Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1078

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU

    C/2021/2633

    IO L 234, 2.7.2021, p. 18–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1078/oj

    2.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 234/18


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1078 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Aibreán 2021

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (1), agus go háirithe Airteagal 8(9) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is aidhm don Chlár InvestEU tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais a leagtar amach in Airteagail 3 agus 8 de Rialachán (AE) 2021/523 a ghnóthú.

    (2)

    De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/523, tá Ciste InvestEU le feidhmiú faoi cheithre ionú beartais ina léireofar tosaíochtaí beartais an Aontais, eadhon bonneagar inbhuanaithe, taighde, nuálaíocht agus digitiú, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus infheistíocht shóisialta agus scileanna.

    (3)

    De bhun Airteagal 14(1)(d) de Rialachán (AE) 2021/523, tá oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi gach ceann de na hionuithe beartais sin le bheith comhsheasmhach leis na treoirlínte infheistíochta arna mbunú ag an gCoimisiún, chun a bheith incháilithe faoi Chiste InvestEU. Chuige sin, de bhun Airteagal 24(1)(b) de Rialachán (AE) 2021/523, tá an Coiste Infheistíochta le fíorú go gcomhlíonann na tograí le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna gcur isteach ag comhpháirtithe cur chun feidhme na ceanglais a leagtar síos sna treoirlínte infheistíochta sin.

    (4)

    Tá cuid chothrománach sna treoirlínte infheistíochta, a bhfuil feidhm aici maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta uile faoi Chiste InvestEU, agus cuid ina bhfuil “ionuithe beartais”, lena leagtar síos forálacha sonracha d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi gach ionú beartais.

    (5)

    De bhun Airteagal 8(9) de Rialachán (AE) 2021/523, d’ullmhaigh an Coimisiún na treoirlínte infheistíochta i ndlúthchomhairle le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus comhpháirtithe cur chun feidhme ionchasacha eile.

    (6)

    Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Glactar na treoirlínte infheistíochta maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi Chiste InvestEU a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/523, mar a leagtar síos iad san Iarscríbhinn.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 107, 26.3.2021, lch. 30.


    Iarscríbhinn

    TREOIRLÍNTE INFHEISTÍOCHTA MAIDIR LE CISTE INVESTEU

    Inneachar

    1.

    RAON FEIDHME 22

    2.

    FORÁLACHA COTHROMÁNACHA 22

    2.1.

    Rannchuidiú le cuspóirí beartais an Aontais agus breisluach an Aontais 22

    2.2.

    Clistí margaidh, cásanna infheistíochta fo-optamacha agus breisíocht 23

    2.3.

    Ceanglais choiteanna maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta 23

    2.3.1.

    Comhpháirtithe cur chun feidhme, idirghabhálaithe airgeadais agus faighteoirí deiridh 23

    2.3.2.

    Cineálacha táirgí airgeadais agus ceanglais maidir le leas coiteann a áirithiú le comhpháirtithe cur chun feidhme agus idirghabhálaithe airgeadais 25

    2.3.3.

    Gníomhaíochtaí eisiata 26

    2.3.4.

    Breithnithe maidir le státchabhair 26

    2.4.

    Measúnú riosca 26

    2.5.

    Airgeadra an mhaoiniúcháin 27

    2.6.

    Prionsabail leithdháilte de réir ionú beartais 28

    2.7.

    Éagsúlú geografach agus earnála 28

    2.8.

    Urranna an Bhallstáit in ionuithe beartais 29

    2.9.

    Oibríochtaí measctha a fhaigheann tacaíocht ó Chiste InvestEU 29

    2.10.

    Infheistíochtaí straitéiseacha 30

    3.

    INFHEISTÍOCHTAÍ INBHUANAITHE A CHUR CHUN CINN 31

    3.1.

    An aeráid agus an comhshaol a rianú agus a thuairisciú 32

    3.2.

    Deimhniú inbhuanaitheachta 33

    3.3.

    An Scéim um Aistriú Cóir faoi InvestEU 33

    4.

    AN RÁTHAÍOCHT AE A ÚSÁID 34

    4.1.

    Táirgí airgeadais ginearálta 35

    4.1.1.

    An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál fiachais 35

    4.1.2.

    An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál cothromais 36

    4.2.

    Táirgí airgeadais téamacha 36

    4.2.1.

    An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál fiachais 36

    4.2.2.

    An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál cothromais 36

    5.

    MAOINIÚ ARNA SHOLÁTHAR AG AN gCOMHPHÁIRTÍ CUR CHUN FEIDHME 36

    5.1.

    Táirgí airgeadais ginearálta 37

    5.1.1.

    Maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme 37

    5.1.2.

    Maoiniú cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme 37

    5.2.

    Táirgí airgeadais téamacha 38

    5.2.1.

    Maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme 38

    5.2.2.

    Maoiniú cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme 38

    6.

    IONUITHE BEARTAIS 39

    6.1.

    Ionú Bonneagair Inbhuanaithe 39

    6.1.1.

    Réimsí beartais idirghabhála 39

    6.1.2.

    Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha 47

    6.2.

    Ionú an Taighde, na Nuálaíochta agus an Digitithe 49

    6.2.1.

    Réimsí beartais idirghníomhaithe 49

    6.2.2.

    Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha 52

    6.3.

    Ionú FBM 55

    6.3.1.

    Réimsí beartais idirghabhála 55

    6.3.2.

    Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha 56

    6.4.

    Ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna 58

    6.4.1.

    Réimsí beartais idirghabhála 58

    6.4.2.

    Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha 62

    1.   RAON FEIDHME

    Leis na treoirlínte infheistíochta seo leagtar síos na ceanglais incháilitheachta maidir le táirgí airgeadais incháilithe agus oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi ionuithe beartais Chiste InvestEU de bhun Airteagal 8(9) de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (1) (“Rialachán InvestEU”):

    a)

    na táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2)9) de Rialachán InvestEU agus na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 2(10) den Rialachán sin, ní mór dóibh na ceanglais a leagtar síos i Rialachán InvestEU agus sna treoirlínte infheistíochta seo a chomhlíonadh;

    b)

    agus cinneadh á dhéanamh ag an gCoiste Infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán InvestEU, ní mór dó comhlíontacht leis na treoirlínte infheistíochta seo a fhíorú.

    Is le hurranna an Aontais agus na mBallstát araon a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán InvestEU a bhaineann na treoirlínte infheistíochta sin, mura sonraítear a mhalairt sna treoirlínte sin. Tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán InvestEU maidir leis na treoirlínte infheistíochta sin freisin.

    2.   FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

    2.1.   Rannchuidiú le cuspóirí beartais an Aontais agus breisluach an Aontais

    Oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena dtacaítear faoi Chiste InvestEU, díreoidh siad ar infheistíochtaí lena gcuirtear breisluach Aontais ar fáil. Is féidir le cineál bhreisluach an Aontais athrú i gcás oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi tháirgí airgeadais áirithe de réir mar a leagtar amach i ngach ionú beartais i roinn 6 de na treoirlínte infheistíochta seo. Is féidir le breisluach an Aontais a bhaineann le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi tháirgí airgeadais a bheith ina thoradh freisin ar éagsúlú riosca ar leibhéal an táirge airgeadais ar fud earnálacha nó limistéir gheografacha éagsúla. Thairis sin, is féidir breisluach an Aontais a dhíorthú freisin as an rannchuidiú a dhéanfar le hathléimneacht an Aontais i réimsí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo mar a leagtar amach a thuilleadh i Roinn 2.10.

    Chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach sna réimsí beartais a dtacaíonn InvestEU leo, mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus in Iarscríbhinn II den Rialachán i ndáil leis na hearnálacha sin, le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta féadfar maoiniúchán deontais agus tacaíocht eile a chomhlánú, go háirithe trí oibríochtaí measctha agus trí theaglamaí. Le Ciste InvestEU féadfar go háirithe comhlánú a dhéanamh ar chuspóirí beartais Horizon Europe (2), Saoráid um Chónascadh na hEorpa (3) (CEF), an clár don Eoraip Dhigiteach (4), clár an Mhargaidh Aonair (5), an clár Spáis Eorpach (6), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) (7), an Ciste Comhtháthaithe (8), Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE +) (9), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) (10), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (11), clár Eoraip na Cruthaitheachta (12), an Ciste um Thearmann agus Lánpháirtíocht (13), an Ciste Slándála Inmheánaí (14), an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) (15), an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (16), an Ciste don Nuálaíocht(ETS) (17), EU4Health (18), an Ciste um Aistriú Cóir (JTF) (19) agus an Ciste Eorpach Cosanta (20).

    2.2.   Clistí margaidh, cásanna infheistíochta fo-optamacha agus breisíocht

    I gcomhréir le hAirteagal 209(2)(a) agus (b) den Rialachán (AE, Euratrom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an “Rialachán Airgeadais” (21)), leis an ráthaíocht AE rachfar i ngleic le teipeanna margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha agus bainfear breisíocht amach, mar a leagtar síos i Roinn A d’iarscríbhinn V le Rialachán InvestEU (22).

    2.3.   Ceanglais choiteanna maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta

    2.3.1.   Comhpháirtithe cur chun feidhme, idirghabhálaithe airgeadais agus faighteoirí deiridh

    I gcomhréir le Airteagal 2(13) Rialachán InvestEU, is contrapháirteanna incháilithe iad comhpháirtithe cur chun feidhme, amhail institiúidí airgeadais, a bhfuil comhaontú ráthaíochta tugtha i gcrích ag an gCoimisiún leo.

    Is féidir le comhpháirtithe cur chun feidhme maoiniúchán a chur ar fáil go díreach (23) d’fhaighteoirí deiridh nó go hindíreach trí idirghabhálaithe airgeadais príobháideacha nó poiblí.

    Féadfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme a bheith ina gcomhpháirtithe comhairleacha freisin chun cúnamh teicniúil agus tacaíocht forbartha acmhainní a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, d’idirghabhálaithe airgeadais agus d’fhaighteoirí deiridh faoi Mhol Comhairleach InvestEU. Féadfaidh idirghabhálaithe airgeadais cúnamh teicniúil agus tacaíocht forbartha acmhainní a chur ar fáil freisin d’fhaighteoirí deiridh nó féadfaidh siad féin leas a bhaint astu.

    Baineann oibríochtaí díreacha le maoiniúchán díreach ó chomhpháirtithe cur chun feidhme d’fhaighteoirí deiridh (24).

    Le haghaidh oibríochtaí indíreacha, féadfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme comhaontuithe a thabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 208(4) den Rialachán Airgeadais. I gcás maoiniúchán idirghafa, de bhun Airteagal 208(4) den Rialachán Airgeadais, ní mór do na comhpháirtithe cur chun feidhme na hidirghabhálaithe airgeadais sin a roghnú de réir nósanna imeachta arb ionann iad agus na nósanna imeachta arna gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Leis na nósanna imeachta sin ní mór prionsabail na nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a urramú, agus ní mór coinbhleacht leasa a sheachaint. D’fhéadfaidís a bheith i bhfoirm léirithe spéise, mar shampla. Féadfaidh sé freisin gurb é a bheidh sna hoibríochtaí indíreacha maoiniúchán a chur ar fáil trí ardáin infheistíochta mar a shainítear in Airteagal 2(18) de Rialachán InvestEU.

    I gcomhréir le hAirteagal 209(2)(a) agus Airteagal 219(3) den Rialachán Airgeadais, le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta ní thabharfar tacaíocht ach d’fhaighteoirí deiridh a mheastar a bheith inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, de réir caighdeáin atá inghlactha go hidirnáisiúnta, tráth na tacaíochta airgeadais ón Aontas.

    Is gá gur daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bheidh sna faighteoirí deiridh incháilithe:

    a)

    eintitis phríobháideacha amhail cuideachtaí meán sainchuspóireach nó cuideachtaí tionscadail, corparáidí móra, cuideachtaí meánchaipitlithe, lena n-áirítear cuideachtaí meánchaipitlithe beaga (25), agus FBManna;

    b)

    Eintitis san earnáil phoiblí (críochach nó nach ea, ach gan oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta le heintitis (26) as a dtagann riosca díreach do Bhallstáit a áireamh) agus eintitis de chineál earnála poiblí;

    c)

    eintitis mheasctha, amhail comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPPanna) agus cuideachtaí príobháideacha a bhfuil cuspóir poiblí acu; nó

    d)

    eagraíochtaí neamhbhrabúsacha.

    Saineofar na faighteoirí deiridh spriocdhírithe faoi tháirge airgeadais sa chomhaontú ráthaíochta.

    Níor cheart comhpháirtithe cur chun feidhme a bheith in aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 136(1) nó (4)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. Maidir le hidirghabhálaithe airgeadais agus faighteoirí deiridh, ní mór cur i bhfeidhm Airteagal 136 a shonrú sna comhaontuithe ráthaíochta. I gcás oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a théann chun tairbhe d’fhaighteoirí deiridh ar corparáidí móra iad, d’eintitis san earnáil phoiblí agus d’eintitis de chineál earnála poiblí a thairbhíonn de rochtain níos éasca ar mhargaí caipitil nó ar mhaoiniú bainc nó a léiríonn leibhéil níos ísle riosca, ní mór don chomhpháirtí cur chun feidhme breisluach ard beartais a léiriú.

    Bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ón gcomhpháirtí cur chun feidhme, maidir le hoibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta lena dtacaíonn InvestEU agus a chuir comhpháirtí cur chun feidhme isteach nó teaglaim oibríochtaí den sórt sin a chuir níos mó ná comhpháirtí cur chun feidhme amháin isteach, fíoróidh an Coiste Infheistíochta:

    a)

    i gcás oibríochtaí díreacha, nach rachfar thar 50 % (27) de chostas iomlán an tionscadail;

    b)

    i gcás oibríochtaí indíreacha cothromais, ní rachfar thar 50 % de mhéid an chiste (28);

    c)

    i gcas oibríochtaí indíreacha fiachais, coinneoidh an t-idirghabhálaí airgeadais ar a laghad 20 % den neamhchosaint.

    Tá feidhm ag na ceanglais seo mura sonraítear a mhalairt sna treoirlínte infheistíochta seo, faoi Roinn 5.

    I gcás oibríochtaí indíreacha, ceanglóidh an comhpháirtí cur chun feidhme go conarthach nach féidir le hidirghabhálaí airgeadais an t-idirbheart céanna le faighteoirí deiridh nó le hidirghabhálaithe eile i níos mó ná punann amháin a fhaigheann tacaíocht ó InvestEU a áireamh.

    I gcás oibríochtaí indíreacha cothromais, i leith an cheanglais i bpointe (b) thuas, iarrfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme go gcuirfidh idirghabhálaithe airgeadais ionchasacha é a chur ar an eolas faoin rún atá acu infheistíocht a lorg ó chomhpháirtí cur chun feidhme agus/nó ó idirghabhálaí airgeadais eile a thairbhíonn den ráthaíocht AE, faoi réir ceanglais rúndachta atá ina gceangal ar idirghabhálaithe airgeadais ionchasacha.

    Ceanglófar go conarthach ar fhaighteoirí deiridh a dheimhniú nach mó an teaglaim de thacaíocht ó Chiste InvestEU agus ó chláir eile de chuid an Aontais ná costas iomlán an tionscadail, i gcás inarb infheidhme, agus nach n-úsáidfear an maoiniúchán lena dtacaíonn InvestEU chun réamh-mhaoiniú a dhéanamh ar dheontas ó chláir an Aontais nó nach n-úsáidfear deontas ó chlár de chuid an Aontais chun tacaíocht ó InvestEU a aisíoc.

    Áiritheoidh comhpháirtithe cur chun feidhme infheictheacht na tacaíochta ó InvestEU i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán InvestEU mar a shonraítear a thuilleadh sna comhaontuithe ráthaíochta agus cineál an táirge airgeadais agus na bhfaighteoirí deiridh á chur san áireamh.

    2.3.2.   Cineálacha táirgí airgeadais agus ceanglais maidir le leas coiteann a áirithiú le comhpháirtithe cur chun feidhme agus idirghabhálaithe airgeadais

    2.3.2.1.   Tosaíocht a thabhairt do chuspóirí beartais

    Socrófar eochairtháscairí feidhmíochta lena léireofar gnóthú na dtosaíochtaí beartais d’fhonn tosaíocht a thabhairt do na cuspóirí beartais faoi gach táirge airgeadais. Ina theannta sin, bainfear úsáid as ceann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

    a)

    spriocmhéideanna maoiniúcháin arna ndeonú do thosaíochtaí beartais áirithe;

    b)

    critéir shonracha thiomnaithe chun díriú ar fhaighteoirí ábhartha deiridh;

    c)

    cumhdach éagsúil ag an ráthaíocht AE maidir le rioscaí le haghaidh tosaíochtaí beartais sonracha;

    d)

    teorainneacha comhchruinnithe de réir earnála/geografaíochta;

    e)

    sásra ar bhonn feidhmíochta a bhfuil údar cuí leis chun gnóthú tosaíochtaí beartais sonracha a léiriú;

    f)

    garspriocanna agus spriocanna atá nasctha le tráinsí breise na ráthaíochta AE a leithdháileadh ar tháirgí airgeadais nua nó ar tháirgí airgeadais atá ann cheana de chuid comhpháirtí cur chun feidhme; nó

    g)

    aon mhodh iomchuí eile.

    Sonrófar an tosaíocht agus na modhanna is infheidhme sa chomhaontú ráthaíochta.

    Thairis sin, bunófar idirphlé dlúth idir an Coimisiún agus gach comhpháirtí cur chun feidhme chun beartas stiúrtha a sholáthar agus athbhreithniú a dhéanamh ar phíblíne na n-oibríochtaí dá bhforáiltear faoi Chiste InvestEU.

    Chun solúbthacht agus freagrúlacht do riachtanais an mhargaidh agus do riachtanais bheartais a d’fhéadfadh a bheith ag athrú a áirithiú de réir mar a cheanglaítear faoi gach ionú beartais, féadfaidh an Coimisiún agus comhlachtaí rialachais InvestEU ábhartha tosaíocht a thabhairt do na réimsí incháilithe le haghaidh maoiniúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU bunaithe ar na modhanna a ndéantar cur síos orthu sa Roinn seo. Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

    a)

    athbhreithniú tréimhsiúil ar an bpíblíne tionscadal a sholáthair na comhpháirtithe a dhéanamh in éineacht leis na comhpháirtithe sin. Faisnéis chomhiomlán a bheidh sa phíblíne tionscadail (nó faisnéis mhionsonraithe, faoi réir gealltanais rúndachta a rinneadh idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an faighteoir deiridh, má aontaíodh amhlaidh sa chomhaontú ráthaíochta) maidir le méid an mhaoiniúcháin a mheastar a bheidh ann faoi na réimsí beartais ábhartha, ar leibhéal na fo-earnála, agus le cumhdach geografach oibríochtaí. Ní mór faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir le táirgí téamacha a shainítear faoi Roinn 2.3.2.2 agus maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thairbhíonn de chumasc a shainítear faoi Roinn 2.9.

    b)

    treoir a thabhairt maidir le léirmhíniú na gcritéar incháilitheachta agus na modhanna tosaíochta dá dtagraítear sna treoirlínte seo.

    c)

    athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar raon feidhme na dtáirgí airgeadais ábhartha chun na tosaíochtaí beartais dá dtagraítear sna treoirlínte seo a bhaint amach ar an tslí is fearr is féidir.

    Laistigh den chreat a leagadh amach i Roinn seo 2.3.2.1, féadfar spriocanna táscacha a dhíríonn ar chuspóirí sonracha beartais a shocrú faoi tháirgí airgeadais ginearálta.

    2.3.2.2.   Táirgí airgeadais

    Féadfaidh táirgí airgeadais a bheith i bhfoirm táirgí airgeadais ginearálta, táirgí airgeadais téamacha, agus comhtháirgí airgeadais ginearálta nó téamacha.

    Tabharfaidh táirgí airgeadais ginearálta tacaíocht do cheann amháin nó níos mó de na réimsí beartais a chumhdaítear faoi gach ionú beartais mar a shainítear a thuilleadh i Roinn 6 de na treoirlínte infheistíochta seo.

    I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ag brath ar phróifíl riosca na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá dírithe ar chuspóirí beartais sonracha, is féidir táirgí airgeadais téamacha a chruthú faoi ionuithe beartais.

    Díreoidh táirge airgeadais téamach ar réimse an Aontais maidir le beartais bhreisluacha a shaineofar go soiléir agus a bheidh níos airde i gcás nach féidir aghaidh a thabhairt ar an gcliseadh margaidh ná ar chás infheistíochta fo-optamacha le táirgí airgeadais ginearálta toisc go n-imíonn sé go mór ó théarmaí agus ó choinníollacha na dtáirgí airgeadais ginearálta sin atá ar fáil. D’fhéadfadh sé sin a bheith i ngeall, go háirithe, ar phróifíl ardriosca na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena n-éilítear cumhdach níos airde ón ráthaíocht AE trí roinnt neamhshiméadrach, roinnt theoranta nó roinnt gan riosca leis an gcomhpháirtí cur chun feidhme. In aon chás, le ranníocaíocht airgeadais an chomhpháirtí cur chun feidhme, comhlíonfar Airteagal 13(4) agus (5) de Rialachán InvestEU ar bhonn punainne.

    Beidh táirge airgeadais téamach bunaithe ar mheasúnú ar chliseadh margaidh nó ar chás infheistíochta fo-optamach, measúnú a bheidh comhréireach le gnéithe an táirge airgeadais théamaigh atá beartaithe, a mhéid nach raibh an táirge cumhdaithe cheana féin leis na measúnuithe agus na staidéir a rinneadh cheana.

    Chomh maith leis an athbhreithniú ar an bpíblíne tionscadal, cuirfidh an comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis shonrach maidir le hincháilitheacht ar fáil don Choimisiún faoi gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta faoi tháirge téamach, mar a leagadh síos sa chomhaontú ráthaíochta.

    Féadfar comhtháirge airgeadais ginearálta nó téamach a fhorbairt chun dul i ngleic le cuspóirí beartais a thagann faoi níos mó ná ionú beartais amháin ar bhealach níos éifeachtúla. Sna táirgí sin cuirfear acmhainní ó dhá ionú nó níos mó le chéile.

    2.3.3.   Gníomhaíochtaí eisiata

    Le Ciste InvestEU ní thacófar leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU.

    2.3.4.   Breithnithe maidir le státchabhair

    Maidir le hacmhainní na mBallstát a bhfuil baint acu le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena dtacaítear faoi Chiste InvestEU faoi urranna an Aontais agus an Bhallstáit, i gcásanna áirithe féadfaidh siad cáiliú mar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”). Díolmhaítear iad ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt faoi bhearta státchabhrach a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE má chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (29), go háirithe i roinn sonrach InvestEU de (30), nó i rialachán eile maidir le rialachán blocdhíolúine (31). Ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 108 CFAE maidir le haon Státchabhair nach gcomhlíontar leis na ceanglais a leagtar síos i gceann de na rialacháin bhlocdhíolúine.

    2.4.   Measúnú riosca

    I gcás gach oibríocht de chineál fiachais dhírigh, déanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme a measúnú i ndáil le riosca caighdeánach, lena mbaineann ríomh na dóchúlachta mainneachtana agus an ráta aisghabhála a bhfuiltear ag súil leis agus an t-aicmiú de réir chóras inmheánach rátála nó grádaithe an chomhpháirtí cur chun feidhme, agus tuairisceoidh siad dá réir sin don Choimisiún.

    Chun riosca foriomlán na hoibríochta a léiriú, déanfar an ríomh sin gan an ráthaíocht AE ná an ranníocaíocht airgeadais ón gcomhpháirtí cur chun feidhme a chur san áireamh. Maidir le roinnt oibríochtaí faoi tháirgí téamacha áfach, ní mór a chur san áireamh go bhféadfaidh sé, faoi rialacha agus nósanna imeachta an chomhpháirtí cur chun feidhme, nach dtiocfaidh siad faoi raon feidhme na méadrachta riosca rialta. Sna cásanna sin, déanfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme measúnú riosca leordhóthanach a fhorbairt i gcomhar leis an gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú leordhóthanach ar rioscaí.

    Cuirfear faisnéis faoin bpróifíl riosca a bhfuiltear ag súil léi maidir le hoibríochtaí de chineál fiachais faoi bhráid an Choiste Infheistíochta freisin mar chuid den iarratas ar thacaíocht ó Chiste InvestEU. Is éard atá in oibríocht de chineál fiachais oibríocht a bhfuil na saintréithe riosca fiachais aici, agus d’fhéadfadh ionstraimí i bhfoirm dhlíthiúil fiachais a bheith san áireamh inti. I measc na samplaí den fhiachas áirítear iasachtaí, léasanna airgeadais, morgáistí, litreacha creidmheasa, ráthaíochtaí, saoráidí creidmheasa cúltaca, agus urrúis arna n-eisiúint ar na margaí caipitil amhail bannaí; bídís ina mbannaí sinsearacha, mezzanine nó fo-ordaithe agus urraithe nó neamhurraithe.

    I gcás oibríochtaí de chineál cothromais, féadfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme úsáid a bhaint as an ráthaíocht AE chun tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí a dhéanfar in eintitis aonair nó i dtionscadail (infheistíochtaí de chineál cothromais) nó trí infheistíochtaí a dhéanfar i gcistí (lena n-áirítear cistí cistí, meáin chomhinfheistíochta nó cineálacha eile idirghabhálaithe) nó i gcineálacha eile meán maoiniúcháin a bhfuil rioscaí punainne de chineál cothromais ag baint leo (punann de chineál cothromais).

    Is éard atá ann in oibríocht de chineál cothromais oibríocht a bhfuil na saintréithe riosca cothromais aici. Féadfaidh ionstraimí i bhfoirm dhlíthiúil cothromais (amhail infheistíochtaí i scaireanna coiteanna nó i scaireanna tosaíochta) agus ionstraimí cuasachothromais nó ionstraimí hibrideacha a bheith san áireamh inti (amhail iasachtaí fo-ordaithe an-mhóra le rannpháirtíochtaí brabúis, maoiniú mezzanine, iasachtaí fiontair, iasachtaí in-chomhshóite, barántais nó cineálacha eile clásal maidir le sciar de chaipiteal cothromais (equity kicker). I gcás oibríochtaí de chineál cothromais dhírigh, déanfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme a mheasúnú caighdeánach agus tuairisceoidh sé don Choimisiún dá réir sin. I gcás oibríochtaí nach dtagann faoi raon feidhme na méadrach cothromais rialta, forbróidh an comhpháirtí cur chun feidhme modh leordhóthanach measúnaithe i gcomhar leis an gCoimisiún chun tuairisciú leordhóthanach a áirithiú.

    Bainfidh an comhpháirtí cur chun feidhme úsáid as a measúnú i ndáil le riosca caighdeánach chun a chinneadh i dtaobh cé acu is mar chineál cothromais nó mar chineál fiachais a aicmítear oibríocht, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil agus cén ainmníocht í, agus tuairisceofar dá réir sin don Choimisiún é.

    I gcás oibríochtaí idirghafa, féadfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme brath ar nósanna imeachta caighdeánacha na n-idirghabhálaithe airgeadais maidir leis an measúnú ar riosca na bhfaighteoirí deiridh nó luacháil na hoibríochta, de réir mar is infheidhme. Leis an gcomhaontú ráthaíochta forálfar maidir le toradh na hanailíse a rinne na comhpháirtithe cur chun feidhme, bunaithe ar an ionchur a fuarthas ó idirghabhálaithe airgeadais ar leibhéal na punainne, go déanfar é a thuairisciú don Choimisiún chun gur féidir leis measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí sin ar an riosca arna iompar ag an ráthaíocht AE agus ar leordhóthanacht na riachtanas soláthair.

    Déanfar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a mhapáil i gcoinne comhchóras rátála a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 11(1)(b)(ii) de Rialachán InvestEU. Déanfar faisnéis ábhartha maidir leis an measúnú riosca ar oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta a chur ar fáil don Choiste Infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Rialachán InvestEU agus don Choimisiún chun críoch tuairiscithe. Leagfar síos na ceanglais mhionsonraithe sna comhaontuithe ráthaíochta, agus leasanna an Aontais, mar ráthóir, á gcur san áireamh agus lena n-áiritheofar go dtabharfar cosaint iomchuí do rúndacht na faisnéise príobháidí agus/nó na faisnéise atá íogair ó thaobh tráchtála de.

    2.5.   Airgeadra an mhaoiniúcháin

    An ráthaíocht AE a sholáthrófar do chomhpháirtithe, beidh sí sloinnte in EUR.

    Féadfar maoiniúchán d’fhaighteoirí deiridh faoi oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chur ar fáil in aon airgeadra a bhfuil stádas dlíthairisceana aige i mBallstát. Féadfaidh maoiniúchán den sórt sin cur le forbairt na margaí caipitil áitiúla freisin.

    Féadfar maoiniúchán a chur ar fáil freisin in airgeadraí intrádála eile. Mar sin féin, déanfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme agus idirghabhálaithe airgeadais a ndícheall gan na faighteoirí deiridh a bheith neamhchosanta ar riosca malairte eachtraí. De ghnáth, ní fhéadfar maoiniú a chur ar fáil d’fhaighteoirí deiridh in airgeadraí eile seachas dlíthairiscint an Stáit ina bhfuil an faighteoir deiridh bunaithe ach amháin nuair a bhíonn réasúnaíocht láidir eacnamaíoch le déanamh amhlaidh. Sna cásanna sin, b’fhearr an maoiniú a dheonú in EUR.

    2.6.   Prionsabail leithdháilte de réir ionú beartais

    Bunófar táirgí airgeadais faoin ionú beartais iomchuí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach thíos:

    a)

    is faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna a thiocfaidh táirgí airgeadais lena dtacaítear le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, táirgí a bhfuil sé mar phríomhchuspóir acu tionchar sóisialta dearfach nó forbairt scileanna a bhaint amach;

    b)

    is faoin ionú FBM a thagann táirgí airgeadais lena dtacaítear le punanna nach bhfuil iontu ach FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar bhonn idirghafa i bhfoirm fiachais nó cothromais, cé is moite díobh siúd a thagann faoi raon feidhme phointe (a). Maidir le hoibríochtaí díreacha, táirgí airgeadais lena dtacaítear le punanna nach bhfuil iontu ach FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga mar réimse beartais ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c) de Rialachán InvestEU, leithdháilfear iad ar an ionú FBM, ach os a choinne sin, leithdháilfear táirgí airgeadais atá dírithe ar réimsí beartais sonracha eile ar an ionú lena gcumhdaítear an réimse sin;

    c)

    tiocfaidh táirgí airgeadais lena dtacaítear le gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta nó digitithe faoin ionú Taighde, Nuálaíocht agus Digitiú (RID), cé is moite díobh siúd dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b);

    d)

    táirgí airgeadais lena dtacaítear le hoibríochtaí bonneagair, le sócmhainní soghluaiste gaolmhara, le himscaradh teicneolaíochtaí nuálacha a bhfuil an riosca ina leith ar éileamh den chuid is mó agus le forbairt margaidh a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith, tiocfaidh siad faoin ionú Bonneagar Inbhuanaithe, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    i)

    déanfar táirgí airgeadais a bhaineann le bonneagar sóisialta (32) a leithdháileadh ar an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna;

    ii)

    táirgí airgeadais a bhaineann le bonneagar arb é an príomhriosca atá leis gníomhaíochtaí forbartha teicneolaíochta agus nuálaíochta, déanfar iad a leithdháileadh ar an ionú Taighde, Nuálaíocht agus Digitiú (RID). Mar sin féin, táirgí airgeadais a bhaineann le tionscadail a shaothraíonn cuspóirí beartais bonneagar inbhuanaithe ábhartha, féadfaidh FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga iad a chur chun feidhme agus a fhorbairt freisin, fad is nach dtagann na punanna faoi phointe (b).

