EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1149

Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí

PE/58/2021/INIT

IO L 251, 15.7.2021, p. 94–131 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 15/07/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1149/oj

15.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 251/94


RIALACHÁN (AE) 2021/1149 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), Airteagal 84, agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cé gur inniúlacht eisiach de chuid na mBallstát í an tslándáil náisiúnta i gcónaí, teastaíonn comhar agus comhordú ar leibhéal an Aontais chun í a chosaint. Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin beart chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí bhíthin beart ar mhaithe le comhordú agus le comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus údaráis náisiúnta eile de chuid na mBallstát, lena n-áirítear comhordú agus comhar le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith le cabhair ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta.

(2)

Don tréimhse ó 2015 go 2020, rinne an Coimisiún, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa sainmhíniú ar thosaíochtaí coiteanna mar a leagtar amach iad sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil in Aibreán 2015, a ndearna an Chomhairle iad a athdhearbhú sa Straitéis Athnuaite Slándála Inmheánaí i Meitheamh 2015 agus Parlaimint na hEorpa ina Rún in Iúil 2015, sin é le rá an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach agus eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc is a chomhrac. Rinneadh na tosaíochtaí coiteanna sin a athdhearbhú don tréimhse ó 2015 go 2025 i dteachtaireacht an 24 Iúil 2020 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal the EU Security Union Strategy [Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh].

(3)

I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Márta 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát, na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh a dtiomantas i ndáil le hoibriú i dtreo Eoraip shábháilte agus shlán agus i ndáil le hAontas a chruthú, ar Aontas é ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus a mbeidh beartas imirce aige a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena n-urramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac.

(4)

D’iarr an Chomhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 go leanfaí d’idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bunachar sonraí a sholáthar. Leag Comhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2017 béim ar an ngá a bhí le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí agus, an 12 Nollaig 2017, chuir an Chomhairle togra ar aghaidh le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid an Aontais (comhar póilíneachta agus breithiúnais, tearmann agus imirce).

(5)

Chun acquis Schengen a chaomhnú agus rannchuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a áirithiú, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, ón 6 Aibreán 2017, seiceálacha córasacha a dhéanamh in aghaidh bunachair sonraí ábhartha maidir le saoránaigh an Aontais a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún moladh chuig na Ballstáit maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as seiceálacha póilíní agus as comhar trasteorann. Ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha agus don smacht reachta, aird ghéar ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an gcomhsheasmhacht is gá le gné sheachtrach na slándála ar na príomhphrionsabail a threoraíonn an tAontas agus gníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt.

(6)

Chun an cuspóir seo a bhaint amach, ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun daoine, spásanna poiblí agus bonneagar ríthábhachtach a chosaint ar bhagairtí atá níos trasnáisiúnta ina gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an obair a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. Bíonn an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe agus an choireacht eagraithe, an choireacht ghluaisteach, an gháinneáil ar dhrugaí agus ar airm, an t-éilliú, sciúradh airgid, an chibearchoireacht, teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach ar leanaí, bagairtí ilchineáil, chomh maith le bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíoch agus núicléacha, agus an gháinneáil ar dhaoine, inter alia, ina ndúshláin i gcónaí maidir le slándáil inmheánach an Aontais. Iarracht chomhroinnte is ea an tslándáil inmheánach ar cheart d’institiúidí an Aontais, do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus do na Ballstáit rannchuidiú léi go comhpháirteach.

(7)

Chun rannchuidiú le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt agus a chur chun feidhme arb aidhm dó ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart Ciste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) a bhunú agus a bhainistiú chun tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit.

(8)

Ba cheart cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil ina leith i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. I gcomhréir le hAirteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE, ba cheart go dtacófaí, leis an gCiste, le bearta chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus iad a chur chun cinn i réimse chosc na coireachta, oiliúint chomhpháirteach na foirne agus an chomhair póilíneachta, mar aon le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a mbeidh baint ag údaráis inniúla na mBallstát agus gníomhaireachtaí an Aontais leo go háirithe a mhéid a bhaineann le faisnéis a mhalartú, comhar oibríochtúil méadaithe agus tacú le hiarrachtaí riachtanacha cumais a neartú ar mhaithe leis cosc agus comhrac na coireachta eagraithe agus tromchúisí. Leis an gCiste, ba cheart tacaíocht a thabhairt chun oiliúint a chur ar bhaill foirne agus saineolaithe ábhartha, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (LETS). Ba cheart nach dtacófaí, leis an gCiste, le costais oibriúcháin agus gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmeanna riachtanacha na mBallstát i dtaca le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach agus náisiúnta a chosaint dá dtagraítear in Airteagal 72 CFAE.

(9)

Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a mhéid a bhaineann le cearta an duine. Go háirithe, ba cheart an Ciste seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha, amhail ceart duine ar a dhínit, an ceart chun beatha, an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, cearta an linbh, agus an ceart chun leigheas éifeachtach, chomh maith le lánurraim a thabhairt do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 3 CAE, leis an gCiste, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí a áirithíonn go ndéantar leanaí a chosaint ar fhoréigean, mí-úsáid, dúshaothrú agus faillí. Leis an gCiste, ba cheart tacú freisin le coimircí agus cúnamh do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina n-íospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó a bhfuil gá le caomhnóireacht acu ar shlí eile.

(11)

I gcomhréir leis na tosaíochtaí comhroinnte a sainaithníodh ar leibhéal an Aontais chun ardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas, leis an gCiste, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na príomhbhagairtí slándála agus, go háirithe, leis an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc agus a chomhrac, an choireacht thromchúiseach agus an chibearchoireacht chomh maith le cúnamh agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na coireachta. Ba cheart a áirithiú, leis an gCiste, go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Aontas agus ag na Ballstáit freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag forbairt agus ag teacht chun cinn, amhail an gháinneáil, lena n-áirítear trí bhealaí ar líne, bagairtí ilchineáil agus bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus eithneacha, d’fhonn fíoraontas slándála a bhunú. Ba cheart é sin a shaothrú trí bhíthin cúnamh airgeadais chun tacú le malartú faisnéise níos fearr, an comhar oibríochtúil a mhéadú agus cumais náisiúnta agus chomhchoiteanna a fheabhsú.

(12)

Ba cheart don chúnamh airgeadais a sholáthraítear tríd an gCiste tacú go háirithe le malartuithe faisnéise, comhar póilíneachta, comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, cosc i réimse na coireachta tromchúisí agus eagraithe, an gháinneáil aindleathach ar airm, éilliú, sciúradh airgid, an gháinneáil ar dhrugaí, an choireacht chomhshaoil, an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine, dúshaothrú na ndídeanaithe agus na n-imirceach neamhrialta, dúshaothrú tromchúiseach an lucht oibre, teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach leanaí agus ban, dáileadh íomhánna de mhí-úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí agus an chibearchoireacht. Leis an gCiste, ba cheart tacú le daoine, spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint ar theagmhais slándáilbhunaithe agus ba cheart tacú le hullmhacht agus le bainistiú éifeachtach rioscaí agus géarchéimeanna slándáilbhunaithe, lena n-áirítear oiliúint chomhpháirteach, agus trí fhorbairt a dhéanamh ar chomhbheartas, amhail straitéisí, timthriallacha beartais, cláir agus pleananna gníomhaíochta, chomh maith le reachtaíocht agus comhar praiticiúil.

(13)

Ba cheart tacaíocht airgeadais a sholáthar leis an gCiste chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an méadú suntasach le blianta beaga anuas ar mhéid cineálacha áirithe coireanna atá á ndéanamh trí bhíthin an idirlín, amhail calaois íocaíochta, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus an gháinneáil ar airm.

(14)

Ba ceart don Chiste cur le torthaí agus infheistíochtaí a réamhtheachtaithe: an clár um an gCoireacht a Chosc agus a Chomhrac agus an clár um an Sceimhlitheoireacht agus rioscaí Slándáilbhunaithe eile a Chosc, Ullmhú Dóibh agus a n-Iarmhairtí a Bhainistiú (CIPS) don tréimhse 2007-2013, agus an ionstraim um an gcomhar póilíneachta chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus um ghéarchéimeanna a bhainistiú mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Le raon feidhme an Chiste, ba cheart go bhféadfaí forbairtí nua a chur san áireamh freisin.

(15)

Ní mór an tionchar a bhíonn ag cistiú ón Aontas a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a shlógadh, a chomhthiomsú agus a luamhánú. Leis an gCiste, ba cheart rannpháirtíocht ghníomhach fhónta na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus a spreagadh, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, chomh maith leis an earnáil thionsclaíoch Eorpach, i bhforbairt agus cur chun feidhme an bheartais slándála, agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhaithe ábhartha eile, comhlachtaí de chuid an Aontais, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta rannpháirteach ann i dtaca le cuspóir an Chiste. Ba cheart a áirithiú, áfach, nach mbainfear feidhm as tacaíocht ón gCiste chun cúraimí reachtacha nó poiblí a tharmligean chuig gníomhaithe príobháideacha.

(16)

Baineann gné thrasteorann leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht thromchúiseach agus eagraithe, rud a éilíonn freagairt chomhordaithe agus comhar comhordaithe laistigh de na Ballstáit agus ina measc, agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. D’fhéadfadh sé go mbeadh faisnéis atá luachmhar chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac go héifeachtach a bheith ag údaráis inniúla uile na mBallstát, lena n-áirítear seirbhísí speisialaithe um fhorfheidhmiú an dlí. Chun dlús a chur le malartuithe faisnéise, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a chomhroinntear, tá sé ríthábhachtach an mhuinín fhrithpháirteach a chothú. Ba cheart bealaí nua maidir leis an gcomhar agus le faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear maidir le hanailís ar bhagairtí, a fhiosrú agus a scrúdú, agus na creataí atá ann cheana laistigh agus lasmuigh de chreat an Aontais a chur san áireamh: amhail Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (INTCEN), Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa (ECTC), Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa agus an Grúpa Frithsceimhlitheoireachta. Leis an gCiste, ba cheart tacú leis na húdaráis inniúla sin de chuid na mBallstát atá freagrach as cionta coiriúla, dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE a chosc, a bhrath agus a imscrúdú a mhéid a chumhdaítear a gcuid gníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Chiste. Ba cheart do na gníomhaíochtaí a gheobhaidh cistiú urraim iomlán a thabhairt don stádas dlíthiúil atá ag na húdaráis inniúla éagsúla, ag na struchtúir Eorpacha éagsúla, agus ag na prionsabail úinéireachta faisnéise riachtanacha.

