Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1059

Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh

PE/49/2021/INIT

IO L 231, 30.6.2021, pp. 94–158 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 30/06/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1059/oj

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/94


RIALACHÁN (AE) 2021/1059 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178, Airteagail 209(1) agus 212(2) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. De bhun an Airteagail sin agus an dara mír agus an tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú le héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus astu sin, tá aird faoi leith le tabhairt ar chatagóirí áirithe réigiún, lena n-áirítear tagairt shonrach do réigiúin trasteorann.

(2)

Le Rialachán(AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar amach forálacha is coiteann do CFRE agus do chistí áirithe eile, agus le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar amach forálacha maidir leis na cuspóirí sonracha agus le raon feidhme na tacaíochta ó CFRE. Is gá freisin forálacha sonracha a ghlacadh a bhaineann le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) ina ndéanann Ballstát amháin nó níos mó agus a réigiúin agus, i gcás inarb ábhartha, tíortha comhpháirtíochta agus tríú tíortha comhar thar theorainneacha maidir le clársceidealú éifeachtach, lena n-áirítear forálacha maidir le cúnamh teicniúil, faireachán, meastóireacht, cumarsáid, incháilitheacht, bainistiú agus rialú agus bainistíocht airgeadais.

(3)

Ar phríomhthosaíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais tá cur chun cinn Interreg. Tá blocdhíolúine ann cheana féin don tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéid le haghaidh na gcostas a thabhaítear i dtionscadail an chomhair chríochaigh Eorpaigh (CCE) de bhun Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (6) agus áirítear freisin forálacha speisialta i ndáil le cúnamh réigiúnach le haghaidh infheistíochtaí ag gnóthais de gach méid sa chuid den Rialachán sin a bhaineann le cabhair réigiúnach agus sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Státchabhair réigiúnach le haghaidh 2014-2020. Agus taithí 30 bliain a fuarthas á chur san áireamh, agus mar gheall ar luach airgeadais íseal tionscadal agus an tionchar diúltach nach dócha a bheidh acu ar thrádáil agus ar an iomaíocht, ar thaobh amháin, agus an breisluach ard atá ag na cláir atá ann cheana i ndáil le comhtháthú críochach san Eoraip, ar an taobh eile, táthar ag súil go ndéanfar raon feidhme na rialacha maidir leis an Státchabhair i dtaobh maoiniú poiblí do thionscadail CCE a shoiléiriú a thuilleadh trí leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 amach anseo agus, dá bhrí sin, maoiniú poiblí tionscadal Interreg a dhíolmhú den chuid is mó ón oibleagáid maidir le réamhfhógra a thabhairt, rud a éascóidh go mór cur chun feidhme na dtionscadal sin.

(4)

Chun tacú le forbairt chomhchuí chríoch an Aontais ar leibhéil éagsúla, ba cheart, le CFRE, tacú le comhar trasteorann, comhar trasnáisiúnta, comhar idir-réigiúnach agus comhar na réigiún is forimeallaí faoi sprioc Interreg. Ba cheart prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil a chur san áireamh sa phróiseas sin, agus é á áirithiú go leanfaidh méid comhpháirtíochta le haghaidh cláir de bheith éifeachtach.

(5)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanas an Aontais Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a chur chun feidhme, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, leis na Cistí, rannchuideofar le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach go mbeadh 30 % de bhuiséad iomlán Aontais ag tacú le cuspóirí aeráide. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, leis na Cistí, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí na caighdeáin aeráide agus chomhshaoil agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(6)

Ba cheart é a bheith d’aidhm le sraith an chomhair trasteorann dul i ngleic le dúshláin choiteanna arna sainaithint go comhpháirteach sna réigiúin teorann, agus an acmhainneacht fáis nach bhfuil saothraithe i limistéir teorann a shaothrú mar a léirítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2017 dar teideal Boosting Growth and Cohesion in EU Border Regions [Borradh a chur faoin bhFás agus faoin gComhtháthú i Réigiúin Teorann an Aontais Eorpaigh] (“an Teachtaireacht maidir le Réigiúin Teorann”). Mar thoradh air sin, ba cheart na limistéir chláir le haghaidh comhar trasteorann a shainaithint mar na réigiúin agus na limistéir sin ar an teorainn nó a bhfuil 150 km ar a mhó de mhuir eatarthu inar féidir idirghníomhaíocht trasteorann a dhéanamh go héifeachtach nó inar féidir limistéir fheidhmiúla a shainaithint, gan dochar do choigeartuithe féideartha is gá chun comhchuibheas agus leanúnachas limistéar clár comhair a áirithiú.

(7)

Ba cheart an comhar idir Ballstát amháin nó níos mó nó a réigiúin, agus tír nó réigiún amháin nó níos mó, nó críocha eile lasmuigh den Aontas a bheith i gceist le sraith an chomhair trasteorann. Ba cheart cuid mhór simplithe agus cuíchóirithe ar na forálacha is infheidhme a bheith mar thoradh ar chomhar trasteorann inmheánach agus seachtrach a chumhdach faoin Rialachán seo le haghaidh údaráis na gclár sna Ballstáit agus le haghaidh na n-údarás comhpháirtíochta agus na dtairbhithe lasmuigh den Aontas i gcomparáid le clárthréimhse 2014-2020.

(8)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag sraith an chomhair thrasnáisiúnta comhar a láidriú trí bhíthin gníomhaíochtaí atá ina gcuidiú le forbairt chríochach chomhtháite atá nasctha le tosaíochtaí an Aontais, agus urraim iomlán á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta. Ba cheart críocha móra ar mhórthír an Aontais agus timpeall imchuacha farraige a chumhdach le comhar trasnáisiúnta agus a oiread solúbthachta agus is féidir a thabhairt chun comhchuibheas agus leanúnachas clár comhair a áirithiú, lena n-áirítear comhar muirí trasteorann a rinneadh roimhe sin laistigh de chreat comhair mhuirí ar scála níos mó, go háirithe tríd an gcríoch a chumhdaítear, cuspóirí sonracha an chomhair sin agus na ceanglais do chomhpháirtíocht tionscadail a shainiú chomh maith leis an bhféidearthacht go ndéanfaí fochláir agus coistí stiúrtha ar leith a chur ar bun.

(9)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta le linn clárthréimhse 2014-2020 sna réigiúin is forimeallaí, i gcás nach ndearnadh a dhóthain simplithe le haghaidh údaráis na gclár agus na dtairbhithe mar gheall ar an dá shraith a chomhcheangal le chéile laistigh de chlár aonair de réir limistéar comhair, ba cheart sraith shonrach le haghaidh na réigiún is forimeallaí a bhunú chun gur féidir leis na réigiúin is forimeallaí comhar a dhéanamh lena dtíortha comharsanachta agus lena gcríocha comharsanachta ar an dóigh is éifeachtaí agus is simplí agus is féidir. Faoin tsraith sin, d’fhéadfaí glaonna ar thograí a sheoladh le haghaidh cistiú comhcheangailte faoi CFRE, faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus faoin gCinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear a bunaíodh le Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (9), trí mhodhanna bainistíochta a bheadh le comhaontú idir na Ballstáit, réigiúin agus tríú tíortha rannpháirteacha.

(10)

Bunaithe ar an taithí ó na cláir comhair idir-réigiúnaigh faoi Interreg, ba cheart, le sraith an chomhair idir-réigiúnaigh, díriú ar éifeachtacht an bheartais comhtháthaithe a mhéadú trí cheithre chlár shonracha: clár lena bhféadfar taithí a mhalartú, cineálacha nuálacha cur chuige a bheith ann agus fothú acmhainneachta a dhéanamh lena ndíreofaí ar chuspóirí beartais agus ar chuspóir Interreg-shonrach “rialachas comhair níos fearr”, i ndáil le sainaithint, scaipeadh agus aistriú dea-chleachtas i mbeartais forbartha réigiúnaí lena n-áirítear cláir do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis; clár a bheidh tiomnaithe do thaithí agus fothú acmhainneachta a mhalartú i ndáil le sainaithint, aistriú agus caipitliú dea-chleachtas i dtaca le forbairt uirbeach chomhtháite inbhuanaithe, agus na nascachtaí idir na ceantair uirbeacha agus na ceantair thuaithe á gcur san áireamh, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí arna bhforbairt faoi chuimsiú Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1058, a chomhlánódh agus a chomhordófaí leis an tionscnamh a leagtar amach in Airteagal 12 de; clár chun taithí, cineálacha nuálacha cur chuige agus fothú acmhainneachta a mhalartú d’fhonn cur chun feidhme clár Interreg a chomhchuibhiú agus a shimpliú, d’fhonn na gníomhaíochtaí comhair dá dtagraítear i bpointe (d)(vi) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 a chomhchuibhiú agus a shimpliú, agus d’fhonn tacú le bunú, feidhmiú agus úsáid na ngrúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (“GECCanna”) a cuireadh ar bun cheana féin nó atá le cur ar bun de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) chomh maith le straitéisí macrairéigiúnacha; agus clár chun an anailís ar threochtaí forbartha a fheabhsú. Ba cheart do na ceithre chlár faoi shraith an chomhair idir-réigiúnaigh an tAontas iomlán a chumhdach agus ba cheart dóibh a bheith oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha freisin.

(11)

Ba cheart critéir oibiachtúla choiteanna a leagan síos chun réigiúin agus limistéir incháilithe a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint réigiún agus limistéar incháilithe ar leibhéal an Aontais a bheith bunaithe ar chóras coiteann aicmithe na réigiún a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(12)

Is gá leanúint de thacú le gach gné de chomhar le tríú tíortha comharsanachta an Aontais nó, de réir mar is iomchuí, den chomhar sin a bhunú toisc gur uirlis thábhachtach um beartas na forbartha réigiúnaí é an comhar sin agus ba cheart é a chur chun tairbhe réigiúin na mBallstát atá ar an teorainn le tríú tíortha. Chuige sin, le CFRE agus le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (“Rialachán IPA III”), ICFCI agus an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, ba cheart tacaíocht a thabhairt do chláir faoin gcomhar trasteorann, faoin gcomhar trasnáisiúnta, faoin gcomhar idir-réigiúnach agus faoi chomhar na réigiún is forimeallaí. Ba cheart an tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a bheith bunaithe ar chómhalartacht agus ar chomhréireacht. Mar sin féin, maidir le cistí ICR III a leithdháiltear ar chomhar trasteorann (“CTT-IPA III”) agus cistí ICFCI a leithdháiltear ar chomhar trasteorann le haghaidh limistéar geografach na comharsanachta (“CTT-ICFCI”), ba cheart an tacaíocht ó CFRE a bheith comhlánaithe le méideanna cothroma ar a laghad faoi CTT-IPA III agus CTT-ICFCI, faoi réir na bhforálacha a leagtar amach sa ghníomh dlíthiúil ábhartha.

(13)

Maidir le cúnamh IPA III, tá sé le díriú go príomha ar chúnamh a thabhairt do thairbhithe IPA III chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha a urramú agus comhionannas inscne, caoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta agus neamh-idirdhealú agus forbairt réigiúnach agus áitiúil a chur chun cinn. Maidir le cúnamh IPA III, tá sé le leanúint de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí thairbhithe IPA III chun comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann chomh maith le forbairt chríochach a chur ar aghaidh, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Ina theannta sin, le cúnamh IPA III, tá sé le haghaidh a thabhairt ar bhainistiú slándála, imirce agus teorann, agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta á háirithiú, faisnéis ábhartha á comhroinnt, rialú teorann á fheabhsú agus iarrachtaí coiteanna á ndéanamh sa chomhrac i gcoinne imirce neamhrialta agus smuigleáil imirceach.

(14)

Maidir le cúnamh ICFCI, ba cheart don Aontas gaolmhaireacht speisialta a chothú le tíortha comharsanachta d’fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. Leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ba cheart tacú leis na gnéithe inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le straitéisí macrairéigiúnacha ábhartha. Is tionscnaimh a bhfuil tábhacht straitéiseach leo iad na tionscnaimh sin, agus cuirtear creata polaitiúla fóinteacha ar fáil leo chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus eatarthu, bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na comhúinéireachta agus na comhfhreagrachta.

(15)

Is den tábhacht leanúint de ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí arna bhunú i gCinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (12) agus ról an Choimisiúin a urramú agus an clársceidealú straitéiseach agus cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ICFCI á n-ullmhú.

(16)

I bhfianaise staid shonrach na réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais, is gá bearta a ghlacadh maidir le feabhas a chur ar na coinníollacha faoinar féidir leis na réigiúin sin rochtain a fháil ar chistí struchtúracha. Dá réir sin, ba cheart forálacha áirithe den Rialachán seo a oiriúnú do shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí den Aontas chun a gcomhar le tíortha agus críocha thar lear agus le tríú tíortha a shimpliú agus a chothú, agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas] á cur san áireamh. Ba cheart a bheith in ann an comhar sin a dhéanamh i ndlúthpháirtíocht le heagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach.

(17)

Leis an Rialachán, ba cheart an deis a leagan síos do thíortha agus críocha thar lear a bheith rannpháirteach i gcláir Interreg. Ba cheart sainiúlachtaí agus dúshláin na dtíortha agus na gcríoch thar lear a chur san áireamh chun a rochtain agus a rannpháirtíocht éifeachtach a éascú.

(18)

Is gá na hacmhainní a leithdháiltear ar gach ceann de shraitheanna éagsúla Interreg a leagan amach, lena n-áirítear sciar gach Ballstáit de na méideanna foriomlána don chomhar trasteorann, don chomhar trasnáisiúnta, agus do chomhar na réigiún is forimeallaí agus an cumas atá ar fáil do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le solúbthacht idir na sraitheanna sin.

(19)

Chun an úsáid is éifeachtúla agus is féidir a bhaint as an tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, ba cheart sásra a chur ar bun chun socrú a dhéanamh an tacaíocht sin a chur ar ais i gcásanna nach féidir cláir comhair sheachtraigh a ghlacadh nó i gcás inar gá scor díobh, lena n-áirítear le tríú tíortha nach bhfaigheann tacaíocht ó aon ionstraim mhaoinithe de chuid an Aontais. Leis an sásra sin, ba cheart féachaint le feidhmiú barrmhaith na gclár a bhaint amach mar aon leis an gcomhordú is mó agus is féidir idir na hionstraimí sin.

(20)

Le CFRE, ba cheart rannchuidiú, faoi Interreg, leis na cuspóirí sonracha faoi chuspóirí an bheartais comhtháthaithe. Mar sin féin, ba cheart an liosta de na cuspóirí sonracha faoi na cuspóirí beartais éagsúla a oiriúnú do riachtanais shonracha Interreg chun go mbeidh idirghabhálacha de chineál CSE ann, de réir phointí (a) go (l) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi chláir Interreg.

(21)

I gcomhthéacs na gcúinsí uathúla agus sonracha ar oileán na hÉireann, agus d’fhonn tacú le comhar Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, leanfar de chlár trasteorann “PEACE PLUS” lena gcuirfear le hobair na gclár roimhe sin idir contaetha teorann na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Agus an tábhacht phraiticiúil atá leis an gclár sin á cur san áireamh, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcás ina bhfuil an clár sin ag feidhmiú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas, go mbeadh CFRE ina rannchuidiú freisin le cobhsaíocht shóisialta, eacnamaíoch agus réigiúnach a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí a chuireann comhtháthú idir pobail chun cinn. I bhfianaise shainiúlachtaí an chláir sin, ba cheart é a bhainistiú ar bhealach comhtháite agus ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe á comhtháthú sa chlár sin mar ioncam sannta seachtrach. De bhreis air sin, níor cheart feidhm a bheith ag rialacha áirithe i dtaobh roghnú oibríochtaí sa Rialachán seo maidir leis an gclár sin i ndáil le hoibríochtaí ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas.

(22)

Leis an Rialachán seo, ba cheart dhá chuspóir Interreg-shonrach a chur isteach: cuspóir amháin chun tacú le hacmhainneacht institiúideach a neartú, comhar dlíthiúil agus riaracháin a fheabhsú, go háirithe i gcás ina bhfuil sé nasctha le cur chun feidhme na Teachtaireachta maidir le Réigiúin Teorann, comhar a threisiú idir saoránaigh agus institiúidí agus straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige a fhorbairt agus a chomhordú, an mhuinín fhrithpháirteach a chothú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí idir daoine a spreagadh; agus an dara cuspóir chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le comhar maidir leis an tsábháilteacht, an tslándáil, bainistiú trasnaithe teorann agus imirce.

(23)

Ba cheart an chuid is mó den tacaíocht ón Aontas a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí beartais chun an tionchar atá ag Interreg a uasmhéadú. Ba cheart sineirgí agus comhlántachtaí idir sraitheanna Interreg a neartú.

(24)

Forálacha maidir le cláir Interreg a ullmhú, a fhormheas agus a leasú mar aon le forálacha maidir le forbairt chríochach, le roghnú oibríochtaí, le faireachán agus le meastóireacht, le húdaráis na gclár, le hiniúchadh ar oibríochtaí, agus le trédhearcacht agus le cumarsáid, ba cheart iad a oiriúnú do na sainiúlachtaí a bhaineann le cláir Interreg i gcomparáid leis na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Ba cheart na forálacha sonracha sin a choinneáil simplí agus soiléir chun rórialáil agus ualaí riaracháin breise ar na Ballstáit agus na tairbhithe a sheachaint.

(25)

Na forálacha maidir leis na critéir a bhaineann le hoibríochtaí a bhreithniú mar oibríochtaí atá comhpháirteach agus comhoibríoch go fírinneach, maidir leis an gcomhpháirtíocht laistigh d’oibríocht Interreg agus maidir le hoibleagáidí an chomhpháirtí cinn mar a leagtar amach le linn chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint díobh. Ba cheart do chomhpháirtithe Interreg oibriú i gcomhar san fhorbairt agus sa chur i bhfeidhm agus i soláthar foirne nó i maoiniú, nó iontu araon, agus faoi chomhar na réigiún is forimeallaí, in dhá cheann as ceithre cinn de na gnéithe comhair sin, ós rud é gur cheart gurbh fhusa tacaíocht ó CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais ar leibhéal na gclár agus na n-oibríochtaí.

(26)

Faoi chláir um chomhar trasteorann, tá tionscadail idir daoine agus tionscadail ar mhionscála ina n-ionstraimí tábhachtacha agus rathúla, le breisluach ard Eorpach, chun deireadh a chur le constaicí teorann agus trasteorann, chun teagmhálacha a chothú i measc daoine go háitiúil agus chun réigiúin teorann agus a saoránaigh a thabhairt níos cóngaraí dá chéile. Tacaíodh leo go dtí seo trí chistí do thionscadail bheaga nó trí ionstraimí comhchosúla, cé nár cumhdaíodh le forálacha sonracha riamh iad agus, dá bhrí sin, is gá soiléiriú a thabhairt ar na rialacha lena rialáiltear na cistí sin. Chun luach breise agus buntáistí tionscadal idir daoine agus tionscadal ar mhionscála a choinneáil, i ndáil le forbairt áitiúil agus réigiúnach freisin, agus chun bainistiú mhaoiniú na dtionscadal beag a shimpliú do na faighteoirí deiridh nach gnách leo cur isteach ar chistí ón Aontas, ba cheart úsáid roghanna costais simplithe agus cnapshuimeanna a bheith éigeantach faoi bhun tairseach áirithe.

(27)

I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, agus costais riaracháin a bheith níos airde dá bharr, lena n-áirítear le haghaidh pointí teagmhála réigiúnacha ar a dtugtar “aeróga” freisin, ar pointí teagmhála tábhachtacha iad dóibhsean a dhéanann tionscadail a mholadh agus a chur chun feidhme, agus dá bhrí sin a fheidhmíonn mar líne dhíreach chuig rúnaíochtaí comhpháirteacha nó chuig údaráis ábhartha, ach go háirithe maidir le rialuithe agus le haistriúchán, ba cheart an uasteorainn le haghaidh caiteachas cúnaimh theicniúil a bheith níos airde ná an uasteorainn faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis. Chun na costais riaracháin níos airde a fhritháireamh, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an t-ualach riaracháin maidir le cur chun feidhme tionscadal comhpháirteach a laghdú aon uair is féidir. Sa bhreis air sin, ba cheart íosmhéid áirithe a thabhairt do chláir Interreg a fhaigheann tacaíocht theoranta ón Aontas nó do chláir Interreg trasteorann sheachtracha ar mhaithe le cúnamh teicniúil chun cistiú leordhóthanach le haghaidh gníomhaíochtaí éifeachtacha cúnaimh theicniúil a áirithiú, lena n-áirítear le haghaidh oifigí brainse réigiúnacha rúnaíochtaí comhpháirteacha agus pointí teagmhála arna gcur ar bun le bheith níos gaire do thairbhithe agus comhpháirtithe ionchasacha.

(28)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an chistithe ar an talamh.

(29)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas le linn chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint den chóras lena dtugtar isteach ordlathas soiléir rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais, agus prionsabal na rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais atá le bunú ar leibhéal an Aontais agus do chlár Interreg ina iomláine á choinneáil ag an am céanna chun aon chontrárthachtaí nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith idir rialacháin éagsúla agus idir dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a sheachaint. Rialacha breise arna nglacadh ag Ballstát amháin nach mbeadh feidhm acu ach maidir leis na tairbhithe sa Bhallstát sin, ba cheart iad a bheith teoranta oiread agus is féidir. Go háirithe, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún (15), a glacadh do chlárthréimhse 2014-2020, a chomhtháthú sa Rialachán seo.

(30)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun feidhmeanna an údaráis bainistíochta a shannadh do GECC nó a chur faoi deara go mbeidh grúpáil den sórt sin, amhail comhlachtaí dlíthiúla trasteorann eile, freagrach as fochlár, infheistíocht chríochach chomhtháite nó ciste amháin nó níos mó le haghaidh tionscadail bheag a bhainistiú, nó gníomhú mar chomhpháirtí aonair. Sa chomhthéacs sin, ba cheart comhlacht dlíthiúil trasteorann, lena n-áirítear eora-réigiúin, a bhunú agus ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith aige de bhun an dlí de cheann amháin de na tíortha rannpháirteacha, agus ba cheart rannpháirtíocht údarás réigiúnach agus áitiúil ó na tíortha rannpháirteacha uile a dheonú.

(31)

Chun leanúint den slabhra íocaíochta a bunaíodh do chlárthréimhse 2014-2020, eadhon, ón gCoimisiún chuig an gcomhpháirtí cinn trí mheán an údaráis deimhniúcháin, ba cheart leanúint den slabhra íocaíochta sin faoin bhfeidhm chuntasaíochta. Ba cheart an tacaíocht ón Aontas a íoc leis an gcomhpháirtí cinn, mura rud é go dtiocfadh táillí dúbailte as sin le haghaidh an athraithe in euro agus ar ais in airgeadra eile nó vice versa idir an comhpháirtí cinn agus na comhpháirtithe eile. Mura sonraítear a mhalairt, ba cheart don chomhpháirtí cinn a áirithiú go bhfaighidh na comhpháirtithe eile méid iomlán na ranníocaíochta ón gciste Aontais faoi seach ina iomláine agus laistigh den tréimhse ama a chomhaontaigh na comhpháirtithe go léir agus ag leanúint an nós imeachta céanna a cuireadh i bhfeidhm i leith an chomhpháirtí cinn.

(32)

De bhun Airteagal 63(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (“an Rialachán Airgeadais”), tá rialacha earnáilsonracha le riachtanais chláir Interreg a chur san áireamh, go háirithe maidir leis an bhfeidhm iniúchóireachta. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha maidir leis an tuairim iniúchóireachta bhliantúil, leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus leis na hiniúchtaí ar oibríochtaí a shimpliú agus a chur in oiriúint do na cláir sin a bhfuil baint ag breis agus Ballstát amháin leo.