    Féadfar tacaíocht chaipitil a thugtar do FBManna i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(g) de Rialachán InvestEU a sholáthar trí tháirgí airgeadais a thagann faoi aon ionú beartais.

    Tagann comhtháirgí airgeadais faoi dhá ionú nó níos mó i gcomhréir leis an sásra ábhartha um leithdháileadh ráthaíochtaí de réir mar a leagtar amach sna comhaontuithe ráthaíochta. D’fhéadfadh comhroinnt pro rata gach oibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta a bheith i gceist leis an sásra sin um leithdháileadh ráthaíochtaí arna sainiú ex ante i measc na n-ionuithe beartais ábhartha nó i measc na sásraí eile.

    Leithdháilfear gach oibríocht aonair mhaoiniúcháin nó infheistíochta a mholfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme ar an táirge airgeadais sonrach a bhfuil siad i gcomhréir leis. I gcás oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta a chomhlíonann na critéir maidir le níos mó ná táirge airgeadais bunaithe amháin, leithdháilfear an oibríocht sin ar an táirge airgeadais faoina dtagann a príomhchuspóir i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán InvestEU.

    Agus oibríocht shonrach mhaoiniúcháin nó infheistíochta á cur isteach ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, molfaidh sé an táirge airgeadais ábhartha faoin ionú beartais faoina leithdháilfear an oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta.

    2.7.   Éagsúlú geografach agus earnála

    Níor cheart gur mhó ná 45 % den mhéid maoiniúcháin a fhaigheann tacaíocht ó Chiste InvestEU thar gach comhpháirtí cur chun feidhme a bheadh i méid na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an ráthaíocht AE in aon trí Bhallstát, i gcomhiomlán ag deireadh na tréimhse infheistíochta. Ní áirítear leis sin oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta nó na codanna ábhartha díobh a chumhdaítear faoi urranna an Bhallstáit.

    Ina theannta sin, ní mór gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú ag deireadh na tréimhse infheistíochta go gcumhdófar raon leathan de na réimsí incháilithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU. Áireofar ann go háirithe margaí nua-fhorbartha nó margaí tearcfhorbartha, agus cuirfear san áireamh táirgí airgeadais a sholáthair an comhpháirtí cur chun feidhme. Féadfar aon cheann de na réimsí incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU a chumhdach le táirge airgeadais.

    Féadfar ardáin infheistíochta a bhunú chun éagsúlú geografach a chur chun cinn, éagsúlú lena dtugtar le chéile iarrachtaí agus saineolas na gcomhpháirtithe cur chun feidhme le bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus institiúidí a bhfuil taithí theoranta acu maidir le húsáid ionstraimí airgeadais.

    Faoi urranna an Bhallstáit, cuirfear an raon feidhme geografach agus an t-imfhálú sonrach san áireamh sna comhaontuithe ranníocaíochta sonracha.

    2.8.   Urranna an Bhallstáit in ionuithe beartais

    Féadfar urranna an Bhallstáit a bhunú chun ceann amháin nó níos mó de na hionuithe beartais is infheidhme a chumhdach. Is éard a bheidh iontu leithdháiltí imfhálaithe ó na Ballstáit is ranníocóirí chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí beartais na gcistí faoi bhainistíocht chomhroinnte nó na Saoráide Aisghabhála agus Athléimneachta nó chun na gcríoch a leagtar síos sa chomhaontú ranníocaíochta, ag brath ar thionscnamh na suime arna ranníoc. Féadfaidh urranna an Bhallstáit tacaíocht chaipitil a sholáthar, i measc nithe eile, do FBManna i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(g) de Rialachán InvestEU.

    Maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi urranna an Bhallstáit, déanfar iad a sholáthar i gcomhréir le rialacha Chiste InvestEU agus déanfaidh siad na treoirlínte infheistíochta seo agus comhaontú ranníocaíochta a chomhlíonadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán InvestEU, lena n-áirítear cuspóirí na gclár óna ndéantar ranníocaíocht.

    Féadfaidh gach urrann Ballstáit (33) tacaíocht a thabhairt sna cásanna seo a leanas maidir le táirgí airgeadais mar a leagtar amach i Roinn 2.3.2.2:

    a)

    féadfar táirge airgeadais atá ann cheana agus a ceapadh le haghaidh urrann an Aontais a chur chun feidhme freisin faoi urrann an Bhallstáit. Déanfar an ranníocaíocht a imfhalú le haghaidh an Bhallstáit tionscnaimh, na mBallstát tionscnaimh, an réigiúin tionscnaimh nó na réigiún tionscnaimh;

    b)

    féadfar táirgí airgeadais saincheaptha a fhorbairt ar mhaithe le dul i ngleic le riachtanais agus le faighteoirí deiridh sonracha de chuid an Bhallstáit tionscnaimh nó an réigiúin tionscnaimh. D’fheadfadh cineál nua táirge airgeadais a bheith i gceist leis an táirge airgeadais sin nó d’fheadfadh difríocht shuntasach a bheith idir é agus táirge airgeadais atá ann cheana agus ar le haghaidh urrann an Aontais a forbraíodh é;

    c)

    féadfaidh táirge airgeadais tacaíocht ó urranna an Aontais agus an Bhallstáit a thabhairt le chéile ar bhealach comhlántach.

    Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó comhaontú ranníocaíochta comhpháirteach a thabhairt i gcrích leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán InvestEU.

    2.9.   Oibríochtaí measctha a fhaigheann tacaíocht ó Chiste InvestEU

    Tá tacaíocht ó Chiste InvestEU i gceist le hoibríochtaí measctha (34) a shainítear in Airteagal 2(5) agus dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán InvestEU. Cuirfidh an comhpháirtí cur chun feidhme togra isteach le haghaidh oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta ar cuid den oibríocht mheasctha í lena fhormheas ag an gCoiste Infheistíochta.

    Is faoi rialacha InvestEU a chuirfear an oibríocht mheasctha chun feidhme. An ghné mheasctha a sholáthrófar sa chlár earnála (35), is féidir léi a bheith i bhfoirm deontais nó ionstraim airgeadais agus comhlíonfaidh sí rialacha incháilitheachta an chláir earnála. An ghné mheasctha atá i bhfoirm ionstraim airgeadais, is féidir í a chomhcheangal leis an ráthaíocht InvestEU agus an riosca a roinnt eatarthu mar a shonraítear a thuilleadh sa chomhaontú ráthaíochta. Is éard a bheidh sa chlár oibre ábhartha (36) an cinneadh maoiniúcháin maidir leis an ngné mheasctha den chlár earnála agus luafar ann a fhoirm, a chuspóirí, méid bhuiséad an chláir earnála atá le leithdháileadh ar oibríochtaí measctha agus liosta na n-eintiteas a bheidh rannpháirteach san oibríocht mheasctha. Maidir le cinneadh faoin ngné mheasctha ó chlár earnála, beidh sin gan dochar do chinneadh an Choiste Infheistíochta maidir leis an ráthaíocht AE faoi Rialachán InvestEU.

    Tabharfar aird ar leith ar éifeachtúlacht agus ar chomhréireacht na tacaíochta comhcheangailte ón Aontas agus oibríocht mheasctha á ceapadh agus á cur chun feidhme. Sa chomhaontú ráthaíochta léireofar an táirge airgeadais nó na táirgí airgeadais faoinar féidir oibríochtaí measctha a chur isteach agus na forálacha sonracha is infheidhme maidir le hoibríochtaí measctha. Féadfar a áireamh orthu sin uasteorainneacha táscacha nó uasteorainneacha éigeantacha na dtráinsí sonracha a bhaineann le tacaíocht an Aontais. Ina theannta sin, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis chomhiomlán (nó má aontaíodh amhlaidh sa chomhaontú ráthaíochta, faisnéis mhionsonraithe) maidir le hoibríochtaí measctha le linn an phlé leis an gCoimisiún faoin bpíblíne tionscadal. Léireofar sa scórchlár cibé acu an dtairbhíonn nó nach dtairbhíonn oibríocht mheasctha de chomhpháirt deontais nó d’ionstraim airgeadais as cláir eile de chuid an Aontais.

    Chomh maith leis an athbhreithniú ar an bpíblíne, cuirfidh an comhpháirtí cur chun feidhme faisnéis shonrach ar fáil maidir le hincháilitheacht don Choimisiún faoi gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta a thairbhíonn de mheascadh faoi tháirge airgeadais, mar a shainítear sa chomhaontú ráthaíochta. Maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta indíreacha aonchineálacha, féadfar sainchritéir incháilitheachta maidir le hidirbhearta le faighteoirí deiridh a shainiú sa chomhaontú ráthaíochta a fhéadfaidh teacht in ionad an ghá atá le faisnéis shonrach den sórt sin.

    2.10.   Infheistíochtaí straitéiseacha

    Féadfaidh oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta faoi InvestEU rannchuidiú le gníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 8(3) de Rialachán InvestEU. Measfar na gníomhaíochtaí sin a bheith ina n-infheistíochtaí straitéiseacha más rud é:

    i)

    go mbaineann siad le tionscadail agus le faighteoirí deiridh lena ngabhann rioscaí do shlándáil nó d’ord poiblí an Aontais agus na mBallstát, go háirithe infheistíochtaí in earnálacha na cosanta agus an spáis agus sa chibearshlándáil:

    maidir leis an gcosaint, infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i dtáirgí cosanta arna sainaithint sa chlár oibre bliantúil don Chiste Eorpach Cosanta;

    maidir leis an spás, infheistíochtaí sna táirgí seo a leanas:

    cloig adamhacha (e.g. le haghaidh chórais suite Galileo);

    lainseálaithe straitéiseacha (i.e. feithiclí spáslainseála le haghaidh córais spáis faoi rialú an Aontais); agus

    táirgí spáis a shainítear i liosta arna chinneadh ag an gCoimisiún ar bhonn bliantúil agus a chuirfear in iúl don Bhord Stiúrtha;

    i gcás na cibearshlándála, infheistíochtaí a dhírítear ar uirlisí agus ar réitigh chibearshlándála a fhorbairt agus a chur in úsáid amháin, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad le líonraí digiteacha agus le bonneagair sonraí a chur in úsáid nó a uasghrádú;

    ii)

    le rannchuidiú le hathléimneacht an Aontais i réimsí ina mbaineann tábhacht straitéiseach leo dó, de réir mar a shainítear i Ranna 6.1.1.8, 6.2.1.1 agus 6.4.1.1 iad, trí thacaíocht a thabhairt do luachshlabhraí straitéiseacha agus iad a neartú agus gníomhaíochtaí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo don Aontas a choinneáil ar bun agus agus a threisiú, lena n-áirítear Tionscadail Thábhachtacha Ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI), i réimsí an bhonneagair chriticiúil, na dteicneolaíochtaí claochlaithe, na nuálaíochtaí ceannródaíocha agus na n-ionchur i ngnólachtaí agus i dtomhaltóirí.

    Maidir le hoibríochtaí díreacha, áiritheoidh an comhpháirtí cur chun feidhme go n-urramóidh infheistíochtaí straitéiseacha na teorainneacha a leagtar síos sna míreanna thíos. Maidir le hoibríochtaí indíreacha, ceanglóidh an comhpháirtí cur chun feidhme go conarthach ar an idirghabhálaí airgeadais a áirithiú go gcomhlíonfar na teorainneacha céanna.

    Tá feidhm ag teorainneacha maidir le faighteoirí deiridh a thagann faoi phointe (i) sa chéad mhír, seachas i gcás oibríochtaí díreacha faoi bhun EUR 10 000 000 agus i gcás idirbhearta faoi oibríochtaí indíreacha faoi bhun EUR 10 000 000.

    Chun críocha na dteorainneacha a leagtar amach sa Roinn seo:

    a)

    is éard atá i gceist le “rialú” an cumas tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar eintiteas dlíthiúil go díreach nó go hindíreach trí eintiteas dlíthiúil idirmheánach amháin nó níos mó;

    b)

    is éard atá i gceist le “bainistíocht feidhmiúcháin” comhlacht eintitis dhlítheanaigh a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus, i gcás inarb infheidhme, a thugann tuarascáil don phríomhoifigeach feidhmiúcháin, nó d’aon duine eile ag a bhfuil an chumhacht inchomparáide cinntí a dhéanamh, a bhfuil an chumhacht aige straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an eintitis dhlítheanaigh sin a bhunú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht na bainistíochta;

    c)

    is éard atá in eintiteas tríú tír eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i dtríú tír nó, i gcás ina bhfuil sé bunaithe san Aontas, a bhfuil a bhainistíocht feidhmiúcháin lonnaithe i dtríú tír. Cinntear áit bhunaithe an eintitis dhlíthiúil de réir shuíomh a oifige cláraithe.

    Ní bheidh faighteoir deiridh a thagann faoi phointe (i) faoi rialú tríú tír ná eintitis tríú tír agus beidh a bhainistíocht feidhmiúcháin lonnaithe san Aontas.

    Más rud é go bhfuil baint ag an bhfaighteoir deiridh a thagann faoi phointe (i) le hinfheistíocht straitéiseach i réimse na nascachta 5G, de bhun Bhosca Uirlisí Cibearshlándáil 5G (37) beidh feidhm ag na bearta agus na pleananna maolaithe riosca maidir le soláthraithe an fhaighteora deiridh freisin. Áirítear ar na soláthróirí sin go háirithe díoltóirí trealamh teileachumarsáide agus monaróirí agus soláthraithe eile tríú páirtí, amhail soláthraithe néalbhonneagair, soláthraithe seirbhísí bainistithe, slánaitheoirí córas, conraitheoirí slándála agus cothabhála agus monaróirí trealamh tarchurtha.

    Más rud é go bhfuil baint ag an bhfaighteoir deiridh a thagann faoi phointe (i) le hinfheistíocht straitéiseach i réimse na cosanta, beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le soláthraithe an fhaighteora deiridh sin.

    Na teorainneacha a bhaineann leis an easpa rialaithe ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír a leagtar amach sna trí mhír thuas, ní bheidh feidhm acu maidir le hoibríocht mhaoiniúcháin ná le hoibríocht infheistíochta ar leith i gcás inar féidir leis an bhfaighteoir deiridh a thagann faoi phointe (i) a léiriú gur eintiteas dlí é ar fhormheas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe ráthaíocht ina leith i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le heintitis incháilithe a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán an Chiste Eorpaigh Cosanta (“EDF”) (38) nó i gcomhréir leis an tarscaoileadh ón gCoimisiún a deonaíodh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i bhforálacha ábhartha an Rialachán Spáis (39). Ní mór don chomhpháirtí cur chun feidhme fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le deonú aon mhaolaithe ar na teorainneacha a leagtar amach i Roinn 2.10 seo.

    Faighteoirí deiridh a thagann faoi phointe (i), ní dhéanfaidh siad cearta maoine intleachtúla a cheadúnú ná a aistriú go heisiach chuig teicneolaíochtaí criticiúla gaolmhara agus teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach chun leas slándála riachtanach an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, teicneolaíochtaí a eascraíonn go díreach as na hinfheistíochtaí straitéiseacha sin chuig tríú tíortha nó chuig eintitis tríú tír, mura rud é gur fhormheas an Ballstát ina bhfuil an faighteoir deiridh bunaithe é.

    Scoirfidh an teorainn sin d’fheidhm a bheith aici 5 bliana tar éis an dáta a ndéanfar an sciar deiridh den mhaoiniú a eisíoc.

    3.   INFHEISTÍOCHTAÍ INBHUANAITHE A CHUR CHUN CINN

    Le InvestEU, cuid thábhachtach de Phlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe/Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais (40), cuideofar le beart a dhéanamh maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus maidir leis an Sásra um Aistriú Cóir. Rannchuideofar leis freisin le forbairt a dhéanamh ar ghné shóisialta an Aontais.

    Tá ceanglais dlí shonracha i Rialachán InvestEU maidir leis an rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus le hinbhuanaitheacht na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a fhaigheann tacaíocht ón ráthaíocht AE chomh maith. I gcomhthéacs InvestEU, le hinbhuanaitheacht tagraítear don tionchar ar na trí ghné a luaitear i Rialachán InvestEU: an aeráid, an comhshaol agus cúrsaí sóisialta.

    Thairis sin, faoi Airteagal 8(5) de Rialachán InvestEU, tionscadail nach bhfuil i gcomhréir leis na cuspóirí aeráide, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa treoir maidir le díonadh inbhuanaitheachta, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh tacaíochta.

    Le ceapadh na dtáirgí airgeadais faoi InvestEU, cuirfear san áireamh an rannchuidiú le cuspóirí na hinbhuanaitheachta lena n-áirítear trí mhéadú a dhéanamh ar mhargadh an bhanna ghlais agus na mbannaí inbhuanaitheachta; réitigh nuálacha agus inbhuanaithe a úsáid i réimsí an gheilleagair chiorclaigh, an bhithgheilleagair, an gheilleagair ghoirm, an bhia agus an athraithe aeráide; cosaint a thabhairt don chomhshaol agus don chaipiteal nádúrtha (aer, uisce, nádúr, talamh agus bithéagsúlacht); tionscail dianfhuinnimh a aistriú agus a dhícharbónú, lena n-áirítear trí infheistíochtaí a dhéanamh i dteicneolaíochtaí digiteacha agus i gcórais chiorclacha; earnálacha a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu lena n-ailíniú le cuspóirí aeráide 2030 agus 2050 de chuid an Aontais Eorpaigh; an gá le dul i ngleic le tionchair dhiúltacha ghaolmhara a bhféadfaidh tionchar díobhálach a bheith acu ar shaoránaigh leochaileacha go háirithe, lena n-áirítear saoránaigh ar gá dóibh uasoiliúint nó athoiliúint a dhéanamh agus oiriúnú do chineálacha nua oibre agus réigiúin atá tite ar gcúl ó thaobh tionscail agus seirbhísí inbhuanaithe a chruthú; chomh maith le comhionannas inscne agus comhionannas ar fhorais eile a chur chun cinn.

    Moltar do chomhpháirtithe cur chun feidhme tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le critéir Rialachán (AE) Aontais 2020/852 (41).

    Féadfar seirbhísí comhairleacha tiomnaithe a sholáthar do thionscnóirí tionscadail, d’idirghabhálaithe airgeadais nó do chomhpháirtithe cur chun feidhme (42), go háirithe chun forbairt a dhéanamh ar an gcumas déileáil le ceanglais maidir le díonadh inbhuanaitheachta agus ar phíblíne na dtionscadal lena dtugtar aghaidh ar na cuspóirí thuas.

    3.1.   An aeráid agus an comhshaol a rianú agus a thuairisciú

    Mar a tugadh faoi deara in Aithris 10 de Rialachán InvestEU, le méid comhiomlán na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta táthar ag súil go ranníocfar ar a laghad 30 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir InvestEU le cuspóirí aeráide. Ina theannta sin, leagtar síos 60 % ar a laghad de mhéid comhiomlán na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta mar sprioc shonrach maidir le cuspóirí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol faoin ionú Bonneagar Inbhuanaithe in Airteagal 8(8) de Rialachán InvestEU le haghaidh urrann an Aontais. Meastar freisin go rannchuideoidh na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta le cuspóirí bithéagsúlachta foriomlána an Aontais.

    Beidh feidhm ag spriocanna aeráide agus comhshaoil maidir le hurrann an Aontais agus le hurrann an Bhallstáit araon de Chiste InvestEU. Mar sin féin, maidir le gnóthú na spriocanna (43), is ar leithligh a dhéanfar iad a ríomh agus a dhéanfar faireachán orthu ar leithligh i gcás urranna an Aontais agus urranna an Bhallstáit.

    Déanfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme tomhas ar an rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chuireann siad faoi bhráid an Choiste Infheistíochta i gcomhréir leis an treoir rianaithe aeráide agus comhshaoil ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 8(7) de Rialachán InvestEU. Le rianú aeráide agus comhshaoil faoi Chiste InvestEU, cuirfear le córas comhleanúnach chun faisnéis ábhartha ó na comhpháirtithe cur chun feidhme go léir a bhailiú, a mharcáil agus a chomhiomlánú, agus san am céanna áiritheofar comhoiriúnacht le modheolaíocht níos leithne rianaithe aeráide is infheidhme maidir le gach clár ábhartha arna mhaoiniú trí bhuiséad an Aontais. Beidh ar an gcóras sin úsáid a bhaint as na critéir ar bhealach iomchuí lena gcinneadh an bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis an Rialachán maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (44).

    Chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na sprice aeráide de 30 % agus na sprice carnaí aeráide agus/nó comhshaoil de 60 % le haghaidh an ionú Bonneagar Inbhuanaithe, soláthróidh na comhpháirtithe cur chun feidhme, tráth a chuirtear togra faoi bhráid an Choimisiúin, an fhaisnéis is gá lena gceadófar rianú a dhéanamh ar an rannchuidiú leis na spriocanna sin i gcomhréir leis an treoir arna heisiúint ag an gCoimisiún. Cuirfear an fhaisnéis chéanna faoi bhráid an Choiste Infheistíochta freisin mar chuid den iarratas ar thacaíocht ó Chiste InvestEU.

    Leis na comhaontuithe ráthaíochta ceanglófar ar chomhpháirtithe cur chun feidhme tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Choimisiún, ar leibhéal comhiomlán, maidir leis na hoibríochtaí a chuireann leis na spriocanna aeráide agus comhshaoil agus, más infheidhme, tabharfaidh siad tuarascáil ar leith do gach ciste ranníocaíochta faoi bhainistíocht chomhroinnte in urrann an Bhallstáit. Sa tuairisciú sin áireofar táscairí ábhartha, i gcás inarb infheidhme.

    3.2.   Deimhniú inbhuanaitheachta

    I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán InvestEU, déanfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme scagadh ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta chun a chinneadh an dtacaíonn siad le tionscadail atá níos mó ná méid áirithe (45) agus, i gcás den sórt sin, an bhfuil aon tionchar suntasach acu ar an gcomhshaol, ar an aeráid nó ar an tsochaí. Má tá, beidh siad faoi réir deimhniú inbhuanaitheachta i gcomhréir le treoir a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar le comhpháirtithe féideartha cur chun feidhme. I gcás ina gcinneann an comhpháirtí cur chun feidhme nach ndéanfar aon deimhniú inbhuanaitheachta, déanfaidh sé réasúnú a sholáthar don Choiste Infheistíochta.

    Is é an comhpháirtí cur chun feidhme a bheidh freagrach as an deimhniú inbhuanaitheachta a dhéanamh, deimhniú a bheidh bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh tionscnóirí na dtionscadal ar fáil agus i gcomhréir leis an treoir ón gCoimisiún. Agus iarratas á dhéanamh ag na comhpháirtithe cur chun feidhme ar thacaíocht ó InvestEU, cuirfidh siad achoimre ar dheimhniú inbhuanaitheachta ar fáil, de réir mar is infheidhme. Agus aird chuí á tabhairt ar rialacha agus ar chleachtais maidir le faisnéis atá rúnda agus íogair ó thaobh tráchtála de, lena n-áirítear maoin intleachtúil, cuirfear an achoimre ar dheimhniú inbhuanaitheachta ar fáil don phobal tar éis don Choiste Infheistíochta úsáid na ráthaíochta AE le haghaidh oibríocht shonrach a fhormheas.

    Forbrófar treoir an Choimisiúin ar bhealach a bheidh ag luí leis an treoir a forbraíodh le haghaidh cláir eile de chuid an Aontais, agus ar bhonn na reachtaíochta reatha (46), na dtreoirlínte, na n-uirlisí agus na dea-chleachtais atá ann cheana chun athléimneacht aeráide a áirithiú agus seachtrachtaí comhshaoil a mheas (47), agus trí na critéir a chur san áireamh, ar bhealach iomchuí, chun a chinneadh an bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”. Cuideoidh an deimhniú freisin lena fhíorú gur cheart é a bheith d’aidhm ag oibríochtaí infheistíochta InvestEU neamh-chomhionannais a dhíothú, nó ar a laghad gan rannchuidiú le héagothromaíochtaí atá ann cheana a choinneáil ar bun nó a mhéadú.

    3.3.   An Scéim um Aistriú Cóir faoi InvestEU

    Mar chuid den Phlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe/de Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, rannchuideoidh InvestEU leis an Sásra um Aistriú Cóir trí bhíthin Scéim um Aistriú Cóir thiomnaithe (JTS InvestEU) a chuirfear chun feidhme trí tháirgí airgeadais InvestEU. Tabharfaidh JTS InvestEU tacaíocht d’infheistíochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as an aistriú chuig sprioc aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach agus chun a sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Chun go mbeidh na Ballstáit in ann tairbhe a bhaint as JTS InvestEU, leagfaidh siad amach sa phlean ábhartha críochach um aistriú cóir na hearnálacha agus na gníomhaíochtaí a bhfuil sé i gceist tacaíocht a thabhairt dóibh, i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann leis na pleananna críochacha um aistriú cóir a leagtar amach i bhforálacha ábhartha an Chiste um Aistriú Cóir (Rialachán “JTF”) (48).

    Tabharfaidh JTS InvestEU tacaíocht d’infheistíochtaí atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de ag eintitis san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí atá ailínithe le cuspóirí an aistrithe chóir. Beidh tionscadail nó faighteoirí deiridh lonnaithe i gcríocha a chumhdaítear le plean formheasta críochach um aistriú cóir faoi Rialachán JTF. Thairis sin, féadfar tacaíocht a thabhairt do thionscadail nó d’fhaighteoirí deiridh nach bhfuil lonnaithe sna críocha sin ach a rannchuidíonn chun a riachtanais forbartha a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil cistiú do thionscadail den sórt sin ríthábhachtach le haghaidh aistriú na gcríoch a bhfuil plean críochach um aistriú cóir acu. Mar shampla, d’fhéadfaí tionscadail bhonneagair a chumhdach a fheabhsaíonn nascacht na réigiún um aistriú cóir.

    Tabharfaidh JTS InvestEU tacaíocht d’infheistíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí (Airteagal 3 de Rialachán InvestEU) agus na tosaíochtaí infheistíochta (Airteagal 8(1) de Rialachán InvestEU agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis) a leagtar amach i Rialachán InvestEU agus sna treoirlínte infheistíochta seo.

    Is féidir JTS InvestEU a chur chun feidhme trí aon táirge airgeadais de chuid InvestEU faoi na ceithre ionú beartais. De bharr shainiúlachtaí na gcríoch um aistriú cóir (e.g. éagothromaíochtaí eacnamaíocha, struchtúr mhargadh an tsaothair, acmhainneacht ionsúcháin etc.) agus an tionchair ar an réamhaisnéis eacnamaíoch i ngeall ar phaindéim COVID-19, is féidir a bheith ag súil le héileamh níos mó ar mhaoiniú faoi roinnt táirgí airgeadais agus éileamh teoranta nó gan éileamh ar bith a bheith ann faoi tháirgí eile. I bhfianaise na bhfachtóirí sin, féadfar dreasachtaí tiomnaithe a thairiscint do chomhpháirtithe cur chun feidhme agus d’idirghabhálaithe airgeadais. I gcás ina bhfuil údar maith leis, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm socruithe comhroinnte riosca a bhfuil buntáiste breise ag baint leo maidir leis na punanna infheistíochta idir an tAontas agus an comhpháirtí cur chun feidhme, luach saothair na ráthaíochta AE atá níos ísle nó i bhfoirm chumhdach páirteach na gcostas riaracháin faoi na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a rannchuidíonn le JTS InvestEU mar a shainítear in Airteagal 13(2) de Rialachán InvestEU nó i bhfoirm eile arna comhaontú i gcomhaontú ráthaíochta i gcomhthéacs táirge airgeadais amháin nó níos mó. Féadfar tacaíocht chomhairleach thiomnaithe a thairiscint, i gcás inarb iomchuí, do thionscnóirí tionscadail ábhartha nó d’idirghabhálaithe airgeadais ábhartha chun tacú le píblíne tionscadal inmharthana a fhorbairt.

    Rachaidh laghdú ar bith ar luach saothair na ráthaíochta AE chun tairbhe iomlán na bhfaighteoirí deiridh.

    Féadfaidh athrú teacht ar an rannchuidiú ó chomhpháirtithe cur chun feidhme i dtaca leis na cuspóirí infheistíochta do JTS InvestEU a bhaint amach, ag brath ar chineál an táirge airgeadais lena mbaineann.

    Déanfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a rianú agus tuairisceoidh siad orthu nó ar a gcomhpháirteanna ábhartha lena dtacaítear le tionscadail nó le faighteoirí deiridh faoi JTS InvestEU. Tar éis plean ábhartha críochach um aistriú cóir a ghlacadh, áireofar oibríochtaí den sórt sin nó a gcomhpháirteanna ábhartha mar infheistíocht arna slógadh faoi JTS InvestEU fiú i gcás inar formheasadh iad sular glacadh an plean, ar choinníoll go bhfíoraíonn an comhpháirtí cur chun feidhme go gcomhlíonann siad cuspóirí an phlean ábhartha chríochaigh um aistriú cóir.

    Ní dhéanfar maoiniú faoi JTS InvestEU a chomhcheangal le saoráid iasachta na hearnála poiblí (49) (colún 3), ach amháin i gcás tacaíocht chomhairleach.

    4.   AN RÁTHAÍOCHT AE A ÚSÁID

    Féadfar an Ráthaíocht AE úsáid chun tráinsí éagsúla riosca a bhaineann le hoibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta a chumhdach faoi tháirgí airgeadais éagsúla nó faoi phunanna oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi tháirgí airgeadais. Leagfar amach na mionsonraí maidir le húsáid na ráthaíochta AE sa chomhaontú ráthaíochta.

    Féadfaidh an ráthaíocht AE a bheith pari passu leis an suíomh riosca a ghlac an comhpháirtí cur chun feidhme nó féadfaidh sí tráinse sóisearach, mar shampla Cuid Chéadchaillteanais (“FLP”) nó tráinse mezzanine a chumhdach. I gcás comhaontuithe ráthaíochta lena gcumhdaítear níos mó ná ionú beartais amháin, is féidir na caillteanais a tharlaíonn faoi tháirgí airgeadais a fhrithpháirtiú laistigh d’ionú beartais amháin nó níos mó, agus an struchtúr roinnte riosca, mar a shainítear sa chomhaontú ráthaíochta, á cur san áireamh.

