EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1088

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1088 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2104

IO L 236, 5.7.2021, p. 3–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1088/oj

5.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 236/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1088 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a thabhairt cothrom le dáta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Aibreán 2021 ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe 2021/1087 (2) lena ndéantar na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago, ina bhfuil na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, a thabhairt cothrom le dáta.

(2)

Ba cheart d’aerárthaí, seachas aerárthaí gan foireann, maille lena n-innill, liáin, páirteanna agus a trealamh neamhshuiteáilte, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh amhail ón 1 Eanáir 2021.

(3)

Ba cheart na tagairtí do na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil i Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (3) a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú dá réir.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 03/2020 arna heisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an eagraíocht táirgthe iarratas ar dhíolúintí ó na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1139 a chur faoi bhráid an údaráis inniúil.”

(2)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe 2021/1087 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann leis na tagairtí d’fhorálacha Choinbhinsiún Chicago a thabhairt cothrom le dáta (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneacht agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

i bpointe 21.A.130(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

“4.

ina theannta sin, i gcás ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil:

(i)

ráiteas go bhfuil an t-inneall críochnaithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hastaíochtaí sceite innill ar dháta monaraithe an innill, agus

(ii)

ráiteas go bhfuil an t-eitleán críochnaithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hastaíochtaí CO2 ar dháta eisiúna a chéad deimhnithe aeracmhainneachta.”

(2)

i bpointe 21.A.145(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an réamhrá agus phointe (1):

“(b)

maidir leis na sonraí uile is gá i dtaca le haeracmhainneacht agus cosaint an chomhshaoil:

1.

go bhfaigheann an eagraíocht táirgthe sonraí den sórt sin ón nGníomhaireacht, agus ó shealbhóir an deimhnithe cineáil, nó ón iarratasóir ar an deimhniú cineáil, an deimhniú srianta ar chineál nó an formheas ar dhearadh, lena n-áirítear aon díolúine a deonaíodh i gcoinne na gceanglas maidir le cosaint an chomhshaoil, chun comhsheasmhacht leis na sonraí deartha is infheidhme a chinneadh;”

(3)

i bpointe 21.A.147, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Tar éis formheas eagraíochta táirgthe a eisiúint, formheasfaidh an t-údarás inniúil gach athrú ar an eagraíocht táirgthe fhormheasta a bhfuil tábhacht shuntasach leis maidir le léiriú comhréireachta nó le haeracmhainneacht agus saintréithe cosanta comhshaoil an táirge, na páirte nó an fhearais, go háirithe athruithe ar an gcóras cáilíochta. Cuirfear iarratas ar fhormheas faoi bhráid an údaráis inniúil i scríbhinn agus léireoidh an eagraíocht don údarás inniúil, sula gcuirfidh sí an t-athrú chun feidhme, go gcomhlíonann an t-athrú an Fhochuid seo.”

(4)

i bpointe 21.A.801, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh chun táirgí a shainaithint:

1.

ainm an mhonaróra;

2.

ainmniú an táirge;

3.

sraithuimhir an mhonaróra;

4.

an marc ‘DÍOLMHAITHE’ i gcás innill, nuair atá díolúine ó na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil deonaithe ag an údarás inniúil;

5.

aon fhaisnéis eile a mheasann an Ghníomhaireacht a bheith iomchuí.”

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.85:

“21.B.85   Na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil is infheidhme a ainmniú maidir le deimhniú cineáil nó deimhniú srianta ar chineál

(a)

Ainmneoidh an Ghníomhaireacht na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil is infheidhme maidir le deimhniú cineáil nó deimhniú srianta ar chineál le haghaidh aerárthaigh nó maidir le deimhniú cineáil le haghaidh innill agus tabharfaidh sí fógra don iarratasóir ina leith. Beidh an méid seo a leanas san ainmniú agus san fhógra:

1.

na ceanglais is infheidhme maidir le torann a leagtar amach in:

(i)

Caibidil 1, Cuid II, Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago:

(A)

maidir le scairdeitleáin fhoshonacha, i gCaibidlí 2, 3, 4 agus 14;

(B)

maidir le heitleáin liántiomáinte, i gCaibidlí 3, 4, 5, 6, 10 agus 14;

(C)

maidir le héileacaptair, i gCaibidlí 8 agus 11;

(D)

maidir le heitleáin fhorshonacha, i gCaibidil 12; agus

(E)

maidir le claonrótair, i gCaibidil 13.