(33)

Ba cheart slabhra soiléir dliteanais airgeadais a bhunú i leith gnóthú neamhrialtachtaí ó chomhpháirtithe aonair nó ó chomhpháirtithe eile, tríd an gcomhpháirtí cinn agus tríd an údarás bainistíochta, chuig an gCoimisiún. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le dliteanas Ballstát, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críoch thar lear, i gcás nach bhfuiltear in ann gnóthú a fháil ón gcomhpháirtí aonair ná ó chomhpháirtí eile ná ón gcomhpháirtí cinn, rud a fhágann gurb é an Ballstát a dhéanann aisíocaíocht leis an údarás bainistíochta. Dá réir sin, faoi chláir Interreg, níl aon scóip ann maidir le méideanna neamh-inghnóthaithe ar leibhéal na dtairbhithe. Is gá, áfach, na rialacha a shoiléiriú, i gcás nach ndéanfadh Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta ná tír nó críoch thar lear aisíocaíocht leis an údarás bainistíochta. Ba cheart oibleagáidí an chomhpháirtí cinn maidir le gnóthú a shoiléiriú freisin.

(34)

Chun tacar rialacha atá coiteann den chuid is mó a chur i bhfeidhm sna Ballstáit rannpháirteacha agus sna tríú tíortha, sna tíortha comhpháirtíochta nó sna tíortha agus críocha thar lear, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha agus críoch thar lear, mura leagtar rialacha sonracha amach i gcaibidil shonrach den Rialachán seo. Féadfaidh údaráis inchomparáide comhfhreagairt d’údaráis clár Interreg i dtríú tíortha, i dtíortha comhpháirtíochta nó i dtíortha agus críocha thar lear. Ba cheart an túsphointe le haghaidh incháilitheacht an chaiteachais a bheith nasctha le síniú an chomhaontaithe maoinithe ag an tríú tír ábhartha, ag an tír chomhpháirtíochta ábhartha nó ag an tír nó an chríoch thar lear ábhartha. Ba cheart soláthar le haghaidh tairbhithe sa tríú tír, sa tír chomhpháirtíochta nó sa tír nó sa chríoch thar lear a bheith de réir na rialacha maidir le soláthar seachtrach dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais. Na nósanna imeachta maidir le tabhairt i gcrích comhaontuithe maoinithe le gach ceann de na tríú tíortha, de na tíortha comhpháirtíochta nó de na tíortha nó de na críocha thar lear, chomh maith leis na comhaontuithe idir an t-údarás bainistíochta agus gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear maidir leis an tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais nó i gcás ranníocaíocht bhreise seachas cómhaoiniú náisiúnta a aistriú ó thríú tír, ó thír chomhpháirtíochta nó ó thír nó críoch thar lear chuig an gclár Interreg, ba cheart iad a leagan amach.

(35)

Cé gur cheart cláir Interreg, agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críocha thar lear rannpháirteach iontu, a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, ba cheart gur féidir comhar na réigiún is forimeallaí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach. Ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir leis an dóigh leis na cláir sin a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach.

(36)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ar mhórthionscadail bhonneagair le linn chlárthréimhse 2014-2020 laistigh de na cláir um chomhar trasteorann faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), ba cheart na nósanna imeachta a shimpliú. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún cearta áirithe a choinneáil maidir le roghnú na dtionscadal sin.

(37)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na liostaí de limistéir clár Interreg atá le tacaíocht a fháil agus an liosta den mhéid foriomlán ó thacaíocht ón Aontas a ghlacadh agus a leasú. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin chun na doiciméid straitéise ilbhliantúla a ghlacadh le haghaidh cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Cé gur de chineál ginearálta iad na gníomhartha sin, ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid ós rud é nach gcuirtear na forálacha chun feidhme leo ach ar bhealach teicniúil. I gcás inarb infheidhme, ba cheart, leis na doiciméid straitéise ilbhliantúla le haghaidh cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh, an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán IPA III agus Rialachán (AE) 2021/947 a urramú.

(38)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cláir Interreg agus leasuithe orthu a fhormheas, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. I gcás inarb infheidhme, ba cheart, le cláir Interreg trasteorann sheachtracha, na nósanna imeachta coiste a bhunaítear faoi Rialachán IPA III agus Rialachán (AE) 2021/947 a urramú maidir leis an gcéad chinneadh formheasta i leith na gclár sin.

(39)

Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(40)

I bhfianaise ghlacadh an Rialacháin seo tar éis thús na clárthréimhse, agus ag cur san áireamh gur gá Interreg a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, agus chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(41)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon comhar a chothú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críocha thar lear agus, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CLÁR NA nÁBHAR

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

ROINN I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SRAITHEANNA INTERREG

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Airteagal 2

Sainmhínithe

Airteagal 3

Sraitheanna Interreg

ROINN II

CUMHDACH GEOGRAFACH

Airteagal 4

Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasteorann

Airteagal 5

Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasnáisiúnta

Airteagal 6

Cumhdach geografach le haghaidh comhar idir-réigiúnach

Airteagal 7

Cumhdach geografach le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí

Airteagal 8

An liosta de limistéir clár Interreg a gheobhaidh tacaíocht

ROINN III

ACMHAINNÍ AGUS RÁTAÍ CÓMHAOINITHE

Airteagal 9

Acmhainní CFRE do chláir Interreg

Airteagal 10

Forálacha idirchistí

Airteagal 11

Liosta d’acmhainní do chláir Interreg

Airteagal 12

Acmhainní a chur ar ais agus scor

Airteagal 13

Rátaí cómhaoinithe

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ INTERREG-SHONRACHA AGUS COMHCHRUINNIÚ TÉAMACH

Airteagal 14

Cuspóirí Interreg-shonracha

Airteagal 15

Comhchruinniú téamach

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ

ROINN I

CLÁIR INTERREG A ULLMHÚ, A FHORMHEAS AGUS A LEASÚ

Airteagal 16

Cláir Interreg a ullmhú agus a thíolacadh

Airteagal 17

Inneachar na gclár Interreg

Airteagal 18

Formheas na gclár Interreg

Airteagal 19

Cláir Interreg a leasú

ROINN II

FORBAIRT CHRÍOCHACH

Airteagal 20

Infheistíocht chríochach chomhtháite

Airteagal 21

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

ROINN III

OIBRÍOCHTAÍ AGUS CISTÍ LE HAGHAIDH TIONSCADAIL BHEAGA

Airteagal 22

Oibríochtaí Interreg a roghnú

Airteagal 23

Comhpháirtíocht laistigh d’oibríochtaí Interreg

Airteagal 24

Tacaíocht do thionscadail a bhfuil méid teoranta airgeadais iontu

Airteagal 25

Cistí le haghaidh tionscadail bheaga

Airteagal 26

Cúraimí an chomhpháirtí cinn

ROINN IV

CÚNAMH TEICNIÚIL

Airteagal 27

Cúnamh teicniúil

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS CUMARSÁID

ROINN I

FAIREACHÁN

Airteagal 28

Coiste faireacháin

Airteagal 29

Comhdhéanamh an choiste faireacháin

Airteagal 30

Feidhmeanna an choiste faireacháin

Airteagal 31

Athbhreithniú

Airteagal 32

Tarchur sonraí

Airteagal 33

Tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht

Airteagal 34

Táscairí maidir le cláir Interreg

ROINN II

MEASTÓIREACHT AGUS CUMARSÁID

Airteagal 35

Meastóireacht le linn na clárthréimhse

Airteagal 36

Freagrachtaí údarás bainistíochta agus comhpháirtithe maidir le trédhearcacht agus cumarsáid

CAIBIDIL V

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 37

Rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais

Airteagal 38

Forálacha ginearálta maidir le hincháilitheacht catagóirí costais

Airteagal 39

Costais foirne

Airteagal 40

Costais oifige agus riaracháin

Airteagal 41

Costais taistil agus chóiríochta

Airteagal 42

Costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha

Airteagal 43

Costais trealaimh

Airteagal 44

Costais le haghaidh bonneagair agus oibreacha

CAIBIDIL VI

ÚDARÁIS CLÁR INTERREG, BAINISTÍOCHT, RIALÚ AGUS INIÚCHÓIREACHT

Airteagal 45

Údaráis clár Interreg

Airteagal 46

Feidhmeanna an údaráis bainistíochta

Airteagal 47

An fheidhm chuntasaíochta

Airteagal 48

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

Airteagal 49

Iniúchóireacht ar oibríochtaí

CAIBIDIL VII

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS

Airteagal 50

Gealltanais bhuiséadacha

Airteagal 51

Íocaíochtaí agus réamh-mhaoiniú

Airteagal 52

Gnóthuithe

CAIBIDIL VIII

RANNPHÁIRTÍOCHT TRÍÚ TÍORTHA NÓ TÍORTHA COMHPHÁIRTÍOCHTA, TÍORTHA NÓ CRÍOCH THAR LEAR NÓ EAGRAÍOCHTAÍ UM LÁNPHÁIRTIÚ AGUS COMHAR RÉIGIÚNACH I GCLÁIR INTERREG FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE

Airteagal 53

Na forálacha is infheidhme

Airteagal 54

Údaráis clár Interreg agus a bhfeidhmeanna

Airteagal 55

Modhanna bainistíochta

Airteagal 56

Incháilitheacht

Airteagal 57

Mórthionscadail bhonneagair

Airteagal 58

Soláthar

Airteagal 59

Comhaontuithe maoinithe a thabhairt i gcrích faoi bhainistíocht roinnte

Airteagal 60

Ranníocaíocht ó thríú tír, ó thír chomhpháirtíochta nó ó thír nó ó chríoch thar lear seachas cómhaoiniú

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE BAINISTÍOCHT INDÍREACH

Airteagal 61

Comhar na réigiún is forimeallaí

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 62

An tarmligean a fheidhmiú

Airteagal 63

Nós imeachta coiste

Airteagal 64

Forálacha idirthréimhseacha

Airteagal 65

Teacht i bhfeidhm

IARSRÍBHINN

Teimpléad le haghaidh cláir Interreg

Léarscáil

Léarscáil de limistéar an chláir

Foscríbhinn 1

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

Foscríbhinn 2

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Foscríbhinn 3

Liosta de na hoibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo atá beartaithe maille le clár ama

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

ROINN I

Ábhar, raon feidhme agus sraitheanna Interreg

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) d’fhonn comhar a chothú idir na Ballstáit agus a réigiúin laistigh den Aontas agus idir na Ballstáit, agus a réigiúin agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta, críocha eile nó tíortha nó críocha thar lear, nó eagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos freisin na forálacha is gá chun clársceidealú éifeachtach a áirithiú lena n-áirítear maidir le cúnamh teicniúil, faireachán, meastóireacht, cumarsáid, incháilitheacht, bainistiú agus rialú, mar aon le bainistiú airgeadais clár faoi Interreg (“cláir Interreg”) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE).

Maidir le tacaíocht ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), ón Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) agus ón gcistiú le haghaidh na dtíortha agus na gcríoch thar lear uile do chlárthréimhse 2021-2027 a bhunaítear mar chlár le Cinneadh 2013/755/AE (dá dtagraítear “ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais” go comhpháirteach) do chláir Interreg, leis an Rialachán seo, leagtar amach cuspóirí sonracha breise mar aon le comhtháthú na gcistí sin i gcláir Interreg, na critéir chun go mbeidh tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear agus a réigiúin incháilithe agus rialacha cur chun feidhme sonracha áirithe.

Maidir le tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais (dá ngairtear “na cistí Interreg” go comhpháirteach) do chláir Interreg, leis an Rialachán seo, leagtar amach na cuspóirí Interreg-shonracha mar aon le heagrú Interreg, na critéir incháilitheachta maidir leis na Ballstáit, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear agus a réigiúin, na hacmhainní airgeadais, agus na critéir maidir lena leithdháileadh.

Beidh feidhm ag Rialacháin (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1058 maidir le cláir Interreg, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach dá mhalairt faoi na Rialacháin sin agus faoin Rialachán seo nó i gcás nach féidir feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2021/1060 ach maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060. Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tairbhí IPA III” tír nó críoch a liostaítear san iarscríbhinn ábhartha a ghabhann le Rialachán IPA III;

(2)

ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát í agus nach bhfaigheann tacaíocht ó chistí Interreg nó a dhéanann ranníocaíocht le buiséad ginearálta an Aontais (“buiséad an Aontais”) trí ioncam sannta seachtrach;

(3)

ciallaíonn “tír chomhpháirtíochta” tairbhí IPA III nó tír nó críoch a chumhdaítear, i gcás chláir Interreg A agus B, leis an limistéar Comharsanachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 nó Cónaidhm na Rúise, nó i gcás chláir Interreg C agus D, tír nó críoch a chumhdaítear le haon limistéar geografach faoi ICFCI, agus a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais;

(4)

ciallaíonn “comhlacht dlíthiúil trasteorann” comhlacht dlíthiúil arna bhunú de bhun an dlí de cheann de na tíortha atá rannpháirteach i gclár Interreg ar choinníoll go gcuireann údaráis chríochacha nó comhlachtaí eile ó dhá thír rannpháirteacha, ar a laghad, ar bun é;

(5)

ciallaíonn “eagraíocht um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach”, i gcomhthéacs chomhar na réigiún is forimeallaí, grúpa de thríú tíortha nó de réigiúin san aon limistéar geografach amháin a bhfuil mar aidhm acu oibriú go dlúth le chéile ar shaincheisteanna leasa choitinn, ar grúpa é a bhféadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach ann freisin.

Chun críoch an Rialacháin seo, i gcás ina ndéantar tagairt i Rialachán (AE) 2021/1060 do “Ballstát”, forléireofar í mar thagairt a chiallaíonn an “Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta” agus i gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán sin do “Gach Ballstát” nó do “Ballstáit”, forléireofar í mar thagairt a chiallaíonn “na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg ar leith”.

Chun críoch an Rialacháin seo, i gcás ina ndéantar tagairt i Rialachán (AE) 2021/1060 do “na Cistí” mar a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) den Rialachán sin nó do Rialachán (AE) 2021/1058, forléireofar í mar thagairt lena gcumhdaítear an ionstraim maoinithe sheachtraigh lena mbaineann de chuid an Aontais freisin.

Airteagal 3

Sraitheanna Interreg

Faoi Interreg, tabharfar tacaíocht do na sraitheanna seo a leanas le CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, le hionstraimí maoinithe sheachtraigh ón Aontas:

(1)

comhar trasteorann idir réigiúin chóngaracha chun forbairt réigiúnach chomhtháite chomhchuí a chur chun cinn idir réigiúin teorann chomharsanacha talún agus mhuirí (“Interreg A”):

(a)

comhar trasteorann inmheánach idir réigiúin teorann chóngaracha de chuid dhá Bhallstát nó níos mó nó idir réigiúin teorann chóngaracha i mBallstát amháin ar a laghad agus tríú tír amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 4(2); nó

(b)

comhar trasteorann seachtrach idir réigiúin teorann chóngaracha de chuid Ballstáit amháin ar a laghad agus de chuid ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i)

tairbhithe IPA III;

(ii)

tíortha comhpháirtíochta a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI; nó

(iii)

Cónaidhm na Rúise, chun go gcumasófar a rannpháirtíocht i gcomhar trasteorann a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI freisin;

(2)

comhar trasnáisiúnta ar fud críocha trasnáisiúnta móra nó timpeall imchuacha farraige, lena mbaineann comhpháirtithe clár náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit, tríú tíortha agus tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear, d”fhonn céim níos airde de chomhtháthú críochach a bhaint amach (“Interreg B”);

(3)

comhar idir-réigiúnach chun éifeachtacht an bheartais comhtháthaithe (“Interreg C”) a threisiú trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn:

(a)

malartú taithí, cineálacha nuálacha cur chuige agus fothú acmhainneachta lena ndíreofaí ar chuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus an cuspóir Interreg-shonrach “rialachas comhair níos fearr”, i ndáil le sainaithint, scaipeadh agus aistriú na ndea-chleachtas i mbeartais forbraíochta réigiúnaí lena n-áirítear cláir do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis (“clár Interreg Europe”);

(b)

taithí a mhalartú, cineálacha nuálacha cur chuige agus fothú acmhainneachta i ndáil le sainaithint, aistriú agus caipitliú dea-chleachtas i dtaca le forbairt uirbeach chomhtháite inbhuanaithe, agus na nascachtaí idir na ceantair uirbeacha agus na ceantair thuaithe á gcur san áireamh, lena dtacaítear le gníomhaíochtaí arna bhforbairt faoi chuimsiú Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1058 agus an tionscnamh a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán sin (“clár URBACT”) á chomhlánú freisin ar bhealach comhordaithe;

(c)

taithí a mhalartú, cineálacha nuálacha cur chuige agus fothú acmhainneachta d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh (“clár INTERACT”):

(i)

cur chun feidhme clár Interreg a chomhchuibhiú agus a shimpliú agus rannchuidiú le caipitliú a dtorthaí;

(ii)

na gníomhaíochtaí féideartha comhair dá dtagraítear i bpointe (d)(vii) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 a chomhchuibhiú agus a shimpliú;

(iii)

tacú le cur ar bun, feidhmiú agus úsáid grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (GECCanna);

(d)

anailís ar threochtaí forbartha i ndáil le haidhmeanna comhtháthaithe chríochaigh (“clár ESPON”);

(4)

comhar na réigiún is forimeallaí eatarthu féin agus leis na tríú tíortha comharsanachta nó leis na tíortha comhpháirtíochta comharsanachta nó leis na tíortha agus leis na críocha thar lear, nó le heagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach, nó roinnt díobh, chun a lánpháirtiú réigiúnach agus a bhforbairt chomhchuí a éascú ina gcomharsanacht (“Interreg D”).

ROINN II

Cumhdach geografach

Airteagal 4

Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasteorann

1.   Maidir le comhar trasteorann, is é a bheidh sna réigiúin atá le tacaíocht a fháil ó CFRE réigiúin leibhéal NUTS 3 an Aontais ar feadh gach teorann talún inmheánaí agus seachtraí le tríú tíortha nó le tíortha comhpháirtíochta agus gach réigiún leibhéal NUTS 3 de chuid an Aontais ar feadh teorainneacha muirí nach bhfuil níos mó ná 150 km den fharraige ó chéile, gan dochar do choigeartuithe féideartha is gá chun comhchuibheas agus leanúnachas limistéar clár comhair a áirithiú agus i gcás ina bhféadfar idirghníomhaíocht trasteorann a dhéanamh go héifeachtach.

2.   Féadfar réigiúin san Iorua, san Eilvéis agus sa Ríocht Aontaithe arb ionann iad agus réigiúin de leibhéal NUTS 3 mar aon le hAndóra, le Lichtinstéin, le Monacó agus le San Mairíne a chumhdach le cláir Interreg um chomhar trasteorann inmheánach.

3.   Maidir le comhar trasteorann seachtrach, is é a bheidh sna réigiúin atá le tacaíocht a fháil ó IPA III nó ICFCI na réigiúin de leibhéal NUTS 3 de chuid na tíre comhpháirtíochta lena mbaineann nó, murab ann d’aicmiú NUTS, limistéir choibhéiseach feadh gach teorann talún agus muirí idir na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta atá incháilithe faoi IPA III nó ICFCI, gan dochar do na coigeartuithe féideartha is gá chun comhchuibheas agus leanúnachas limistéir clár comhair a áirithiú.

Airteagal 5

Cumhdach geografach le haghaidh comhar trasnáisiúnta

1.   Maidir le comhar trasnáisiúnta, is é a bheidh sna réigiúin atá le tacaíocht a fháil ó CFRE réigiúin leibhéal NUTS 2 an Aontais, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, lena gcuimsítear limistéir thrasnáisiúnta níos mó, agus straitéisí macrairéigiúnacha nó straitéisí imchuach farraige á gcur san áireamh, i gcás inarb infheidhme.

2.   Arna iarraidh sin don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann, féadfar ceann amháin nó níos mó de na réigiúin is forimeallaí de chuid an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann a áireamh i gclár comhair thrasnáisiúnta agus an clár sin á thíolacadh.

3.   Féadfar na críocha seo a leanas, cibé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann siad tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, a chumhdach le cláir comhair thrasnáisiúnta:

(a)

réigiúin san Íoslainn, san Iorua, san Eilvéis agus sa Ríocht Aontaithe agus in Andóra, i Lichtinstéin, i Monacó agus i San Mairíne;

(b)

tíortha agus críocha thar lear;

(c)

Oileáin Fharó;

(d)

réigiúin i dtíortha comhpháirtíochta faoi IPA III nó ICFCI.

4.   Réigiúin de leibhéal 2 NUTS nó, murab ann d’aicmiú NUTS, limistéir choibhéiseacha a bheidh sna réigiúin, sna tríú tíortha, sna tíortha comhpháirtíochta nó i dtíortha nó críocha thar lear dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 6

Cumhdach geografach le haghaidh comhar idir-réigiúnach

1.   Maidir le comhar idir-réigiúnach, tabharfar tacaíocht, le CFRE, do chríoch iomlán an Aontais, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí.

2.   Le cláir comhair idir-réigiúnaigh, féadfar críoch iomlán na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta agus na gcríoch eile, nó cuid díobh, nó na tíortha nó na críocha thar lear dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 7 a chumhdach, cibé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann siad tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais.

Airteagal 7

Cumhdach geografach le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí

1.   Maidir le comhar na réigiún is forimeallaí, gheobhaidh na réigiúin uile a liostaítear sa chéad mhír d’Airteagal 349 CFAE tacaíocht ó CFRE.

2.   Le cláir Interreg a bhaineann leis na réigiún is forimeallaí, féadfar tíortha comhpháirtíochta, nó codanna de na tíortha sin, a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI nó tíortha nó críocha thar lear a fhaigheann tacaíocht ó Chlár na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear (OCTP), nó iad araon, a chumhdach.

Airteagal 8

An liosta de limistéir clár Interreg a gheobhaidh tacaíocht

1.   Chun críocha Airteagail 4go 7, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach an liosta de limistéir clár Interreg atá le tacaíocht a fháil, arna mhiondealú do gach sraith agus gach clár Interreg. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

Déanfar cláir trasteorann sheachtracha a liostú mar “cláir Interreg A CTT IPA III” (CTT-IPA III) nó mar “cláir Interreg A NEXT” (CTT-ICFCI).

2.   Sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, beidh liosta freisin lena sonraítear na réigiúin sin de leibhéal NUTS 3 de chuid an Aontais arna gcur san áireamh le haghaidh leithdháileadh CFRE maidir le comhar trasteorann ag gach teorainn inmheánach, agus na teorainneacha seachtracha arna gcumhdach ag ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais.

3.   Réigiúin i dtríú tíortha nó i dtíortha comhpháirtíochta nó i gcríocha lasmuigh den Aontas nach bhfaigheann tacaíocht ó CFRE ná ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais, nó a dhéanann ranníocaíocht le buiséad an Aontais trí ioncam sannta seachtrach, luafar ar an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 iad.

ROINN III

Acmhainní agus rátaí cómhaoinithe

Airteagal 9

Acmhainní CFRE do chláir Interreg

1.   Beidh acmhainní CFRE do chláir Interreg cothrom le EUR 8 050 000 000 i bpraghsanna 2018 de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an ghealltanais bhuiséadaigh ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe do chlárthréimhse 2021-2027 agus a leagtar amach in Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh mar a leanas:

(a)

72,2 % (i.e., iomlán EUR 5 812 790 000 le haghaidh comhar trasteorann (“sraith A”));

(b)

18,2 % (i.e., iomlán EUR 1 466 000 000 le haghaidh comhar idir-réigiúnach (“sraith B”));

(c)

6,1 % (i.e., iomlán EUR 490 000 000 le haghaidh comhar idir-réigiúnach (“sraith C”));

(d)

3,5 % (i.e., iomlán EUR 281 210 000 le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí (“sraith D”)).