    Áireofar sciar an chomhpháirtí cur chun feidhme den FLP mar chuid de ranníocaíocht airgeadais an chomhpháirtí cur chun feidhme mar a shainítear in Airteagal 2(7) de Rialachán InvestEU. Féadfar comhroinnt riosca i bhfoirmeacha eile, amhail sciar an chomhpháirtí cur chun feidhme i dtráinse mezzanine, a áireamh mar ranníocaíocht airgeadais an chomhpháirtí cur chun feidhme, faoi réir coinníollacha agus modheolaíocht ríofa a leagtar síos sna comhaontuithe ráthaíochta.

    Saineofar saolré táirge airgeadais agus coinníollacha a fhoirceannta sa chomhaontú ráthaíochta. I gcás inarb iomchuí, féadfar foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht faoi tháirge airgeadais ar leibhéal na hoibríochta maoiniúcháin nó infheistíochta chun infheistíochtaí a scor nó neamhchosaintí a dhiúscairt roimh dheireadh shaolré na n-infheistíochtaí bunúsacha i gcás inar féidir a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí beartais, agus leasanna airgeadais an Aontais agus an chomhpháirtí cur chun feidhme á n-urramú ag an am céanna.

    Gan dochar do na prionsabail a leagtar amach i Roinn 4 anseo a mbeidh feidhm acu mutatis mutandis, féadfar tiús an tráinse shóisearaigh nó an tráinse mezzanine a shocrú trí shásra ráta aistrithe freisin, agus sonrófar é sin sa chomhaontú ráthaíochta. Is éard atá i gceist leis sin ráta aistrithe aonair a chur i bhfeidhm maidir le gach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta chun leibhéal ranníocaíochta an chomhpháirtí cur chun feidhme agus na ráthaíochta AE leis an tráinse sóisearach nó an tráinse mezzanine sin a chinneadh.

    Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas maidir leis an úsáid a bhainfear as an ráthaíocht AE, mura sonraítear a mhalairt sna treoirlínte infheistíochta seo faoi Roinn ábhartha an ionú beartais. I gcás urrann an Bhallstáit, féadfaidh tiús an FLP nó an tráinse mezzanine a bheith éagsúil leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn 4 mar a shonraítear sa chomhaontú ranníocaíochta ábhartha arna shíniú idir an Coimisiún agus an Ballstát.

    4.1.   Táirgí airgeadais ginearálta

    4.1.1.   An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál fiachais

    Mar phrionsabal, faoi réir na bhforálacha in Ranna 4.1.1.1 go dtí 4.1.1.3, maidir le punanna lena dtacaítear le hoibríochtaí de chineál fiachais faoi tháirgí airgeadais, i gcás ina gcumhdaíonn an ráthaíocht AE FLP, tógfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme sciar 5 % ar a laghad den FLP.

    4.1.1.1.   Cumhdach oibríochtaí aonair

    Maidir le hoibríochtaí díreacha, agus leo sin amháin, a bhfuil feidhm ag an Roinn 4.1.1.1 seo.

    Féadfar an ráthaíocht AE a úsáid chun oibríocht aonair a chumhdach go páirteach ar bhonn pari passu. Sa chás sin, ní fhéadfaidh an ráthaíocht AE maidir le hoibríocht aonair dul thar 50 % den mhaoiniú arna sholáthar ag an gcomhpháirtí chur chun feidhme. Beidh sé d’oibleagáid ar an gcomhpháirtí cur chun feidhme sciar íosta 20 % pari passu a choinneáil ar oibríocht aonair chun ús a ailíniú.

    D’fhéadfadh an ráthaíocht AE a bheith i bhfoirmeacha eile freisin, lena n-áirítear seasamh fo-ordaithe i ndáil le hoibríocht aonair. Sa chás sin, tá an ráthaíocht AE maidir le hoibríocht aonair teoranta do 25 % de mhéid foriomlán an mhaoiniúcháin arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme (50). Ní mór don chomhpháirtí cur chun feidhme sciar 5 % ar a laghad den seasamh fo-ordaithe a ghlacadh.

    4.1.1.2.    Punanna oibríochtaí a chumhdach seachas na punanna dá dtagraítear i Roinn 4.1.1.3

    Féadfaidh sé leis an ráthaíocht AE go gcumhdófar FLP nó tráinse mezzanine freisin i ndáil leis an bpunann ábhartha oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta arna maoiniú ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme. I gcás ina gcumhdaíonn an ráthaíocht AE an FLP, ní mór don chomhpháirtí cur chun feidhme sciar 5 % ar a laghad a ghlacadh den FLP.

    Beidh tiús an FLP bunaithe ar an bpróifíl riosca a bhfuiltear ag súil léi maidir leis na hoibríochtaí faoin bpunann faoi ráthaíocht. Suas le 30 % de mhéid foriomlán an mhaoiniúcháin arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme faoi tháirge airgeadais, sin é an teorainn a bheidh leis. Faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, féadfar tiús an FLP a mhéadú faoi threoir sciar iomchuí de mhéid foriomlán an mhaoinithe.

    4.1.1.3.   Cumhdach punanna ráthaíochtaí caidhpeáilte agus neamhchaidhpeáilte

    I gcás maoiniú fiachais idirmheánaithe, i bhfoirm ráthaíochtaí caidhpeáilte agus i bhfoirm ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte araon, i gcás nach leor luach saothair ó idirghabhálaithe airgeadais chun luach saothair leordhóthanach a fháil ar an riosca a bhaineann leis an maoiniú arna chur ar fáil ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, féadfaidh sé leis an ráthaíocht AE go dtógfar sciar suas le 100 % den FLP arna shocrú ar leibhéal na gcaillteanas a bhfuiltear ag súil leo. I gcás maoiniú fiachais idirmheánaithe den sórt sin i bhfoirm ráthaíochtaí caidhpeáilte, féadfar tiús an FLP arna chumhdach ag an ráthaíocht AE a shocrú ag suas le 100 % den mhaoiniú arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme.

    I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, i gcás ráthaíochtaí neamhchaidhpeáilte arna dtairiscint ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, féadfaidh sé go gcumhdófar leis an ráthaíocht AE caillteanais os cionn na gcaillteanas a bhfuiltear ag súil leo. I gcásanna den sórt sin, cuirfear praghas ar sciar na gcaillteanas gan choinne a chumhdaítear leis an ráthaíocht AE, mar a shonraítear sa chomhaontú ráthaíochta.

    I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil ardluach beartais, i gcás ráthaíochtaí caidhpeáilte arna dtairiscint ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, féadfar tiús an FLP a chumhdaítear leis an ráthaíocht AE a shocrú ar leibhéal níos airde ná leibhéal na gcaillteanas a bhfuiltear ag súil leo. I gcásanna den sórt sin, cuirfear praghas ar sciar na gcaillteanas gan choinne a chumhdaítear leis an ráthaíocht AE, mar a shonraítear sa chomhaontú ráthaíochta.

    4.1.2.   An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál cothromais

    I bprionsabal, maidir le punanna lena dtacaítear le hoibríochtaí de chineál cothromais, ní mór do chomhpháirtithe cur chun feidhme infheistiú ar bhonn pari passu i ngach oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta ar a riosca féin le haghaidh sciar a áirithíonn ailíniú leasanna leordhóthanach, mar a shainmhínítear ex ante faoi gach táirge airgeadais. Beidh an chuid sin den mhaoiniú arna cumhdach ag an ráthaíocht AE suas le 70 % i gcomhiomlán den mhaoiniú foriomlán de chineál cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme (maoiniú ar féidir é a mheas ar leibhéal an ghrúpa) ar bhonn pari passu faoi na táirgí airgeadais éagsúla agus sa mhaoiniú riosca féin beidh 5 % ar a laghad den mhaoiniú foriomlán de chineál cothromais arna chur ar fáil pari passu ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme faoi aon oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta.

    I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar socruithe comhroinnte riosca idir comhpháirtithe cur chun feidhme agus an Coimisiún a bheith ar bhonn neamh-pari passu. Mar shampla, d’fhéadfaí úsáid fho-ordaithe na ráthaíochta AE a cheadú i gcás earraí poiblí a chliseann ar an margadh go sistéamach nó i gcás ina dteipeann ar phraghsáil iomchuí seachtrachtaí, amhail oibríochtaí céaduaire nó cruthú margadh nua.

    Is i gcásanna eisceachtúla amháin, lena n-áirítear iad siúd ina bhfuil ard-chomhchruinniú riosca ann, a fhéadfaidh an ráthaíocht AE suas le 100 % den FLP a chumhdach (nach mbeidh níos airde ná 50 % den mhaoiniú foriomlán arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme faoi phunann den sórt sin). I ngach cás, beidh an chomhroinnt ioncaim idir an comhpháirtí cur chun feidhme agus an Coimisiún i gcomhréir lena neamhchosaint ar riosca.

    4.2.   Táirgí airgeadais téamacha

    4.2.1.   An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál fiachais

    Féadfaidh sé leis an ráthaíocht AE go gcumhdófar FLP i ndáil leis an bpunann ábhartha oibríochtaí de chineál fiachais arna maoiniú ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme. I bhfianaise shaintréithe na dtáirgí airgeadais sin, féadfaidh tiús an FLP a bheith níos airde ná 50 % den spriocmhaoiniúchán a chuireann na comhpháirtithe cur chun feidhme ar fáil. Tógfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme sciar 5 % ar a laghad den FLP chun ailíniú úis a áirithiú. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar an t-ailíniú úis a áirithiú ar mhodhanna airgeadais eile arna sonraú sa chomhaontú ráthaíochta ábhartha.

    I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, is féidir ranníocaíocht na gcomhpháirtithe cur chun feidhme leis an gclúdach caillteanais arna áirithiú ag an FLP a chur ar fáil de réir a chéile, de réir mar a thagann an phunann in aibíocht agus de réir mar a bhaintear an riosca di. Is féidir an ranníocaíocht sin a sholáthar trí na hioncaim a thagann as an bpunann/na punanna trí na hioncaim a thagann as an bpunann atá faoi ráthaíocht nó as punanna eile atá faoi ráthaíocht, nó trí shásraí nuálacha iomchuí eile.

    4.2.2.   An ráthaíocht AE a úsáid le haghaidh oibríochtaí de chineál cothromais

    Féadfaidh sé leis an ráthaíocht AE go gcumhdófar FLP i ndáil leis an bpunann ábhartha oibríochtaí de chineál cothromais arna maoiniú ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme; Féadfaidh sé leis an ráthaíocht AE gur os cionn 50 % a bheidh tiús an FLP i ndáil leis an bpunann ábhartha oibríochtaí arna maoiniú ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme. Tógfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme sciar 5 % ar a laghad den FLP chun ailíniú úis a áirithiú. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar an t-ailíniú úis a áirithiú ar mhodhanna airgeadais eile arna sonraú sa chomhaontú ráthaíochta ábhartha.

    I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, is féidir ranníocaíocht na gcomhpháirtithe cur chun feidhme leis an gclúdach caillteanais arna áirithiú ag an FLP a chur ar fáil de réir a chéile, de réir mar a thagann an phunann in aibíocht agus de réir mar a bhaintear an riosca di. Is féidir an ranníocaíocht sin a sholáthar trí na hioncaim a thagann as an bpunann/na punanna trí na hioncaim a thagann as an bpunann atá faoi ráthaíocht nó as punanna eile atá faoi ráthaíocht, nó trí shásraí nuálacha iomchuí eile.

    5.   MAOINIÚ ARNA SHOLÁTHAR AG AN gCOMHPHÁIRTÍ CUR CHUN FEIDHME

    Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas maidir leis an maoiniú a chuireann an comhpháirtí cur chun feidhme ar fáil, mura sonraítear a mhalairt sna treoirlínte infheistíochta seo faoi Roinn ábhartha an ionú beartais.

    5.1.   Táirgí airgeadais ginearálta

    5.1.1.   Maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    5.1.1.1.   Maoiniú ginearálta fiachais

    Féadfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme maoiniú a chur ar fáil go díreach d’fhaighteoirí deiridh, eadhon i bhfoirm iasachtaí díreacha nó i bhfoirmeacha eile de mhaoiniú fiachais dhírigh, nó trí idirghabhálaithe airgeadais.

    5.1.1.2.   Ráthaíochtaí caidhpeáilte agus neamhchaidhpeáilte

    Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a dhéantar faoi urrann an Aontais:

    a)

    féadfar an ráthaíocht AE a thairiscint do na comhpháirtithe cur chun feidhme ionas go bhféadfaidh siad ráthaíocht chaidhpeáilte nó ráthaíocht neamhchaidhpeáilte a chur ar fáil do phunann d’idirbhearta maoiniúcháin nuabhunaithe arna dtionscnamh ag idirghabhálaí airgeadais. Maidir le hidirbhearta le faighteoirí deiridh atá faoi réir comhimeachtaí dócmhainneachta nó a chomhlíonann na critéir faoina ndlí náisiúnta maidir lena gcur i gcomhimeachtaí dócmhainneachta arna iarraidh sin ag a gcuid creidiúnaithe, ní bheidh siad incháilithe lena gcur sna punanna seo;

    b)

    i gcás ráthaíocht punainne caidhpeáilte, bunófar an ráta caidhpeála ar leibhéal na gcaillteanas a bhfuiltear ag súil leo sa phunann nua agus déanfar é a chinneadh ar bhonn aonair le haghaidh gach comhaontaithe ráthaíochta punainne arna shíniú leis an idirghabhálaí airgeadais (51). Déanfar na caillteanais a bhfuiltear ag súil leo a chinneadh agus a dhoiciméadú ar bhonn sonraí stairiúla agus meastacháin réamhbhreathnaitheacha. In éagmais sonraí ábhartha, socrófar an ráta caidhpeála ar leibhéal réamhaontaithe agus leagfar síos é sa chomhaontú ráthaíochta idir an Coimisiún agus an comhpháirtí cur chun feidhme. Is é 25 % an ráta uasta incheadaithe a bheidh ann. I gcás an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, féadfaidh an ráta uasta incheadaithe a bheith níos airde;

    c)

    i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar cumhdach na ráthaíochta suas go dtí leibhéal na gcaillteanas a bhfuiltear ag súil leo a chur ar fáil saor in aisce (i gcás ráthaíochtaí caidhpeáilte agus neamhchaidhpeáilte araon) ach caithfidh an comhpháirtí cur chun feidhme an dul i riosca atá os cionn na gcaillteanas a bhfuiltear ag súil leo a phraghsáil mar a fhéadfar a shainiú sa chomhaontú ráthaíochta idir an Coimisiún agus an comhpháirtí cur chun feidhme. Sa dá chás, rachaidh an laghdú ar luach saothair na ráthaíochta AE chun tairbhe iomlán na bhfaighteoirí deiridh;

    d)

    de ghnáth socrófar ráta ráthaíochta na n-idirbheart maoiniúcháin aonair a áirítear sa phunann nua ag 50 % ach féadfar an céatadán sin a mhéadú i gcás idirbheart a bhfuil luach beartais sonrach acu;

    e)

    beidh sé d’oibleagáid ar an idirghabhálaí airgeadais 20 % ar a laghad den neamhchosaint a choinneáil i ndáil le gach idirbheart maoiniúcháin a rangaítear pari passu leis an ráthaíocht arna soláthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar céatadán níos ísle a shonrú sa chomhaontú ráthaíochta idir an Coimisiún agus an comhpháirtí cur chun feidhme má tá sé comhsheasmhach nó comhlíontach, de réir mar is infheidhme, le rialacha maidir le Státchabhair. Faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, féadfar an neamhchosaint íosta a laghdú go 5 % i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

    f)

    maidir le haisghabhálacha caillteanais, is pari passu leis an idirghabhálaí airgeadais a rangófar an ráthaíocht arna soláthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme. I gcás ráthaíochtaí caidhpeáilte, má sháraíonn méid na gcaillteanas méid an chaidhp ráthaíochta, féadfar méid comhfhreagrach aisghabhálacha caillteanais a leithdháileadh ar na neamhchosaintí is sinsearaí ar an gcéad dul síos; Mar rogha air sin, féadfar ráta aisghabhála measta ex-ante a chur i bhfeidhm;

    g)

    ag 12 mhí a shocraítear aibíocht íosta na n-idirbheart maoiniúcháin is féidir a áireamh sna punanna, ach amháin faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna ina bhféadfaidh sé a bheith níos lú.

    5.1.2.   Maoiniú cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Féadfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme maoiniú cothromais agus cuasachothromais a chur ar fáil d’fhaighteoirí deiridh go díreach (52) nó trí idirghabhálaithe airgeadais, amhail cistí tiomnaithe agus meáin infheistíochta, lena n-áirítear meáin chomhinfheistíochta. De ghnáth, díreofar cistí idirmheánacha nó meáin infheistíochta ar rannpháirtíochtaí mionlaigh i bhfaighteoirí deiridh.

    Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas ar fad maidir le hinfheistíochtaí a dhéanfar faoi urrann an Aontais le hidirghabhálaithe airgeadais, mar a leagtar amach a thuilleadh sna comhaontuithe ráthaíochta le comhpháirtithe cur chun feidhme agus, chun amhras a sheachaint, beidh feidhm acu maidir leis an maoiniú arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme faoi InvestEU (oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta), lena n-áirítear na codanna a chumhdaítear leis an ráthaíocht AE agus le ranníocaíocht airgeadais an chomhpháirtí cur chun feidhme:

    a)

    aon idirghabhálaí airgeadais a fhaigheann infheistíocht faoi InvestEU (oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta), geallfaidh sé mar chuid dá straitéis infheistíochta méid atá cothrom leis an méid is airde díobh seo a leanas, ar a laghad, a infheistiú i bhfaighteoirí deiridh atá incháilithe faoi Rialachán InvestEU:

    i)

    50 % de mhéideanna comhiomlána infheistithe an idirghabhálaí; agus

    ii)

    dhá oiread an mhéid a tharraingítear anuas faoi infheistíocht lena dtacaíonn an tAontas chun críocha infheistíochta, agus é caidhpeáilte ag 80 % de mhéideanna comhiomlána infheistithe an idirghabhálaí.

    b)

    de ghnáth, ní bheidh infheistíochtaí i gcistí ag comhpháirtithe cur chun feidhme níos mó ná 25 % de mhéid an chiste. I gcásanna ina bhfuil breisluach ard beartais ann, féadfar infheistíochtaí arb ionann iad agus suas le 50 % de mhéid an chiste a cheadú, ach amháin faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna nó i gcásanna eisceachtúla d’aistriú cistí teicneolaíochta faoi ionuithe beartais eile, áit ar féidir suas le 75 % de mhéid an chiste a bheith i gceist. I gcás ciste cistí, tá feidhm ag na teorainneacha sin ar leibhéal na gcistí infheistiúcháin;

    c)

    féadfaidh infheistíochtaí i gcistí atá dírithe ar infheistíochtaí glasa agus digiteacha ar an leibhéal Eorpach ag trí chomhpháirtí cur chun feidhme nó níos mó a bheith suas le 75 % i gcomhiomlán de mhéid an chiste;

    d)

    i gcás meáin chomhinfheistíochta agus scéimeanna comhinfheistíochta, leagfar síos sraith shonrach rialacha sna comhaontuithe ráthaíochta leis na comhpháirtithe cur chun feidhme;

    e)

    is ar bhonn pari passu le hinfheisteoirí poiblí agus príobháideacha eile agus ar bhonn comhréireacht leis an margadh a dhéanfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme infheistíochtaí faoi InvestEU infheistíochtaí. Le comhréireacht leis an margadh, éalaítear gur infheisteoirí príobháideacha i gcás ionchomparáide leis na hinfheisteoirí atá fágtha a dhéanfaidh íosmhéid de 30 % de na hinfheistíochtaí ar fad isteach i gciste nó i dtionscadail fholuiteacha an chiste agus ar bhonn pari passu (53). Ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag na ceanglais sa mhír seo chun críocha infheistíochta i réimsí a bhfuil ábharthacht shonrach beartais ag baint leo don Aontas Eorpach, mar a shonraítear a thuilleadh sa chomhaontú ráthaíochta ábhartha le comhpháirtí cur chun feidhme;

    f)

    de ghnáth, is ag an gcéad chlabhsúr den chiste a dhéanfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme infheistíocht i gcistí faoi InvestEU; ní féidir infheistíochtaí a dhéanamh ag clabhsúir ina dhiaidh sin ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leo;

    g)

    is oibríochtaí fadtéarmacha a bheidh in oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus mairfidh siad ó 5 bliana go dtí 20 bliain de ghnáth;

    h)

    is i bhfoirm infheistíochtaí príomha a bheidh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh atá incháilithe i gcomhréir leis an táirge airgeadais ábhartha (54). Measfar go bhfuil infheistíochtaí tánaisteacha incháilithe freisin a i gcás ina bhfuil údar cuí leo, mar a shonraítear sa chomhaontú ráthaíochta.

    5.2.   Táirgí airgeadais téamacha

    5.2.1.   Maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Féadfaidh an comhpháirtí cur chun feidhme maoiniú a sholáthar go díreach d’fhaighteoirí deiridh i bhfoirm iasachtaí díreacha nó foirmeacha eile de mhaoiniú fiachais dhírigh nó trí idirghabhálaithe airgeadais chun díriú ar réimse ábhartha níos airde den Aontas maidir le beartas breisluacha.

    5.2.2.   Maoiniú cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Féadfaidh comhpháirtithe cur chun feidhme maoiniú cothromais agus cuasachothromais a sholáthar d’fhaighteoirí deiridh go díreach (55) nó trí chistí tiomnaithe agus meáin infheistíochta. Féadfaidh sé go rangófar infheistíocht i gcistí nó i meáin infheistíochta eile, agus ardáin a fhaigheann tacaíocht ón ráthaíocht AE, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ar bhealach fo-ordaithe freisin i gcomparáid le hinfheisteoirí eile.

    6.   IONUITHE BEARTAIS

    6.1.   Ionú Bonneagair Inbhuanaithe

    6.1.1.   Réimsí beartais idirghabhála

    Is é is aidhm don ionú bonneagair inbhuanaithe tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i mbonneagar inbhuanaithe sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(a) de Rialachán InvestEU. Gan dochar d’fhorálacha maidir le gníomhaíochtaí eisiata (Roinn 2.3.3 de na treoirlínte infheistíochta seo) agus prionsabail leithdháilte a leagtar amach i Roinn 2.6, beidh aon réimse ábhartha atá nasctha le bonneagar inbhuanaithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU incháilithe le haghaidh tacaíocht faoi ionú beartais an bhonneagair inbhuanaithe. Baineann an tacaíocht sin go príomha le pointí 1, 2, 3, 4, 9, 10, 11 13(d), 14 agus 15 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU, pointí a ndéantar tuairisc bhreise ar chuid díobh sin ar bhealach neamh-uileghabhálach táscach i Ranna 6.1.1.1 go 6.1.1.8. Féadfar tosaíocht a thabhairt do na réimsí incháilithe i gcomhréir le Roinn 2.3.2.1.

    Agus an sprioc ghinearálta de 60 % den infheistíocht a rannchuidíonn le cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid agus leis an gcomhshaol á hurramú, leis an maoiniú a chuirfidh na comhpháirtithe cur chun feidhme ar fáil, féachfar le leibhéal leordhóthanach éagsúlaithe idir na hearnálacha a áirithiú agus na táirgí airgeadais arna gcur chun feidhme ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme á gcur san áireamh.

    Féadfar tacaíocht ó chláir earnálacha (féach roinn 2.9 maidir le cumasc) a sheoladh freisin trí ionú beartais an bhonneagair inbhuanaithe. Ina theannta sin, féadfar tacaíocht d’infheistíochtaí faoin ionú seo a chomhcheangal le tacaíocht ó chistí faoi bhainistíocht chomhroinnte nó ón tSaoráid Aisghabhála agus Athléimneachta.

    Socraítear tacaíocht faoin ionú beartais an bhonneagair inbhuanaithe chun breisluach a chur leis trí rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    a)

    spriocanna agus cuspóirí beartais a bhaint amach a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe arna sainiú ar scála Eorpach. Mar shampla, baineann sé seo le cuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a chur chun cinn go comhuaineach, amhail cloí le prionsabail chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) (56);

    b)

    tacú le bonneagar a fhorbairt mar chineál sócmhainní trí chur i bhfeidhm comhsheasmhach na n-ardchaighdeán inbhuanaitheachta (lena n-áirítear inrochtaineacht (57)), trédhearcacht agus inchomparáideacht sna réimsí a bhaineann le tionscadail a ullmhú, le teicnící an mhaoiniúcháin agus le táirgí, le faireachán agus sonraí a chur chun cinn;

    c)

    tionscadail a chur chun cinn a mbeidh tionchar macrairéigiúnach agus/nó trasteorann acu i gcás ina ndéantar na costais agus a dtairbhí a dháileadh i measc roinnt Ballstát nó i gcás ina dtabhófar costais ar an leibhéal náisiúnta nó áitiúil, le linn do thairbhí a bheith á mbaint amach ar bhonn trasteorann nó ar scála an Aontais;

    d)

    tacaíocht a thabhairt do thionscadail a dhéanann costais chomhshaoil agus shocheacnamaíocha agus tairbhí a eascraíonn as tosaíochtaí beartais an Aontais a inmheánú. Bheadh baint aige sin, mar shampla, leis an rannchuidiú leis an aistriú módach agus le húsáid breoslaí inbhuanaithe san iompar, leis an rannchuidiú le héifeachtúlacht ábhar agus le héifeachtúlacht fuinnimh, le fuinneamh in-athnuaite, le feabhas a chur ar chaighdeán an aeir agus ar chaighdeán an uisce, le cosaint don chomhshaol, lena gcuirtear chun cinn cosaint agus athshlánú fadtéarmach na bithéagsúlachta, bonneagar inbhuanaithe agus réitigh atá bunaithe ar an dúlra, tacaíocht a thabhairt don bhithgheilleagar, laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, bainistiú na hoidhreachta cultúrtha, turasóireacht, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh etc. Áireofar air sin tacaíocht a thabhairt do na réitigh maidir le hacmhainní iompair soghluaiste a athnuachan agus a iarfheistiú;

    e)

    bonneagar an ghréasáin, trealamh agus teicneolaíochtaí nuálacha tras-Eorpaigh a chur chun cinn a fhónann mar shampla mar leas poiblí don chóras fuinnimh agus iompair, etc. Féadfaidh tionscadail den sórt sin a bheith ina bpríomhchumasóirí freisin le haghaidh leibhéil níos airde infheistíochta i bhfoinsí in-athnuaite, in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfreagairt don éileamh, i gcúram sláinte (e.g. réiteach ríomhsheirbhísí sláinte agus cúraim), i riarachán poiblí (amhail seirbhísí ríomhphoiblí), agus soghluaisteacht mhalartach atá comhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe;

    f)

    nascacht dhigiteach inbhuanaithe agus ardáin agus bonneagair sonraí a chur chun cinn ar fud an Aontais mar aon le tionscadail a thacaíonn le réimse leathan táirgí agus seirbhísí a bhaineann le cumarsáid agus le teicneolaíocht na faisnéise, seirbhísí lena gcuirtear chun cinn nascacht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus go hidirnáisiúnta cibé áit is gá, inarb é atá san inbhuanaitheacht ciorclaíocht an bhonneagair agus an trealaimh;

    g)

    forbairt agus oibríocht bonneagair spáis inbhuanaithe (i bhfithis agus ar talamh) a chur chun cinn a chumasaíonn seirbhísí spáis agus feidhmeanna spásbhunaithe;

    h)

    tionscadail a chur chun cinn a bhfuil a gcuid tairbhí ag brath ar infheistíochtaí eile sa slabhra luacha nó sa líonra luacha, nó sa slabhra soláthair nó sa líonra soláthair agus/nó a bhfuil riosca ard do “cheannródaí” ag baint leo;

    i)

    an idir-inoibritheacht i mbonneagar agus seirbhísí trasteorann a chur chun cinn, lena n-áirítear ardáin agus seirbhísí digiteacha;

    j)

    úsáid bonneagar taighde agus sineirgí le bonneagar taighde, lena n-áirítear ríomh-bhonneagair, a chur chun cinn ar fud an Aontais. Leis sin, ní mór díriú ar fhorbairt mhargaidh na saoráidí, na n-acmhainní agus na seirbhísí a úsáideann pobail chun an nuálaíocht a chothú;

    k)

    aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh trí infheistíocht atá margadh-bhunaithe a chur chun cinn faoi chórais rialála éagsúla (58);

    l)

    mais chriticiúil a bhaint amach, chomh maith le grúpaí agus tionscadail chomhiomlána, chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh.

    Féadfar an tacaíocht do na réimsí beartais a bhfuil tuairisc orthu i Roinn 6.1.1.1 go Roinn 6.1.1.8 a chomhlánú le bearta tionlacain arb é is aidhm dóibh cuidiú le húdaráis phoiblí agus le tionscnóirí tionscadail acmhainn a fhorbairt chun straitéisí infheistíochta a shainiú, agus chun maoiniú, pleanáil agus grúpáil a chumasc.

    6.1.1.1.   An earnáil fuinnimh a fhorbairt

    Díreofar tacaíocht do ghiniúint, do sholáthar nó d’úsáid fuinneamh in-athnuaite inbhuanaithe agus glan ar thionscadail lena samhlaítear riosca ard agus déine caipitil lena bhféadfar foinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú a thuilleadh i ngach earnáil (giniúint, téamh agus fuarú, iompar) chomh maith le foinsí agus réitigh fuinnimh le hastaíochtaí nialasacha agus ísle. Féadfar a áireamh, go táscach, tionscadail in-athnuaite fuinnimh de chineál trasteorann nó amach ón gcósta (féach freisin Roinn 6.1.1.7), tionscadail atá dírithe ar dhícharbónú foirgneamh, úsáid foinsí in-athnuaite i bpróisis thionsclaíocha, soláthar gáis ísealcharbóin (amhail ísealcharbón, hidrigin ghlan nó bithmheatán, i gcomhréir leis an Straitéis Hidrigine (59)) táirgeadh agus soláthar (ar scála tráchtála), ard-bhithbhreoslaí, bithmhais agus tionscadail eile breoslaí malartacha inbhuanaithe agus stóráil ar an láthair. Ba cheart tacaíocht a thabhairt freisin do thionscadail in-athnuaite fuinnimh faoi threoir áitiúil, amhail na tionscadail sin atá i gceannas ar chomhphobail fuinnimh, ar tionscadail iad a dhéantar a chomhtháthú go minic le feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh. Féadfaidh an tacaíocht d’earnáil an fhuinnimh, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le cuspóirí Threoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite (“RED II” (60)) agus le cuspóirí Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide (“Rialachán Rialachais” (61)), chomh maith le héifeachtúlacht fuinnimh i gcinntí maidir le hinfheistíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shásra maoiniúcháin an Aontais d’fhuinneamh inathnuaite (62)..

