Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1089

    Rialachán (AE) 2021/1089 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais i zón CECAF 34.1.1 i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

    C/2021/4952

    IO L 236, 5.7.2021, p. 7–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1089/oj

    5.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 236/7


    RIALACHÁN (AE) 2021/1089 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Meitheamh 2021

    lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais i zón CECAF 34.1.1 i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021.

    (2)

    De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, de thoradh ghabhálacha an stoic láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; in uiscí an Aontais i zón CECAF 34.1.1 tá an cuóta a leithdháileadh le haghaidh 2021 ídithe ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc.

    (3)

    Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ídiú cuótaí

    An cuóta iascaireachta a leithdháileadh ar an bhFrainc le haghaidh an stoic láimhíneach i limistéir 8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais i zón CECAF 34.1.1 le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar iad a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Toirmisc

    1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

    2.   Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

    3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Virginijus SINKEVIČIUS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


    IARSCRÍBHINN

    Uimh.

    08/TQ92

    Ballstát

    An Fhrainc

    Stoc

    ANF/8C3411

    Speiceas

    An láimhíneach (Lophiidae)

    Limistéar

    8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais de chuid CECAF 34.1.1

    Dáta deiridh

    3.6.2021


    Top