(17)

Chun leas a bhaint as eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais a bhfuil inniúlachtaí acu i réimsí an bhainistithe teorainneacha, an bheartais víosaí agus na gcóras mórscála TF, ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha in obair an Choiste um Chistí Gnóthaí Baile, a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), go háirithe ag tús agus ag meántéarma na clárthréimhse. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann freisin rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha de chuid an Aontais san fhaireachán agus sa mheastóireacht, go háirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí, a dtacófar leo leis an gCiste, i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais.

(18)

Laistigh de chreat cuimsitheach de straitéis drugaí an Aontais a mholann cur chuige cothrom atá bunaithe ar laghdú comhuaineach ar sholáthar agus éileamh, ba cheart, leis an gcúnamh airgeadais a sholáthraítear faoin gCiste, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar an ngáinneáil ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac trí sholáthar agus éileamh a laghdú, go háirithe bearta atá dírithe ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar eastóscadh, ar dhíol, ar iompar, ar allmhairiú nó ar onnmhairiú drugaí mídhleathacha, mar aon le seilbh a bheith orthu agus iad a cheannach, d’fhonn a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáinneála drugaí. Leis an gCiste ba cheart go gcumhdófaí freisin gnéithe coisctheacha bheartais drugaí. Chun tuilleadh sineirgí agus comhtháthú a bhaint amach i réimse na ndrugaí, ba cheart na heilimintí sin de na cuspóirí a bhaineann le drugaí, a cumhdaíodh faoin gclár um Cheartas don tréimhse 2014-2020, a ionchorprú sa Chiste.

(19)

Chun a áirithiú go rannchuideoidh an Ciste go héifeachtach le leibhéal slándála inmheánaí níos airde ar fud an Aontais, agus ar an mbealach sin go rannchuideoidh sé le fíoraontas slándála a fhorbairt, ba cheart an Ciste a úsáid ar dhóigh a soláthraítear an breisluach Aontais is mó le gníomhaíochtaí na mBallstát.

(20)

Leis an gCiste, níor cheart tacú le hinfheistíochtaí i dtrealamh, i modhanna iompair ná i saoráidí ach i gcás ina mbíonn breisluach Aontais soiléir ag infheistíochtaí den sórt sin agus a mhéid is gá do na hinfheistíochtaí sin chun cuspóirí an Chiste a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar na hinfheistíochtaí sin: infheistíochtaí i dtrealamh a theastaíonn le haghaidh fóiréinsice, faireachas ceilte, pléascán agus brath drugaí mar aon le haon sainchuspóir eile laistigh de chuspóirí an Chiste. Níor cheart aon infheistíochtaí a mhaoiniú leis an gCiste ar infheistíochtaí iad nach ábhartha ach ar bhonn náisiúnta amháin agus nó ar infheistíochtaí iad nach den riachtanas iad ach chun obair laethúil na n-údarás inniúil a chur i gcrích, amhail éide, gluaisteáin, busanna, scútair, stáisiúin phóilíneachta, ionaid oiliúna neamhspeisialaithe agus trealamh oifige.

(21)

Ar mhaithe le leas na dlúthpháirtíochta san Aontas, agus le meon freagrachta comhroinnte as an tslándáil san Aontas, i gcás ina sainaithnítear laigí nó rioscaí, de thoradh mheastóireacht Schengen go háirithe, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na laigí sin trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle a chur chun feidhme (5).

(22)

Chun rannchuidiú le cuspóir beartais an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcláir ar chuspóirí sonracha uile an Chiste, go bhfuil na tosaíochtaí a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus go n-áirithítear le leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí gur féidir an cuspóir beartais foriomlán a bhaint amach.

(23)

I gcomhréir le prionsabal na héifeachtúlachta, ba cheart sineirgí agus comhsheasmhacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais, agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(24)

Chun gnóthú éifeachtach na gcuspóirí beartais a uasmhéadú, le go mbainfear leas as barainneachtaí scála agus le go seachnófar forluí idir gníomhaíochtaí, ba cheart an Ciste a bheith comhleanúnach agus comhlántach le cláir eile de chuid an Aontais i réimse na slándála. Leis an gCiste, ba cheart sineirgí a áirithiú go háirithe leis an gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, ina bhfuil an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1148 agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), mar aon le Cistí eile an Bheartais Comhtháthaithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

an chuid de Chlár Fís Eorpach a bhaineann le taighde slándála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an Clár um Cheartas a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), an Clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart sineirgí a lorg go háirithe i dtaca le slándáil bonneagair agus spásanna poiblí, an chibearshlándáil, cosaint íospartach, agus le cosc an radacaithe.

(25)

Ar mhaithe le feabhas a chur ar na comhlántachtaí atá idir an Ciste agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, ba cheart a bheith in ann trealamh ilchuspóra agus córais TFC a bhfuil a bpríomhúsáid i gcomhréir leis an Rialachán a úsáid chun cuspóirí na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí a bhaint amach.

(26)

Ba cheart bearta fhaigheann tacaíocht tríd an ionstraim i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha a chur chun feidhme i sineirgíocht agus i gcomhtháthú le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí an Aontais. Agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, comhtháthú iomlán a lorg le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíochta sheachtrach an Aontais, agus lena bheartas eachtrach agus lena chúnamh forbartha a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. A mhéid a bhaineann le gné sheachtrach an Chiste, ba cheart don Chiste feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha i réimsí is ábhartha do leas slándála inmheánaí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart cistiú ó shaoráid théamach a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha, faoi chuimsiú chuspóirí an Chiste, go háirithe chun rannchuidiú leis an gcoireacht, lena n-áirítear an gháinneáil ar dhrugaí agus an gháinneáil ar dhaoine, a chomhrac agus a chosc, agus chun rannchuidiú le líonraí smuigleála coiriúla trasteorann a chomhrac.

(27)

Agus an tsaoráid théamach á cur chun feidhme aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aghaidh leis an gcistiú ar na dúshláin agus ar na riachtanais a bhaineann le cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

(28)

Ba cheart cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil ina leith i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. De bhrí go bhfuil gné thrasteorann ag baint leis an tslándáil, tá gá le freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas. Leis an tacaíocht airgeadais arna soláthar faoin Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú, go háirithe, le cumas náisiúnta agus cumas an Aontais a neartú i réimse na slándála.

(29)

Féadfar a mheas nach bhfuil an acquis ábhartha de chuid an Aontais á chomhlíonadh ag Ballstát a mhéid a bhaineann le tacaíocht oibriúcháin faoin gCiste, i gcás nár chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí i réimse na slándála, i gcás ina bhfuil baol soiléir ann go sáródh an Ballstát sin luachanna an Aontais agus an acquis maidir leis an tslándáil á chur chun feidhme aige, nó i gcás inar sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.

(30)

Leis an gCiste, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le solúbthacht agus simpliú méadaithe, agus ceanglais maidir leis an intuarthacht á n-urramú ag an am céanna, agus ba cheart a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart cur chun feidhme an Chiste a bheith faoi threoir phrionsabail na héifeachtúlachta, na héifeachtachta, na hábharthachta, agus an chomhtháthaithe, an bhreisluacha Aontais, agus cháilíocht an chaiteachais. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme ar an mbealach is cairdiúla don úsáideoir.

(31)

Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó i bpáirt ó bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg, go háirithe, idir an Ciste agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd faoi bhainistíocht chomhroinnte. Chun na sineirgí sin a uasmhéadú, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach do ghníomhaíocht ón gCiste agus ó chlár eile de chuid an Aontais. Níor cheart gur mó cistiú carnach den sórt sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta sin. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú faoin gCiste agus faoi chlár eile de chuid an Aontais araon, ar bhonn pro rata.

(32)

Agus gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste á gcur chun cinn, ba cheart d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas faisnéis a chur ar fáil i dteanga nó i dteangacha an spriocphobail. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe sin tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, ba cheart d’fhaighteoirí a áirithiú, maidir le gach teachtaireacht chuig na meáin nó chuig an bpobal, go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú iontu agus go luafar go sainráite an tacaíocht airgeadais ón Aontas.

(33)

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann acmhainní airgeadais a úsáid faoin gCiste chun dea-chleachtais agus an malartú faisnéise a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste.

(34)

Ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir leis an tacaíocht arna soláthar ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus ba cheart dó faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a bheith in ann na sonraí a shórtáil de réir cuspóir sonrach, ainm an tairbhí, an mhéid a gealladh go dlíthiúil agus chineál agus chuspóir an bhirt.

(35)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát, arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

(36)

Ba cheart do na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát sa tslándáil. Chun athruithe ar bhagairtí slándála inmheánaí agus seachtraí nó ar an staid bhonnlíne a chur san áireamh, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag meántéarma na clárthréimhse agus ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar na sonraí staidrimh, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, agus staid chur chun feidhme a gclár á cur san áireamh.

(37)

De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse na slándála ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistithe a chur in oiriúint d’athruithe ar bhagairtí slándála inmheánaí agus seachtraí agus is gá cistiú a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais is airde ag baint leo. Chun freagairt ar riachtanais phráinneacha agus ar athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun cistiú a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha Aontais ag baint leo, ba cheart cuid den chistiú a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála.

(38)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chistiú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas, go príomha mar gheall ar a mbreisluach suntasach Aontais nó a dtábhacht mhór don Aontas.

(39)

D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme a bhfuil comhar i measc na mBallstát riachtanach ina leith, nó ar chur chun feidhme gníomhachtaí sonracha i gcásanna inar gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas. Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a leagan amach ina chláir oibre.