    Sa tacaíocht, áireofar faoi éifeachtúlacht fuinnimh agus coigiltis fuinnimh tionscadail atá i gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chlár Oibre 2030 agus faoi Chomhaontú Pháras, agus cuirfear chun cinn cuspóirí a leagtar síos le Treoir 2012/27/AE (63) (tionscadail lena laghdaítear an t-éileamh ar fhuinneamh trí bhearta coigilte fuinnimh agus trí bhainistiú ar an éileamh ar fhuinneamh, trí phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chur i bhfeidhm, trí thacaíocht a thabhairt do théamh ceantair agus do ghiniúint fuinnimh i dtionscadail chomhghiniúna lena laghdaítear ídiú fuinnimh agus lena gcuirtear cosc ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile). Sa tacaíocht, áireofar tionscadail i gcomhréir le Straitéis an “Rabharta Athchóiriúcháin” (64), go háirithe na trí réimse fócais atá inti: dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus leis na foirgnimh is neamhfheidhmiúla; athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh phoiblí, amhail saoráidí riaracháin, oideachais agus cúraim sláinte, agus dícharbónú a dhéanamh ar na córais téimh agus fuaraithe. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do thionscadail lena ndéantar córais téimh agus fuaraithe foirgneamh a nuachóiriú toisc go bhfuil na córais sin ríthábhachtach chun dícharbónú a dhéanamh ar stoc foirgneamh an Aontais. Tá sé ríthábhachtach freisin acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite áitiúil a chur in úsáid chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú. Áireofar ann athchóirithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh foirgnimh atá ann cheana a bhfuil mar sprioc acu feidhmíocht fuinnimh a mhéadú, nó a bhaineann amach an sprioc sin, arna chinneadh trí critéar amháin nó níos mó a leagtar síos in Airteagal 10(6) de Threoir 2010/31/AE maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (65), e.g. tríd an bhfeabhas a baineadh amach mar gheall ar an athchóiriú, le teastais feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh agus i ndiaidh an athchóirithe a chur i gcomparáid lena chéile, agus trí thógáil fhoirgnimh nua ard-tíosach i gcás ina sáraítear caighdeáin náisiúnta foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh agus sa chás sin amháin (i bhfianaise an spriocdháta dlíthiúil maidir le gach foirgneamh nua san Aontas Eorpach le bheith nach mór neodrach ó thaobh fuinneamh ón 31 Nollaig 2020), lena n-áirítear nuachóiriú foirgneamh a bhuí le teicneolaíochtaí atá ullamh don chlisteacht agus a gcomhtháthú i gcóras fuinnimh, stórála, digiteach agus iompair atá nasctha, agus lena n-áirítear trí húsáid bonneagar le haghaidh leictrea-shoghluaisteachta i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE (66). Áireofar sa tacaíocht freisin tionscadail lena dtugtar aghaidh ar an bhfeidhmíocht fuinnimh ar feadh shaolré na bhfoirgneamh chomh maith le tionscadail lena gcuirtear i bhfeidhm creat táscach na Leibhéal Eorpach le haghaidh foirgneamh inbhuanaithe (67). Díreoidh sé freisin ar dhéine fuinnimh fiontar a laghdú trí éifeachtúlacht fheabhsaithe próiseas nó táirgeadh táirgí ag a bhfuil lorg carbóin níos ísle chomh maith le córais soláthair teasa nuálacha d’astaíochtaí ísle agus d’astaíochtaí nialasacha agus comhghiniúint leictreachais agus teasa a fhorbairt.

    Díreofar ar leibhéal an tarchuir agus an dáileacháin leis an bhonneagair fuinnimh inbhuanaithe a nuachóiriú agus a fhorbairt agus lena dhéanamh níos cliste. Áireofar ann freisin tacaíocht a thabhairt do Thionscadail Leasa Choitinn (TLCanna), mar a bunaíodh sa Rialachán maidir le Treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh (68), eangacha fuinnimh a dhigitiú agus a nuachóiriú chun glacadh níos mó foinsí in-athnuaite a éascú, chomh maith le tionscadail a bhaineann le solúbthacht ó thaobh an éilimh de agus le stóráil fuinnimh.

    Déanfaidh an tacaíocht ó InvestEU úsáid na dteicneolaíochta astaíochtaí ísle a chur chun cinn freisin: tionscadail lena n-áirítear teicneolaíochtaí le haghaidh gabháil, iompair, stóráil agus/nó úsáid carbóin (CCUS) agus bonneagar chun leictreachas inbhuanaithe, teas agus fuacht, gáis ísealcharbóin (amhail hidrigin) nó próisis thionsclaíocha a tháirgeadh mar aon le gléasraí bithfhuinnimh agus saoráidí monaraíochta i dtreo an aistrithe fuinnimh, nó an aistrithe carbóin.

    6.1.1.2.   Bonneagair iompair, trealamh agus teicneolaíochtaí nuálacha inbhuanaithe a fhorbairt

    An tacaíocht do bhonneagair iompair, trealamh agus teicneolaíochtaí nuálacha inbhuanaithe a fhorbairt, díreofar í ar fhorbairt bonneagair iompair inbhuanaithe agus sábháilte, forstruchtúir, ar réitigh soghluaiseachta agus ar threalamh, agus ar theicneolaíochtaí nuálacha i gcomhréir le tosaíochtaí iompair an Aontais, an Straitéis um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe Chliste (69) agus leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras. Áireofar ann tionscadail lena dtugtar tacaíocht do bhonneagar an ghréasáin Thras-Eorpaigh iompair (“TEN-T”) a fhorbairt, do chomhpháirteanna bonneagair agus leibhéil idirnaisc atá ann cheana thar na modhanna uile a athchóiriú agus a uasghrádú, lena n-áirítear nóid uirbeacha, lena n-áirítear calafoirt mhuirí agus intíre, aerfoirt, críochfoirt ilmhódacha agus an nasc atá acu leis na príomhghréasáin agus na feidhmchláir theileamaitice a leagtar síos i Rialachán TEN-T (70);

    Díreofar an tacaíocht, i dtús áite, ar thionscadail i gcroíghréasán TEN-T, arna sainaithint i bpleananna oibre Chonair an chroíghréasáin a thugann aghaidh ar naisc atá in easnamh, ar scrogaill tráchta nó ar naisc thrasteorann. Nuair is ábhartha, áireofar ann: Bonneagar iarnróid, bóithre, uisce-iompartha agus eitlíochta atá ann cheana a athchóiriú agus a uasghrádú, uasghráduithe sábháilteachta, agus úsáid á baint as nósanna imeachta iomchuí maidir le bainistiú sábháilteachta, agus uasghráduithe feidhmíochta comhshaoil, lena n-áirítear córais bhainistíochta iompair dhigitigh amhail ITS (71), RIS (72), ERTMS (73), SESAR, lena n-áirítear trealamh infheithicle, agus bonneagar iompair dhigitigh le haghaidh sonraí idir-inoibritheacha a roinnt agus le haghaidh tuairisciú thar mhodhanna agus thar earnálacha. Áireofar ann freisin forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí agus seirbhísí nua iompair, e.g. i ndáil le modhanna iompair nasctha agus uathrialacha, ticéadú comhtháite, agus modhanna iompair intíre agus muirí a dhéanann níos lú truaillithe (lena n-áirítear doirteadh ola ó longa a chosc). Áireofar ann freisin tacaíocht chun gréasán TEN-T a oiriúnú chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta míleata, sa mhéid go gcomhlíonann an bonneagar sin riachtanais chríocha sibhialta agus míleata araon (dé-úsáid).

    Díreofar an tacaíocht freisin ar thionscadail bhonneagair TEN-T a dhéanann foráil maidir le húsáid dhá mhodh iompair éagsúla ar a laghad, go háirithe críochfoirt lasta ilmhódacha agus ardáin lóistíochta, agus moil iompair paisinéirí. Díreofar an tacaíocht freisin ar naisc ilmhódacha agus ar chodanna den mhíle deiridh (an lúb logánta) lena gceadaítear lasta nó trácht paisinéirí a aistriú chuig modhanna iompair níos inbhuanaithe amhail iompar iarnróid, iompar poiblí/chomhchoiteann, loingseoireacht intíre nó loingseoireacht ghearrthurais.

    Féadfar tacaíocht a thabhairt do thionscadail soghluaisteachta uirbeacha chliste agus inbhuanaithe, go háirithe moil ilmhódacha le haghaidh iompar paisinéirí, modhanna gníomhacha, uiscebhealaí intíre agus réitigh soghluaisteachta nuálaíocha, bonneagar iompair dhigitigh chun modhanna taistil a nascadh go rianúil agus go héifeachtach, bonneagar le haghaidh soghluaisteacht atá ghníomhach agus saor ó astaíochtaí. Tionscadail arb é is aidhm dóibh an t-aistriú chuig modhanna iompair inbhuanaithe a chur chun cinn, ní mór dóibh díriú ar shábháilteacht úsáideoirí agus ar inrochtaineacht neamh-idirdhealaitheach a fheabhsú lena n-áirítear paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Beidh sé d’aidhm ag tionscadail freisin leibhéil na sábháilteachta ar bhóithre a fheabhsú, i gcomhréir le cuspóir an Aontais deireadh a chur le básanna agus le gortuithe tromchúiseacha ar bhóithre na hEorpa faoi 2050, agus aird ar leith á tabhairt ar úsáideoirí soghonta bóithre amhail rothaithe agus coisithe.

    Le hathnuachan agus iarfheistiú sócmhainní soghluaiste iompair, ní mór tosaíocht a thabhairt do thionscadail neamh-idirdhealaitheacha chun rothra agus soithí a cheannach lena úsáid in iompar iarnróid, in iompar uiscebhealaí intíre agus in iompar muirí. I gcás iarnróid agus i gcás loingseoireachta intíre, áireofar ann freisin infheistíochtaí sa rothra agus sna soithí atá ann faoi láthair, e.g. trealamh digiteach RIS, laghdú torainn, feistiú le ERTMS agus le cúplairí uathoibríocha digiteacha. Áireofar ann freisin tionscadail in earnálacha na heitlíochta agus na loingseoireachta, na n-uiscebhealaí muirí agus na n-uiscebhealaí intíre, earnálacha ina dtugtar aird ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus arb é is aidhm dóibh aistriú i dtreo breoslaí malartacha inbhuanaithe, truailliú de chineál ar bith a laghdú agus cuidiú leis an tionscal gealltanais atá le teacht a chomhlíonadh a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa lena n-áirítear cúltaca do longa astaíochtaí nialasacha agus aerárthaí agus soithí den ghlúin nua a chur in ionad na seanchinn lena mbainfear laghduithe suntasacha amach ar astaíochtaí, bunaithe ar astaíochtaí ar feadh na saolré. Ina theannta sin, tá soithí agus feithiclí bóthair astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha incháilithe (féachtar an mhír maidir le bonneagar breoslaí malartacha thíos).

    Féadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí a choisceann nó a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus truailleáin thocsaineacha nó leibhéil torainn maidir le bonneagar iarnróid, tionscadail iarnróid eile, bonneagar uiscebhealaí intíre, ollthionscadail idirthurais agus calafoirt mhuirí agus mótarbhealaí na farraige. Leis na hinfheistíochtaí sin, féadfar díriú freisin ar shaoráidí glactha calafoirt agus ar mhodhanna eile a chumasaíonn bearta cosanta comhshaoil, agus infheistíochtaí i mbonneagar inbhuanaithe comhcheangailte, lena n-áirítear bonneagar ar mhionscála a úsáid do bhreoslaí malartacha agus do réiteach eile a laghdóidh lorg foriomlán carbóin na gcalafort. Féadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i nglasú bonneagair aerfoirt agus seirbhísí gaolmhara (amhail láimhseáil ar an talamh, oibríochtaí tráchta ar an talamh, aerárthaí ar an talamh) a choisceann astaíochtaí nó leibhéil torainn nó a laghdaíonn iad.

    Féadfar tacaíocht a thabhairt d’úsáid gach modh iompair bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh leictreachais, hidrigine agus gáis nádúrtha leachtaithe nó comhbhrúite a chumasctar go mór le bithmheatán (> 50 %), d’úsáid flít feithiclí iompair de bhóthar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, agus d’ardáin le haghaidh nascacht chliste agus seirbhísí idir-inoibritheacha. Agus flíteanna feithiclí bóthair á n-athnuachan acu, ba cheart dóibh na hardchaighdeáin sábháilteachta is infheidhme a chomhlíonadh freisin. Nuair a dhéanfar feithiclí a chur ar fáil trí iarfheistiú, ní mór na feithiclí sin a iarfheistiú go caighdeán na hastaíochta nialais ag sceithphíopa. Féadfar tacaíocht a thabhairt d’úsáid soithí agus flíteanna a bhfuil astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle acu a úsáideann breoslaí malartacha inbhuanaithe (lena n-áirítear GNL) agus d’aerárthaí a úsáideann foinsí fuinnimh inbhuanaithe. Le hiarfheistiú soithí, beifear in ann breoslaí malartacha inbhuanaithe nó leictreachas a úsáid le haghaidh loingseoireacht mhuirí agus loingseoireacht intíre. Tabharfar tosaíocht d’infheistíochtaí gaolmhara maidir le (i) bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe a mbeidh rochtain phoiblí ar a úsáid, agus aird á tabhairt ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh; le (ii) bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe lena úsáid ag flíteanna údarás poiblí nó ag oibritheoirí chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh faoi chonradh seirbhíse poiblí; agus (iii) i bhflíteanna de chuid na seirbhíse phoiblí agus i bhflíteanna príobháideacha, le húsáid feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, soithí agus flíteanna astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a fheidhmíonn ar bhreoslaí malartacha inbhuanaithe, nó aerárthaí astaíochtaí ísle a ritheann ar fhoinsí fuinnimh inbhuanaithe agus a ritheann ar fhoinsí fuinnimh inbhuanaithe. Ní mór gan teorainn a bheith leis an rochtain atá ag an bpobal ar an mbonneagar bóithre agus déanfar foráil maidir leis an bhféidearthacht íocaíochtaí ad hoc a úsáid go héasca (e.g. íocaíocht cárta bainc) ionas gur féidir le húsáideoirí feithiclí íoc gan gá conradh seirbhíse a dhéanamh leis an oibreoir lena mbaineann. Thairis sin, sonraí statacha agus dinimiciúla atá ar fáil, cuirfear ar fáil iad trí phointí rochtana coiteanna nó náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais inrochtaineachta poiblí sin i gcás bonneagar luchtaithe nó bonneagar líonta atá in iostaí arna mbainistiú nó arna n-oibriú go príobháideach a fhreastalaíonn ar fhlít faoi chuing. Féadfar tacaíocht a thabhairt do bhonneagar forbartha, táirgthe agus soláthair le haghaidh breoslaí malartacha inbhuanaithe i ndáil le hiompar eitlíochta, iompar de thalamh agus iompar d’uisce, lena gcuirtear chun feidhme beartais dícharbónaithe iompair an Aontais (amhail ReFuelEU Eitlíochta, FuelEU Maritime).

    Féadfar tacaíocht a thabhairt do thionscadail soghluaisteachta chliste agus inbhuanaithe eile i gceantair uirbeacha agus tuaithe, a dhíríonn ar shábháilteacht ar bhóithre; inrochtaineacht; astaíochtaí agus torann a laghdú; agus teicneolaíochtaí agus seirbhísí iompair nua a fhorbairt agus a úsáid, amhail modhanna iompair ceangailte agus féinrialaitheacha nó ticéadú comhtháite, mar shampla.

    Féadfar tacaíocht ó Chiste InvestEU a thabhairt i gcás bearta arna gceapadh chun comhlíonadh na gcaighdeán a uasghrádú, a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, lena n-áirítear caighdeáin chomhshaoil agus sábháilteachta, i gcás tionscadail chun bonneagar iompair atá ann cheana a choinneáil ar bun nó a uasghrádú, agus i gcás bonneagar iompair atá ann cheana, nó limistéir shábháilte pháirceála agus saoráidí páirceála sábháilte a athshlánú.

    6.1.1.3.   An comhshaol agus acmhainní

    Meastar go mbainfidh Ciste InvestEU úsáid as infheistíochtaí a bhaineann le caipiteal nádúrtha agus leis an ngeilleagar ciorclach (74). I ndáil leis an méid sin, taobh amuigh de ghlasú na n-infheistíochtaí sna limistéir bhonneagair thraidisiúnta a liostaítear i Roinn seo 6.1.1.3, áirítear ar na hinfheistíochtaí, mar shampla, tionscadail soghluaisteachta atá dírithe ar thruailliú aeir agus torann, ar an nádúr, ar ídiú fuinnimh agus ar thimpistí.

    Tacaíocht le haghaidh uisce, lena n-áirítear soláthar agus sláintíocht uisce óil, cosaint ar thuilte, éifeachtúlacht líonraí, laghdú sceite, bonneagar chun fuíolluisce a bhailiú agus a chóireáil, bonneagar cósta agus bonneagar glas eile a bhaineann le huisce, ina mbeidh tionscadail infheistíochta agus seirbhísí tionlacain lena dtacaítear le cur chun feidhme bheartais chomhshaoil an Aontais a bhaineann le hacmhainní uisce ar talamh agus acmhainní uisce mara agus seirbhísí gaolmhara éiceachórais a leagtar amach, mar sampla, i dTreoracha 2008/56/CE (75), 2000/60/CE (76) agus 2007/60/CE (77), Treoracha 98/83/CE (78), 91/271/CEE (79) agus 91/676/CEE (80) ón gComhairle, Rialachán (AE) 2019/1009 (81) and Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (82). Ní mór tábhacht ar leith a thabhairt (i) do rochtain ar sholáthar uisce agus ar shláintíocht a áirithiú do gach saoránach den Aontas trí bhonneagar a thabhairt chun críche agus a choinneáil ar bun le haghaidh cóireáil uisce óil agus fuíolluisce, bonneagar a chomhlíonfaidh na critéir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus le sceitheadh a chosc, agus (ii) do chomhlíonadh na Creat-Treorach Uisce (2000/60/CE) agus na Treorach maidir le Tuilte (2007/60/CE) a áirithiú, lena n-áirítear bearta dá bhforáiltear sna pleananna bainistithe abhantraí agus sna pleananna bainistithe rioscaí tuilte, go háirithe infheistíochtaí lena n-áirítear stádas maith éiceolaíoch aibhneacha, lena n-athchóirítear nó lena n-uasghrádaítear an hidreachumhacht atá ann cheana féin chun cur le héifeachtúlacht agus chun tionchair ar an éiceachóras a laghdú, agus lena laghdaítear truailliú idirleata ón talmhaíocht, ón dobharshaothrú, agus ó fhoinsí tionsclaíocha, réitigh éifeachtúlachta uisce, athúsáid uisce in aon earnáil agus i réitigh nádúrbhunaithe chun rioscaí tuilte a laghdú.

    Tacaíocht le haghaidh bonneagar bainistithe dramhaíola, i.e. an bonneagar is gá chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí sna Ballstáit, go háirithe trí dhlús a chur le cur chun feidhme ord na réiteach dramhaíola de chuid an Aontais, agus tosaíocht á tabhairt do chosc na dramhaíola san ord sin. Gan dochar do na critéir eisiaimh a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU, ba cheart cur chun feidhme pleananna bainistithe dramhaíola agus cláir coiscthe dramhaíola (bunaithe ar Threoir Réime Dramhaíola leasaithe 2008/98/CE (83)), bunú líonraí athúsáide agus deisithe agus tacaíocht lena n-aghaidh, agus bunú scéimeanna feidhmiúla deighilte agus bailithe dramhaíola, agus saoráidí athchúrsála a chumhdach le tionscadail infheistíochta (lena n-áirítear i gcás na bithdhramhaíola agus na dteicstílí i gcás ina mbailítear ar leithligh iad).

    Infheistíocht i bhfeabhsú agus in athchóiriú na n-éiceachóras agus a gcuid seirbhísí, lena ndíreofar ar thionscadail lena gcuirfear chun cinn caomhnú, athchóiriú, bainistiú agus feabhsú an chaipitil nádúrtha le haghaidh bithéagsúlachta agus tairbhí a eascraíonn as oiriúnú, lena n-áirítear infheistíocht trí bhíthin tionscadail bonneagair ghlais agus ghoirm. Áireofar ann réitigh ar dhúshláin atá bunaithe ar éiceachórais, amhail iad siúd a bhaineann le córais aeir agus aeráide, leis an bhfarraige, leis an talamh, leis an ithir, leis an bhforaoiseacht, le talmhaíocht, le huisce agus dramhaíl, agus le hiompar agus fuinneamh. Sa tacaíocht, áireofar bearta atá dírithe ar spriocanna straitéis na “bithéagsúlachta” (84) agus na straitéise “ón bhfeirm go dtí an forc” (85) a shaothrú freisin, trí shlabhraí luacha táirgthe bia a fheabhsú (i gcás nach dtagann siad faoi raon feidhme thairseach na FBManna). Cothófar tionscadail trasteorann go háirithe chomh maith le tionscadail a chuireann an oidhreacht chultúrtha inbhuanaithe chun cinn. D’fhéadfaí athshlánú láithreán tionsclaíoch (lena n-áirítear láithreáin éillithe) agus a n-athchóiriú ar mhaithe le húsáid inbhuanaithe a áireamh sa tacaíocht freisin.

    Tacaíocht le haghaidh forbairt inbhuanaithe i bhforbairt i limistéir uirbeacha, tuaithe, cósta agus limistéir amach ón gcósta agus sa bhithgheilleagar i gcoitinne – inar cheart tionscadail bhonneagair a chur san áireamh, tionscadail nach gcumhdaítear i réimsí eile agus atá dírithe ar limistéar geografach, lena n-áirítear infheistíochtaí i réitigh dúlra agus réitigh nádúrbhunaithe, arb é is cuspóir dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin thocsaineacha, torann agus tionchair eile nó spleáchais an chaipitil nádúrtha a chosc nó a rialú agus an claochlú i dtreo geilleagar ciorclach á chur chun cinn ag an am céanna. Áireofar ann sin tionscadail bhonneagair a bheidh dírithe ar chathracha cliste a bheidh cuimsitheach agus inrochtana a chur chun cinn, chomh maith lena líonraí, lena réigiúin agus lena n-earnálacha. Cuimseofar leis sin freisin tionscadail atá dírithe ar an mbithgheilleagar a chothú trí infheistíocht i dtionscail bhithbhunaithe, i réitigh mhuirí agus talún lena ndéantar ionadú le haghaidh ábhair iontaise nó ábhair atá dian ar fhuinneamh, an dobharshaothrú agus an bhiteicneolaíocht ghorm agus ghlas. D’fhéadfadh tacaíocht a bheith bainteach freisin leis na farraigí agus leis na haigéin, trí réimse an gheilleagair ghoirm, agus a phrionsabail airgeadais, go háirithe trí fhuinneamh in-athnuaite muirí agus tríd an ngeilleagar ciorclach.

    Tacaíocht faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an athrú aeráide, le hoiriúnú don athrú aeráide agus le maolú air, lena n-áirítear maolú ar riosca tubaiste nádúrtha, áireofar uirthi tionscadail bhonneagair atá dírithe ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar an athléimneacht i leith na haeráide atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a mhéadú. Áireofar air sin, i measc nithe eile, talamh íseal agus limistéir chósta a chosaint agus bearta eile a bhaineann le hardú ar leibhéal na mara, tuilte a chosc, úsáid fheabhsaithe agus inbhuanaithe a bhaint as an soláthar uisce agus triomach a chosc, agus an bonneagar a oiriúnú do theocht foircneach. D’fhéadfaí teicneolaíochtaí nuálacha a rannchuidíonn le cuspóirí an Aontais i ndáil le hathléimneacht an chomhshaoil i leith na haeráide nó inbhuanaitheacht shóisialta a áireamh air sin, nó a rannchuidíonn le cuspóirí an dá cheann acu, agus a chomhlíonann caighdeáin inbhuanaitheachta comhshaoil nó sóisialta an Aontais.

    Tacaíocht le haghaidh tionscadail agus fiontair lena gcuirtear an geilleagar ciorclach chun feidhme, lena n-áirítear soláthar inbhuanaithe amhábhar, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (86). Áireofar sa tacaíocht sin, i measc nithe eile, tionscadail lena gcomhtháthófar gnéithe d’éifeachtúlacht acmhainní i dtáirgeadh agus i saolré an táirge agus na straitéisí uile a bheidh dírithe ar a áirithiú go ndéanfar luach agus saolré táirgí, sócmhainní na n-acmhainní ábhair a uasmhéadú, chomh maith le bonneagar agus seirbhísí lena gcothaítear siombóis thionsclaíoch agus comhroinnt acmhainní idir gléasraí tionsclaíocha ar fud earnálacha agus pobail uirbeacha agus tuaithe. Áireofar ann freisin samhlacha gnó ciorclacha a chur i bhfeidhm as a dtiocfaidh dí-ábharú, seirbhísiú agus úsáid níos déine agus níos éifeachtúla táirgí agus acmhainní, lena ndéantar seachtrachtaí diúltacha a inmheánú nó a dhíothú. Ba cheart gníomhaíochtaí lena gcumhdaítear slabhra luacha iomlán na n-amhábhar príomhúil agus tánaisteach a chuimsiú freisin i dtionscadail infheistíochta, lena n-áirítear córais lúibiata, díothú ceimiceáin leagáide thocsaineacha agus fhadhbacha agus substaintí ó phróiseáil bunábhair go hathchúrsáil. Tabharfar aird ar leith ar na hearnálacha is mó ina n-úsáidtear acmhainní agus ina bhfuil acmhainneacht mhór ciorclaithe, i.e. leictreonaic agus Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC), cadhnraí agus feithiclí, pacáistiú, plaistigh, teicstílí, tógáil agus foirgnimh, agus bia, uisce agus cothaithigh.

    Tacaíocht le haghaidh oibríochtaí a thacaíonn le dícharbónú astaíochtaí ó thionscail dianfhuinnimh agus lena laghdú go suntasach, lena n-áirítear córais lúibiata agus imscaradh teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin, lena n-áirítear stóras fuinnimh, gabháil carbóin, iompar, stóras agus/nó úsáid (CCUS) mar aon le hoibríochtaí lena gcuirtear chun cinn dícharbónú an tslabhra táirgthe agus dáilte fuinnimh trí dheireadh a chur de réir a chéile le húsáid guail agus ola, gás nádúrtha a ionadú de réir le chéile le gáis ísealcharbóin. Cuirfear chun cinn freisin córais lúibiata chiorclacha i bpróiseáil dianfhuinnimh ábhar, amhail cruach, alúmanam, plaisteach agus stroighin, ar mhaithe le díchur na n-eisíontas a mbíonn caillteanas luacha in athchúrsálacha mar thoradh orthu.

    6.1.1.4.   Bonneagar nascachta digití atá inbhuanaithe agus slán a fhorbairt

    Le tacaíocht le haghaidh bonneagar nascachta digití atá inbhuanaithe agus slán a fhorbairt, ní mór tionscadail lena dtacaítear le raon leathan táirgí agus seirbhísí a bhaineann le teicneolaíocht na cumarsáide agus na faisnéise. Féadfar a áireamh sa tacaíocht sin, mar shampla, tionscadail lena dtacaítear le rolladh amach uilíoch bonneagair (i.e. lena n-áirítear ceantair thuaithe/forimeallacha), imscaradh líonraí digiteacha fíor-ardacmhainneachta, lena n-áirítear a n-imscaradh trí chórais ina nasctar le sreang agus gan sreang lena n-áirítear córais ina nasctar le snáithín agus le 5G, agus infheistíochtaí is gá chun cuspóirí straitéiseacha nascachta digití an Aontais a bhaint amach mar a shainítear sa Teachtaireacht maidir le Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch (87).

    Díreofar leis freisin ar thionscadail atá dírithe ar inniúlacht agus athléimneacht líonraí an Aontais a mhéadú (e.g. líonraí cumarsáide arna ndaingniú go candamach, nascacht idir-réigiúnach agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear nascacht trí cháblaí ar talamh agus cáblaí fomhuirí, córais satailíte, lárionaid sonraí agus líonraí cosanta poiblí agus líonraí fóirithinte i gcás tubaistí), agus ar thacú le claochlú digiteach na bpríomhsheirbhísí poiblí.

    Díreofar leis ar rolladh amach na mbonneagar néalríomhaireachta inbhuanaithe ardinniúlachta laistigh den Aontas (amhail imscaradh na mbonneagar bogearraí-shainithe ar mhaithe leis an leas is fearr is féidir a bhaint as an ualach oibre i measc na néalta agus; líonraí nascachta glasa chun bonneagair néalríomhaireachta a idirnascadh) chomh maith le lárionaid sonraí Eorpacha arb iad is fuinneamhéifeachtúla a chothú, ar lárionaid iad lena dtacaítear trí iarfheistiú lárionad sonraí le haghaidh cuideachtaí móra agus beaga araon (amhail córais nua fuaraithe agus réitigh bhainistíochta cumhachta).

    Spriocanna infheistíochta oiriúnacha a bheidh sna bonneagair nascachta digití, mar shampla, spriocanna lena ndírítear ar bhonneagair iompair agus fuinnimh agus ar ídiú fuinnimh i bhfoirgnimh a bharrfheabhsú, ar dhramhaíl agus truailliú a laghdú agus ar úsáid acmhainní nádúrtha a bharrfheabhsú trí réitigh dhigiteacha.

    Agus an méid sin á dhéanamh, díreofar ar thionscadail arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a sheachaint agus bonneagar a chur in úsáid atá ceaptha a bheith marthanach, indeisithe, in-uasghrádaithe agus in-athchúrsáilte, i gcomhréir le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

    6.1.1.5.   Bonneagar spáis inbhuanaithe a fhorbairt

    Tacaíocht le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus nuachóiriú bonneagar infhithise nua agus bonneagar infhithise atá ann cheana agus bonneagar talún nua agus bonneagar talún atá ann cheana. Leis sin, beifear in ann an tionscal spáis a ghlasú le haghaidh lainseálaithe agus spásárthaí (e.g. satailítí) agus le haghaidh codanna gaolmhara ar talamh. Áirítear air sin na saoráidí monaraíochta, cóimeála, tástála, oibríochta, cothabhála agus lainseála chun spásárthaí, córais lainseála agus saoráidí gaolmhara níos glaise a fhorbairt. Áirítear úsáid níos glaine spáis freisin trí spásárthaí a bhaint d’fhithis agus a dhíchoimisiúnú.

    Tacaíocht le haghaidh chomhpháirteanna chlár spáis an Aontais agus seirbhísí gaolmhara, chomh maith le tacaíocht le haghaidh chuspóirí na “straitéise spáis don Eoraip” (88) chun na tairbhí do shochaí agus do gheilleagar an Aontais a uasmhéadú. Ar an gcaoi sin beifear in ann seirbhísí agus feidhmchláir thiomnaithe a fhorbairt a fhreastalóidh ar riachtanais úsáideoirí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear i réimsí tosaíochta an athraithe aeráide, na forbartha inbhuanaithe, na nascachta agus na slándála.

    6.1.1.6.   Bonneagar turasóireachta inbhuanaithe a fhorbairt

    Le forbairt na tacaíochta chun bonneagar agus seirbhísí turasóireachta inbhuanaithe, ní mór rannchuidiú le hiomaíochas fadtéarmach na hearnála a neartú trí thacú le tionscadail lena gcothaítear aistriú i dtreo turasóireacht inbhuanaithe nuálach dhigiteach.