3.   Déanfaidh an Coimisiún a sciar de na méideanna foriomlána le haghaidh shraitheanna A, B agus D a chur in iúl do gach Ballstát, de bhun na modheolaíochta dá bhforáiltear i bpointe 8 d’Iarscríbhinn XXVI de Rialachán (AE) 2021/1060, agus iad miondealaithe de réir bliana.

4.   Maidir le gach ceann de shraitheanna A, B nó D, féadfaidh gach Ballstát suas le 15 % dá leithdháileadh airgeadais a aistriú ó cheann amháin de na sraitheanna sin go ceann amháin nó níos mó de na sraitheanna eile.

5.   Bunaithe ar na méideanna a chuirtear in iúl de bhun mhír 3, déanfaidh gach Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas faoi cé acu ar bhain nó nár bhain sé úsáid as an rogha aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 4, agus faoin mbealach a ndearna sé amhlaidh, agus faoi dháileadh a sciar ar na cláir Interreg ina bhfuil na Ballstáit rannpháirteach a tháinig dá bharr sin.

Airteagal 10

Forálacha idirchistí

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach na doiciméid straitéise ilbhliantúla maidir leis na cláir trasteorann sheachtracha agus na cláir comhair thrasnáisiúnta a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ICFCI, ó CFRE agus IPA III, nó ó CFRE, ICFCI agus IPA III. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2) den Rialachán seo, agus urraim chuí á tabhairt don nós imeachta a leagtar amach i Rialachán IPA III, i gcás inarb iomchuí.

Maidir le cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ICFCI, leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2021/947.

Maidir le cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus IPA III, sa ghníomh cur chun feidhme, cumhdófar freisin, i gcás inarb ábhartha, rannpháirtíocht thairbhithe IPA III nó tíortha comhpháirtíochta i gcláir Interreg C agus D.

2.   Maidir leis an ranníocaíocht ó CFRE le cláir Interreg trasteorann sheachtracha atá le tacaíocht a fháil freisin ón imchlúdach airgeadais faoi CTT-IPA III nó ón imchlúdach airgeadais faoi CTT-ICFCI, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann í a leagan síos. Ní dhéanfar ranníocaíocht CFRE a leagfar síos do gach Ballstát a ath-leithdháileadh ina dhiaidh sin ar na Ballstáit lena mbaineann.

Na ranníocaíochtaí faoi seach ó IPA III agus ICFCI le cláir Interreg B, C nó D, cuirfear san áireamh iontu freisin comhdhéanamh na comhpháirtíochta cláir de réir Ballstáit, thairbhithe IPA III agus tíortha comhpháirtíochta. Féadfar na ranníocaíochtaí sin a leagan amach sna doiciméid straitéise ilbhliantúla a chumhdaítear faoin gcéad fhomhír de mhír 1.

3.   Deonófar tacaíocht ó CFRE do chláir trasteorann sheachtracha aonair ar choinníoll go soláthrófar le CTT IPA III agus CTT-ICFCI méideanna atá coibhéiseach ar a laghad faoin doiciméad straitéise ilbhliantúil ábhartha. Beidh an ranníocaíocht sin faoi réir uasmhéid a leagtar amach i Rialachán IPA III nó Rialachán (AE) 2021/947.

Mar sin féin, i gcás ina dtagann laghdú ar an méid coibhéiseach do na blianta atá fanta de bharr an athbhreithnithe ar na doiciméid clársceidealaithe straitéisigh ábhartha faoi IPA III nó ICFCI, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann rogha astu seo a leanas:

(a)

an sásra dá dtagraítear in Airteagal 12(3) a iarraidh;

(b)

leanúint den chlár Interreg leis an tacaíocht atá fanta ó CFRE agus CTT IPA III nó CTT-ICFCI; nó

(c)

na roghanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo a chomhcheangal le chéile.

4.   Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó CFRE, CTT IPA III nó CTT-ICFCI do chláir Interreg trasteorann sheachtracha a chur isteach sna línte buiséid ábhartha le haghaidh ghnás buiséadach 2021.

5.   I gcás ina bhfuil leithdháileadh airgeadais sonrach curtha san áireamh ag an gCoimisiún chun cuidiú le tíortha comhpháirtíochta nó le réigiúin chomhpháirtíochta faoi Rialachán (AE) 2021/947 agus le tíortha agus críocha thar lear faoi Chinneadh 2013/755/AE, nó leo araon, a gcomhar leis na réigiúin chomharsanachta is forimeallaí den Aontas a neartú i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Rialachán (AE) 2021/947 nó le hAirteagal 87 de Chinneadh 2013/755/AE, nó i gcomhréir leo araon, féadfaidh CFRE, i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta agus comhréireachta maidir leis an leibhéal cistiúcháin ó ICFCI nó ó OCTP, nó ón dá rud araon, rannchuidiú freisin le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta nó aon eintiteas eile faoi Rialachán (AE) 2021/947, ag tír, críoch nó aon eintiteas eile faoi Chinneadh 2013/755/AE nó ag ceann de na réigiúin is forimeallaí den Aontas, go háirithe faoi chlár comhpháirteach Interreg B, C nó D amháin nó níos mó nó faoi na bearta comhair dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo, ar beata iad a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 11

Liosta d’acmhainní do chláir Interreg

1.   Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit de bhun Airteagal 9(5), déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach liosta de na cláir Interreg uile agus lena léireofar, in aghaidh gach cláir, méid foriomlán na tacaíochta iomláine ó CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, an tacaíocht iomlán ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63(2).

2.   Beidh liosta de na méideanna arna n-aistriú de bhun Airteagal 9(4) sna gníomhartha cur chun feidhme sin freisin agus iad miondealaithe in aghaidh an Bhallstáit.

Airteagal 12

Acmhainní a chur ar ais agus scor

1.   Más rud é, i gcás 2022 nó 2023, nach gcuirtear clár trasteorann seachtrach ar bith faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta den bhliain lena mbaineann, maidir leis an ranníocaíocht bhliantúil ó CFRE leis an gclár sin nár ath-leithdháileadh ar chlár eile a tíolacadh faoin gcatagóir chéanna de na cláir Interreg trasteorann sheachtracha, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir Interreg trasteorann inmheánacha ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann rannpháirteach.

2.   Más rud é, faoin 31 Márta 2024, gurb ann fós do chláir Interreg trasteorann sheachtracha nár cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin, maidir leis an ranníocaíocht ó CFRE dá dtagraítear in Airteagal 9(5) leis na cláir sin le haghaidh na mblianta atá fanta suas go 2027, nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár Interreg eile a fhaigheann tacaíocht freisin ó CTT IPA III nó CTT-ICFCI, faoi seach, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir Interreg trasteorann sheachtracha ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann rannpháirteach.

3.   Maidir le haon chlár Interreg trasteorann seachtrach a d’fhormheas an Coimisiún cheana, scoirfear de, nó laghdófar an leithdháileadh ar an gclár sin, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme, go háirithe, i gcás:

(a)

nár shínigh aon cheann de na tíortha comhpháirtíochta arna gcumhdach ag an gclár Interreg lena mbaineann an comhaontú maoinithe iomchuí faoi na spriocdhátaí a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 59; nó

(b)

nach féidir an clár Interreg a chur chun feidhme mar a bhí beartaithe i ngeall ar fhadhbanna sa chaidreamh idir na tíortha rannpháirteacha.

I gcásanna den sórt sin, maidir leis an ranníocaíocht ó CFRE dá dtagraítear i mír 1 a chomhfhreagraíonn do thráthchodanna bliantúla nach bhfuil geallta fós, nó tráthchodanna bliantúla a gealladh agus a saoradh go hiomlán nó go páirteach le linn na bliana buiséadaí céanna, nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár Interreg eile a fhaigheann tacaíocht freisin ó CTT IPA III nó CTT-ICFCI, faoi seach, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir Interreg trasteorann inmheánacha ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann rannpháirteach.

4.   Maidir le clár Interreg B a d’fhormheas an Coimisiún cheana, scoirfear de rannpháirtíocht tíre comhpháirtíochta nó tíre nó críche thar lear, má dhéantar de réir ceann de na cásanna a leagtar amach i bpointí (a) nó (b) den chéad fhomhír de mhír 3.

Iarrfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tíortha comhpháirteacha rannpháirteacha atá fanta:

(a)

go scoirfear den chlár Interreg, go háirithe i gcás nach féidir na príomhdhúshláin chomhpháirteacha maidir le forbairt a bhaint amach gan rannpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta sin nó na tíre nó na críche thar lear;

(b)

go ndéanfar an leithdháileadh ar an gclár Interreg sin a laghdú, i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta is infheidhme; nó

(c)

go leanfar den chlár Interreg gan rannpháirtíocht na tíre comhpháirtíochta sin nó gan rannpháirtíocht na tíre nó na críche thar lear sin.

I gcás ina laghdaítear an leithdháileadh ar an gclár Interreg de bhun phointe (b), maidir leis an ranníocaíocht ó CFRE a chomhfhreagraíonn do thráthchodanna bliantúla nach bhfuil geallta fós, déanfar í a leithdháileadh ar chlár eile Interreg B ina bhfuil Ballstát amháin nó níos mó rannpháirteach nó, i gcás nach bhfuil Ballstát rannpháirteach ach i gclár Interreg B amháin, ar chlár Interreg trasteorann inmheánach amháin nó níos mó ina bhfuil an Ballstát sin rannpháirteach.

5.   Bainfear úsáid as an ranníocaíocht ó IPA III, ICFCI nó OCTP arna laghdú de bhun an Airteagail seo i gcomhréir le Rialachán IPA III, Rialachán (AE) 2021/947 nó Cinneadh 2013/755/AE, faoi seach.

6.   Más rud é, maidir le tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear a rannchuidíonn le clár Interreg trí bhíthin acmhainní náisiúnta, ach nach ionann iad agus cómhaoiniú náisiúnta tacaíochta ó CFRE nó ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais, go laghdaíonn sí an ranníocaíocht sin le linn chur chun feidhme an chláir Interreg, ar bhealach foriomlán nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha a roghnaíodh cheana agus tar éis an doiciméad dá bhforáiltear in Airteagal 22(6) a fháil, iarrfaidh an Ballstát rannpháirteach nó na Ballstáit rannpháirteacha ceann amháin de na roghanna a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 13

Rátaí cómhaoinithe

1.   Ní bheidh an ráta cómhaoinithe ar leibhéal gach cláir Interreg níos airde ná 80 %.

2.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh an ráta cómhaoinithe do chláir Interreg D níos airde ná 85 % mura socrófar céatadán níos airde i gCinneadh 2013/755/AE nó in aon ghníomh arna ghlacadh de bhun an Chinnidh sin nó, i gcás inarb infheidhme, arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) 2021/947, nó aon ghníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin sin.

3.   I gcás ina bhfaigheann cláir Interreg tacaíocht ó CFRE agus CTT IPA III agus i gcás inar 50 % nó níos lú de leithdháileadh iomlán an Aontais an leithdháileadh ó CFRE, féadfar céatadán níos airde a shocrú i Rialachán IPA III nó in aon ghníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin sin.

4.   I gcás ina bhfaigheann cláir Interreg tacaíocht ó CFRE, agus ó ICFCI amháin nó ó ICFCI agus IPA III araon, agus i gcás inar 50 % nó níos lú de leithdháileadh iomlán an Aontais an leithdháileadh ó CFRE, féadfar céatadán níos airde a shocrú i Rialachán (AE) 2021/947 nó in aon ghníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin sin.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ INTERREG-SHONRACHA AGUS COMHCHRUINNIÚ TÉAMACH

Airteagal 14

Cuspóirí Interreg-shonracha

1.   Le CFRE, laistigh dá raon feidhme mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/1058, agus, i gcás inarb infheidhme, le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, rannchuideofar leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán 2021/1060 trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi chláir Interreg.

2.   I gcás an chláir trasteorann PEACE PLUS, i gcás ina mbeidh sé ag feidhmiú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas, le CFRE, mar chuspóir sonrach faoi chuspóir beartais 4, rannchuideofar freisin le cobhsaíocht shóisialta, eacnamaíoch agus réigiúnach a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí chun comhtháthú idir pobail a chur chun cinn. Beidh tosaíocht ar leith mar thacaíocht leis an gcuspóir sonrach sin.

3.   De bhreis ar na cuspóirí sonracha le haghaidh CFRE a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1058, le CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, rannchuideofar freisin leis na cuspóirí sonracha (a) go (l) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1057 trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha faoi chláir Interreg.

4.   Faoi chláir Interreg, le CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, féadfar tacú freisin leis an gcuspóir Interreg-shonrach “rialachas comhair níos fearr”, trí cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

acmhainneacht institiúideach údarás poiblí a fheabhsú, go háirithe na cinn ar tugadh sainordú dóibh críoch shonrach a bhainistiú, agus acmhainneacht institiúideach na ngeallsealbhóirí a fheabhsú freisin (gach sraith);

(b)

riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí chomhar dlíthiúil agus riaracháin agus comhar idir saoránaigh, gníomhaithe na sochaí sibhialta agus institiúidí a chur chun cinn, go háirithe d’fhonn constaicí dlíthiúla agus constaicí eile i réigiúin teorann a réiteach (sraitheanna A, C, D agus, i gcás inarb iomchuí, sraith B);

(c)

an mhuinín fhrithpháirteach a chothú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí idir daoine a spreagadh (sraitheanna A, D agus, i gcás inarb iomchuí, sraith B);

(d)

acmhainneacht institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí a fheabhsú chun straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige a chur chun feidhme, chomh maith le straitéisí críochacha eile (gach sraith);

(e)

daonlathas inbhuanaithe a fheabhsú agus tacú le gníomhaithe na sochaí sibhialta agus lena ról ó thaobh próisis a athchóiriú agus ó thaobh aistriú chuig an daonlathas (gach sraith a bhfuil thríú thíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críoch thar lear páirteach iontu); agus

(f)

gníomhaíochtaí eile chun tacú le rialachas comhair níos fearr (gach sraith).

5.   Faoi chláir Interreg, le CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, féadfar rannchuidiú freisin leis an gcuspóir Interreg-shonrach “Eoraip níos sábháilte agus níos sláine”, go háirithe trí ghníomhaíochtaí i réimsí an bhainistithe trasnaithe teorann, na soghluaisteachta ag na teorainneacha agus an bhainistithe imirce, lena n-áirítear cosaint agus comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta náisiúnach tríú tír, mar shampla imircigh agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta.

Airteagal 15

Comhchruinniú téamach

1.   Déanfar 60 % ar a laghad de ranníocaíocht CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais ar gach clár Interreg A, B agus D a leithdháileadh ar chuspóir beartais 2 agus ar dhá chuspóir beartais eile, ar a mhéid, a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Le cláir Interreg A ar feadh teorainneacha talún inmheánacha, déanfar 60 % ar a laghad de thacaíocht CFRE arna leithdháileadh a leithdháileadh ar chuspóirí beartais 2 agus 4 agus ar dhá chuspóir beartais eile, ar a mhéid, a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Féadfar suas le 20 % de ranníocaíocht CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais ar gach clár Interreg A, B agus D a leithdháileadh ar an gcuspóir Interreg-shonrach “rialachas comhair níos fearr” agus féadfar suas le 5 % a leithdháileadh ar an gcuspóir Interreg-shonrach “Eoraip níos sábháilte agus níos sláine”.

3.   I gcás ina bhfuil clár B Interreg ag tacú le straitéis mhacrairéigiúnach nó le straitéis imchuach farraige, déanfar 80 % ar a laghad de ranníocaíocht CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, cuid d’ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a leithdháileadh faoi thosaíochtaí seachas cúnamh teicniúil a rannchuidiú le cuspóirí na straitéise.

4.   Féadfar na cuspóirí beartais ar fad a leagtar amach in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus an cuspóir Interreg-shonrach “rialachas comhair níos fearr” a roghnú le haghaidh chláir Interreg Europe agus URBACT. I gcás chlár INTERACT agus ESPON, déanfar ranníocaíocht iomlán CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a leithdháileadh ar an gcuspóir Interreg-shonrach “rialachas comhair níos fearr”.

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ

ROINN I

Cláir Interreg a ullmhú, a fhormheas agus a leasú

Airteagal 16

Cláir Interreg a ullmhú agus a thíolacadh

1.   Déanfar sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a chur chun feidhme trí chláir Interreg faoi bhainistíocht roinnte cé is moite de chláir Interreg D, a fhéadfar a chur chun feidhme ina iomláine nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach i gcomhaontú leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha , na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha nó críocha thar lear atá rannpháirteach, nó eagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach clár Interreg a ullmhú i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha clár Interreg a ullmhú i gcomhar leis na comhpháirtithe clár dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán 2021/1060. Le linn ullmhú chláir Interreg B, lena gcumhdaítear straitéisí macrairéigiúnacha nó straitéisí imchuach farraige, cuirfidh na Ballstáit agus na comhpháirtithe clár na tosaíochtaí téamacha san áireamh sna straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige lena mbaineann agus rachaidh siad i gcomhairle leis na gníomhaithe ábhartha, agus áiritheoidh siad go dtabharfar na gníomhaithe sin ar leibhéal an mhacrairéigiúin agus an imchuach farraige le chéile i dtús na clárthréimhse i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Tabharfaidh na tríú tíortha nó na tíortha comhpháirtíochta nó, i gcás inarb infheidhme, na tíortha nó críocha thar lear atá rannpháirteach deis rannpháirtíochta do na comhpháirtithe clár, lena n-áirítear eagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach, atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear san Airteagal sin.

4.   An Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach, déanfaidh sé clár Interreg a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Aibreán 2022 thar ceann na mBallstát rannpháirteach uile agus, i gcás inarb infheidhme, thar ceann na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirteacha nó na dtíortha nó na gcríoch thar lear atá rannpháirteach, nó na n-eagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach.

Mar sin féin, i gcás ina gcumhdaíonn clár Interreg tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais, déanfaidh an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach an clár Interreg a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis don Choimisiún na doiciméid straitéise ilbhliantúla a ghlacadh dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) nó i gcomhréir leis an mbunghníomh reachtach comhfhreagrach a bhaineann leis an ionstraim maoinithe sheachtraigh sin de chuid an Aontais.

5.   Na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha nó na críocha thar lear atá rannpháirteach, daingneoidh siad i scríbhinn go gcomhaontaíonn siad le hinneachar cláir Interreg sula gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin é. Áireofar sa chomhaontú sin freisin gealltanas ó na Ballstáit rannpháirteacha uile agus, i gcás inarb infheidhme, ó na tríú tíortha, ó na tíortha comhpháirtíochta nó ó na tíortha nó na críocha thar lear uile atá rannpháirteach go soláthróidh siad an cómhaoiniú is gá chun an clár Interreg a chur chun feidhme agus, i gcás inarb infheidhme, an gealltanas le haghaidh ranníocaíocht na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta nó na dtíortha nó na gcríoch thar lear.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás cláir Interreg lena mbaineann na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críocha thar lear, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle leis na tríú tíortha, leis na tíortha comhpháirtíochta nó leis na tíortha nó na críocha thar lear lena mbaineann sula gcuirfidh siad na cláir Interreg faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chás sin, féadfar na comhaontuithe maidir le hinneachar na gclár Interreg agus an ranníocaíocht airgeadais fhéideartha ó na tríú tíortha, ó na tíortha comhpháirtíochta nó ó na tíortha nó na críocha thar lear a chur in iúl, ina ionad sin, sna miontuairiscí, arna bhformheas go foirmiúil, ó na cruinnithe comhairliúcháin leis na tríú tíortha, leis na tíortha comhpháirtíochta nó leis na tíortha nó na críocha thar lear lena mbaineann nó ó phléití na n-eagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 62 chun an Iarscríbhinn a leasú chun oiriúnú a dhéanamh d’athruithe a tharlóidh le linn na clárthréimhse i gcás eilimintí neamhriachtanacha di sin.

Airteagal 17

Inneachar na gclár Interreg

1.   Leagfar amach i ngach clár Interreg straitéis chomhpháirteach le haghaidh rannchuidiú an chláir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus, i gcás inarb ábhartha, leis na cuspóirí Interreg-shonracha a leagtar amach in Airteagal 14(4) agus (5) den Rialachán seo agus le haghaidh a thorthaí a chur in iúl.

2.   Is é a bheidh i ngach clár Interreg tosaíochtaí.

Beidh gach tosaíocht ag comhfhreagairt do chuspóir beartais aonair nó, i gcás inarb infheidhme, do chuspóir Interreg-shonrach amháin nó don dá cheann, faoi seach, agus beidh cuspóir sonrach amháin nó níos mó aici. Féadfaidh níos mó ná tosaíocht amháin comhfhreagairt don bheartas nó don chuspóir Interreg-shonrach céanna.

3.   Leagfar amach i ngach clár Interreg:

(a)

limistéar an chláir, lena n-áirítear, nuair is féidir, léarscáil de mar dhoiciméad ar leithligh;

(b)

achoimre ar na príomhdhúshláin chomhpháirteacha, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:

(i)

éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha, chomh maith le neamhionannais,

(ii)

riachtanais infheistíochta chomhpháirteacha agus comhlántacht agus sineirgí le cláir chistiúcháin eile agus ionstraimí cistiúcháin eile;

(iii)

na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí a fuarthas;

(iv)

straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige i gcás ina bhfuil limistéar an chláir cumhdaithe go hiomlán nó go páirteach ag straitéis amháin nó níos mó;

(c)

údar leis na cuspóirí beartais roghnaithe agus leis na cuspóirí Interreg-shonracha, leis na tosaíochtaí comhfhreagracha, leis na cuspóirí sonracha nó le gníomhaíochtaí faoi na cuspóirí Interreg-shonracha agus leis na foirmeacha tacaíochta, ina dtugtar aghaidh, i gcás inarb iomchuí, ar na naisc easnamhacha sa bhonneagar trasteorann;

(d)

na cuspóirí sonracha nó gníomhaíochtaí faoi na cuspóirí Interreg-shonracha maidir le gach tosaíocht;

(e)

i gcás gach cuspóra shonraigh nó i gcás gach gníomhaíochta faoi chuspóirí Interreg-shonracha:

(i)

na cineálacha gaolmhara gníomhaíochtaí agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu leis na cuspóirí sonracha sin nó le gníomhaíochtaí faoi na cuspóirí Interreg-shonracha agus, i gcás inarb iomchuí, le straitéisí macrairéigiúnacha agus le straitéisí imchuach farraige;

(ii)

táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na clocha míle agus leis na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;

(iii)

na príomh-spriocghrúpaí;

(iv)

léiriú ar na críocha sonracha a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-áirítear an úsáid atá beartaithe d’infheistíochtaí críochacha comhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó uirlisí críochacha eile;

(v)

an úsáid atá beartaithe d’ionstraimí airgeadais; agus

(vi)

miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála:

(f)

plean maoinithe ina bhfuil na táblaí seo a leanas gan aon deighilt de réir Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach, mura sonraítear a mhalairt ann:

(i)

tábla ina sonrófar, de réir bliana, an leithdháileadh airgeadais iomlán do CFRE agus, i gcás inarb ábhartha, do gach ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais don chlárthréimhse ina hiomláine ;

(ii)

tábla ina sonrófar, do gach tosaíocht, an leithdháileadh airgeadais iomlán ó CFRE agus, i gcás inarb ábhartha, ó gach ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais de réir tosaíochta agus an cómhaoiniú náisiúnta agus cé acu atá nó nach bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach;

(g)

na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun deis rannpháirtíochta a thabhairt do na comhpháirtithe clár ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060 in ullmhú an chláir Interreg, agus ról na gcomhpháirtithe clár sin i gcur chun feidhme an chláir sin agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;

(h)

an cur chuige atá beartaithe maidir le cumarsáid agus infheictheacht don chlár Interreg trí na cuspóirí, na pobail sprice, na bealaí cumarsáide, lena n-áirítear an fhor-rochtain meán sóisialta, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le buiséad pleanáilte agus na táscairí ábhartha d’fhaireachán agus do mheastóireacht a shainiú; agus

(i)

léiriú ar thacaíocht do thionscadail ar mhionscála, lena n-áirítear tionscadail bheaga laistigh de chistí le haghaidh tionscadail bheaga.