(40)

Ba cheart don Chiste a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann leis an tslándáil inmheánach chun cur ar chumas na mBallstát na cumais sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Ba cheart costais shonracha a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina n-iomláine a bheith i gceist le tacaíocht den sórt sin agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(41)

Chun cur chun feidhme chuspóir beartais an Chiste a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an gCiste freisin do ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críoch straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála an Chiste i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais nó i measc Ballstáit áirithe. Leis an gCiste, ba cheart tacú le hiarrachtaí na mBallstát, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, dea-chleachtas a mhalartú agus oiliúint chomhpháirteach a chur chun cinn, lena n-áirítear feasacht a mhúscailt i measc foirne forfheidhmithe dlí maidir leis an radacú, agus le gach cineál idirdhealaithe, ba shiocair leis an bhforéigean, amhail an frithsheimíteachas, an frithghiofógachas agus cineálacha eile ciníochais. Chun na críche sin, d’fhéadfaí sainchláir mhalartaithe d’fhoireann shóisearach forfheidhmithe dlí a mhaoiniú.

(42)

Chun acmhainneacht an Aontais a neartú chun freagairt láithreach a thabhairt ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil nó ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar an Aontas, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh éigeandála a sholáthar, i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, níor cheart cúnamh éigeandála den sórt sin a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do bhearta nuair nach mbíonn i gceist acu ach bearta teagmhais nó bearta fadtéarmacha nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna arbh éigean gníomhú ina leith mar nach ndearna na húdaráis inniúla pleanáil agus freagairt leordhóthanach.

(43)

Chun an tsolúbthacht gníomhaíochta is gá a áirithiú agus chun freagairt ar riachtanais atá ag teacht chun cinn ba cheart go bhféadfaí acmhainní airgeadais breise iomchuí a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí díláraithe ionas go mbeidh siad in ann cúraimí éigeandála áirithe a dhéanamh. I gcásanna ina bhfuil an cúram atá le déanamh de chineál atá chomh práinneach sin nach bhféadfaí leasú ar a mbuiséad a thabhairt chun críche in am, ba cheart gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe mar thairbhithe cúnaimh éigeandála, lena n-áirítear i bhfoirm deontas, atá comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais ag institiúidí an Aontais.

(44)

Ó tharla gné thrasnáisiúnta ag roinnt le gníomhaíochtaí an Aontais agus chun an ghníomhaíocht chomhordaithe a chur chun cinn ar mhaithe le comhlíonadh an chuspóra sin arb é an leibhéal is airde slándáil a áirithiú san Aontas é, ba cheart gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe go heisceachtúil le tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear i bhfoirm deontas, i gcás ina gcuidíonn siad le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais a chumhdaítear faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí díláraithe agus nach gcumhdaítear na gníomhaíochtaí sin faoin ranníocaíocht a dhéanann an tAontas faoin mbuiséad bliantúil le buiséad na ngníomhaireachtaí díláraithe sin. Ba cheart an tacaíocht sin a bheith comhsheasmhach leis na tosaíochtaí agus na tionscnamh arna sainaithint ar leibhéal an Aontais ag institiúidí an Aontais chun breisluach Aontais a áirithiú.

(45)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíochtaí buiséadacha faoi ionuithe beartais Chlár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523. Ba cheart tacaíocht airgeadais den sórt sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach, níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Aontais a bheith le gníomhaíochtaí.

(46)

Is ar bhonn deonach a dhéantar oibríochtaí measctha agus is oibríochtaí iad a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta, foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta, nó iad araon, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí cur chun cinn, institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, mar aon le tacaíocht ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí.

(47)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chiste arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(48)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gCiste. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(49)

Chun gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht roinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith ina chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

(50)

Le Rialachán (AE) 2021/1060, bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, don Chiste um Aistriú Cóir, don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí an Chiste a shonrú sa Rialachán seo, agus forálacha sonracha a leagan síos a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoin gCiste.

(51)

Leagtar amach scéim réamh-mhaoiniúcháin le haghaidh an Chiste i Rialachán (AE) 2021/1060, agus socraítear ráta sonrach réamh-mhaoiniúcháin sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir freagairt go pras ar staideanna éigeandála, is iomchuí ráta réamh-mhaoiniúcháin sonrach a bhunú le haghaidh cúnamh éigeandála. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin, ba cheart a áirithiú gurb acmhainn don Bhallstát tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chun feidhme a gclár.

(52)

Ba cheart na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, ualaí riaracháin agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh á gcur san áireamh. Agus an cinneadh sin á dhéanamh, ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a mheas.

(53)

Chun an leas is fearr a bhaint as prionsabal an iniúchta aonair, is iomchuí rialacha sonracha a shocrú maidir le rialú agus iniúchadh tionscadal inarb iad eagraíochtaí idirnáisiúnta, a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais rialaithe inmheánacha, na tairbhithe. I gcás tionscadal den sórt sin, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis bhainistíochta a bhfíoruithe bainistíochta a theorannú ar choinníoll go ndéanann an tairbhí na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá maidir le dul chun cinn an tionscadail agus incháilitheacht an chaiteachais fholuitigh a sholáthar go tráthúil. Ina theannta sin, i gcás inar cuid de shampla iniúchóireachta é tionscadal a chuireann eagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin chun feidhme, ba cheart don údarás iniúchóireachta a bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail an Chaighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Seirbhísí Gaolmhara (ISRS) 4400, Engagements to Perform Agreed-upon Procedures Regarding Financial Information [Cúraimí a dhéanamh i ndáil le Nósanna Imeachta arna gComhaontú maidir le Faisnéis Airgeadais].

(54)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe do mhaoiniú an Aontais na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun nach gcuirfí isteach ar thacaíocht an Aontais ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart a bheith in ann a mheas, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, go mbeidh na costais, arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe do mhaoiniú an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

(55)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (16), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (17) agus (AE) 2017/1939ón gComhairle (18), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú go hiomlán le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(56)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(57)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (20), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chiste agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(58)

De bhun Airteagal 349 CFAE agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach], arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúidí an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin is forimeallaí dul i ngleic leo. Leis an gCiste, ba cheart tacú leis na Ballstáit sin trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí de réir mar is iomchuí.

(59)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chiste ar an talamh. Chun an méid atá bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Chiste. Ar na táscairí sin, ba cheart táscairí cáilíochta agus cainníochtúla a áireamh.

(60)

Trí tháscairí agus trí thuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 agus an Rialacháin seo. Ón mbliain 2023 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta is déanaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart faisnéis a bheith sna tuarascálacha sin maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chláir na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit achoimrí ar na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a aistriú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus iad a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, in éineacht le naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060.

(61)

Ag léiriú a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (22) a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an sprioc iomlán a bhaint amach gurbh é 30 % de chaiteachas uile an chreata airgeadais ilbhliantúil a bheadh á chaitheamh ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus le dul i mbun oibre i dtreo na huaillmhéine gurbh é 7,5 % den bhuiséad a bheadh á chaitheamh ar chaiteachas bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus an forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á chur san áireamh. Ba cheart, leis an gCiste, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(62)

Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus le haon ghníomh is infheidhme maidir le clárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus tionscadail lena dtacaítear leo faoin ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí le linn chlárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go mbeidh forluí idir tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus an chlárthréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme tionscadal áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha maidir le céimniú na dtionscadal a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den tionscadal a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse faoina bhfaigheann sé cistiú.

(63)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(64)

Chun eilimintí neamhriachtanacha sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin faoi Iarscríbhinn VII agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(65)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi chuimsiú an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a bhaineann le cinntí maidir le dámhachtain cúnaimh éigeandála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cineál agus cuspóir cúnaimh den sórt sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(66)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(67)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(68)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (26).

(69)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) ar feadh ré chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

2.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)

cuspóir beartais an Chiste;

(b)

cuspóirí sonracha an Chiste agus bearta chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme;

(c)

an buiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027;

(d)

foirmeacha chistiú an Aontais agus na rialacha chun an cistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha de réir bhrí phointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis na mBallstát atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, dá dtagraítear in Airteagal 87(1) CFAE, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí;

(3)

ciallaíonn “cosc”, a mhéid a bhaineann leis an gcoireacht, gach beart atá beartaithe chun an choireacht agus braistint neamhshláine saoránach a laghdú, nó rannchuidiú leis sin a dhéanamh ar chaoi eile, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle (27);

(4)

ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, líonra, córas nó cuid de chóras atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil, leas eacnamaíoch nó sóisialta na ndaoine a chothabháil, agus a mbeadh tionchar suntasach ag a bhriseadh, a shárú nó a scriosadh i mBallstát nó san Aontas mar thoradh ar an mainneachtain na feidhmeanna sin a chothabháil;

(5)

ciallaíonn “cibearchoireacht” coireannaa mbaineann a ndéanamh le córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (córais TFC) toisc gur gá sin, mar uirlisí chun an choir a dhéanamh nó mar phríomhspriocanna na coire (coireanna cibearbhunaithe), nó coireanna traidisiúnta ar féidir a méid agus a réimse a mhéadú trí úsáid a bhaint as ríomhairí, líonraí ríomhaireachta nó córais TF eile (coireanna cibearchumasaithe);

(6)

ciallaíonn “gníomhaíocht oibríochtúil de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT” gníomhaíocht a dhéantar faoi chuimsiú thimthriall beartais an Aontais um choireacht eagraithe thromchúiseach idirnáisiúnta tríd an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), arb é is aidhm di na bagairtí coireachta eagraithe tromchúisí is tábhachtaí ar an Aontas a chomhrac tríd an gcomhar idir na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a spreagadh;

(7)

ciallaíonn “malartú faisnéise” bealach slán ina ndéantar bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú, aistriú agus rochtain ar fhaisnéis atá ábhartha do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE agus do Europol agus do ghníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais i ndáil le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla, go háirithe an choireacht thromchúiseach eagraithe trasteorann agus an sceimhlitheoireacht;

