amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), de réir mar is iomchuí. Tá sé tábhachtach freisin sineirgí idir na cláir éagsúla a uasmhéadú.

    (41)

    Maidir le hinmharthanacht na chéad ghlúine eile de sheirbhísí digiteacha, amhail seirbhísí “Idirlíon na Rudaí Nithiúla”, agus feidhmchláirdhigiteacha, a bhfuil súil go gcruthóidh siad sochair mhóra in earnálacha éagsúla agus sa tsochaí ina hiomláine, beidh gá le cumhdach córas 5G trasteorann gan bhriseadh, go háirithe le go bhféadfaidh úsáideoirí agus réada bheith nasctha fiú agus iad ag bogadh ó áit go háit. Níl na cásanna roinnte costais maidir le cur chun úsáide 5G idir na hearnálacha sin soiléir go fóill, áfach, agus meastar go mbeidh rioscaí an-ard i gceist le cur chun úsáide tráchtála i roinnt réimsí tábhachtacha. Táthar ag súil go mbeidh conairí bóthair agus naisc iarnróid ríthábhachtach sa chéad chéim d’iarratais nua i réimse na soghluaisteachta nasctha agus is tionscadail trasteorann ríthábhachtacha a bheidh iontu, dá bhrí sin, maidir le cistiú a fháil faoi SCE.

    (42)

    Is gá gréasáin cumarsáide leictreonaí cnámh droma a chur chun úsáide, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí a nascann críocha Eorpacha le tríú tíortha ar ilchríocha eile, nó a nascann oileáin Eorpacha, na réigiún is forimeallaí nó tíortha agus críocha thar lear, lena n-áirítear trí uiscí críochacha an Aontais agus limistéir eacnamaíocha eisiacha na mBallstát, agus chun an iomarcaíocht a theastaíonn a chur ar fáil don bhonneagar ríthábhachtach sin, chun cur le hacmhainneacht agus le hathléimneacht gréasáin digiteacha an Aontais, agus chun cur freisin le comhtháthú críochach. Is minic nach mbíonn tionscadail den sórt sin inmharthana ó thaobh na tráchtála de gan tacaíocht phoiblí. Ina theannta sin, ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil chun acmhainní ríomhaireachta ardfheidhmíochta Eorpacha a chomhlánú le naisc leoracmhainne teirighiotáin.

    (43)

    Sna gníomhaíochtaí sin a chuireann le tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití, ba cheart úsáid a bhaint as an teicneolaíocht is fearr agus is oiriúnaí atá ar fáil don tionscadal sonrach, lena dtugtar an chothromaíocht is fearr idir teicneolaíochtaí úrscothacha ó thaobh acmhainneacht sreafa sonraí, slándáil tarchuir, athléimneacht gréasáin agus éifeachtúlacht costais de. Ba cheart cur chun úsáide den sórt sin a chur in ord tosaíochta trí bhíthin cláir oibre, agus na critéir a leagtar amach sa Rialachán seo á gcur san áireamh. Féadfar bonneagar éighníomhach a áireamh i gcur chun úsáide gréasán fíor-ardacmhainne d’fhonn na sochair shocheacnamaíocha agus na sochair chomhshaoil a uasmhéadú. Ar deireadh, agus tosaíocht á tabhairt do ghníomhaíochtaí, ba cheart go gcuirfí san áireamh na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le nascacht, mar shampla i gcás ina bhféadfadh tionscadal a chuirtear chun úsáide feabhas a chur ar an gcás gnó maidir le húsáidí eile amach anseo, rud a chuirfeadh leis an gcumhdach a dhéantar ar chríocha agus ar phobail i limistéir nár cumhdaíodh go dtí seo.

    (44)

    Rinne an tAontas a theicneolaíocht satailíte suite, loingseoireachta agus uainiúcháin (PNT) féin (cláir Galileo agus EGNOS) agus a chlár féin um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus) a fhorbairt. Cuireann cláir Galileo agus EGNOS agus clár Copernicus ardseirbhísí ar fáil lena dtugtar sochair thábhachtacha eacnamaíocha d’úsáideoirí poiblí agus príobháideacha. Dá bhrí sin, aon bhonneagar iompair, fuinnimh nó digiteach a fhaigheann cistiú ó SCE, a úsáideann PNT nó seirbhísí um fhaire na Cruinne, ba cheart iad a bheith comhoiriúnach go teicniúil do na cláir sin.

    (45)

    Na torthaí dearfacha a bhí ar an gcéad ghlao measctha ar thograí a seoladh faoin gclár reatha in 2017, dhearbhaigh siad an ábharthacht agus an breisluach a bhaineann le deontais an Aontais a úsáid lena meascadh le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó ó bhainc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó ó institiúidí airgeadais forbartha agus poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí. Leis an meascadh, ba cheart rannchuidiú le hinfheistíocht phríobháideach a mhealladh agus le giaráil rannchuidiú foriomlán na hearnála poiblí a sholáthar, i gcomhréir le spriocanna chlár InvestEU. Ba cheart do SCE leanúint, dá bhrí sin, de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú trí chomhcheangal de dheontais de chuid an Aontais agus foinsí eile maoinithe.

    (46)

    San earnáil iompair, níor cheart na méideanna a úsáidtear d’oibríochtaí measctha dul thar 10 % den mhéid ó Cheannteideal 1(2) de CAI 2021-2027.Ba cheart é a bheith indéanta oibríochtaí measctha a úsáid, mar shampla, le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, uilechuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán.

    (47)

    Ina theannta sin, déanfar cuspóirí beartais SCE a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíocht bhuiséadach faoi ghné nó faoi ghnéithe beartais Chlár InvestEU freisin. Ba cheart gníomhaíochtaí SCE a úsáid chun dlús a chur le hinfheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú, go háirithe i gcás nach bhfuil gníomhaíochtaí inmharthana ó thaobh tráchtála de agus ba cheart breisluach Aontais soiléir a bheith acu.

    (48)

    D’fhonn cabhrú le forbairt chomhtháite an timthrialla nuálaíochta, is gá comhlántacht a áirithiú idir na réitigh nuálacha a forbraíodh i gcomhthéacs chláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht agus na réiteach nuálach a cuireadh in úsáid le tacaíocht ó SCE. Chun na críche sin, is é is aidhm do shineirgí leis an gclár Fís Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), a áirithiú go ndéanfar riachtanais taighde agus nuálaíochta in earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha laistigh den Aontas a shainaithint agus a bhunú le linn phróiseas pleanála straitéisí an chláir Fís Eorpach. Ina theannta sin, áiritheofar leis na sineirgí leis an gclár Fís Eorpach go dtacaíonn SCE le leathadh amach agus cur chun úsáide ar mhórscála na dteicneolaíochtaí nuálacha agus na réiteach nuálach i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus sa bhonneagar digiteach, go háirithe iad sin a thagann as an gclár Fís Eorpach. Ina theannta sin, áiritheofar leis na sineirgí leis an gclár Fís Eorpach go n-éascófar malartú faisnéise agus sonraí idir an clár Fís Eorpach agus SCE, mar shampla, trí bhéim a leagan ar theicneolaíochtaí ón gclár Fís Eorpach a bhfuil leibhéal ard ullmhachta don mhargadh ag baint leo agus a d’fhéadfaí a úsáid tuilleadh trí SCE.

    (49)

    Ba cheart ré SCE a ailíniú le ré CAI. Leis an Rialachán seo, ba cheart imchlúdach airgeadais a leagan síos don tréimhse iomlán 2021-2027 arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí pointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (19) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

    (50)

    Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat lena sainaithnítear tosaíochtaí náisiúnta athchóiriúcháin agus lena ndéantar faireachán ar a gcur chun feidhme. Déanann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla féin a fhorbairt sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na Cláir Náisiúnta bhliantúla um Athchóiriú chun achoimriú agus comhordú a dhéanamh ar thionscadail infheistíochta tosaíochta atá le tacaíocht a fháil ó chistiú náisiúnta nó cistiú ón Aontas, nó ón dá chineál cistithe sin. Ba cheart leas a bhaint astu freisin chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais a bheidh le fáil, go háirithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe, ón Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí, ó Chlár InvestEU agus ó SCE, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht airgeadais a úsáid ar shlí atá comhsheasmhach le pleananna aeráide agus fuinnimh na mBallstát agus an Aontais.

    (51)

    Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (52)

    Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na costais a bhaineann le rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Agus roghanna den sórt sin á ndéanamh, ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid, mar aon le maoiniú nach mbaineann le costais, dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

    (53)

    Ba cheart eintitis dhlíthiúla atá bunaithe san Aontas a bheith in ann a bheith rannpháirteach, a mhéid is féidir, i gcláir choibhéiseacha de chuid tríú tíortha atá rannpháirteach in SCE;

    (54)

    Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (20) (“Comhaontú LEE”), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirtear de cheangal ar thriú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

    (55)

    Leagtar síos sa Rialachán Airgeadais na rialacha maidir le deontais a dheonú. Chun saintréitheacht na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi SCE a chur san áireamh agus cur chun feidhme comhsheasmhach a áirithiú idir na hearnálacha atá cumhdaithe ag SCE, is gá léirithe breise a thabhairt maidir leis na critéir incháilitheachta agus dhámhachtana. Níor cheart roghnú oibríochtaí agus a maoiniú a bheith faoi réir coinníollacha ach na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus sa Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh. Gan dochar don Rialachán Airgeadais, leis na cláir oibre, ba cheart é a bheith indéanta foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta simplithe.

    (56)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana sna cláir oibre. In earnáil an iompair, ba cheart measúnú a dhéanamh ar cháilíocht agus ar ábharthacht tionscadail freisin agus ba cheart an tionchar a mheastar a bheidh ag an tionscadal ar nascacht Eorpach, ar a chomhlíonadh i dtaca le ceanglais inrochtaineachta agus ar a straitéis maidir le riachtanais chothabhála a chur san áireamh freisin.

    (57)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (22), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (23) agus (AE) 2017/1939 (24), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, cumhachtaítear d’OLAF imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais,, dá bhfhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (58)

    De bhun Chinneadh (AE) 2013/755/AE ón gComhairle (26), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí SCE agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

    (59)

    Ba cheart don Aontas comhleanúnachas agus sineirgí a lorg le cláir an Aontais maidir le beartais sheachtracha, lena n-áirítear cúnamh réamhaontachais de réir na ngealltanas a tugadh i gcomhthéacs na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2018 dar teideal “Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe ón Aontas leis na Balcáin Thiar”.

    (60)

    I gcás ina mbeidh tríú tíortha nó eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a chuireann le tionscadail leasa choitinn nó le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, níor cheart tacaíocht airgeadais a chur ar fáil ach amháin mura féidir déanamh dá uireasa chun cuspóirí na dtionscadal sin a ghnóthú. Maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, ba cheart, le comhar idir Ballstát amháin nó roinnt Ballstát agus tríú tír (lena n-áirítear laistigh den Comhphobal Fuinnimh), na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 i dtaca leis an ngá atá le nasc fisiceach leis an Aontas a urramú.

    (61)

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal An soláthar poiblí a chur ag obair san Eoraip agus don Eoraip”, cuirtear in iúl gurb é an tAontas an margadh soláthair phoiblí is oscailte ar domhan, ach nach mbíonn cómhalartacht ann i gcónaí i dtíortha eile maidir le rochtain a thabhairt dá margaí do chuideachtaí de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do thairbhithe SCE lánúsáid a bhaint as na deiseanna straitéiseacha maidir le soláthar poiblí a chuirtear ar fáil le Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

    (62)

    De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (28), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar SCE i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, amhail maidir le rianú aeráide, agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, agus rórialáil, á seachaint san am céanna. Ba cheart a áireamh ar na meastóireachtaí sin, táscairí intomhaiste mar bhonn don mheastóireacht arna déanamh ar éifeachtaí SCE ar an talamh. Ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí a dhéanamh chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chistiúcháin agus a thionchar ar spriocanna foriomlána SCE a mheasúnú agus ba cheart dó na meastóireachtaí sin a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus chun aon choigeartuithe is gá a dhéanamh.

    (63)

    Ba cheart bearta faireacháin agus tuairiscithe atá trédhearcach, cuntasach agus leormhaith, lena n-áirítear táscairí intomhaiste, a chur chun feidhme chun an dul chun cinn atá déanta ag SCE maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo a mheasúnú agus a thuairisciú. Ba cheart a áirithiú leis na bearta sin freisin go n-aithneofar an méid atá bainte amach ag SCE. Maidir leis na sonraí le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme SCE agus ar a thorthaí, ba cheart a áirithiú leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta sin go bhfuil siad oiriúnach chun grinnanailís a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar agus ar na deacrachtaí a bhíonn ann agus go ndéantar na sonraí agus na torthaí sin a bhailiú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Is gá ceanglais chomhréireacha tuairiscithe a fhorchur ar fhaighteoirí cistí ón Aontas chun sonraí ábhartha a bhailiú do SCE.

    (64)

    Ba cheart SCE a chur chun feidhme trí chláir oibre. Faoin 15 Deireadh Fómhair 2021, ba cheart don Choimisiún na chéad chláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh agus ba cheart a áireamh iontu sin tráthchlár na nglaonna ar thograí do na chéad trí bliana de SCE, a n-ábhar agus buiséid tháscacha mar aon le creat ionchais lena gcumhdófar an chlárthréimhse ina hiomláine.

    (65)

    Chun dálaí aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha sonracha a leagan síos i dtaobh comhchistiú idir na codanna maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite; ina sonrófar, i gcás inar gá, na ceanglais bhonneagair is infheidhme maidir le catagóirí áirithe de ghníomhaíochtaí bonneagair dé-úsáide agus an nós imeachta meastóireachta maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí bonneagair dé-úsáide; cláir oibre a ghlacadh; agus tacaíocht airgeadais ón Aontas a dheonú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

    (66)

    Chun na táscairí a úsáidtear san fhaireachán ar SCE, céatadáin tháscacha na n-acmhainní buiséadacha a leithdháiltear ar gach cuspóir sonrach in earnáil an iompair, agus an sainmhíniú ar chonairí an chroíghréasáin iompair, a oiriúnú, i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Chuid I, Chuid II agus Chuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (67)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tógáil, forbairt, nuachóiriú agus tabhairt chun críche na ngréasán tras-Eorpach in earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (68)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 a aisghairm. Ba cheart, mar sin féin, éifeachtaí Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) a choimeád maidir leis an liosta de na conairí lastais.