Nuair a thíolacfaidh Ballstát an clár, áiritheoidh sé go mbeidh liosta d’oibríochtaí atá beartaithe a bhfuil tábhacht straitéiseach leo mar aon le hamchlár ag gabháil leis an gclár chun críoch faisnéise.

4.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 i gcás na dtáblaí dá dtagraítear i bpointe (f) den mhír sin agus ó thaobh na tacaíochta ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais de, leagfar na leithdháiltí airgeadais sin amach mar a leanas:

(a)

maidir le cláir Interreg A a fhaigheann tacaíocht ó IPA III agus ICFCI, mar mhéid aonair (CTT IPA III nó “CTT NEXT”) ina gcomhcheanglaítear an ranníocaíocht ó Cheannteideal 2 “Comhtháthú agus Luachanna”, fo-uasteorainn Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus Ceannteideal 6 “Comharsanacht agus an Domhan”;

(b)

maidir le cláir Interreg B agus C a fhaigheann tacaíocht ó IPA III, ó ICFCI nó ó OCTP, mar mhéid aonair (“cistí Interreg”) ina gcomhcheanglaítear an ranníocaíocht ó Cheannteideal 2 agus Ceannteideal 6 nó scoilte de réir ionstraim mhaoinithe CFRE, IPA III, ICFCI agus OCTP, de bhun rogha na gcomhpháirtithe clár;

(c)

maidir le cláir Interreg B a fhaigheann tacaíocht ó OCTP, scoilte in aghaidh na ionstraime maoinithe (CFRE agus OCTP);

(d)

maidir le cláir Interreg D a fhaigheann tacaíocht ó ICFCI agus ó OCTP, scoilte in aghaidh na hionstraime maoinithe (CFRE, ICFCI agus OCTP, de réir mar is iomchuí).

5.   Maidir le pointe (e)(vi) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, beidh na cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060.

6.   Déanfar na nithe seo a leanas leis an gclár Interreg:

(a)

sainaithneofar údaráis na gclár agus an comhlacht lena ndéanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí;

(b)

leagfar síos an nós imeachta chun an rúnaíocht chomhpháirteach a chur ar bun;

(c)

leagfar amach cionroinnt dliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach agus, i gcás inarb infheidhme, na dtríú tíortha nó dtíortha comhpháirtíochta nó na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá rannpháirteach, i gcás ceartuithe airgeadais arna bhforchur ag an údarás bainistíochta nó ag an gCoimisiún.

7.   Cuirfidh an Ballstát aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b) de mhír 6 nach bhfuil leasú ar chlár de dhíth orthu in iúl don Choimisiún.

8.   Maidir le clár Interreg A, B nó D, i gcás ina gcumhdaítear le clár Interreg A teorainneacha fada lena ngabhann dúshláin agus riachtanais ilchineálacha, féadfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg réimsí fochláir a shainiú.

9.   De mhaolú ar mhír 3, déanfar inneachar na gclár Interreg C a oiriúnú do chineál sonrach na gclár Interreg sin, go háirithe mar a leanas:

(a)

ní gá an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3;

(b)

tabharfar an fhaisnéis is gá de bhun phointí (b) agus (g) de mhír 3 mar imlíne ghairid;

(c)

i gcás gach cuspóra shonraigh, tabharfar an fhaisnéis seo a leanas:

(i)

maidir le cláir INTERACT agus ESPON, an sainmhíniú ar thairbhí aonair nó liosta teoranta de thairbhithe agus an nós imeachta deonúcháin;

(ii)

na cineálacha gaolmhara gníomhaíochtaí agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu leis na cuspóirí sonracha;

(iii)

táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na clocha míle agus leis na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;

(iv)

na príomh-spriocghrúpaí; agus

(v)

miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála.

Airteagal 18

Formheas na gclár Interreg

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar gach clár Interreg agus ar chomhlíonadh Rialacháin (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1058 agus an Rialacháin seo ag gach clár díobh sin agus, i gcás tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, ar chomhréireacht an chláir leis na doiciméid straitéise ilbhliantúla de bhun Airteagal 10(1) den Rialachán seo nó leis an gcreat clársceidealaithe straitéisigh ábhartha de bhun an bhunghnímh reachtaigh chomhfhreagraigh de chuid ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de 3 mhí ón dáta a thíolacfaidh an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach an clár Interreg.

3.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha nó na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha nó na críocha thar lear atá rannpháirteach athbhreithniú ar an gclár Interreg agus barúlacha arna dtabhairt ag an gCoimisiún á gcur san áireamh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar gach clár Interreg tráth nach déanaí ná 5 mhí tar éis an dáta ar thíolaic an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta ionchasach an clár sin den chéad uair.

5.   Maidir le cláir Interreg trasteorann sheachtracha, glacfaidh an Coimisiún a chinntí i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo tar éis dul i gcomhairle le “Coiste IPA III” i gcomhréir leis an bhforáil ábhartha de Rialachán IPA III agus leis an “gcoiste don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta” i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/947.

Airteagal 19

Cláir Interreg a leasú

1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus formheas a fháil uaidh agus i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta iarraidh chuí-réasúnaithe ar leasú ar chlár Interreg a thíolacadh maille leis an gclár leasaithe, agus an tionchar measta a bheidh ag an leasú sin ar bhaint amach na gcuspóirí á leagan amach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh an leasaithe cuí-réasúnaithe le Rialacháin (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1058 agus leis an Rialachán seo agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt laistigh de 2 mhí ó tíolacadh an clár leasaithe.

3.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha nó na críocha thar lear atá rannpháirteach athbhreithniú ar an gclár leasaithe agus cuirfidh siad na barúlacha arna dtabhairt ag an gCoimisiún san áireamh.

4.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh tarmligthe lena bhformheastar an leasú ar chlár Interreg tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis don údarás bainistíochta é a thíolacadh.

5.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin agus formheas a fháil uaidh agus i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta méid suas le 10 % den leithdháileadh tosaigh ar thosaíocht, gan dul thar 5 % de bhuiséad an chláir, a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an chláir Interreg chéanna.

Ní dhéanfaidh aistrithe den sórt sin difear do bhlianta roimhe sin.

Ní mheasfar gur athruithe substaintiúla iad an t-aistriú agus na hathruithe gaolmhara agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár Interreg. Mar sin féin, comhlíonfar na ceanglais rialála uile leo. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an tábla athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe (f)(ii) d’Airteagal 17(3) faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le haon athruithe gaolmhara ar an gclár.

6.   I gcomhair ceartuithe de chineál cléireachais nó eagarthóireachta amháin nach ndéanann difear do chur chun feidhme an chláir Interreg, ní bheidh gá le formheas a fháil ón gCoimisiún. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an Coimisiún ar an eolas faoi cheartuithe den sórt sin.

ROINN II

Forbairt chríochach

Airteagal 20

Infheistíocht chríochach chomhtháite

I dtaca le cláir Interreg, maidir leis na húdaráis nó na comhlachtaí ábhartha críochacha atá freagrach as straitéisí forbartha críochaí nó áitiúla a tharraingt suas mar a liostaítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó atá bainteach le roghnú na n-oibríochtaí atá le tacaíocht a fháil faoi na straitéisí sin dá dtagraítear in Airteagal 29(5) den Rialachán sin, nó astu sin araon, déanfaidh siad ionadaíocht do dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, ar Ballstát é ceann amháin díobh ar a laghad.

I gcás ina ndéanann comhlacht dlíthiúil trasteorann nó GECC infheistíocht chríochach chomhtháite a chur chun feidhme de bhun Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó uirlis chríochach eile a chur chun feidhme de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 28 den Rialachán sin, féadfaidh sé a bheith ina thairbhí aonair freisin de bhun Airteagal 23(6) den Rialachán seo, ar choinníoll go mbeidh deighilt feidhmeanna ann laistigh den chomhlacht dlíthiúil trasteorann nó den GECC.

Airteagal 21

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail de bhun phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar í a chur chun feidhme i gcláir Interreg, ar choinníoll go mbeidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla ábhartha comhdhéanta d’ionadaithe de leasanna socheacnamaíocha áitiúla poiblí agus príobháideacha, nach rialaíonn aon ghrúpa sainleasa aonair an chinnteoireacht iontu, agus de dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, ar Ballstát é ceann amháin díobh ar a laghad.

ROINN III

Oibríochtaí agus cistí le haghaidh tionscadail bheaga

Airteagal 22

Oibríochtaí Interreg a roghnú

1.   Roghnóidh coiste faireacháin arna chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 28 oibríochtaí Interreg i gcomhréir le straitéis agus cuspóirí an chláir.

Féadfaidh an coiste faireacháin sin coiste stiúrtha amháin a chur ar bun, nó go háirithe i gcás fochlár, féadfaidh sé níos mó ná coiste stiúrtha amháin a chur ar bun, a fheidhmeoidh faoina chúram chun oibríochtaí a roghnú. Cuirfidh coistí stiúrtha prionsabal na comhpháirtíochta i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Nuair atá oibríocht á cur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach lasmuigh de limistéar an chláir laistigh nó lasmuigh den Aontas, beidh gá le formheas sainráite an údaráis bainistíochta sa choiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, sa choiste stiúrtha chun an oibríocht sin a roghnú.

I gcás ina mbíonn comhpháirtí amháin nó roinnt comhpháirtithe páirteach san oibríocht, ar comhpháirtithe iad atá lonnaithe ar chríoch Ballstáit, tríú tír, tíre comhpháirtíochta nó tíre nó críche thar lear nach bhfuil ionadaíocht á déanamh air nó uirthi sa choiste faireacháin, beidh formheas sainráite an údaráis bainistíochta faoi réir formheas i scríbhinn a bheith faighte ón mBallstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear sin lena mbaineann ina ndearbhófar go n-aisíocfar aon airgead a d’íocfaí go míchuí leis na comhpháirtithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(2).

Nuair nach féidir an formheas i scríbhinn dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo a fháil, déanfaidh an comhlacht a chuireann chun feidhme oibríocht iomlán nó cuid d’oibríocht lasmuigh de limistéar an chláir ráthaíocht a fháil ó bhanc nó ó institiúid airgeadais eile do mhéid comhfhreagrach na gcistí Interreg a dheonófar. Cuirfear ráthaíocht den sórt sin isteach sa doiciméad dá bhforáiltear i mír 6.

2.   Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an coiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, an coiste stiúrtha critéir agus nósanna imeachta a leagan síos agus a chur i bhfeidhm a bheidh neamh-idirdhealaitheach trédhearcach, lena n-áiritheofar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas agus comhionannas inscne agus lena gcuirfear san áireamh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 191(1) CFAE.

Áiritheofar leis na critéir agus leis na nósanna imeachta go dtabharfar tosaíocht d’oibríochtaí a roghnófar d’fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar rannchuidiú an chistithe ón Aontas le gnóthnú chuspóirí an chláir Interreg agus d’fhonn gné chomhair na n-oibríochtaí faoi chláir Interreg a chur chun feidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 23(1) agus (4) den Rialachán seo.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh an t-údarás bainistíochta fógra faoi na critéir roghnúcháin don Choimisiún sula gcuirfear faoi bhráid an choiste faireacháin iad den chéad uair nó, i gcás inarb infheidhme, faoi bhráid an choiste stiúrtha. Beidh feidhm ag an méid céanna maidir le haon athruithe a dhéanfar ar na critéir sin ina dhiaidh sin.

4.   Agus oibríochtaí á roghnú, déanfaidh an coiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, an coiste stiúrtha an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé go bhfuil na hoibríochtaí roghnaithe i gcomhréir leis an gclár Interreg agus go mbeidh siad ina rannchuidiú éifeachtach lena chuspóirí sonracha a bhaint amach;

(b)

áiritheoidh sé nach bhfuil na hoibríochtaí roghnaithe i gcoinbhleacht leis na straitéisí comhfhreagracha arna mbunú de bhun Airteagal 10(1) nó arna mbunú do cheann amháin nó níos mó d’ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais;

(c)

áiritheoidh sé go mbaineann an gaol is fearr idir méid na tacaíochta, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus baint amach cuspóirí leis na hoibríochtaí roghnaithe;

(d)

fíoróidh sé go bhfuil na hacmhainní agus na sásraí airgeadais is gá ag an tairbhí chun costais oibríochta agus chothabhála a chumhdach i gcás oibríochtaí lena gcuimsítear infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil, ionas go n-áiritheofar a n-inbhuanaitheacht airgeadais;

(e)

áiritheoidh sé go bhfuil oibríochtaí roghnaithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó nós imeachta um scagadh, agus gur cuireadh san áireamh measúnú ar réitigh mhalartacha, ar bhonn cheanglais na Treorach sin;

(f)

fíoróidh sé, i gcás inar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bainistíochta, gur comhlíonadh an dlí is infheidhme;

(g)

áiritheoidh sé go dtagann oibríochtaí roghnaithe faoi raon feidhme an chiste Interreg lena mbaineann agus go bhfuil siad inchurtha i leith cineál idirghabhála;

(h)

áiritheoidh sé nach gcuimsítear le hoibríochtaí gníomhaíochtaí a bhí mar chuid d’oibríocht faoi réir athlonnú de réir bhrí phointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó a bheadh ina n-aistriú gníomhaíochta táirgiúla de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 65(1) den Rialachán sin;

(i)

áiritheoidh sé nach ndéantar difear díreach d’oibríochtaí roghnaithe de thoradh tuairim réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi raon feidhme Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíochta oibríochtaí i mbaol; agus

(j)

áiritheoidh sé, i gcás infheistíochtaí i mbonneagar a meastar go mbeidh saolré 5 bliana ar a laghad aige, go ndéantar measúnú ar thionchair ionchais an athraithe aeráide.

5.   Formheasfaidh an coiste faireacháin nó, i gcás inarb infheidhme, an coiste stiúrtha an mhodheolaíocht agus na critéir arna n-úsáid chun oibríochtaí Interreg a roghnú, lena n-áirítear aon athruithe orthu, gan dochar do phointe (b) d’Airteagal 33(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail ná d’Airteagal 24 den Rialachán seo.

6.   Maidir le gach oibríocht Interreg, tabharfaidh an t-údarás bainistíochta doiciméad don chomhpháirtí cinn nó don chomhpháirtí aonair ina leagfar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a thabhairt don oibríocht Interreg sin, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó leis seirbhísí atá le soláthar faoin oibríocht, a phlean maoinithe, an teorainn ama lena chur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, an modh atá le cur i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus na coinníollacha maidir le híocaíocht na tacaíochta a chinneadh.

Leagfar amach sa doiciméad sin freisin oibleagáidí an chomhpháirtí cinn maidir le gnóthuithe de bhun Airteagal 52. Is é an coiste faireacháin a shaineoidh na hoibleagáidí sin.

Airteagal 23

Comhpháirtíocht laistigh d’oibríochtaí Interreg

1.   Maidir le hoibríochtaí arna roghnú faoi chláir Interreg A, B agus D, beidh baint ag comhpháirtithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad nó ó dhá cheann ar a laghad de thíortha nó críocha thar lear leo, agus beidh ceann amháin ar a laghad díobh sin ina thairbhí ó Bhallstát.

Maidir le hoibríochtaí arna roghnú faoi chláir Interreg Europe agus URBACT, beidh baint ag comhpháirtithe ó thrí thír rannpháirteacha ar a laghad leo, agus beidh dhá cheann acu ar a laghad ina dtairbhithe ó Bhallstát.

Maidir le tairbhithe a fhaigheann tacaíocht ó chistí Interreg agus comhpháirtithe atá rannpháirteach san oibríocht ach nach bhfaigheann aon tacaíocht airgeadais faoi na cistí sin (dá ngairtear “comhpháirtithe” go comhpháirteach), is comhpháirtíocht oibríochta Interreg atá i gceist leo.

2.   Féadfar oibríocht Interreg a chur chun feidhme i dtír aonair nó i dtír nó críoch thar lear aonair, ar choinníoll go ndéanfar an tionchar ar limistéar an chláir agus na tairbhí do limistéar an chláir a shainaithint san iarratas oibríochta.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le hoibríochtaí faoin gclár trasteorann PEACE PLUS i gcás ina bhfuil an clár ag feidhmiú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas.

4.   Comhoibreoidh comhpháirtithe maidir le hoibríochtaí Interreg a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus maidir le soláthar foirne nó maoiniú, nó an dá cheann díobh, a thabhairt do na hoibríochtaí sin.

Maidir le hoibríochtaí Interreg faoi chláir Interreg D, ní chuirfear de cheangal ar na comhpháirtithe ó na réigiúin is forimeallaí agus ó thríú tíortha, ó thíortha comhpháirtíochta nó ó thíortha nó críocha thar lear comhoibriú ach amháin i gcás dhá cheann de na ceithre ghné a liostaítear sa chéad fhomhír.

5.   I gcás ina bhfuil dhá chomhpháirtí nó níos mó i gceist, ainmneoidh na comhpháirtithe uile duine díobh ina chomhpháirtí cinn.

6.   Féadfaidh comhlacht dlíthiúil trasteorann nó GECC a bheith mar chomhpháirtí aonair d’oibríocht Interreg faoi chláir Interreg A, B agus D, ar choinníoll go dtabharfaidh na comhaltaí de deis rannpháirtíochta do chomhpháirtithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad.

Sa chomhlacht dlíthiúil trasteorann nó sa GECC, beidh comhaltaí ó thrí thír rannpháirteacha ar a laghad faoi na cláir Interreg Europe agus URBACT.

Comhlacht dlíthiúil a dhéanann ionstraim airgeadais, ciste de chistí sealbhaíochta nó ciste le haghaidh tionscadail bheaga, de réir mar is infheidhme, a chur chun feidhme, féadfaidh sé a bheith ina chomhpháirtí aonair d’oibríocht Interreg d’uireasa na ceanglais maidir lena chomhdhéanamh a leagtar amach sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm.

7.   Beidh comhpháirtí aonair cláraithe i mBallstát atá rannpháirteach sa chlár Interreg.

Airteagal 24

Tacaíocht do thionscadail a bhfuil méid teoranta airgeadais iontu

1.   Le cláir Interreg A, B agus D, tacófar le tionscadail a bhfuil méid teoranta airgeadais iontu, ar cheann de na bealaí seo:

(a)

go díreach laistigh de gach clár; nó

(b)

laistigh de chiste amháin nó níos mó le haghaidh tionscadail bheaga.

2.   I gcás nach bhfuil clár Interreg B nó D in ann an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, leagfar amach sa doiciméad cláir na cúiseanna i dtaobh cén fáth nach féidir an oibleagáid a chomhlíonadh, i gcomhréir le pointe 6 den teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 25

Cistí le haghaidh tionscadail bheaga

1.   Ní rachaidh an ranníocaíocht iomlán ó CFRE nó, i gcás inarb infheidhme, ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais le cistí le haghaidh tionscadail bheaga laistigh de chlár Interreg thar 20 % de leithdháileadh iomlán an chláir Interreg.

Gheobhaidh na faighteoirí deiridh laistigh de chiste le haghaidh tionscadail bheaga tacaíocht ó CFRE nó, i gcás inarb infheidhme, ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais tríd an tairbhí agus cuirfidh siad na tionscadail bheaga chun feidhme laistigh den chiste sin le haghaidh tionscadail bheaga (“tionscadal beag”).

2.   Is é atá sa chiste le haghaidh tionscadail bheaga oibríocht de réir bhrí phointe (4) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060, a ndéanfaidh tairbhí í a bhainistiú, agus a chúraimí agus a luach saothair á gcur san áireamh.

Is é a bheidh i gceist le tairbhí ná comhlacht dlíthiúil trasteorann nó GECC nó comhlacht a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aige.

Roghnóidh an tairbhí na tionscadail bheaga a chuirfidh na faighteoirí deiridh chun feidhme de réir bhrí phointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060. I gcás nach comhlacht dlíthiúil trasteorann ná GECC é an tairbhí, roghnóidh comhlacht a bhfuil ionadaithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad páirteach ann, agus ar Ballstát é ceann amháin díobh ar a laghad, na tionscadail bheaga chomhpháirteacha.

3.   Sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a thabhairt do chiste le haghaidh tionscadail bheaga, déanfar, i dteannta na n-eilimintí a leagtar síos in Airteagal 22(6), na heilimintí is gá a leagan amach chun a áirithiú i gcás an tairbhí:

(a)

go mbunóidh sé nós imeachta roghnúcháin neamh-idirdhealaitheach trédhearcach;

(b)

go gcuirfidh sé critéir oibiachtúla i bhfeidhm maidir le tionscadail bheaga a roghnú, lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa;

(c)

go ndéanfaidh sé measúnú ar iarratais ar thacaíocht;

(d)

go roghnóidh sé tionscadail agus go socróidh sé méid na tacaíochta le haghaidh gach tionscadail bhig;

(e)

go mbeidh sé freagrach as cur chun feidhme na hoibríochta agus go gcoimeádfaidh sé ar a leibhéal gach doiciméad tacaíochta is gá don rian iniúchóireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII de Rialachán (AE) 2021/1060; agus

(f)

go gcuirfidh sé liosta na bhfaighteoirí deiridh a bhaineann tairbhe as an oibríocht ar fáil don phobal.

Áiritheoidh an tairbhí go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36.

4.   Ní hionann roghnú tionscadal beag agus tarmligean cúraimí ón údarás bainistíochta chuig comhlacht idirmheánach dá dtagraítear in Airteagal 71(3) de Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   Costais foirne agus costais eile a chomhfhreagraíonn do na catagóirí costais in Airteagail 39 go 43 arna nginiúint ar leibhéal an tairbhí chun an ciste nó na cistí le haghaidh tionscadail bheaga a bhainistiú, ní rachaidh siad thar 20 % de chostas incháilithe iomlán an chiste nó na gcistí le haghaidh tionscadail bheaga, faoi seach.

6.   I gcás nach dtéann an ranníocaíocht phoiblí le tionscadal beag thar EUR 100 000, beidh an ranníocaíocht ó CFRE nó, i gcás inarb infheidhme, ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais i bhfoirm costais aonaid nó cnapshuimeanna nó maoiniú ar ráta comhréidh, cé is moite de thionscadail inarb ionann an tacaíocht agus Státchabhair.

I gcás nach dtéann costais iomlána gach tionscadail thar EUR 100 000, féadfar méid na tacaíochta le haghaidh tionscadal beag amháin nó níos mó a leagan amach ar bhonn dréachtbhuiséid a shocrófar ar bhonn cás ar chás agus a gcomhaontóidh an tairbhí atá ag bainistiú an chiste le haghaidh tionscadail bheaga é ar bhonn ex ante.

