This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1068
Regulation (EU) 2021/1068 of the European Parliament and of the Council of 24 June 2021 amending Regulation (EU) 2016/1628 as regards its transitional provisions for certain machinery fitted with engines in the power ranges greater than or equal to 56 kW and less than 130 kW, and greater than or equal to 300 kW, in order to address the impact of the COVID-19 crisis (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2021/1068 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó cothrom le, 56 kW agus níos lú ná 130 kW, agus níos mó ná, nó cothrom le, 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2021/1068 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó cothrom le, 56 kW agus níos lú ná 130 kW, agus níos mó ná, nó cothrom le, 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/39/2021/REV/1
IO L 230, 30.6.2021, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 230/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1068 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó cothrom le, 56 kW agus níos lú ná 130 kW, agus níos mó ná, nó cothrom le, 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus nósanna imeachta maidir le cineálcheadú AE le haghaidh catagóirí éagsúla d’innill le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é. |
(2) |
Na dátaí is infheidhme maidir leis na teorainnluachanna astaíochtaí nua, dá ngairtear “Céim V” i Rialachán (AE) 2016/1628, leagtar amach iad chun faisnéis shoiléir chuimsitheach agus chun tréimhse ama iomchuí le haistriú go Céim V a sholáthar do mhonaróirí, agus an t-ualach riaracháin ar údaráis cheadúcháin á laghdú go suntasach san am céanna. |
(3) |
De dheasca ráig COVID-19 agus an chur isteach ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh a bhaineann léi, bhí deacrachtaí ag monaróirí innealra, dá ngairtear “monaróirí buntrealaimh” nó “OEManna” i Rialachán (AE) 2016/1628, sprioc-amanna an 30 Meitheamh 2020 agus an 31 Nollaig 2020 a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhlíonadh maidir le hinnealra atá feistithe le catagóirí áirithe inneall a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, innealra a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí nach bhfuil chomh dian céanna le teorainnluachanna astaíochtaí Chéim V. Dá bhrí sin, leasaíodh Rialachán (AE) 2016/1628 le Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun síneadh 12 mhí a chur leis na sprioc-amanna sin. |
(4) |
Ó tharla go bhfuil moilleanna fós ann de dheasca an chur isteach leanúnaigh ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh arb í paindéim COVID-19 is cúis leis, moilleanna maidir le hinnealra atá feistithe le catagóirí eile inneall (eadhon, innill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó atá cothrom le, 56 kW agus atá níos lú ná 130 kW, agus atá níos mó ná, nó atá cothrom le, 300 kW) a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, innill a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí nach bhfuil chomh dian céanna le teorainneacha astaíochtaí Chéim V, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh OEManna in ann sprioc-amanna an 30 Meitheamh 2021 agus an 31 Nollaig 2021 a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1628 a chomhlíonadh maidir le hinnealra atá feistithe leis na hinnill sin a tháirgeadh agus a chur ar an margadh gan damáiste tromchúiseach eacnamaíoch a bheith déanta do na monaróirí sin. |
(5) |
I bhfianaise na n-imthosca atá ann faoi láthair, agus chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun an cur isteach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an margadh a sheachaint, is gá na forálacha idirthréimhseacha i Rialachán (AE) 2016/1628 a fhadú le haghaidh na gcatagóirí inneall sin. |
(6) |
Toisc nach mbeidh aon tionchar ag fadú na bhforálacha idirthréimhseacha ar an gcomhshaol, ós rud é go bhfuil na hinnill idirthréimhseacha lena mbaineann táirgthe cheana, fad 6 mhí ba cheart a bheith sa síneadh a chuirfear leis an tréimhse ábhartha chun an t-innealra atá feistithe leis na hinnill sin a tháirgeadh agus fad 9 mí ba cheart a bheith sa síneadh a chuirfear leis an tréimhse ábhartha chun an t-innealra atá feistithe leis na hinnill sin a chur ar an margadh. |
(7) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forálacha idirthréimhseacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2016/1628 a fhadú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(8) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1628 a leasú dá réir sin. |
(10) |
Ós rud é go bhfuil an idirthréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/1628 i gcás fochatagóirí áirithe inneall le dul in éag an 31 Nollaig 2021 agus go bhfuil go dtí an 30 Meitheamh 2021 ag OEManna chun innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha na bhfochatagóirí sin a tháirgeadh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2016/1628 mar a leanas:
(1) |
i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi: “I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, cuirfear síneadh 9 mí leis an idirthréimhse agus cuirfear síneadh 6 mhí leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”; |
(2) |
i mír 7, cuirtear an pointe seo a leanas léi:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Tuairim an 9 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021.
(3) Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).
(4) Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 (IO L 231, 17.7.2020, lch. 1).