    (69)

    Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sna réimsí ábhartha beartais agus chun gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús CAI 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo bunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (“SCE”) do thréimhse iomlán Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027).

    Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí SCE, a bhuiséad do thréimhse 2021-2027, na cineálacha cistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn “gníomhaíocht” aon ghníomhaíocht a bhfuil sé aitheanta gur gníomhaíocht í atá neamhspleách ó thaobh airgeadais agus ar bhonn teicniúil de, a bhfuil sceideal ama socraithe leagtha amach di agus atá riachtanach chun tionscadal a chur chun feidhme;

    (b)

    ciallaíonn “breoslaí malartacha” breoslaí malartacha do gach modh iompair mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir 2014/94/AE;

    (c)

    ciallaíonn “tairbhí” eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach lena bhfuil comhaontú deontais sínithe;

    (d)

    ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2, pointe (6) den Rialachán Airgeadais lena gcomhcheanglaítear cineálacha neamh-iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais agus/nó ráthaíochtaí buiséadacha ó bhuiséad an Aontais le cineálacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí freisin;

    (e)

    ciallaíonn “gréasán cuimsitheach” an bonneagar iompair a shainaithnítear i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (f)

    ciallaíonn “croíghréasán” an bonneagar iompair a shainaithnítear i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (g)

    ciallaíonn “conairí an chroíghréasáin” ionstraimí chun cur chun feidhme comhordaithe an chroíghréasáin dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus a liostaítear i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a éascú;

    (h)

    ciallaíonn “nasc trasteorann”, in earnáil an iompair, tionscadal leasa choitinn lena n-áirithítear leanúnachas TEN-T idir Ballstáit nó idir Ballstát agus tríú tír;

    (i)

    ciallaíonn “nasc in easnamh” go bhfuil cuid in easnamh i ngach modh iompair de ghréasán TEN-T nó cuid iompair lena soláthraítear an nasc do chroíghréasáin nó gréasáin chuimsitheacha le conairí TEN-T lena gcuirtear as do leanúnachas TEN-T nó ina bhfuil scrogall amháin nó níos mó ann lena ndéantar difear do leanúnachas TEN-T;

    (j)

    ciallaíonn “bonneagar dé-úsáide” bonneagar iompair gréasáin lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais shibhialta agus chosanta araon;

    (k)

    ciallaíonn “tionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh athnuaite” tionscadal a roghnaítear nó is incháilithe le roghnú faoi chomhaontú comhair nó faoi aon chineál eile socraithe idir dhá Bhallstát nó níos mó nó socruithe idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagail 8, 9, 11 agus 13 de Threoir (AE) 2018/2001 maidir le fuinneamh inathnuaite a phleanáil nó a chur chun úsáide, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (l)

    ciallaíonn “tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh” tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999;

    (m)

    ciallaíonn “bonneagar nascachta digití” gréasáin fíor-ardacmhainne, córais 5G, nascacht áitiúil idirlín gan sreang ar an-ardcháilíocht agus gréasáin cnámh droma, chomh maith le hardáin dhigiteacha oibríochtúla a bhfuil baint dhíreach acu le bonneagar iompair agus fuinnimh;

    (n)

    ciallaíonn “córais 5G” foireann d’eilimintí bonneagair dhigitigh atá bunaithe ar chaighdeáin dhomhanda le haghaidh na teicneolaíochta cumarsáide móibílí agus gan sreang a úsáidtear i seirbhísí nascachta agus breisluacha a bhfuil saintréithe ardfheidhmíochta iontu amhail rátaí agus acmhainneacht sonraí an-ard, aga folaigh íseal cumarsáide, iontaofacht ultra-ard nó tacaíocht do líon ard gléasanna nasctha;

    (o)

    ciallaíonn “conair 5G” conair iompair, bóthar, iarnród nó uiscebhealach intíre, a bhfuil cumhdach iomlán bonneagair nascachta digití, agus go háirithe córais 5G, uirthi nó air, rud a fhágann gur féidir seirbhísí digiteacha sineirge a sholáthar gan bhriseadh, amhail seirbhísí soghluaisteachta nasctha agus uathoibrithe, seirbhísí soghluaisteachta cliste den chineál céanna le haghaidh iarnróid nó nascacht dhigiteach ar uiscebhealaí intíre;

    (p)

    ciallaíonn “ardáin dhigiteacha oibríochtúla a bhfuil baint dhíreach acu le bonneagar iompair agus fuinnimh” acmhainní teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide fisiceacha agus fíorúla a oibríonn tríd an mbonneagar cumarsáide agus a thugann tacaíocht maidir le sreabhadh, stóráil, próiseáil agus anailísiú sonraí bonneagair iompair nó fuinnimh, nó dóibh sin araon;

    (q)

    ciallaíonn “tionscadal leasa choitinn” tionscadal a shainaithnítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 nó i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 nó in Airteagal 8 den Rialachán seo;

    (r)

    ciallaíonn “staidéir” gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadal a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, staidéir mhapála, staidéir féidearthachta, staidéir mheastóireachta, staidéir thástála agus bhailíochtaithe, lena n-áirítear staidéir i bhfoirm bogearraí, agus aon bheart tacaíochta teicniúla eile, lena n-áirítear réamhbheart chun tionscadal a shainmhíniú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail taiscéalaíocht na suíomhanna lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;

    (s)

    ciallaíonn “gníomhaithe socheacnamaíocha” eintitis ar féidir leo, de bharr an mhisin atá acu, an nádúir atá iontu nó an tsuímh ina bhfuil siad, sochair shocheacnamaíocha mhóra a ghiniúint go díreach nó go hindíreach do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla atá lonnaithe ar an gcríoch atá timpeall orthu, nó i réimse a dtionchair;

    (t)

    ciallaíonn “tríú tír” tír nach bhfuil ina comhalta den Aontas Eorpach;

    (u)

    ciallaíonn “gréasáin fíor-ardacmhainne” gréasáin fíor-ardacmhainne mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2018/1972;

    (v)

    ciallaíonn “oibreacha” ceannach, soláthar agus cur chun úsáide comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena n-áirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha agus tógála agus suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus tionscadal a sheoladh.

    Airteagal 3

    Cuspóirí

    1.   Is iad is cuspóirí ginearálta SCE na gréasáin thras-Eorpacha i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha a thógáil, a fhorbairt, a nuachóiriú agus a thabhairt chun críche agus comhar trasteorann a éascú i réimse an fhuinnimh inathnuaite, agus na gealltanais fhadtéarmacha maidir le dícharbónú agus na spriocanna chun iomaíochas Eorpach a mhéadú á gcur san áireamh; fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach; comhtháthú críochach, sóisialta agus eacnamaíoch; agus rochtain ar an margadh inmheánach agus comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh, agus béim ar na sineirgí idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha a éascú.

    2.   Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha SCE:

    (a)

    in earnáil an iompair:

    (i)

    rannchuidiú le tionscadail leasa choitinn a fhorbairt maidir le gréasáin agus bonneagar éifeachtúla idirnasctha agus ilmhódacha le haghaidh soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, cuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013; agus

    (ii)

    codanna de TEN-T a oiriúnú le haghaidh dé-úsáid an bhonneagair iompair d’fhonn an tsoghluaisteacht shibhialta agus mhíleata araon a fheabhsú;

    (b)

    in earnáil an fhuinnimh:

    (i)

    rannchuidiú le tionscadail leasa choitinn a fhorbairt i dtaca le margadh inmheánach fuinnimh a bheidh éifeachtúil agus iomaíoch a chomhtháthú tuilleadh, le hidir-inoibritheacht gréasán thar theorainneacha agus earnálacha, le dícharbónú an gheilleagair a éascú, le héifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus slándáil an tsoláthair a áirithiú; agus

    (ii)

    comhar trasteorann a éascú i réimse an fhuinnimh, lena n-áirítear fuinneamh inathnuaite;

    (c)

    in earnáil na seirbhísí digiteacha: rannchuidiú le forbairt tionscadal leasa choitinn i dtaca le gréasáin fíor-ardacmhainne, atá slán agus sábháilte, lena n-áirítear córais 5G, a chur chun úsáide agus rochtain orthu, agus le hathléimneacht bhreise agus acmhainneacht bhreise a chur leis na gréasáin digiteacha cnámh droma ar chríocha an Aontais trína nascadh le críocha comharsanacha, agus digitiú na ngréasán iompair agus fuinnimh.

    Airteagal 4

    Buiséad

    1.   Is é EUR 33 710 000 000 (32) i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme SCE don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

    I gcomhréir le cuspóir an Aontais gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais earnála an Aontais agus i gcistí an Aontais, le SCE ranníocfar trína ghníomhaíochtaí, 60 % dá imchlúdach airgeadais foriomlán ar son cuspóirí aeráide.

    2.   Is mar a leanas a dhéanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a dháileadh:

    (a)

    EUR 25 807 000 000 do na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a), mar a leanas:

    (i)

    EUR 12 830 000 000 as CAI 2021-2027, Ceannteideal 1(2), Infheistíocht Straitéiseach Eorpach;

    (ii)

    EUR 11 286 000 000 aistrithe ón gCiste Comhtháthaithe le caitheamh i gcomhréir leis an Rialachán seo i mBallstáit a bheidh incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe, agus sna Ballstáit sin amháin;

    (iii)

    EUR 1 691 000 000 as CAI 2021-27, Ceannteideal 5(3), don chuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a)(ii);

    (b)

    EUR 5 838 000 000 do na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (b), as a dtiocfaidh 15 %, faoi réir a nglactha sa mhargadh, do thionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, agus má shroichtear an tairseach 15 %, méadóidh an Coimisiún an tairseach sin suas go 20 %, faoi réir a nglactha sa mhargadh.

    (c)

    EUR 2 065 000 000 do na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (c).

    3.   Ní imeoidh an Coimisiún ón méid dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(ii).

    4.   Féadfar suas le 1 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid chun cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú chun SCE agus na treoirlínte a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta agus faisnéise chorparáideacha. Féadfar an méid sin a úsáid freisin chun bearta tionlacain a mhaoiniú chun tacú le tionscadail a ullmhú, agus go háirithe chun seirbhísí comhairleacha a chur ar fáil do thionscnóirí tionscadail a bhaineann le deiseanna cistiúcháin chun cúnamh a thabhairt dóibh i dtaca lena maoiniú tionscadail a struchtúrú.

    5.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla, ar feadh dhá bhliain nó níos faide.

    6.   I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a) den Rialachán Airgeadais, agus á cur san áireamh an mhoill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus chun leanúnachas a áirithiú, ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe ón 1 Eanáir 2021 costais a tabhaíodh i dtaca le gníomhaíochtaí arna dtacú faoin Rialachán seo, fiú má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

    7.   An méid a aistreofar as an gCiste Comhtháthaithe, déanfar é a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi réir mhír 8 den Airteagal seo agus gan dochar d’Airteagal 15(2), pointe (c).

    8.   Maidir leis na méideanna a aistreofar as an gCiste Comhtháthaithe, cuirfear 30 % de na méideanna sin ar fáil láithreach ar bhonn iomaíoch, do na Ballstáit uile atá incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe chun tionscadail bonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus tosaíocht á tabhairt do thacú leis an líon is airde is féidir de naisc thrasteorann agus naisc atá in easnamh. Go dtí an 31 Nollaig 2023, déanfar na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú maidir le 70 % de na hacmhainní arna n-aistriú agus tionscadail a bheidh incháilithe chun maoiniú a fháil á roghnú. Ón 1 Eanáir 2024, acmhainní nach bhfuil geallta le haghaidh tionscadal bonneagair iompair agus a aistríodh chuig SCE, cuirfear ar fáil iad do gach Ballstát a bheidh incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, chun tionscadail bonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    9.   I dtaca le Ballstáit ar lú a nOllioncam Náisiúnta (OIN) per capita, arna thomhas de réir caighdeáin cumhachta ceannaigh (CCC) do thréimhse 2015-2017, ná 60 % de mheán-OIN per capita AE-27, ráthófar 70 % de 70 %den mhéid a d’aistrigh na Ballstáit sin chuig SCE go dtí an 31 Nollaig 2024.

    10.   Go dtí an 31 Nollaig 2025, ní rachaidh an méid iomlán a leithdháiltear ón méid dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(ii), ar ghníomhaíochtaí i mBallstát atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe thar 170 % de sciar an Bhallstáit sin sa mhéid iomlán a aistríodh ón gCiste Comhtháthaithe.

    11.   Chun tacú le Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe agus a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu i ndearadh tionscadal ag a bhfuil aibíocht leordhóthanach nó cáilíocht leordhóthanach, nó ag a bhfuil an dá rud, agus a bhfuil breisluach Aontais leordhóthanach acu, tabharfar aird ar leith ar chúnamh teicniúil arb é is aidhm leis cumas institiúideach agus éifeachtúlacht na riarachán phoiblí agus seirbhísí poiblí a threisiú maidir le forbairt agus le cur chun feidhme na dtionscadal a liostaítear sa Rialachán seo.

    Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a chur ar chumas na mBallstát a bheidh incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe, faoi dheireadh thréimhse 2021-2027, chun an t-ionsú is airde is féidir a bhaint amach den mhéid a aistrítear chuig SCE, lena n-áirítear trí ghlaonna breise a eagrú.

    Ina theannta sin tabharfar aird agus tacaíocht ar leith ar na Ballstáit sin ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir CCC do thréimhse 2015-2017, ná 60 % de mheán-OIN per capita AE-27.

    12.   Ní dhéanfar an méid a aistreofar as an gCiste Comhtháthaithe a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar chláir oibre shonracha thrasearnála ná ar oibríochtaí measctha.

