This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1098
Commission Regulation (EU) 2021/1098 of 2 July 2021 amending Annexes II, III and IV to Regulation (EC) No 396/2005 of the European Parliament and of the Council as regards maximum residue levels for 24-epibrassinolide, Allium cepa L. bulb extract, cyflumetofen, fludioxonil, fluroxypyr, sodium 5-nitroguaiacolate, sodium o-nitrophenolate and sodium p-nitrophenolate in or on certain products (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2021/1098 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar 24-eipeabraisinióilíde, eastóscáin bleibe Allium cepa L, chiafluimeitifeine, fluidhé-ocsainile, fluarocsaipire, sóidiam 5-nítreaguacoláite, sóidiam o-nítrifeanóláite agus sóidiam p-nítrifeanóláite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2021/1098 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar 24-eipeabraisinióilíde, eastóscáin bleibe Allium cepa L, chiafluimeitifeine, fluidhé-ocsainile, fluarocsaipire, sóidiam 5-nítreaguacoláite, sóidiam o-nítrifeanóláite agus sóidiam p-nítrifeanóláite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/4816
IO L 238, 6.7.2021, p. 5–28
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 238/5 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1098 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar 24-eipeabraisinióilíde, eastóscáin bleibe Allium cepa L, chiafluimeitifeine, fluidhé-ocsainile, fluarocsaipire, sóidiam 5-nítreaguacoláite, sóidiam o-nítrifeanóláite agus sóidiam p-nítrifeanóláite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás fluidhé-ocsainile, fluarocsaipire, sóidiam 5-nítreaguacoláite, sóidiam o-nítrifeanóláite agus sóidiam p-nítrifeanóláite, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás ciafluimeitifeine, leagadh MRLanna síos i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás 24-eipeabraisinióilíde agus eastóscán bleibe Allium cepa L, níor leagadh síos aon MRL sonrach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ná níor cuireadh na substaintí sin san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus mar sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe 0,01 mg/kg a leagadh síos in Airteagal 18(1)(b) de. |
(2) |
I gcomhthéacs nós imeachta maidir le húdarú chun táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach ciafluimeitifein a úsáid ar thorthaí citris, aibreoga, péitseoga, trátaí, ubhthorthaí, cúcamair agus leannlusanna, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 chun na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú. |
(3) |
Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh caora an troim a mhéid a bhaineann le fluidhé-ocsainil. Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh síobhas, duilleoga soilire, peirsile, tíme, basal agus bláthanna inite a mhéid a bhaineann le fluarocsaipir. Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh ológa boird agus ológa le haghaidh táirgeadh ola a mhéid a bhaineann le sóidiam 5-nítreaguacoláit, sóidiam o-nítrifeanóláit agus sóidiam p-nítrifeanóláit. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus cuireadh ar fáil don phobal iad. |
(6) |
Maidir le gach iarratas, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir i ndáil le sonraí agus go raibh na modhnuithe ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht na dtomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir sé an fhaisnéis is déanaí faoi airíonna tocsaineolaíocha na substaintí san áireamh. Léiríodh nach baol do dhuine an iontógáil laethúil inghlactha a shárú, ná an ghéardháileog thagartha a shárú, de bharr ceachtar den dá rud seo: teagmháil ar feadh a shaoil leis na substaintí sin, ná caitheamh na dtáirgí bia go léir bhféadfaidís a bheith iontu. |
(7) |
I gcomhthéacs fhormheas na substainte gníomhaí 24-eipeabraisinióilíd, áiríodh iarratas MRL sa sainchomhad achomair i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas sin i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin. Rinne an tÚdarás measúnú ar an iarratas, agus thug sé conclúid ar an athbhreithniú piaraí a rinneadh ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach, agus is éard a mhol sé 24-eipeabraisinióilíd a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (4). |
(8) |
Ba le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/81 ón gCoimisiún (5) a formheasadh eastóscán bleibe Allium cepa L ina shubstaint bhunata. Ní mheastar go mbeidh iarmhair i dtráchtearraí bia nó beatha a d’fhéadfadh a bheith ina riosca don tomhaltóir de thoradh choinníollacha úsáide na substaintí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí eastóscán bleibe Allium cepa L, a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(9) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe agus na gconclúidí ón Údarás, agus na tosca ábhartha a bhaineann leis an ábhar atá á meas á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe ar fad ar na MRLanna na ceanglais atá in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Tuarascálacha eolaíocha EFSA ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for cyflumetofen in various crops [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh ciafluimeitifeine i mbarra éagsúla a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(2):6373.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for fludioxonil in elderberries [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh fluidhé-ocsainile i caora an troim a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(7):6175.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for fluroxypyr in chives, celery leaves, parsley, thyme and basil and edible flowers [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh fluarocsaipire i síobhais, duilleoga soilire, peirsil, tím, basal agus bláthanna inite a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(10):6273.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for sodium 5-nitroguaiacolate, sodium o-nitrophenolate and sodium p-nitrophenolate (sodium nitrocompounds) in table olives and olives for oil production [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh sóidiam 5-nítreaguacoláit, sóidiam o-nítrifeanóláit agus sóidiam p-nítrifeanóláit (nítrea-chomhdhúile sóidiam) in ológa boird agus ológa le haghaidh táirgeadh ola]. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(11):6313.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(4) Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an mheasúnú riosca i gcás lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach 24-eipeabraisinióilíd. EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(6):6132.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/81 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena bhformheastar an tsubstaint bhunata eastóscán bleibe Allium cepa L. i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 29, 28.1.2021, lch. 12).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh fluidhé-ocsainile, fluarocsaipire, sóidiam 5-nítreaguacoláit, sóidiam o-nítrifeanóláit agus sóidiam p-nítrifeanóláit: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh ciafluimeitifeine: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(3) |
In Iarscríbhinn IV, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas in ord aibítre: “24-Eipeabraisinióilíd” agus “Eastóscán bleibe Allium cepa L”. |
(*1) teorainn cinnidh anailísigh atá níos ísle
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*2) teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I”