I gcás ina n-úsáidtear maoiniú ar ráta comhréidh, féadfar na catagóirí costais a gcuirtear an ráta comhréidh i bhfeidhm maidir leo a aisíoc i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 26

Cúraimí an chomhpháirtí cinn

1.   Déanfaidh an comhpháirtí cinn an méid seo a leanas:

(a)

na socruithe leis na comhpháirtithe eile a leagan síos i gcomhaontú ina bhfuil forálacha lena ráthaítear, inter alia, bainistíocht fhónta airgeadais na gcistí faoi seach ón Aontas arna leithdháileadh ar an oibríocht Interreg, lena n-áirítear na socruithe chun méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú;

(b)

freagracht a ghlacadh as cur chun feidhme na hoibríochta Interreg iomláine a áirithiú; agus

(c)

a áirithiú go bhfuil caiteachas arna thíolacadh ag na comhpháirtithe uile íoctha i gcur chun feidhme na hoibríochta Interreg agus go gcomhfhreagraíonn sé do na gníomhaíochtaí a comhaontaíodh idir na comhpháirtithe uile, agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an doiciméad arna sholáthar ag an údarás bainistíochta de bhun Airteagal 22(6).

2.   Mura sonraítear a mhalairt sna socruithe a leagtar síos de bhun phointe (a) de mhír 1, áiritheoidh an comhpháirtí cinn go bhfaighidh na comhpháirtithe eile méid iomlán na ranníocaíochta ón gciste ábhartha de chuid an Aontais ina iomláine agus laistigh de thréimhse ama a chomhaontóidh gach comhpháirtí agus tríd an nós imeachta céanna a cuireadh i bhfeidhm i leith an chomhpháirtí cinn. Ní dhéanfar aon mhéid a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear eile comhéifeachta a laghdódh an méid sin do na comhpháirtithe eile.

3.   Aon chomhpháirtí i mBallstát, i dtríú tír, i dtír chomhpháirtíochta nó i dtír nó críoch thar lear atá rannpháirteach in oibríocht Interreg, féadfar é a ainmniú ina chomhpháirtí cinn.

ROINN IV

Cúnamh teicniúil

Airteagal 27

Cúnamh teicniúil

1.   I dtaca le líon na gcistí a leithdháilfear mar chúnamh teicniúil, déanfar é a shainaithint mar chuid den leithdháileadh a ghabhann le gach tosaíocht de chuid an chláir i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 17(3) agus ní bheidh sé i bhfoirm tosaíocht ar leithligh nó clár sonrach.

2.   Déanfar cúnamh teicniúil le gach clár Interreg a aisíoc mar ráta comhréidh trí na céatadáin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe a chuirtear san áireamh i ngach iarratas ar íocaíocht de bhun phointe (a) nó (c) d’Airteagal 91(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 de réir mar is iomchuí.

3.   Is mar a leanas a bheidh an céatadán de ranníocaíocht CFRE agus d’ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais a aisíocfar le haghaidh cúnamh teicniúil:

(a)

maidir le cláir um chomhar trasteorann inmheánach a fhaigheann tacaíocht ó CFRE: 7 %;

(b)

maidir le cláir um chomhar trasteorann seachtrach a fhaigheann tacaíocht ó CTT IPA III nó CTT-ICFCI, maidir le cláir de chuid shraith B ina bhfuil an tacaíocht ó CFRE 50 % nó níos lú agus maidir le cláir de chuid shraith D, i gcás ranníocaíocht CFRE agus i gcás ceann amháin nó níos mó d’ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais: 10 %; agus

(c)

maidir le cláir de chuid shraith B ina bhfuil an tacaíocht ó CFRE níos mó ná 50 % agus maidir le cláir de chuid shraith C, i gcás ranníocaíocht CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, i gcás ceann amháin nó níos mó d’ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais: 8 %.

4.   Maidir le cláir Interreg arb ionann a leithdháileadh iomlán CFRE agus idir EUR 30 000 000 agus EUR 50 000 000, déanfar an méid a thagann de thoradh an chéatadáin le haghaidh cúnamh teicniúil a mhéadú faoi mhéid breise EUR 500 000. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin leis an gcéad íocaíocht eatramhach.

5.   Maidir le cláir Interreg ar lú ná EUR 30 000 000 a leithdháileadh iomlán CFRE, déanfar an méid is gá le haghaidh cúnamh teicniúil arna shloinneadh in EUR agus an céatadán a thagann dá bharr a shocrú sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár Interreg lena mbaineann de bhun Airteagal 18.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS CUMARSÁID

ROINN I

Faireachán

Airteagal 28

Coiste faireacháin

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach sa chlár sin coiste a chur ar bun, i gcomhaontú leis an údarás bainistíochta, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir Interreg ábhartha (“coiste faireacháin”) laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra do na Ballstáit faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar clár Interreg de bhun Airteagal 18.

2.   Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

Le rialacha nós imeachta an choiste faireacháin agus, i gcás inarb infheidhme, rialacha nós imeachta an choiste stiúrtha, cuirfear cosc ar aon choinbhleacht leasa agus oibríochtaí Interreg á roghnú agus áireofar iontu forálacha maidir le cearta vótála agus rialacha maidir le freastal ar na cruinnithe.

3.   Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir maidir lena chuspóirí a bhaint amach.

4.   Foilseoidh an t-údarás bainistíochta rialacha nós imeachta an choiste faireacháin agus achoimre ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis araon, lena n-áirítear cinntí, arna bhformheas ag an gcoiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 29

Comhdhéanamh an choiste faireacháin

1.   Maidir le comhdhéanamh an choiste faireacháin a bhaineann le gach clár Interreg, comhaontóidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach sa chlár sin é agus áiritheoidh siad ionadaíocht chothrom den mhéid seo a leanas:

(a)

na húdaráis ábhartha, lena n-áirítear comhlachtaí idirmheánacha;

(b)

comhlachtaí a cuireadh ar bun go comhpháirteach i limistéar iomlán an chláir nó a chumhdaíonn cuid de, lena n-áirítear GECCanna; agus

(c)

ionadaithe na gcomhpháirtithe clár dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó na Ballstáit, ó thríú tíortha, ó thíortha comhpháirtíochta agus ó thíortha agus críocha thar lear.

Cuirfear san áireamh i gcomhdhéanamh an choiste faireacháin líon na mBallstát, na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg lena mbaineann.

2.   Foilseoidh an t-údarás bainistíochta liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

3.   Beidh ionadaithe ón gCoimisiún rannpháirteach in obair an choiste faireacháin i gcáil chomhairleach.

Airteagal 30

Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.   Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú:

(a)

an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus i dtaca le baint amach chlocha míle agus spriocanna an chláir Interreg;

(b)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir Interreg agus na bearta arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;

(c)

maidir le hionstraimí airgeadais, eilimintí an mheasúnaithe ex ante a liostaítear in Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus an doiciméad straitéise dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán sin;

(d)

an dul chun cinn i dtaca le déanamh meastóireachtaí, sintéisí meastóireachtaí agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;

(e)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)

an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme oibríochtaí Interreg a mbaineann tábhacht straitéiseach leo agus, i gcás inarb infheidhme, mórthionscadal bonneagair; agus

(g)

an dul chun cinn i dtaca le fothú acmhainneachta riaracháin i gcás institiúidí poiblí agus tairbhithe, i gcás inarb ábhartha.

2.   De bhreis ar chúraimí an choiste faireacháin maidir le hoibríochtaí a roghnú a liostaítear in Airteagal 22, formheasfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú, lena n-áirítear aon athruithe orthu, tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún, i gcás ina n-iarrfar amhlaidh, de bhun Airteagal 22(3) den Rialachán sin, gan dochar do phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 33(3) de Rialachán (AE) 2021/1060;

(b)

an plean meastóireachta agus aon leasú air;

(c)

aon togra ón údarás bainistíochta chun an clár Interreg a leasú lena n-áirítear le haghaidh aistriú i gcomhréir le hAirteagal 19(5); agus

(d)

an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht.

Airteagal 31

Athbhreithniú

1.   Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a eagrú chun feidhmíocht clár Interreg a scrúdú.

Féadfar an t-athbhreithniú a dhéanamh i scríbhinn.

2.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an t-údarás bainistíochta, laistigh de mhí amháin, an fhaisnéis ghonta don Choimisiún maidir leis na heilimintí a liostaítear in Airteagal 30(1). Beidh an fhaisnéis sin bunaithe ar na sonraí is déanaí atá ar fáil do na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirteacha agus na tíortha agus na críocha thar lear.

3.   Déanfar toradh an athbhreithnithe a thaifeadadh i miontuairiscí comhaontaithe.

4.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta bearta leantacha maidir leis na saincheisteanna arna dtarraingt anuas ag an gCoimisiún agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas, laistigh de 3 mhí ó dháta an athbhreithnithe, faoi na bearta arna ndéanamh.

Airteagal 32

Tarchur sonraí

1.   Déanfaidh gach údarás bainistíochta sonraí carnacha maidir leis an gclár Interreg ábhartha a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Eanáir, faoin 30 Aibreán, faoin 31 Iúil, agus faoin 30 Deireadh Fómhair i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060, cé is moite den fhaisnéis nach mór a thabhairt i bpointe (b) de mhír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, ar faisnéis í a tharchuirfear faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil gach bliain.

Beidh an chéad tarchur le déanamh faoin 31 Eanáir 2022 agus beidh an ceann deireanach le déanamh faoin 31 Eanáir 2030.

2.   Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a mhiondealú i gcás gach tosaíochta de réir cuspóir sonrach agus déanfar tagairt iontu don mhéid seo a leanas:

(a)

an líon oibríochtaí a roghnaíodh, a gcostas incháilithe iomlán, an ranníocaíocht ón gciste Interreg ábhartha agus an caiteachas incháilithe iomlán dearbhaithe ag na comhpháirtithe cinn don údarás bainistíochta, agus é sin ar fad miondealaithe de réir an chineáil idirghabhála;

(b)

luachanna na dtáscairí aschuir agus toraidh i gcás oibríochtaí Interreg roghnaithe agus na luachanna arna mbaint amach ag na hoibríochtaí Interreg atá tugtha chun críche.

3.   I gcás ionstraimí airgeadais, soláthrófar sonraí faoin méid seo a leanas freisin:

(a)

an caiteachas incháilithe de réir cineál táirge airgeadais;

(b)

méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe;

(c)

an méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna slógadh le cois na gcistí, de réir cineál táirge airgeadais;

(d)

ús agus gnóthachain eile a ghintear trí thacaíocht ó na cistí Interreg d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó na cistí Interreg arna gcur ar ais dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán sin:

(e)

luach iomlán na n-iasachtaí, na n-infheistíochtaí cothromais nó na n-infheistíochtaí cuasachothromais a rinneadh i bhfaighteoirí deiridh, a ráthaíodh le hacmhainní de chuid an chláir, agus a íocadh go hiarbhír leis na faighteoirí deiridh.

4.   Na sonraí a thíolacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad iontaofa agus ina léiriú ar na sonraí atá ar fáil sa chóras leictreonach dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 ag deireadh na míosa roimh mhí an tíolactha.

5.   Foilseoidh an t-údarás bainistíochta na sonraí uile arna dtarchur chuig an gCoimisiún, nó cuirfidh sé nasc chuig na sonraí sin ar fáil, ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 33

Tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht

1.   Cuirfidh gach údarás bainistíochta tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht faoin gclár Interreg ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra 2031.

Tíolacfar an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ag baint úsáid as an teimpléad a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Déanfar measúnú sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ar bhaint amach chuspóirí an chláir bunaithe ar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 30 cé is moite de phointe (c) de mhír 1, agus pointe (d) de mhír 2, de.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht agus cuirfidh sé an t-údarás bainistíochta ar an eolas faoi aon bharúlacha atá aige laistigh de 5 mhí ón dáta a bhfuarthas an tuarascáil sin. I gcás ina dtabharfar barúlacha den sórt sin, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an fhaisnéis go léir is gá maidir leis na barúlacha sin a sholáthar agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de 3 mhí ó na barúlacha a fháil, an Coimisiún a chur ar an eolas i dtaobh na mbeart a rinneadh. Laistigh de 2 mhí ó gheobhaidh sé gach faisnéis riachtanach ón údarás bainistíochta, cuirfidh an Coimisiún in iúl don údarás bainistíochta gur glacadh leis an tuarascáil. I gcás nach gcuireann an Coimisiún sin in iúl don údarás bainistíochta laistigh de na spriocdhátaí sin, measfar gur glacadh leis an tuarascáil.

4.   Foilseoidh an t-údarás bainistíochta an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 34

Táscairí maidir le cláir Interreg

1.   Bainfear úsáid as táscairí coiteanna aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1058, agus, i gcás inar gá, as táscairí aschuir agus toraidh atá clárshonrach i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, agus le pointe (e)(ii) d’Airteagal 17(3) agus le pointe (b) d’Airteagal 32(2) den Rialachán seo.

2.   I gcás inarb ábhartha, bainfear úsáid as táscairí aschuir agus toraidh atá clárshonrach sa bhreis ar na táscairí a roghnaíodh i gcomhréir le mír 1.

Féadfar gach táscaire coiteann aschuir agus toraidh a liostaítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1058 a úsáid freisin le cuspóirí sonracha faoi aon cheann de chuspóirí beartais 1 go 5 nó, i gcás inarb ábhartha, faoi na cuspóirí Interreg-shonracha a leagtar amach in Airteagal 14(4) agus (5) den Rialachán seo.

3.   Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Clocha míle agus spriocanna carnacha a bheidh sna clocha míle a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

ROINN II

Meastóireacht agus cumarsáid

Airteagal 35

Meastóireacht le linn na clárthréimhse

1.   Déanfaidh an Ballstát nó an t-údarás bainistíochta meastóireachtaí ar na cláir i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas: éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhchuibheas agus breisluach an Aontais, d’fhonn cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú. Le meastóireachtaí, féadfar critéir ábhartha eile a chumhdach freisin, amhail cuimsitheacht, neamh-idirdhealú agus infheictheacht, agus féadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach leo.

2.   I dteannta na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1, déanfar meastóireacht ar gach clár faoin 30 Meitheamh 2029 chun a thionchar a mheas.

3.   Fágfar na meastóireachtaí sin faoi chúram saineolaithe inmheánacha nó seachtracha atá neamhspleách ó thaobh feidhme de.

4.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta na nósanna imeachta is gá chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú.

5.   Tarraingeoidh an t-údarás bainistíochta plean meastóireachta suas lena bhféadfar níos mó ná clár Interreg amháin a chumhdach.

6.   Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an clár Interreg a fhormheas.

7.   Foilseoidh an t-údarás bainistíochta na meastóireachtaí uile ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 36

Freagrachtaí údarás bainistíochta agus comhpháirtithe maidir le trédhearcacht agus cumarsáid

1.   Déanfaidh gach údarás bainistíochta oifigeach cumarsáide le haghaidh gach cláir Interreg a shainaithint. Féadfaidh oifigeach cumarsáide a bheith freagrach as níos mó ná clár amháin.

2.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta gurb ann do shuíomh gréasáin, laistigh de 6 mhí ón tráth a formheasadh an clár Interreg de bhun Airteagal 18, ina mbeidh faisnéis faoi gach clár Interreg atá faoina chúram ar fáil, ina gcumhdaítear cuspóirí agus gníomhaíochtaí an chláir, na deiseanna cistiúcháin atá le fáil faoin gclár agus a bhfuil bainte amach leis.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 49(2) go (6) de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir le freagrachtaí an údaráis bainistíochta.

4.   Tabharfaidh gach comhpháirtí in oibríocht Interreg nó gach comhlacht a chuireann ionstraim airgeadais chun feidhme aitheantas do thacaíocht ó chiste Interreg, lena n-áirítear acmhainní arna n-athúsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/1060, don oibríocht Interreg trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur síos gairid a chur ar shuíomh gréasáin oifigiúil an chomhpháirtí nó ar a shuíomhanna meán sóisialta, i gcás inarb ann dá leithéid de shuíomhanna, ar an oibríocht Interreg, i gcomhréir le leibhéal na tacaíochta a sholáthraítear le ciste Interreg, lena n-áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, agus béim á cur ar an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón gciste Interreg;

(b)

ráiteas a sholáthar, ina mbeidh béim infheicthe ar an tacaíocht a fuarthas ó chiste Interreg, faoi dhoiciméid agus ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta Interreg, agus sin dírithe ar an bpobal nó ar na rannpháirtithe;

(c)

plaiceanna marthanacha nó cláir fógraí mharthanacha a chur ar taispeáint atá infheicthe go soiléir don phobal, ina léirítear suaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn IX de Rialachán (AE) 2021/1060, a luaithe a chuirtear tús le cur chun feidhme fisiciúil oibríochta lena mbaineann infheistíocht fhisiciúil nó ceannach trealaimh nó nuair a dhéantar trealamh ceannaithe a shuiteáil, maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chiste Interreg, ar mó costas iomlán na n-oibríochtaí sin ná EUR 100 000;

(d)

i gcás oibríochtaí Interreg nach gcuimsítear faoi phointe (c), póstaer amháin ar a laghad darb íosmhéid A3 nó a choibhéis de thaispeáint leictreonach a chur ar taispeáint go poiblí, ar a mbeidh faisnéis faoin oibríocht Interreg agus béim ar an tacaíocht a fuarthas ó chiste Interreg, ach amháin i gcás gur duine nádúrtha é an tairbhí;

(e)

i gcás oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo agus oibríochtaí ar mó a gcostas iomlán ná EUR 5 000 000, ócáid chumarsáide a eagrú agus deis rannpháirtíochta a thabhairt don Choimisiún agus don údarás bainistíochta freagrach ar bhealach tráthúil.

Úsáidfear an téarma “Interreg” taobh le suaitheantas an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   Maidir le cistí le haghaidh tionscadail bheaga agus ionstraimí airgeadais, áiritheoidh an tairbhí, trí bhíthin na dtéarmaí conarthacha, go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais chun cumarsáid a dhéanamh go poiblí maidir leis an oibríocht Interreg.

Maidir le hionstraimí airgeadais, tabharfaidh an faighteoir deiridh aitheantas d’fhoinse an chistithe de chuid an Aontais agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

6.   I gcás nach gcuireann sé gníomhaíochtaí feabhais ar bun, cuirfidh an t-údarás bainistíochta bearta i bhfeidhm, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh aige, trí suas le 2 % den tacaíocht ó na cistí a chur ar ceal i gcás an mhéid seo a leanas:

(a)

an tairbhí lena mbaineann nach gcomhlíonann a oibleagáidí a thagann faoi Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó faoi mhíreanna 4 agus 5 den Airteagal seo; nó

(b)

an faighteoir deiridh lena mbaineann nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 5.

CAIBIDIL V

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 37

Rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais

1.   Féadfar oibríocht Interreg iomlán nó cuid di a chur chun feidhme lasmuigh de Bhallstát, lena n-áirítear lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go rannchuidítear leis an oibríocht Interreg le cuspóirí an chláir Interreg ábhartha.

2.   Gan dochar do na rialacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagail 63 go 68 de Rialachán (AE) 2021/1060, in Airteagail 5 agus 7 de Rialachán (AE) 2021/1058 nó sa Chaibidil seo, lena n-áirítear i ngníomhartha arna nglacadh fúthu, ní dhéanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach, le cinneadh comhpháirteach sa choiste faireacháin, ach rialacha breise maidir le hincháilitheacht chaiteachais a bhunú le haghaidh an chláir Interreg i ndáil le catagóirí caiteachais nach gcumhdaítear leis na forálacha sin. Leis na rialacha breise sin, cumhdófar an clár Interreg ina iomláine.

Mar sin féin, i gcás ina roghnaíonn clár Interreg oibríochtaí bunaithe ar ghlaonna ar thograí, glacfar na rialacha breise sin sula bhfoilseofar na glaonna ar thograí. I ngach cás eile, glacfar na rialacha breise sin sula roghnófar aon oibríochtaí.

3.   Maidir le hábhair nach gcumhdaítear leis na rialacha incháilitheachta a leagtar síos in Airteagail 63 go 68 de Rialachán (AE) 2021/1060, in Airteagail 5 agus 7 de Rialachán (AE) 2021/1058 agus sa Chaibidil seo, lena n-áirítear i ngníomhartha arna nglacadh fúthu nó i rialacha arna mbunú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag rialacha náisiúnta an Bhallstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear ina dtabhaítear an caiteachas.

4.   I gcás ina mbeidh an t-údarás bainistíochta agus an t-údarás iniúchóireachta ar mhalairt tuairime faoi incháilitheacht oibríochta Interreg inti féin arna roghnú faoi chlár Interreg, beidh forlámhas ag tuairim an údaráis bainistíochta, ag tabhairt aird chuí ar thuairim an choiste faireacháin.

5.   Ní bheidh tíortha agus críocha thar lear incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CFRE faoi chláir Interreg, ach féadfaidh siad a bheith rannpháirteach sna cláir sin faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 38

Forálacha ginearálta maidir le hincháilitheacht catagóirí costais

1.   Féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirteacha agus na tíortha agus na críocha thar lear atá rannpháirteach, a chomhaontú i gcoiste faireacháin cláir Interreg nach mbeidh caiteachas a thagann faoi chatagóir amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagail 39 go 44 incháilithe faoi thosaíocht amháin nó níos mó atá ag clár Interreg.

2.   Beidh baint ag aon chaiteachas atá incháilithe i gcomhréir leis an Rialachán seo leis na costais a bhaineann le hoibríocht nó cuid d’oibríocht a thionscnamh nó a thionscnamh agus a chur chun feidhme.

3.   Níl na costais seo a leanas incháilithe:

(a)

fíneálacha, pionóis airgeadais agus caiteachas i ndáil le díospóidí dlí agus dlíthíocht;

(b)

costais bronntanas; nó

(c)

costais a bhaineann le luaineacht an ráta malairte eachtraí.

4.   I gcás ina n-úsáidtear an ráta comhréidh dá bhforáiltear in Airteagal 56(1) de Rialachán 2021/1060 chun costais dhíreacha oibríochta nach costais foirne dhíreacha iad a ríomh, ní chuirfear i bhfeidhm é ar chostais foirne dhíreacha arna ríomh ar bhonn ráta comhréidh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 39(3) den Rialachán seo.

5.   De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfaidh gach tairbhí arb as tíortha nár ghlac an euro mar airgeadra iad an caiteachas arna íoc in airgeadra eile a athrú go euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí ar lena linn a tíolacadh an caiteachas sin lena fhíorú.

Airteagal 39

Costais foirne

1.   Is é a bheidh i gceist le costais foirne ollchostais fostaíochta a bhaineann leis an bhfoireann atá fostaithe ag an gcomhpháirtí Interreg i gceann amháin de na slite seo a leanas:

(a)

go lánaimseartha;

(b)

go páirtaimseartha, le céatadán seasta d’am caite ag obair in aghaidh na míosa;

(c)

go páirtaimseartha, le líon solúbtha uaireanta caite ag obair in aghaidh na míosa; nó

(d)

in aghaidh na huaire.

2.   Beidh costais foirne teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

íocaíochtaí tuarastail i ndáil leis na gníomhaíochtaí nach ndéanfadh an t-eintiteas mura ndearnadh an oibríocht lena mbaineann, dá bhforáiltear i ndoiciméad oibre, i bhfoirm conradh fostaíochta nó oibre nó i bhfoirm cinneadh ceapacháin, nó leis an dlí, agus a bhaineann leis na freagrachtaí a shonraítear i sainchuntas poist an chomhalta foirne lena mbaineann;

(b)

aon chostais eile atá nasctha go díreach le híocaíochtaí tuarastail arna dtabhú agus arna n-íoc ag an bhfostaí, amhail cánacha fostaíochta agus slándáil shóisialta lena n-áirítear pinsin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i)

déantar foráil maidir leo i ndoiciméad fostaíochta nó leis an dlí;

(ii)

tá siad i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear sa doiciméad fostaíochta agus le cleachtais chaighdeánacha sa tír nó san eagraíocht ina bhfuil an ball foirne aonair ag obair go hiarbhír, nó iontu araon; agus

(iii)

níl siad inghnóthaithe ag an bhfostóir.