(ii)

Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago:

(A)

Foscríbhinn 1 maidir le heitleáin a bhfuil Caibidlí 2 agus 12, Cuid II, Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago infheidhme ina leith;

(B)

Foscríbhinn 2 maidir le heitleáin a bhfuil Caibidlí 3, 4, 5, 8, 13 agus 14, Cuid II, Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago infheidhme ina leith;

(C)

Foscríbhinn 3 maidir le heitleáin a bhfuil Caibidil 6, Cuid II, Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago infheidhme ina leith;

(D)

Foscríbhinn 4 maidir le heitleáin a bhfuil Caibidil 11, Cuid II, Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago infheidhme ina leith; agus

(E)

Foscríbhinn 6 maidir le heitleáin a bhfuil Caibidil 10, Cuid II, Imleabhar I d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago infheidhme ina leith;

2.

na ceanglais astaíochtaí is infheidhme maidir le cosc a chur ar scaoileadh breosla toiliúil a leagtar amach i gCaibidlí 1 agus 2, Cuid II, Imleabhar II d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago;

3.

na ceanglais is infheidhme maidir le hastaíochtaí deataigh, astaíochtaí gásacha agus astaíochtaí ábhair cháithnínigh ó innill a leagtar amach in:

(i)

Caibidil 1, Cuid III, Imleabhar II d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus:

(A)

maidir le hastaíochtaí deataigh agus astaíochtaí gásacha ó innill turba-scairde agus turbai-fean nach bhfuil beartaithe lena dtiomáint ach ar luasanna foshonacha, i gCaibidil 2;

(B)

maidir le hastaíochtaí deataigh agus astaíochtaí gásacha ó innill turba-scairde agus turbai-fean atá beartaithe lena dtiomáint ar luasanna forshonacha, i gCaibidil 3; agus

(C)

maidir le hastaíochtaí ábhair cháithnínigh ó innill turba-scairde agus turbai-fean nach bhfuil beartaithe lena dtiomáint ach ar luasanna foshonacha, i gCaibidil 4;

(ii)

Imleabhar II d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago:

(A)

Foscríbhinn 1 maidir leis an gcóimheas brú tagartha a thomhas;

(B)

Foscríbhinn 2 maidir le meastóireacht ar astaíochtaí deataigh;

(C)

Foscríbhinn 3 maidir le teicnící ionstraimíochta agus tomhais le haghaidh astaíochtaí gásacha;

(D)

Foscríbhinn 4 maidir le sonraíochtaí le haghaidh breosla atá le húsáid i dtástáil astaíochtaí ar inneall tuirbín aerárthaí;

(E)

Foscríbhinn 5 maidir le teicnící ionstraimíochta agus tomhais le haghaidh astaíochtaí gásacha ó innill gástuirbín iardhó;

(F)

Foscríbhinn 6 maidir leis an nós imeachta um chomhlíonadh le haghaidh astaíochtaí gásacha, astaíochta deataigh agus ábhair cháithnínigh; agus

(G)

Foscríbhinn 7 maidir le teicnící ionstraimíochta agus tomhais le haghaidh ábhar cáithníneach do-ghalaithe;

4.

na ceanglais is infheidhme maidir le hastaíochtaí CO2 ó eitleáin a leagtar amach in:

(i)

Caibidil 1, Cuid II, Imleabhar III d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago:

(A)

maidir le scairdeitleáin fhoshonacha, i gCaibidil 2; agus

(B)

maidir le heitleáin fhoshonacha liántiomáinte, i gCaibidil 2;.

(ii)

Foscríbhinní 1 agus 2, Imleabhar III d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago, maidir le heitleáin a bhfuil Caibidil 2, Cuid II, Imleabhar III d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago infheidhme ina leith;

5.

maidir le hinnill, na ceanglais is infheidhme i bhFoscríbhinn 8, Cuid IV, Imleabhar II d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a mhéid a bhaineann le measúnú ar ábhar cáithníneach do-ghalaithe chun críoch fardail agus múnlála.

(b)

(forchoimeádta).”.


Top