(8)

ciallaíonn “coireacht eagraithe” iompar inphionóis a bhaineann le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (28);

(9)

ciallaíonn “ullmhacht” aon ghníomhaíocht arb é is aidhm di go sonrach na rioscaí a bhaineann le hionsaithe féideartha sceimhlitheoireachta nó le teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc nó a laghdú faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(10)

ciallaíonn “sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen” an sásra meastóireachta agus faireacháin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013;

(11)

ciallaíonn “sceimhlitheoireacht” aon cheann de na gníomhartha intinniúla agus na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(12)

ciallaíonn “staid éigeandála” aon teagmhas a bhaineann leis an tslándáil, aon bhagairt nua atá ag teacht chun cinn nó aon leochaileacht a braitheadh le déanaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ag a bhfuil drochthionchar nach beag ar shlándáil na ndaoine, spásanna poiblí nó bonneagair chriticiúil i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó a bhféadfadh an tionchar sin a bheith ag roinnt leis nó léi;

(13)

ciallaíonn “airgead taispeána” fíorairgead tirim a thaispeántar le linn imscrúdú coiriúil mar chruthú ar leachtacht agus sócmhainneacht d’amhrastaigh nó do dhaoine eile a bhfuil faisnéis acu maidir le hinfhaighteacht nó seachadadh, nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe, chun bréagcheannach a dhéanamh ar mhaithe le hamhrastaigh a ghabháil, ionaid táirgeachta neamhdhleathacha a shainaithint nó deireadh a chur le grúpa coireachta eagraithe;

(14)

ciallaíonn “radacú” próiseas céimnithe casta a mbíonn antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht mar thoradh air, agus, ina dtaobhaíonn duine aonair nó grúpa daoine aonair chuige le hidé-eolaíocht nó creideamh radacach a úsáideann nó a bhfuil glacadh aige le foréigean, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta, chun sprioc shonrach pholaitiúil, reiligiúnach nó idé-eolaíoch a bhaint amach;

(15)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí sonracha” tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta as a n-eascraíonn breisluach Aontais i gcomhréir le cuspóirí an Chiste a d’fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir;

(16)

ciallaíonn “tacaíocht oibriúcháin” cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid chun tacú leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a chur i gcrích agus seirbhísí a sholáthar arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas iad, a mhéid a rannchuidíonn siad le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas;

(17)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí Aontais” tionscadail thrasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Chiste.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chiste

1.   Is é cuspóir an Chiste rannchuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a áirithiú, go háirithe tríd an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, trí chúnamh agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na coireachta, agus trí ullmhú do theagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, cosaint a thabhairt orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste, rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus laistigh díobh, a fheabhsú agus a éascú;

(b)

comhar trasteorann, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha, idir údaráis inniúla a fheabhsú agus a ghéarú i dtaca leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi; agus

(c)

tacú le cumais na mBallstát a neartú i ndáil leis an gcoireacht, an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc agus a chomhrac, mar aon le teagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil a bhainistiú, lena n-áirítear trí chomhar méadaithe idir údaráis phoiblí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe príobháideacha i mBallstáit éagsúla.

3.   Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Urraim do chearta bunúsacha

Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gCiste a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine. Go háirithe, le gníomhaíochtaí den sórt sin, comhlíonfar an Chairt, dlí cosanta sonraí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD). Agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu faoin gCiste, déanfaidh na Ballstáit, nuair is féidir, aird ar leith a thabhairt ar chúnamh agus cosaint a thabhairt do dhaoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan.

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Laistigh dá chuspóirí agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II, leis an gCiste, tacófar, go háirithe, le gníomhaíochtaí den chineál a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.   Chun a chuspóirí a bhaint amach, féadfar, leis an gCiste, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus faoi réir coimircí iomchuí, tacú, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, comhordú le beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha an Aontais. Áiritheoidh siad, go háirithe, maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha:

(a)

go ndéanfar iad i sineirge agus i gcomhtháthú le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí eile de chuid an Aontais;

(b)

go mbeidh siad comhsheasmhach le beartas seachtrach an Aontais, go ndéanfaidh siad prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt a urramú agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i gceist;

(c)

go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt; agus

(d)

go rachaidh siad chun leas bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas.

4.   Féadfar úsáid a bhaint as trealamh agus córais TFC arna maoiniú faoin gCiste sa réimse comhlántach a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1148. Beidh trealamh agus córais TFC den sórt sin ar fáil i gcónaí agus beidh siad in-imscartha chun cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

Maidir le húsáid trealaimh sa réimse comhlántach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh níos mó ná 30 % den tréimhse iomlán ina n-úsáidtear an trealamh sin i gceist.

Córais TFC a úsáidtear sa réimse comhlántach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthrófar leo sonraí agus seirbhísí chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht faoi aon úsáid bhreise den sórt sin agus faoin áit ina n-imscartar trealamh agus córais TFC.

5.   Ní bheidh na nithe seo a leanas incháilithe:

(a)

gníomhaíochtaí atá teoranta don ord poiblí a choinneáil ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun críche míleata nó cosanta;

(c)

trealamh arb é rialú custaim is príomhchuspóir dó;

(d)

trealamh comhéigeantach, lena n-áirítear armáin, armlón, pléascáin agus smachtíní círéibe, cé is moite de chríocha oiliúna;

(e)

luach saothair agus airgead taispeána d’fhaisnéiseoirí lasmuigh de chreat gníomhaíochta oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina dtarlaíonn staid éigeandála, féadfar gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a mheas mar ghníomhaíochtaí incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.   Leis an tacaíocht arna soláthar faoin gCiste, comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht arna soláthar faoin gCiste agus a sholáthraíonn na Ballstáit comhsheasmhacht le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach leis an tacaíocht arna soláthar faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.   Déanfar an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

An buiséad

1.   Is é EUR 1 931 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)

déanfar EUR 1 352 000 000 a leithdháileadh ar chláir na mBallstát;

b)

déanfar EUR 579 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

3.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, déanfar suas le 0,84 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060 le haghaidh chur chun feidhme an Chiste.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh ar Bhallstát ó aon cheann de na cistí faoin Rialachán sin faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an gCiste faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 8

Forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme na saoráide téamaí

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(2) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí shaoráid théamach, trí úsáid a bhaint as bainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre.

Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna agus is iad na nithe seo a leanas na comhpháirteanna sin:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha;

(b)

gníomhaíochtaí de chuid an Aontais; agus

(c)

cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

As an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(2) den Rialachán seo, tabharfar tacaíocht freisin don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Le cistiú ón tsaoráid théamach, tabharfar aghaidh ar thosaíochtaí a bhfuil ardbhreisluach Aontais ag baint leo nó úsáidfear é chun freagairt ar riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a léirítear in Iarscríbhinn II. Úsáidfear cistiú ón tsaoráid théamach chun tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha, faoi chuimsiú chuspóirí an Chiste, go háirithe chun rannchuidiú leis an gcoireacht a chomhrac agus a chosc, lena n-áirítear an gháinneáil ar dhrugaí, an gháinneáil ar dhaoine agus líonraí smuigleála coiriúla trasteorann a chomhrac.

A mhéid is féidir, is comhréireach leis na dúshláin agus na riachtanais a bheidh leithdháileadh acmhainní na saoráide téamaí ar na tosaíochtaí éagsúla chun a áirithiú gur féidir cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le líonraí ábhartha, go háirithe d’fhonn na cláir oibre do ghníomhaíochtaí an Aontais a mhaoinítear faoin gCiste a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

4.   Nuair a sholáthraítear cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach do na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún nach roghnófar tionscadail a bhfuil tionchar orthu ag tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE, tionscadail lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht na dtionscadal sin.

5.   Chun críocha Airteagal 23 agus Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina gcuirtear cistiú ón tsaoráid théamach chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann nach ndéanfar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe le tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht na ngníomhaíochtaí.

6.   Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán atá le cur ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a ghlacadh don tsaoráid théamach, lena sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh á dtacú agus lena sonrófar na méideanna do gach ceann de na comhpháirteanna dá dtagraítear sa dara fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Le cinntí maoiniúcháin den sórt seo, leagfar amach, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí maoiniúcháin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chumhdach leo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3) den Rialachán seo.

8.   Tar éis dó cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an Coimisiún cláir na mBallstát a leasú dá réir.

ROINN 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

Airteagal 9

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(2) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir leis an gcinneadh maoiniúcháin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 10

Acmhainní buiséadacha

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(2) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát go táscach mar a leanas:

(a)

EUR 1 127 000 000 i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)

EUR 225 000 000 le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar chláir na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.   I gcás nach leithdháilfear go hiomlán an méid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an méid atá fágtha a chur leis an méid dá dtagraítear i bpointe (b) Airteagal 7(2).

Airteagal 11

Réamh-mhaoiniú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an réamh-mhaoiniú don Chiste a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na gcistí atá ar fáil, mar a leanas:

(a)

2021: 4 %;

(b)

2022: 3 %;

(c)

2023: 5 %;

(d)

2024: 5 %;

(e)

2025: 5 %;

(f)

2026: 5 %.

2.   I gcás ina nglacfar clár de chuid Ballstáit tar éis an 1 Iúil 2021, íocfar na tráthchodanna is luaithe i mbliain a ghlactha.

Airteagal 12

Rátaí cómhaoinithe

1.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail.

2.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail a chuirtear chun feidhme faoi ghníomhaíochtaí sonracha.

3.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tacaíocht oibriúcháin.

5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

6.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i bpointe (b)(vi) d’Airteagal 36(5) de Rialachán (AE) 2021/1060.

7.   Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár de chuid Ballstáit, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta a chumhdaítear leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 go 6.

8.   Leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún ina bhformheasfar clár de chuid Ballstáit le haghaidh gach cineáil gníomhaíochta cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe i leith na nithe seo a leanas:

(a)

an ranníocaíocht iomlán, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí poiblí agus príobháideacha; nó

(b)

an ranníocaíocht phoiblí agus an ranníocaíocht sin amháin.