Maidir le pointe (a) den chéad fhomhír, féadfaidh íocaíochtaí a dhéantar le daoine nádúrtha a oibríonn don chomhpháirtí Interreg faoi chonradh seachas conradh fostaíochta nó oibre a bheith comhshamhlaithe le híocaíochtaí tuarastail agus measfar gur doiciméad fostaíochta é conradh den sórt sin.

3.   Féadfar costais foirne a aisíoc:

(a)

i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, agus an doiciméad fostaíochta agus duillíní pá mar chruthúnas air sin;

(b)

faoi roghanna costais simplithe mar a leagtar amach i bpointí (b) go (f) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060;

(c)

mar ráta comhréidh dar luach suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne dhíreacha na hoibríochta sin, gan ceanglas a bheith ar an mBallstát ríomh ar bith a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh; nó

(d)

mar ráta uaire i gcomhréir le hAirteagal 55(2) go (4) de Rialachán (AE) 2021/1060 le haghaidh na gcostas foirne díreach a bhaineann le daoine aonair a oibríonn go lánaimseartha ar an oibríocht nó le haghaidh daoine aonair a oibríonn go páirtaimseartha ar an oibríocht de bhun phointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo.

4.   Féadfar na costais foirne a bhaineann le daoine aonair a oibríonn go páirtaimseartha ar an oibríocht a ríomh mar cheachtar díobh seo a leanas :

(a)

céatadán seasta den ollchostas fostaíochta i gcomhréir le hAirteagal 55(5) de Rialachán (AE) 2021/1060; nó

(b)

sciar solúbtha den ollchostas fostaíochta, i gcomhréir le líon uaireanta a athraíonn de réir na míosa a oibrítear ar an oibríocht, bunaithe ar chóras clárúcháin ama lena gcumhdaítear 100 % den am a chaitheann an fostaí ag obair.

5.   Maidir le baill foirne a fhostaítear de bhun phointe (d) de mhír 1, déanfar an ráta uaire a iolrú faoi líon na n-uaireanta a d’oibrigh siad go hiarbhír ar an oibríocht bunaithe ar chóras clárúcháin ama.

Airteagal 40

Costais oifige agus riaracháin

1.   Beidh costais oifige agus riaracháin teoranta do na heilimintí seo a leanas:

(a)

cíos oifige;

(b)

árachas agus cánacha a bhaineann leis na foirgnimh ina bhfuil an fhoireann lonnaithe agus le trealamh na hoifige (amhail árachas dóiteáin nó gadaíochta);

(c)

fóntais (amhail leictreachas, teas, uisce);

(d)

soláthairtí oifige;

(e)

cuntasaíocht;

(f)

cartlanna;

(g)

cothabháil, glanadh agus deisithe;

(h)

slándáil;

(i)

córais TF;

(j)

cumarsáid (amhail teileafón, facs, idirlíon, seirbhísí poist, cártaí gnó);

(k)

muirir bhainc chun an cuntas nó na cuntais a oscailt agus a riar i gcás inar gá cuntas ar leithligh a oscailt chun oibríocht a chur chun feidhme; agus

(l)

muirir i leith idirbhearta airgeadais trasnáisiúnta.

2.   Féadfar costais oifige agus riaracháin a ríomh mar chéatadán seasta den ollchostas fostaíochta i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 41

Costais taistil agus chóiríochta

1.   Beidh costais taistil agus chóiríochta, cibé acu a thabhaítear nó nach dtabhaítear agus a íoctar nó nach n-íoctar na costais sin laistigh de limistéar an chláir nó lasmuigh de, teoranta do na heilimintí costais seo a leanas:

(a)

costais taistil (amhail ticéid, árachas taistil agus gluaisteáin, breosla, míleáiste gluaisteáin, dola, agus táillí páirceála);

(b)

costais béilí;

(c)

costais chóiríochta;

(d)

costais víosa; agus

(e)

liúntais laethúla.

2.   Aon eilimint chostais a liostaítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1 a chumhdaítear le liúntas laethúil, ní aisíocfar í sa bhreis ar an liúntas laethúil.

3.   Tagann costais taistil agus chóiríochta a bhaineann le saineolaithe seachtracha agus soláthraithe seirbhísí seachtracha faoi chostais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha a liostaítear in Airteagal 42.

4.   Maidir le híocaíocht dhíreach caiteachais le haghaidh eilimintí costais a liostaítear i bpointí (a) go (d) de mhír 1 a dhéanann fostaí de chuid an tairbhí, beidh cruthúnas aisíocaíochta mar thacaíocht léi ón tairbhí leis an bhfostaí sin.

5.   Féadfar costais taistil agus chóiríochta oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh dar luach suas le 15 % de chostais foirne dhíreacha na hoibríochta sin, gan ceanglas a bheith ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh.

Airteagal 42

Costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha

Beidh na costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha teoranta do na seirbhísí agus don saineolas seo a leanas a sholáthróidh comhlacht poiblí nó príobháideach nó duine nádúrtha, seachas an tairbhí, agus comhpháirtithe uile na hoibríochta:

(a)

staidéir nó suirbhéanna (amhail meastóireachtaí, straitéisí, nótaí coincheapa, pleananna dearaidh, lámhleabhair);

(b)

oiliúint;

(c)

aistriúcháin;

(d)

forbairt, modhnuithe agus nuashonruithe a dhéanamh ar na córais TF agus ar an suíomh gréasáin;

(e)

cur chun cinn, cumarsáid, poiblíocht, ítimí agus gníomhaíochta fógraíochta nó faisnéis a bhaineann le hoibríocht inti féin nó le clár comhair ann féin;

(f)

bainistíocht airgeadais;

(g)

seirbhísí a bhaineann le heagrú agus cur chun feidhme ócáidí nó cruinnithe (lena n-áirítear cíos, lónadóireacht nó ateangaireacht);

(h)

rannpháirteachas in ócáidí (amhail táillí clárúcháin);

(i)

comhairleacht dlí agus seirbhísí nótaire, saineolas teicniúil agus airgeadais, seirbhísí comhairleachta agus cuntasaíochta eile;

(j)

cearta maoine intleachtúla;

(k)

fíoruithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus Airteagal 46(1) den Rialachán seo;

(l)

costais le haghaidh na feidhme cuntasaíochta ar leibhéal na gclár de bhun Airteagal 76 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus Airteagal 47 den Rialachán seo;

(m)

costais iniúchóireachta ar leibhéal na gclár de bhun Airteagail 78 agus 81 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus de bhun Airteagail 48 agus 49 den Rialachán seo;

(n)

ráthaíochtaí a bheith á dtabhairt ag banc nó institiúid airgeadais eile i gcás inar gá de réir dhlí an Aontais nó de réir an dlí náisiúnta nó i ndoiciméad clársceidealaithe arna ghlacadh ag an gcoiste faireacháin;

(o)

taisteal agus cóiríocht le haghaidh saineolaithe seachtracha, cainteoirí, cathaoirligh cruinnithe agus soláthraithe seirbhísí; agus

(p)

saineolas agus seirbhísí sonracha eile is gá le haghaidh oibríochtaí.

Airteagal 43

Costais trealaimh

1.   Na costais a bhaineann le trealamh a cheannaíonn tairbhí na hoibríochta, a ghlacann sé ar cíos nó a thógann sé ar léas seachas na cinn a chumhdaítear le hAirteagal 40, beidh siad teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

trealamh oifige;

(b)

crua-earraí agus bogearraí TF;

(c)

troscán agus feistis;

(d)

trealamh saotharlainne;

(e)

meaisíní agus ionstraimí;

(f)

uirlisí nó feistí;

(g)

feithiclí; agus

(h)

trealamh sonrach eile is gá le haghaidh oibríochtaí.

2.   Féadfaidh na costais a bhaineann le trealamh athláimhe a cheannach a bheith incháilithe faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní bhfuarthas aon chúnamh eile lena aghaidh ó na cistí Interreg ná ó na cistí a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2021/1060;

(b)

ní sháraíonn a phraghas an praghas a bhfuil glactha go ginearálta leis ar an margadh atá i gceist; agus

(c)

tá saintréithe teicniúla aige is gá le haghaidh na hoibríochta agus comhlíonann sé na noirm agus na caighdeáin is infheidhme.

Airteagal 44

Costais le haghaidh bonneagair agus oibreacha

Beidh na costais le haghaidh bonneagair agus oibreacha teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

ceannach talún i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2021/1060;

(b)

ceadanna tógála;

(c)

ábhar tógála;

(d)

saothar; agus

(e)

idirghabhálacha speisialaithe (amhail feabhsú ithreach, imréiteach mianach).

CAIBIDIL VI

ÚDARÁIS CLÁR INTERREG, BAINISTÍOCHT, RIALÚ AGUS INIÚCHÓIREACHT

Airteagal 45

Údaráis clár Interreg

1.   Déanfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg údarás bainistíochta aonair agus údarás iniúchóireachta aonair a shainaithint, chun críocha Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Beidh an t-údarás bainistíochta agus an t-údarás iniúchóireachta lonnaithe sa Bhallstát céanna.

3.   Maidir leis an gclár trasteorann PEACE PLUS, measfar go mbeidh Comhlacht na gClár Speisialta AE, i gcás ina sainaithnítear mar an t-údarás bainistíochta é, lonnaithe i mBallstát.

4.   Féadfaidh na Ballstát agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg GECC a shainaithint mar údarás bainistíochta an chláir sin.

5.   I gcás ina sainaithníonn an t-údarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó faoi chlár Interreg i gcomhréir le hAirteagal 71(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfaidh an comhlacht idirmheánach na cúraimí sin i mbreis agus Ballstát rannpháirteach amháin nó, i gcás inarb infheidhme, i mbreis agus tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear amháin atá rannpháirteach. Gan dochar d’Airteagal 22 den Rialachán seo, ní fhéadfaidh comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó na cúraimí sin a dhéanamh ach i mBallstát rannpháirteach amháin nó, i gcás inarb infheidhme, i dtríú tír, i dtír chomhpháirtíochta nó i dtír nó críoch thar lear atá rannpháirteach i gcás gur bunaithe ar struchtúir arb ann dóibh cheana a bhíonn an cur chuige sin.

Airteagal 46

Feidhmeanna an údaráis bainistíochta

1.   Comhlíonfaidh an t-údarás bainistíochta ar chlár Interreg na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagail 72, 74 agus 75 de Rialachán (AE) 2021/1060, cé is moite den chúram a bhaineann le roghnú oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 72(1) agus in Airteagal 73 den Rialachán sin agus, i gcás inar comhlacht difriúil a chomhlíonann an fheidhm chuntasaíochta de bhun Airteagal 47 den Rialachán seo, cé is moite de na híocaíochtaí a dhéantar le tairbhithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfar na feidhmeanna sin sa chríoch iomlán a chumhdaítear leis an gclár sin, faoi réir na maoluithe a leagtar amach de bhun Chaibidil VIII den Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, le haon tríú tíortha, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg rúnaíocht chomhpháirteach a chur ar bun le foireann ag cur an chláir comhpháirtíochta san áireamh.

Beidh an rúnaíocht chomhpháirteach de chúnamh ag an údarás bainistíochta agus ag an gcoiste faireacháin a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh. Cuirfidh an rúnaíocht chomhpháirteach faisnéis ar fáil do thairbhithe ionchasacha maidir le deiseanna cistiúcháin faoi chláir Interreg agus cuideoidh sí le tairbhithe agus le comhpháirtithe chun oibríochtaí a chur chun feidhme.

Maidir le cláir Interreg a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh ón Aontas, féadfar oifig brainse amháin nó níos mó den rúnaíocht chomhpháirteach a chur ar bun i dtír chomhpháirtíochta amháin nó níos mó nó i dtír nó críoch thar lear amháin nó níos mó chun a cúraimí a dhéanamh níos gaire do thairbhithe agus comhpháirtithe ionchasacha ón tír chomhpháirtíochta nó ón tír nó críoch thar lear, faoi seach.

3.   De mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus gan dochar d’Airteagal 45(5) den Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, an tríú tír, an tír chomhpháirtíochta nó an tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg a chinneadh go bhfuil gach Ballstát leis na fíoruithe bainistíochta dá tagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 a dhéanamh trí chomhlacht nó duine a bheidh freagrach as an bhfíorú sin ar a chríoch féin a shainaithint (“an rialaitheoir”).

4.   Féadfaidh na rialaitheoirí a bheith ionann is na comhlachtaí céanna atá freagrach as fíoruithe den sórt sin a dhéanamh le haghaidh na gclár faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis nó, i gcás tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críocha thar lear, as fíoruithe inchomparáide a dhéanamh faoi ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Beidh aon rialaitheoir neamhspleách ó thaobh feidhme de ar an údarás iniúchóireachta nó ar aon chomhalta den ghrúpa iniúchóirí.

5.   I gcás inar cinneadh go ndéanann rialaitheoirí sainaitheanta na fíoruithe bainistíochta de bhun mhír 4, deimhneoidh an t-údarás bainistíochta dó féin go ndearna rialaitheoir sainaitheanta caiteachas na dtairbhithe atá rannpháirteach in oibríocht a fhíorú.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear gur féidir caiteachas tairbhí a fhíorú laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis don tairbhí lena mbaineann na doiciméid a thíolacadh.

7.   Beidh gach Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear freagrach as na fíoruithe a dhéantar ar a chríoch nó a críoch féin.

8.   Sainaithneoidh gach Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta agus tír agus críoch thar lear mar rialaitheoir údarás náisiúnta nó réigiúnach nó comhlacht príobháideach nó duine nádúrtha mar a leagtar amach i mír 9.

9.   I gcás inar comhlacht príobháideach nó duine nádúrtha é an rialaitheoir a dhéanann fíoruithe bainistíochta, comhlíonfaidh na rialaitheoirí sin ceann amháin ar a laghad de na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh siad ina gcomhaltaí de chomhlacht nó d’institiúid náisiúnta cuntasaíochta nó iniúchóireachta atá ina chomhalta é féin nó ina comhalta í féin de Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC);

(b)

beidh siad ina gcomhaltaí de chomhlacht nó d’institiúid náisiúnta cuntasaíochta nó iniúchóireachta nach comhalta de IFAC é nó í ach atá tiomanta do na fíoruithe bainistíochta a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin agus eitic IFAC;

(c)

beidh siad cláraithe mar iniúchóir reachtúil i gclár poiblí comhlachta formhaoirseachta poiblí i mBallstát i gcomhréir le prionsabail na maoirseachta poiblí a leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21); nó

(d)

beidh siad cláraithe mar iniúchóir reachtúil i gclár poiblí comhlachta formhaoirseachta poiblí i dtríú tír, i dtír chomhpháirtíochta nó i dtír nó críoch thar lear, ar choinníoll go bhfuil an clár sin faoi réir phrionsabail na maoirseachta poiblí a leagtar amach i reachtaíocht na tíre lena mbaineann.

Airteagal 47

An fheidhm chuntasaíochta

1.   Tiocfaidh na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg ar chomhaontú maidir leis na socruithe a bhaineann leis an bhfeidhm chuntasaíochta a chomhlíonadh.

2.   Is é a bheidh i gceist leis an bhfeidhm chuntasaíochta na cúraimí a liostaítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus cumhdófar léi freisin na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus, mar riail ghinearálta, na híocaíochtaí arna ndéanamh leis an gcomhpháirtí cinn i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 74(1) den Rialachán sin.

Airteagal 48

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   Comhlíonfaidh an t-údarás iniúchóireachta cláir Interreg na feidhmeanna dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 49 sa chríoch iomlán a chumhdaítear leis an gclár Interreg sin.

I gcás nach mbíonn údarú ag an údarás iniúchóireachta ar feadh na críche go léir a chumhdaítear faoin gclár comhair, beidh cúnamh aige ó ghrúpa iniúchóirí ina mbeidh ionadaí as gach Ballstát agus, i gcás inarb infheidhme, as gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg. Beidh gach Ballstát agus, i gcás inarb infheidhme, gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear freagrach as na hiniúchtaí a dhéantar ar a gcríoch féin.

Beidh ionadaí gach Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme, ionadaí gach tríú tír, gach tíre comhpháirtíochta nó gach tíre nó críche thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg freagrach as na gnéithe fíorasacha a sholáthar a bhaineann le caiteachas ar a gcríoch féin a bheidh ag teastáil ón údarás iniúchóireachta chun a mheasúnú a dhéanamh.

Bunófar an grúpa iniúchóirí ar a dhéanaí laistigh de 3 mhí ón gcinneadh lena bhformheastar an clár Interreg de bhun Airteagal 18. Déanfaidh sé a chuid rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus is é an t-údarás iniúchóireachta le haghaidh an chláir Interreg a ghníomhóidh mar chathaoirleach air.

Beidh na hiniúchóirí neamhspleách ó thaobh feidhme de ar chomhlachtaí nó ar dhaoine atá freagrach as fíoruithe bainistíochta de bhun Airteagal 46(3).

2.   Beidh údarás iniúchóireachta cláir Interreg freagrach as iniúchtaí córas agus iniúchtaí ar oibríochtaí a dhéanamh chun dearbhú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún go bhfeidhmíonn na córais bhainistithe agus rialaithe go héifeachtach agus go bhfuil an caiteachas a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin dlíthiúil agus rialta.

3.   I gcás ina gcuirtear clár Interreg san áireamh sa daonra as a roghnaíonn an Coimisiún sampla coiteann de bhun Airteagal 49(1), déanfaidh an t-údarás iniúchóireachta iniúchtaí ar oibríochtaí arna roghnú ag an gCoimisiún chun dearbhú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún go bhfeidhmíonn córais bhainistithe agus rialaithe go héifeachtach.

4.   Déanfar obair iniúchóireachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

5.   Déanfaidh an t-údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bhliantúil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 15 Feabhra tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta i gcomhréir le hAirteagal 63(7) den Rialachán Airgeadais ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta ar fad arna déanamh, ina gcumhdaítear gach ceann de na comhchodanna seo a leanas:

(a)

iomláine, fírinneacht agus cruinneas na gcuntas;

(b)

dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirtear san áireamh sna cuntais arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin; agus

(c)

córas bainistithe agus rialaithe an chláir Interreg.

I gcás ina gcuirtear an clár Interreg san áireamh sa daonra as a roghnaíonn an Coimisiún sampla coiteann de bhun Airteagal 49(1), ní chumhdófar ach na heilimintí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo sa tuairim iniúchóireachta bhliantúil.

In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún spriocdháta an 15 Feabhra a shíneadh go dtí an 1 Márta, arna iarraidh don údarás iniúchóireachta.

6.   Tarraingeoidh an t-údarás iniúchóireachta suas tuarascáil bhliantúil ar rialú agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í gach bliain faoin 15 Feabhra tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 63(5) den Rialachán Airgeadais ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XX de Rialachán (AE) 2021/1060 agus lena dtacaítear leis an tuairim iniúchóireachta dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo agus lena leagtar amach achoimre ar na torthaí, lena n-áirítear anailís ar chineál agus ar mhéid aon earráidí agus easnamh sna córais chomh maith leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá beartaithe agus a cuireadh chun feidhme agus an ráta earráidí iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha a thagann dá bharr sin le haghaidh an chaiteachais a iontráladh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

7.   I gcás ina gcuirtear an clár Interreg san áireamh sa daonra as a roghnaíonn an Coimisiún sampla coiteann de bhun Airteagal 49(1), tarraingeoidh an t-údarás iniúchóireachta an tuarascáil bhliantúil ar rialú dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo suas, ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060, ar tuarascáil í a chomhlíonann ceanglais phointe (b) d’Airteagal 63(5) den Rialachán Airgeadais agus a thacaíonn leis an tuairim iniúchóireachta dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal seo.

Leagfar amach achoimre ar na torthaí sa tuarascáil sin, lena n-áirítear anailís ar chineál agus ar mhéid aon earráidí agus easnamh sna córais mar aon leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha atá beartaithe agus a cuireadh chun feidhme, torthaí na n-iniúchtaí ar oibríochtaí arna ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta i ndáil leis an sampla coiteann dá dtagraítear in Airteagal 49(1) agus na ceartuithe airgeadais arna gcur i bhfeidhm ag údaráis an chláir Interreg i ndáil le haon neamhrialtachtaí aonair a bhraith an t-údarás iniúchóireachta i dtaca leis na hoibríochtaí sin.

8.   Tarchuirfidh an t-údarás iniúchóireachta tuarascálacha iniúchóireachta córas chuig an gCoimisiún a luaithe agus a thabharfar an nós imeachta bréagnaitheach is gá leis na hiniúchaithe ábhartha i gcrích.

9.   Tiocfaidh an Coimisiún agus an t-údarás iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta agus uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, chun an straitéis iniúchóireachta, an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus an tuairim iniúchóireachta a scrúdú, chun a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus chun tuairimí a mhalartú maidir le saincheisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar chórais bhainistithe agus rialaithe.

Airteagal 49

Iniúchóireacht ar oibríochtaí

1.   Roghnóidh an Coimisiún sampla coiteann d’oibríochtaí, nó aonaid samplála eile, ag úsáid modh samplála staidrimh le haghaidh na n-iniúchtaí ar oibríochtaí a bheidh le déanamh ag na húdaráis iniúchóireachta i gcomhair na gclár Interreg a fhaigheann tacaíocht ó CFRE nó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais i ndáil le gach bliain chuntasaíochta.

Beidh an sampla coiteann ionadaíoch do na cláir Interreg uile arb é an daonra iad.

Chun an sampla coiteann a roghnú, féadfaidh an Coimisiún grúpaí de chláir Interreg a shrathú de réir a rioscaí sonracha.

2.   Soláthróidh údaráis na gclár an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun sampla coiteann a roghnú faoin 1 Lúnasa tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta.

Tíolacfar an fhaisnéis sin i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach, beidh sí iomlán agus réiteofar í leis an gcaiteachas arna dhearbhú don Choimisiún don bhliain chuntasaíochta tagartha.

3.   Gan dochar don cheanglas maidir le hiniúchadh a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 48(2), ní dhéanfaidh na húdaráis iniúchóireachta le haghaidh cláir Interreg a chumhdaítear leis an sampla coiteann iniúchtaí breise ar oibríochtaí faoi na cláir sin, mura rud é go n-iarrann an Coimisiún orthu déanamh amhlaidh i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo nó i gcásanna inar shainaithin údarás iniúchóireachta rioscaí sonracha.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis iniúchóireachta ar na cláir Interreg lena mbaineann ar an eolas in am trátha faoin sampla coiteann arna roghnú chun deis a thabhairt do na húdaráis sin na hiniúchtaí a dhéanamh ar oibríochtaí, i gcoitinne, faoin 1 Meán Fómhair tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta.

5.   Tíolacfaidh na húdaráis iniúchóireachta lena mbaineann faisnéis faoi thorthaí na n-iniúchtaí sin agus faoi aon cheartú airgeadais arna dhéanamh i ndáil le neamhrialtachtaí aonair arna mbrath, ar a dhéanaí sna tuarascálacha bliantúla ar rialú atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 48(6) agus (7).

6.   Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar thorthaí na n-iniúchtaí ar oibríochtaí arna roghnú faoi mhír 1, ríomhfaidh an Coimisiún ráta earráidí eachtarshuite foriomlán maidir leis na cláir Interreg a chuirtear san áireamh sa daonra as ar roghnaíodh an sampla coiteann, chun críocha a phróisis dearbhaithe féin.

7.   I gcás ina bhfuil an ráta earráidí eachtarshuite foriomlán dá dtagraítear i mír 6 os cionn 2 % den chaiteachas iomlán arna dhearbhú do na cláir Interreg a chuirtear san áireamh sa daonra as ar roghnaíodh an sampla coiteann, ríomhfaidh an Coimisiún ráta earráidí iarmharacha foriomlán, ag cur ceartuithe airgeadais san áireamh arna gcur i bhfeidhm ag údaráis na gclár Interreg ábhartha le haghaidh neamhrialtachtaí aonair arna mbrath trí iniúchtaí ar oibríochtaí arna roghnú faoi mhír 1.