    6.1.1.7.   Forbairt amach ón gcósta le haghaidh dícharbónú

    Le tacaíocht sna réimsí seo, ní mór rannchuidiú le leictreachas amach ón gcósta a ghiniúint chun freastal ar an éileamh ar fhuinneamh a bheidh ann amach anseo. Ní mór freisin maolú ar na héilimh iolracha ar acmhainní talún an Aontais leis freisin trí fheabhas a chur ar tháirgiúlacht acmhainní uisceacha agus acmhainní na mara cosúil le táirgeadh agus úsáid algaí, mar shampla, agus foinsí nua próitéine eile a bhfuil sé de chumas acu laghdú ar an mbrú ar thalamh talmhaíochta.

    Leis an tacaíocht, ní mór díriú ar imscaradh na nithe seo a leanas:

    a)

    feirmeacha gaoithe snámhacha;

    b)

    forbairtí maidir le calafoirt a aistriú ó nóid iompair go moil chun seirbhísiú a dhéanamh ar thionscal amach ón gcósta;

    c)

    cáblú le haghaidh eangach amach ón gcósta a dhíreofar go háirithe ar naisc SA ó thuirbíní go moil ina n-úsáidfear idirnascairí DC go dtí an cósta ina dhiaidh sin;

    d)

    gairis le haghaidh fuinneamh toinne agus fuinneamh taoide;

    e)

    dobharshaothrú amach ón gcósta.

    6.1.1.8.   Infheistíocht straitéiseach sa bhonneagar criticiúil

    Le hinfheistíocht straitéiseach faoi ionú an Bhonneagair Inbhuanaithe, féadfar díriú ar thionscadail a chuireann le cobhsaíocht, le slándáil oibríochtúil agus le hathléimneacht na gcodanna den bhonneagar criticiúil, bídís fisiciúil nó fíorúil, nó ina slabhraí soláthair sa bhonneagar criticiúil, nó má chuireann siad go díreach le heilimintí criticiúla an bhonneagair, go háirithe i bhfianaise aistrithe glasa agus digiteacha an Aontais.

    Féadfar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht a dhíriú ar chuideachtaí freisin, lena n-áirítear FBManna, a tháirgeann earraí agus seirbhísí atá ríthábhachtach chun aon cheann de na tosaíochtaí bonneagair chriticiúil a liostaítear in Roinn 6.1.1.8 a oibriú agus a choinneáil ar bun.

    Féadfar oibríochtaí infheistíochta a bhaineann le bonneagar criticiúil a dhíriú ar oibríochtaí atá sainithe mar Bhonneagair Chriticiúla Eorpacha de bhunadh Treoir 2008/114/CE (89) ón gComhairle, arna roghnú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 3 ann. Féadfar tacaíocht a dhíriú ar shlabhraí soláthair le haghaidh fuinneamh glan, eadhon inniúlacht monaraíochta trealaimh le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite (amhail fuinneamh fótavoltach gréine, fuinneamh gaoithe, hidreachumhacht, hidrigin inathnuaite, etc.).

    Féadfar oibríochtaí dá dtugtar tacaíocht a dhíriú, freisin, ar shlabhraí soláthair le haghaidh iompar eitlíochta, iompar d’iarnród, iompar de bhóthar, agus iompar uiscebhealaí intíre agus le haghaidh loingseoireacht mhuirí san Eoraip, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’infheistíocht i gcomhtháthú modhanna agus inniúlachtaí táirgthe.

    Maidir leis an mbonneagar digiteach, is iad na hinfheistíochtaí straitéiseacha na hinfheistíochtaí sin a bhfuil dlúthbhaint acu leis na cuspóirí maidir le soláthar slán athléimneach seirbhísí cumarsáide digití, lena n-áirítear eilimintí criticiúla de nascacht an-ardacmhainneachta agus líonraí 5G, an chumarsáid chandamach, idirlíon na rudaí nithiúla, na meáin, ardáin seirbhísí ar líne, an néalríomhaireacht shlán, próiseáil agus stóráil sonraí, agus leis na slabhraí luacha bunúsacha taobh thiar de na bonneagair agus na seirbhísí sin. I bhfianaise na n-ailtireachtaí éagsúla agus na réiteach teicneolaíoch atá ag síorathrú, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha don chibearshlándáil (90), is gá scagadh a dhéanamh ar riachtanais athraitheacha an aistrithe dhigitigh agus ar ghnéithe ábhartha slándála agus neamhspleáchais teicneolaíochta agus athléimneachta den aistriú sin a bhaineann le haistrithe, úsáid agus stóráil na sonraí. An tacaíocht le haghaidh tionscadail a bhaineann le bonneagar digiteach toghchánaíochta agus le saoráidí íogaire, beidh a slándáil agus a n-athléimneacht threisithe i gcoinne gníomhaíocht mhailíseach shuaiteach agus a gcosaint threisithe uirthi mar phríomhchuspóir aici, lena n-áirítear go háirithe bréagaisnéis, goid sonraí agus cibearionsaithe.

    Meastar freisin gur infheistíochtaí straitéiseacha iad infheistíochtaí i mbonneagar cumarsáide agus i mbonneagar na meán a mhéid a rannchuidíonn siad le hábhar Eorpach neamhspleách a tháirgeadh i gcomhréir leis an gcuspóir luachanna daonlathacha an Aontais agus ceannasacht na mBallstát sa ré dhigiteach a chosaint, agus táirgeadh, cosaint maoine intleachtúla agus saothrú airgid i dtaobh ábhar Eorpach ar fud an domhain.

    Le tionscadail a bhaineann le bonneagar criticiúil le haghaidh spáis, ní mór tacú le nuashonrú na gcomhpháirteanna de chlár spáis an Aontais atá ann cheana agus le bonneagar agus seirbhísí nua spáis a fhorbairt san Aontas. Díreofar leis, go háirithe, ar na nithe seo a leanas: (i) rochtain uathrialaitheach, iontaofa agus chostéifeachtach ar spás agus úsáid uathrialaitheach, iontaofa agus chostéifeachtach spáis arna gcumasú ag lainseálaithe Eorpacha, lena n-áirítear coincheapa nuálacha amhail ath-inúsáidteacht, ardmhonaraíocht, córais nua iompair spáis; (ii) faireachas spáis agus cosaint sócmhainní, (iii) cumarsáid satailíte agus nascacht, (iv) riachtanais eile atá ag teacht chun cinn.

    Le hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht, féadfar díriú ar athléimneacht agus iomaíochas na gcóras agus na dteicneolaíochtaí spáis freisin, agus aghaidh á tabhairt ar leochaileacht na slabhraí luacha.

    Féadfar a áireamh sa tacaíocht le haghaidh bhonneagar an tionscail arm uasghrádú na mbonneagar atá ann cheana nó suiteáil bonneagar nua a bhfuil gá leo chun tacú le saolré teicneolaíochtaí agus táirgí cosanta nó saoráidí oiliúna ó thaobh na teicneolaíochta agus na tionsclaíochta de. Tagraíonn na bonneagair sin ní hamháin d’fhearainn thraidisiúnta an aeir, na talún agus na mara, ach do na cinn atá ag teacht chun cinn freisin amhail fearainn na faisnéise, an spáis agus an chibearspáis. Féadfar iad a úsáid freisin le haghaidh T&N, taisealbhadh, tástáil agus deimhniú córas nó teicneolaíochtaí cosanta, lena n-áirítear iad siúd a forbraíodh i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh Cosanta, chomh maith le córais agus teicneolaíochtaí dé-úsáide. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do thionscadail ilnáisiúnta atá ar oscailt d’úsáideoirí ó Bhallstáit eile den Aontas. Féadfar tacaíocht a dhíriú freisin ar thionscadail atá dírithe ar inniúlachtaí digiteacha agus cibearinniúlachtaí uile-Eorpacha agus ar bhonneagar a chur chun feidhme, tionscadail a bhaineann, mar shampla, le timpeallachtaí forbartha le haghaidh innealtóireacht fhíorúil, binsí agus saotharlanna tástála digití, timpeallacht nua le haghaidh comhrac comhoibritheach, sár-ríomhaireacht, intleacht shaorga (AI) agus ardscileanna digiteacha gaolmhara le haghaidh na cosanta (e.g. longchlós digiteach; samhail dhigiteach, nó nascadh digiteach, córas míleata).

    I réimse na n-amhábhar criticiúil (CRManna), féadfar a áireamh ar infheistíochtaí dá dtugtar tacaíocht tionscadail agus tairbhithe a chuireann le huathriail agus le hathléimneacht mhéadaithe le haghaidh an Aontais in éiceachórais thionsclaíocha ar mhaithe leis an leictrea-shoghluaisteacht, le ceallraí, le fuinneamh in-athnuaite, leis an gcógaisíocht, le feidhmchláir dhigiteacha agus leis an gcosaint. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i réimsí infheistíochta tosaíochta a bhaineann le CRM: forbairt maighnéid, aisghabháil dúil tearc-chré ó mhaighnéid úsáidte, mínghlanadh tearc-chré, mianta príomhúla agus dramhaíl mhianadóireachta athchúrsáilte (báicsít, amhiarann, dramhaíl ghuail). D’fhéadfadh riachtanais CRM eile teacht chun cinn amach anseo.

    Chun soláthar bia atá sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú, féadfar tacú le hinfheistíochtaí ábhartha, mar shampla san iompar, sa lóistíocht, i mbonneagar díláraithe le haghaidh an bhiashlabhra agus i mbunú braislí i réimse an tsoláthair bia.

    6.1.2.   Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha

    Leis an tacaíocht faoi ionú an Bhonneagair Inbhuanaithe, tairgfear maoiniú sinsearach agus fo-ordaithe i bhfoirm fiachais, ráthaíochtaí, aon chineálacha eile cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, maoiniú cuasachothromais agus maoiniú cothromais. Díreofar í ar rochtain ar mhaoiniú incháilithe tionscadail agus maoiniú incháilithe corparáideach a éascú. Ní mór na táirgí airgeadais a bheith ar fáil go cothrománach do na réimsí éagsúla a chumhdaítear leis an ionú beartais seo nó is féidir iad a thiomnú do thosaíochtaí sonracha beartais lena n-áirítear tosaíochtaí faoi tháirgí téamacha airgeadais.

    Ní mór táirgí airgeadais a fhorbairt de réir ord tosaíochta beartais agus riachtanais an mhargaidh.

    6.1.2.1.   Idirghabhálaithe airgeadais atá le bheith páirteach

    a)    maidir le maoiniú fiachais:

    Féadfaidh aon chineál idirghabhálaí airgeadais cur isteach air, lena n-áirítear bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus idirghabhálaithe eile faoi úinéireacht phoiblí, bainc thráchtála, cumainn ráthaíochta, cistí fiachais éagsúlaithe a sholáthraíonn maoiniú sinsearach agus fo-ordaithe, agus cuideachtaí léasaithe, má tá sé in ann maoiniú a chur ar fáil sna réimsí atá cumhdaithe ag ionú an Bhonneagair Inbhuanaithe i gcomhréir go hiomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus le ceanglais ábhartha an Rialacháin Airgeadais.

    b)    maidir le maoiniú cothromais:

    Idirghabhálaithe airgeadais poiblí nó príobháideacha, nó eintitis atá le hionchorprú, cistí cistí, cistí cothromais phríobháidigh, cistí caipitil fiontair, meáin chomhinfheistíochta, cistí fiachais fiontair, féadfaidh siad cur isteach air má tá siad in ann maoiniú cothromais a chur ar fáil sna réimsí atá cumhdaithe ag ionú an Bhonneagair Inbhuanaithe i gcomhréir go hiomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus le ceanglais ábhartha an Rialacháin Airgeadais.

    Bainisteoirí, comhairleoirí nó daoine comhchosúla eile a bhaineann leis na idirghabhálaithe sin (lena n-áirítear bainisteoirí nó comhairleoirí céaduaire), ní mór dóibh an cumas agus na scileanna a léiriú chun infheistíochtaí den sórt sin a dhéanamh sna réimsí ina bhfuil sé ar intinn acu infheistíocht a dhéanamh faoi ionú an Bhonneagair Inbhuanaithe, an cumas chun caipiteal príobháideach a thiomsú agus a mhealladh, agus an cumas chun torthaí a bhaint amach, rud a mheallfadh tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha isteach san aicme sócmhainní sin.

    6.1.2.2.   Na faighteoirí deiridh ar díríodh orthu

    Tá ionú an Bhonneagair Inbhuanaithe dírithe ar thacú le hinfheistíocht sa bhonneagar agus i dtrealamh gaolmhar a chuirtear chun cinn, inter alia, trí na nithe seo a leanas:

    a)

    tionscnóirí neamhspleácha;

    b)

    fiontair phríobháideacha, phoiblí agus leathphoiblí;

    c)

    SPVanna.

    6.1.2.3.   Táirgí airgeadais ginearálta

    Le táirgí airgeadais ginearálta, ní mór díriú ar fheabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail neamhspleácha nó tionscadail níos lú atá grúpáilte, trí mhaoiniú a chuirfidh na comhpháirtithe cur chun feidhme ar fáil go díreach nó go hindíreach (mar shampla, trí mheáin infheistíochta).

    Le táirgí airgeadais ginearálta sin is féidir tacú le réimse éagsúlaithe faighteoirí deiridh amhail na feidhmeanna seo a leanas:

    a)

    tionscadail ó eintitis rialáilte ar bhonn corparáideach nó neamhiontaofa, lena n-áirítear CPPanna (e.g. fuinneamh, iompar, dramhaíl, fóntais uisce agus fuíolluisce agus mórbhainisteoirí bonneagair) nó ó fhiontair phoiblí nó leathphoiblí, lena mbaineann riosca íseal de ghnáth.

    b)

    tionscadail ó eintitis neamhrialáilte ar bhonn corparáideach nó neamhiontaofa, lena n-áirítear CPPanna (e.g. giniúint fuinnimh, stóráil fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh tionscail dianfhuinnimh, lamháltais mótarbhealaí, críochfort aerfort/calafort agus oibreoirí iarnróid, loingseoireacht ghlas, bonneagar leathanbhanda agus spáis) lena mbaineann meánriosca nó ardriosca de ghnáth.

    c)

    imscaradh tionscadal lena dtugtar tacaíocht d’earraí poiblí, lena n-áirítear tionscadail arna n-imscaradh ag FBManna i réimsí na leictrea-shoghluaisteachta, na héifeachtúlachta fuinnimh, an chaipitil nádúrtha nó réitigh nádúrbhunaithe ag údaráis áitiúla nó infheisteoirí daonchairdiúla, agus an spás, lena mbaineann ardriosca de ghnáth.

    d)

    punanna idirbheart i réimsí amhail éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite le haghaidh teaghlach nó FBManna, glasú sócmhainní soghluaiste.

    Maidir le maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme:

     

    Féadfar an ráthaíocht AE a chur ar fáil le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, lena n-áirítear iad a chur ar fáil sna foirmeacha seo a leanas:

    a)

    iasachtaí sinsearacha, bannaí, conarthaí léasaithe agus línte creidmheasa, lena n-áirítear fiachas sinsearach go tionscadail iontaofa theoranta;

    b)

    iasachtaí fo-ordaithe, lena n-áirítear iasachtaí i bhfoirm maoiniú mezzanine;

    c)

    ráthaíochtaí (cistithe nó neamhchistithe) le haghaidh airgeadaithe tríú páirtí agus socruithe eile roinnte riosca le hidirghabhálaithe airgeadais;

    d)

    feabhsú creidmheasa le haghaidh infheistíochtaí nua (chuig bannaí tionscadail, iasachtaí bainc nó meascán den dá rud), lena n-áirítear infheistíochtaí i bhfoirm táirgí fo-ordaithe.

    Is féidir maoiniú fo-ordaithe a úsáid freisin d’fhonn maoiniú príobháideach agus éagsúlú ó bhaincéireacht go maoiniú margaidh caipitil a ghiaráil.

    Féadfar an ráthaíocht AE a úsáid chun táirgí airgeadais a fhorbairt chun tacú le húsáid bannaí glasa.

    6.1.2.4.   Táirgí airgeadais téamacha

    Le tacaíocht ó tháirgí airgeadais téamacha, díreofar, i measc nithe eile, ar na nithe seo a leanas:

    a)

    i réimse an iompair, tionscadail ardriosca i réimse na soghluaisteachta inbhuanaithe, an iompair chliste agus iompair shábháilte.

    b)

    i réimse na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, ghníomhaíochtaí sonracha ardriosca amhail iad seo a leanas:

    i)

    ráthaíochtaí nuálacha saincheaptha faoi urrann an Bhallstáit arb é is aidhm dóibh costas caipitil na hinfheistíochta i bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh sa Bhallstát sin a laghdú;

    ii)

    táirgí ráthaíochta ardriosca chun margadh an Chomhaontaithe maidir le Fuinneamh In-Athnuaite a Cheannach ó Chorparáid a chothú, rud a chuideoidh le leibhéil mhéadaithe maoiniúcháin phríobháidigh fhadtéarmaigh a áirithiú le haghaidh infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite;

    c)

    i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, gníomhaíochtaí ardriosca sonracha amhail iad seo a leanas:

    i)

    foirgnimh chónaithe: an ionstraim ráthaíochta ar féidir í a chomhcheangal le deontais chun maoiniú príobháideach a scaoileadh agus teaghlaigh a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna shuntasach maoiniúcháin a bhaineann le foirgnimh chónaithe a athchóiriú, go háirithe athchóiriú domhain;

    ii)

    conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh agus Cuideachtaí Spárála Fuinnimh (ESCOnna): ionstraim ráthaíochta agus ciste imrothlach le haghaidh ESCOnna chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní agus maoiniú a scaoileadh chun conarthaí feidhmíochta fuinnimh a fhorbairt le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh;

    iii)

    beag beann ar an bhfaighteoir deiridh, feabhsú creidmheasa i ndáil le bannaí glasa chun infheisteoirí institiúideacha a charnadh isteach i maoiniú nua éifeachtúlachta fuinnimh, rud a rachaidh chun tairbhe an tráth céanna do chothú mhargadh na mbannaí glasa, atá teoranta faoi láthair;

    d)

    maidir le bonneagar an leictreachais a dhéanamh níos cliste agus a nuachóiriú, tionscadail lena gcuirtear an méid seo a leanas chun cinn:

    i)

    samhlacha nua gnó chun foinsí solúbthachta a imscaradh, amhail an fhreagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;

    ii)

    foinsí fuinnimh díláraithe agus ar mhionscála arna bhforbairt ag iontrálaithe nua agus ag pobail nua fuinnimh i margaí nua.

    e)

    tionscadail lena gcuirtear chun cinn imscaradh teicneolaíochtaí íseal-charbóin ar an margadh: tionscadail lena n-áirítear gabháil, stóráil agus úsáid carbóin (“CCS”/“CCU”) a bhaineann le leictreachas, le téamh nó fuarú, gáis ísealcharbóin (amhail hidrigin) nó próisis thionsclaíocha a tháirgeadh, le stóráil fuinnimh, mar aon le gléasraí bithfhuinnimh agus saoráidí monaraíochta lenar féidir fuinneamh a aistriú agus táirgí ar mór a lorg carbóin a ionadú;

    f)

    tionscadail nó cláir infheistíochta ghlasa inbhuanaithe ardriosca lena gcuirtear chun cinn cur chuige cuimsitheach atá bunaithe ar chaipiteal nádúrtha maidir le cosaint agus athbhunú an chomhshaoil agus bainistiú an aistrithe chuig bithgheilleagar atá ciorclach, tíosach ar acmhainní agus íseal ó thaobh astaíochtaí de, agus lena ndéantar aistrithe charbóin a bharrfheabhsú;

    g)

    san earnáil dhigiteach, tionscadail lena mbaineann ardriosca airgeadais, go háirithe imscaradh nascachta i limistéir bhána agus liatha (i.e., gan aon inmharthanacht láithreach ó thaobh na tráchtála de) nó tionscadail lena mbaineann dul chun cinn suntasach teicneolaíoch (e.g. gan aon uasghrádú incriminteach a dhéanamh orthu ach na teicneolaíochtaí is déanaí a imscaradh, lena n-áirítear líonraí inbhuanaithe agus bonneagair sonraí a imscaradh);

    h)

    punanna ardriosca i réimsí na héifeachtúlachta fuinnimh, an fhuinnimh in-athnuaite agus glasú sócmhainní soghluaiste;

    i)

    in earnáil an spáis, tionscadail ardriosca nó tionscadail dhianchaipitiúla atá nasctha leis an mbonneagar spáis agus seirbhísí gaolmhara, chomh maith le coincheapa nua don bhonneagar spáis agus do réitigh sa spás agus ar an talamh.

    6.2.   Ionú an Taighde, na Nuálaíochta agus an Digitithe

    6.2.1.   Réimsí beartais idirghníomhaithe

    Le tacaíocht faoi ionú an Taighde, na Nuálaíochta agus an Digitithe (RID), éascófar agus cuirfear dlús le rochtain ar mhaoiniú le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíocht (T&N), tionscnóirí, gnólachtaí agus eintitis nuálacha eile taighde agus nuálaíochta (T&N) agus spreagfar claochlú digiteach gnólachtaí, margaí agus na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(b) agus Airteagal 8(1)(b) de Rialachán InvestEU. I gcomhréir le cuspóir InvestEU maidir le hiomaíochas an Aontais a chur chun cinn, déanfaidh an t-ionú RID tionchar eolaíoch teicneolaíoch eacnamaíoch sochaíoch a sholáthar trí bhonn eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais a neartú, ionú arb é is aidhm dheiridh dó tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach agus tacaíocht a sholáthar le haghaidh méadú cuideachtaí nuálacha agus rolladh amach teicneolaíochtaí sa mhargadh. Le hinfheistíochtaí faoin ionú RID, cuirfear na hacmhainní ar fáil don Eoraip chun an athléimneacht a fhorbairt i bpríomhearnálacha tionsclaíocha.

    Liostaítear na réimsí incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoin ionú RID in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU, agus go háirithe i bpointí 5 agus 6 de. Aon réimse ábhartha eile le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU, amhail pointí 13 agus 14, agus a thagann faoi ghníomhaíochtaí RID, beidh siad incháilithe le haghaidh maoiniú faoin ionú RID. D’fhéadfaí a áireamh sna réimsí sin gníomhaíochtaí taighde, forbartha táirgí, taisealfa, nuálaíochta agus digitithe sna hearnálacha lena gcumhdaítear fuinneamh, tionscal dianfhuinnimh, an comhshaol, an geilleagar gorm, cúrsaí muirí, iompar, an tsláinte, na heolaíochtaí beatha, an bhiteicneolaíocht, agraibhia, cosaint, earnáil an spáis agus earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, chomh maith le hearnálacha eile. Féadfar tosaíocht a thabhairt do na limistéir incháilithe i gcomhréir le Roinn 2.3.2.1 de na treoirlínte infheistíochta seo.

    Le raon feidhme infheistíochta an ionú, cumhdaítear na gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta, taisealfa agus digitithe, lena n-áirítear infheistíochtaí a bhaineann le táirgí agus teicneolaíochtaí nua a sheoladh sa mhargadh, atá tar éis dul thar céim T&N an taighde agus na forbartha, chomh maith le nuálaíocht eagraíochta agus próiseas, lena n-áirítear samhlacha gnó nua agus nuálacha. Áirítear ann freisin oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i réimse an taighde bhunúsaigh agus taighde a cuireadh i bhfeidhm ar an gcóras iarbhír, rud atá cruthaithe sa timpeallacht oibríochtúil (91).

    Sainmhínítear T&N mar obair chórasach a dhéantar chun cur leis an stór eolais agus chun feidhmeanna nua a bhaint as an eolas atá ar fáil. Ní mór an ghníomhaíocht a bheith úr, cruthaitheach, éiginnte maidir lena toradh, agus ní mór di modhanna córasacha, inaistrithe agus in-atáirgthe a leanúint (92).

    Tagraíonn nuálaíocht do nuálaíocht i dtáirgí agus i bpróisis agus do nuálaíocht eagraíochtúil, lena gcuimsítear forbairt, taisealbhadh, cur chun feidhme, tráchtálú, agus glacadh táirge nó próiseas (lena n-áirítear samhail ghnó) nó seirbhís atá nua nó atá feabhsaithe go mór, rud a chruthaíonn luach don tomhaltóir agus/nó don tsochaí.

    Tagraíonn digitiú do T&N, taisealbhadh, tástáil, imscaradh agus glacadh teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha agus d’infheistíochtaí a chuireann le claochlú digiteach fhiontair, thionscail agus réimsí leasa phoiblí an Aontais.

    Thairis sin, is é is aidhm don tacaíocht faoin ionú RID cur go mór leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena ndíreofar ar thionscadail a mbeidh tairbhí aeráide agus comhshaoil ag baint leo. I measc nithe eile, d’fhéadfaí díriú leis an ionú sin ar thionscadail arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú ó thionscail dianfhuinnimh agus ón ngeilleagar digiteach a sheachaint nó a laghdú, agus ar éifeachtúlacht na dtionscadal sin. Díreofar leis ar thionscadail a úsáideann teicneolaíochtaí, seirbhísí agus réitigh dhigiteacha chun seachaint nó laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú agus dramhaíl a bhaint amach in earnálacha eile den gheilleagar, lena n-áirítear earnáil na tionsclaíochta, an iompair, an fhuinnimh agus na talmhaíochta, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin. Cuirfear tacaíocht ar fáil freisin d’infheistíochtaí lena rannchuidítear go mór leis an ngeilleagar ciorclach, go háirithe sna hearnálacha is mó ina n-úsáidtear acmhainní agus ina bhfuil acmhainneacht mhór ciorclaithe.

    Le hinfheistíochtaí san éiceachóras spáis féadfar tacú le cuspóirí na “straitéise spáis don Eoraip” chun na tairbhí do shochaí agus do gheilleagar an Aontais a uasmhéadú trí dhíriú ar thionscadail lena ndéantar an méid seo a leanas: (i) dlús a chur le húsáid feidhmchlár digiteach agus seirbhísí digiteacha bunaithe ar shonraí spáis; (ii) sonraí agus seirbhísí spáis a chomhtháthú ina dtáirgí nuálacha i ndeighleoga eile an mhargaidh, e.g. feithiclí uathrialaitheacha nó líonraí nascachta; agus (iii) imscaradh tráchtála agus monaraíochta na teicneolaíochta spáis a mhéadú, lena n-áirítear rochtain ar an spás (93).

    Leis an ionú RID, féadfar rannchuidiú le tionscal na cosanta a fhorbairt, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí atá rannpháirteach i dtionscadail nuálaíochta in earnáil na cosanta agus i dteicneolaíochtaí dé-úsáide lena bhfuil dlúthbhaint acu agus trí thacaíocht a thabhairt do shlabhra soláthair na hearnála cosanta.

    Tacóidh an t-ionú RID freisin le tosaíochtaí beartais an Aontais mar a leagtar amach iad i gcláir eile amhail an Fhís Eorpach, an clár um Eoraip Dhigiteach, an clár Eoraip na Cruthaitheachta, clár spáis an Aontais, an Ciste Eorpach Cosanta, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, etc.

    Féadfaidh an t-ionú RID cistí a threorú freisin ó chláir earnála, amhail an Ciste don Nuálaíocht a bunaíodh faoin gCóras Trádála Astaíochtaí (ETS) agus cláir agus cistí eile de chuid an Aontais agus cláir agus cistí eile náisiúnta. Féadfar infheistíochtaí den sórt sin a chomhcheangal le maoiniú a chuirtear ar fáil faoi chláir an Aontais nó faoi na cláir sin a bunaíodh faoin mbeartas comhtháthaithe (bainistíocht chomhroinnte) nó faoi chláir náisiúnta.

    Tá tacaíocht faoin ionú RID socraithe chun breisluach beartais a chur leis trí rochtain ar mhaoiniú RID a chur ar fáil in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    a)

    infheistíocht in T&N chun bonn eolaíoch agus teicneolaíoch an Aontais a neartú, chun dlús a chur leis an gclaochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear infheistíochtaí i bpríomhtheicneolaíochtaí, agus chun cuspóirí na Físe Eorpaí a bhaint amach, agus le misin;

    b)

    tacú le claochlú digiteach FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe;

    c)

    tacú le tionscadail an digitithe agus na nuálaíochta lena méadaítear idir-inoibritheacht agus lena dtugtar aghaidh ar éagothromaíochtaí i leibhéal an digitithe agus na nualaíochta ó Bhallstát go chéile, ó chuideachta go chéile agus ó earnáil go chéile;

    d)

    forbairt agus imscaradh inniúlachtaí agus teicneolaíochtaí digiteacha straitéiseacha, lena n-áirítear réitigh dhigiteacha chibearshlána a mbeidh samhlacha gnó nuálacha neamhchruthaithe a théann i ngleic le dúshláin shochaíocha (e.g. réitigh dhigiteacha ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht) mar thoradh orthu agus lena gcuirtear leis an athléimneacht agus leis an neamhspleáchas;

    e)

    tacú le hinfheistíochtaí i dtáirgí, i dteicneolaíochtaí, i réitigh nó i samhlacha gnó lena soláthraítear tairbhí comhshaoil agus aeráide i gcomparáid le réitigh mhalartacha, samhlacha lena rannchuidítear leis an athrú aeráide a mhaolú agus leis an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú;

    f)

    infheistíochtaí riosca dá dtugtar tacaíocht, lena n-áirítear infheistíochtaí trasteorann, atá nasctha leis an teicneolaíocht, leis an margadh, leis an taisealbhadh, leis an gcur chun feidhme agus leis an ngnó, a bhfuil riosca níos airde ag baint leo mar gheall ar an éiginnteacht a bhaineann leis an rath a bheith ar a dtoradh, nó i ngeall ar an tairbhe airgeadais deiridh don eintiteas lena mbaineann;

    g)

    oibríochtaí luatha taisealfa a chur chun cinn a bhfuil col riosca ag a n-infheisteoirí príobháideacha, infheisteoirí a thugann aghaidh ar thorthaí nach féidir a thuar nó luaineacht sa mhargadh;

    h)

    oibríochtaí a chur chun cinn lena ngiaráiltear infheistíocht phríobháideach in RID chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach;

    i)

    aistriú torthaí T&N chomh maith le teicneolaíochtaí chuig an margadh a chur chun cinn, chomh maith lena méadú, agus tacú lena n-imscaradh tionsclaíoch, lena dtacaítear le cumasóirí margaidh agus leis an gcomhar idir fiontair;

    j)

    tacú le hinfheistíochtaí T&N ó institiúidí taighde, ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde, lena gcuirtear le cuspóirí na Físe Eorpaí agus Erasmus+ agus lena bhfeabhsaítear naisc idir soláthraithe seirbhíse T&N (institiúidí acadúla, ionaid taighde, etc.) agus fiontair;

    k)

    tacú le cuideachtaí nuálacha atá ag fás go tapa agus atá ag lorg maoiniú chun nuálaíochtaí a thráchtálú a dhéanamh go dtí go mbeidh siad indéanta ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de;

    l)

    barainneachtaí scála a sholáthar agus infheistíochtaí in RID a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, idir-réigiúnach agus réigiúnach, lena n-áirítear glacadh le táirgí, teicneolaíochtaí nó samhlacha gnó núíosacha thar réigiúin laistigh de na Ballstáit;

    m)

    tacú le hardáin infheistíochta théamacha agus le táirgí airgeadais nuálacha eile (agus aird chuí á tabhairt ar bharainneachtaí scála); nó

    n)

    maoiniú malartach agus réitigh nuálacha maoiniúcháin a chur chun cinn, amhail sluachistiú, aingil ghnó, agus daonchairdeas fiontair, lena gcothófar aistriú dea-chleachtas idir idirghabhálaithe airgeadais d’fhonn teacht chun cinn eisiúint leathan táirgí le haghaidh gníomhaíochtaí RID a spreagadh.