Airteagal 13

Cláir na mBallstát

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu ina chláir comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse na slándála agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ina gcláir ar na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán(AE) 2021/1060.

2.   Chun críocha mhír 1, agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, leithdháilfidh gach Ballstát:

(a)

íosmhéid 10 % de na hacmhainní arna leithdháileadh faoi Airteagal 10(1) ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2); agus

(b)

íosmhéid 10 % de na hacmhainní arna leithdháileadh faoi Airteagal 10(1) ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

3.   Ní fhéadfaidh Ballstát méid níos lú ná na híoschéatadáin dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ach amháin i gcás ina dtabharfaidh sé míniú mionsonraithe ina chlár lena léiriú cén fáth nach gcuirfí baint amach an chuspóra ábhartha i mbaol dá ndéanfaí acmhainní faoi bhun an leibhéil sin a leithdháileadh.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe ábhartha a chur san áireamh, go luath agus go tráthúil, agus cláir na mBallstát á bhforbairt.

5.   Chun an forluí a sheachaint, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais maidir le ceapadh a gcuid gníomhaíochtaí, go háirithe agus gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT nó gníomhaíochtaí arna gcomhordú ag an Tascfhórsa Comhpháirteach in aghaidh na Cibearchoireachta á gcur chun feidhme acu, agus maidir le ceapadh a ngníomhaíochtaí oiliúna.

6.   Féadfaidh an Coimisiún rannpháirt a thabhairt do ghníomhaireachtaí ábhartha, i gcás inarb iomchuí, maidir leis na cúraimí faireacháin agus meastóireachta mar a shonraítear i Roinn 5, go háirithe d’fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais.

7.   Féadfar uasmhéid 35 % de leithdháileadh cláir de chuid Ballstáit a úsáid chun trealamh a cheannach, le haghaidh modhanna iompair nó chun saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo a thógáil. Ní fhéadfar an t-uasmhéid sin a shárú ach i gcásanna cuí-réasúnaithe.

8.   Ina gcláir, tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht d’aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais agus acquis an Aontais i réimse na slándála, go háirithe malartú éifeachtúil faisnéise ábhartha agus cruinne agus cur chun feidhme chomhpháirteanna an chreata le haghaidh idir-inoibritheacht chórais faisnéise AE;

(b)

moltaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a dhéantar faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(c)

easnaimh thírshonracha a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a shainaithnítear faoi chuimsiú riachtanais oiliúna amhail moltaí an tSeimeastair Eorpaigh i réimse an éillithe.

9.   I gcás inar gá, déanfar clár an Bhallstáit atá i gceist a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 chun na moltaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 8 den Airteagal seo a chur san áireamh.

10.   Saothróidh na Ballstáit go háirithe na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV ina gcláir. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn IV a leasú.

11.   Gach uair a chinneann Ballstát tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tír nó i ndáil le tríú tír, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula ndéanfar an tionscadal a fhormheas.

12.   Beidh clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuimseofar leis miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir chineál na hidirghabhála laistigh de gach cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 14

Athbhreithniú meántéarma

1.   In 2024, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (2) den chéad mhír d’Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach amhail ón 1 Eanáir 2025.

2.   I gcás nach gcumhdaítear 10 % ar a laghad de leithdháileadh tosaigh ar chlár dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo trí iarratais ar íocaíocht arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán(AE) 2021/1060, ní bheidh an Ballstát lena mbaineann incháilithe chun an leithdháileadh breise ar a chlár dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo a fháil.

3.   Agus na cistí ón tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo á leithdháileadh amhail ón 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le clocha míle an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1060 a bhaint amach agus laigí a sainaithníodh maidir leis an gcur chun feidhme.

Airteagal 15

Gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfaidh Ballstát cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh an cistiú sin curtha in iúl ina dhiaidh sin mar sin ina chlár agus go n-úsáidfear é chun rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí an Chiste, lena n-áirítear bagairtí nua atá ag teacht chun cinn a chumhdach.

2.   Ní úsáidfear cistiú do ghníomhaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit, ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar chlár an Bhallstáit.

Airteagal 16

Tacaíocht oibriúcháin

1.   Féadfaidh Ballstát suas le 20 % den mhéid a leithdháilfear ar a chlár faoin gCiste a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a chur i gcrích agus na seirbhísí a sholáthar arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas.

2.   Agus úsáid á baint acu as tacaíocht oibriúcháin, comhlíonfaidh Ballstát acquis an Aontais maidir leis an tslándáil.

3.   Míneoidh Ballstát, ina chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 30, conas a rannchuideofar, le húsáid na tacaíochta oibriúcháin, le cuspóirí an Chiste a bhaint amach. Sula bhformheasfaidh sé clár an Bhallstáit, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bhonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin, agus an fhaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit sin, mar aon le haon mholtaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen nó sásraí rialaithe cáilíochta nó meastóireachta eile, á gcur san áireamh, de réir mar is infheidhme.

4.   Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le caiteachas mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

5.   Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VII a leasú i leith caiteachas atá incháilithe le haghaidh tacaíocht oibriúcháin.

Airteagal 17

Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar thionscadail arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó lena ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais, a rialacha agus a nósanna imeachta de bhun Airteagal 154(4) agus (7) den Rialachán sin chun críche deontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais a chur chun feidhme go hindíreach (“eagraíochtaí idirnáisiúnta”).

2.   Gan dochar do phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 83 de Rialachán (AE) 2021/1060 ná d’Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, i gcás inar tairbhí an eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021//1060, ní cheanglófar ar an údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 a dhéanamh ar an gcoinníoll go gcuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

3.   Gan dochar do phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta go gcomhlíontar, leis an tionscadal, an dlí is infheidhme agus na coinníollacha maidir le tacaíocht don tionscadal.

4.   Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

rinneadh sonraisc agus an cruthúnas gur íoc an tairbhí iad a fhíorú;

(b)

na taifid chuntasaíochta nó na cóid chuntasaíochta arna gcoinneáil ag an tairbhí le haghaidh idirbhearta a bhaineann leis an gcaiteachas a dearbhaíodh leis an údarás bainistíochta, rinneadh iad a fhíorú.

5.   I gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (b), (c) nó (d) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021//1060, daingneofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le caiteachas a aisíoc.

6.   Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais ar fáil don údarás bainistíochta mar aon le gach éileamh ar íocaíocht arna thíolacadh ag an tairbhí.

7.   Cuirfidh an tairbhí na cuntais faoi bhráid an údaráis bainistíochta gach bliain faoin 15 Deireadh Fómhair. Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta ag gabháil leis na cuntais, tuairim a tarraingíodh suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Suífear leis an tuairim sin cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn na córais rialaithe a cuireadh ar bun mar is ceart agus atá nó nach bhfuil siad costéifeachtach, agus cé acu atá nó nach bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta. Luafar sa tuairim freisin cé acu a chuireann nó nach gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sna dearbhuithe bainistíochta a thíolaic an eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le hamhras faoi chalaois. Déanfar leis an tuairim sin a chinntiú gur caiteachas dlíthiúil agus rialta atá sa chaiteachas sin atá san áireamh sna héilimh ar íocaíocht a chuireann an eagraíocht idirnáisiúnta faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

8.   Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann cheana tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 a tharraingt suas. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid sin trí bheith ag brath ar na doiciméid a chuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta ar fáil de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 den Airteagal seo, seachas bheith ag brath ar na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) den Rialachán sin.

9.   Áireofar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo sa doiciméad lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2021//1060.

10.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, agus dá bharr sin ceanglófar ar údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

(a)

sainaithníonn an t-údarás bainistíochta sin riosca sonrach neamhrialtachta nó léiriú calaoise i ndáil le tionscadal arna thionscnamh nó arna chur chun feidhme ag an eagraíocht idirnáisiúnta;

(b)

teipeann ar an eagraíocht idirnáisiúnta sin na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chur faoi bhráid an údaráis bainistíochta sin; nó

(c)

tá na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a thíolaic an eagraíocht idirnáisiúnta neamhiomlán.

11.   I gcás inar cuid de shampla dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2021/1060 tionscadal inar tairbhí í eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 den Rialachán sin, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a chuid oibre a dhéanamh ar bhonn foshampla d’idirbhearta a bhaineann leis an tionscadal sin. I gcás ina n-aimseofar earráidí san fhoshampla, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta, más ábhartha, a iarraidh ar iniúchóir na heagraíochta idirnáisiúnta measúnú a dhéanamh ar raon feidhme iomlán agus ar líon iomlán na n-earráidí sa tionscadal sin.

ROINN 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

Airteagal 18

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Roinn seo chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin.

Airteagal 19

Eintitis incháilithe

1.   Tá na heintitis seo a leanas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas:

(a)

eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

(i)

i mBallstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

i dtríú tír atá liostaithe sa chlár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3;

(b)

eintitis dhlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta is ábhartha chun críocha an Chiste.

2.   Níl daoine nádúrtha incháilithe do mhaoiniú ón Aontas.

3.   Eintitis dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 1, beidh siad rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas atá comhdhéanta de dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, a bhfuil ceann amháin acu ar a laghad bunaithe i mBallstát.

Áiritheoidh eintitis atá rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go gcomhlíonfar, leis na gníomhaíochtaí ina mbeidh siad rannpháirteach, na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt agus go rannchuideofar le baint amach chuspóirí an Chiste.

Airteagal 20

Gníomhaíochtaí Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Chiste.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar cistiú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar leo freisin.

3.   Go heisceachtúil, féadfaidh gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe do chistiú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí Aontais nuair a chuidíonn siad le cur chun feidhme gníomhaíochtaí Aontais a thagann faoi inniúlacht na ngníomhaireachtaí díláraithe sin, agus nach bhfuil na gníomhaíochtaí sin cumhdaithe ag an ranníocaíocht ón Aontas le buiséad na ngníomhaireachtaí díláraithe sin tríd an mbuiséad bliantúil.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.   Féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí, dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

6.   Trí bhíthin ranníocaíochtaí a dhéantar le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695.

Airteagal 21

Oibríochtaí measctha

Déanfar oibríochtaí measctha faoin gCiste a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar, leis an gCiste, tacú le cúnamh teicniúil arna chur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, ag ráta maoinithe 100 %.