8.   I gcás ina bhfuil an ráta earráidí iarmharacha foriomlán dá dtagraítear i mír 7 níos mó ná 2 % den chaiteachas arna dhearbhú do na cláir Interreg a chuirtear san áireamh sa daonra as ar roghnaíodh an sampla coiteann, cinnfidh an Coimisiún an gá a iarraidh ar údarás iniúchóireachta cláir Interreg ar leith nó grúpa clár Interreg is mó a ndéantar difear dó obair iniúchóireachta bhreise a dhéanamh chun a thuilleadh meastóireachta a dhéanamh ar an ráta earráidí agus measúnú a dhéanamh ar na bearta ceartaitheacha is gá le haghaidh na gclár Interreg a ndéanann na neamhrialtachtaí arna mbrath difear dóibh.

9.   Bunaithe ar an measúnú ar thorthaí na hoibre iniúchóireachta breise arna hiarraidh de bhun mhír 8 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais breise a iarraidh lena gcur i bhfeidhm maidir leis na cláir Interreg a ndéanann na neamhrialtachtaí arna mbrath difear dóibh. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh údaráis an chláir Interreg na ceartuithe airgeadais is gá i gcomhréir le hAirteagal 103 de Rialachán (AE) 2021/1060.

10.   Maidir le gach údarás iniúchóireachta ar chlár Interreg a bhfuil an fhaisnéis ina leith dá dtagraítear i mír 2 ar iarraidh nó neamhiomlán nó gan bheith tíolactha faoin spriocdháta a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír sin, déanfaidh sé cleachtadh samplála ar leithligh le haghaidh an chláir Interreg ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (AE) 2021/1060.

CAIBIDIL VII

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS

Airteagal 50

Gealltanais bhuiséadacha

Leis na cinntí ón gCoimisiún lena bhformheastar cláir Interreg de bhun Airteagal 18 den Rialachán seo, comhlíonfar na ceanglais is gá chun a bheith ina gcinntí maoiniúcháin de réir bhrí Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais maidir le CFRE agus leis an tacaíocht ó ionstraim maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte.

Airteagal 51

Íocaíochtaí agus réamh-mhaoiniú

1.   Déanfar ranníocaíocht CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, an tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais do gach clár Interreg a íoc isteach, i gcomhréir le hAirteagal 47(2), i gcuntas aonair nach mbeidh aon fhochuntais náisiúnta aige.

2.   Íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú bunaithe ar an tacaíocht iomlán ó gach ciste Interreg, mar a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar gach clár Interreg de bhun Airteagal 18, faoi réir cistí a bheith ar fáil, i dtráthchodanna bliantúla mar a leanas agus roimh an 1 Iúil sna blianta 2022 go 2026, nó, sa bhliain ina bhformheastar an cinneadh, tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis ghlacadh an chinnidh sin:

(a)

2021: 1 %;

(b)

2022: 1 %;

(c)

2023: 3 %;

(d)

2024: 3 %;

(e)

2025: 3 %;

(f)

2026: 3%.

3.   I gcás ina bhfaigheann cláir Interreg tacaíocht ó CFRE agus CTT IPA III agus i gcás ina bhfuil an ranníocaíocht ó CFRE 50 % nó níos lú de leithdháileadh iomlán an Aontais, íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán IPA III.

4.   I gcás ina bhfaigheann cláir Interreg tacaíocht ó CFRE agus ó ICFCI nó ó ICFCI agus IPA III araon, agus i gcás ina bhfuil an ranníocaíocht ó CFRE 50 % nó níos lú de leithdháileadh iomlán an Aontais, íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/947, agus na riachtanais airgeadais iarbhír á gcur san áireamh.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 96 agus 97 de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis an réamh-mhaoiniú de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo.

5.   Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin gach bliain le haghaidh 2021 agus 2022 agus tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh le haghaidh 2023 agus blianta ina dhiaidh sin agus le haghaidh méideanna arna n-íoc mar réamh-mhaoiniú a leagtar amach de bhun mhíreanna 3 agus 4.

Airteagal 52

Gnóthuithe

1.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéanfar aon mhéid a íocadh mar thoradh ar neamhrialtacht a ghnóthú ón gcomhpháirtí cinn nó ón gcomhpháirtí aonair. Déanfaidh comhpháirtithe aon mhéideanna a íocadh go míchuí a aisíoc leis an gcomhpháirtí cinn.

2.   Na Ballstáit, tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta nó tíortha nó críocha thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg ar leith, beidh sé de cheart acu a chinneadh nach mbeidh sé d’oibleagáid ar an gcomhpháirtí cinn ná ar an gcomhpháirtí aonair agus ar údarás bainistíochta an chláir méid a ghnóthú, ar méid é nach airde ná EUR 250, gan ús san áireamh, a íocadh go míchuí as aon cheann de na cistí Interreg mar ranníocaíocht le haon oibríocht le linn na bliana cuntasaíochta.

Ní gá aon fhaisnéis a sholáthar don Choimisiún seachas faisnéis i dtaobh cinneadh a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre.

3.   I gcás nach n-éiríonn leis an gcomhpháirtí cinn aisíocaíocht a dhaingniú ó chomhpháirtithe eile nó i gcás nach n-éiríonn leis an údarás bainistíochta aisíocaíocht a dhaingniú ón gcomhpháirtí cinn nó ón gcomhpháirtí aonair, déanfaidh an Ballstát, an tríú tír, an tír chomhpháirtíochta nó an tír nó an chríoch thar lear a bhfuil an comhpháirtí lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch nó ar a críoch nó, i gcás GECC, ina bhfuil an comhpháirtí lena mbaineann cláraithe, aon mhéideanna a íocadh go míchuí leis an gcomhpháirtí sin a aisíoc leis an údarás bainistíochta. Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir le cionroinnt na ndliteanas i measc na mBallstát, na dtríú tíortha, na dtíortha comhpháirtíochta nó na dtíortha nó na gcríoch thar lear atá rannpháirteach a leagtar amach sa chlár Interreg.

4.   A luaithe a bheidh aon mhéideanna a íocadh go míchuí le comhpháirtí aisíoctha leis an údarás bainistíochta ag an mBallstát, ag an tríú tír, ag an tír chomhpháirtíochta nó ag an tír nó ag an gcríoch thar lear, féadfaidh sé nó sí leanúint de nós imeachta um ghnóthú, nó nós imeachta den sórt sin a thosú, i gcoinne an chomhpháirtí sin de bhun a dhlí nó a dlí náisiúnta. I gcás ina ngnóthaítear na méideanna sin go rathúil, féadfaidh an Ballstát, an tríú tír, an tír chomhpháirtíochta nó an tír nó an chríoch thar lear na méideanna sin a úsáid mar chómhaoiniú náisiúnta i gcomhair an chláir Interreg lena mbaineann. Ní bheidh aon oibleagáidí tuairiscithe ag an mBallstát, ag an tríú tír, ag an tír chomhpháirtíochta ná ag an tír nó ag an gcríoch thar lear i leith údaráis na gclár, an choiste faireacháin ná an Choimisiúin maidir le gnóthuithe náisiúnta den sórt sin.

5.   I gcás nach mbeidh aon mhéideanna a íocadh go míchuí le comhpháirtí aisíoctha ag Ballstát, tríú tír, tír chomhpháirtíochta ná tír nó críoch thar lear leis an údarás bainistíochta de bhun mhír 4 den Airteagal seo, beidh na méideanna sin faoi réir ordú gnóthaithe arna eisiúint ag an gCoimisiún a fhorghníomhófar, i gcás inar féidir, trína bhfritháireamh i gcoinne na méideanna atá dlite don Bhallstát, don tríú tír, don tír chomhpháirtíochta nó don tír nó don chríoch thar lear, faoi seach. Ní bheidh gnóthú den sórt sin ina cheartú airgeadais ná ní laghdófar leis an tacaíocht a fhaigheann an clár Interreg ábhartha ó CFRE nó aon ionstraim maoinithe sheachtraigh. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais a bheidh sa mhéid arna ghnóthú.

Maidir le méideanna nach n-aisíocann an Ballstát leis an údarás bainistíochta, is le híocaíochtaí a dhéanfar ina dhiaidh sin leis an gclár Interreg céanna a bhainfidh an fritháireamh. Ansin, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an fritháireamh sin i leith an Bhallstáit i gcomhréir le cionroinnt na ndliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach mar a leagtar amach sa chlár Interreg i gcás ceartuithe airgeadais arna bhforchur ag an údarás bainistíochta nó ag an gCoimisiún.

Maidir le méideanna nach n-aisíocann tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear leis an údarás bainistíochta, is le híocaíochtaí a dhéanfar ina dhiaidh sin le cláir faoi ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais faoi seach a bhainfidh an fritháireamh.

CAIBIDIL VIII

RANNPHÁIRTÍOCHT TRÍÚ TÍORTHA NÓ TÍORTHA COMHPHÁIRTÍOCHTA, TÍORTHA NÓ CRÍOCH THAR LEAR NÓ EAGRAÍOCHTAÍ UM LÁNPHÁIRTIÚ AGUS COMHAR RÉIGIÚNACH I GCLÁIR INTERREG FAOI BHAINISTÍOCHT ROINNTE

Airteagal 53

Na forálacha is infheidhme

Beidh feidhm ag Caibidlí I go VII agus Caibidil X maidir leis an gclár trasteorann PEACE PLUS agus le rannpháirtíocht tríú tíortha, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críoch thar lear agus eagraíochtaí um lánpháirtiú agus comhar réigiúnach a fhaigheann tacaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais i gcláir Interreg, faoi réir na bhforálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Airteagal 54

Údaráis clár Interreg agus a bhfeidhmeanna

1.   Déanfaidh gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta agus tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach i gclár Interreg údarás náisiúnta nó réigiúnach a shainaithint mar phointe teagmhála don údarás bainistíochta (“an pointe teagmhála”).

2.   Tabharfaidh an pointe teagmhála, comhlacht atá coibhéiseach le hoifigeach cumarsáide an chláir Interreg dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), nó an oifig brainse nó na hoifigí brainse, tacaíocht don údarás bainistíochta agus do na comhpháirtithe sa tríú tír, sa tír chomhpháirtíochta nó sa tír nó sa chríoch thar lear faoi seach maidir leis na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 36(2) go (6).

Airteagal 55

Modhanna bainistíochta

1.   Déanfar cláir Interreg A a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus CTT IPA III nó CTT-ICFCI a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte sna Ballstáit agus in aon tríú tír nó tír chomhpháirtíochta rannpháirteach.

Cuirfear an clár trasteorann PEACE PLUS chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon.

2.   Na cláir Interreg B agus C lena gcomhcheanglaítear ranníocaíochtaí ó CFRE agus ó ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais, cuirfear chun feidhme iad faoi bhainistíocht roinnte sna Ballstáit agus in aon tríú tír, tír chomhpháirtíochta, nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach nó, maidir le Interreg D, in aon tír nó críoch thar lear, cibé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an tír nó an chríoch thar lear sin tacaíocht faoi ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

3.   Na cláir Interreg D lena gcomhcheanglaítear ranníocaíochtaí ó CFRE agus ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais, déanfar iad a chur chun feidhme ar aon cheann de na slite seo a leanas:

(a)

faoi bhainistíocht roinnte sna Ballstáit agus in aon tríú tír nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach araon;

(b)

faoi bhainistíocht roinnte sna Ballstáit amháin agus in aon tríú tír nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach maidir le caiteachas CFRE lasmuigh den Aontas le haghaidh oibríocht amháin nó níos mó, ach déantar na ranníocaíochtaí ó ionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó de chuid an Aontais a bhainistiú faoi bhainistíocht indíreach;

(c)

faoi bhainistíocht indíreach sna Ballstáit agus in aon tríú tír nó tír agus críoch thar lear atá rannpháirteach araon.

I gcás ina gcuirtear clár Interreg D chun feidhme go hiomlán nó go páirteach faoi bhainistíocht indíreach, beidh feidhm ag Airteagal 61.

Airteagal 56

Incháilitheacht

1.   De mhaolú ar Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais má tabhaíodh agus má íocadh an caiteachas sin agus oibríochtaí Interreg á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme ón 1 Eanáir 2021 nó ón dáta ar tíolacadh an clár, cibé dáta acu is túisce, ach féadfar an caiteachas sin a éileamh ón gclár tar éis an dáta ar tugadh i gcrích an comhaontú maoinithe leis an tríú tír, leis an tír chomhpháirtíochta nó leis an tír nó leis an gcríoch thar lear lena mbaineann.

Mar sin féin, féadfar caiteachas ar chúnamh teicniúil arna bhainistiú ag údaráis cláir atá lonnaithe i mBallstát a éileamh ón gclár roimh an dáta ar tugadh i gcrích an comhaontú maoinithe leis an tríú tír, leis an tír chomhpháirtíochta nó leis an tír agus leis an gcríoch thar lear lena mbaineann.

2.   I gcás ina roghnaítear, faoi chlár Interreg, oibríochtaí bunaithe ar ghlaonna ar thograí, féadfar hiarratais ar ranníocaíocht ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh de chuid an Aontais a chur san áireamh i nglaonna den sórt sin, fiú i gcás inar seoladh na glaonna agus inar roghnaíodh na hoibríochtaí sular tugadh an comhaontú maoinithe ábhartha i gcrích.

Féadfaidh an t-údarás bainistíochta an doiciméad dá bhforáiltear in Airteagal 22(6) a sholáthar sular tugadh an comhaontú maoinithe ábhartha i gcrích.

Airteagal 57

Mórthionscadail bhonneagair

1.   Le cláir Interreg faoin gCaibidil seo, féadfar tacú le mórthionscadail bhonneagair a chiallaíonn oibríochtaí ina mbeadh tacar oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí agus é mar aidhm leo feidhm dhoroinnte de chineál beacht a chomhlíonadh agus cuspóirí comhleasa arna sainaithint go soiléir á saothrú chun infheistíochtaí a chur chun feidhme a bhfuil tionchar trasteorann leo agus tairbhí ag baint leo agus ina bhfuil sciar buiséid dar costas iomlán EUR 2 500 000 ar a laghad leithdháilte ar bhonneagar a fháil, a thógáil, nó a nuachóiriú.

2.   Cuirfidh gach tairbhí a bhfuil mórthionscadal bonneagair nó cuid de á cur chun feidhme aige na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme i bhfeidhm.

3.   Seolfaidh an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta den chlár Interreg ábhartha liosta de na mórthionscadail bhonneagair atá beartaithe chuig an gCoimisiún ina léirítear an t-ainm ionchasach, an suíomh ionchasach, an buiséad ionchasach agus an comhpháirtí cinn ionchasach. Seolfar an liosta sin mar dhoiciméad ar leithligh, tráth a tharchuirtear an chóip shínithe den chomhaontú maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 59 chuig an gCoimisiún nó 2 mhí ar a dhéanaí roimh an gcruinniú den choiste faireacháin nó, más infheidhme, den choiste stiúrtha ina roghnaítear an chéad cheann de na mórthionscadail bhonneagair atá beartaithe.

4.   I gcás ina bhfuil roghnú mórthionscadal bonneagair amháin nó níos mó ar chlár oibre cruinnithe de chuid coiste faireachán nó, i gcás inarb infheidhme, coiste stiúrtha, tarchuirfidh an t-údarás bainistíochta nóta coincheapa le haghaidh gach tionscadail den sórt sin chuig an gCoimisiún, mar eolas dó, 2 mhí ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe. Trí leathanach ar a mhéad a bheidh sa nóta coincheapa agus léireofar ann an t-ainm, an suíomh, an buiséad, an comhpháirtí cinn agus na comhpháirtithe mar aon leis na príomhchuspóirí agus na táirgí insoláthartha a bhaineann leo. Mura dtarchuirfear an nóta coincheapa maidir le mórthionscadal bonneagair amháin nó níos mó chuig an gCoimisiún faoin spriocdháta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar chathaoirleach an choiste faireacháin nó an choiste stiúrtha na tionscadail lena mbaineann a bhaint de chlár oibre an chruinnithe.

Airteagal 58

Soláthar

1.   I gcás ina bhfuil ar thairbhí conarthaí seirbhíse, soláthair nó oibreacha a chur ar fáil chun oibríocht a chur chun feidhme, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

i gcás inarb i gceann de na Ballstáit atá an tairbhí lonnaithe agus inarb údarás conarthach nó eintiteas conarthach é de réir bhrí dhlí an Aontais is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí, cuirfidh sé forálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin i bhfeidhm;

(b)

i gcás inar údarás poiblí de chuid tíre comhpháirtíochta faoi IPA III nó ICFCI é an tairbhí a n-aistrítear a chómhaoiniú chuig an údarás bainistíochta, féadfaidh sé forálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúchán agus riaracháin a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gceadaítear sin sa chomhaontú maoinithe agus go ndéantar an conradh a dhámhachtain don tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch, nó de réir mar is iomchuí, don tairiscint is ísle, agus aon choinbhleacht leasa á seachaint san am céanna.

2.   Maidir le hearraí, le hoibreacha nó le seirbhísí a dhámhachtain i ngach cás seachas na cinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na nósanna imeachta soláthair dá bhforáiltear in Airteagail 178 agus 179 den Rialachán Airgeadais agus i bpointí 36 go 41 de Chaibidil 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

Airteagal 59

Comhaontuithe maoinithe a thabhairt i gcrích faoi bhainistíocht roinnte

1.   Chun clár Interreg a chur chun feidhme i dtríú tír, i dtír chomhpháirtíochta nó i dtír nó i gcríoch thar lear, i gcomhréir le hAirteagal 112(4) den Rialachán Airgeadais, tabharfar comhaontú maoinithe i gcrích idir an Coimisiún, a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann an Aontais, agus gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach a ndéantar ionadaíocht thar a ceann i gcomhréir leis an gcreat dlí náisiúnta atá aici.

2.   Tabharfar aon chomhaontú maoinithe i gcrích faoin 31 Nollaig den bhliain tar éis na bliana ina ndearnadh an chéad ghealltanas buiséadach agus measfar gur tugadh i gcrích é an dáta ar shínigh an comhpháirtí deiridh é.

Tiocfaidh aon chomhaontú maoinithe i bhfeidhm an dáta:

(a)

ar shínigh an comhpháirtí deiridh é; nó

(b)

a thug an tríú tír nó an tír chomhpháirtíochta nó an tír nó an chríoch thar lear an nós imeachta is gá lena dhaingniú i gcomhréir leis an gcreat dlí náisiúnta atá aici chun críche agus a chuir sí an Coimisiún ar an eolas faoi.

3.   Soláthróidh an Coimisiún an dréacht-chomhaontú maoinithe agus an clár seachtrach á fhormheas aige.

I gcás ina mbeidh níos mó ná tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear amháin i gceist le clár Interreg, tabharfaidh an dá chomhpháirtí comhaontú maoinithe amháin ar a laghad i gcrích roimh an dáta a shonraítear i mír 2. Féadfaidh na tríú tíortha, na tíortha comhpháirtíochta nó na tíortha nó na críocha thar lear eile a gcomhaontuithe maoinithe faoi seach a shíniú ar a dhéanaí an 30 Meitheamh den dara bliain tar éis na bliana ina ndearnadh an chéad ghealltanas buiséadach.

4.   Maidir leis an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir Interreg ábhartha:

(a)

féadfaidh sé an comhaontú maoinithe a shíniú freisin; nó

(b)

síneoidh sé, gan mhoill, comhaontú cur chun feidhme le gach tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear atá rannpháirteach sa chlár Interreg sin ina leagfar amach na cearta agus na hoibleagáidí frithpháirteacha maidir lena chur chun feidhme agus leis an mbainistíocht airgeadais.

5.   Cumhdófar na heilimintí seo a leanas ar a laghad i gcomhaontú cur chun feidhme arna shíniú de bhun phointe (b) de mhír 4:

(a)

socruithe mionsonraithe le haghaidh íocaíochtaí;

(b)

bainistíocht airgeadais;

(c)

taifid a choinneáil;

(d)

oibleagáidí maidir le tuairisciú;

(e)

fíoruithe, rialuithe agus iniúchadh; agus

(f)

neamhrialtachtaí agus gnóthuithe.

6.   I gcás ina gcinneann an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir Interreg an comhaontú maoinithe a shíniú de bhun phointe (a) de mhír 4 den Airteagal seo, measfar gur uirlis é an comhaontú maoinithe sin chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus ní comhaontú idirnáisiúnta é dá dtagraítear in Airteagail 216 go 219 CFAE.

Airteagal 60

Ranníocaíocht ó thríú tír, ó thír chomhpháirtíochta nó ó thír nó ó chríoch thar lear seachas cómhaoiniú

1.   I gcás ina n-aistríonn tríú tír, tír chomhpháirtíochta nó tír nó críoch thar lear ranníocaíocht airgeadais chuig an údarás bainistíochta chun tacú leis an gclár Interreg, seachas cómhaoiniú na tacaíochta ón Aontas don chlár Interreg, beidh na rialacha maidir leis an ranníocaíocht sin sa doiciméad seo a leanas:

(a)

i gcás ina síníonn an Ballstát lena mbaineann an comhaontú maoinithe de bhun phointe (a) d’Airteagal 59(4), i gceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)

cuid ar leith den chomhaontú maoinithe sin; nó

(ii)

i gcomhaontú cur chun feidhme ar leithligh arna shíniú idir an Ballstát atá ina óstach ar an údarás bainistíochta agus an tríú tír, an tír chomhpháirtíochta nó an tír nó an chríoch thar lear nó go díreach idir an t-údarás bainistíochta agus an t-údarás inniúil sa tríú tír, sa tír chomhpháirtíochta nó sa tír nó sa chríoch thar lear; agus

(b)

i gcás ina síníonn an Ballstát lena mbaineann comhaontú cur chun feidhme de bhun phointe (b) d’Airteagal 59(4), i gceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)

cuid ar leith den chomhaontú cur chun feidhme sin; nó

(ii)

comhaontú cur chun feidhme breise arna shíniú idir na comhpháirtithe céanna dá dtagraítear i bpointe (a).

Chun críocha phointe (b)(i) den chéad fhomhír, féadfar an ranníocaíocht airgeadais arna haistriú agus an tacaíocht ón Aontas don chlár Interreg a chumhdach i ranna den chomhaontú cur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme.

2.   Beidh ar a laghad na heilimintí maidir le cómhaoiniú an tríú tír, na tíre comhpháirtíochta nó na tíre nó na críche thar lear a liostaítear in Airteagal 59(5) i gcomhaontú cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Ina theannta sin, leagfar amach ann an dá cheann díobh seo a leanas:

(a)

méid na ranníocaíochta airgeadais breise; agus

(b)

an úsáid atá beartaithe agus na coinníollacha lena húsáid, lena n-áirítear na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh sna hiarratais ar an ranníocaíocht bhreise sin.

3.   Maidir leis an gclár trasteorann PEACE PLUS, beidh an ranníocaíocht airgeadais le gníomhaíochtaí an Aontais ón Ríocht Aontaithe i bhfoirm ioncam sannta seachtrach dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 21(2) den Rialachán Airgeadais ina cuid de na leithreasuithe buiséid le haghaidh Cheannteideal 2 “Comhtháthú agus Luachanna”, fo-uasteorainn “Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach”.

Beidh an ranníocaíocht sin faoi réir comhaontú maoinithe sonrach leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 59 den Rialachán seo. Beidh an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe mar aon le hÉirinn ina bpáirtithe sa chomhaontú maoinithe sonrach sin.