    Na gníomhaíochtaí a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (n) den dóú mír déag de Roinn 6.2.1 seo, féadfar iad a chomhlánú leis an méid seo a leanas:

    a)

    sonraí a bhailiú ar fud an Aontais maidir le clistí margaidh RID nó cásanna infheistíochta fo-optamacha, athruithe teicneolaíocha agus tionsclaíocha a rianú, slabhraí luacha straitéiseacha a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo a shainaithint, agus faisnéis den sórt sin a chur ar fáil go poiblí; agus

    b)

    cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thionscadail RID agus a n-iontaofacht ó thaobh brabúis a fheabhsú in earnálacha éagsúla.

    6.2.1.1.   Infheistíochtaí straitéiseacha faoin ionú RID

    Le hinfheistíochtaí straitéiseacha faoin ionú RID, féadfar tacú le himscaradh tionsclaíoch teicneolaíochtaí ar léiríodh go ndearnadh san Aontas iad, féadfar a margaí a chothú agus féadfar tionscal an Aontais a chur chun cinn ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i gcomhréir le cuspóirí na “straitéise nua Eorpaí maidir le tionsclaíocht” (94) agus straitéisí foluiteacha earnáilsonracha, lena n-áirítear an straitéis dhigiteach (“todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú” (95)), an “Páipéar Bán maidir leis an AI” (96), an “straitéis Eorpach maidir le sonraí” (97) (lena n-áirítear spás coiteann Eorpach sonraí le haghaidh, mar shampla, sláinte agus airgeadas) agus “straitéis na hEorpa i dtaca le vacsaíní” (98). Ní mór iad a mhéadú agus monaraíocht thionsclaíoch na dteicneolaíochtaí agus na nuálaíochtaí digiteacha seo, atá cumasaithe, claochlaitheach agus glas, sna hearnálacha a chumhdaítear leis an ionú RID i ndiaidh chéim an taighde, na nuálaíochta agus an taisealfa.

    Féadfar tacaíocht a chur ar fáil d’infheistíocht i saoráidí athchúrsála agus monaraíochta le haghaidh táirgeadh comhpháirteanna agus feistí TFC san Aontas a chuireann le nuálaíocht, inbhuanaitheacht, athléimneacht, agus uathriail thionscal TFC na hEorpa agus a fho-earnálacha agus slabhraí luacha. Féadfaidh tionscadail den sórt sin a bheith bainteach le haon cheann de na réimsí monaraíochta TFC seo a leanas: comhpháirteanna leictreonacha (leathsheoltóirí agus micreaphróiseálaithe), ríomhairí agus trealamh forimeallach, trealamh cumarsáide, ríomhtháirgí tomhaltóra, meáin mhaighnéadacha agus optúla, trealamh agus páirteanna leictreonacha agus teileachumarsáide, bogearraí, ríomhchlárú, próiseáil sonraí, óstáil agus gníomhaíochtaí gaolmhara agus eile.

    I réimse an chúraim sláinte, maidir le hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht, ní mór díriú ar tháirgí cúraim sláinte nua éifeachtacha inrochtana, lena n-áirítear RID agus monarú cógaisíochta, vacsaíní, feistí leighis, diagnóisic agus táirgí íocshláinte ardteiripe, táirgí frithmhiocróbacha nua agus próisis forbartha nuálacha lena seachnaítear úsáid a bhaint as tástáil ar ainmhithe, agus iomaíochas thionscal cógaisíochta an Aontais ina iomláine, lena n-áirítear ceimiceáin agus comhábhair ghníomhacha chógaisíochta a tháirgeadh.

    I réimse nacosanta, d’fhéadfadh gaol a bheith ag tionscadail infheistíochta a bhaineann leis an teicneolaíocht agus/nó ag tionscadail infheistithe tháirgiúil (e.g. na hinniúlachtaí táirgeachta atá ann cheana a nuachóiriú, a dhigitiú agus a leathnú nó inniúlachtaí táirgeachta nua a bhunú) le réimsí straitéiseacha, ina rannchuideoidh infheistíochtaí le neamhspleáchas teicneolaíoch agus tionsclaíoch thionscal cosanta an Aontais, rud a rannchuideoidh lena uathriail straitéiseach agus lena athléimneacht an Aontais. Féadfar tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt teicneolaíochtaí cosanta ríthábhachtacha suaiteacha ag cuideachtaí nuálacha. Príomhthionscadail ar tacaíodh leis an gcéim T&N dóibh cheana, mar shampla faoin gCiste Eorpach Forbraíochta agus faoina chláir réamhtheachtacha, is féidir le hinfheistíochtaí cuidiú freisin lena dtabhairt go rathúil go dtí na céimeanna iar-T&N nó tacú leis na slabhraí soláthair a bhfuil baint acu leis na tionscadail sin.

    Le tionscadail, féadfaidh forbairt agus cosaint acmhainní ríthábhachtacha a bheith i gceist freisin i slabhraí soláthair cosanta an Aontais i ndáil le réimsí straitéiseacha agus leis an spleáchas ar thríú tíortha a laghdú.

    6.2.2.   Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha

    6.2.2.1.   Idirghabhálaithe airgeadais atá le bheith páirteach

    a)    maidir le maoiniú fiachais:

    Féadfaidh aon chineál idirghabhálaí airgeadais cur isteach air, lena n-áirítear bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus idirghabhálaithe eile faoi úinéireacht phoiblí, bainc thráchtála, cumainn ráthaíochta, cistí fiachais éagsúlaithe a sholáthraíonn maoiniú sinsearach agus fo-ordaithe, agus cuideachtaí léasaithe, má tá sé in ann maoiniú a chur ar fáil sna réimsí atá cumhdaithe ag an ionú RID i gcomhréir go hiomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus le ceanglais ábhartha an Rialacháin Airgeadais.

    b)    maidir le maoiniú cothromais:

    Idirghabhálaithe airgeadais poiblí nó príobháideacha, nó eintitis atá le hionchorprú, cistí cistí, cistí cothromais phríobháidigh, cistí caipitil fiontair, cistí caipitil fiontair, meáin chomhinfheistíochta, cistí fiachais fiontair, cistí aingil gnó, cistí aistrithe teicneolaíochta, féadfaidh siad cur isteach air má tá siad in ann maoiniú cothromais a chur ar fáil sna réimsí atá cumhdaithe ag an ionú RID i gcomhréir go hiomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus le ceanglais ábhartha an Rialacháin Airgeadais.

    Bainisteoirí, comhairleoirí nó daoine comhchosúla eile a bhaineann leis na idirghabhálaithe sin (lena n-áirítear bainisteoirí nó comhairleoirí céaduaire), ní mór dóibh an cumas agus na scileanna a léiriú chun infheistíochtaí den sórt sin a dhéanamh sna réimsí ina bhfuil sé ar intinn acu infheistíocht a dhéanamh faoin ionú RID, an cumas chun caipiteal príobháideach a thiomsú agus a mhealladh, agus an acmhainn chun torthaí a bhaint amach, rud a mheallfadh tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha isteach san aicme sócmhainní sin.

    6.2.2.2.   Na faighteoirí deiridh ar díríodh orthu

    Tá an t-ionú RID dírithe ar thacú le gníomhaíochtaí taighde, nuálaíochta agus digitithe arna gcur chur chun cinn acu seo a leanas:

    a)

    tionscnóirí neamhspleácha;

    b)

    fiontair phríobháideacha, phoiblí agus leathphoiblí, lena n-áirítear FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe;

    c)

    SPVanna;

    d)

    ollscoileanna, oifigí aistrithe teicneolaíochta agus lárionaid ardoideachais;

    e)

    lárionaid taighde;

    f)

    bonneagair taighde agus teicneolaíochta;

    g)

    gníomhaireachtaí nuálaíochta agus digitithe, luasairí, gorlanna, moil, braislí;

    h)

    tionscnóirí eile faoi thionchar RID (e.g. daoine nádúrtha, fondúireachtaí maoiniúcháin taighde).

    Déanfar deighilt an mhargaidh agus sainaithint na spriocghrúpaí ar bhonn earnála (nasctha leis na réimsí ina gcuirfear na tosaíochtaí beartais chun feidhme) agus ar bhonn tionscadail nó ar bhonn saolré chuideachta (bunaithe ar mheasúnú margaidh).

    Le hoibríochtaí faoi Chiste InvestEU dá dtugtar tacaíocht trí rannchuidiú an Chiste don Nuálaíocht le haghaidh ETS, urramófar na rialacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin atá in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE (99) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar a bhonn.

    6.2.2.3.   Táirgí airgeadais ginearálta

    Leis an tacaíocht a dheonaítear faoin ionú RID seo, tairgfear maoiniú sinsearach agus fo-ordaithe i bhfoirm fiachais nó ráthaíochtaí, aon chineál eile cistithe, lena n-áirítear fiachas fiontair, léasú nó feabhsú creidmheasa, cuasachothromas agus maoiniú cothromais, chun rochtain ar mhaoiniú a éascú le haghaidh tionscadail agus cuideachtaí RID. Féadfar na táirgí airgeadais a chur ar fáil go cothrománach do na réimsí éagsúla a chumhdaítear leis an ionú beartais nó féadfar iad a thiomnú do thosaíochtaí sonracha faoi tháirgí téamacha airgeadais.

    Le tacaíocht ó tháirgí airgeadais ginearálta, feadfar díriú inter alia ar na nithe seo a leanas:

    a)

    bonneagair thaighde agus theicneolaíochta: arna gcur chun cinn ag eagraíochtaí taighde poiblí nó príobháideacha (e.g. institiúidí taighde agus ollscoileanna), lena n-áirítear áiseanna a bhaineann go díreach le T&N agus gníomhaíocht dhigiteach, cosúil le saotharlanna nó lárionaid ríomhaireachta ardfheidhmíochta.

    b)

    tionscadail mhóra RID: feabhas a chur ar mhaoiniú riosca le haghaidh tionscadail mhóra RID a thagann ó ghnólachtaí atá níos mó ná iad; CPPanna; agus SPVanna nó tionscadail neamhspleácha.

    c)

    FBManna nuálacha, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga agus cuideachtaí meánchaipitlithe chun tacú leis na gníomhaíochtaí RID a chuireann leis an bhfás.

    d)

    fiontair atá ag fás go mear nó fiontair faoi thionchar RID, bonneagair thaighde agus theicneolaíochta, infheistíochtaí T&N atá á ndéanamh ag eagraíochtaí taighde poiblí nó príobháideacha (amhail institiúidí taighde agus ollscoileanna) atá lonnaithe sna Ballstáit, agus atá lipéadaithe mar nuálaithe measartha agus nuálaithe malla ar an Scórchlár Eorpach Nuálaíochta.

    a)    maidir le maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Féadfar an ráthaíocht AE a chur ar fáil le haghaidh na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, lena n-áirítear iad a chur ar fáil sna foirmeacha seo a leanas:

    a)

    fiachas díreach (lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe), iasachtú neamhurraithe, iasachtaí neamh-chomhthaobhaithe, maoiniú mezzanine, iasachtaí sinsearacha agus línte creidmheasa;

    b)

    ráthaíochtaí nó frithráthaíochtaí, ráthaíochtaí lean-iasachtaithe, ráthaíochtaí cistithe agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh scéimeanna ráthaíochta arna gcur chun feidhme ag idirghabhálaithe airgeadais nó ag comhpháirtithe cur chun feidhme;

    c)

    ráthaíochtaí díreacha agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais nó comhpháirtithe cur chun feidhme;

    d)

    feabhsú creidmheasa le haghaidh infheistíochtaí nua (chuig bannaí tionscadail, iasachtaí bainc nó meascán den dá rud);

    e)

    infheistíocht dhíreach in idirghabhálaí airgeadais nó in éineacht le hidirghabhálaí airgeadais, ar ciste infheistíochta, scéim infheistíochta/chomhinfheistíochta nó eintiteas sainchuspóireach é lena n-infheistítear go díreach nó go hindíreach i bhfiachas sinsearach nó fo-ordaithe nó i hibrid de chothromas agus fiachas.

    Is é is aidhm don ráthaíocht AE na deacrachtaí ar leith a dtugann eintitis inmharthana aghaidh orthu maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú a laghdú, deacrachtaí a bhíonn ann, den chuid is mó, toisc go mbraitear go mbaineann riosca níos airde leo nó go bhfuil easpa comhthaobhachta leordhóthanaí orthu nó go bhfuil cumas teoranta ag soláthraithe airgeadais tráchtála measúnú a dhéanamh ar an mbuntionscadal nó ar an tsamhail ghnó.

    b)    maidir le maoiniú cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Sna foirmeacha seo a leanas go háirithe a dhéanfar infheistíochtaí cothromais agus infheistíochtaí cuasachothromais:

    a)

    cothromas díreach i bhfaighteoirí deiridh;

    b)

    comhinfheistíochtaí agus scéimeanna comhinfheistíochta (lena n-áirítear ardáin infheistíochta);

    c)

    cothromas agus ráthaíochtaí d’idirghabhálaithe airgeadais a infheistíonn go díreach in eintitis ag aon chéim dá bhforbairt nó ráthaíochtaí d’infheisteoirí sna hidirghabhálaithe airgeadais sin;

    d)

    socrú infheistíochta agus/nó roinnte riosca i struchtúir na gcistí fiachais;

    e)

    infheistíocht i struchtúir ciste cistí.

    6.2.2.4.   Táirgí airgeadais téamacha

    Féadfar tacaíocht ó tháirgí airgeadais téamacha a dhíriú ar an méid seo a leanas:

    a)

    saoráidí maoiniúcháin téamacha lena gcuirtear maoiniú fiachais agus/nó cothromais ar fáil do réimsí amhail na cinn seo a leanas:

    i)

    tionscadail nuálacha luaththaispeántais agus tionscadail digitithe i réimsí téamacha ardriosca amhail tionscal ísealcharbóin, iompar, fuinneamh agus an spás;

    ii)

    forbairt chliniciúil, bailíochtú agus iontráil sa mhargadh i réimse na ngalar tógálach, na ngalar neamhchoitianta aimpléiseach, na ngalar néarmheathlúcháin agus eile;

    iii)

    an geilleagar gorm inbhuanaithe agus úsáid inbhuanaithe acmhainní, e.g. an dobharshaothrú agus an bhiteicneolaíocht ghorm;

    iv)

    Córais bhia, córais bhithbhunaithe, agus an bithgheilleagar i gcoitinne;

    v)

    an geilleagar ciorclach, réitigh nádúrbhunaithe agus caipiteal nádúrtha;

    vi)

    teicneolaíochtaí agus seirbhísí aeráide agus oiriúnú don aeráid.

    Roghnófar réimsí téamacha bunaithe ar thosaíochtaí beartais agus ar an measúnú dá dtagraítear i Roinn 2.3.2.2 de na treoirlínte infheistíochta seo.

    b)

    socruithe roinnte riosca eile amhail ardáin infheistíochta chun maoiniú tríú páirtí a spreagadh i réimsí sonracha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo maidir le beartas RID i gcomhlántacht le hinfheistíocht ó na córais airgeadais náisiúnta, áitiúla agus phoiblí atá ann cheana agus i sineirgíocht leis an infheistíocht sin. Leis na hardáin sin comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

    i)

    rochtain ar mhaoiniú a sholáthar trí bhíthin táirgí fiachais agus/nó cothromais do thionscadal i réimsí téamacha sonracha agus déanfaidh idirghabhálaithe airgeadais nó bainisteoirí cistí a roghnófar trí nósanna imeachta mar a thuairiscítear i Roinn 2.3.1 iad a bhainistiú;

    ii)

    tacaíocht a sholáthar le haghaidh digitiú foriomlán thionscal agus theicneolaíochtaí an Aontais mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU, pointe 6, agus le haghaidh réimsí incháilithe eile;

    iii)

    tacú le teicneolaíochtaí, le táirgí nó le samhlacha gnó a bhfuil riosca feabhsaithe ag baint leo mar gheall ar a nuálaíocht theicneolaíoch nó toisc go saothraíonn siad margaí nua nó suaitheadh suntasach sa mhargadh;

    iv)

    díriú ar shaoráidí luaththaispeántais agus táirgthe thionsclaíoch a chur ar bun a mbeidh sé d’aidhm acu próisis cheannródaíocha an-nuálaíocha lena gcruthófar margaí a chur chun feidhme nó táirgí nua a tháirgeadh ina bhfuil ábhar ard nuálaíochta lena gcruthófar margaí sa réimse sonrach.

    6.3.   Ionú FBM

    6.3.1.   Réimsí beartais idirghabhála

    le tacaíocht faoin ionú FBM ní mór rochtain agus fáil ar mhaoiniú a éascú do FBManna go príomha, ach do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga chomh maith agus cuirfear lena n-iomaíochas domhanda, ag céim ar bith dá bhforbairt, go háirithe dóibh siúd a mheastar a bhfuil ardriosca ag baint leo agus a bhfuil comhthaobhacht leordhóthanach in easnamh orthu, go háirithe le linn a gcéimeanna forbartha luatha.

    An tacaíocht faoin ionú SME, ní mór gurb é an fheidhm a bheidh léi faoin ionú sin foinsí cistiúcháin níos éagsúlaithe a sholáthar, lena n-áirítear fofhiach, maoiniú cothromais agus cuasachothromais, chun cur le cumas FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a gcruthú, a bhfás, a bhforbairt agus a n-aistriú a mhaoiniú, cúluithe eacnamaíocha a sheasamh, agus rannchuidiú leis an ngeilleagar agus an córas airgeadais a dhéanamh níos athléimní le linn cúlú eacnamaíoch nó suaitheadh eacnamaíoch. Leis an ionú FBM, féadfar tacaíocht a sholáthar le haghaidh infheistíochta agus caipiteal oibre agus le haghaidh maoiniú riosca ó shíol go céimeanna leathnúcháin chomh maith chun ceannaireacht theicneolaíoch a áirithiú in earnálacha nuálacha agus inbhuanaithe, go háirithe trí dhíriú ar FBManna a ndírítear a ngníomhaíochtaí ar shócmhainní doláimhsithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí RID nó mar gheall ar shainiúlachtaí earnála amhail earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta (100). Más gá, féadfaidh sé maoiniú a sholáthar chun gnólacht a fháil nó chun go mbeidh fostaithe rannpháirteach i ngnólacht. Féadfar tosaíocht a thabhairt do na limistéir incháilithe mar a thuairiscítear i Roinn 2.3.2.1 de na treoirlínte infheistíochta seo. Déanfar táirgí faoin ionú FBM a fhorbairt i gcomhréir leis na tosaíochtaí agus na réimsí a leagtar amach i “Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach” (101).

    Beidh an tacaíocht faoin ionú FBM comhlántach leis na tionscnaimh de chuid an Aontais arna ndéanamh i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil.

    Tá sé beartaithe go gcuirfidh tacaíocht faoin ionú FMB breisluach leis trí thacaíocht a thabhairt do mhaoiniú fiachais go príomha ag FBManna (chomh maith le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga) in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    a)

    ní thugtar aghaidh leordhóthanach ar chlistí margaidh ná ar chásanna infheistíochta fo-optamacha (i dtéarmaí méideanna, cumhdach nó fonn riosca nó creat ama) trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta; d’fhéadfadh sé go n-áireofaí air sin scéimeanna a bhunú lena soláthrófar breis éifeachtachta, éifeachtúlacht nó barainneacht scála fheabhsaithe ós rud é go bhféadfadh drogall a bheith ar na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a chruthú as a stuaim féin mar gheall ar bhreithnithe éifeachtúlachta costais;

    b)

    fiontair a oibríonn in earnálacha eacnamaíocha nach ndéantar freastal ceart orthu agus a shainítear go soiléir (e.g. earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i gcásanna áirithe, mar shampla, lena n-áirítear earnáil na meán), rud a rannchuidíonn le tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach;

    c)

    an gá atá le dlús a chur le coigeartú fiontar d’athruithe struchtúracha atá sainaitheanta go soiléir agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le tosaíochtaí beartais an Aontais a bhaint amach;

    d)

    réitigh mhaoiniúcháin lena gcuidítear le cuspóirí aontas na margaí caipitil a bhaint amach, lena n-áirítear na cuspóirí sin a sholáthraítear ar bhonn trasteorann;

    e)

    aistriú dea-chleachtas ar fud an Aontais (lena bhféadfaí soláthar cúnaimh theicniúil a áireamh freisin) a tharlaíonn idir idirghabhálaithe airgeadais d’fhonn teacht chun cinn tairiscint leathan táirgí a spreagadh le haghaidh idirbhearta maoiniúcháin FBM lena mbaineann riosca níos airde, ar táirgí iad a bheidh oiriúnach dá riachtanais shonracha maoinithe.

    Ina theannta sin, tá sé beartaithe go gcuirfidh tacaíocht faoin ionú FMB luach beartais leis trí thacaíocht a thabhairt do chistí lena soláthraítear réitigh shaincheaptha maoiniúcháin fiachais agus maoiniú cothromais nó cuasachothromais do FBManna agus do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

    a)

    bailíonn idirghabhálaithe airgeadais cistí nó ina ndéanann siad infheistíochtaí nó ina soláthraíonn siad maoiniú ar bhonn trasteorann, rud a thacaíonn le héagsúlú riosca agus a mheallann caipiteal príobháideach agus a charnann isteach é;

    b)

    tacaíonn an infheistíocht le cistí níos mó a chruthú a mbeidh sé d’acmhainn acu torthaí leordhóthanacha a bhaint amach chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh;

    c)

    ní thugtar aghaidh leordhóthanach ar chlistí margaidh ná ar chásanna infheistíochta fo-optamacha (i dtéarmaí méideanna, chumhdach na céime forbartha nó creat ama) trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí air sin scéimeanna a bhunú lena soláthrófar éifeachtacht fheabhsaithe, éifeachtúlacht fheabhsaithe nó barainneacht scála fheabhsaithe ós rud é go bhféadfadh drogall a bheith ar na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a chruthú as a stuaim féin mar gheall ar bhreithnithe éifeachtúlachta costais;

    d)

    tá éifeachtaí taispeána agus/nó catalaíocha ag an idirghabháil agus cuireann sí le cuspóirí beartais an Aontais, lena n-áirítear cuspóirí aontas na margaí caipitil;

    e)

    méadaítear infhaighteacht na réiteach maoiniúcháin margadhbhunaithe agus saincheaptha le haghaidh FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga leis an idirghabháil;

    f)

    déantar dea-chleachtais a aistriú ar fud an Aontais d’fhonn teacht chun cinn bainisteoirí/foirne bainistíochta nua ar chistí a spreagadh chun margadh an chaipitil fiontair san Aontas a leathnú agus a dhoimhniú. D’fhéadfaí a áireamh air sin tacaíocht le haghaidh réitigh airgeadais mhalartacha agus réitigh nuálacha mhaoiniúcháin amhail sluachistiú, aingil ghnó agus daonchairdeas fiontair.

    6.3.2.   Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha

    6.3.2.1.   Idirghabhálaithe airgeadais a bheidh bainteach

    a)    maidir le maoiniú fiachais:

    Féadfaidh aon chineál idirghabhálaí airgeadais cur isteach air, lena n-áirítear bainc nó institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh agus idirghabhálaithe eile faoi úinéireacht phoiblí, bainc thráchtála, cumainn ráthaíochta, cistí fiachais éagsúlaithe a sholáthraíonn maoiniú sinsearach agus fo-ordaithe, agus cuideachtaí léasaithe, atá dírithe ar phunanna nua de FBManna a bhfuil riosca níos airde ag baint leo agus/nó cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a mhaoiníonn idirbhearta, lena n-áirítear idirbhearta saincheaptha maoiniúcháin fiachais a dhírítear ar earnálacha eacnamaíocha nach ndéantar freastal ceart orthu, i gcomhréir go hiomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus le ceanglais ábhartha an Rialacháin Airgeadais.

    b)    maidir le maoiniú cothromais:

    Idirghabhálaithe airgeadais bunaithe, nó eintitis atá le bunú, lena n-áirítear cistí cothromais phríobháidigh agus cistí mezzanine, meáin chomhinfheistíochta, cistí fiachais fiontair, cistí caipitil fiontair, cistí aingil gnó, ciste cistí, traschistí, atá in ann maoiniú cothromais agus cuasachothromais a sholáthar i réimsí arna gcumhdach ag an ionú FBM i gcomhréir iomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus le ceanglais ábhartha an Rialacháin Airgeadais, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú cothromais.

    Bainisteoirí, comhairleoirí nó eintitis chomhchosúla a bhaineann leis na hidirghabhálaithe sin, lena n-áireofar bainisteoirí nó comhairleoirí céaduaire, ní mór dóibh freisin an cumas agus na scileanna a léiriú chun infheistíochtaí den sórt sin a dhéanamh, an cumas caipiteal príobháideach a mhaoiniú agus a mhealladh, agus an cumas ionchasach torthaí a tháirgeadh, lena n-áirítear trí straitéis fhónta infheistíochta, straitéis a mheallfadh tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha isteach san aicme sócmhainní sin.

    6.3.2.2.   Na faighteoirí deiridh ar díríodh orthu

    a)    maidir le maoiniú fiachais:

    Cuirfear tacaíocht maoiniúcháin fiachais ar fáil trí idirghabhálaithe nó go díreach ón gcomhpháirtí cur chun feidhme chun FBManna a mhaoiniú den chuid is mó mar aon le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga mar a shainítear i Rialachán InvestEU, nach bhfaigheadh maoiniú ón margadh nó nach bhfaigheadh an oiread céanna tacaíochta toisc, i measc nithe eile, an riosca níos airde a mheastar a bheith ann, an easpa comhthaobhachta (leordhóthanaí) nó toisc go bhfuil an gnólacht gníomhach i réimse eacnamaíoch nach ndéantar freastal ceart air agus a shainítear go soiléir nó toisc go dtéann sé i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le tosaíochtaí beartais an Aontais.

    I gcás ina mbeidh údar maith leis, féadfar tacaíocht níos tiomnaithe a sholáthar do ghnólachtaí in earnáil shonrach nó gnólachtaí a bheidh ag gabháil do réimse sonrach de threoshuíomh beartais, lena n-áirítear an t-aistriú cóir. I gcásanna den sórt sin, agus i gcás FBManna nuálacha agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, déanfar critéir incháilitheachta atá soiléir agus gan débhrí a fhoirmliú sna táirgí airgeadais sonracha. Ina theannta sin, leis na ceanglais maidir le tuairisciú oibríochtúil beifear in ann an tacaíocht a sholáthraítear le haghaidh na hearnála sin nó le haghaidh an treoshuímh beartais sin a shainaithint.

    b)    maidir le maoiniú cothromais:

    Faoi urrann an Aontais, cuirfear tacaíocht le haghaidh maoiniú cothromais ar fáil trí idirghabhálaithe (lena n-áirítear trí mheáin chomhinfheistíochta) le haghaidh FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga de réir na sainmhínithe atá i Rialachán InvestEU, agus go sonrach le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a chabhródh le cuspóirí beartais an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán InvestEU a bhaint amach.

    Féadfar díriú a dhéanamh ar bhonn straitéis infheistíochta bhainisteoir an chiste, ag díriú ar earnálacha nó ar ghníomhaíochtaí thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar bhonn saolré cuideachta, bunaithe ar mheasúnuithe margaidh.

    6.3.2.3.   Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha

    Beidh táirgí airgeadais comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais le haghaidh FBManna ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir leis na ceanglais bhreisíochta i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU.

    a)    maidir le maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Féadfar an ráthaíocht AE a sholáthar le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta sna foirmeacha seo a leanas:

    a)

    iasachtaí díreacha ón gcomhpháirtí cur chun feidhme, nó;

    b)

    frithráthaíochtaí, ráthaíochtaí lean-iasachtaithe agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh scéimeanna ráthaíochta arna gcur chun feidhme ag idirghabhálaithe airgeadais nó ag comhpháirtí cur chun feidhme;

    c)

    ráthaíochtaí díreacha agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh idirghabhálaithe airgeadais nó comhpháirtithe cur chun feidhme;

    d)

    infheistíocht dhíreach in idirghabhálaí airgeadais nó in éineacht leis, ar ciste infheistíochta, scéim (chomh)infheistíochta nó meán sainchuspóireach é a infheistíonn go díreach nó go hindíreach i bhfiachas sinsearach nó i bhfofhiach.

    Trí bhíthin na socruithe sin, beidh sé d’aidhm ag an ráthaíocht AE laghdú a dhéanamh ar na deacrachtaí ar leith a bhíonn ag fiontair inmharthana maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú i ngeall ar an riosca níos airde a bhraitear a bheith ag baint leo nó i ngeall ar an easpa comhthaobhachta (leordhóthanaí) a bhraitear a bheith acu. Is féidir é sin a bhaint amach trí thacú leis na hidirbhearta seo a leanas, i measc nithe eile:

    a)

    maoiniú le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta;

    b)

    idirbhearta maoiniúcháin ar laghdaíodh a gceanglais chomhthaobhachta go suntasach nó nach bhfuil ceanglais chomhthaobhachta acu (iasachtú neamhurraithe);

    c)

    fo-mhaoiniú;

    d)

    idirbhearta maoiniúcháin a bhfuil coinníollacha aisíocaíochta nó tionachtaí acu nach iondúil go soláthraíonn idirghabhálaithe airgeadais iad.

    Déanfar incháilitheacht togra de chuid idirghabhálaí airgeadais maidir le punann idirbheart maoiniúcháin a thógáil a chinneadh le haghaidh gach idirghabhálaí agus, i gcás maoiniú díreach, le haghaidh gach comhpháirtí cur chun feidhme, i ndáil lena ghníomhaíochtaí gnó reatha. I bprionsabal, is é an toradh atá ceaptha a bheith ar an ráthaíocht AE go ndéanfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais nó an comhpháirtí cur chun feidhme a ghníomhaíocht ghnó a leathnú trí idirbhearta a mhaoiniú nach mbeadh maoiniúcháin aige in éagmais na ráthaíochta AE i ngeall ar phróifíl riosca níos airde a bheith ag an bpunann sin. I gcas ina bhfuil táirge maoiniúcháin FBM lena mbaineann riosca níos airde i bhfeidhm cheana féin ag idirghabhálaí airgeadais, idirghabhálaí a bhfuil srian ar a chumas freastal ar éileamh an mhargaidh, féadfar an ráthaíocht AE a úsáid chun tacú le méadú suntasach ar mhéideanna na dtáirgí maoiniúcháin FBM sin lena mbaineann riosca níos airde.