    13.   Maidir le hacmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht roinnte, féadfar, arna iarraidh sin ag an mBallstáit lena mbaineann, iad a aistriú chuig SCE, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/1060. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

    14.   Gan dochar do mhír 13 den Airteagal seo, san earnáil dhigiteach, féadfar, arna iarraidh sin do na Ballstáit sin, na hacmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig SCE, lena n-áirítear chun cistiú na ngníomhaíochtaí incháilithe faoi Airteagal 9(4) den Rialachán seo a chomhlánú suas go 100 % den chostas iomlán incháilithe, i gcás inar féidir, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais agus gan dochar do na Rialacha maidir leis an Státchabhair. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann agus chuige sin amháin.

    Airteagal 5

    Tríú tíortha atá comhlachaithe le SCE

    1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas páirt a ghlacadh in SCE:

    (a)

    comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad de LEE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gComhaontú LEE;

    (b)

    tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime comhfhreagracha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (c)

    tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime comhfhreagracha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

    (d)

    tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

    (i)

    go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

    (ii)

    go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht in SCEnna, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin.

    (iii)

    nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht cinnteoireachta don tríú tír i dtaca le clár an Aontais;

    (iv)

    go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint;

    (v)

    go gcuirtear cómhalartacht ar fáil maidir le rochtain ar chláir chomchosúla sa tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais.

    Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ponte (d)(ii) den Airteagal seo.

    2.   Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, ní fhéadfaidh na tríú tíortha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo, agus na heintitis arna mbunú sna tíortha sin, cúnamh airgeadais a fháil faoin Rialachán seo ach amháin má tá sé fíor-riachtanach chun cuspóirí tionscadail áirithe leasa choitinn nó cuspóirí tionscadail i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo a ghnóthú agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo.

    Airteagal 6

    Cur chun feidhme agus cineálacha cistithe ón Aontas

    1.   Is faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán Airgeadais a dhéanfar SCE a chur chun feidhme.

    2.   Féadfar cistiú a sholáthar le SCE i bhfoirm deontas agus soláthair mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais. Féadfaidh sé rannchuidiú freisin le hoibríochtaí measctha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus Teideal X den Rialachán Airgeadais. Ní rachaidh ranníocaíocht an Aontais le hoibríochtaí measctha in earnáil an iompair thar 10 % den mhéid buiséadach a shonraítear in Airteagal 4(2), pointe (a)(i), den Rialachán seo. In earnáil an iompair, féadfar oibríochtaí measctha a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht atá cliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, cuimsitheach, inrochtana, slán agus sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b) den Rialachán seo.

    3.   Féadfaidh an Coimisiún cumhacht maidir le cuid de SCE a chur chun feidhme a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69 den Rialachán Airgeadais, d’fhonn ceanglais bainistithe bharrmhaithe agus ceanglais éifeachtúlachta SCE in earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na seirbhísí digiteacha a chomhlíonadh.

    4.   Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le haisghabháil na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 33(7) de Rialachán (AE) 2021/695.

    Airteagal 7

    Tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite

    1.   Le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, rannchuideofar leis an dícharbónú, leis an margadh inmheánach fuinnimh a chomhlánú agus le slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú. Beidh na tionscadail sin san áireamh i gcomhaontú comhair nó i socrú d’aon chineál eile idir dhá Bhallstát nó níos mó nó i socruithe idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó mar a leagtar síos in Airteagail 8, 9, 11 nó 13 de Threoir (AE) 2018/2001. Leis na tionscadail sin, comhlíonfar na cuspóirí, na critéir ghinearálta agus an nós imeachta a leagtar síos i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.   Faoin 31 Nollaig 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leagfar síos, gan dochar do na critéir dhámhachtana a leagtar amach in Airteagal 14, critéir roghnúcháin shonracha agus na mionsonraí maidir leis an bpróiseas chun na tionscadail a roghnú. Foilseoidh an Coimisiún na modheolaíochtaí chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na dtionscadal leis na critéir ghinearálta agus chun an anailís costais is tairbhe a shonraítear i gCuid IV den Iarscríbhinn a dhéanamh.

    3.   Staidéir arb é is aidhm dóibh tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus a shainaithint, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil faoin Rialachán seo.

    4.   Na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil ón Aontas maidir le hoibreacha má chomhlíonann siad na critéir bhreise seo a leanas:

    (a)

    tá an measúnú costais is tairbhe is sonrach don tionscadal de bhun Chuid IV, phointe 3, den Iarscríbhinn éigeantach maidir leis na tionscadail go léir a fhaigheann tacaíocht agus cuirtear san áireamh ann aon ioncam a thagann as scéimeanna tacaíochta, a rinneadh ar bhealach trédhearcach, cuimsitheach agus iomlán agus a chuireann fianaise ar fáil go bhfuil laghdú mór ar na costais nó go bhfuil sochair mhóra ann, nó go bhfuil siad sin araon ann, i ndáil le comhtháthú an chórais, inbhuanaitheacht comhshaoil, slándáil an tsoláthair nó nuálaíocht; agus

    (b)

    léiríonn an t-iarratasóir nach mbeadh ann don tionscadal in éagmais an deontais nó nach féidir leis an tionscadal a bheith inmharthana ó thaobh na tráchtála de in éagmais an deontais.

    5.   Maidir le méid an deontais le haghaidh oibreacha:

    (a)

    beidh sé i gcomhréir leis an laghdú ar chostas nó na sochair dá dtagraítear i gCuid IV, pointe 2(b) den Iarscríbhinn, nó leo sin araon;

    (b)

    ní rachaidh sé thar an méid is gá chun a áirithiú gurbh ann don tionscadal nó go dtiocfaidh sé chun bheith inmharthana ó thaobh na tráchtála de; agus

    (c)

    comhlíonfaidh sé Airteagal 15(3).

    6.   Forálfar le SCE go bhféadfadh cistiú comhordaithe a bheith ann leis an gcreat cumasúcháin le haghaidh chur chun úsáide fuinnimh inathnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3(5) de Threoir (AE) 2018/2001 agus comhchistiú le sásra maoinithe an Aontais don fhuinneamh inathnuaite dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1999.

    7.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú go rialta ar ghlacadh cistí do chistí trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite i gcoinne an mhéid tagartha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (b), den Rialachán seo. Tar éis an mheasúnaithe sin, in éagmais ghlacadh leordhóthanach chistí do na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite sa mhargadh, úsáidfear an buiséad nár úsáideadh agus a bhí beartaithe do na tionscadail sin chun cuspóirí na ngréasán fuinnimh tras-Eorpach a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b)(i), den Rialachán seo le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9(3), pointe (a), den Rialachán seo agus, ó 2024, féadfar an buiséad sin a úsáid freisin chun sásra maoinithe an Aontais don fhuinnimh inathnuaite a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999 a chomhchistiú.

    8.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, lena leagfar síos rialacha sonracha maidir le comhchistiú idir na codanna ar thionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite faoi SCE agus faoi shásra maoinithe an Aontais don fhuinnimh inathnuaite a bhunaítear faoi Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2) den Rialachán seo.

    Airteagal 8

    Tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití

    1.   Is iad na tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití na tionscadail sin lena rannchuidítear go mór le cuspóirí straitéiseacha an Aontais maidir le nascacht agus/nó a sholáthraíonn bonneagar an ghréasáin lena dtacaítear le claochlú digiteach an gheilleagair agus na sochaí, mar aon le Margadh Aonair Digiteach an Aontais.

    2.   Le tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití comhlíonfar na critéir seo a leanas:

    (a)

    leis an tionscadal, rannchuidítear leis an gcuspóir sonrach dá bhforáiltear in Airteagal 3(2), pointe (c); agus

    (b)

    leis an tionscadal, cuirtear chun úsáide an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil agus is fearr a d’oirfeadh don tionscadal sonrach sin, lena moltar an chothromaíocht is fearr ó thaobh acmhainneacht sreafa sonraí, slándáil tarchuir, athléimneacht ghréasáin, cibearshlándála agus éifeachtúlacht ó thaobh costas de.

    3.   Na staidéir arb é is aidhm dóibh tionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair nascachta digití a fhorbairt agus a shainaithint, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil faoin Rialachán seo.

    4.   Gan dochar do na critéir dhámhachtana a leagtar amach in Airteagal 14, déanfar na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an tosaíocht maidir leis an gcistiú á chinneadh:

    (a)

    tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí a chuireann le cur chun úsáide gréasán fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear córais 5G agus nascacht úrscothach eile, agus le rochtain orthu, i gcomhréir le cuspóirí straitéiseacha nascachta an Aontais i limistéir ina bhfuil gníomhaithe socheacnamaíocha lonnaithe agus cuirfear san áireamh riachtanais nascachta na limistéar agus an limistéar breise cumhdaigh arna ghiniúint, lena n-áirítear do líonta tí, i gcomhréir le Cuid V, pointe 1, den Iarscríbhinn; beidh cur chun úsáide neamhspleách do ghníomhaithe socheacnamaíocha incháilithe le haghaidh tacaíochta, ar choinníoll go bhfuil an cur chun úsáide sin comhréireach go heacnamaíoch agus indéanta go fisiciúil;

    (b)

    tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí a chuireann le soláthar na nascachta áitiúla idirlín gan sreang ar fhíor-ardcháilíocht i bpobail áitiúla, i gcomhréir le Cuid V, pointe 2, den Iarscríbhinn;

    (c)

    gníomhaíochtaí a chabhraíonn le conairí 5G a chur chun úsáide feadh conairí móra iompair, lena n-áirítear ar TEN-T, amhail na cinn sin dá dtagraítear i gCuid V, pointe 3, den Iarscríbhinn, tabharfar tosaíocht dóibh chun a áirithiú go mbeidh cumhdach ann feadh na mórchonairí iompair sin le go bhféadfar seirbhísí digiteacha sineirge a sholáthar gan bhriseadh, agus a n-ábharthacht shocheacnamaíoch maidir le haon réitigh theicneolaíocha atá suiteáilte faoi láthair á cur san áireamh i gcur chuige réamhbhreathnaitheach;

    (d)

    tionscadail leasa choitinn atá dírithe ar ghréasáin cnámh droma trasteorann a chur chun úsáide nó a uasghrádú go suntasach, ar gréasáin iad a dhéanfaidh nasc idir an tAontas agus tríú tíortha, agus a chuirfidh leis na naisc atá ann idir gréasáin cumarsáide leictreonaí ar chríoch an Aontais, lena n-áirítear cáblaí faoi uisce, tabharfar tosaíocht do na tionscadail sin i gcomhréir leis an méid a chuireann siad go suntasach le feidhmíocht mhéadaithe, athléimneacht agus fíor-ardacmhainneacht na ngréasán cumarsáide leictreonaí sin;

    (e)

    tionscadail leasa choitinn lena ndéantar ardáin dhigiteacha oibríochtúla a chur chun úsáide, tabharfar tosaíocht iontu do ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar theicneolaíochtaí úrscothacha, agus cuirfear san áireamh iontu gnéithe amhail an idir-inoibritheacht, an chibearshlándáil, príobháideachas sonraí agus athúsáid sonraí.

    CAIBIDIL III

    INCHÁILITHEACHT

    Airteagal 9

    Gníomhaíochtaí incháilithe

    1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, agus gealltanais dícharbónaithe san fhadtéarma á gcur san áireamh san am céanna, incháilithe chun cistiú a fháil. Ar na gníomhaíochtaí sin beidh, go háirithe, staidéir, oibreacha agus bearta tionlacain eile is gá chun SCE agus na treoirlínte a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a bhainistiú agus a chur chun feidhme. Ní bheidh staidéir incháilithe ach amháin má bhaineann siad le tionscadail atá incháilithe faoi SCE.

    2.   In earnáil an iompair, ní bheidh ach na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe chun tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo:

    (a)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le gréasáin éifeachtúla, idirnasctha, idir-inoibritheacha agus ilmhódacha chun bonneagar iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre, agus muirí a fhorbairt:

    (i)

    gníomhaíochtaí lena gcuirtear an croíghréasán chun feidhme i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le naisc trasteorann agus le naisc atá in easnamh, amhail iad sin a liostaítear i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, mar aon le nóid uirbeacha, ardáin ilmhódacha lóistíochta, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre, críochfoirt iarnróid agus naisc le haerfoirt atá sa chroíghréasán a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013; gníomhaíochtaí lena gcuirtear an croíghréasán chun feidhme, féadfar a áireamh orthu eilimintí gaolmhara atá suite ar an ngréasán cuimsitheach nuair is gá sin chun an infheistíocht a bharrfheabhsú agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a shonraítear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo;

    (ii)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le naisc thrasteorann an ghréasáin chuimsithigh i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, amhail na gníomhaíochtaí sin a liostaítear i gCuid III, pointe 2, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCuid III, pointe 3, den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, gníomhaíochtaí a bhaineann le staidéir chun an gréasán cuimsitheach a fhorbairt agus gníomhaíochtaí a bhaineann le calafoirt mhuirí agus intíre an ghréasáin chuimsithigh i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (iii)

    gníomhaíochtaí chun athbhunú a dhéanamh ar naisc iarnróid thrasteorann réigiúnacha atá in easnamh ar TEN-T atá tréigthe nó atá díchóimeáilte;

    (iv)

    gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme codanna den ghréasán cuimsitheach atá suite sna réigiúin is forimeallaí i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann leis na nóid uirbeacha, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre, críochfoirt iarnróid, naisc chuig aerfoirt agus ardáin ilmhódacha lóistíochta ábhartha den ghréasán cuimsitheach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (v)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le tionscadail leasa choitinn chun an gréasán tras-Eorpach a nascadh le gréasáin bhonneagair i dtíortha comharsanacha mar a shainmhínítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (b)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, ilmhódach, chuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán:

    (i)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le mótarbhealaí na farraige amhail dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 a bhfuil béim acu ar loingseoireacht trasteorann gearrthurais mara;

    (ii)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le córais feidhmchlár teileamaitice i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, i gcás na modhanna iompair faoi seach, lena n-áirítear go háirithe:

    i gcás iarnród: ERTMS,

    i gcás uiscebhealaí intíre: Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS),

    i gcás iompair de bhóthar: Córais Chliste Iompair (ITS),

    i gcás muiriompair: Córais Faireacháin agus Faisnéise um Thrácht Árthach (VTMIS) agus ríomhsheirbhísí muirí, lena n-áirítear seirbhísí na fuinneoige aonair amhail an fhuinneog aonair mhuirí, córais chomhphobail chalafoirt agus córais ábhartha faisnéise custaim,

    i gcás aeriompair: córais um bainistiú aerthráchta, go háirithe na córais a thagann as an gCóras Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR);

    (iii)

    bearta a thacaíonn le seirbhísí iompair lastais inbhuanaithe i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus bearta chun torann lastais iarnróid a laghdú;

    (iv)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht, lena n-áirítear uathoibriú, seirbhísí iompair feabhsaithe, comhtháthú módach agus bonneagar breoslaí malartacha do gach modh iompair, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (v)

    gníomhaíochtaí chun na bacainní ar idir-inoibritheacht a bhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (o), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, go háirithe bacainní maidir le héifeachtaí conaire/gréasáin a bhaint amach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí lena gcuirtear méadú ar thrácht lastais iarnróid agus ar shaoráidí um athrú uathoibríoch ar leithead chun cinn;

    (vi)

    gníomhaíochtaí chun na bacainní ar idir-inoibritheacht a bhaint, go háirithe i nóid uirbeacha de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (vii)

    gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme bonneagar sábháilte slán agus soghluaisteacht shábháilte shlán, lena n-áirítear sábháilteacht ar bhóithre, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (viii)

    gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht an bhonneagair iompair, go háirithe a athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha agus i gcoinne bagairtí cibearshlándála;

    (ix)

    gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear an rochtain ar an mbonneagar iompair atá ag gach úsáideoir, go háirithe úsáideoirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ó thaobh gach modh iompair de, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

    (x)

    gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear inrochtaineacht agus infhaighteacht an bhonneagair iompair chun críocha slándála agus cosanta sibhialta agus gníomhaíochtaí lena n-oiriúnaítear an bonneagar iompair chun críocha seiceálacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais a bhfuil sé d’aidhm leo sreafaí tráchta a éascú;

    (c)

    faoin gcuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a)(ii), agus i gcomhréir le hAirteagal 12, gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí sonracha laistigh de ghníomhaíocht, lena dtacaítear le codanna, bídís nua nó ann cheana, de TEN-T atá feiliúnach d’iompar míleata, chun TEN-T a oiriúnú do cheanglais bonneagair dé-úsáide.