Déanfar an comhaontú maoinithe sonrach a thabhairt i gcrích roimh thús chur chun feidhme an chláir, rud a thabharfaidh deis do Chomhlacht na gClár Speisialta AE reachtaíocht de chuid an Aontais is infheidhme maidir le cur chun feidhme an chláir a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE BAINISTÍOCHT INDÍREACH

Airteagal 61

Comhar na réigiún is forimeallaí

1.   I gcás ina gcuirtear clár Interreg D chun feidhme go páirteach nó go hiomlán faoi bhainistíocht indíreach, le toiliú an Bhallstáit agus na réigiún lena mbaineann, de bhun phointe (b) nó (c), faoi seach, d’Airteagal 55(3) den Rialachán seo, cuirfear cúraimí cur chun feidhme faoi chúram ceann de na comhlachtaí a liostaítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, go háirithe comhlacht den sórt sin atá lonnaithe sa Bhallstát rannpháirteach, lena n-áirítear údarás bainistíochta an chláir Interreg lena mbaineann.

2.   I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 154(6) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh nach mbeidh gá le measúnú ex ante dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal sin nuair a dhéantar na cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán sin a chur faoi chúram údarás bainistíochta ar chlár Interreg de chuid na réigiún is forimeallaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 45(1) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/1060.

3.   I gcás ina gcuirtear na cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais faoi chúram eagraíochta Ballstáit, beidh feidhm ag Airteagal 157 den Rialachán sin.

4.   Maidir le clár nó gníomhaíocht atá cómhaoinithe le hionstraim maoinithe sheachtraigh amháin nó níos mó, i gcás ina gcuireann tríú tír, tír chomhpháirtíochta, tír nó críoch thar lear nó aon cheann de na comhlachtaí eile a liostaítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/947 nó i gCinneadh 2013/755/AE, nó iontu araon, chun feidhme é nó í, beidh feidhm ag rialacha ábhartha na n-ionstraimí sin.

Maidir leis na coinníollacha chun cuid de chlár Interreg de chuid shraith D a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach de bhun phointí (b) nó (c) d’Airteagal 55(3) den Rialachán seo, saineofar iad le comhaontú a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún, an t-údarás bainistíochta nó a Bhallstát, agus an comhlacht a gcuirtear cúram air.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 62

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 1 Iúil 2021.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 63

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste, a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 115(1) de Rialachán AE 2021/1060, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 64

Forálacha idirthréimhseacha

Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 nó aon ghníomh arna ghlacadh de bhun an Rialacháin sin d’fheidhm a bheith aige maidir le cláir agus le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE faoi chlárthréimhse 2014-2020.

Airteagal 65

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO C 440, 6.12.2018, lch. 116.

(2)   IO C 86, 7.3.2019, lch. 137.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 247) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (féach leathanach 159 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus leis an gCiste Comhtháthaithe (féach leathanach 60 den Iris Oifigiúil seo).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(9)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an “Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (GECC) (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(12)  Cinneadh 2010/427/CE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo).

(14)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht chaiteachais do chláir chomhair (IO L 138, 13.5.2014, lch. 45).

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(19)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(21)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).


IARSCRÍBHINN

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH CLÁIR INTERREG

Tionscal Cultúrtha agus Cruthaitheach

[15 charachtar]

Teideal

[255]

Leagan

 

An chéad bhliain

[4]

An bhliain dheireanach

[4]

Incháilithe ón

 

Incháilithe go dtí an

 

Uimhir chinneadh an Choimisiúin

 

Dáta chinneadh an Choimisiúin

 

Uimhir chinneadh leasaitheach an chláir

[20]

Dáta theacht i bhfeidhm chinneadh leasaitheach an chláir

 

Réigiúin NUTS arna gcumhdach faoin gclár

 

Sraith

 

1.

Straitéis chomhpháirteach an chláir: na príomhdhúshláin forbartha agus na príomhfhreagairtí beartais

1.1.

Limistéar an chláir (nach bhfuil gá leis i gcás chláir Interreg C)

Tagairt: pointe (a) d’Airteagal 17(3), pointe (a) d’Airteagal 17(9)

Réimse téacs [2 000]

1.2.

Straitéis chomhpháirteach an chláir: Achoimre ar na príomhdhúshláin chomhpháirteacha, agus aird á tabhairt ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha, shóisialta agus chríochacha agus ar neamhionannais, ar riachtanais infheistíochta chomhpháirteacha agus ar shineirgí comhlántacha le cláir cistiúcháin eile agus ionstraimí cistiúcháin eile, ar cheachtanna a foghlaimíodh ó thaithí a fuarthas le himeacht ama agus ar straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige i gcás ina bhfuil limistéar an chláir cumhdaithe go hiomlán nó go páirteach le straitéis amháin nó níos mó.

Tagairt: pointe (b) d’Airteagal 17(3), pointe (b) d’Airteagal 17(9)

Réimse téacs [50 000]

1.3

Údar le roghnú chuspóirí an bheartais agus na gcuspóirí Interreg-shonracha, tosaíochtaí comhfhreagracha, cuspóirí sonracha agus na bhfoirmeacha tacaíochta, agus aghaidh á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar na naisc easnamhacha sa bhonneagar trasteorann

Tagairt: pointe (c) d’Airteagal 17(3)

Tábla 1

Cuspóir beartais roghnaithe nó cuspóir Interreg-shonrach roghnaithe

Cuspóir sonrach roghnaithe

Tosaíocht

An t-údar leis an roghnú

 

 

 

[2 000 in aghaidh an chuspóra]

2.

Tosaíochtaí [300]

Tagairt: pointí (d) agus (e) d’Airteagal 17(3)

2.1

Teideal na tosaíochta (ceann ar leith do gach tosaíocht)

Tagairt: pointe (d) d’Airteagal 17(3)

Réimse téacs: [300]

2.1.1.

Cuspóir sonrach (ceann ar leith do gach tosaíocht shonrach roghnaithe)

Tagairt: pointe (e) d’Airteagal 17(3)

Réimse téacs: [300]

2.1.2.

Cineálacha gníomhaíochta gaolmhara, agus an rannchuidiú a mheastar a bheith i gceist leo maidir leis na cuspóirí sonracha sin agus straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige, i gcás inarb iomchuí

Tagairt: pointe (e)(i) d’Airteagal 17(3), pointe (c)(ii) d’Airteagal 17(9)

Réimse téacs [7 000]

I gcás chlár INTERACT agus ESPON:

Tagairt: pointe (c)(i) d’Airteagal 17(9)

Sainmhíniú ar thairbhí aonair nó liosta teoranta de thairbhithe agus an nós imeachta deonúcháin

Réimse téacs [7 000]

2.1.3.

Táscairí

Tagairt: pointe (e)(ii) d’Airteagal 17(3), pointe (c)(iii) d’Airteagal 17(9)

Tábla 2

Táscairí aschuir

Tosaíocht

Cuspóir sonrach

Aitheantas

[5]

Táscaire

Aonad tomhais

[255]

Cloch mhíle (2024)

[200]

Sprioc dheiridh (2029)

[200]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Tábla 3

Táscairí toraidh

Tosaíocht

Cuspóir sonrach

Aitheantas

Táscaire

Aonad tomhais

Bonnlíne

Bliain tagartha

Sprioc dheiridh (2029)

Foinse na sonraí

Barúlacha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2.1.4.

Príomh-spriocghrúpaí

Tagairt: pointe (e)(iii) d’Airteagal 17(3), pointe (c)(iv) d’Airteagal 17(9)

Réimse téacs [7 000]

2.1.5.

Sonrú na gcríoch sonrach a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-áirítear an úsáid atá beartaithe d’infheistíochtaí críochacha comhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó uirlisí críochacha eile

Tagairt: pointe (e)(iv) d’Airteagal 17(3)

Réimse téacs [7 000]

2.1.6.

An úsáid atá beartaithe d’ionstraimí airgeadais

Tagairt: pointe (e)(v) d’Airteagal 17(3)

Réimse téacs [7 000]

2.1.7.

Miondealú táscach ar acmhainní an chláir AE de réir cineál idirghabhála

Tagairt: pointe (e)(vi) d’Airteagal 17(3), pointe (c)(v) d’Airteagal 17(9)

Tábla 4

Diminsean 1 – an réimse idirghabhála

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Cuspóir sonrach

Cód

Méid (EUR)

 

 

 

 

 


Tábla 5

Diminsean 2 – an cineál maoinithe

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Cuspóir sonrach

Cód

Méid (EUR)

 

 

 

 

 


Tábla 6

Diminsean 3 – an sásra soláthair chríochaigh agus an bhéim chríochach

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Cuspóir sonrach

Cód

Méid (EUR)

 

 

 

 

 

3.

Plean maoinithe

Tagairt: pointe (f) d’Airteagal 17(3)

3.1

Leithreasuithe airgeadais de réir bliana

Tagairt: pointe (g)(i) d’Airteagal 17(3), pointí (a) go (d) d’Airteagal 17(4)

Tábla 7

Ciste

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

CFRE

(sprioc an chomhair chríochaigh)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CTT IPA III (1)

 

 

 

 

 

 

 

 

CTT-ICFCI (1)

 

 

 

 

 

 

 

 

IPA III (2)

 

 

 

 

 

 

 

 

ICFCI (2)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

OCTP (3)

 

 

 

 

 

 

 

 

Cistí Interreg (4)

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

3.2

Leithreasuithe airgeadais iomlána de réir ciste agus cómhaoiniú náisiúnta

Tagairt: pointe (f)(ii) d’Airteagal 17(3), pointí (a) go (d) d’Airteagal 17(4)

Tábla 8

Uimh. an chuspóra beartais

Tosaíocht

Ciste

(de réir mar is infheidhme)

An bonn chun tacaíocht AE (costas incháilithe iomlán nó ranníocaíocht phoiblí) a ríomh

Ranníocaíocht AE

(a)=(a1)+(a2)

Miondealú táscach ar ranníocaíocht AE

Ranníocaíocht náisiúnta

(b)=(c)+(d)

Miondealú táscach ar an gcontrapháirt náisiúnta

Iomlán

(e)=(a)+(b)

Ráta cómhaoinithe

(f)=(a)/(e)

Ranníocaíochtaí ó thríú tíortha

(mar eolas)

gan CT de bhun Airteagal 27(1) (a1)

le haghaidh CT de bhun Airteagal 27(1)

(a2)

National public

(c)

National private

(d)

 

Tosaíocht 1

CFRE

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CTT IPA III (5)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CCT-ICFCI (5)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IPA III (6)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

ICFCI (6)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

OCTP (7)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cistí Interreg (8)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tosaíocht 2

(cistí mar atá thuas)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

Gach ciste

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CFRE

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CTT IPA III

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

NDICI-CCT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IPA III

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

ICFCI

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

OCTP

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cistí Interreg

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

Gach ciste

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.

Gníomhaíocht arna déanamh chun deis rannpháirtíochta a thabhairt do na comhpháirtithe clár in ullmhú an chláir Interreg, agus ról na gcomhpháirtithe clár sin i gcur chun feidhme an chláir sin agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh air

Tagairt: pointe (g) d’Airteagal 17(3)

Réimse téacs [10 000]

5.

An cur chuige atá beartaithe maidir le cumarsáid agus infheictheacht don chlár Interreg (cuspóirí, na pobail sprice, na bealaí cumarsáide, lena n-áirítear an fhor-rochtain meán sóisialta, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le buiséad pleanáilte agus na táscairí ábhartha d’fhaireachán agus do mheastóireacht)

Tagairt: pointe (h) d’Airteagal 17(3)

Réimse téacs [4 500]

6.

Léiriú ar thacaíocht do thionscadail ar mhionscála, lena n-áirítear tionscadail bheaga laistigh de chistí le haghaidh tionscadail bheaga

Tagairt: pointe (i) d’Airteagal 17(3), Airteagal 24

Réimse téacs [7 000]

7.

Forálacha cur chun feidhme

7.1.

Údaráis an chláir

Tagairt: pointe (a) d’Airteagal 17(6)

Tábla 9

Údaráis an chláir

Ainm na hinstitiúide [255]

Ainm teagmhála [200]

Ríomhphost [200]

An t-údarás bainistíochta

 

 

 

An t-údarás náisiúnta (le haghaidh na gclár le tríú tíortha rannpháirteacha nó le tíortha comhpháirtíochta rannpháirteacha, más iomchuí)

 

 

 

An t-údarás iniúchóireachta

 

 

 

Grúpa ionadaithe na n-iniúchóirí

 

 

 

An comhlacht lena bhfuil íocaíochtaí le déanamh ag an gCoimisiún

 

 

 

7.2.

An nós imeachta chun an rúnaíocht chomhpháirteach a chur ar bun

Tagairt: pointe (b) d’Airteagal 17(6)

Réimse téacs [3 500]

7.3

Cionroinnt dliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach agus, i gcás inarb infheidhme, na dtríú tíortha nó na dtíortha comhpháirtíochta agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear atá rannpháirteach, i gcás ceartuithe airgeadais arna bhforchur ag an údarás bainistíochta nó ag an gCoimisiún

Tagairt: pointe (c) d’Airteagal 17(6)

Réimse téacs [10 500]

8.

Úsáid a bhaint as costais aonaid, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Tagairt: Airteagail 94 agus 95 de Rialachán (AE) 2021/1060 (RFC)

Tábla 10

Úsáid a bhaint as costais aonaid, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

An úsáid atá beartaithe d’Airteagail 94 agus 95

IS EA

NÍ hEA

Tar éis a ghlactha, bainfidh an clár úsáid as aisíocaíocht ar rannaíocht an Aontais bunaithe ar chostais aonaid, ar chnapshuimeanna agus ar rátaí comhréidhe, de thosaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 94 RFC (más amhlaidh, líontar isteach Foscríbhinn 1)

Tar éis a ghlactha, bainfidh an clár úsáid as aisíocaíocht ar rannaíocht an Aontais bunaithe ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais de réir Airteagal 95 RFC (más amhlaidh, líontar isteach Foscríbhinn 2)

Léarscáil

Léarscáil de limistéar an chláir


(1)  Interreg A, an comhar trasteorann seachtrach.

(2)  Interreg B agus C.

(3)  Interreg B, C agus D.

(4)  CFRE, IPA III, ICFCI nó OCTP, i gcás ina bhfuil méid aonair i gceist faoi Interreg B agus C.

(5)  Interreg A, an comhar trasteorann seachtrach.

(6)  Interreg B agus C.

(7)  Interreg B, C agus D.

(8)  CFRE, IPA III, ICFCI nó OCTP, i gcás ina bhfuil méid aonair i gceist faoi Interreg B agus C.


Foscríbhinn 1

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

Teimpléad chun sonraí a thíolacadh lena meas ag an gCoimisiún

(Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2021/1060 (RFC)

An dáta ar tíolacadh an togra

 

 

 

Níl an Fhoscríbhinn seo ag teastáil nuair a úsáidtear roghanna costais simplithe ar leibhéal an Aontais arna mbunú leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 94(4) RFC.

A.   Achoimre ar na príomheilimintí

Tosaíocht

Ciste

Cuspóir sonrach

Cion measta de leithdháileadh airgeadais iomlán laistigh den tosaíocht a gcuirfear an rogha costais shimplithe i bhfeidhm ina leith in %

Cineál(acha) oibríochta a chumhdaítear

Táscaire lena spreagtar aisíocaíocht

Aonad tomhais don táscaire lena spreagtar aisíocaíocht

An cineál rogha costais shimplithe (scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe)

Méid (in EUR) nó céatadán (i gcás rátaí comhréidhe) den rogha costais shimplithe

 

 

 

 

Cód (1)

Tuairisc

Cód (2)

Tuairisc

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

B.   Mionsonraí de réir cineál oibríochta (le comhlánú le haghaidh gach cineáil oibríochta)

An bhfuair an t-údarás bainistíochta tacaíocht ó chuideachta sheachtrach chun na costais shimplithe thíos a leagan amach?

 

 

Má fuair, sonraigh cén chuideachta seachtrach le do thoil:

Fuair/Ní bhfuair – Ainm na cuideachtaí seachtraí


1.1.

Tuairisc ar an gcineál oibríochta lena n-áirítear an amlíne le haghaidh an chur chun feidhme (3)

 

1.2

Cuspóir sonrach

 

1.3

An táscaire lena spreagtar aisíocaíocht (4)

 

1.4

An t-aonad tomhais don táscaire lena spreagtar aisíocaíocht

 

1.5

Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh

 

1.6

Méid in aghaidh an aonaid tomhais nó an chéatadáin (i gcás rátaí comhréidhe) den rogha costais shimplithe

 

1.7.

Catagóirí na gcostas arna gcumhdach ag an gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh

 

1.8

An bhfuil gach caiteachas incháilithe don oibríocht á gcumhdach faoi na catagóirí costais seo? (Tá/Níl)

 

1.9

Modh(anna) coigeartaithe (5)

 

1.10

Fíorú gur baineadh amach na haonaid arna gcur ar fáil

déan cur síos ar an doiciméad nó na doiciméid nó an córas a úsáidfear chun a fhíorú gur baineadh amach na haonaid arna gcur ar fáil

déan cur síos ar an méid a sheiceálfar le linn fíoruithe bainistíochta agus ar an duine a dhéanfaidh sin

déan cur síos ar na socruithe a dhéanfar chun na sonraí ábhartha/na doiciméid ábhartha a bhailiú agus a stóráil

 

1.11

Dreasachtaí saobha féideartha, bearta maolaitheacha (6) agus an leibhéal measta riosca (ard/meán/íseal)

 

1.12

An méid iomlán (náisiúnta agus AE) a bhfuiltear ag súil leis go n-aisíocfaidh an Coimisiún ar an mbonn sin

 

C.   Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh

1.

Foinse na sonraí a úsáideadh chun scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh (an duine a rinne na sonraí a tháirgeadh, a bhailiú agus a thaifeadadh; an áit a bhfuil na sonraí stóráilte; scoithdhátaí; bailíochtú, etc.):

 

2.

Sonraigh, le do thoil, an fáth a bhfuil an modh agus ríomh atá beartaithe bunaithe ar Airteagal 88(2) RFC ábhartha don chineál oibríochta:

 

3.

Sonraigh, le do thoil, an chaoi a ndearnadh na ríomhanna, ag cur san áireamh go háirithe aon toimhdí a rinneadh ó thaobh cáilíochta nó cainníochtaí de. I gcás inarb ábhartha, ba cheart fianaise agus tagarmharcanna staidrimh a úsáid agus, má iarrtar sin, a sholáthar i bhformáid is féidir leis an gCoimisiún a úsáid:

 

4.

Mínigh, le do thoil, an chaoi ar áirithigh tú nár cuireadh ach caiteachas incháilithe san áireamh agus scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh á ríomh:

 

5.

Measúnú ón údarás iniúchóireachta nó ó na húdaráis iniúchóireachta ar an modheolaíocht don ríomh agus na méideanna agus na socruithe chun fíorú, cáilíocht, bailiú agus stóráil na sonraí a áirithiú:

 


(1)  Tagraíonn sé seo don chód le haghaidh dhiminsean an réimse idirghabhála i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I RFC.

(2)  Tagraíonn sé seo do chód táscaire chomhchoitinn, más infheidhme.

(3)  An dáta tosaigh atá beartaithe maidir le roghnú na n-oibríochtaí agus dáta deiridh beartaithe a gcríochnaithe (tag. Airteagal 63(5)).

(4)  Is féidir roinnt táscairí comhlántacha (mar shampla, táscaire aschuir amháin agus táscaire toraidh amháin) a bheith ann le haghaidh aon chineál oibríochta amháin. Sna cásanna sin, ba cheart réimse 1.3 go réimse 1.11 a líonadh isteach le haghaidh gach táscaire.

(5)  Más infheidhme, léirigh minicíocht agus uainiú an choigeartaithe agus tabhairt tagairt shoiléir do tháscaire shonrach (lena n-áirítear nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfoilsítear an táscaire sin, más infheidhme).

(6)  An ann d’aon impleachtaí diúltacha féideartha ar cháilíocht na n-oibríochtaí arna dtacú agus, más ann, cén bearta (amhail dearbhú cáilíochta) a ghlacfar chun an riosca sin a fhritháireamh?


Foscríbhinn 2

Ranníocaíocht ón Aontas bunaithe ar mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Teimpléad chun sonraí a thíolacadh lena meas ag an gCoimisiún

(Airteagal 95 de Rialachán (AE) 2021/1060 (RFC)

An dáta ar tíolacadh an togra

 

 

 

Níl an Fhoscríbhinn seo ag teastáil nuair a úsáidtear méideanna le haghaidh maoiniú ar leibhéal an Aontais nach bhfuil nasctha le costais arna mbunú leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 95(4) RFC.

A.   Achoimre ar na príomheilimintí

Tosaíocht

Ciste

Cuspóir sonrach

Na méideanna arna gcumhdach ag an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Cineál(acha) oibríochta a chumhdaítear

Coinníollacha atá le comhlíonadh/torthaí atá le baint amach lena spreagtar aisíocaíocht ón gCoimisiún

Táscaire

Aonad tomhais do na coinníollacha atá le comhlíonadh / torthaí atá le baint amach lena spreagtar aisíocaíocht ón gCoimisiún

An cineál modha aisíoctha a bheartaítear a úsáid chun aisíocaíocht a dhéanamh leis an tairbhí nó na tairbhithe

 

 

 

 

Cód (1)

Tuairisc

 

Cód (2)

Tuairisc

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

B.   Mionsonraí de réir cineál oibríochta (le comhlánú le haghaidh gach cineáil oibríochta)

1.1.

Tuairisc ar an gcineál oibríochta

 

1.2

Cuspóir sonrach

 

1.3

Coinníollacha atá le comhlíonadh nó torthaí atá le baint amach

 

1.4

Spriocdháta chun na coinníollacha a chomhlíonadh nó do na torthaí atá le baint amach

 

1.5

An t-aonad tomhais do na coinníollacha atá le comhlíonadh / torthaí atá le baint amach lena spreagtar aisíocaíocht ón gCoimisiún

 

1.6

Táirgí insoláthartha idirmheánacha (más infheidhme) lena spreagtar aisíocaíocht ag an gCoimisiún maille le sceideal do na haisíocaíochtaí

Táirgí insoláthartha idirmheánacha

Dáta atá beartaithe

Méideanna (in EUR)

 

 

 

 

 

 

1.7

Méid iomlán (lena n-áirítear cistiú an Aontais agus cistiú náisiúnta)

 

1.8

Modh(anna) coigeartaithe

 

1.9

Fíorú gur baineadh amach an toradh nó an coinníoll (agus, i gcás inarb ábhartha, na táirgí insoláthartha idirmheánacha)

déan cur síos ar an doiciméad nó na doiciméid nó an córas a úsáidfear chun a fhíorú gur baineadh amach an toradh nó an coinníoll

déan cur síos ar an mbealach a dhéanfar fíoruithe bainistíochta (lena n-áirítear fíoruithe ar an láthair), agus ar an duine a dhéanfaidh iad

déan cur síos ar na socruithe a dhéanfar ann chun na sonraí ábhartha/na doiciméid ábhartha a bhailiú agus a stóráil

 

1.10

Úsáid deontas i bhfoirm maoiniú nach bhfuil nasctha le costais/An bhfuil an deontas a sholáthróidh an Ballstát do thairbhithe i bhfoirm maoinithe nach bhfuil nasctha le costais? [Tá/Níl]

 

1.11

Socruithe chun an rian iniúchóireachta a áirithiú

Liostaigh, le do thoil, an comhlacht/na comhlachtaí atá freagrach as na socruithe sin.

 


(1)  Tagraíonn sé seo don chód le haghaidh dhiminsean an réimse idirghabhála i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le RFC agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán EMFAF.

(2)  Tagraíonn sé seo do chód táscaire chomhchoitinn, más infheidhme.


Foscríbhinn 3

Liosta de na hoibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo atá beartaithe maille le clár ama – Airteagal 17(3)

Réimse téacs [2 000]


Top