Airteagal 23

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 24

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach, fiúntach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Déanfar infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú agus déanfar faisnéis den sórt sin a sholáthar, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nuair nach féidir nó nach iomchuí faisnéis den sórt sin a thaispeáint go poiblí nó i gcás ina mbeidh scaoileadh faisnéise den sórt sin srianta de réir an dlí, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil, leis an ord poiblí, le himscrúduithe coiriúla nó le cosaint sonraí pearsanta. Chun infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú, déanfaidh faighteoirí an chistithe de chuid an Aontais tagairt d’fhoinse an chistithe sin agus cumarsáid á déanamh acu go poiblí maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann, agus cuirfidh siad suaitheantas an Aontais ar taispeáint.

2.   Chun an oiread daoine agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Chiste agus leis na torthaí a fhaightear a chur chun feidhme.

Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gCiste ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí an Chiste.

3.   Foilseoidh an Coimisiún cláir oibre na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8. Maidir le tacaíocht a chuirfear ar fáil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Foilseofar an fhaisnéis sin i bhformáid oscailte atá meaisín-inléite ionas gur féidir na sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint agus a chur i gcomparáid le chéile.

ROINN 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach

Airteagal 25

Cúnamh éigeandála

1.   Leis an gCiste, soláthrófar cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i staideanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo.

Mar fhreagairt ar staid éigeandála den sórt sin a bhfuil údar cuí léi, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh éigeandála a sholáthar laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil.

2.   Féadfaidh cúnamh éigeandála a bheith i bhfoirm deontais a dhámhfar go díreach do na gníomhaireachtaí díláraithe.

3.   Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar an leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh ina dhiaidh sin i gcláir an Bhallstáit. Ní úsáidfear an cistiú sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar chlár an Bhallstáit. Féadfaidh suas le 95 % den ranníocaíocht ón Aontas a bheith sa réamh-mhaoiniú le haghaidh cúnamh éigeandála, ach cistí a bheith ar fáil.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.   I gcás inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh don ghníomhaíocht sin, ar choinníoll nár tabhaíodh an caiteachas sin roimh an 1 Eanáir 2021.

6.   Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil le haghaidh cúnamh éigeandála, féadfaidh an Coimisiún cinneadh maoiniúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, a ghlacadh ar leithligh le haghaidh cúnamh éigeandála trí bhíthin gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(4). Fanfaidh gníomh den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí.

Airteagal 26

Maoiniú carnach agus maoiniú malartach

1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gCiste, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   I gcomhréir le Airteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus tacú le gníomhaíochtaí ar sannadh lipéad Séala Barr Feabhais mar a shainmhínítear i bpointe (45) d’Airteagal 2 den Rialachán sin dóibh. Ionas go ndéanfar lipéad Séala Barr Feabhais a shannadh dóibh, comhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas leis na gníomhaíochtaí:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gCiste;

(b)

comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

ROINN 5

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Foroinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 27

Faireachán agus tuairisciú

1.   I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun phointe (h)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn V a leasú chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2). Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna clocha míle a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

4.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an chláir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí chistí an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

5.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chiste i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 32, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n-áirítear maidir le faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag aon leasú ar Iarscríbhinn VIII ach amháin maidir le tionscadail a roghnófar tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe sin.

Airteagal 28

Tuairisciú ar an tsaoráid théamach

Tuairisceoidh an Coimisiún ar úsáid agus ar dháileadh na saoráide téamaí, dá dtagraítear in Airteagal 8, idir a comhpháirteanna, lena n-áirítear ar an tacaíocht arna soláthar do ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha faoi ghníomhaíochtaí an Aontais. Nuair a dhéanann Parlaimint na hEorpa, ar bhonn na faisnéise a cuireadh faoina bráid, moltaí maidir le gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh faoin tsaoráid théamach, féachfaidh an Coimisiún leis na moltaí sin a chur san áireamh.

Airteagal 29

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Rialachán seo. De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar measúnú sa mheastóireacht mheántéarma ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Chiste, lena n-áirítear an dul chun cinn a bheidh déanta i dtreo bhaint amach a chuspóirí, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil cheana á cur san áireamh, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 30 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(b)

éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní arna leithdháileadh ar an gCiste agus éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta agus rialaithe arna gcur i bhfeidhm chun é a chur chun feidhme;

(c)

ábharthacht agus oiriúnacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

an comhordú, an comhtháthú agus an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais;

(e)

breisluach Aontais na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma sin torthaí na meastóireachta cúlghabhálaí ar éifeachtaí an Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020.

2.   De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar sa mheastóireacht chúlghabhálach na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo. Thairis sin, déanfar meastóireacht ar thionchar an Chiste.

3.   Déanfar an mheastóireacht mheántéarma agus an mheastóireacht chúlghabhálach ar bhealach tráthúil chun rannchuidiú leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún nach n-áireofar sna meastóireachtaí faisnéis a bhféadfadh a scaipeadh oibríochtaí slándála a chur i mbaol.

5.   Sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chúlghabhálach, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme le tríú tíortha, a chuirfear chun feidhme i dtríú tíortha, nó a chuirfear chun feidhme i ndáil le tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 13(11) agus Airteagal 19.

Foroinn 2

Rialacha maidir le bainistíocht roinnte

Airteagal 30

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.   Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2031 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Leis an tréimhse thuairiscithe, cumhdófar an bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021//1060, roimh an mbliain a thíolacfar an tuarascáil. Leis an tuarascáil a thíolacfar faoin 15 Feabhra 2023, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021.

2.   Leagfar amach sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár an Bhallstáit agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach, agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 á gcur san áireamh;

(b)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht chlár an Bhallstáit agus don ghníomhaíocht arna déanamh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste;

(c)

an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha;

(d)

rannchuidiú chlár an Bhallstáit le cur chun feidhme acquis agus pleananna gníomhaíochta ábhartha an Aontais;

(e)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)

comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin is infheidhme agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse, go háirithe comhlíonadh na gceart bunúsach;

(g)

cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i ndáil le tríú tír.

Áireofar sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht achoimre ina gcumhdófar na pointí ar fad a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hachoimrí a chuireann na Ballstáit ar fáil a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad.

3.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl maidir le tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaigheann sé na tuarascálacha sin. I gcás nach gcuirfidh an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis an tuarascáil.

4.   Ar a shuíomh gréasáin, soláthróidh an Coimisiún na naisc chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 31

Faireachán agus tuairisciú faoi bhainistíocht roinnte

1.   Le faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2021//1060, úsáidfear, de réir mar is iomchuí, na cóid maidir leis na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach an chistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VI a leasú.

2.   Úsáidfear na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus Airteagail 22 agus 42 de Rialachán (AE) 2021//1060.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(10), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (5) agus Airteagal 31(1) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(10), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (5) agus Airteagal 31(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(10), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (5) nó Airteagal 31(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 33

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chistí Gnóthaí Baile a bunaíodh le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1148 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 34

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas na ngníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Ionstraim Phóilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020 (“ISF Póilíní”), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014. Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t-aistriú idir an Ciste agus na bearta a glacadh de bhun ISF Póilíní a áirithiú, féadfar na speanais sin a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais don Chiste freisin.

3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, ag cur san áireamh theacht i bhfeidhm mhoillithe an Rialacháin seo agus chun leanúnachas a áirithiú, ar feadh tréimhse teoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe iad na costais arna dtabhú i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach, agus a bhfuil tús curtha leo cheana, do mhaoiniú amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

4.   Féadfaidh na Ballstáit tar éis an 1 Eanáir 2021 leanúint de thacaíocht a thabhairt do thionscadal a roghnaíodh agus a tosaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha a leanas:

(a)

tá dhá chéim ag an tionscadal is féidir a shainaithint ó thaobh an airgeadais de, le rianta iniúchta ar leith;

(b)

is mó ná EUR 500 000 costas iomlán an tionscadail;

(c)

áireofar íocaíochtaí a dhéanfaidh an t-údarás freagrach le tairbhithe don chéad chéim den tionscadal sna hiarrataí ar íocaíocht chuig an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus áireofar caiteachas don dara céim den tionscadal in iarratais ar íocaíocht faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(d)

leis an dara céim den tionscadal, comhlíonfar an dlí is infheidhme agus tá sé incháilithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(e)

geallfaidh an Ballstát go dtabharfaidh sé an tionscadal chun críche, féachfaidh sé chuige go mbeidh sé oibríochtúil agus déanfaidh sé é a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht arna tíolacadh faoin 15 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus ag forálacha Rialachán (AE) 2021//1060 maidir leis an dara céim de thionscadal dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le tionscadail a roghnaíodh faoi bhainistíocht roinnte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 189.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ag an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 268, 6.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2007/125/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (féach leathanach 48 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (IO L 234, 2.7.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(8)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (IO L 156, 5.5.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Cheartas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 (IO L 156, 5.5.2021, lch. 21).

(11)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (AE) (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(13)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28

(14)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(17)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(18)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(20)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(21)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(22)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(23)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(26)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(27)  Cinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta (EUCPN) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/427/CGB (IO L 321, 8.12.2009, lch. 44).

(28)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(29)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).


IARSCRÍBHINN I

CRITÉIR MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH CISTITHE AR CHLÁIR NA mBALLSTÁT

Leithdháilfear na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 10 ar chláir na mBallstát mar seo a leanas:

(1)

leithdháilfear méid socraithe aonuaire EUR 8 000 000 ar gach Ballstát ag tús na clárthréimhse;

(2)

leithdháilfear na hacmhainní buiséadacha atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 10 de réir na gcritéar seo a leanas:

(a)

déanfar 45 % de na hacmhainní buiséadacha atá fágtha a leithdháileadh i gcomhréir inbhéartach le holltáirgeacht intíre gach Ballstáit (caighdeán na cumhachta ceannaigh in aghaidh an áitritheora);

(b)

déanfar 40 % de na hacmhainní buiséadacha atá fágtha a leithdháileadh i gcomhréir le méid daonra gach Ballstáit;

(c)

déanfar 15 % de na hacmhainní buiséadacha atá fágtha a leithdháileadh i gcomhréir le méid críoch gach Ballstáit.