    3.   In earnáil an fhuinnimh, ní bheidh ach na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe chun tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo:

    (a)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscadail leasa choitinn mar a leagtar amach in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013;

    (b)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear réitigh nuálacha agus stóráil fuinnimh inathnuaite, agus coincheapadh na dtionscadal, mar a shainmhínítear i gCuid IV den Iarscríbhinn, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7.

    4.   In earnáil na seirbhísí digiteacha, is na gníomhaíochtaí seo a leanas agus iadsan amháin a bheidh incháilithe chun tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo:

    (a)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cur chun úsáide gréasán fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear córais 5G agus le rochtain orthu ar féidir leo nascacht ghigighiotáin a sholáthar i limistéir ina bhfuil gníomhaithe socheacnamaíocha lonnaithe;

    (b)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le nascacht áitiúil gan sreang ar fhíor-ardcháilíocht a sholáthar i bpobail áitiúla saor in aisce gan coinníollacha idirdhealaitheacha;

    (c)

    gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme cumhdach gan bhriseadh chórais 5G sna príomhchonairí iompair go léir, lena n-áirítear TEN-T, amhail na gníomhaíochtaí a liostaítear i gCuid V, pointe 3, den Iarscríbhinn;

    (d)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le cur chun úsáide gréasán cnámh droma nua nó le huasghrádú suntasach ar ghréasáin cnámh droma atá ann cheana, lena n-áirítear cáblaí faoi uisce, laistigh de Bhallstáit, idir Ballstáit agus idir an tAontas agus tríú tíortha amhail na gníomhaíochtaí a liostaítear i gCuid V, pointe 3, den Iarscríbhinn, chomh maith le gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le cur chun úsáide na ngréasán cnámh droma dá dtagraítear sa phointe sin;

    (e)

    gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme ceanglais maidir leis an mbonneagar nascachta digití a bhaineann le tionscadail trasteorann i réimsí an iompair nó an fhuinnimh nó gníomhaíochtaí lena dtacaítear le hardáin dhigiteacha oibríochtúla a bhfuil baint dhíreach acu le bonneagar iompair nó bonneagar fuinnimh, nó na gníomhaíochtaí sin araon.

    Airteagal 10

    Sineirgí idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha

    1.   Gníomhaíochtaí lena gcabhraítear go comhuaineach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí atá ag dhá earnáil ar a laghad, dá bhforáiltear in Airteagal 3(2), pointí (a), (b) agus (c), a ghnóthú, beidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe chun tacaíocht airgeadais a fháil ón Aontas faoin Rialachán seo agus chun leas a bhaint as ráta comhchistithe níos airde, i gcomhréir le hAirteagal 15. Cuirfear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme trí chláir oibre ina dtabharfar aghaidh ar dhá earnáil ar a laghad, agus critéir dhámhachtana shonracha á gcur san áireamh, agus maoineofar iad le ranníocaíochtaí buiséadacha ó na hearnálacha lena mbaineann.

    2.   Laistigh d’earnáil an iompair, d’earnáil an fhuinnimh agus d’earnáil na seirbhísí digiteacha faoi seach, féadfaidh eilimintí sineirgeacha a bhaineann le haon cheann de na hearnálacha eile, nach mbaineann leis na gníomhaíochtaí incháilithe dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), (3) nó (4) faoi seach, a bheith sna gníomhaíochtaí incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 9 ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais uile seo a leanas:

    (a)

    nach bhfuil an costas a bhaineann leis na heilimintí sineirgeacha níos mó ná 20 % de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta;

    (b)

    go mbaineann na heilimintí sineirgeacha le hearnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh nó earnáil na seirbhísí digiteacha; agus

    (c)

    go bhfágann na heilimintí sineirgeacha gur féidir sochair shocheacnamaíocha, aeráide nó chomhshaoil na gníomhaíochta a fheabhsú go suntasach.

    Airteagal 11

    Eintitis incháilithe

    1.   Maidir le heintitis, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach san Airteagal seo chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais.

    2.   Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

    (a)

    eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

    (i)

    i mBallstát, lena n-áirítear comhfhiontair;

    (ii)

    i dtríú tír atá comhlachaithe le SCE; nó

    (iii)

    i dtír nó críoch thar lear;

    (b)

    eintitis dhlítheanacha a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais agus, i gcás ina bhfuil foráil déanta maidir leo sna cláir oibre, eagraíochtaí idirnáisiúnta.

    3.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe.

    4.   Féadfar a fhoráil sna cláir oibre freisin nach mbeidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tíortha atá comhlachaithe le SCE i gcomhréir le hAirteagal 5, agus eintitis dhlíthiúla atá bunaithe san Aontas, ach atá á rialú go díreach nó go hindíreach ag tríú tíortha nó ag náisiúnaigh tríú tíortha nó ag eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha, incháilithe le haghaidh páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí ar fad, nó i gcuid de na gníomhaíochtaí, faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c) ar chúiseanna slándála a bhfuil údar cuí leo. I gcásanna den sórt sin, teorannófar tograí agus glaonna ar thairiscintí d’eintitis atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú go díreach nó go hindíreach ag na Ballstáit nó ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát.

    5.   Beidh eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le SCE incháilithe go heisceachtúil chun tacaíocht airgeadais ón Aontas a fháil faoi SCE i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach chun cuspóirí tionscadail leasa choitinn ar leith in earnáil an iompair, in earnáil an fhuinnimh agus in earnáil na seirbhísí digiteacha a ghnóthú nó chun cuspóirí tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a ghnóthú.

    6.   Le bheith incháilithe, beidh an méid seo a leanas fíor i leith na dtograí:

    (a)

    beidh siad tíolactha ag Ballstát amháin nó níos mó; nó

    (b)

    beidh siad tíolactha le comhaontú na mBallstát lena mbaineann, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag gnóthais chomhpháirteacha, nó ag gnóthais phoiblí nó phríobháideacha nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha nó áitiúla.

    Mura n-aontaíonn an Ballstát lena mbaineann le tíolacadh faoi phointe (b) den chéad fhomhír, cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl dá réir.

    Féadfaidh Ballstát a chinneadh go bhféadfar, i dtaca le clár oibre sonrach nó catagóirí sonracha iarratas, tograí a thíolacadh gan comhaontú uaidh. Sa chás sin, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, luafar é sin sa chlár oibre ábhartha agus sa ghlao ar thograí den sórt sin.

    Airteagal 12

    Rialacha sonracha incháilitheachta i dtaca le gníomhaíochtaí a bhaineann le TEN-T a chur in oiriúint don dé-úsáid shibhialta-chosanta

    1.   Gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le hoiriúnú croíghréasáin nó gréasáin chuimsithí TEN-T mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, agus é mar chuspóir acu dé-úsáid shibhialta-chosanta an bhonneagair a chumasú, beidh siad faoi réir na rialacha incháilitheachta breise seo a leanas:

    (a)

    is é Ballstát amháin nó níos mó a chuirfidh na tograí isteach nó, le comhaontú ó na Ballstáit lena mbaineann, eintitis dhlítheanacha atá bunaithe sna Ballstáit;

    (b)

    bainfidh na gníomhaíochtaí leis na codanna nó na nóid arna sainaithint ag na Ballstáit sna hIarscríbhinní a ghabhann leis na Ceanglais Mhíleata maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata laistigh agus lasmuigh de AE mar a ghlac an Chomhairle iad an 20 Samhain 2018, nó aon liosta eile a ghlacfar ina dhiaidh sin, agus le haon liosta táscach eile de thionscadail tosaíochta a shainaithníonn na Ballstáit i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Soghluaisteacht Mhíleata;

    (c)

    féadfaidh baint a bheith ag na gníomhaíochtaí le huasghrádú na gcomhpháirteanna bonneagair atá ann cheana nó le tógáil comhpháirteanna bonneagair nua agus na ceanglais bhonneagair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo á gcur san áireamh;

    (d)

    gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme leibhéal ceanglais bonneagair a théann thar an leibhéal is gá le haghaidh dé-úsáide, beidh siad incháilithe; mar sin féin, ní bheidh a gcostas incháilithe ach suas le leibhéal na gcostas a chomhfhreagraíonn do leibhéal na gceanglas is gá le haghaidh dé-úsáide; gníomhaíochtaí a bhaineann le bonneagar nach n-úsáidtear ach chun críocha míleata, ní bheidh siad incháilithe;

    (e)

    ní dhéanfar gníomhaíochtaí faoin Airteagal seo a chistiú ach ón méid i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (a)(iii), den Rialachán seo.

    2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina sonrófar, i gcás inar gá, na ceanglais bhonneagair is infheidhme maidir le catagóirí áirithe de ghníomhaíochtaí bonneagair dé-úsáide agus an nós imeachta meastóireachta maidir leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí bonneagair dé-úsáide. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

    3.   Tar éis an mheastóireacht eatramhach ar SCE dá bhforáiltear in Airteagal 23(2) a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don údarás buiséadach an t-airgead nach bhfuil geallta go fóill ó Airteagal 4(2), pointe (a)(iii), a aistriú go hAirteagal 4(2), pointe (a)(i).

    CAIBIDIL III

    DEONTAIS

    Airteagal 13

    Deontais

    Dámhfar agus bainisteofar deontais faoi SCE i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

    Airteagal 14

    Critéir dhámhachtana

    1.   Déanfar na critéir dhámhachtana thrédhearcacha a leagan síos sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 20 agus sna glaonna ar thograí agus cuirfear san áireamh, a mhéid is infheidhme, na heilimintí seo a leanas amháin:

    (a)

    tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, lena n-áirítear tionchar aeráide (sochair agus costais shaolré an tionscadail), fóntacht, cuimsitheacht agus trédhearcacht na hanailíse;

    (b)

    gnéithe nuálaíochta agus digitithe, sábháilteachta, idir-inoibritheachta agus inrochtaineachta, lena n-áirítear le haghaidh daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

    (c)

    an ghné thrasteorann, comhtháthú gréasán agus inrochtaineacht chríochach, lena n-áirítear i gcás na n-oileán Eorpach agus na réigiún Eorpach is forimeallaí;

    (d)

    breisluach Aontais;

    (e)

    sineirgí idir earnáil an iompair, earnáil an fhuinnimh agus earnáil na seirbhísí digiteacha;

    (f)

    aibíocht na gníomhaíochta i bhfianaise fhorbairt an tionscadail;

    (g)

    a fhónta a bheidh an straitéis chothabhála a bheartaítear don tionscadal ar é a bheith críochnaithe;

    (h)

    a fhónta a bheidh an plean cur chun feidhme a bheartaítear;

    (i)

    an éifeacht chatalaíoch a bheidh ag an tacaíocht airgeadais ón Aontas ar infheistíochtaí;

    (j)

    an gá le constaicí airgeadais a shárú, amhail constaicí arb ann dóibh de bharr easpa inmharthanachta ó thaobh na tráchtála de, réamhchostais arda nó easpa maoinithe don mhargadh;

    (k)

    dé-úsáid fhéideartha i gcomhthéacs na soghluaisteachta míleata;

    (l)

    comhsheasmhacht le pleananna fuinnimh agus aeráide náisiúnta agus an Aontais, lena n-áirítear an bunphrionsabal “tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh”.

    2.   Agus na tograí á measúnú de réir na gcritéar dámhachtana, cuirfear san áireamh, i gcás inarb ábhartha, an athléimneacht atá iontu i gcoinne thionchair dhíobhálacha an athraithe aeráide trí mheasúnú a dhéanamh ar laigí agus ar rioscaí aeráide, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí ábhartha oiriúnuithe.

    3.   Leis an measúnú ar na tograí de réir na gcritéar dámhachtana, áiritheofar, i gcás inarb ábhartha, mar a shonraítear sna cláir oibre, go bhfuil na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus ina gcuimsítear teicneolaíocht PNT comhoiriúnach ar bhonn teicniúil le cláir GALILEO/EGNOS agus le clár Copernicus.