    Áireofar ar idirbhearta maoinithe, a fhéadfar a áireamh sna punanna, iasachtaí infheistíochta, saoráidí caipitil oibre lena n-áirítear saoráidí caipitil oibre rothlacha, saoráidí maoiniúcháin trádála, iasachtaí (lena n-áirítear iad siúd atá leabaithe i gcuntas reatha nó nasctha le cuntas reatha), ráthaíochtaí bainc, idirbhearta léasaithe, iasachtaí fo-ordaithe, agus iasachtaí eisiúna fiachais shinsearaigh agus fho-ordaithe, i measc nithe eile.

    b)    maidir le maoiniú cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Úsáidfear an ráthaíocht AE chun infheistíochtaí i gcistí caipitil riosca idirmheánacha a ráthú lena n-áirítear infheistíochtaí i gciste cistí agus i meáin chomhinfheistíochta a sholáthraíonn cothromas agus cuasachothromas do FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ag céim ar bith dá bhforbairt agus infheistíochtaí i gcistí lena soláthraítear maoiniú fiachais do FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga.

    Forbairtí féideartha breise ar tháirgí:

    Beidh an t-ionú FBM ar fáil freisin chun táirgí airgeadais píolótacha a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus cásanna infheistíochta fo-optamacha nó chun tuilleadh infheistíochta príobháidí a charnadh isteach (e.g. trí ráthaíochtaí a sholáthar le haghaidh infheisteoirí). Má éiríonn le scéimeanna píolótacha den sórt sin, féadfar iad a rolladh amach ar bhonn lánfheidhme ina dhiaidh sin. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, bunaithe ar mheasúnuithe margaidh, féadfaidh na tionscadail phíolótacha sin imeacht ó na coinníollacha a leagtar amach i Ranna 4 agus 5 de na treoirlínte infheistíochta.

    6.4.   Ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna

    6.4.1.   Réimsí beartais idirghabhála

    Le tacaíocht faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, ní mór imscaradh tionscadal a éascú, imscaradh lena neartófar gné shóisialta an Aontais mar a leagtar béim uirthi i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Is é a chuirtear i dtábhacht faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna tionchar sóisialta dearfach a chruthú. Go háirithe, le gníomhaíochtaí faoin ionú sin, díreofar ar chóineasú aníos, neamh-chomhionannais a laghdú, athléimneacht agus cuimsitheacht a mhéadú trí fhostaíocht agus forbairt scileanna a chur chun cinn lena n-áirítear fiontraíocht agus féinfhostaíocht, fiontair shóisialta, geilleagar sóisialta, agus an cuimsiú sóisialta, sláinte, folláine agus cáilíocht saoil na saoránach ina hiomláine a fheabhsú; borradh a chur faoi thorthaí oideachais agus faoi sholáthar scileanna agus tacú le haistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin. Tá sé d’aidhm ag gníomhaíochtaí freisin rochtain agus fáil ar mhicreamhaoiniúchán agus ar mhaoiniú a mhéadú le haghaidh fiontair shóisialta, tacú le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a bhaineann le hinfheistíocht shóisialta, inniúlachtaí agus scileanna agus margaí infheistíochta sóisialta a fhorbairt agus a chomhdhlúthú sna réimsí dá dtagraítear i bpointe in d’Airteagal 8(1)(d) agus i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(d) de Rialachán InvestEU. Leis an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, éascófar forbairt scileanna agus príomhinniúlachtaí, meaitseáil, imscaradh agus úsáid scileanna níos airde trí oideachas, oiliúint, lena n-áirítear oiliúint sa láthair oibre agus gníomhaíochtaí gaolmhara d’fhonn na cuspóirí beartais a leagtar amach sa “chlár oibre Eorpach do scileanna nua” (102), sa “Mholadh ón gComhairle maidir le Gairmoideachas agus Gairmoiliúint” (103), sa “Limistéar Eorpach Oideachais” (104) agus sa “phlean gníomhaíochta don oideachas digiteach 2021-2027” (105).

    Liostaítear na réimsí incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU, go háirithe pointe 12. Féadfar tosaíocht a thabhairt do na limistéir incháilithe i gcomhréir le Roinn 2.3.2.1 de na treoirlínte infheistíochta seo.

    Tacóidh an t-ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna le micreamhaoiniúchán agus le fiontair shóisialta. I gcás micreamhaoiniú, ciallaíonn micriasacht (nó micrichreidmheas) iasacht suas le EUR 50 000. Spreagfar soláthar méideanna infheistíochta suas le EUR 500 000 le haghaidh fiontair shóisialta go háirithe, agus díreofar ar shuimeanna níos mó freisin suas le EUR 2 000 000 chun leathnú agus méadú na méideanna sin a chothú.

    Áireofar sa tacaíocht freisin bearta chun comhionannas inscne agus comhionannas ar fhorais eile, cuimsiú sóisialta, soláthar scileanna, oideachais, oiliúna agus seirbhísí gaolmhara agus éileamh orthu a chur chun cinn, lena n-áirítear scileanna chun bonneagar sóisialta inbhuanaithe a fhorbairt i limistéir uirbeacha agus i gceantair thuaithe. Tacóidh an t-ionú le bonneagar sóisialta freisin (lena n-áirítear bonneagar sláinte agus oideachais chomh maith le tithíocht shóisialta agus tithíocht do mhic léinn), le tionscadail lena mbaineann nuálaíocht shóisialta, seirbhísí sláinte, aosú agus cúram fadtéarmach, le rochtain ar chosc, ar chóireálacha nuálacha agus ar roghanna ríomhsheirbhísí sláinte, le cuimsiú agus inrochtaineacht, agus le gníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha a bhfuil cuspóir sóisialta acu.

    Leis an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, díreofar freisin ar mhaoiniú inbhuanaithe agus eiticiúil a sholáthar d’fhaighteoirí deiridh a bhfuil srianta nó bacainní lena ndéantar difear dá gcearta daonna agus dá saoirsí bunúsacha ag bagairt orthu. Leis an ionú, díreofar go háirithe ar thionscadail a bhfuil leibhéal réasúnta inmharthanachta airgeadais (ionchasach) ag baint leo ach nach ndéantar iad a sheachadadh leis an margadh (nó nach ndéantar iad a sheachadadh leis an margadh ar bhealach leordhóthanach) i ngeall ar rioscaí níos airde, easpa comhthaobhachta, toisc nach mbaineann siad scála optamach amach gan tacaíocht ón earnáil phoiblí nó i ngeall ar bhacainní eile margaidh. Leis na tionscadail dá dtacófar, ní mór a bheith ag cur le hinfheistíocht phríobháideach a charnadh isteach chun riachtanais nach bhfuiltear ag freastal orthu a shásamh.

    Is é is aidhm d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta bonneagar sóisialta agus seirbhísí nasctha a sholáthar a d’fhéadfadh baint a bheith acu leis an méid seo a leanas:

    a)

    oideachas agus oiliúint chuimsitheach, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, agus an bonneagar agus na seirbhísí oideachais a bhaineann leo, cúram leanaí malartach agus cuimsitheach, tithíocht do mhic léinn agus trealamh digiteach, atá inrochtana do chách, inniúlacht dhigiteach ó na blianta luathoideachais ar aghaidh a chur chun cinn, imscaradh uilíoch TFCanna agus rochtain orthu i ngach institiúid oideachais agus oiliúna agus uirlisí agus ardáin cianrochtana agus cianfhoghlama;

    b)

    tithíocht shóisialta inacmhainne;

    c)

    cúram sláinte agus cúram fadtéarma, lena n-áirítear clinicí, ospidéil, cúram sláinte príomhúil, cúram baile agus seirbhísí pobalbhunaithe;

    d)

    tionscadail bonneagair sláinte lena rannchuidítear le forbairt a dhéanamh ar líonra straitéiseach atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de le haghaidh bonneagar um chosc agus um chúram sláinte atá nuachóirithe, digitithe agus athléimneach agus atá in ann rochtain uilíoch ar bhonneagar agus ar sheirbhísí cúraim sláinte ríthábhachtacha a áirithiú ar fud an Aontais. Féadfaidh tionscadail a dtugtar tacaíocht dóibh aghaidh a thabhairt freisin ar riachtanais shonracha cúraim sláinte agus phráinnfhreagartha (106) trí stáisiúin leighis mhóibíleacha nó allamuigh nó trí iompar leighis a fhorbairt;

    e)

    seirbhísí sóisialta cumasúcháin a sholáthraítear ar leibhéal an phobail agus, i gcás inarb indéanta, ar bhealach comhtháite.

    Tá bearnaí móra sa mhaoiniú i ndán don bhonneagar sóisialta, arna mhaoiniú de ghnáth ag eintitis san earnáil phoiblí nó ag eintitis spleácha. De dheasca drochthorthaí phaindéim Covid-19, tá méadú ar na riachtanais sin.

    Maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar sóisialta, de réir bhrí phointe 12(d) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, féadfar oibríochtaí le heintitis san earnáil phoiblí a áireamh ann. I gcás den sórt sin, féadfar táirge airgeadais arna thiomnú don infheistíocht i mbonneagar sóisialta arna chur chun cinn ag eintitis san earnáil phoiblí faoin Ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna a chomhaontú i gcomhaontú ráthaíochta chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh dá dtagraítear i bpointe 2(f) de Roinn A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU. Sásaíonn oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta faoi tháirge airgeadais den sórt sin na ceanglais bhreisíochta a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais agus in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU.

    Tá comhlíonadh na reachtaíochta sóisialta ábhartha de chuid an Aontais, nó ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, de réir mar is infheidhme, riachtanach le haghaidh tacaíocht d’oibríochtaí faoi Chiste InvestEU. Ba cheart d’idirghabhálacha prionsabal na coimhdeachta a urramú go hiomlán trí scéimeanna tacaíochta náisiúnta agus réigiúnacha a chomhlánú, nuair is ann dóibh. I gcás inarb infheidhme, na seirbhísí arna soláthar ag na tionscadail a dtacaítear leo, ní mór iad a sholáthar ar an leibhéal áitiúil pobalbhunaithe. Maidir le bonneagar i réimse na sláinte, ní mór díriú ar shamhlacha a fhorbairt lena n-aistreofar ó chúram institiúideach go cosc, cúram príomhúil agus cúram pobalbhunaithe agus seirbhísí a thacaíonn le cúram daonlárnach comhtháite agus maireachtáil neamhspleách, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

    Maidir le hinfheistíochtaí i dtithíocht shóisialta inacmhainne, díreofar go háirithe ar réitigh tithíochta a sholáthar a fhéachann le daoine a tharraingt as an eisiamh sóisialta i gcomhlántacht le scéimeanna tacaíochta náisiúnta nó réigiúnacha, más ann dóibh. Chun críoch infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Chiste InvestEU, ba cheart tithíocht shóisialta inacmhainne (107) a thuiscint mar thithíocht atá dírithe ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste nó ar ghrúpaí nach bhfuil na buntáistí céanna acu ar bhonn sóisialta (108), agus a mhaireann, mar gheall ar shrianta ioncaim nó sóisialta, faoi dhiandíothacht tithíochta nó nach bhfuil in ann tithíocht a fháil ar dhálaí an mhargaidh. Nuair atáthar ag díriú ar dhaoine a thagann faoi shainmhíniú na Tíopeolaíochta Eorpaí maidir le hEaspa Dídine agus Eisiamh Tithíochta (ETHOS) ar easpa dídine agus ar eisiamh tithíochta, le soláthar tithíochta sóisialta, ba cheart cur chuige bunaithe ar thithíocht a leanúint. Ba cheart go n-urramódh an bonneagar agus na seirbhísí na caighdeáin cháilíochta is infheidhme agus coinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe agus ní bheidh leithscaradh ná imeallú grúpaí sonracha mar thoradh orthu.

    Chomh maith le réitigh mhaoiniúcháin arna soláthar ag na hidirghabhálaithe traidisiúnta airgeadais, d’fhéadfadh soláthar seirbhísí comhchineáil eagraíochtaí amhail institiúidí oideachais agus oiliúna, nó soláthraithe seirbhísí sláinte, sóisialta agus cúraim, a incháiliú chun tairbhe indíreach a bhaint as an ráthaíocht AE trí chomhpháirtí cur chun feidhme.

    Leis an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, cuirfear béim ar leith ar chuimsiú daoine i gcásanna leochaileacha agus ar an rochtain atá acu ar sheirbhísí ardchaighdeáin freisin agus le haghaidh cuimsiú agus inrochtaineacht le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus le haghaidh daonra atá ag dul in aois.

    Le tacaíocht faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, tacófar freisin le hoideachas agus oiliúint chuimsitheach a chur ar fáil, lena n-áirítear gairmoiliúint, agus seirbhísí gaolmhara, agus lena gcumhdaítear an t-oideachas agus oiliúint tosaigh agus leanúnach araon, lena n-áirítear le haghaidh daoine fásta, agus nuálaíocht ó thaobh eagraíochtaí agus próiseas de, lena n-áirítear samhlacha gnó nua agus nuálacha. Leis an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, tacófar freisin le réitigh sláinte nuálacha, amhail ríomhsheirbhísí sláinte agus samhlacha nua cúraim. Beidh sé d’aidhm ag tacaíocht comhionannas inscne agus comhionannas ar fhorais eile a chur chun cinn, agus féinfhostaíocht agus lánpháirtiú sóisialta daoine i staideanna leochaileacha a leathnú, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír.

    Ní mór aird ar leith a thabhairt ar fhiontair shóisialta agus ar a ngníomhaíochtaí, amhail tionscnaimh scálúcháin, lena gcothaítear forbairt scileanna digiteacha agus fiontraíochta le haghaidh grúpaí faoi mhíbhuntáiste chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí inscne agus ar bhearnaí eile san éagsúlacht sna réimsí sin. Le tacaíocht faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, tabharfar aghaidh ar chlistí margaidh ar fud an Aontais maidir le maoiniú fiontair shóisialta agus maoiniú tionchair shóisialta, micreamhaoiniúchán, sláinte, aosú, oideachas agus bearnaí cistiúcháin sa tithíocht agus sa nuálaíocht trí idirghabháil níos láidre ón Aontas agus tástáil margaidh níos éifeachtúla a dhéanamh lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar ghné shóisialta an Aontais.

    Leis an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, tacófar leis an éileamh ar scileanna agus leis an soláthar scileanna, agus aghaidh á tabhairt ar easnaimh scileanna faighteoirí deiridh nó feabhas á chur ar úsáid scileanna agus margaí infheistíochta scileanna á gcothú.

    Le tacaíocht chomhairleach, féadfar rannchuidiú freisin le bealaí nua a fhiosrú chun seirbhísí sóisialta a sholáthar agus féadfar cuidiú go ginearálta leis an soláthar scileanna agus an t-éileamh ar scileanna a fhorbairt i gcomhréir le foráil Rialachán.

    Maidir le micreamhaoiniúchán, is é an cuspóir beartais fostaíocht ardcháilíochta inbhuanaithe agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí thacú le cruthú post agus gníomhaíochtaí ginte ioncaim, go háirithe i gcás daoine atá i staideanna leochaileacha ar mian leo micrifhiontar a thosú nó a fhorbairt, lena n-áirítear ar bhonn féinfhostaithe. Ina theannta sin, idirghabhálaithe airgeadais atá gníomhach sa réimse micreamhaoiniúcháin, ní mór dóibh a áirithiú go soláthrófar, go díreach nó go hindíreach, seirbhísí neamhairgeadais amhail seirbhísí forbartha gnó (meantóireacht, cóitseáil agus oiliúint) ar dlúthchuid den mhicreamhaoiniúchán iad. Le coinníollacha amhail an costas iasachta (lena n-áirítear an ráta iasachta) agus ceanglais chomhthaobhachta maidir le micreamhaoiniúchán dá dtugtar tacaíocht dhíreach nó indíreach faoi chuimsiú InvestEU, ní mór an tairbhe a eascraíonn as an tacaíocht a léiriú agus ní mór iad a bheith inchosanta maidir leis na rioscaí foluiteacha agus costas iarbhír an chistithe a bhaineann le creidmheas.

    Mar réamhchoinníoll le tacaíocht a fháil ó Chiste InvestEU, ní mór d’idirghabhálaithe airgeadais a sholáthraíonn micreamhaoiniúchán clárú (i gcás na neamhbhanc) le haghaidh “chód na hEorpa um dhea-Iompar maidir le soláthar micreamhaoiniúcháin” (109) nó ní mór dóibh (i gcás na mbanc) é a fhormhuiniú chun ardchaighdeáin iasachtaithe eiticiúla a áirithiú i dtaca le rialachas, bainistíocht agus cosaint custaiméirí, i measc nithe eile. Féachfaidh idirghabhálaithe airgeadais le cosc a chur ar dhaoine aonair agus ar ghnóthais rófhéichiúnas a bheith orthu trí, i measc nithe eile, a gcumas aisíocaíochta a chur san áireamh, agus lena n-áiritheofar costas inacmhainne iasachta.

    Beidh tacaíocht faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna i gcomhréir le cuspóirí faoi CSE+, lena n-áirítear na cuspóirí oibríochtúla atá beartaithe aige chun tacú le forbairt an éiceachórais margaidh a bhaineann le maoiniú a sholáthar d’fhiontair shóisialta agus micreamhaoiniúchán a sholáthar do mhicrifhiontair i gcéimeanna tionscnaimh agus forbartha, go háirithe iad siúd a fhostaíonn daoine atá i staideanna leochaileacha. Faoi CSE+, tabharfaidh an Coimisiún treoir freisin d’fhorbairt an bhonneagair shóisialta (lena n-áirítear tithíocht agus sláinte, cúram leanaí, cúram fadtéarmach agus oideachas agus oiliúint) a bhfuil gá leis chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Mar sin féin, ní réamhchoinníoll í rannpháirtíocht in CSE+ chun rochtain a fháil ar thacaíocht ó InvestEU.

    Le tacaíocht faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, tabharfar aghaidh freisin ar nuálaíocht shóisialta, lena bhféadfar réitigh shóisialta nuálacha agus scéimeanna a áireamh lena ndíreofar ar thionchair shóisialta agus torthaí sóisialta a chur chun cinn d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí beartais an ionú sin a bhaint amach.

    Agus na cuspóirí sin á saothrú, spreagfar tacaíocht ó Chiste InvestEU a chomhcheangal le ranníocaíochtaí ó dheontóirí, ó dhaonchairde, ó fhondúireachtaí agus ó ghníomhaithe eile san earnáil phríobháideach. Le Ciste InvestEU, féachfar le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a neartú chun cuidiú le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach, lena dtacófar, inter alia, le fostaíocht ardcháilíochta, le hoideachas agus oiliúint chuimsitheach, leis an tsláinte, leis an gcuimsiú sóisialta agus le rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí chomh maith le hinrochtaineacht agus cuimsitheacht míchumais. Beidh gníomhaithe in ann rannchuidiú le cuspóirí an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna trí ranníocaíochtaí díreacha (tabhartais, foirmeacha tacaíochta iníoctha agus neamh-iníoctha) leis na tionscadail nó leis na hidirghabhálaithe airgeadais a fhaigheann tacaíocht indíreach ó Chiste InvestEU agus/nó trí chomh-infheistíochtaí iontu.

    Ar an gcaoi chéanna, spreagtar grúpáil tionscadal níos lú, toisc go bhfuil go leor tionscadal sa spás sóisialta atá róbheag chun spéis a mhealladh ó infheisteoirí príobháideacha nó chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as airgead poiblí. Mar shampla, féadfaidh cur chun feidhme bonneagair shóisialta agus seirbhísí sóisialta a bheith i gceist le hathchóirithe i réimse an bheartais shóisialta, amhail i gcás samhlacha nua sóisialta, cúraim, agus cúraim sláinte, i roinnt suíomhanna i ndlínse údaráis náisiúnta nó réigiúnaigh trí roinnt tionscadal beagmhéide. D’fhéadfadh sé go mbeadh le tionscadail bheaga a ghrúpáil i dtairiscint infheistíochta aonair chun spéis a ardú ó infheisteoirí. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le grúpáil:

    a)

    tionscadail bheaga bonneagair shóisialta nó teicneolaíochta nó tionscadail seirbhíse sóisialta a ghrúpáil i dtairiscint infheistíochta aonair a bhaineann le roinnt fothionscadal in áiteanna éagsúla;

    b)

    riachtanais infheistíochtaí a ghrúpáil le haghaidh bonneagar sóisialta, teicneolaíochta agus seirbhísí sóisialta in aon tionscadal amháin nó i dtairiscint infheistíochta amháin. D’fhéadfadh cumasc foinsí nó ionstraimí maoiniúcháin a bheith riachtanach chun é seo a dhéanamh;

    c)

    riachtanais infheistíochtaí le haghaidh bonneagar sóisialta agus seirbhísí sóisialta a ghrúpáil i meán infheistíochta níos mó le haghaidh athnuachan uirbeach nó tuaithe nó forbairt uirbeach nó tuaithe, atá dírithe ar chuimsiú sóisialta nó atá faoi scéimeanna “cistithe meaitseála saoránach”.

    Féadfar na gníomhaíochtaí a ndéantar cur síos orthu i bpointí (a) go (c) thuas a chomhlánú le bearta tionlacain arb é is aidhm dóibh (i) cuidiú le tionscnóirí tionscadail agus idirghabhálaithe airgeadais scileanna a fhorbairt chun straitéisí infheistíochta a chumrú, chun cumasc nó maoiniú hibrideach, pleanáil agus grúpáil tionscadal a dhéanamh; (ii) tacú le forbairt nuálaithe sóisialta, fiontair shóisialta, infheisteoirí tionchair shóisialta, agus daonchairde, lena n-áirítear daonchairde fiontair; agus (iii) líonra uile-Eorpach d’ionaid athsheachadta nuálaíochtaí sóisialta agus ionaid cóitseála a chruthú maidir leis an tionchar sóisialta, seirbhísí nuálacha oideachais agus oiliúna, amhail soláthraithe treorach, réamhaisnéis scileanna, measúnuithe scileanna agus seirbhísí bailíochtaithe nó seirbhísí a chuidíonn le freastal ar an éileamh ar scileanna agus a soláthar agus comhpháirtíochtaí idir oideachas agus gnó agus ionaid barr feabhais, lena n-áirítear ionaid barr feabhais gairme.

    Féadfar na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú trí shonraí uile-Aontais a bhailiú maidir le clistí margaidh nó cásanna infheistíochta fo-optamacha sna réimsí beartais a bhaineann leis an ionú infheistíochta sóisialta agus scileanna agus iad a chur ar fáil go poiblí.

    6.4.1.1.   Infheistíochtaí straitéiseacha faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna

    Le tacaíocht do oideachas agus don oiliúint, díreofar go háirithe ar thionscadail a rannchuidíonn le digitiú na gcóras Eorpach oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear inniúlacht dhigiteach a chur chun cinn ó na blianta luathoideachais ar aghaidh, imscaradh uilíoch TFCanna agus rochtain orthu sna hinstitiúidí oideachais agus oiliúna agus uirlisí agus ardáin chianrochtana agus chianfhoghlama. Ba cheart gníomhaíochtaí lena dtacaítear a dhíriú freisin ar chláir digitithe eile, atá dírithe ar rochtain chuimsitheach ar feadh an tsaoil ar scileanna agus réitigh dhigiteacha do gach grúpa sóisialta agus aois, agus ar thacaíocht sna réitigh agus sna scileanna sin. Thairis sin, le tacaíocht don oideachas agus don oiliúint ba cheart forbairt scileanna nua a fhorbairt agus scileanna seanbhunaithe a éascú lena n-áiritheofaí feidhmiú éifeachtach na ngníomhaíochtaí straitéiseacha agus criticiúla a leagtar amach i Roinn 6.1.1.8 agus i Roinn 6.2.1.1 de na treoirlínte infheistíochta sin.

    6.4.2.   Gnéithe de tháirgí airgeadais ionchasacha

    6.4.2.1.   Idirghabhálaithe airgeadais atá le bheith páirteach

    a)    maidir le maoiniú fiachais:

    Idirghabhálaithe airgeadais, lena n-áirítear bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, bainc thráchtála, cumainn agus institiúidí ráthaíochta, cistí fiachais éagsúlaithe lena soláthraítear maoiniú sinsearach agus fo-mhaoiniú, institiúidí micreamhaoiniúcháin, cuideachtaí léasaithe, ardáin slua-iasachtaithe agus ardáin sluachothromais, SPVanna, meáin cistithe meaitseála, cistí nó scéimeanna comhinfheistíochta, institiúidí airgeadais neamhbhaincéireachta lena n-áirítear cistí iasachta, soláthraithe caipitil fhoighnigh amhail comharchumainn, ceardchumainn, cuideachtaí árachais, cistí pinsin, cistí Cothromais Phríobháidigh/Cistí Aingeal Gnó nó cistí cistí, féadfaidh siad cur isteach air.

    Cumasóirí margaidh infheistíochta sóisialta (lena n-áirítear ullmhacht infheistíochta agus idirghabhálaithe forbartha inniúlachta atá gníomhach sa réimse maidir le micreamhaoiniúchán agus le maoiniú fiontair shóisialta, cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, institiúidí ardoideachais, ollscoileanna, ionaid taighde agus Pobail Eolais agus Nuálaíochta EIT, fondúireachtaí, ardáin sluachistiúcháin, agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, lena n-áirítear ionaid barr feabhais gairme agus comhpháirtíochtaí idir oideachas agus gnó), tá siad incháilithe freisin. Grúpaí eile infheisteoirí, lena n-áirítear infheisteoirí corparáideacha, infheisteoirí a bhfuil tionchar sóisialta acu, aingil ghnó (shóisialta), fiontraithe oideachais (e.g. Ollchúrsa Oscailte ar Líne “MOOCanna”), daonchairde fiontair agus daonchairde, féadfaidh siad cur isteach air freisin.

    Idirghabhálaithe eile atá faoi úinéireacht phoiblí agus iad siúd atá ag oibriú i mbonneagar sóisialta, i maoiniú fiontar sóisialta agus i spás an gheilleagair shóisialta (amhail bainc eiticiúla nó mhalartacha, bainc chomharchumainn), atá in ann maoiniú a chur ar fáil sna réimsí incháilithe a chumhdaítear leis an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, i gcomhréir iomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus le ceanglais ábhartha an Rialacháin Airgeadais, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh.

    Na hidirghabhálaithe airgeadais poiblí féideartha dá dtagraítear sna treoirlínte sin, féadfaidh ról a bheith acu freisin maidir le tacaíocht ó Chiste InvestEU a chomhcheangal le cláir chistiúcháin lárnacha eile de chuid an Aontais agus cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte.

    b)    maidir le maoiniú cothromais:

    Féadfar a áireamh ar idirghabhálaithe airgeadais, i measc nithe eile, bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh, bainc thráchtála, cumainn agus institiúidí ráthaíochta, cistí iasachta, cistí fiachais, cistí pinsin, institiúidí micreamhaoiniúcháin, cuideachtaí léasaithe, ardáin slua-iasachtaithe agus sluachothromais, SPVanna, meáin chómhaoinithe, cistí comhinfheistíochta nó scéimeanna comhinfheistíochta.

    Féadfar a áireamh ar idirghabhálaithe airgeadais atá incháilithe le haghaidh maoiniú cothromais, institiúidí airgeadais neamhbhainc lena n-áirítear soláthraithe caipitil fhoighnigh amhail comharchumainn, comhair chreidmheasa, cuideachtaí árachais agus eintitis atá le hionchorprú, cistí cistí, cistí cothromais phríobháidigh, cistí caipitil fiontair, cistí aingeal gnó, cistí aistrithe teicneolaíochta, cistí nó scéimeanna comhinfheistíochta, cistí fiachais fiontair, socruithe nó scéimeanna eile lena soláthraítear infheistíochtaí trí chothromas, cuasachothromas, cothromas fiachais hibrideach agus trí fhoirmeacha eile airgeadais mezzanine.

    Féadfaidh cumasóirí margaidh infheistíochta sóisialta (lena n-áirítear ullmhacht infheistíochta agus idirghabhálaithe forbartha inniúlachta atá gníomhach sa réimse maidir le micreamhaoiniú agus le maoiniú fiontair shóisialta, cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, institiúidí ardoideachais, ollscoileanna, ionaid taighde agus Pobail Eolais agus Nuálaíochta EIT, fondúireachtaí, ardáin sluachistiúcháin, agus institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, lena n-áirítear ionaid barr feabhais gairme agus comhpháirtíochtaí idir oideachas agus gnó) a bheith incháilithe freisin. Féadfaidh grúpaí eile infheisteoirí, lena n-áirítear infheisteoirí corparáideacha, infheisteoirí a bhfuil tionchar sóisialta acu, aingil ghnó (shóisialta), fiontraithe oideachais (e.g. MOOCanna), daonchairde fiontair agus daonchairde gníomhú mar idirghabhálaithe airgeadais i gcomhréir iomlán leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais is infheidhme nuair a bheidh siad in ann tionscadail nó punanna infheistíochta a ghiniúint sna réimsí a chumhdaítear leis an ionú infheistíochta sóisialta agus scileanna.

    Bainisteoirí idirghabhálaithe airgeadais (lena n-áirítear bainisteoirí nó comhairleoirí céaduaire), ní mór dóibh an inniúlacht agus an taithí a léiriú chun infheistíochtaí den sórt sin a dhéanamh sa réimse faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna chomh maith leis an gcumas airgead a thiomsú, agus caipiteal príobháideach a mhealladh, agus an cumas ionchasach a bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de (lena n-áirítear trí straitéis fhónta infheistíochta), chun tuilleadh infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh isteach san aicme sócmhainní shonrach.