Bunófar leithdháileadh tosaigh na n-acmhainní buiséadacha atá fágtha dá dtagraítear i bpointe (2) den chéad mhír ar na sonraí staidrimh bliantúla arna dtáirgeadh ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gcumhdaítear an bhliain 2019. Maidir leis an measúnú meántéarmach, is é a bheidh sna figiúirí tagartha na sonraí staidrimh bliantúla a bheidh foilsithe ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gcumhdófar an bhliain 2023. I gcás nach mbeidh na sonraí do bhliain ar leith curtha ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ag Ballstát, féadfaidh an Coimisiún na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil roimh an mbliain lena mbaineann a úsáid don Bhallstát sin.


IARSCRÍBHINN II

BEARTA CUR CHUN FEIDHME

1.   

Leis an gCiste, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo a bhaint amach trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le slándáil a áirithiú trí thacú le faisnéis ábhartha a mhalartú, mar shampla trí bhíthin Prüm, Taifead Ainmneacha Paisinéirí an Aontais (EU PNR) agus SIS II, lena n-áirítear trí cur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen nó sásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta eile;

(b)

córais faisnéise AE agus díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo a chur ar bun, a chur in oiriúint agus a chothabháil, lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht a áirithiú, agus uirlisí iomchuí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí arna sainaithint;

(c)

úsáid ghníomhach a mhéadú i dtaca le córais faisnéise AE agus díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo á áirithiú go bhfuil sonraí ar ardcháilíocht á soláthar dóibh; agus

(d)

tacú le bearta ábhartha náisiúnta lena n-áirítear idirnascadh na mbunachar sonraí náisiúnta a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo agus nasc na mbunachar sonraí sin le bunachair sonraí an Aontais dá bhforáiltear i mbunúis dlí ábhartha, más ábhartha chun na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a chur chun feidhme.

2.   

Leis an gCiste, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) a bhaint amach trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

líon na n-oibríochtaí forfheidhmithe dlí a mhéadú lena bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí lena bhfuil baint ag gníomhaithe ábhartha eile, go háirithe trí úsáid foirne comhpháirteacha imscrúdaithe, patróil chomhpháirteacha, dearg-thóir, faireachas discréideach agus sásraí eile don chomhar oibríochtúil a fheabhsú agus a éascú i gcomhthéacs thimthriall beartais an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar oibríochtaí trasteorann;

(b)

feabhas a chur ar an gcomhordú agus comhar na n-údarás inniúil a mhéadú laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstát agus le gníomhaithe ábhartha eile, mar shampla trí líonraí d’aonaid speisialaithe náisiúnta, líonraí agus struchtúir chomhair de chuid an Aontais, agus lárionaid de chuid an Aontas; agus

(c)

an comhar idirghníomhaireachta ar leibhéal an Aontais a fheabhsú i measc na mBallstát, agus idir na Ballstáit agus na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, chomh maith le feabhas a chur ar chomhar ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás inniúil laistigh de gach Ballstát.

3.   

Leis an gCiste, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) a bhaint amach trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

an oiliúint, na cleachtaí agus an fhoghlaim fhrithpháirteach, cláir speisialaithe malartaithe agus comhroinnt an dea-chleachtais a mhéadú in údaráis inniúla na mBallstát agus eatarthu, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus le tríú tíortha agus le gníomhaithe ábhartha eile;

(b)

leas a bhaint as sineirgí trí acmhainní agus eolas a chomhroinnt agus dea-chleachtas a roinnt idir na Ballstáit agus gníomhaithe ábhartha eile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta trí bhíthin, mar shampla, ionaid chomhpháirteacha barr feabhais a chruthú, measúnuithe riosca comhpháirteacha a fhorbairt, nó lárionaid choiteanna tacaíochta oibríochtúla le haghaidh oibríochtaí arna gcur i gcrích go comhpháirteach;

(c)

bearta, coimircí, sásraí agus dea-chleachtais a chur chun cinn agus a fhorbairt chun sainaithint luath, cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’fhinnéithe, do sceithirí agus d’íospartaigh na coireachta agus, chuige sin, comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir údaráis phoiblí agus gníomhaithe ábhartha eile;

(d)

trealamh ábhartha a fháil agus saoráidí speisialaithe oiliúna agus bonneagar riachtanach eile a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leis a chur ar bun nó a uasghrádú chun ullmhacht, teacht aniar, feasacht an phobail agus freagairt leordhóthanach a mhéadú a mhéid a bhaineann le bagairtí slándála; agus

(e)

bonneagar criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil trí leochaileachtaí a bhrath, a mheasúnú agus a dhúnadh.


IARSCRÍBHINN III

RAON FEIDHME NA TACAÍOCHTA

Laistigh dá chuspóirí, leis an gCiste, féadfar tacú leis na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

córais TFC, lena rannchuidítear le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo, a chur ar bun, a chur in oiriúint agus a chothabháil, oiliúint ar úsáid na gcóras sin, agus idir-inoibritheacht, comhpháirteanna agus cáilíocht sonraí na gcóras sin a thástáil agus a fheabhsú;

(b)

faireachán ar chur chun feidhme dhlí an Aontais agus chuspóirí beartais an Aontais sna Ballstáit i réimse na gcóras faisnéise atá ábhartha ó thaobh na slándála de, lena n-áirítear cosaint sonraí, príobháideacht agus slándáil sonraí;

(c)

gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT;

(d)

gníomhaíochtaí lena dtacaítear le freagairt éifeachtach chomhordaithe ar chásanna géarchéime agus trína nascfar le chéile na sainchumais, na lárionaid saineolais agus na lárionaid feasachta staide atá ann cheana a bhaineann go sonrach le hearnálacha, lena n-áirítear iad siúd don tsláinte, don chosaint shibhialta, don sceimhlitheoireacht agus don chibearchoireacht;

(e)

gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a n-imscartar teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(f)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn an teacht aniar a mhéid a bhaineann bagairtí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear an gháinneáil trí bhealaí ar líne, bagairtí hibrideacha, úsáid mhailíseach aerchóras gan foireann agus bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha;

(g)

tacaíocht a chur ar fáil do líonraí téamacha nó trastéamacha d’aonaid speisialaithe náisiúnta agus pointí teagmhála náisiúnta chun feabhas a chur ar mhuinín fhrithpháirteach, ar mhalartú agus scaipeadh feasa gnó, faisnéise, taithí agus na ndea-chleachtas, ar chomhthiomsú acmhainní agus saineolais in ionaid chomhpháirteacha barr feabhais;

(h)

oideachas agus oiliúint do bhaill foirne agus do shaineolaithe in údaráis ábhartha forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha agus i ngníomhaireachtaí riaracháin ábhartha, agus riachtanais oibríochtúla agus anailís ar rioscaí á gcur san áireamh, i gcomhar le CEPOL agus, nuair is infheidhme, leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, lena n-áirítear oideachas agus in oiliúint maidir le beartais um chosc, a dhíríonn go sonrach ar chearta bunúsacha agus neamh-idirdhealú;

(i)

comhar leis an earnáil phríobháideach, mar shampla sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta, chun an mhuinín a thógáil agus feabhas a chur ar an gcomhordú, ar an bpleanáil teagmhais agus ar mhalartú agus scaipeadh na faisnéise agus na ndea-chleachtas i measc gníomhaithe poiblí agus gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear le linn spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint;

(j)

gníomhaíochtaí lena gcumasaítear pobail chun roinnt cineálacha cur chuige áitiúil agus beartais um chosc a fhorbairt, mar aon le gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus gníomhaíochtaí cumarsáide, i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne maidir le beartais slándála an Aontais;

(k)

maoiniú trealaimh, modhanna iompair, córas chumarsáide agus saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo;

(l)

maoiniú chostas na mball foirne a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste nó le gníomhaíochtaí a bhfuil gá le rannpháirtíocht foirne ina leith ar chúiseanna teicniúla nó cúiseanna a bhaineann le slándáil.


IARSCRÍBHINN IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12(3) AGUS AIRTEAGAL 13(10)

(1)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh an radacú a chosc agus a throid

(2)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar idir-inoibritheacht chórais faisnéise de chuid an Aontais agus córais náisiúnta TFC, sa mhéid go bhforáiltear amhlaidh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí na mBallstát

(3)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh na bagairtí is tábhachtaí ó choireacht thromchúiseach eagraithe a chomhrac, faoi chuimsiú gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT

(4)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, go háirithe teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne, agus coireanna arb é an t-idirlíon an príomhardán chun fianaise a bhailiú

(5)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh slándáil agus teacht aniar an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú


IARSCRÍBHINN V

CROÍTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(1)

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2)

1.

Líon na gcóras TFC arna ndéanamh idir-inoibritheach sna Ballstáit/le córais faisnéise an Aontais agus córais faisnéise díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo/le bunachair sonraí idirnáisiúnta

2.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir nua maidir le malartú faisnéise curtha ar bun acu, nó a chuir iad sin atá ann cheana in oiriúint, le haghaidh malartú faisnéise le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

3.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an ghníomhaíocht oiliúna úsáideach dá gcuid oibre

4.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna sin

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

5.

An luach measta ar shócmhainní calctha i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann

6.

Cainníocht na ndrugaí aindleathacha a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an táirge (1)

7.

Cainníocht na n-arm a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an airm (2)

8.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir atá ann cheana forbartha/curtha in oiriúint acu le haghaidh comhar le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

9.

Líon na foirne atá bainteach le hoibríochtaí trasteorann

10.

Líon na moltaí meastóireachta Schengen ar tugadh aghaidh orthu

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2)

11.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun an radacú a chosc

12.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun finnéithe agus sceithirí a chosaint/chun tacú leo

13.