    4.   Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le hearnáil an iompair, áiritheofar leis an measúnú ar na tograí de réir na gcritéar dámhachtana, i gcás inarb infheidhme, go mbeidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe i gcomhréir le pleananna oibre na gconairí agus leis na gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus go gcuirfear san áireamh iontu tuairim chomhairleach an Chomhordaitheora Eorpaigh atá freagrach de bhun Airteagal 45(8) de. Leis an measúnú, breithneofar freisin cé acu an bhfuil nó nach bhfuil riosca ann go bhféadfadh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna maoiniú ag SCE cur isteach ar shreafaí lastais agus paisinéirí ar an gcuid den líne a bhaineann leis an tionscadal agus cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh na rioscaí sin a mhaolú.

    5.   Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, cuirfear na coinníollacha a leagtar síos i Airteagal 7(4) san áireamh sna critéir dhámhachtana.

    6.   Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscadail leasa choitinn i réimse na nascachta digití, cuirfear na critéir a leagtar síos i Airteagal 8(4) san áireamh sna critéir a leagtar amach sna cláir oibre agus sna glaonna ar thograí.

    Airteagal 15

    Rátaí cómhaoinithe

    1.   Maidir le staidéir, ní rachaidh méid na tacaíochta airgeadais ón Aontas thar 50 % den chostas incháilithe iomlán. Maidir le staidéir a mhaoinítear leis na méideanna a aistrítear as an gCiste Comhtháthaithe, is iad na rátaí cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an gCiste Comhtháthaithe mar a shonraítear i mír 2, pointe (c) na rátaí cómhaoinithe uasta.

    2.   Maidir le hoibreacha in earnáil an iompair, beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta seo a leanas:

    (a)

    maidir le hoibreacha a bhaineann leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a)(i), ní rachaidh méid na tacaíochta airgeadais ón Aontas thar 30 % den chostas incháilithe iomlán; mar sin féin, féadfar na rátaí cómhaoinithe a ardú go 50 % ar a mhéad i gcás na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

    (i)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le naisc thrasteorann faoi na coinníollacha a shonraítear i bpointe (e) den mhír seo;

    (ii)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le córais feidhmchlár teileamaitice eile;

    (iii)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le huiscebhealaí intíre nó le hidir-inoibritheacht iarnróid;

    (iv)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le teicneolaíochtaí nua agus le nuálaíocht;

    (v)

    gníomhaíochtaí lena dtacaítear le feabhsuithe ar bhonneagar sábháilteachta; agus

    (vi)

    gníomhaíochtaí lena ndéantar an bonneagar iompair a oiriúnú chun críocha seiceálacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais;

    (b)

    maidir le hoibreacha a bhaineann leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (a)(ii), ní rachaidh méid na tacaíochta airgeadais ón Aontas thar 50 % den chostas incháilithe iomlán; mar sin féin, féadfar na rátaí cómhaoinithe a mhéadú go 85 %, ar a mhéad, má aistrítear na hacmhainní riachtanacha chuig SCE de bhun Airteagal 4(13);

    (c)

    maidir leis na méideanna a aistrítear as an gCiste Comhtháthaithe, ní rachaidh na rátaí cómhaoinithe uasta thar 85 % de na costais incháilithe iomlána;

    (d)

    maidir leis na méideanna ón gceannteideal Infheistíocht Straitéiseach Eorpach dar luach EUR 1 559 800 000, dá dtagraítear i gCuid II, an chéad fhomhír, an chéad fhleasc den Iarscríbhinn, chun mórnaisc iarnróid trasteorann a chríochnú atá in easnamh idir Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháthaithe, ní rachaidh na huasrátaí cómhaoinithe thar 85 % de na costais incháilithe iomlána;

    (e)

    a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhaineann le naisc thrasteorann, ní bheidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta méadaithe dá bhforáiltear i bpointí (a), (c) agus (d) den mhír seo ach amháin maidir le gníomhaíochtaí a léiríonn ardleibhéal comhtháthaithe i ndáil le pleanáil agus cur chun feidhme na gníomhaíochta chun críche an chritéir dámhachtana dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (c), mar shampla trí chuideachta tionscadail amháin a bhunú, trí struchtúr rialachais comhpháirteach, trí chreat dlíthiúil déthaobhach nó trí ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013; de bhreis air sin, féadfar an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le tionscadail arna gcur i gcrích ag struchtúir bainistíochta comhtháite, lena n-áirítear comhfhiontair, i gcomhréir le Airteagal 11(2), pointe (a), a mhéadú faoi 5 %.

    3.   Maidir le hoibreacha in earnáil an fhuinnimh, beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta seo a leanas:

    (a)

    maidir le hoibreacha a bhaineann leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (b), ní rachaidh méid na tacaíochta airgeadais ón Aontas thar 50 % den chostas incháilithe iomlán;

    (b)

    féadfar rátaí cómhaoinithe a ardú go 75 %, ar a mhéad, den chostas incháilithe iomlán i gcás gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le tionscadail leasa choitinn a fhorbairt, ar tionscadail iad, bunaithe ar an bhfianaise dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, lena dtugtar leibhéal ard slándála soláthair réigiúnaigh nó leibhéal ard slándála soláthair ar fud an Aontais, agus lena neartaítear dlúthpháirtíocht an Aontais nó a bhfuil réitigh atá thar a bheith nuálach iontu.

    4.   Maidir le hoibreacha san earnáil dhigiteach, beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe uasta seo a leanas: i gcás oibreacha a bhaineann leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3(2), pointe (c), ní rachaidh méid na tacaíochta airgeadais ón Aontas thar 30 % den chostas incháilithe iomlán.

    Féadfar na rátaí cómhaoinithe a mhéadú:

    (a)

    suas le 50 % i gcás gníomhaíochtaí a bhfuil gné shuntasach thrasteorann iontu, amhail cumhdach gan bhriseadh chórais 5G feadh príomhchonairí iompair nó gréasáin cnámh droma a chur chun úsáide idir Ballstáit agus idir an tAontas agus tríú tíortha; agus

    (b)

    suas le 75 % i gcás gníomhaíochtaí lena gcuirtear nascacht ghigighiotáin gníomhaithe socheacnamaíocha chun feidhme.

    Féadfar gníomhaíochtaí lena soláthraítear nascacht áitiúil gan sreang i bpobail áitiúla, i gcás ina gcuirtear chun feidhme iad trí dheontais ar luach íseal, a chistiú le tacaíocht airgeadais ón Aontas lena gcumhdófar suas le 100 % de na costais incháilithe, gan dochar do phrionsabal an chómhaoinithe.

    5.   Is é a bheidh sa ráta comhchistithe uasta is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) an ráta comhchistithe uasta is airde is infheidhme maidir leis na hearnálacha lena mbaineann. De bhreis air sin, féadfar an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí sin a mhéadú faoi 10 %.

    6.   I ngach ceann den earnáil iompair, den earnáil fuinnimh agus den earnáil dhigiteach, a mhéid a bhaineann le hoibreacha a dhéantar sna réigiúin is forimeallaí, beidh feidhm ag ráta comhchistithe sonrach uasta 70 %.

    Airteagal 16

    Costais incháilithe

    Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas maidir le costas:

    (a)

    caiteachas a thabhófar i mBallstáit an t-aon chaiteachas a bheidh incháilithe, ach amháin i gcás ina mbeidh críoch tríú tír amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 5 nó Airteagal 11(4) den Rialachán seo nó uiscí idirnáisiúnta i gceist leis an tionscadal leasa choitinn nó na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite agus i gcás ina bhfuil an ghníomhaíocht fíor-riachtanach chun cuspóirí an tionscadail lena mbaineann a ghnóthú;

    (b)

    costas trealaimh, saoráidí agus bonneagair a gcaitear leis mar chaiteachas caipitil de chuid an tairbhí, beidh sé incháilithe suas lena iomláine;

    (c)

    ní costas incháilithe é caiteachas a bhaineann le talamh a cheannach, seachas cistí a aistrítear ón gCiste Comhtháthaithe in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2021/1060;

    (d)

    ní áireofar cáin bhreisluacha sna costais incháilithe.

    Airteagal 17

    Deontais agus foinsí eile maoinithe a chomhcheangal

    1.   Féadfar deontais a úsáid i gcomhcheangal le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta, ó Bhainc Náisiúnta le haghaidh Spreagtha nó ó institiúidí airgeadais forbartha agus poiblí eile, chomh maith le ó institiúidí airgeadais san earnáil phríobháideach agus ó infheisteoirí san earnáil phríobháideach, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí.

    2.   Féadfar úsáid na ndeontas dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme trí ghlaonna ar leith ar thograí.

    Airteagal 18

    Na deontais a laghdú nó a fhoirceannadh

    1.   De bhreis ar na forais a shonraítear in Airteagal 131(4) den Rialachán Airgeadais, féadfar méid an deontais, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a laghdú ar na forais seo a leanas:

    (a)

    i gcás staidéar, níor tosaíodh an ghníomhaíocht laistigh d’aon bhliain amháin, tar éis an dáta tosaigh a shonraítear sa chomhaontú deontais;

    (b)

    i gcás oibreacha, níor tosaíodh an ghníomhaíocht laistigh de dhá bhliain tar éis an dáta tosaigh a shonraítear sa chomhaontú deontais;

    (c)

    tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn na gníomhaíochta, suitear go raibh moill chomh mór sin ar chur chun feidhme na gníomhaíochta gur dóigh nach ngnóthófar a cuspóirí;

    2.   Féadfar an comhaontú deontais a leasú nó a fhoirceannadh ar bhonn na bhforas a shonraítear i mír 1.

    3.   Sula ndéanfar aon chinneadh maidir le deontas a laghdú nó a fhoirceannadh, déanfar an cás a scrúdú ar bhealach cuimsitheach agus tabharfar an deis do na tairbhithe lena mbaineann a mbarúlacha a thíolacadh laistigh de thréimhse réasúnach.

    4.   Déanfar leithreasuithe atá ar fáil faoi chomhair gealltanas a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír 1 nó 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar chláir oibre eile a mholtar faoin imchlúdach airgeadais comhfhreagrach a leagtar amach in Airteagal 4(2).

    Airteagal 19

    Cistiú carnach agus cistiú malartach

    1.   Gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi SCE, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin as aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir ábhartha de chuid an Aontais maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht. Féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

    2.   Bronnfar an Séala Barr Feabhais ar ghníomhaíochtaí lena gcomhlíontar na coinníollacha carnacha comparáideacha seo:

    (a)

    rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

    (b)

    comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

    (c)

    ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha;

    Beidh na gníomhaíochtaí sin ar bronnadh lipéad an tSéala Barr Feabhais orthu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír in ann tacaíocht a fháil ó CFRE i gcomhréir le hAirteagal 67(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 nó ón gCiste Comhtháthaithe, gan tuilleadh measúnaithe, agus ar choinníoll go bhfuil na bearta sin comhleanúnach le cuspóirí agus rialacha an Chiste lena mbaineann.

    CAIBIDIL IV

    CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

    Airteagal 20

    Cláir oibre

    1.   Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear SCE chun feidhme.

    2.   D’fhonn trédhearcacht agus intuarthacht a sholáthar agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na dtionscadal, glacfaidh an Coimisiún na chéad chláir oibre ilbhliantúla faoin 15 Deireadh Fómhair 2021 Beidh san áireamh sna chéad chláir oibre ilbhliantúla sin tráthchlár na nglaonna ar thograí do na chéad 3 bliana de SCE, a n-ábhar agus a mbuiséad táscach, mar aon le creat ionchais lena gcumhdófar an clárthréimhse ina hiomláine.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún na cláir oibre a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2) den Rialachán seo.

    4.   Agus cláir oibre á nglacadh in earnáil an fhuinnimh, ní mór don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar thionscadail leasa choitinn agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara darb aidhm an margadh inmheánach fuinnimh a chomhtháthú tuilleadh, deireadh a chur le leithlisiú fuinnimh agus scrogaill idirnaisc leictreachais a dhíothú, agus béim ar na tionscadail seo a bheith ag cur le gnóthú na sprice idirnaisc de 10 % faoi 2020 agus 15 % faoi 2030, ar a laghad, agus ar na tionscadail lena gcuirtear le sioncronú na gcóras leictreachais le gréasáin an Aontais.

    5.   I gcomhréir le hAirteagal 200(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an t-oifigeach údarúcháin atá freagrach, i gcás inarb iomchuí, an nós imeachta roghnúcháin a eagrú in dhá chéim mar a leanas:

    (a)

    tíolacfaidh iarratasóirí comhad simplithe ina mbeidh faisnéis réasúnta achomair chun tionscadal a réamhroghnú, bunaithe ar shraith theoranta critéar;

    (b)

    tíolacfaidh na hiarratasóirí arna gcur ar ghearrliosta ag an gcéad chéim comhad iomlán tar éis dhúnadh na chéad chéime.

    Airteagal 21

    Tacaíocht airgeadais á deonú ag an Aontas

    1.   Tar éis gach glao ar thograí atá bunaithe ar na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 20, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena socrófar méid na tacaíochta airgeadais atá le deonú do na tionscadail a roghnaíodh nó do chodanna díobh agus lena sonrófar na coinníollacha agus na modhanna lena gcur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

    2.   Le linn chur chun feidhme na gcomhaontuithe deontais, cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir le hathruithe ar mhéideanna na ndeontas agus na méideanna deiridh a íocadh.

    3.   Tíolacfaidh na tairbhithe tuarascálacha de réir mar a shainítear sna comhaontuithe deontais faoi seach gan formheas na mBallstát roimh ré. Tabharfaidh an Coimisiún rochtain do na Ballstáit ar na tuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí atá lonnaithe ar a gcríocha.

    Airteagal 22

    Faireachán agus tuairisciú

    1.   Leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn SCE maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

    2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn SCE maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, chun Cuid I den Iarscríbhinn a leasú i dtaca leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá, chomh maith le chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

    3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí SCE oiriúnach chun grinnanailís a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta, lena n-áirítear rianú aeráide, agus go ndéanfar iad a bhailiú ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún feabhas ar an suíomh gréasáin tiomnaithe, trí léarscáil a fhoilsiú, i bhfíor-am, ar a mbeidh na tionscadail atá á gcur chun feidhme, in éineacht le faisnéis ábhartha lena n-áirítear measúnuithe tionchair, agus luach, tairbhí, eintiteas cur chun feidhme, agus staid reatha an tionscadail. Cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha ar dhul chun cinn i láthair gach dhá bhliain freisin. San áireamh sna tuarascálacha sin beidh faisnéis ar chur chun feidhme SCE, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 3, ina soiléireofar an bhfuil na hearnálacha éagsúla ar an mbóthar ceart, an bhfuil an gealltanas buiséadach iomlán i gcomhréir leis an méid iomlán a leithdháileadh, an bhfuil méid leordhóthanach bainte amach ag na tionscadail atá ar siúl, agus an féidir agus an cuí iad a chur i gcrích go fóill.