    6.4.2.2.   Na faighteoirí deiridh ar díríodh orthu

    Leis an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna dírítear ar thacú le hidirghabhálacha i réimsí éagsúla beartais, agus, dá bhrí sin, dírítear ar raon leathan faighteoirí deiridh, lena n-áirítear:

    a)

    daoine nádúrtha:

    i)

    daoine atá i staideanna leochaileacha (amhail daoine a ndéantar eisiamh sóisialta orthu nó atá i mbaol eisiaimh shóisialta, lena n-áirítear daoine gan dídean nó daoine a mhaireann faoi dhiandíothacht tithíochta, daoine a chaill a bpost nó atá i mbaol a bpost a chailleadh, nó a bhfuil deacrachtaí acu dul isteach nó dul isteach arís i margadh an tsaothair, daoine ó ghrúpaí mionlaigh, náisiúnaigh tríú tír, daoine atá faoi mhíbhuntáiste maidir le rochtain a fháil ar an ngnáthmhargadh creidmheasa ar mian leo a micrifhiontair féin a thosú nó a fhorbairt);

    ii)

    leanaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus riarthóirí scoile;

    iii)

    mic léinn agus foghlaimeoirí ionchasacha nó reatha (lena n-áirítear foghlaimeoirí fásta).

    b)

    fiontair:

    i)

    micrifhiontair, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe, go háirithe micrifhiontair a fhostaíonn daoine leochaileacha;

    ii)

    fiontair shóisialta;

    iii)

    fiontair phoiblí;

    iv)

    FBManna;

    v)

    Cuideachtaí eile san earnáil phríobháideach.

    c)

    soláthraithe oideachais, oiliúna agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear Ollscoileanna Eorpacha, scoileanna, institiúidí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear ionaid barr feabhais gairme agus soláthraithe oideachais agus cúraim luath-óige;

    d)

    SPVanna;

    e)

    comhlachais, fondúireachtaí, cumainn fhrithpháirteacha agus comharchumainn;

    f)

    eagraíochtaí neamhrialtasacha;

    g)

    údaráis phoiblí;

    h)

    údaráis sláinte, soláthraithe seirbhísí sláinte, soláthraithe seirbhísí sóisialta, soláthraithe teicneolaíochta, gairmithe cúraim sláinte, othair, daoine príobháideacha aonair;

    i)

    i réimse an bhonneagair shóisialta, d’fhéadfadh tionscnóirí tionscadal, fiontair phoiblí, oibritheoirí foirgneamh/bainisteoirí saoráide, soláthraithe tithíochta sóisialta, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a bheith ina bhfaighteoirí deiridh spriocdhírithe, PPPanna.

    Tacóidh oibríochtaí infheistíochta agus maoiniúcháin freisin le tionscadail ó eagraíochtaí ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí atá gníomhach sa spás infheistíochta sóisialta nó a bhfuil gá acu le hinfheistíocht den sórt sin.

    Áirítear ar eagraíochtaí den sórt sin, i measc eagraíochtaí eile, FBManna, corparáidí móra, comharchumainn, fondúireachtaí, daonchairde fiontair, fiontair thioncharbhunaithe, institiúidí agus soláthraithe oideachais agus oiliúna, fiontair a bhfuil bunlíne thriarach acu, údaráis áitiúla agus bhardasacha.

    Cumhdaíonn a ngníomhaíochtaí earnálacha agus fo-earnálacha éagsúla, lena n-áirítear, i measc nithe eile, soghluaisteacht chliste agus chuimsitheach, athnuachan uirbeach, athbheochan socheacnamaíoch tuaithe agus dlúthpháirtíocht idir na glúine, pobail chuimsitheacha, easpa dídine, lánpháirtiú daoine i staideanna leochaileacha lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, deacrachtaí meabhairshláinte agus néaltrú, forbairt pobail, imeascadh eachtrannaigh a thugann aghaidh ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus imirce agus imeascadh pobal nua, cuimsitheacht dhigiteach agus scileanna fiontraíochta.

    6.4.2.3.   Táirgí airgeadais ginearálta

    Beidh ráthaíocht bhuiséadach aonair de chuid an Aontais ina gcumhdófar táirgí airgeadais a thugann aghaidh ar phunann éagsúlaithe rioscaí mar bhonn taca le tacaíocht ó Chiste InvestEU. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, i measc nithe eile, ráthaíochtaí bainc, iasachtaí, cothromas, fiachas mezzanine, cistí tiomnaithe agus ardáin infheistíochta (a bhféadfadh struchtúr srathach FLP, tráinse mezzanine agus fiachas sinsearach a bheith acu), tacaíocht infheistíochta i dtorthaí sóisialta, scéimeanna conarthacha agus comhpháirtíochtaí, caipiteal oibre, tacaíocht le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a fháil, agus idirbhearta léasaithe. Beidh aibíocht íosta 12 mhí ag idirbhearta maoinithe, ách i gcás deighleoga sonracha a bhfuil aibíocht thipiciúil iontu atá níos giorra ná an meán, e.g. micreamhaoiniú, is féidir an aibíocht íosta a laghdú go 3 mhí. Tabharfar aird ar leith ar sholáthar caipitil fhoighnigh gan torthaí láithreacha a bhfuiltear ag súil go gcruthófar luach fadtéarmach leo.

    Féadfar é sin a dhéanamh, i measc nithe eile, trí mheáin infheistíochta thiomnaithe, lena bhféadfar iasachtaí, caipiteal cothromais, caipiteal hibrideach agus ionstraimí roinnte riosca d’idirghabhálaithe a sholáthar nó maoiniú díreach a chur ar fáil d’fhaighteoirí deiridh.

    Cuirfidh ráthaíochtaí ar chumas na gcomhpháirtithe cur chun feidhme agus na n-idirghabhálaithe díriú ar fhaighteoirí deiridh a shainaithnítear i Roinn 6.4.2.2 ar choinníollacha airgeadais agus neamhairgeadais is fearr ná mar a bheadh acu gan an ráthaíocht, agus ar an gcaoi sin an sochar a eascraíonn as idirghabháil an Aontais a chur ar aghaidh. Féadfar laghdú na riosca préimhe a ghearrtar ar na faighteoirí deiridh a mheas le haghaidh oibríochtaí lena dtacaíonn Ciste InvestEU faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna. Ina theannta sin, i gcomhréir le próifíl riosca na sócmhainní (go minic de chineál doláimhsithe) faoin ionú Infheistíocht Shóisialta agus Scileanna beidh cumhdach FLP tríd an ráthaíocht indéanta.

    Féadfar tacú le scéimeanna conarthacha píolótacha maidir le torthaí sóisialta, lena n-áirítear infheistíochtaí i scéimeanna íocaíochta de réir torthaí agus bannaí tionchair shóisialta i réimsí sonracha, ina saothraíonn comhlachtaí soláthair phoiblí (nó comhlachtaí príobháideacha freisin) tionchair shóisialta bunaithe ar thorthaí sóisialta réamhshainithe, má bhíonn breisíocht i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU mar thoradh orthu. Gabhfaidh riosca ón earnáil phríobháideach leo agus ní thiocfaidh siad faoi raon feidhme seirbhísí sóisialta fíor-riachtanacha a mbeadh ar údaráis phoiblí gníomhú ina leith i gcás teipe. Fad a bheidh an cás amhlaidh, féadfaidh sé go mbeidh rochtain ar oideachas, ar thithíocht, ar shláinte agus ar chúram, imirce agus imeascadh eachtrannaigh, seirbhísí fostaíochta, uasghrádú scileanna agus seirbhísí sóisialta. Nuair a dhírítear ar sheirbhísí sóisialta, féadfar le scéimeanna conarthacha píolótacha ar an toradh sóisialta a sheoladh chun tástáil a dhéanamh ar cé acu atá idirghabháil nuálach éifeachtach agus inscálaithe nó nach bhfuil. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le trédhearcacht le scéimeanna den sórt sin a fhad agus a bhaineann sé lena mbunú, lena bhfeidhmiú agus le faireachán ar a n-éifeachtacht.

    a)    maidir le maoiniú fiachais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Ionstraimí fiachais a fhaigheann tacaíocht ón ráthaíocht AE trí chomhpháirtithe cur chun feidhme agus idirghabhálaithe airgeadais, díreoidh siad go príomha ar thionscadail a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú fiachais a fháil ar an margadh de bharr easpa comhthaobhachta, stair chreidmheasa nó próifíl ardriosca nó torthaí ionchasacha ísle, i measc nithe eile.

    Féadfar an ráthaíocht AE a chur ar fáil le haghaidh na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta sna foirmeacha seo a leanas:

    a)

    fiachas díreach (lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe), bannaí, iasachtú neamhurraithe, iasachtaí neamh-chomhthaobhaithe, iasachtaí corparáideacha, infheistíochtaí mezzanine, iasachtaí sinsearacha agus línte creidmheasa;

    b)

    feabhsú creidmheasa le haghaidh infheistíochtaí nua (le haghaidh bannaí tionscadail, iasachtaí bainc nó teaglaim den dá rud) agus iasachtaí le haghaidh tionscadail bonneagair shóisialta agus oideachais, iasachtaí corparáideacha, nó fiachas sinsearach agus iasachtaí fo-ordaithe le haghaidh SPVannna agus struchtúir PPP (i scéimeanna maoiniúcháin tionscadal);

    c)

    fiachas idirmheánach lena n-áirítear iasachtaí réime arna n-íoc amach trí idirghabhálaithe airgeadais agus a bhaineann leis an iliomad faighteoirí deiridh;

    d)

    (frith)ráthaíochtaí, ráthaíochtaí lean-iasachtaithe, ráthaíochtaí cistithe agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh scéimeanna arna gcur chun feidhme ag idirghabhálaithe airgeadais agus ráthaíochtaí (cistithe agus neamhchistithe) le haghaidh airgeadaithe tríú páirtí;

    e)

    táirgí ráthaíochta lena gcumhdaítear iasachtaí nuathionscanta a d’fhéadfadh, faoi réir na rialachán is infheidhme agus faoi réir thoiliú na rialtóirí náisiúnta ábhartha más infheidhme, faoiseamh rialaitheach caipitil a sholáthar d’idirghabhálaithe airgeadais;

    f)

    sásraí ráthaíochta spriocdhírithe a d’fhéadfaí a cheapadh chun infheistíochtaí sóisialta ó bhonn dearlaice fondúireachtaí agus eagraíochtaí daonchairdiúla a chumasú agus chun tacú leo, chun cuidiú le riosca infheistíochtaí den sórt sin a laghdú agus chun leibhéal áirithe torthaí a shaothrú. De ghnáth, beidh siad seo nasctha leis an ngealltanas go gcaithfear torthaí arna nginiúint ar thaobh na n-infheisteoirí ó úsáid na ráthaíochta ar dheontais agus ar chúnamh neamh-inaisíoctha a bheith ailínithe le réimsí tosaíochta cistiúcháin InvestEU.

    b)    maidir le maoiniú cothromais arna sholáthar ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme

    Ní mór maoiniú cothromais a úsáid chun mais chriticiúil a bhaint amach agus chun solúbthacht a thabhairt i struchtúir chistiúcháin a bhaineann de ghnáth le hiasachtú bainc. Is féidir le hoibríochtaí cothromais raon de chaipiteal foighneach a mhealladh, caipiteal a úsáidtear sna céimeanna sula mbíonn gnólachtaí nuathionscanta i ngach earnáil iontaofa ó thaobh brabúis de, ligean d’fhiontair shóisialta aistriú de réir a chéile ó chur chuige cistiúcháin atá bunaithe ar dheontais agus feabhas a chur ar a n-acmhainneacht nuálaíochta agus fáis.

    Áirítear an méid seo a leanas ar na táirgí cothromais a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe ag an ráthaíocht AE:

    a)

    infheistíochtaí (in)díreacha cothromais agus cuasachothromais, fiachas-chothromas hibrideach agus foirmeacha eile de mhaoiniú mezzanine i gcistí cothromais phríobháidigh nó phoiblí, cistí fiachais príobháideacha, cistí caipitil fiontair, idirghabhálaithe airgeadais amhail institiúidí micreamhaoiniúcháin agus soláthraithe airgeadais sóisialta (e.g. chun acmhainní a fhorbairt, chun tacú le cistí atá nasctha le gorlanna, luasairí nó seirbhísí gorlainne a sholáthar d’fhiontair shóisialta agus nuálaithe sóisialta, lena n-áirítear soláthraithe nuálacha oideachais, oiliúna agus seirbhísí gaolmhara, nó chun comhinfheistíochtaí a dhéanamh le fiontair ón ngeilleagar sóisialta agus le daonchairde ar aingil fiontair iad, agus chun tacú le réitigh airgeadais nuálacha ar leith). I gcúinsí speisialta áirithe, an t-athrú ón bprionsabal pari passu traidisiúnta i dtreo samhail neamhshiméadrach de leithdháileadh roinnte riosca, féadfar é a chur san áireamh freisin;

    b)

    rannpháirtíochtaí díreacha cothromais, cothromas scairshealbhóirí, iasachtaí scairshealbhóirí in-chomhshóite agus teaglamaí de chineálacha éagsúla rannpháirtíochtaí cothromais arna n-eisiúint do na hinfheisteoirí. Breathnófar freisin ar an bhféidearthacht foráil a dhéanamh maidir le torthaí neamhshiméadracha agus comhroinnt riosca;

    c)

    rannpháirtíochtaí cothromais oscailte, infheistíochtaí díomhaoine, iasachtaí scairshealbhóirí agus teaglamaí de chineálacha éagsúla rannpháirtíochtaí cothromais arna n-eisiúint do na hinfheisteoirí agus tabhartais, lena n-áirítear ardfhoirmeacha tacaíochta inaisíoctha agus neamh-inaisíoctha. Ní bheidh cearta vótála ná bainistíochta ag baint leis na táirgí sin le haghaidh infheisteoirí (lena n-áirítear comhinfheisteoirí).

    Na comhpháirtithe cur chun feidhme a bhaineann tairbhe as an ráthaíocht AE, ba cheart iad a rangú ar a laghad pari passu le hinfheisteoirí eile. Mar sin féin, faoin ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag an bprionsabal pari passu sin, is é sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh suíomh fo-ordaithe agus neamhshiméadrach ag infheistíochtaí na gcomhpháirtithe cur chun feidhme atá ag baint tairbhe as an ráthaíocht AE maidir le riosca agus le hioncaim sa chascáid.

    Tá líon na n-infheisteoirí atá toilteanach infheistiú a dhéanamh sna hionstraimí sóisialta teoranta faoi láthair i bhfianaise na mbraistintí toraidh agus riosca. Go háirithe, ní bheidh cur chun feidhme an chláir dírithe ar an toradh a uasmhéadú, ach ar leibhéal toraidh a bhaint amach atá leordhóthanach chun ailíniú dreasachtaí agus rannpháirtíochta infheisteoirí a ráthú. Ós rud é go leagfar béim ar thoradh sóisialta a ghiniúint seachas toradh airgeadais, d’fhéadfadh an spriocthoradh punainne le haghaidh oibríochta a bheith chomh híseal le 0 %.

    6.4.2.4.   Táirgí airgeadais téamacha

    Maidir leis na táirgí sin, chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh agus ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, nó chun dlús a chur le forbairt mhargadh na n-infheistíochtaí sóisialta nó chun tuilleadh infheistíochta príobháidí a charnadh isteach agus chun rannchuidiú le réitigh maoiniúcháin shaincheaptha le haghaidh tionchar sóisialta, is i bhfoirm táirgí agus ardáin airgeadais phíolótacha atá siad (110).

    I gcás maoiniúchán ón gcomhpháirtí cur chun feidhme chun tacú le hinstitiúidí micreamhaoiniúcháin agus soláthraithe airgeadais sóisialta chun a n-acmhainní a fhorbairt, ní bheidh feidhm ag an gceanglas go soláthróidh an comhpháirtí cur chun feidhme 5 % de ranníocaíocht acmhainní dílse don FLP mar a luaitear i Roinn 4.2.2 thuas.


    (1)  IO L 107, 26.3.2021, lch. 30.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach don tréimhse 2021-2027 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 258/2014, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) 2017/826 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

    (7)  Rialachán maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe nár foilsíodh fós. Ag feitheamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh.

    (8)  Rialachán maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe nár foilsíodh fós. Ag feitheamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh.

    (9)  Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+) nár foilsíodh fós. Ag feitheamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an dara léamh.

    (10)  Rialachán (AE) Uimh. 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Théarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (11)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).

    (13)  Rialachán lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce. Ag feitheamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh.

    (14)  Rialachán lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí nár foilsíodh fós. Ag feitheamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh.

    (15)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

    (16)  Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

    (17)  Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3); agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/856 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht (IO L 140, 28.5.2019, lch. 6).

    (18)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

    (19)  Rialachán lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir nár foilsíodh fós. Ag feitheamh ar shíniú an achta.

    (20)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

    (21)  Rialachán (AE, Euratrom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratrom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (22)  I gcomhréir leis an mír dheireanach de Roinn A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU, ní thabharfar tacaíocht leis an ráthaíocht AE d’oibríochtaí athmhaoiniúcháin ach amháin in imthosca eisceachtúla sonracha a bhfuil údar maith leo. Oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena gcumhdaítear punanna atá ann cheana agus a thagann faoin eisceacht sin, ní bheidh a mbunaíocht tosaigh indéanta ach amháin laistigh de scéim phíolótach le buiséad teoranta faoi ionú beartais ar leith agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha go léir a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán InvestEU agus a leagfar síos a thuilleadh sa chomhaontú ráthaíochta.

    (23)  Ní cheadófar maoiniú díreach cothromais ná maoiniú cuasachothromais faoi urrann an Aontais den ionú FBM.

    (24)  Oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta atá i bhfoirm ráthaíochta, nó lena n-áirítear ráthaíocht, ón gcomhpháirtí cur chun feidhme chuig airgeadaí tríú páirtí i ndáil le tionscadail shonracha arna measúnú agus arna roghnú ag an gcomhpháirtí cur chun feidhme, caitear léi amhail le hoibríocht dhíreach.

    (25)  Is éard atá i gcuideachtaí meánchaipitlithe cuideachtaí ina bhfuil suas le 3 000 fostaí nach FBManna iad. Is cuideachtaí iad cuideachtaí meánchaipitlithe beaga mar a shainítear in Airteagal 2(22) de Rialachán InvestEU.

    (26)  i.e. comhlachtaí rialtais nó comhlachtaí atá ráthaithe go hiomlán ag an mBallstát.

    (27)  I gcásanna tionscadal a bhfuil breisluach ard beartais ag baint leo agus sa chás ina mbíonn sé riachtanach infheisteoirí príobháideacha breise a mhealladh trí struchtúir mhaoiniúcháin (amhail iasachtaí sindeacáite), féadfaidh an figiúr méadú go dtí 70 % de chostas iomlán an tionscadail, mar a leagtar síos tuilleadh sa chomhaontú ráthaíochta.

    (28)  Féadfaidh eisceachtaí a bheith i bhfeidhm maidir leis an teorainn 50 % a bhaineann le méid an chiste i gcás go mbaintear leas as urrann an Bhallstáit. Leagtar amach i Roinn 5.1.2 rialacha breise maidir le hinfheistíochtaí i gcistí cothromais.

    (29)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 mhí an Mheithimh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

    (30)  Níor glacadh go fóill.

    (31)  Nuair a bhíonn Státchabhair i gceist, luaitear in Airteagal 1(4)(c) de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine nach bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le gnóthais atá i gcruachás.

    (32)  I gcomhthéacs an ionú Infheistíochta Sóisialta agus Scileanna, le bonneagar sóisialta tagraítear don bhonneagar lena dtacaítear le soláthar seirbhísí sóisialta agus le rogha seirbhísí leasa ghinearálta (oideachas agus sláinte) mar a shainítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Seirbhísí Sóisialta Leasa Ghinearálta agus Seirbhísí Leasa Ghinearálta (COM(2007) 725 final agus COM(2006) 177 final). Rud is sonraí ná sin, le bonneagar sóisialta i réimse na seirbhísí sóisialta tacaítear le soláthar seirbhísí cumasúcháin lena dtugtar cúnamh do dhaoine, trí thacaíocht phearsantaithe, a ndálaí sóisialta díobhálacha a shárú, chun cuimsiú sa tsochaí a áirithiú agus chun feabhas a chur ar a n-infhostaitheacht. Déantar an cineál seo bonneagair a sheachadadh ar an leibhéal áitiúil de ghnáth agus is éard atá i gceist leis sin soláthar comhordaithe pobalbhunaithe a chur ar fáil.

    (33)  D’fhéadfadh urrann an Bhallstáit maoiniúchán a fháil ó aon cheann de na cistí bainistíochta comhroinnte seo a leanas: CFRE, an Ciste Comhtháthaithe, CSE+, CETFT agus CEMI; nó le ranníocaíocht airgid ó Bhallstát, lena n-áirítear iad siúd a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Aisghabhála agus Athléimneachta.

    (34)  Ní chaithfear le hoibríocht mheasctha mar oibríocht mhaoiniúcháin ná infheistíochta mar a shainítear in Airteagal 2(5) de Rialachán InvestEU, ar cuid den oibríocht mheasctha sin í.

    (35)  Chun críocha na dtreoirlínte infheistíochta seo, is éard atá i gcláir earnála cláir de chuid an Aontais mar a shainítear in Airteagal 2(5) de Rialachán InvestEU. Chun críocha Roinn seo 2.9, ní bhaineann le hábhar ach cláir earnála ina n-áirítear clásal cumasúcháin comhfhreagrach sa bhunús dlí atá leo, agus na cláir sin amháin.

    (36)  I gcás meascadh leis an gCiste don Nuálaíocht le haghaidh Scéim an Aontais Eorpaigh i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, cinneadh ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE arna leasú le Treoir (AE) 2018/410 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).

    (37)  Grúpa Comhair maidir le NIS, Bosca Uirlisí an Aontais maidir le bearta maolaithe riosca le haghaidh Chibearshlándáil líonraí 5G, 01/2020, https://ec.europa.eu/newsroom/dae/document.cfm?doc_id=64468.

    (38)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

    (39)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

    (40)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe/Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (COM(2020)21 final).

    (41)  Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13), agus na gníomhartha tarmligthe ábhartha.

    (42)  An tacaíocht chomhairleach a thabharfar do chomhpháirtithe cur chun feidhme, beidh sé comhlántach leis an gcúnamh teicniúil a sholáthraítear leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

    (43)  30 % don aeráid, agus 60 % don aeráid agus don chomhshaol faoin ionú Bonneagar Inbhuanaithe.

    (44)  Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

    (45)  Na tairseacha sonracha atá le cur i bhfeidhm, déanfar iad a shainiú sa treoir maidir le hinbhuanaitheacht arna heisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 8(6) de Rialachán InvestEU.

    (46)  Mar shampla: Treoir 2011/92/AE maidir le héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1), arna leasú le Treoir 2014/52/AE (IO L 124., 25.4.2014, lch. 1); Treoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7); Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1); Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

    (47)  “Athrú aeráide agus mórthionscadail. Achoimre ar na ceanglais a bhaineann leis an athrú aeráide agus treoir le haghaidh mórthionscadal sa chlárthréimhse 2014-2020: athléimneacht a áirithiú maidir le drochthionchar an athraithe aeráide agus laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa”, an Coimisiún Eorpach (25.8.2016) https://ec.europa.eu/clima/sites/clima/files/docs/major_projects_en.pdf; chomh maith le “Faisnéis maidir leis an Athrú Aeráide agus Oiriúnú na Forbartha Tionscadail: Teacht Chun Cinn na Taithí ó Chleachtóirí”, Grúpa Oibre Institiúidí Airgeadais an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide (EUFIWACC) (Bealtaine 2016) https://ec.europa.eu/clima/sites/clima/files/docs/integrating_climate_change_en.pdf

    (48)  Rialachán lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir nár foilsíodh fós. Ag feitheamh ar shíniú an achta.

    (49)  Rialachán maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir nár foilsíodh fós. Ag feitheamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh.

    (50)  I gcás oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta a bhíonn i bhfoirm ráthaíochta ón gcomhpháirtí cur chun feidhme don airgeadaí tríú páirtí, beidh feidhm ag an teorainn 25 % maidir leis an maoiniú arna sholáthar ag an airgeadaí tríú páirtí.

    (51)  Ar bhonn eisceachtúil, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar an ráta teorann a shocrú ag leibhéal níos airde ná an leibhéal caillteanais a bhfuiltear ag súil leis faoi urrann an Bhallstáit in ionú FBM.

    (52)  Ní cheadófar maoiniú díreach cothromais ná maoiniú cuasachothromais faoi urrann an Aontais den ionú FBM.

    (53)  Maidir leis an ionú FBM, tá ceanglas de mhaoiniú 30 % ar a laghad ó infheisteoirí príobháideacha ar leibhéal an chiste. I gcás na meán comhinfheistíochta, féadfaidh sé gur ar leibhéal na hinfheistíochta isteach i ngach faighteoir deiridh a tharlóidh rannpháirtíocht phríobháideach.

    (54)  Ciallaíonn infheistíocht phríomha infheistíocht dhíreach nó indíreach (lena n-áirítear i bhfoirm fiachais) i bhfaighteoir deiridh a bhfuil maoiniú a ritheann go díreach nó go hindíreach chuig an bhfaighteoir deiridh mar thoradh air.

    (55)  Ní cheadófar maoiniú díreach cothromais ná maoiniú cuasachothromais faoi urrann an Aontais den ionú FBM.

    (56)  Féach, mar shampla, an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú (COM(2018) 97 final) agus an t-ionchur a chuir an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um Maoiniú Inbhuanaithe ar fáil trí bhíthin a thuarascála deiridh a foilsíodh an 31 Eanáir 2018, ar líne ag <https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/180131-sustainable-finance-final-report_en.pdf>.

    (57)  I gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta an Ghnímh Eorpaigh Inrochtaineachta (Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ceanglais inrochtaineachta i leith táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

    (58)  Tá raon leathan creataí rialála ag na Ballstáit a thacaíonn le bonneagar fuinnimh inbhuanaithe, agus tá an iliomad rioscaí beartais, margaidh, deartha mar aon le rioscaí rialála ag baint leo, rioscaí a dhéanann difear do na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí caipitil.

    (59)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis hidrigine le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach (COM(2020) 301 final).

    (60)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (61)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

    (62)  Is le hAirteagal 33 den Rialachán Rialachais a bhunaítear sásra maoiniúcháin an Aontais d’fhuinneamh in-athnuaite.

    (63)  Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

    (64)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Rabharta Athchóirithe don Eoraip – ár bhfoirgnimh a ghlasú, poist a chruthú, saol daoine a fheabhsú (COM(2020) 662 final).

    (65)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

    (66)  IO L 153, 18.6.2010, lch. 13.

    (67)  Https://ec.europa.eu/environment/topics/circular-economy/levels_en

    (68)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

    (69)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí (COM(2020) 789 final).

    (70)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

    (71)  Córas cliste iompair.

    (72)  Seirbhísí faisnéise tráchta abhann.

    (73)  An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid.

    (74)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile (COM(2020) 456 final).

    (75)  Treoir 2008/56/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (“an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí”) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

    (76)  Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (“an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí”) (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

    (77)  Treoir 2007/60/CE maidir le measúnú agus bainistiú rioscaí tuilte (“an Treoir maidir le Tuilte”) (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

    (78)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (“an Treoir maidir le hUisce Óil”) (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

    (79)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (“an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh”) (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).

    (80)  Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (“an Treoir maidir le Níotráití”) (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

    (81)  Rialachán (AE) 2019/1009 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (“an Rialachán maidir le Leasachán”) (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

    (82)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (“an Rialachán maidir le Táirgí Cosanta Plandaí”) (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

    (83)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3), arna leasú le Treoir 2018/851/AE (IO L 150, 14.6.2018, lch. 109).

    (84)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020) 380 final).

    (85)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (COM(2020) 381 final).

    (86)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach – Le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (COM(2020) 98 final).

    (87)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – I dtreo Sochaí Ghigighiotáin Eorpach (COM(2016)587 final).

    (88)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Spáis don Eoraip (COM(2016) 705 final).

    (89)  Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75)

    (90)  Tá measúnú le déanamh ar rioscaí cibearshlándála de réir an dlí agus na treorach ábhartha de chuid an Aontais agus go náisiúnta, lena n-áirítear Bosca Uirlisí Slándála 5G.

    (91)  Leibhéil na hullmhachta teicneolaí.

    (92)  ECFE, Lámhleabhar Frascati 2015 - Guidelines for Collecting and Reporting Data on Research and Experimental Development (Treoirlínte maidir le Sonraí a bhaineann le Taighde agus Forbairt Thurgnamhach a Bhailiú agus a Thuairisciú), lgh. 44-45, https://read.oecd-ilibrary.org/science-and-technology/frascati-manual-2015_9789264239012-en>.

    (93)  I gcomhréir leis an nuashonrú is déanaí ar an liosta gníomhaíochtaí maidir le Teicneolaíochtaí Spáis Criticiúla le haghaidh neamhspleáchas straitéiseach Eorpach a bhunaigh Comh-Thascfhórsa an Choimisiúin, na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis agus na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint.

    (94)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip (COM(2020) 102 final).

    (95)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (COM(2020) 64 final).

    (96)  Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach i leith barr feabhais agus muiníne (COM(2020) 65 final).

    (97)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis na hEorpa maidir le sonraí (COM(2020) 66 final).

    (98)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis an Aontais maidir le vacsaíní COVID-19 (COM(2020) 245 final).

    (99)  Treoir 2003/87/CE arna leasú le Treoir (AE) 2018/410 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).

    (100)  Mar a thuairiscítear i bpointe 8 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán InvestEU.

    (101)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach (COM(2020) 103 final) mír 4. Rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú).

    (102)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gClár Oibre Eorpach Scileanna don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (COM(2020) 274 final).

    (103)  Moladh 2020/C 417/01 ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).

    (104)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (COM(2020) 625 final).

    (105)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027: An t-oideachas agus an oiliúint a athshocrú don aois dhigiteach (COM(2020) 624 final).

    (106)  Féachtar, mar shampla, Overview of Natural and Man-Made Disasters and Risks the European Union may face (“Forléargas ar Thubaistí agus Rioscaí Nádúrtha agus de Dhéantús an Duine a bhféadfaidh an tAontas Eorpach aghaidh a thabhairt orthu”) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/285d038f-b543-11e7-837e-01aa75ed71a1

    (107)  D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh le tionscadail tithíochta sóisialta inacmhainne:

    a)

    stoc tithíochta sóisialta ar cíos atá nua, neamhscartha agus inrochtana a sholáthar trí cheann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas:

    foirgnimh nua a thógáil;

    foirgnimh atá ann cheana a athchóiriú nó a athrú;

    aonaid tithíochta aonair a fhoinsiú ón margadh tithíochta príobháidí (trí cheannach nó idirghabháil);

    b)

    gníomhaireacht shóisialta cíosa a chur ar bun;

    c)

    réitigh atá bunaithe ar thithíocht a sholáthar, ina gcomhcheanglófar soláthar aonad tithíochta ar cíos agus seirbhísí tacaíochta cumasúcháin i ngaireacht (i.e. a sholáthraítear ar an láthair nó a bhfuil rochtain éasca orthu);

    d)

    an stoc tithíochta sóisialta atá ann cheana a chur in oiriúint do riachtanais daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear tithíocht úinéir-áitithe;

    e)

    tacaíocht spriocdhírithe le haghaidh pobail imeallaithe a mbíonn diandíothacht orthu sna dálaí tithíochta atá acu faoi láthair, lena n-áirítear tithíocht úinéir-áitithe.

    (108)  Mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, de réir mar is infheidhme, agus/nó trí chomhthéacsanna eacnamaíocha agus sóisialta.

    (109)  https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8312&furtherPubs=yes

    (110)  e.g. trí ráthaíochtaí a sholáthar d’infheisteoirí, saoráidí luasghéaraithe a bhunú le haghaidh bainisteoirí meán a bhfuil tionchar sóisialta acu, nó sásraí dreasachta tionchair shóisialta a cheapadh le haghaidh fiontair shóisialta).


    Top