An líon bonneagar criticiúil/spásanna poiblí a bhfuil saoráidí nua/oiriúnaithe acu chun cosaint ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil

14.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an ghníomhaíocht oiliúna úsáideach dá gcuid oibre

15.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis dóibh an ghníomhaíocht oiliúna a chríochnú go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna sin

(1)  Miondealú ar chineálacha drugaí (bunaithe ar na catagóirí a úsáidtear i dtuarascálacha maidir le drugaí aindleathacha: Tuarascáil an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí, an Tuarascáil Eorpach maidir le Drugaí agus Feasachán Staidrimh EMCDDA):

cannabas;

ópóideacha, hearóin san áireamh;

cócaon;

drugaí sintéiseacha, lena n-áirítear spreagthach de chineál amfataimín (amfataimín agus meitiolamfataimín san áireamh) agus MDMA;

substaintí nua sícighníomhacha;

drugaí aindleathacha eile.

(2)  Miondealú ar chineálacha arm (bunaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana, eadhon Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú. Tá na catagóirí atá beartaithe níos simplí, i gcomparáid leis na catagóirí a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE agus i gcomhréir leo siúd atá laistigh de Chóras Faisnéise Schengen, a úsáideann údaráis náisiúnta):

airm chogaidh: airm thine uathoibríocha agus airm thine throma (fritancanna, teilgeoir roicéad, moirtéal, srl.);

airm thine ghearra eile: gunnáin agus piostail (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh);

airm thine fhada eile: raidhfilí agus gunnaí gráin (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh);


IARSCRÍBHINN VI

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

001.

TER–Comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

002.

TER–An radacú a chosc agus a chomhrac

003.

TER–Cosaint agus teacht aniar spásanna poiblí agus targaidí boga eile

004.

TER–Cosaint agus teacht aniar an bhonneagair chriticiúil

005.

TER–Ceimiceach Bitheolaíoch Radaighníomhach Núicléach

006.

TER–Pléascáin

007.

TER–Bainistiú géarchéime

008.

TER–Eile

009.

OC–Éilliú

010.

OC–An choireacht eacnamaíoch agus airgeadais

011.

OC–Sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht

012.

OC–Drugaí

013.

OC–An gháinneáil ar airm thine

014.

An gháinneáil ar nithe cultúrtha

015.

OC–An gháinneáil ar dhaoine

016.

OC–Smuigleáil imirceach

017.

OC–An choireacht chomhshaoil

018.

OC–An choireacht mhaoine eagraithe

019.

OC–Eile

020.

CC–Cibearchoireacht – Eile

021.

CC–Cibearchoireacht – Cosc

022.

CC–Cibearchoireacht – Imscrúduithe a éascú

023.

CC–Cibearchoireacht – Cúnamh d’íospartaigh

024.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí – Cosc

025.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí – Imscrúduithe a éascú

026.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí – Cúnamh d’íospartaigh

027.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí, lena n-áirítear dáileadh íomhánna de mhí-úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí

028.

CC–Eile

029.

GEN–Malartú faisnéise

030.

GEN-Comhar póilíneachta nó idirghníomhaireachta (custaim, gardaí teorann, seirbhísí faisnéise)

031.

GEN–Fóiréinsic

032.

GEN–Tacaíocht d’íospartaigh

033.

GEN–Tacaíocht oibriúcháin

034.

TA-Cúnamh teicniúil - faisnéis agus cumarsáid

035.

TA-Cúnamh teicniúil - ullmhúchán, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

036.

TA-Cúnamh teicniúil - meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

037.

TA-Cúnamh teicniúil - fothú acmhainneachta


TÁBLA 2: CÓID DO CHINEÁL AN DIMINSIN GNÍOMHAÍOCHTA

001.

Córais TFC, idir-inoibritheacht, cáilíocht sonraí (gan trealamh san áireamh)

002.

Líonraí, ionaid barr feabhais, struchtúir chomhair, gníomhaíochtaí agus oibríochtaí comhpháirteacha

003.

Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe nó oibríochtaí comhpháirteacha eile

004.

Saineolaithe a thabhairt ar iasacht nó a imscaradh

005.

Oiliúint

006.

Dea-chleachtais a mhalartú, ceardlanna, comhdhálacha, imeachtaí, feachtais múscailte feasachta, gníomhaíochtaí cumarsáide

007.

Staidéir, treoirthionscadail, measúnuithe riosca

008.

Trealamh

009.

Modhanna iompair

010.

Foirgnimh, saoráidí

011.

Feidhmiú tionscadal taighde agus obair leantach eile


TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN AN CHUR CHUN FEIDHME

001.

Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le hAirteagal 12(1)

002.

Gníomhaíochtaí sonracha

003.

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

004.

Tacaíocht oibriúcháin

005.

Cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25


TÁBLA 4: CÓID DO DHIMINSEAN NA dTÉAMAÍ SONRACHA

001.

Comhar le tríú tíortha

002.

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha

003.

Cur chun feidhme na moltaí ag eascairt as Meastóireacht Schengen i réimse an chomhair póilíneachta

004.

Ceann ar bith de na roghanna thuas


IARSCRÍBHINN VII

CAITEACHAS ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH TACAÍOCHT OIBRIÚCHÁIN

1.   

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de chláir na mBallstát:

(a)

cothabháil chórais TFC an Aontais a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo agus, i gcás inarb ábhartha, chórais náisiúnta TFC a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo agus deasc chabhrach le haghaidh córais den sórt sin;

(b)

costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo.

2.   

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2), cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de cláir na mBallstát:

(a)

trealamh teicniúil nó modhanna iompair a chothabháil a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le coireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú;

(b)

costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo.

3.   

Faoin gcuspóir sonrach leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de chláir na mBallstát:

(a)

trealamh teicniúil nó modhanna iompair a chothabháil a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le coireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú;

(b)

costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo.

4.   

Ní chumhdófar caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe faoi Airteagal 5(5).


IARSCRÍBHINN VIII

TÁSCAIRÍ ASCHUIR AGUS TORTHAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(3)

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna

2.

Líon na gcruinnithe de shaineolaithe, na gceardlanna agus na gcuairteanna staidéir

3.

Líon na gcóras TFC curtha ar bun/curtha in oiriúint/cothaithe

4.

Líon na n-earraí trealaimh a ceannaíodh

Táscairí toraidh

5.

Líon na gcóras TFC arna ndéanamh idir-inoibritheach sna Ballstáit/le córais faisnéise an Aontais agus córais faisnéise díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo/le bunachair sonraí idirnáisiúnta

6.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir nua maidir le malartú faisnéise curtha ar bun acu, nó a chuir iad sin atá ann cheana in oiriúint, le haghaidh malartú faisnéise le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

7.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an oiliúint úsáideach dá gcuid oibre

8.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna sin

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na n-oibríochtaí trasteorann, ina sonraítear ar leithligh:

1.1.

líon na bhfoirne comhpháirteacha imscrúdaithe

1.2.

líon na ngníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT

2.

Líon na gcruinnithe de shaineolaithe, na gceardlanna, na gcuairteanna staidéir agus na bhfreachnamh coiteann

3.

Líon na n-earraí trealaimh a ceannaíodh

4.

Líon na modhanna iompair a cheannaítear le haghaidh oibríochtaí trasteorann

Táscairí toraidh

5.

An luach measta ar shócmhainní calctha i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann

6.

Cainníocht na ndrugaí aindleathacha a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an táirge (1)

7.

Cainníocht na n-arm a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an airm (2)

8.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir atá ann cheana forbartha/curtha in oiriúint acu le haghaidh comhar le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

9.

Líon na foirne atá bainteach le hoibríochtaí trasteorann

10.

Líon na moltaí meastóireachta Schengen ar tugadh aghaidh orthu

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna

2.

Líon na gclár malartaithe, na gceardlanna agus na gcuairteanna staidéir

3.

Líon na n-earraí trealaimh a ceannaíodh

4.

Líon na modhanna iompair a ceannaíodh

5.

Líon na n-earraí bonneagair/saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo/uirlisí/sásraí a tógadh/a ceannaíodh/a ndearnadh a uasghrádú

6.

Líon na dtionscadal chun an choireacht a chosc

7.

Líon na dtionscadal chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh na coireachta

8.

Líon na n-íospartach coireachta ar tugadh cúnamh dóibh

Táscairí toraidh

9.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun an radacú a chosc

10.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun finnéithe agus sceithirí a chosaint/chun tacú leo

11.

An líon bonneagar criticiúil/spásanna poiblí a bhfuil saoráidí nua/oiriúnaithe acu chun cosaint ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil

12.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an ghníomhaíocht oiliúna úsáideach dá gcuid oibre

13.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis dóibh an ghníomhaíocht oiliúna a chríochnú go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna

(1)  Miondealú ar chineálacha drugaí (bunaithe ar na catagóirí a úsáidtear i dtuarascálacha maidir le drugaí aindleathacha: Tuarascáil an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí, an Tuarascáil Eorpach maidir le Drugaí agus Feasachán Staidrimh EMCDDA):

cannabas;

ópóideacha, hearóin san áireamh;

cócaon;

drugaí sintéiseacha, lena n-áirítear spreagthach de chineál amfataimín (amfataimín agus meitiolamfataimín san áireamh) agus MDMA;

substaintí nua sícighníomhacha;

drugaí aindleathacha eile.

(2)  Miondealú ar chineálacha arm (bunaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana, eadhon Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú. Tá na catagóirí atá beartaithe níos simplí, i gcomparáid leis na catagóirí a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE, agus i gcomhréir leo siúd atá laistigh de Chóras Faisnéise Schengen, a úsáideann údaráis náisiúnta):

airm chogaidh: airm thine uathoibríocha agus airm thine throma (fritancanna, teilgeoir roicéad, moirtéal, srl.);

airm thine ghearra eile: gunnáin agus piostail (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh);

airm thine fhada eile: raidhfilí agus gunnaí gráin (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh).


Top