    Airteagal 23

    Meastóireacht

    1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh go bhféadfar leas a bhaint as a dtorthaí sa phróiseas cinnteoireachta.

    2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar SCE a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme SCE, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thús chur chun feidhme SCE.

    3.   I ndeireadh chur chun feidhme SCE, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar SCE.

    4.   Tíolacfaidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí, a mbeidh a bharúlacha ag gabháil leo, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

    Airteagal 24

    An nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh Coiste Comhordúcháin SCE cúnamh don Choimisiún, agus féadfaidh an coiste sin teacht le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla, ag brath ar an topaic faoi seach. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 25

    Gníomhartha tarmligthe

    1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú; bunaithe ar na táscairí a leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn;

    (b)

    rialacha a leagan síos maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a roghnú sa bhreis orthu sin i gCuid IV den Iarscríbhinn, agus liosta de thionscadail trasteorann roghnaithe i réimse an fhuinnimh inathnuaite a bhunú agus a nuashonrú.

    2.   Faoi réir Airteagal 172 CFAE, an dara fomhír, CFAE, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán seo:

    (a)

    chun Cuid III den Iarscríbhinn a leasú maidir leis an sainmhíniú ar chonairí an chroíghréasáin iompair agus codanna réamhshainithe ar an ngréasán cuimsitheach;

    (b)

    chun Cuid V den Iarscríbhinn a leasú maidir le tionscadail leasa choitinn i réimse na nascachta digití a shainaithint.

    Airteagal 26

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(2) agus Airteagal 25 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2), in Airteagal 22(2) agus in Airteagal 25 a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra comhuaineach ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(2), Airteagal 22(2) agus Airteagal 25 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 27

    Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le SCE, agus le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun SCE agus leis na torthaí a fuarthas. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar SCE ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

    3.   Déanfar trédhearcacht agus comhairliúchán poiblí a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus náisiúnta is infheidhme.

    Airteagal 28

    Leas airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach in SCE trí bhíthin cinneadh arna glacadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. Ar na cearta sin, i gcás OLAF, beidh an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

    CAIBIDIL V

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 29

    Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

    1.   Aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014.

    2.   Gan dochar do mhír 1, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

    3.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais SCE na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach freisin chun an t-aistriú idir SCE agus na bearta arna nglacadh faoi réamhtheachtaí SCE, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, a áirithiú.

    4.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(5) den Rialachán seo a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

    Airteagal 30

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. LOGAR


    (1)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 191.

    (2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 173.

    (3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (IO C 158, 30.4.2021, lch. 884) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 276, 9.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (4)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (5)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorann agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (6)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (9)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur chun úsáide (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

    (10)  Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht bonneagair bhóithre a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59).

    (11)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 713/2009, (CE) Uimh. 714/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

    (13)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (14)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE, agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 14).

    (16)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

    (17)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240(IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (18)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

    (19)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

    (20)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (22)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (23)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (24)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (25)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (26)  Cinneadh 2013/755/AE an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

    (27)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

    (28)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (29)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (30)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch, 129).

    (31)  Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).

    (32)  Is é EUR 29 896 000 000 i bpraghsanna seasta 2018 an t-imchlúdach airgeadais do SCE do thréimhse 2021-2027, agus leithdháiltear é mar a leanas: (a) iompar: EUR 22 884 000 000, ina mbeidh (i) EUR 11 384 000 000 ó CAI 2021-2027, Ceannteideal 1(2), lena n-áirítear Infheistíocht Straitéiseach Eorpach; (ii) EUR 10 000 000 000 arna aistriú ón gCiste Comhtháthaithe; (iii) EUR 1 500 000 000 ó CAI 2021-2027, Ceannteideal 5(13), Cosaint; (b) fuinneamh: EUR 5 180 000 000; (c) cúrsaí digiteacha: EUR 1 832 000 000.

    (33)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30)


    IARSCRÍBHINN

    CUID I

    TÁSCAIRÍ

    Déanfar dlúthfhaireachán ar SCE ar bhonn sraith táscairí lena bhfuil sé beartaithe tomhas a dhéanamh ar a mhéid atá cuspóirí ginearálta agus sonracha SCE bainte amach agus d’fhonn na hualaí agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí maidir leis na príomhtháscairí seo a leanas:

    Earnálacha

    Cuspóirí Sonracha

    Príomhtháscairí

    Iompar

    Gréasáin agus bonneagar atá éifeachtúil, idirnasctha agus ilmhódach ar mhaithe le soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, chuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán

    Líon na nasc trasteorann agus na nasc atá in easnamh ar tugadh aghaidh orthu le tacaíocht ó SCE (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le nóid uirbeacha, naisc iarnróid thrasteorann réigiúnacha, ardáin lóistíochta ilmhódacha, calafoirt mhuirí, calafoirt intíre, naisc go haerfoirt agus críochfoirt iarnróid atá ar chroíghréasán TEN-T agus ar ghréasán cuimsitheach TEN-T)

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le digitiú an iompair, go háirithe trí ERTMS, RIS, ITS, VTMIS/ríomhsheirbhísí muirí agus SESAR a chur chun úsáide

    Líon na bpointí soláthair breoslaí malartacha a tógadh nó a ndearnadh uasghrádú orthu le tacaíocht ó SCE

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le sábháilteacht an iompair

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le hinrochtaineacht iompair do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le torann lastais iarnróid a laghdú

    Oiriúnú le haghaidh dhé-úsáid an bhonneagair iompair

    Líon na gcomhpháirteanna bonneagair iompair a cuireadh in oiriúint chun freastal ar cheanglais dé-úsáide

    Fuinneamh

    Rannchuidiú le hidirnascacht agus le comhtháthú margaí

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE lena rannchuidítear le tionscadail lena ndéantar gréasáin na mBallstát a idirnascadh agus a chuireann deireadh le baic inmheánacha

    Slándáil an tsoláthair fuinnimh

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le tionscadail lena n-áirithítear go bhfuil gréasán gáis athléimneach ann

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le heangacha a dhéanamh cliste agus a dhigitiú, agus lena gcuirtear leis an acmhainneacht stórála fuinnimh

    Forbairt inbhuanaithe tríd an dícharbónú a chumasú

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le tionscadail a fhágann go bhfuil fuinneamh inathnuaite ag dul níos mó i bhfód ar na córais fuinnimh

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le comhar trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite

    Seirbhísí digiteacha

    Rannchuidiú le bonneagar nascachta digití a chur chun úsáide ar fud an Aontais

    Naisc nua le líonraí fíor-ardacmhainne i gcomhair gníomhaithe socheacnamaíocha agus naisc idirlín ar fhíor-ardcháilíocht i gcomhair pobail áitiúla

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena gcumasaítear cumhdach 5G feadh mórchonairí iompair

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena gcumasaítear naisc nua le gréasáin fíor-ardacmhainne

    Líon na ngníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE agus lena rannchuidítear le digitiú earnáil an fhuinnimh agus earnáil an iompair

    CUID II:

    CÉATADÁIN THÁSCACHA DON EARNÁIL IOMPAIR

    Déanfar na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a)(i) a leithdháileadh mar a leanas:

    60 % i gcomhair na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 9(2), pointe (a): “Gníomhaíochtaí a bhaineann le gréasáin éifeachtúla, idirnasctha, idir-inoibritheacha agus ilmhódacha” as a mbeidh EUR 1 559 800 000 (1) le leithdháileadh, de réir tosaíochta agus ar bhonn iomaíoch, chun mórnaisc iarnróid trasteorann atá in easnamh a chur i gcrích idir Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháite;

    40 % i gcomhair na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 9(2), pointe (b): “Gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, ilmhódach,, chuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán”.

    Déanfar na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a)(ii), a leithdháileadh mar a leanas:

    85 % i gcomhair na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 9(2), pointe (a): “Gníomhaíochtaí a bhaineann le gréasáin éifeachtúla, idirnasctha, idir-inoibritheacha agus ilmhódacha”;

    15 % i gcomhair na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 9(2), pointe (b): “Gníomhaíochtaí a bhaineann le soghluaisteacht chliste, idir-inoibritheach, inbhuanaithe, ilmhódach, chuimsitheach, inrochtana, shábháilte agus shlán”.

    I gcás na ngníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 9(2), pointe (a), ba cheart 85 % de na hacmhainní buiséadacha a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcroíghréasán agus 15 % ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an ngréasán cuimsitheach.

    CUID III:

    CONAIRÍ AN CHROÍGHRÉASÁIN IOMPAIR AGUS NAISC THRASTEORANN AR AN nGRÉASÁN CUIMSITHEACH

    1.

    Conairí croíghréasáin agus liosta táscach de naisc thrasteorann réamhshainithe agus naisc atá in easnamh

    “Conair an Atlantaigh” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Gijón – León – Valladolid

    A Coruña – Vigo – Orense – León

    Zaragoza – Pamplona/Logroño – Bilbao

    Tenerife/Gran Canaria – Huelva/Sanlúcar de Barrameda – Sevilla – Córdoba

    Algeciras – Bobadilla – Madrid

    Sines/Lisboa – Madrid – Valladolid

    Lisboa — Aveiro — Leixões/Porto — Abhainn Douro

    Sionainn-Faing nó Shannon Foynes/Baile Átha Cliath nó Dublin/Corcaigh or Cork– Le Havre – Rouen – Paris

    Aveiro – Valladolid – Vitoria-Gasteiz – Bergara – Bilbao/Bordeaux – Toulouse/Tours – Paris– Metz – Mannheim/Strasbourg

    Sionainn-Faing nó Shannon Foynes/Baile Átha Cliath nó Dublin/Corcaigh nó Cork – Saint Nazaire – Nantes – Tours – Dijon

    Naisc thrasteorann

    Évora – Mérida

    Iarnród

    Vitoria-Gasteiz – San Sebastián – Bayonne – Bordeaux

    Aveiro – Salamanca

    Abhainn Douro (Via Navegável do Douro)

    Uiscebhealaí intíre

    Naisc in easnamh

    Línte idir-inoibritheacha Leithinis na hIbéire nach bhfuil ar leithead UIC

    Iarnród

    “Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Gdynia – Gdańsk – Katowice/Sławków

    Gdańsk – Vársá – Katowice/Kraków

    Katowice – Ostrava – Brno – Wien

    Szczecin/Świnoujście – Poznań – Wrocław – Ostrava

    Katowice – Bielsko-Biała – Žilina –Bratislava– Wein

    Wein– Graz– Villach – Udine – Trieste

    Udine –Venezia – Padova – Bologna – Ravenna – Ancona

    Graz – Maribor – Ljubljana – Koper/Trieste

    Naisc

    thrasteorann

    Katowice/Opole – Ostrava – Brno

    Katowice – Žilina

    An Bhratasláiv– Wien

    Graz – Maribor

    Venezia – Trieste – Divača – Ljubljana

    Iarnród

    Katowice – Žilina

    Brno – Wien

    Bóthar

    Naisc in easnamh

    Gloggnitz – Mürzzuschlag: Buntollán Semmering

    Graz – Klagenfurt: Líne iarnróid agus tollán Koralm

    Koper – Divača

    Iarnród

    “Conair na Meánmhara” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Algeciras – Bobadilla – Madrid – Zaragoza – Tarragona

    Madrid – Valencia – Sagunto – Teruel – Zaragoza

    Sevilla – Bobadilla – Murcia

    Cartagena – Murcia – Valencia – Tarragona/Palma de Mallorca – Barcelona

    Tarragona – Barcelona – Perpignan – Narbonne - Toulouse/Marseille – Genova/Lyon – La Spezia/Torino – Novara – Milano – Bologna/Verona – Padova – Venezia – Ravenna/Trieste/Koper – Ljubljana – Budapest

    Ljubljana/Rijeka – Ságrab – Budapest – teorainn na hÚcráine

    Naisc thrasteorann

    Barcelona - Perpignan

    Iarnród

    Lyon – Torino: buntollán agus bealaí rochtana

    Nice – Ventimiglia

    Venezia – Trieste – Divača – Ljubljana

    Ljubljana – Zagreb

    Zagreb– Budapest

    Budapest – Miskolc – teorainn na hÚcráine

    Lendava – Letenye

    Bóthar

    Vásárosnamény – teorainn na hÚcráine

    Naisc in easnamh

    Almería – Murcia

    Iarnród

    Línte idir-inoibritheachta Leithinis na hIbéire nach bhfuil ar leithead UIC

    Perpignan – Montpellier

    Koper – Divača

    Rijeka – Zagreb

    Milano – Cremona – Mantova – Porto Levante/Venezia – Ravenna/Trieste

    Uiscebhealaí intíre

    “Conair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Luleå – Heilsincí — Taillinn — Rīga

    Ventspils – Rīga

    Rīga– Kaunas

    Klaipėda – Kaunas – Vilnius

    Kaunas – Warszawa

    Teorainn na Bealarúise –Warszawa– Łódź/Poznań – Frankfurt (Oder) – Berlin – Hamburg – Kiel

    Łódź – Katowice/Wrocław

    Teorainn na hÚcráine – Rzeszów – Katowice – Wrocław – Falkenberg – Magdeburg

    Szczecin/Świnoujście – Berlin – Magdeburg – Braunschweig – Hannover

    Hannover – Bremen – Bremerhaven/Wilhelmshaven

    Hannover – Osnabrück – Hengelo – Almelo – Deventer – Utrecht

    Utrecht – Amsterdam

    Utrecht – Rotterdam – Antwerpen

    Hannover/Osnabrück – Köln – Antwerpen

    Naisc thrasteorann

    Tallinn – Rīga — Kaunas —Warszawa: líne lán-idir-inoibritheach ar leithead UIC de chuid Rail Baltica

    Iarnród

    Świnoujście/Szczecin – Berlin

    Iarnród agus uiscebhealaí intíre

    Conair “Via Baltica” EE-LV-LT-PL

    Bóthar

    Naisc in easnamh

    Kaunas – Vilnias: líne lán-idir-inoibritheach ar leithead UIC de chuid Rail Baltica

    Iarnród

    Vársá/Idzikowice – Poznań/Wrocław, lena n-áirítear naisc leis an Mol Iompair Lárnach atá beartaithe

    Nord-Ostsee-Kanal

    Uiscebhealaí intíre

    Berlin – Magdeburg – Hannover; Canáil Mittelland; canáil iartharacha na Gearmáine

    An Réin, Waal

    Canáil Noordzee, IJssel, Canáil Twente

    “Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Teorainn na Ríochta Aontaithe – Baile Átha Cliath nó Dublin – Sionainn-Faing nó Shannon Foynes/Corcaigh nó Cork

    Sionainn-Faing nó Shannon Foynes/Baile Átha Cliath nó Dublin/Corcaigh nó Cork– Le Havre/Calais/Dunkerque/Zeebrugge/Terneuzen/Gent/Antwerpen/Rotterdam/Amsterdam

    Teorainn na Ríochta Aontaithe – Lille – Brussel nó Bruxelles

    Amsterdam – Rotterdam – Antwerpen – Brussel nóBruxelles – Luxembourg

    Luxembourg – Metz – Dijon – Mâcon – Lyon – Marseille

    Luxembourg – Metz – Strasbourg – Basel

    Antwerpen/Zeebrugge – Gent – Calais/Dunkerque/Lille – Paris– Rouen– Le Havre

    Naisc thrasteorann

    Brussel nó Bruxelles – Luxembourg– Strasbourg

    Iarnród

    Terneuzen – Gent

    Uiscebhealaí intíre

    Gréasán Seine –Scheldt agus abhantracha na Seine, an Escaut agus an Meuse a bhaineann leis

    Conair na Réine-Scheldt

    Naisc in easnamh

    Albertkanaal/Canáil Albert agus Kanaal Bocholt-Herentals

    Uiscebhealaí intíre

    “Conair an Oirthir – na Meánmhara Thoir” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Hamburg – Berlin

    Rostock – Berlin – Dresden

    Bremerhaven/Wilhelmshaven – Magdeburg – Dresden

    Dresden – Ústí nad Labem – Mělník/Praha – Lysá nad Labem/Poříčany – Kolín

    Kolín – Pardubice – Brno – Wein/Bratislava– Budapest – Arad – Timişoara – Craiova – Calafat – Vidin – Sofia

    Sofia – teorainn Phoblacht na Seirbia/teorainn na Macadóine Thuaidh

    Sofia – Plovdiv – Burgas/Teorainn na Tuirce

    Teorainn na Tuirce – Alexandropouli – Kavala – Thessaloniki – Ioannina – Kakavia/Igoumenitsa

    Teorainn na Macadóine Thuaidh – Thessaloniki

    Sofia – Thessaloniki – Athina– Piraeus/Ikonio – Heraklion – Lemesos (Vasiliko) – Lefkosia/Larnaka

    Athina– Patra/Igoumenitsa

    Naisc thrasteorann

    Dresden – Praha/Kolín

    Iarnród

    Wien/Bratislava – Budapest

    Békéscsaba – Arad – Timişoara

    Craiova – Calafat – Vidin – Sofia – Thessaloniki

    Sofia – teorainn Phoblacht na Seirbia/teorainn na Macadóine Thuaidh

    Teorainn na Tuirce– Alexandropouli

    Teorainn na Macadóine Thuaidh – Thessaloniki

    Ioannina – Kakavia (Teorainn na hAlbáine)

    Bóthar

    Drobeta Turnu Severin/Craiova – Vidin – Montana

    Sofia – Teorainn Phoblacht na Seirbia

    Hamburg – Dresden – Praha – Pardubice

    Uiscebhealaí intíre

    Naisc in easnamh

    Igoumenitsa – Ioannina

    Praha – Brno

    Thessaloniki – Kavala – Alexandropouli

    Timişoara – Craiova

    Iarnród

    “Conair na Réine – na nAlp” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Genova – Milano – Lugano – Basel

    Genova – Novara – Brig – Bern – Basel – Karlsruhe – Mannheim – Mainz – Koblenz – Köln

    Köln – Düsseldorf – Duisburg – Nijmegen/Arnhem – Utrecht – Amsterdam

    Nijmegen – Rotterdam – Vlissingen

    Köln– Liège –Brussel nó Bruxelles – Gent

    Liège – Antwerpen – Gent – Zeebrugge

    Naisc

    Trasteorann

    Zevenaar – Emmerich – Oberhausen

    Iarnród

    Karlsruhe – Basel

    Milano/Novara – teorainn na hEilvéise

    Basel – Antwerpen/Rotterdam – Amsterdam

    Uiscebhealaí intíre

    Naisc in easnamh

    Genova – Tortona/Novi Ligure

    Iarnród

     

    Zeebrugge – Gent

    “Conair na Réine – na Danóibe” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Strasbourg – Stuttgart – München – Wels/Linz

    Strasbourg – Mannheim – Frankfurt am Main – Würzburg – Nürnberg – Regensburg – Passau – Wels/Linz

    München/Nürnberg – Praha – Ostrava/Přerov – Žilina – Košice – teorainn na hÚcráine

    Wels/Linz – Wien – Bratislava – Budapest – Vukovar

    Wien/Bratislava – Budapest – Arad – Moravita/Brașov/Craiova – București – Giurgiu/Constanta – Sulina

    Naisc thrasteorann

    München – Praha

    Iarnród

    Nürnberg – Plzeň

    München – Mühldorf – Freilassing – Salzburg

    Strasbourg – Kehl Appenweier

    Hranice – Žilina

    Košice – Teorainn na hÚcráine

     

    Wien – Bratislava/Budapest

    Bratislava – Budapest

    Békéscsaba – Arad –Timișoara - teorainn Phoblacht na Seirbia

    București – Giurgiu – Rousse

    An Danóib (Kehlheim – Constanța/Midia/Sulina) agus abhantracha Váh, an Sava agus an Tisza a bhaineann léi

    Uiscebhealaí intíre

    Zlín – Žilina

    Bóthar

    Timișoara – teorainn Phoblacht na Seirbia

    Naisc in easnamh

    Stuttgart – Ulm

    Iarnród

    Salzburg – Linz

    Craiova – București

    Arad – Sighişoara – Brașov - Predeal

    “Conair Chríoch Lochlann – na Meánmhara” den chroíghréasán

    Ailíniú

    Teorainn na Rúise – Hamina/Kotka – Helsinki– Turku/Naantali – Stockholm– Örebro(Hallsberg)/Linköping – Malmö

    Narvik/Oulu – Luleå – Umeå – Stockholm/Örebro (Hallsberg)

    Oslo – Göteborg – Malmö – Trelleborg

    Malmö – København – Fredericia – Aarhus – Aalborg – Hirtshals/Frederikshavn

    København – Kolding/Lübeck – Hamburg – Hannover

    Bremerhaven – Bremen – Hannover – Nürnberg

    Rostock – Berlin – Halle/Leipzig – Erfurt – München

    Nürnberg – München – Innsbruck – Verona – Bologna – Ancona/Firenze

    Livorno/La Spezia – Firenze – Roma – Napoli – Bari – Taranto – Vaileite/Marsaxlokk

    Cagliari – Napoli – Gioia Tauro – Palermo/Augusta – Valletta/Marsaxlokk

    Naisc thrasteorann

    Teorainn na Rúise – Helsinki

    Iarnród

    København – Hamburg: bealaí rochtana chuig nasc seasta Chaolas Fehmarn

    München – Wörgl – Innsbruck – Fortezza – Bolzano – Trento – Verona: buntollán Brenner agus bealaí rochtana chuige

    Göteborg – Oslo

    København – Hamburg: nasc seasta Chaolas Fehmarn

    Iarnród/Bóthar

    2.

    Liosta táscach de naisc thrasteorann réamhshainithe ar an ngréasán cuimsitheach

    Na codanna trasteorann den ghréasán cuimsitheach dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (a)(ii) den Rialachán seo, cuimsítear iontu na codanna seo a leanas, go háirithe:

    Baile Átha Cliath nó Dublin/Leitir Ceanainn – teorainn na Ríochta Aontaithe

    Bóthar

    Pau – Huesca

    Iarnród

    Lyon – teorainn na hEilvéise

    Iarnród

    Athus – Mont-Saint-Martin

    Iarnród

    Breda – Venlo – Viersen – Duisburg

    Iarnród

    Antwerpen – Duisburg

    Iarnród

    Mons – Valenciennes

    Iarnród

    Gent – Terneuzen

    Iarnród

    Heerlen – Aachen

    Iarnród

    Groningen – Bremen

    Iarnród

    Stuttgart – teorainn na hEilvéise

    Iarnród

    Gallarate/Sesto Calende – teorainn na hEilvéise

    Iarnród

    Berlin – Rzepin/Horka – Wrocław

    Iarnród

    Praha – Linz

    Iarnród

    Villach – Ljubljana

    Iarnród

    Pivka – Rijeka

    Iarnród

    Plzeň – České Budějovice – Wien

    Iarnród

    Wien – Győr

    Iarnród

    Graz – Celldömölk – Győr

    Iarnród

    Neumarkt–Kallham – Mühldorf

    Iarnród

    Conair an Ómra PL-SK-HU

    Iarnród

    Conair Via Carpathia teorainn na Bealarúise/na hÚcráine-PL-SK-HU-RO

    Bóthar

    Focșani – teorainn na Moldóive

    Bóthar

    Budapest – Osijek – Svilaj (teorainn na Boisnia agus na Heirseagaivéine)

    Bóthar

    Faro – Huelva

    Iarnród

    Porto – Vigo

    Iarnród

    Giurgiu – Varna

    Iarnród

    Svilengrad – Pithio

    Iarnród

    3.

    Codanna den ghréasán cuimsitheach atá lonnaithe sna Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le Ballstát eile.

    CUID IV:

    TIONSCADAIL TRASTEORANN I RÉIMSE AN FHUINNIMH INATHNUAITE A ROGHNÚ

    1.

    Cuspóir na dtionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite

    Maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, cuirfear chun cinn leo comhar trasteorann idir na Ballstáit maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh a phleanáil, a fhorbairt agus a shaothrú ar bhealach costéifeachtach, mar aon lena gcomhtháthú a éascú trí áiseanna stórála fuinnimh agus leis an aidhm rannchuidiú le straitéis dícharbónaithe an Aontais san fhadtéarma.

    2.

    Critéir ghinearálta

    D’fhonn a bheith incháilithe mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, comhlíonfaidh tionscadal gach ceann de na critéir ghinearálta seo a leanas:

    (a)

    beidh an tionscadal sin san áireamh i gcomhaontú comhair nó i socrú d’aon chineál eile idir dhá Bhallstát nó níos mó nó idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó mar a leagtar síos in Airteagail 8, 9, 11 agus 13 de Threoir (AE) 2018/2001;

    (b)

    leis an tionscadal, laghdófar an costas trí fhuinneamh inathnuaite a chur chun úsáide nó beidh sochair le baint as maidir le comhtháthú córas, slándáil an tsoláthair nó nuálaíocht, nó iad sin araon, i gcomparáid le tionscadal nó tionscadal fuinnimh inathnuaite den chineál céanna atá á chur chun feidhme ag ceann de na Ballstáit rannpháirteacha as féin;

    (c)

    is mó iad na sochair fhoriomlána is féidir a bhaint as an gcomhar ná na costais a bhaineann leis an tionscadal, na costais san fhadtéarma san áireamh, de réir an mheasúnaithe ar bhonn na hanailíse costais is tairbhe dá dtagraítear i bpointe 3 den Chuid seo agus trí na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo á cur i bhfeidhm.

    3.

    Anailís chostais/sochair

    (a)

    na costais a bhaineann le giniúint fuinnimh;

    (b)

    na costais a bhaineann le comhtháthú córas;

    (c)

    costais tacaíochta;

    (d)

    astaíochtaí gás ceaptha teasa;

    (e)

    slándáil an tsoláthair;

    (f)

    truailliú an aeir agus truailliú áitiúil eile, amhail éifeachtaí ar an dúlra áitiúil agus ar an gcomhshaol;

    (g)

    nuálaíocht.

    4.

    Nós imeachta

    (a)

    I gcás tionscnóirí tionscadail, lena n-áirítear na Ballstáit, a d’fhéadfadh a bheith incháilithe le bheith roghnaithe mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite faoi chomhaontú comhair nó faoi shocrú d’aon chineál eile idir dhá Bhallstáit nó níos mó nó idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír nó tríú tíortha mar a leagtar amach in Airteagail 8, 9, 11 agus 13 de Threoir (AE) 2018/2001 agus atá ag iarraidh stádas tionscadail trasteorann a bhaint amach i réimse an fhuinnimh inathnuaite, tíolacfaidh siad don Choimisiún iarratas le bheith roghnaithe mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite. Áireofar san iarratas an fhaisnéis ábhartha le go bhféadfaidh an Coimisiún an tionscadal a mheas de réir na gcritéar a leagtar síos i bpointí 2 agus 3)den Chuid seo, i gcomhréir leis na modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo.

    Áiritheoidh an Coimisiún go dtabharfar an deis do thionscnóirí cur isteach ar stádas tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite uair amháin sa bhliain ar a laghad.

    (b)

    Cuirfidh an Coimisiún grúpa ar bun agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, ar grúpa é maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, a bheidh comhdhéanta d’ionadaí amháin as gach Ballstát agus ionadaí ón gCoimisiún. Glacfaidh an grúpa a rialacha nós imeachta féin.

    (c)

    Eagróidh an Coimisiún, uair amháin sa bhliain ar a laghad, an próiseas chun tionscadail trasteorann a roghnú. Tar éis an mheastóireacht a dhéanamh ar na tionscadail, tíolacfaidh an Coimisiún don ghrúpa dá dtagraítear i bpointe (b) den phointe seo liosta de thionscadail incháilithe i réimse an fhuinnimh inathnuaite lena gcomhlíonaítear na critéir a leagtar amach in Airteagal 7 agus i bpointe (d) den phointe seo.

    (d)

    Tabharfar don ghrúpa dá dtagraítear i bpointe (b), faisnéis ábhartha, seachas faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, ar na tionscadail incháilithe atá san áireamh sa liosta arna thíolacadh ag an gCoimisiún maidir leis na critéir seo a leanas:

    (i)

    dearbhú gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin i gcás gach tionscadail;

    (ii)

    faisnéis faoin sásra comhair lena mbaineann an tionscadal agus faisnéis i dtaobh a mhéad atá Ballstát amháin nó roinnt Ballstát ag tacú le tionscadal;

    (iii)

    cur síos ar chuspóir an tionscadail, lena n-áirítear an acmhainneacht mheasta (in kW) agus, i gcás ina mbeidh fáil air, táirgeadh fuinnimh inathnuaite (in kWh in aghaidh na bliana), maille le costais iomlána an tionscadail agus costais incháilithe a ndéantar tagairt dóibh, in euro;

    (iv)

    faisnéis faoin mbreisluach measta Aontais i gcomhréir le pointe 2(b) den Chuid seo agus faoi na costais agus na sochair mheasta agus faoi bhreisluach measta Aontais i gcomhréir le pointe 2,(c), den Chuid seo.

    (e)

    Féadfaidh an grúpa cuireadh chuig a chruinnithe a thabhairt do thionscnóirí tionscadal incháilithe, ionadaithe de chuid tríú tíortha a bhfuil baint acu le tionscadail incháilithe agus aon gheallsealbhóirí ábhartha eile, de réir mar is iomchuí.

    (f)

    Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta, comhaontóidh an grúpa dréachtliosta de thionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, le glacadh i gcomhréir le pointe (g).

    (g)

    Glacfaidh an Coimisiún an liosta deiridh de na tionscadail trasteorann roghnaithe i réimse an fhuinnimh inathnuaite trí bhíthin gníomh tarmligthe ar bhonn dréachtliosta dá dtagraítear i bpointe (f) agus pointe (i), á chur san áireamh. Foilseoidh an Coimisiún freisin ar a shuíomh gréasáin liosta de na tionscadail trasteorann a roghnaíodh i réimse an fhuinnimh inathnuaite. Déanfar an liosta sin a athbhreithniú de réir mar is gá agus ar a laghad gach dhá bhliain.

    (h)

    Déanfaidh an grúpa faireachán ar chur chun feidhme na dtionscadal ar an liosta deiridh agus déanfaidh siad moltaí i dtaobh conas moilleanna féideartha maidir le cur chun feidhme na dtionscadal a réiteach. Chun na críche sin, soláthróidh tionscnóirí tionscadal na dtionscadal roghnaithe faisnéis maidir le cur chun feidhme a dtionscadal.

    (i)

    Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú, agus na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite á roghnú aige, go mbainfear amach cothromaíocht gheografach chuí maidir le roghnú tionscadal den sórt sin. Féadfar grúpálacha réigiúnacha a úsáid le haghaidh tionscadail a roghnú.

    (j)

    Ní roghnófar tionscadal mar thionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite, nó má roghnaítear é, tarraingeofar siar an stádas sin más rud é go raibh an mheastóireacht air bunaithe ar fhaisnéis mhícheart ar thoisc chinntitheach í sa mheastóireacht, nó mura gcomhlíontar dlí an Aontais leis an tionscadal.

    CUID V

    TIONSCADAIL LEASA CHOITINN I dTAOBH BONNEAGAR NASCACHTA DIGITÍ

    1.

    Nascacht ghigighiotáin, lena n-áirítear córais 5G agus nascacht úrscothach eile, go gníomhaithe socheacnamaíocha.

    Agus gníomhaíochtaí á gcur in ord tosaíochta, tabharfar aird ar fheidhm na ngníomhaithe socheacnamaíocha, ábharthacht na seirbhísí digiteacha agus na bhfeidhmchlár arna gcumasú tríd an nascacht is bun leo a chur ar fáil, agus na sochair shocheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla, lena n-áirítear an cumhdach limistéir sa bhreis a ghinfear, i dtéarmaí líonta tí de. Is go cothrom ó thaobh geografaíochta de ar fud na mBallstát a leithdháilfear an buiséad atá ar fáil.

    Tabharfar tús áite do ghníomhaíochtaí lena rannchuidítear le nascacht Ghigighiotáin, lena n-áirítear córais 5G agus nascacht úrscothach eile, maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    ospidéil agus ionaid leighis, i gcomhréir leis na hiarrachtaí chun digitiú a dhéanamh ar an gcóras cúraim sláinte, d’fhonn cur le folláine shaoránaigh an Aontais agus athrú a dhéanamh ar an gcaoi a soláthraítear seirbhísí sláinte agus seirbhísí cúraim d’othair;

    (b)

    ionaid oideachais agus ionaid taighde, i gcomhthéacs na n-iarrachtaí chun, inter alia, úsáid na ríomhaireachta ardluais, feidhmchláir néalríomhaireachta agus olltiomsú sonraí a éascú, chun bearnaí digiteacha a dhúnadh agus chun gabháil don nuálaíocht i gcórais oideachais, chun feabhas a chur ar thorthaí foghlama, ar chothromas agus ar éifeachtúlacht;

    (c)

    cumhdach leathanbhanda 5G gan sreang gan bhriseadh do gach limistéar uirbeach faoi 2025.

    2.

    Nascacht idirlín gan sreang i bpobail áitiúla

    Maidir leis na gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo nascacht idirlín áitiúil gan sreang a sholáthar in ionaid a thaithíonn an pobal, lena n-áirítear ionaid amuigh faoin aer ar a bhfuil rochtain ag an bpobal i gcoitinne agus ar áiteanna tábhachtacha iad i saol an phobail áitiúil, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas chun cistiú a fháil:

    (a)

    gur comhlacht de chuid na hearnála poiblí dá dtagraítear sa dara mír a chuirfidh chun feidhme iad, ar comhlacht é a bhfuil sé ar a chumas suiteáil lárphointí rochtana idirlín áitiúil gan sreang i spásanna poiblí laistigh agus lasmuigh a phleanáil agus maoirseacht a dhéanamh ar an tsuiteáil sin, mar aon le maoiniú na gcostas oibriúcháin a áirithiú ar feadh 3 bliana ar a laghad;

    (b)

    go ndéanfaidh siad forbairt ar líonraí digiteacha fíor-ardacmhainne lenar féidir seirbhís idirlín ar cháilíocht an-ard a chur ar fáil d’úsáideoirí, ar seirbhís í:

    (i)

    atá saor in aisce gan coinníollacha idirdhealaitheacha, is féidir a rochtain go héasca, atá slán agus ina n-úsáidtear an trealamh is déanaí agus is úrscothaí, agus lenar féidir nascacht ardluais a sholáthar dá húsáideoirí; agus

    (ii)

    a thacaíonn le rochtain fhorleathan agus neamh-idirdhealaitheach ar sheirbhísí digiteacha nuálacha;

    (c)

    go n-úsáidfidh siad an sainaitheantas coiteann físeach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil agus an nasc chuig na huirlisí gaolmhara ilteangacha ar líne;

    (d)

    d’fhonn sineirgí agus acmhainneacht mhéadaithe a bhaint amach agus taithí an úsáideora a fheabhsú, déanfar leis na gníomhaíochtaí sin éascú ar chur chun úsáide na lárphointí rochtana 5G gan sreang do limistéar beag, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972; agus

    (e)

    go dtabharfaidh siad gealltanas go soláthrófar an trealamh agus/nó na seirbhísí gaolmhara suiteála is gá i gcomhréir leis an dlí is infheidhme chun a áirithiú nach ndéanfaidh tionscadail an iomaíocht a shaobhadh go míchuí.

    Beidh tacaíocht airgeadais ón Aontas ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), lena dtugtar gealltanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nascacht idirlín áitiúil gan sreang atá saor in aisce agus gan coinníollacha idirdhealaitheacha a sholáthar trí lárphointí rochtana idirlín áitiúil gan sreang a shuiteáil.

    Na gníomhaíochtaí a chisteofar, ní dhéanfaidh siad dúbláil ar thairiscintí poiblí nó príobháideacha saor in aisce atá ann sa spás poiblí céanna agus a bhfuil saintréithe comhchosúla acu, lena n-áirítear cáilíocht.

    Is go cothrom ó thaobh geografaíochta de ar fud na mBallstát a leithdháilfear an buiséad atá ar fáil.

    I gcás inarb ábhartha, áiritheofar comhordú agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó SCE le rochtain a bheith ag gníomhaithe socheacnamaíocha ar ghréasáin fíor-ardacmhainne atá in ann nascacht Ghigighiotáin, lena n-áirítear córais 5G agus nascacht úrscothacha eile, a sholáthar.

    3.

    Liosta táscach na gconairí 5G agus naisc chnámh droma thrasteorann atá incháilithe chun cistiú a fháil

    I gcomhréir le cuspóirí na sochaí gigighiotáin atá leagtha amach ag an gCoimisiún lena áirithiú go mbeidh cumhdach 5G gan bhriseadh ar gach mórbhealach iompair trastíre faoi 2025, is é a bheidh sna gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme cumhdach gan bhriseadh le córais 5G de bhun Airteagal 9(4), pointe (c), sa chéad chéim, gníomhaíochtaí i leith na gcodanna trasteorann ar mhaithe le soghluaisteacht nasctha uathrialaithe (CAM) a thástáil, agus, sa dara céim, gníomhaíochtaí maidir le codanna níos fairsinge ar mhaithe le soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó feadh na gconairí, mar a léirítear sa tábla thíos (liosta táscach). Baintear leas as conairí TEN-T mar bhonn chun na críche sin, ach ní gá gur ar na conairí sin amháin a chuirfí 5G in úsáid (3).

    Thairis sin, gníomhaíochtaí lena dtacaítear le gréasáin cnámh droma a chur chun úsáide, lena n-áirítear le cáblaí faoi uisce thar na Ballstáit agus idir an tAontas agus tríú tíortha nó lena nasctar oileáin Eorpacha, de bhun Airteagal 9(4), pointe (d), tugtar tacaíocht dóibh freisin chun an iomarcaíocht is gá a chur ar fáil don bhonneagar ríthábhachtach sin, agus chun cur le hacmhainneacht agus le hathléimneacht ghréasáin dhigiteacha an Aontais.

    “Conair an Atlantaigh” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann chun soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

    Porto – Vigo

    Mérida – Évora

    Paris – Amsterdam – Frankfurt am Main

    Aveiro – Salamanca

    San Sebastián – Biarritz

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Metz – Paris – Bordeaux – Bilbao – Vigo – Porto – Lisboa

    Bilbao – Madrid – Lisboa

    Madrid – Mérida – Sevilla – Tarifa

    Cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí cnámh droma, lena n-áirítear cáblaí faoi uisce

    Oileáin Açores/Madeira – Lisboa

    “Conair Mhuir Bhailt – Mhuir Aidriad” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

     

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Gdańsk – Warszawa – Brno – Wien – Graz – Ljubljana – Koper/Trieste

    “Conair na Meánmhara” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair CAM a thástáil

     

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Budapest – Zagreb – Ljubljana - Rijeka - Split - Dubrovnik

    Ljubljana – Zagreb – Slavonski Brod – Bajakovo (teorainn RS)

    Slavonski Brod – Đakovo – Osijek

    Montpellier – Narbonne – Perpignan - Barcelona – Valencia – Málaga – Tarifa le síneadh go Narbonne – Toulouse

    Cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí cnámh droma, lena n-áirítear cáblaí faoi uisce

    Gréasáin le cáblaí faoi uisce Lisboa – Marseille – Milano

    “Conair na Mara Thuaidh – Mhuir Bhailt” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

    Warszawa – Kaunas – Vilnius

    Kaunas – Klaipėda

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Taillinn – Rīga – Kaunas – Teorainn na Liotuáine/na Polainne – Warswaza

    Teorainn na Bealarúise/na Liotuáine – Vilnius – Kaunas – Klaipėda

    Trí Carpathia:

    Klaipėda – Kaunas – Ełk – Białystok – Lublin – Rzeszów – Barwinek – Košice

    “Conair na Mara Thuaidh – na Meánmhara” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

    Metz – Merzig – Luxembourg

    Rotterdam – Antwerp – Eindhoven

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Amsterdam – Rotterdam – Breda – Lille – Paris

    Brussel nó Bruxelles – Metz – Basel

    Mulhouse – Lyon – Marseille

    “Conair an Oirthir – na Meánmhara Thoir” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

    Sofia – Thessaloniki – Belgrade

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Berlin – Praha – Brno – Bratislava – Timişoara – Sofia – teorainn na Tuirce

    Bratislava – Košice

    Sofia – Thessaloniki – Athina

    “Conair na Réine – na nAlp” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

    Bologna – Innsbruck – München (conair Brenner)

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Rotterdam – Oberhausen – Frankfurt am Main

    Basel – Milano – Genova

    “Conair na Réine – na Danóibe” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

     

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Frankfurt am Main – Passau – Wein – Bratislava – Budapest – Osijek - Vukovar - București – Constanta

    București – Iasi

    Karlsruhe – München – Salzburg – Wels

    Frankfurt am Main – Strasbourg

    “Conair Chríoch Lochlann – na Meánmhara” den chroíghréasán

    Codanna trasteorann i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a thástáil

    Oulu – Tromsø

    Oslo – Stockholm – Helsinki

    Cuid níos fairsinge i gcomhair soghluaisteacht nasctha uathrialaithe a chur chun úsáide ar scála níos mó

    Turku – Helsinki – teorainn na Rúise

    Oslo – Malmö –København – Hamburg – Würzburg – Nürnberg – München – Rosenheim – Verona – Bologna – Napoli – Catania – Palermo

    Stolkholm – Malmö

    Napoli – Bari – Taranto

    Aarhus – Esbjerg – Padborg


    (1)  EUR 1 384 000 000 i bpraghsanna 2018.

    (2)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

    (3)  Is lasmuigh de chonairí chroíghréasán TEN-T atá na codanna faoi chló iodálach ach áirítear iad sna conairí 5G.


    Top